Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R0305

Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/305 ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an fhaisnéis atá le háireamh in iarratas ar údarú mar sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní

C/2024/6904

IO L, 2025/305, 31.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/305/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/305/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/305

31.3.2025

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/305 ÓN gCOIMISIÚN

an 31 Deireadh Fómhair 2024

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an fhaisnéis atá le háireamh in iarratas ar údarú mar sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (1), agus go háirithe Airteagal 62(5), an tríú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun é a chur ar a gcumas d’údaráis inniúla a mheas an gcomhlíonann daoine dlítheanacha nó gnóthais eile a bhfuil údarú mar sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní á lorg acu i gcomhréir le hAirteagal 62 de Rialachán (AE) 2023/1114 (‘iarratasóirí’) na ceanglais is infheidhme a leagtar síos i dTeideal V agus, i gcás inarb ábhartha, i dTeideal VI den Rialachán sin, ba cheart an fhaisnéis atá le soláthar in iarratas ar údarú mar sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní arna chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 62(1) den Rialachán sin (‘iarratas ar údarú’) a bheith mionsonraithe agus cuimsitheach go leor gan ualach míchuí a fhorchur.

(2)

Ba cheart sonraí a bheith san iarratas ar údarú maidir le céannacht an iarratasóra, na socruithe rialachais agus na sásraí rialaithe inmheánaigh, oiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus dea-cháil leordhóthanach na scairshealbhóirí nó na gcomhaltaí a bhfuil sealúchais cháilitheacha acu. I gcomhréir le prionsabal an íoslaghdaithe sonraí mar a chuirtear in iúl in Airteagal 5(1), pointe (c) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), ba cheart an fhaisnéis sin a bheith leordhóthanach chun é a chur ar a gcumas d’údaráis inniúla measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar iarratasóirí, agus ar a gcumas ceanglais ábhartha Rialachán (AE) 2023/1114 a chomhlíonadh. Thairis sin, ba cheart an fhaisnéis sin a bheith leordhóthanach chun a chur ar a gcumas do na húdaráis inniúla a fhíorú nach bhfuil aon fhoras oibiachtúil agus inléirithe ann chun an t-údarú dá dtagraítear in Airteagal 63(10), pointí (a) go (d), den Rialachán sin a dhiúltú.

(3)

Chun a áirithiú go bhfuil measúnú na n-údarás inniúil bunaithe ar fhaisnéis chruinn, ba cheart d’iarratasóirí cóipeanna dá ndoiciméid chorparáideacha a sholáthar, lena n-áirítear a n-aitheantóir eintitis dhlítheanaigh, na hairteagail chomhlachais, cóip dá gclárú i gclár náisiúnta na gcuideachtaí agus, i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag iarratasóirí ardán trádála a oibriú, an t-ainm tráchtála a úsáidtear.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 62(2), pointe (d), de Rialachán (AE) 2023/1114, beidh clár oibríochtaí in iarratas ar údarú. Ba cheart go sonrófaí sa chlár sin struchtúr eagraíochtúil agus straitéis na n-iarratasóirí maidir le seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthar dá gcliaint spriocdhírithe agus a n-acmhainneacht oibríochtúil ar feadh 3 bliana tar éis a n-údaraithe. Agus an straitéis a úsáidtear chun díriú ar chliaint á sonrú acu, ar chúiseanna trédhearcachta, ba cheart do na hiarratasóirí tuairisc a thabhairt ar na modhanna margaíochta atá beartaithe acu a úsáid, lena n-áirítear suíomhanna gréasáin, feidhmchláir fón póca, cruinnithe duine le duine, preaseisiúintí, nó aon chineál modhanna fisiciúla nó leictreonacha, lena n-áirítear uirlisí feachtais na meán sóisialta, fógraí nó meirgí idirlín, athdhíriú ar fhógraíocht, comhaontuithe le tionchairí, comhaontuithe urraíochta, glaonna, seimineáir ghréasáin, aon chuireadh chuig imeacht, feachtas cleamhnachta, teicnící cluichithe, cuireadh chun foirm freagartha a líonadh isteach nó cúrsa oiliúna, cuntais taispeána nó ábhair oideachais a leanúint.

(5)

Chun é a chur ar a gcumas d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar athléimneacht na n-iarratasóirí chun suaití airgeadais seachtracha a sheasamh, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le luach cripteashócmhainní, ba cheart d’iarratasóirí cásanna struis a áireamh ina n-iarratas ar údarú lena n-ionsamhlaítear teagmhais dhiana ach shochreidte ina ríomhanna réamhaisnéise agus ina bpleananna chun a gcistí dílse a chinneadh.

(6)

Bíonn cliaint neamhchosanta ar rioscaí féideartha a bhaineann leis na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní. Chun é a chur ar a gcumas d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann iarratasóirí na ceanglais stuamachta a leagtar amach in Airteagal 67 de Rialachán (AE) 2023/1114 chun cliaint a chosaint ar rioscaí den sórt sin, ba cheart faisnéis a bheith in iarratas ar údarú ina sonraítear coimircí stuamachta an iarratasóra.

(7)

Chun a áirithiú go gcomhlíonann soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a n-oibleagáidí a leagtar síos i Rialachán (AE) 2023/1114, ba cheart d’iarratasóirí a léiriú go bhfuil socruithe rialachais leordhóthanacha agus láidre agus sásraí rialaithe inmheánaigh acu, lena n-áirítear socruithe agus sásraí atá riachtanach do bhainistiú fónta agus stuama soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní.

(8)

Sa chóras seirbhísí airgeadais, tá an t-am riachtanach. Chun éaradh a sheachaint toisc go bhféadfadh iarmhairtí móra airgeadais, rialála agus clú a bheith acu do na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní agus do na margaí cripteashócmhainní i gcoitinne, tá sé ríthábhachtach oibríochtaí nó feidhmeanna riachtanacha soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní ar a laghad a choinneáil ar bun agus aga neamhfhónaimh de bharr cur isteach gan choinne, lena n-áirítear cibirionsaithe agus tubaistí nádúrtha, a íoslaghdú. Dá bhrí sin, ba cheart faisnéis mhionsonraithe a bheith in iarratas ar údarú maidir le socruithe an iarratasóra chun leanúnachas agus rialtacht a áirithiú i soláthar seirbhísí cripteashócmhainní, lena n-áirítear tuairisc mhionsonraithe ar a rioscaí agus ar a phleananna leanúnachais gnó.

(9)

Tá gá le sásraí, córais agus nósanna imeachta éifeachtacha a chomhlíonann Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus Rialachán (AE) 2023/1113 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) chun a áirithiú go dtabharfaidh iarratasóirí aghaidh go hiomchuí ar na rioscaí agus na cleachtais a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta i soláthar seirbhísí cripteashócmhainní. Dá bhrí sin, ba cheart d’iarratasóirí faisnéis mhionsonraithe a sholáthar ina n-iarratas ar údarú maidir lena sásraí, a gcórais agus a nósanna imeachta arna gcur i bhfeidhm chun rioscaí a bhaineann lena ngníomhaíochtaí gnó a chosc i ndáil le, inter alia, frithsciúradh airgid agus maoiniú frithsceimhlitheoireachta.

(10)

I gcomhréir le hAirteagal 62(2), pointe (g), de Rialachán (AE) 2023/1114, ní mór cruthúnas a bheith in iarratas ar údarú go bhfuil dea-cháil leordhóthanach ar chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus go bhfuil an t-eolas, na scileanna agus an taithí iomchuí acu chun an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní sin a bhainistiú. Go háirithe, ba cheart d’iarratasóirí an fhaisnéis uile a sholáthar do na húdaráis inniúla faoi chiontuithe coiriúla a rinneadh roimhe seo agus faisnéis maidir le himscrúduithe coiriúla atá ar feitheamh, cásanna sibhialta agus riaracháin, pionóis, gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin agus imeachtaí breithiúnacha eile de chuid chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta a bhaineann leis an dlí tráchtála, an dlí dócmhainneachta, frithsciúradh airgid, maoiniú frithsceimhlitheoireachta, calaois, dliteanas gairmiúil. Chun faisnéis leordhóthanach a sholáthar d’údaráis inniúla maidir le dea-cháil chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta, ba cheart d’iarratasóirí an fhaisnéis le haghaidh na gcásanna sin a bhaineann go díreach leis an gcomhalta nó a bhaineann le heagraíocht a raibh post ag an gcomhalta inti mar chomhalta den chomhlacht bainistíochta, mar scairshealbhóir nó mar chomhalta ag a bhfuil sealúchais cháilitheacha nó mar shealbhóir príomhfheidhme. Chun a áirithiú go bhfaighidh na húdaráis inniúla faisnéis leordhóthanach maidir le clárúcháin, údaruithe nó comhaltais, inter alia, a dhiúltaítear nó a tharraingítear siar a bhaineann le soláthar seirbhísí cripteashócmhainní ag na hiarratasóirí, ba cheart d’iarratasóirí faisnéis den sórt sin a sholáthar faoi aon chomhalta den chomhlacht bainistíochta. Thairis sin, ba cheart d’iarratasóirí faisnéis ábhartha a sholáthar, do gach comhalta den chomhlacht bainistíochta, chun a chur ar chumas na n-údarás inniúil measúnú a dhéanamh ar a n-eolas gairmiúil, ar a scileanna gairmiúla agus ar a dtaithí ghairmiúil i raon feidhme an phoist atá á lorg agus tuairisc ar leasanna airgeadais agus neamhairgeadais uile chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta a d’fhéadfadh coinbhleachtaí leasa ábhartha féideartha a chruthú a d’fhéadfadh difear suntasach a dhéanamh d’iontaofacht na gcomhaltaí i bhfeidhmiú a sainordaithe.

(11)

Maidir leis an gceanglas i ndáil le dea-cháil scairshealbhóirí agus comhaltaí a shealbhaíonn sealúchais cháilitheacha go díreach nó go hindíreach in iarratasóir, ba cheart an fhaisnéis go léir a bheith san iarratas ar údarú faoina gciontuithe roimhe sin agus faoi imscrúduithe coiriúla atá ar feitheamh, cásanna sibhialta agus riaracháin agus imeachtaí breithiúnacha eile, agus faisnéis ábhartha a bhaineann le cinnteacht agus tionscnamh dlisteanach na gcistí a úsáidtear chun iarratasóirí a chur ar bun agus a ngnó a mhaoiniú ionas gur féidir measúnú a dhéanamh ar aon iarracht nó amhras faoi sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta.

(12)

Mar gheall ar chineál díláraithe agus digiteach na gcripteashócmhainní, tá rioscaí suntasacha cibearshlándála ann do sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní agus is iomaí cineál riosca cibearshlándála atá ann. Chun a áirithiú go mbeidh iarratasóirí in ann sáruithe ar shonraí agus caillteanais airgeadais a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le cibirionsaithe a chosc, ba cheart go n-áireofaí san fhaisnéis maidir le córais TFC imscartha na n-iarratasóirí agus faoi shocruithe slándála gaolmhara, dá dtagraítear in Airteagal 62(2), pointe (j), de Rialachán (AE) 2023/1114, na hacmhainní daonna atá tiomnaithe d’aghaidh a thabhairt ar rioscaí cibearshlándála.

(13)

Le leithscaradh cripteashócmhainní agus cistí cliant, cosnaítear cliaint ar chaillteanais an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní agus ar mhí-úsáid a gcripteashócmhainní agus a gcistí. Dá bhrí sin, ceanglaítear le hAirteagal 70 de Rialachán (AE) 2023/1114 ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní socruithe leordhóthanacha a dhéanamh chun cearta úinéireachta na gcliant a choimirciú. Tá feidhm ag an gceanglas sin freisin maidir le soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní nach soláthraíonn seirbhísí cumhdaigh agus riaracháin. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go n-áireofaí san iarratas ar údarú faisnéis maidir le leithscaradh cripteashócmhainní cliant.

(14)

Chun é a chur ar a gcumas d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht rialacha oibriúcháin ardáin trádála na n-iarratasóirí le haghaidh cripteashócmhainní, ba cheart don iarratasóir eilimintí sonracha a mhionsonrú sa tuairisc ar na rialacha sin. Go háirithe, ba cheart d’iarratasóirí mionléiriú a dhéanamh ar ghnéithe de na rialacha oibriúcháin a bhaineann le cripteashócmhainní a ligean isteach chun a dtrádála, a thrádáil agus a shocrú. Maidir le cripteashócmhainní a ligean isteach chun a dtrádála, ba cheart d’iarratasóirí faisnéis mhionsonraithe a sholáthar faoi na rialacha lena rialaítear cripteashócmhainní a ligean isteach chun a dtrádála, faoin gcaoi a gcomhlíonann na cripteashócmhainní a ligtear isteach rialacha na n-iarratasóirí, faoi na cineálacha cripteashócmhainní nach ligfidh iarratasóirí isteach ar a n-ardán trádála agus faoi na cúiseanna atá leis na heisiaimh sin, agus faoi tháillí a bhaineann le ligean isteach chun a dtrádála. Maidir le trádáil cripteashócmhainní, ba cheart d’iarratasóirí na heilimintí de na rialacha oibriúcháin lena rialaítear forghníomhú agus cealú orduithe, trádáil ordúil, trédhearcacht agus coimeád taifead a shonrú. Ar deireadh, ba cheart d’iarratasóirí a áireamh sa tuairisc ar na rialacha oibriúcháin na heilimintí lena rialaítear socrú idirbheart cripteashócmhainní a thugtar i gcrích ar an ardán trádála, lena n-áirítear cé acu a thionscnaítear nó nach dtionscnaítear an tsocraíocht sa Teicneolaíocht Mórleabhar Dáilte (DLT), an tréimhse ama ina dtionscnaítear an forghníomhú, an sainmhíniú ar an tráth a mbeidh an tsocraíocht críochnaitheach, na fíoruithe uile is gá chun socrú éifeachtach an idirbhirt a áirithiú, agus aon bheart chun teipeanna socraíochta a theorannú.

(15)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí faoi bhráid an Choimisiúin, agus a forbraíodh i ndlúthchomhar leis an Údarás Baincéireachta Eorpach.

(16)

An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(17)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus thug an Maoirseoir barúlacha foirmiúla an 21 Meitheamh 2024,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Faisnéis ghinearálta

Áireoidh daoine dlítheanacha nó gnóthais eile a bhfuil údarú á lorg acu mar sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní i gcomhréir le hAirteagal 62 de Rialachán (AE) 2023/1114 (‘iarratasóirí’) an fhaisnéis uile seo a leanas ina n-iarratas ar údarú:

(a)

ainm dlíthiúil, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an iarratasóra;

(b)

aon ainm tráchtála nó trádála a úsáideann nó a úsáidfidh an t-iarratasóir;

(c)

aitheantóir eintitis dhlítheanaigh (LEI) an iarratasóra;

(d)

ainm iomlán, feidhm, seoladh ríomhphoist agus uimhir theileafóin an phointe teagmhála ainmnithe nó an duine ainmnithe;

(e)

foirm dhlíthiúil an iarratasóra dá dtagraítear in Airteagal 62(2), pointe (b) de Rialachán (AE) 2023/1114, lena n-áirítear faisnéis maidir le cé acu duine dlítheanach nó gnóthas eile é an t-iarratasóir, agus, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, uimhir aitheantais náisiúnta an iarratasóra, agus fianaise ar a chlárú le clár náisiúnta na gcuideachtaí;

(f)

dáta agus Ballstát chorprú nó fhondúireacht an iarratasóra;

(g)

i gcás inarb infheidhme, na hionstraimí comhdhéanaimh, na hairteagail chomhlachais dá dtagraítear in Airteagal 62(2), pointe (c), de Rialachán (AE) 2023/1114 agus fodhlíthe;

(h)

seoladh cheannoifig an iarratasóra agus, i gcás nach ionann iad, seoladh oifig chláraithe an iarratasóra;

(i)

faisnéis faoin áit a n-oibreoidh na brainsí, más ann dóibh, agus a n-aitheantóirí eintitis dhlítheanaigh (LEI), i gcás ina mbeidh sí ar fáil;

(j)

ainm fearainn gach suímh gréasáin a oibríonn an t-iarratasóir agus cuntais meán sóisialta an iarratasóra sin;

(k)

i gcás nach duine dlítheanach é an t-iarratasóir, doiciméadacht chun measúnú a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:

(i)

go bhfuil an leibhéal cosanta do leasanna tríú páirtithe agus do chearta sealbhóirí cripteashócmhainní, lena n-áirítear i gcás dócmhainneachta, coibhéiseach leis an gcosaint a thugann daoine dlítheanacha;

(ii)

go bhfuil an t-iarratasóir faoi réir maoirseacht stuamachta choibhéiseach is iomchuí dá fhoirm dhlíthiúil;

(l)

i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an iarratasóir ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní a oibriú:

(i)

seoladh fisiciúil, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an ardáin trádála le haghaidh cripteashócmhainní;

(ii)

aon ainm tráchtála de chuid an ardáin trádála le haghaidh cripteashócmhainní.

Airteagal 2

Clár oibríochtaí

1.   Chun críocha Airteagal 62(2), pointe (d), de Rialachán (AE) 2023/1114, cuirfidh iarratasóirí an clár oibríochtaí ar fáil don údarás inniúil ar feadh 3 bliana tar éis an údaraithe, lena n-áirítear an fhaisnéis uile seo a leanas:

(a)

i gcás ina mbaineann an t-iarratasóir le grúpa mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 11, de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), míniú ar an gcaoi a n-oireann gníomhaíochtaí an iarratasóra laistigh den ghrúpstraitéis agus ar an gcaoi a n-idirghníomhaíonn siad le gníomhaíochtaí eintitis eile an ghrúpa sin, lena n-áirítear forléargas ar eagrúchán agus struchtúr reatha agus beartaithe an ghrúpa sin;

(b)

míniú ar an gcaoi a bhfuiltear ag súil go mbeidh tionchar ag gníomhaíochtaí na n-eintiteas atá cleamhnaithe leis an iarratasóir, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil eintitis rialáilte sa ghrúpa, ar ghníomhaíochtaí an iarratasóra;

(c)

liosta de na seirbhísí cripteashócmhainní atá beartaithe ag an iarratasóir a sholáthar agus na cineálacha cripteashócmhainní lena mbaineann na seirbhísí cripteashócmhainní;

(d)

gníomhaíochtaí beartaithe eile, arna rialáil i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta nó neamhrialáilte, lena n-áirítear aon seirbhís, seachas seirbhísí cripteashócmhainní, a bheartaíonn an t-iarratasóir a sholáthar;

(e)

an mbeartaíonn an t-iarratasóir cripteashócmhainní a thairiscint don phobal nó an iarrann sé go ligfí isteach cripteashócmhainní chun a dtrádála agus, má bheartaíonn, cén cineál cripteashócmhainní atá i gceist;

(f)

liosta dlínsí, san Aontas agus i dtríú tíortha araon, ina bhfuil sé beartaithe ag an iarratasóir seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthar, lena n-áirítear faisnéis maidir le sprioclíon na gcliant de réir limistéir gheografaigh;

(g)

cineálacha cliant ionchasach a ndíríonn seirbhísí cripteashócmhainní an iarratasóra orthu;

(h)

tuairisc ar na modhanna rochtana atá ag cliaint ar sheirbhísí cripteashócmhainní an iarratasóra, lena n-áirítear gach ceann díobh seo a leanas:

(i)

na hainmneacha fearainn le haghaidh gach suímh gréasáin nó feidhmchláir eile atá bunaithe ar TFC trína soláthróidh an t-iarratasóir na seirbhísí cripteashócmhainní agus faisnéis faoi na teangacha ina mbeidh an suíomh gréasáin nó feidhmchlár eile atá bunaithe ar TFC ar fáil, na cineálacha seirbhísí cripteashócmhainní a mbeidh rochtain orthu tríd an suíomh gréasáin sin nó trí fheidhmchlár eile atá bunaithe ar TFC agus, i gcás inarb infheidhme, óna mbeidh rochtain ag na Ballstáit ar an suíomh gréasáin nó ar fheidhmchlár eile atá bunaithe ar TFC;

(ii)

ainm aon fheidhmchláir TFC-bhunaithe atá ar fáil do chliaint chun rochtain a fháil ar na seirbhísí cripteashócmhainní, na teangacha ina bhfuil an feidhmchlár TFC-bhunaithe sin ar fáil agus na seirbhísí cripteashócmhainní ar féidir rochtain a fháil orthu tríd an bhfeidhmchlár TFC-bhunaithe sin;

(i)

na gníomhaíochtaí agus na socruithe margaíochta agus cur chun cinn atá beartaithe le haghaidh na seirbhísí cripteashócmhainní, lena n-áirítear:

(i)

gach modh margaíochta a úsáidfear le haghaidh gach ceann de na seirbhísí;

(ii)

na modhanna sainaitheantais atá beartaithe don iarratasóir;

(iii)

faisnéis maidir leis an gcatagóir ábhartha cliant a bhfuiltear ag díriú orthu;

(iv)

cineálacha cripteashócmhainní;

(v)

na teangacha a úsáidfear le haghaidh na ngníomhaíochtaí margaíochta agus cur chun cinn;

(j)

tuairisc mhionsonraithe ar na hacmhainní daonna, airgeadais agus TFC a leithdháiltear ar na seirbhísí cripteashócmhainní atá beartaithe, agus ar a suíomh geografach;

(k)

beartas seachfhoinsithe an iarratasóra agus tuairisc mhionsonraithe ar na socruithe seachfhoinsithe atá beartaithe ag an iarratasóir, lena n-áirítear socruithe inghrúpa, agus ar an gcaoi a gcomhlíonfaidh an t-iarratasóir Airteagal 73 de Rialachán (AE) 2023/1114;

(l)

liosta na n-eintiteas a sholáthróidh seirbhísí seachfhoinsithe, a suíomh geografach agus na seirbhísí ábhartha seachfhoinsithe;

(m)

plean cuntasaíochta réamhaisnéise lena n-áirítear cásanna struis ar leibhéal aonair agus, i gcás inarb infheidhme, ar leibhéal grúpa comhdhlúite agus fo-chomhdhlúite i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE;

(n)

aon mhalartú cripteashócmhainní ar chistí agus ar ghníomhaíochtaí cripteashócmhainní eile a bhfuil sé beartaithe ag an iarratasóir tabhairt fúthu, lena n-áirítear trí aon fheidhmchláir dhíláraithe airgeadais lena bhfuil sé beartaithe ag an iarratasóir idirghníomhú ar a chuntas féin.

Chun críocha phointe (b), áireofar sa mhíniú liosta de na heintitis atá cleamhnaithe leis an iarratasóir agus faisnéis fúthu, lena n-áirítear i gcás inarb ann d’eintitis rialáilte, na seirbhísí a sholáthraíonn na heintitis sin, lena n-áirítear seirbhísí rialáilte, gníomhaíochtaí rialáilte agus cineálacha cliant rialáilte, agus ainmneacha fearainn gach suímh gréasáin arna oibriú ag na heintitis sin.

Chun críocha phointe (k), áireoidh an t-iarratasóir faisnéis faoi na feidhmeanna nó faoin duine atá freagrach as seachfhoinsiú, na hacmhainní daonna agus TFC arna leithdháileadh ar rialú fheidhmeanna, sheirbhísí nó ghníomhaíochtaí seachfhoinsithe na socruithe gaolmhara agus faoin measúnú riosca a bhaineann leis an seachfhoinsiú.

Chun críocha phointe (m), cuirfear san áireamh sa réamhaisnéis airgeadais aon iasachtaí inghrúpa arna ndeonú nó a bheidh le deonú ag an iarratasóir agus don iarratasóir.

2.   I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag iarratasóirí an tseirbhís um ghlacadh agus tarchur orduithe le haghaidh cripteashócmhainní a sholáthar thar ceann cliant, soláthróidh siad cóip de na nósanna imeachta do na húdaráis inniúla mar aon le tuairisc ar na socruithe lena n-áirithítear comhlíonadh Airteagal 80 de Rialachán (AE) 2023/1114.

3.   I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag iarratasóirí an tseirbhís lena socraítear cripteashócmhainní a sholáthar, soláthróidh siad cóip de na nósanna imeachta d’údaráis inniúla chun coinbhleachtaí leasa a shainaithint, a chosc, a bhainistiú agus a nochtadh agus tuairisc ar na socruithe atá i bhfeidhm chun Airteagal 79 de Rialachán (AE) 2023/1114 agus an Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún lena mbunaítear caighdeáin theicniúla arna nglacadh de bhun Airteagal 72(5) de Rialachán (AE) 2023/1114.

Airteagal 3

Ceanglais stuamachta

Chun críocha Airteagal 62(2), pointe (e), de Rialachán (AE) 2023/1114, cuirfidh iarratasóirí an fhaisnéis uile seo a leanas ar fáil don údarás inniúil:

(a)

tuairisc ar choimircí stuamachta an iarratasóra a leagtar amach in Airteagal 67 de Rialachán (AE) 2023/1114, ina mbeidh an méid seo a leanas:

(i)

méid na gcoimircí stuamachta tráth an iarratais ar údarú agus tuairisc ar na toimhdí a úsáideadh chun an méid sin a ríomh;

(ii)

méid na gcoimircí stuamachta a chumhdaítear le cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 67(4), pointe (a), de Rialachán (AE) 2023/1114, i gcás inarb infheidhme;

(iii)

méid choimircí stuamachta an iarratasóra a chumhdaítear le polasaí árachais dá dtagraítear in Airteagal 67(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/1114, i gcás inarb infheidhme;

(b)

ríomhanna agus pleananna réamhaisnéise chun cistí dílse a chinneadh, lena n-áirítear:

(i)

ríomh réamhaisnéise choimircí stuamachta an iarratasóra le haghaidh na chéad 3 bliana gnó tar éis an údaraithe;

(ii)

toimhdí pleanála lena n-áirítear cásanna struis don réamhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (i) agus mínithe ar na figiúirí;

(iii)

líon agus cineál na gcliant a bhfuiltear ag súil leo, méid na n-orduithe agus na n-idirbheart agus méid na gcripteashócmhainní atá faoi chumhdach;

(c)

i gcás gnóthais nó daoine dlítheanacha eile atá gníomhach cheana féin, i gcás ina bhfuil fáil orthu, ráitis airgeadais na 3 bliana deireanacha arna bhformheas, i gcás ina ndearna iniúchóir seachtrach iniúchadh orthu;

(d)

tuairisc ar nósanna imeachta pleanála agus faireacháin an iarratasóra maidir le coimircí stuamachta i gcomhréir le hAirteagal 67(1) de Rialachán (AE) 2023/1114;

(e)

cruthúnas go gcomhlíonann an t-iarratasóir na coimircí stuamachta a leagtar amach in Airteagal 67 de Rialachán (AE) 2023/1114, lena n-áirítear:

(i)

i ndáil le cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 67(4), pointe (a), de Rialachán (AE) 2023/1114:

(1)

doiciméadacht lena sonraítear an chaoi ar ríomh an t-iarratasóir méid na gcoimircí stuamachta i gcomhréir le hAirteagal 67 de Rialachán (AE) 2023/1114;

(2)

i gcás gnóthais nó daoine dlítheanacha eile atá gníomhach cheana féin agus nach ndéantar iniúchadh ar a ráitis airgeadais, deimhniú ón maoirseoir náisiúnta ar mhéid chistí dílse an iarratasóra;

(3)

i gcás gnóthais atá á n-ionchorprú, ráiteas arna eisiúint ag institiúid creidmheasa lena ndeimhnítear gur taisceadh na cistí i gcuntas an iarratasóra;

(ii)

i ndáil leis an bpolasaí árachais nó an ráthaíocht inchomparáide dá dtagraítear in Airteagal 67(4), pointe (b) de Rialachán (AE) 2023/1114:

(1)

ainm dlíthiúil, dáta agus Ballstát an chorpraithe nó na fondúireachta, seoladh na ceannoifige agus, i gcás nach ionann iad, oifig chláraithe agus sonraí teagmhála an ghnóthais atá údaraithe chun an polasaí árachais nó an ráthaíocht inchomparáide a sholáthar;

(2)

cóip d’aon cheann díobh seo a leanas:

an polasaí árachais suibscríofa ina n-ionchorpraítear na heilimintí uile is gá chun Airteagal 67(5) agus (6) de Rialachán (AE) 2023/1114 a chomhlíonadh, i gcás ina bhfuil sé ar fáil;

an comhaontú árachais ina n-ionchorpraítear na heilimintí uile is gá chun Airteagal 67(5) agus (6) de Rialachán (AE) 2023/1114 a chomhlíonadh arna shíniú ag gnóthas atá údaraithe chun árachas a sholáthar i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta.

Airteagal 4

Faisnéis faoi shocruithe rialachais agus sásraí rialaithe inmheánaigh agus coinbhleacht leasa

1.   Chun críocha Airteagal 62(2), pointí (f) agus (i), de Rialachán (AE) 2023/1114, soláthróidh iarratasóirí an fhaisnéis seo a leanas don údarás inniúil maidir lena socruithe rialachais agus lena sásraí rialaithe inmheánaigh:

(a)

tuairisc mhionsonraithe ar struchtúr eagraíochtúil an iarratasóra, lena gcuimsítear an grúpa i gcás inarb ábhartha, lena n-áirítear an léiriú ar dháileadh na gcúraimí agus na gcumhachtaí agus na línte tuairiscithe ábhartha agus na socruithe rialaithe inmheánaigh a cuireadh chun feidhme, mar aon le cairt eagraíochtúil;

(b)

sonraí pearsanta cheannairí na bhfeidhmeanna inmheánacha (feidhmeanna bainistíochta, maoirseachta agus rialaithe inmheánaigh), lena n-áirítear an suíomh ina bhfuil siad agus curriculum vitae, ina luaitear oideachas ábhartha, oiliúint ghairmiúil agus taithí ghairmiúil agus tuairisc ar an eolas, ar na scileanna agus ar an taithí is gá chun na freagrachtaí a leithdháiltear ar na ceannairí feidhmeanna inmheánacha sin a chomhlíonadh;

(c)

na beartais agus na nósanna imeachta atá éifeachtach go leor chun comhlíonadh Rialachán (AE) 2023/1114 a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 68(4) den Rialachán sin agus tuairisc mhionsonraithe ar na socruithe lena n-áirithítear go bhfuil an fhoireann ábhartha ar an eolas faoi na nósanna imeachta atá le leanúint chun a bhfreagrachtaí a chomhlíonadh go cuí, lena n-áirítear tuairisc mhionsonraithe ar na nósanna imeachta chun go ndéanfaidh foireann an iarratasóra sáruithe féideartha nó iarbhír ar Rialachán (AE) 2023/1114 a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 116 den Rialachán sin;

(d)

tuairisc mhionsonraithe ar na socruithe maidir le taifid a choimeád ar ghnó agus ar eagrú inmheánach an iarratasóra i gcomhréir le hAirteagal 68(9) de Rialachán (AE) 2023/1114, lena n-áirítear socruithe an iarratasóra maidir le taifid a choimeád i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún lena mbunaítear caighdeáin theicniúla arna nglacadh de bhun Airteagal 68(10)(b) de Rialachán (AE) 2023/1114;

(e)

na socruithe lena gcuirtear ar chumas an chomhlachta bainistíochta measúnú agus athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar éifeachtacht na socruithe agus na nósanna imeachta beartais a cuireadh i bhfeidhm chun Teideal V, Caibidlí 2 agus 3 de Rialachán (AE) 2023/1114 a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 68(6) den Rialachán sin, lena n-áirítear an méid uile seo a leanas:

(i)

sainaithint na bhfeidhmeanna rialaithe inmheánaigh atá i gceannas ar fhaireachán a dhéanamh ar na socruithe beartais agus nósanna imeachta sin, mar aon le raon feidhme a bhfreagrachta agus a línte tuairiscithe chuig comhlacht bainistíochta an iarratasóra;

(ii)

léiriú ar thréimhsiúlacht na bhfeidhmeanna rialaithe inmheánaigh a thuairiscíonn do chomhlacht bainistíochta an iarratasóra maidir le héifeachtacht na socruithe beartais agus na nósanna imeachta sin;

(iii)

míniú ina sonraítear:

(1)

an chaoi ina n-áirithíonn an t-iarratasóir go n-oibríonn na feidhmeanna rialaithe inmheánaigh go neamhspleách agus ar leithligh ó na feidhmeanna a rialaíonn siad;

(2)

an bhfuil rochtain ag na feidhmeanna rialaithe inmheánaigh ar na hacmhainní agus ar an bhfaisnéis is gá;

(3)

cé acu is féidir nó nach féidir leis na feidhmeanna rialaithe inmheánaigh sin tuairisciú go díreach do chomhlacht bainistíochta an iarratasóra uair sa bhliain ar a laghad agus ar bhonn ad hoc araon, lena n-áirítear i gcás ina mbraitheann siad riosca suntasach go mainneoidh an t-iarratasóir a oibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2023/1114 a chomhlíonadh;

(iv)

tuairisc ar na córais TFC, ar na coimircí agus ar na rialuithe a cuireadh i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí an iarratasóra agus chun Teideal V, Caibidlí 2 agus 3, de Rialachán (AE) 2023/1114 a chomhlíonadh, lena n-áirítear córais chúltaca, agus córais TFC agus rialuithe riosca, i gcás nach bhforáiltear dóibh i gcomhréir le hAirteagal 9 den Rialachán seo;

(f)

i gcás inarb ábhartha, tuairisc ar na socruithe a cuireadh i bhfeidhm chun drochúsáid mhargaidh a chosc agus a bhrath i gcomhréir le hAirteagal 92 de Rialachán (AE) 2023/1114;

(g)

cé acu a cheap nó nár cheap, a cheapfaidh nó nach gceapfaidh an t-iarratasóir iniúchóirí seachtracha agus, más amhlaidh an cás, a n-ainm agus a sonraí teagmhála, i gcás ina mbeidh siad ar fáil;

(h)

na beartais agus na nósanna imeachta cuntasaíochta faoina ndéanfaidh an t-iarratasóir a fhaisnéis airgeadais a thaifeadadh agus a thuairisciú, lena n-áirítear dátaí tosaigh agus deiridh na bliana cuntasaíochta a cuireadh i bhfeidhm.

2.   I gcomhréir le hAirteagal 72 de Rialachán (AE) 2023/1114 chun coinbhleachtaí leasa a shainaithint, a chosc, a bhainistiú agus a nochtadh, soláthróidh iarratasóirí an fhaisnéis uile seo a leanas don údarás inniúil maidir le coinbhleachtaí leasa a bhainistiú:

(a)

cóip de bheartas an iarratasóra maidir le coinbhleachtaí leasa, mar aon le tuairisc ar an gcaoi a ndéantar an méid seo a leanas leis an mbeartas sin:

(i)

áiritheoidh sé go ndéanfaidh an t-iarratasóir coinbhleachtaí leasa a shainaithint, a chosc agus a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagal 72(1) de Rialachán (AE) 2023/1114 agus go nochtfaidh sé coinbhleachtaí leasa i gcomhréir le hAirteagal 72(2) den Rialachán sin;

(ii)

beidh sé i gcomhréir le scála, cineál agus raon na seirbhísí cripteashócmhainní a bheartaíonn an t-iarratasóir a sholáthar agus le gníomhaíochtaí eile an ghrúpa lena mbaineann an t-iarratasóir;

(iii)

áirithítear nach gcruthóidh na beartais, na nósanna imeachta ná na socruithe luacha saothair coinbhleachtaí leasa;

(b)

conas a áirithíonn beartas coinbhleachtaí leasa an iarratasóra comhlíontacht le Rialachán Tarmligthe (AE) ón gCoimisiún lena mbunaítear caighdeáin theicniúla arna nglacadh de bhun Airteagal 72(5) de Rialachán (AE) 2023/1114, lena n-áirítear faisnéis maidir leis na córais agus na socruithe a chuir an t-iarratasóir i bhfeidhm chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i)

faireachán, measúnú agus athbhreithniú a dhéanamh ar éifeachtacht a bheartais coinbhleachtaí leasa agus aon easnamh a leigheas;

(ii)

cásanna coinbhleachtaí leasa a thaifeadadh, lena n-áirítear sainaithint, measúnú, leigheas agus an fíoras ar nochtadh an cás don chliant.

Airteagal 5

Plean leanúnachais gnó

1.   Chun críocha Airteagal 62(2), pointe (i), de Rialachán (AE) 2023/1114, cuirfidh iarratasóirí tuairisc mhionsonraithe faoi bhráid an údaráis inniúil ar an bplean leanúnachais gnó, lena n-áirítear na bearta atá le déanamh chun leanúnachas agus rialtacht a áirithiú maidir le seirbhísí cripteashócmhainní an iarratasóra a sholáthar.

2.   Áireofar an méid seo a leanas sa tuairisc dá dtagraítear i mír 1:

(a)

mionsonraí lena gcruthaítear gurb iomchuí an plean leanúnachais gnó agus go gcuirtear socruithe ar bun chun an plean sin a choinneáil ar bun agus a thástáil go tréimhsiúil;

(b)

maidir le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha a fhaigheann tacaíocht ó sholáthraithe seirbhíse tríú páirtí, faisnéis faoin gcaoi a n-áirithítear leanúnachas gnó i gcás ina dtagann meath ar cháilíocht sholáthar na bhfeidhmeanna sin go leibhéal do-ghlactha nó i gcás ina dteipeann uirthi;

(c)

faisnéis faoin gcaoi a n-áirithítear leanúnachas gnó i gcás bás príomhdhuine agus, i gcás inarb ábhartha, rioscaí polaitiúla i ndlínse an tsoláthraí seirbhíse.

Airteagal 6

Sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a bhrath agus a chosc

Chun críocha Airteagal 62(2), pointe (i), de Rialachán (AE) 2023/1114, cuirfidh iarratasóirí faisnéis ar fáil don údarás inniúil maidir lena sásraí rialaithe inmheánaigh, a mbeartais agus a nósanna imeachta chun forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Treoir (AE) 2015/849 agus an creat measúnaithe riosca a chomhlíonadh chun rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a bhainistiú, lena n-áirítear na nithe uile seo a leanas:

(a)

measúnú an iarratasóra ar na rioscaí bunúsacha agus iarmharacha a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a bhaineann lena ghnó, lena n-áirítear na rioscaí a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(i)

bonn custaiméirí an iarratasóra;

(ii)

seirbhísí a sholáthraítear;

(iii)

na bealaí dáilte a úsáidtear;

(iv)

limistéir gheografacha oibríochta;

(b)

na bearta atá curtha i bhfeidhm ag an iarratasóir nó a chuirfidh an t-iarratasóir i bhfeidhm chun na rioscaí sainaitheanta a chosc agus na ceanglais is infheidhme maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhlíonadh, lena n-áirítear próiseas measúnaithe riosca an iarratasóra, na beartais agus na nósanna imeachta chun ceanglais díchill chuí custaiméara a chomhlíonadh, agus na beartais agus na nósanna imeachta chun idirbhearta nó gníomhaíochtaí amhrasacha a bhrath agus a thuairisciú;

(c)

faisnéis mhionsonraithe maidir leis an gcaoi a bhfuil na sásraí, na beartais agus na nósanna imeachta rialaithe inmheánaigh sin leordhóthanach agus comhréireach leis an scála, leis an gcineál, leis an riosca bunúsach a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, leis an raon seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraítear, le castacht na samhla gnó agus leis an gcaoi a n-áirithíonn na sásraí, na beartais agus na nósanna imeachta sin comhlíonadh Threoir (AE) 2015/849 agus Rialachán (AE) 2023/1113;

(d)

céannacht an duine atá i gceannas ar chomhlíonadh ceanglas maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a áirithiú, agus fianaise ar eolas, scileanna agus taithí an duine sin;

(e)

socruithe, acmhainní daonna agus airgeadais lena n-áirithítear go gcuirfear oiliúint iomchuí ar fhoireann an iarratasóra maidir le cúrsaí a bhaineann le frithsciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac (tásca bliantúla) agus maidir le rioscaí sonracha a bhaineann le cripteashócmhainní;

(f)

cóip de bheartais, nósanna imeachta agus córais frithsciúrtha airgid agus frithsceimhlitheoireachta an iarratasóra;

(g)

minicíocht an mheasúnaithe ar leordhóthanacht agus éifeachtacht na sásraí rialaithe inmheánaigh, na mbeartas rialaithe inmheánaigh agus na nósanna imeachta rialaithe inmheánaigh sin, agus an duine nó an fheidhm atá freagrach as an measúnú sin.

Airteagal 7

Céannacht agus cruthúnas ar dhea-cháil, ar eolas, ar scileanna agus ar thaithí, agus ar thiomantas leordhóthanach ama chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta

1.   Chun críocha Airteagal 62(2), pointe (g), de Rialachán (AE) 2023/1114, soláthróidh iarratasóirí an fhaisnéis uile seo a leanas don údarás inniúil maidir le gach comhalta den chomhlacht bainistíochta:

(a)

an t-ainm iomlán agus, i gcás nach ionann é, an t-ainm tráth na breithe;

(b)

áit bhreithe agus dáta breithe, seoladh agus sonraí teagmhála na háite cónaithe reatha agus aon áite cónaithe eile le 10 mbliana anuas, náisiúntacht nó náisiúntachtaí, uimhir aitheantais náisiúnta agus cóip de dhoiciméad aitheantais oifigiúil nó a chomhionann;

(c)

mionsonraí an phoist atá ag an gcomhalta den chomhlacht bainistíochta nó atá le bheith aige, lena n-áirítear cibé acu an post feidhmiúcháin nó neamhfheidhmiúcháin é, an dáta tosaigh nó an dáta tosaithe beartaithe agus, i gcás inarb infheidhme, fad an tsainordaithe, agus tuairisc ar phríomhdhualgais agus ar phríomhfhreagrachtaí an chomhalta;

(d)

curriculum vitae ina luaitear oideachas ábhartha, oiliúint ghairmiúil agus taithí ghairmiúil le hainm agus cineál na n-eagraíochtaí uile ar oibrigh an comhalta dóibh agus cineál agus fad na bhfeidhmeanna a comhlíonadh do phoist a bhí ag an gcomhalta le 10 mbliana roimhe sin, agus béim á leagan go háirithe ar aon ghníomhaíocht laistigh de raon feidhme an phoist atá á lorg, lena n-áirítear taithí ghairmiúil atá ábhartha do sheirbhísí airgeadais, cripteashócmhainní, nó sócmhainní digiteacha eile, DLT, teicneolaíocht faisnéise, cibearshlándáil nó nuálaíocht dhigiteach;

(e)

doiciméadacht a bhaineann le clú agus taithí an chomhalta, go háirithe liosta de dhaoine tagartha lena n-áirítear faisnéis teagmhála agus litreacha molta;

(f)

stair an chomhalta, eadhon gach ceann díobh seo a leanas:

(i)

easpa taifead coiriúil;

(ii)

faisnéis maidir le himeachtaí coiriúla nó imscrúduithe nó pionóis atá ar feitheamh (a bhaineann leis an dlí tráchtála, an dlí seirbhísí airgeadais, sciúradh airgid, agus maoiniú sceimhlitheoireachta, calaois nó dliteanas gairmiúil), faisnéis maidir le himeachtaí forfheidhmithe nó smachtbhannaí, faisnéis maidir le cásanna sibhialta agus riaracháin ábhartha agus gníomhaíochtaí araíonachta, lena n-áirítear dícháiliú mar stiúrthóir cuideachta, féimheacht, dócmhainneacht agus nósanna imeachta comhchosúla;

(iii)

faisnéis maidir le haon diúltú, tarraingt siar, cúlghairm nó foirceannadh clárúcháin, údaraithe, ballraíochta nó ceadúnais chun trádáil, gnó nó gairm a dhéanamh, nó maidir le haon díbirt ag comhlacht rialála nó rialtais, comhlacht gairmiúil nó comhlachas;

(iv)

faisnéis maidir le dífhostú as post iontaoibhe, as caidreamh muiníneach, nó as staid chomhchosúil iontaobhais nó caidrimh;

(v)

faisnéis faoi cé acu a mheasúnaigh nó nár mheasúnaigh aon údarás clú an duine aonair, lena n-áirítear céannacht an údaráis sin, dáta an mheasúnaithe agus faisnéis faoi thoradh an mheasúnaithe sin;

(g)

tuairisc ar aon leas airgeadais agus neamhairgeadais nó ar aon ghaolmhaireacht airgeadais agus neamhairgeadais atá ag an gcomhalta sin agus ag garghaolta an chomhalta sin le comhaltaí eile den chomhlacht bainistíochta agus le sealbhóirí príomhfheidhme san institiúid chéanna, sa mháthairinstitiúid, fochuideachtaí agus scairshealbhóirí; d’fhéadfadh sé sin coinbhleachtaí leasa a chruthú;

(h)

i gcás ina sainaithnítear coinbhleacht leasa ábhartha, ráiteas faoin gcaoi a ndéanfar an choinbhleacht sin a mhaolú nó a leigheas, lena n-áirítear tagairt don achoimre ar an mbeartas maidir le coinbhleacht leasa;

(i)

faisnéis faoin am a bheidh dírithe ar chomhlíonadh fheidhmeanna an chomhalta laistigh den iarratasóir, lena n-áirítear gach ceann díobh seo a leanas:

(i)

an t-am íosta measta, in aghaidh na bliana agus in aghaidh na míosa, a chaithfidh an comhalta ar chomhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna laistigh den iarratasóir;

(ii)

liosta de na stiúrthóireachtaí feidhmiúcháin agus neamhfheidhmiúcháin eile atá ag an gcomhalta, ag tagairt do ghníomhaíochtaí tráchtála agus neamhthráchtála nó arna mbunú chun leasanna eacnamaíocha an chomhalta lena mbaineann a bhainistiú agus chun na gcríoch sin amháin;

(iii)

faisnéis maidir le méid agus castacht na gcuideachtaí nó na n-eagraíochtaí ina sealbhaítear na stiúrthóireachtaí dá dtagraítear i bpointe (ii), lena n-áirítear na sócmhainní iomlána, bunaithe ar na cuntais bhliantúla dheireanacha atá ar fáil cibé acu atá nó nach bhfuil an chuideachta liostaithe agus líon fostaithe na gcuideachtaí nó na n-eagraíochtaí sin;

(iv)

liosta d’aon fhreagracht bhreise a bhaineann leis na stiúrthóireachtaí dá dtagraítear i bpointe (ii), lena n-áirítear cathaoirleacht a dhéanamh ar choiste;

(v)

an t-am measta i laethanta in aghaidh na bliana atá tiomnaithe do gach ceann de na stiúrthóireachtaí eile dá dtagraítear i bpointe (ii) agus líon na gcruinnithe in aghaidh na bliana atá tiomnaithe do gach sainordú.

Chun críocha phointe (d), áireoidh an t-iarratasóir mionsonraí maidir leis na cumhachtaí tarmligthe agus na cumhachtaí cinnteoireachta inmheánacha uile arna sealbhú agus na réimsí oibríochtaí atá faoi rialú.

Chun críocha phointí (f)(i) agus (ii), soláthróidh iarratasóirí an fhaisnéis trí dheimhniú oifigiúil, i gcás ina mbeidh sí ar fáil ón mBallstát ábhartha nó ón tríú tír ábhartha, nó trí dhoiciméad coibhéiseach eile, i gcás nach ann do dheimhniú den sórt sin. Eiseofar taifid, deimhnithe agus doiciméid oifigiúla laistigh de 3 mhí sula gcuirfear isteach an t-iarratas ar údarú. I gcás imscrúduithe leanúnacha, féadfar an fhaisnéis a sholáthar trí dhearbhú onóra.

Chun críocha phointe (f)(iv), ní cheanglófar ar an iarratasóir an fhaisnéis faoin measúnú roimhe sin a thíolacadh i gcás ina bhfuil faisnéis den sórt sin ag an údarás inniúil cheana féin.

Chun críocha phointe (g), áireofar sa tuairisc aon leas airgeadais, lena n-áirítear cripteashócmhainní, sócmhainní digiteacha eile, iasachtaí, scairshealbha, ráthaíochtaí nó leasanna urrúis, cibé acu a deonaíodh nó a fuarthas iad, caidrimh tráchtála, imeachtaí dlíthiúla agus cibé acu a bhí nó nach raibh an duine ina dhuine atá faoi riteacht pholaitiúil mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (9), de Threoir (AE) 2015/849 le 2 bhliain anuas.

2.   Soláthróidh iarratasóir a bhfuil údarú á lorg aige mar sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní i gcomhréir le hAirteagal 62 de Rialachán (AE) 2023/1114 don údarás inniúil torthaí aon mheasúnaithe oiriúnachta ar gach comhalta den chomhlacht bainistíochta a rinne an t-iarratasóir, agus torthaí an mheasúnaithe ar oiriúnacht chomhchoiteann an chomhlachta bainistíochta, lena n-áirítear an tuarascáil ar an measúnú oiriúnachta nó na doiciméid maidir le toradh an mheasúnaithe oiriúnachta.

Airteagal 8

Faisnéis a bhaineann le scairshealbhóirí nó comhaltaí a bhfuil sealúchais cháilitheacha acu

Chun críocha Airteagal 62(2), pointe (h), de Rialachán (AE) 2023/1114, cuirfidh iarratasóirí an fhaisnéis uile seo a leanas ar fáil don údarás inniúil:

(a)

eagraghram mionsonraithe de struchtúr sealúchais an iarratasóra, lena n-áirítear miondealú ar a chaipiteal agus ar a chearta vótála agus ainmneacha na scairshealbhóirí nó na gcomhaltaí a bhfuil sealúchais cháilitheacha acu;

(b)

i gcás gach scairshealbhóra nó comhalta ag a bhfuil sealúchas cáilitheach díreach nó indíreach san iarratasóir, an fhaisnéis agus na doiciméid a leagtar amach in Airteagail 1 go 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/414 (8) ón gCoimisiún [C(2024)6907] de réir mar is infheidhme;

(c)

céannacht gach comhalta den chomhlacht bainistíochta a stiúrfaidh gnó an iarratasóra agus a cheapfaidh an scairshealbhóir sin nó an comhalta sin a bhfuil sealúchais cháilitheacha aige nó aici, nó a cheapfar tar éis ainmniúcháin ón scairshealbhóir nó ón gcomhalta sin;

(d)

i gcás gach scairshealbhóra nó comhalta ag a bhfuil sealúchas cáilitheach díreach nó indíreach san iarratasóir, faisnéis maidir le líon agus cineál na scaireanna nó na sealúchas eile a suibscríobhadh, a luach ainmniúil, aon phréimh a íocadh nó a bheidh le híoc, aon leas urrúis nó aon ualú, lena n-áirítear céannacht na bpáirtithe urraithe;

(e)

faisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6, pointí (b), (d) agus (e), agus Airteagal 8 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/414 ón gCoimisiún [C(2024)6907].

Airteagal 9

Córais TFC agus socruithe slándála gaolmhara

Chun críocha Airteagal 62(2), pointe (j), de Rialachán (AE) 2023/1114, cuirfidh iarratasóirí an fhaisnéis seo a leanas ar fáil don údarás inniúil:

(a)

doiciméadacht theicniúil na gcóras TFC, an bhonneagair DLT a bhfuiltear ag brath air, i gcás inarb ábhartha, agus na socruithe slándála, lena n-áirítear tuairisc ar na socruithe agus na hacmhainní TFC agus daonna imscartha arna mbunú chun Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chomhlíonadh (9)mar a leanas:

(i)

tuairisc ar an gcaoi a n-áirithíonn an t-iarratasóir creat bainistithe riosca TFC atá fónta, cuimsitheach agus dea-dhoiciméadaithe mar chuid dá chóras foriomlán bainistithe riosca, lena n-áirítear tuairisc mhionsonraithe ar chórais, ar phrótacail agus ar uirlisí TFC agus ar an gcaoi a gcomhlíonann nósanna imeachta, beartais agus córais an iarratasóra chun slándáil, sláine, infhaighteacht, barántúlacht agus rúndacht sonraí a choimirciú Rialacháin (AE) 2022/2554 agus (AE) 2016/679;

(ii)

sainaithint seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha, arna bhforbairt nó arna gcothabháil ag an iarratasóir, agus seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha arna soláthar ag soláthraithe seirbhíse tríú páirtí, tuairisc ar shocruithe conarthacha den sórt sin (céannacht agus suíomh geografach na soláthraithe, tuairisc ar na gníomhaíochtaí seachfhoinsithe nó na seirbhísí TFC lena bpríomh-shaintréithe, cóip de chomhaontuithe conarthacha) agus conas a chomhlíonann na socruithe sin Airteagal 73 de Rialachán (AE) 2023/1114 agus Caibidil V de Rialachán (AE) 2022/2554;

(iii)

tuairisc ar nósanna imeachta, beartais, socruithe agus córais an iarratasóra maidir le slándáil agus bainistiú teagmhas;

(b)

má tá sí ar fáil, tuairisc ar iniúchadh cibearshlándála arna dhéanamh ag iniúchóir cibearshlándála tríú páirtí a bhfuil taithí leordhóthanach aige i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe lena mbunaítear caighdeáin theicniúla arna nglacadh de bhun Airteagal 26(11), an ceathrú fomhír de Rialachán (AE)2022/2554 lena gcumhdaítear, go hidéalach, na hiniúchtaí nó na tástálacha seo a leanas:

(i)

socruithe eagraíochtúla cibearshlándála, slándála fisiciúla agus socruithe slána maidir le saolré forbartha bogearraí;

(ii)

measúnuithe leochaileachta agus scanadh leochaileachta agus, measúnuithe slándála gréasáin;

(iii)

athbhreithnithe cumraíochta ar shócmhainní TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla agus tábhachtacha mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (22) de Rialachán (AE) 2022/2554;

(iv)

tástálacha treáite ar na sócmhainní TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla agus tábhachtacha mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (17) de Rialachán (AE) 2022/2554, i gcomhréir leis na cuir chuige tástála iniúchóireachta uile seo a leanas:

(1)

bosca dubh: níl aon fhaisnéis ag an iniúchóir seachas na seoltaí IP agus na URLanna a bhaineann leis an sprioc iniúchta. Is iondúil go n-aimsítear faisnéis agus go sainaithnítear an sprioc roimh an gcéim sin trí chuardach a dhéanamh ar sheirbhísí an chórais ainmneacha fearainn (DNS), trí phoirt oscailte a scanadh, trí threalamh scagtha a aimsiú, etc.;

(2)

céim an bhosca léith: tá an t-eolas ag iniúchóirí ar úsáideoir caighdeánach an chórais faisnéise (fíordheimhniú dlisteanach, stáisiún oibre ‘caighdeánach’, etc.). Is féidir leis na haitheantóirí baint a bheith acu le próifílí úsáideora éagsúla chun leibhéil phribhléide éagsúla a thástáil;

(3)

céim an bhosca bháin: tá an oiread faisnéise teicniúla agus is féidir ag iniúchóirí (ailtireacht, cód foinseach, teagmhálacha teileafóin, aitheantóirí, etc.) sula dtosaíonn siad ar an anailís agus sula mbíonn rochtain acu freisin ar theagmhálacha teicniúla a bhaineann leis an sprioc;

(v)

i gcás ina n-úsáideann agus/nó ina bhforbraíonn an t-iarratasóir conarthaí cliste, athbhreithniú ar chód foinseach cibearshlándála ina leith.

(c)

tuairisc ar na hiniúchtaí a rinneadh ar na córais TFC, más ann dóibh, lena n-áirítear bonneagar DLT úsáidte agus socruithe slándála;

(d)

tuairisc ar an bhfaisnéis ábhartha dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) i dteanga neamhtheicniúil.

Airteagal 10

Cripteashócmhainní agus cistí cliant a leithscaradh agus a choimeád slán

1.   Chun críocha Airteagal 62(2), pointe (k), de Rialachán (AE) 2023/1114, déanfaidh iarratasóirí a bhfuil sé beartaithe acu cripteashócmhainní ar le cliaint iad nó na modhanna rochtana ar chripteashócmhainní den sórt sin a shealbhú, nó cistí cliant, seachas comharthaí ríomh-airgid, tuairisc mhionsonraithe don údarás inniúil ar a nósanna imeachta chun cripteashócmhainní agus cistí cliant a leithscaradh, lena n-áirítear gach ceann díobh seo a leanas:

(a)

conas a áirithíonn an t-iarratasóir an méid seo a leanas:

(i)

nach n-úsáidtear cistí cliant dá chuntas féin;

(ii)

nach n-úsáidtear cripteashócmhainní ar leis na cliaint iad dá chuntas féin;

(iii)

go bhfuil na tiachóga ina bhfuil cripteashócmhainní na gcliant éagsúil le tiachóga an iarratasóra féin;

(b)

tuairisc mhionsonraithe ar an gcóras formheasa le haghaidh eochracha cripteagrafacha agus coimirciú eochracha cripteagrafacha, lena n-áirítear tiachóga ilsínithe;

(c)

an chaoi a ndéanann an t-iarratasóir cripteashócmhainní cliant a leithscaradh, lena n-áirítear ó chripteashócmhainní cliant eile i gcás ina bhfuil cripteashócmhainní níos mó ná cliant amháin i dtiachóga (cuntais omnibus);

(d)

tuairisc ar an nós imeachta lena n-áirithítear go ndéanfar cistí cliant, seachas comharthaí ríomh-airgid, a thaisceadh le banc ceannais nó le hinstitiúid chreidmheasa faoi dheireadh an lae gnó tar éis an lae a fuarthas agus a sealbhaíodh na cistí sin i gcuntas atá inaitheanta ar leithligh ó aon chuntais a úsáidtear chun cistí ar leis an iarratasóir iad a shealbhú;

(e)

i gcás nach bhfuil sé beartaithe ag an iarratasóir cistí a thaisceadh leis an mbanc ceannais ábhartha, rud a chuireann an t-iarratasóir san áireamh chun na hinstitiúidí creidmheasa a roghnú lena dtaiscfear cistí na gcliant, lena n-áirítear beartas éagsúlaithe an iarratasóra, i gcás ina mbeidh sé ar fáil, agus minicíocht an athbhreithnithe ar roghnú na n-institiúidí creidmheasa lena dtaiscfear cistí na gcliant;

(f)

an chaoi a n-áirithíonn an t-iarratasóir go gcuirtear cliaint ar an eolas i dteanga shoiléir, bheacht agus neamhtheicniúil faoi phríomhghnéithe chórais, bheartais agus nósanna imeachta an iarratasóra chun Airteagal 70(1), (2) agus (3) de Rialachán (AE) 2023/1114 a chomhlíonadh.

2.   I gcomhréir le hAirteagal 70(5) de Rialachán (AE) 2023/1114, ní sholáthróidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní ar institiúidí ríomh-airgid nó institiúidí íocaíochta iad ach an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo maidir le leithscaradh cripteashócmhainní cliant.

Airteagal 11

Nósanna imeachta láimhseála gearán

Chun críocha Airteagal 62(2), pointe (l), de Rialachán (AE) 2023/1114, soláthróidh iarratasóirí tuairisc mhionsonraithe don údarás inniúil ar a nósanna imeachta láimhseála gearán, lena n-áirítear gach ceann díobh seo a leanas:

(a)

faisnéis faoi na hacmhainní daonna agus teicniúla a leithdháiltear ar láimhseáil gearán;

(b)

faisnéis faoin duine atá i gceannas ar na hacmhainní atá tiomnaithe do ghearáin a bhainistiú, mar aon le curriculum vitae ina luaitear oideachas ábhartha, oiliúint ghairmiúil agus taithí ghairmiúil lena dtugtar bonn cirt don eolas, do na scileanna agus don taithí chun na freagrachtaí a leithdháiltear ar an duine sin a chomhlíonadh;

(c)

an chaoi a n-áirithíonn an t-iarratasóir comhlíonadh an Rialacháin Tharmligthe ón gCoimisiún lena mbunaítear caighdeáin theicniúla arna nglacadh de bhun Airteagal 71(5) de Rialachán (AE) 2023/1114;

(d)

conas a chuirfidh an t-iarratasóir cliaint nó cliaint ionchasacha ar an eolas faoin bhféidearthacht gearán a chomhdú saor in aisce, i gcás ina mbeidh an fhaisnéis sin ar fáil ar shuíomh gréasáin an iarratasóra, nó ar aon ghaireas digiteach ábhartha eile a fhéadfaidh cliaint a úsáid chun rochtain a fháil ar na seirbhísí cripteashócmhainní agus ar ábhar na faisnéise arna soláthar

(e)

socruithe an iarratasóra maidir le taifid a choimeád i ndáil le gearáin;

(f)

an amlíne a thugtar i nósanna imeachta láimhseála gearán an iarratasóra chun imscrúdú a dhéanamh, freagairt agus, i gcás inarb iomchuí, bearta a dhéanamh mar fhreagairt ar ghearáin a fhaightear;

(g)

conas a chuirfidh an t-iarratasóir cliaint nó cliaint ionchasacha ar an eolas faoi na leigheasanna atá ar fáil;

(h)

príomhchéimeanna nós imeachta an iarratasóra maidir le cinneadh a dhéanamh ar ghearán agus conas a chuirfidh an t-iarratasóir an cinneadh sin in iúl don chliant nó don chliant ionchasach a rinne an gearán.

Airteagal 12

Beartas cumhdaigh agus riaracháin

Chun críocha Airteagal 62(2), pointe (m), de Rialachán (AE) 2023/1114, cuirfidh iarratasóirí a bhfuil sé beartaithe acu cumhdach agus riar cripteashócmhainní a sholáthar thar ceann cliant an fhaisnéis uile seo a leanas ar fáil don údarás inniúil:

(a)

tuairisc ar na socruithe a bhaineann leis an gcineál cumhdaigh a thairgtear do chliaint, cóip de chomhaontú caighdeánach an iarratasóra maidir le cripteashócmhainní a chumhdach agus a riar thar ceann cliant de bhun Airteagal 75(1) de Rialachán (AE) 2023/1114 agus cóip den achoimre ar an mbeartas cumhdaigh a chuirtear ar fáil do chliaint i gcomhréir le hAirteagal 75(3) de Rialachán (AE) 2023/1114;

(b)

beartas cumhdaigh agus riaracháin an iarratasóra, lena n-áirítear tuairisc ar fhoinsí sainaitheanta rioscaí oibríochtúla agus TFC chun na cripteashócmhainní a choimeád slán agus a rialú nó na modhanna rochtana ar chripteashócmhainní cliant, mar aon le tuairisc ar an méid seo a leanas:

(i)

na beartais agus na nósanna imeachta agus tuairisc ar na socruithe chun Airteagal 75(8) de Rialachán (AE) 2023/1114 a chomhlíonadh;

(ii)

na beartais agus na nósanna imeachta, agus tuairisc ar na córais agus ar na rialuithe chun rioscaí oibríochtúla agus TFC a bhainistiú, lena n-áirítear i gcás ina ndéantar cumhdach agus riar cripteashócmhainní thar ceann cliant a sheachfhoinsiú chuig tríú páirtí;

(iii)

na beartais agus na nósanna imeachta a bhaineann leis na córais lena n-áirithítear feidhmiú na gceart a ghabhann leis na cripteashócmhainní ag na cliaint, agus tuairisc orthu;

(iv)

na nósanna imeachta agus tuairisc ar na córais lena n-áirithítear go dtabharfar cripteashócmhainní ar ais nó na modhanna rochtana do na cliaint;

(c)

faisnéis faoin gcaoi a sainaithnítear na cripteashócmhainní agus na modhanna rochtana ar chripteashócmhainní na gcliant;

(d)

faisnéis faoi shocruithe chun an riosca go gcaillfí cripteashócmhainní nó chun modhanna rochtana ar chripteashócmhainní a íoslaghdú;

(e)

i gcás ina bhfuil soláthar cumhdaigh agus riar cripteashócmhainní thar ceann cliant tarmligthe ag an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní do thríú páirtí:

(i)

faisnéis maidir le céannacht aon tríú páirtí a sholáthraíonn cumhdach agus riar cripteashócmhainní agus a stádas i gcomhréir le hAirteagal 59 nó le hAirteagal 60 de Rialachán (AE) 2023/1114;

(ii)

tuairisc ar aon fheidhm a bhaineann le cripteashócmhainní arna dtarmligean ag an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní a chumhdach agus a riar, liosta d’aon tarmligean agus fo-tharmligean, de réir mar is infheidhme, agus aon choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh eascairt as tarmligean den sórt sin;

(iii)

tuairisc ar an gcaoi a bhfuil sé beartaithe ag an iarratasóir maoirseacht a dhéanamh ar na tarmligin nó ar na fo-tharmligin.

Airteagal 13

Rialacha oibriúcháin an ardáin trádála agus brath drochúsáide margaidh

1.   Chun críocha Airteagal 62(2), pointe (n), de Rialachán (AE) 2023/1114, déanfaidh iarratasóirí a bhfuil sé beartaithe acu ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní a oibriú, an fhaisnéis uile seo a leanas a sholáthar don údarás inniúil:

(a)

na rialacha maidir le cripteashócmhainní a ligean isteach chun a dtrádála;

(b)

an próiseas formheasa chun cripteashócmhainní a ligean isteach chun a dtrádála, lena n-áirítear dícheall cuí custaiméara a dhéantar i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849;

(c)

an liosta d’aon chatagóir cripteashócmhainní nach ligfear isteach chun a dtrádála agus na cúiseanna atá leis an eisiamh sin;

(d)

na beartais, na nósanna imeachta agus na táillí maidir le ligean isteach chun a dtrádála, mar aon le tuairisc, i gcás inarb ábhartha, ar bhallraíocht, ar lacáistí agus ar na coinníollacha gaolmhara;

(e)

na rialacha lena rialaítear forghníomhú orduithe, lena n-áirítear aon nós imeachta cealaithe maidir le horduithe forghníomhaithe agus maidir leis an bhfaisnéis sin a nochtadh do rannpháirtithe sa mhargadh;

(f)

na beartais, na nósanna imeachta agus na modhanna a cuireadh i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht na gcripteashócmhainní i gcomhréir le hAirteagal 76(2) de Rialachán (AE) 2023/1114;

(g)

na córais, na nósanna imeachta agus an socrú a cuireadh i bhfeidhm chun Airteagal 76(7) de Rialachán (AE) 2023/1114 a chomhlíonadh;

(h)

an bealach chun aon tairiscint a phoibliú agus praghsanna a iarraidh, leibhéal na leasanna trádála ag na praghsanna sin a ndéanfar fógraíocht orthu le haghaidh cripteashócmhainní trína n-ardáin trádála agus praghas, méid agus am na n-idirbheart a fhorghníomhaítear i leith cripteashócmhainní a thrádáiltear ar a n-ardán trádála, i gcomhréir le hAirteagal 76(9) agus (10) de Rialachán (AE) 2023/1114;

(i)

na struchtúir táillí agus bonn cirt leis an gcaoi a gcomhlíonann na struchtúir táillí sin Airteagal 76(13) de Rialachán (AE) 2023/1114;

(j)

na córais, na nósanna imeachta agus na socruithe a cuireadh i bhfeidhm chun sonraí a bhaineann le gach ordú a choimeád ar fáil don údarás inniúil nó don sásra lena áirithiú go mbeidh rochtain ag an údarás inniúil ar an leabhar orduithe agus ar aon chóras trádála eile;

(k)

maidir le socrú na n-idirbheart:

(i)

cibé acu a thionscnaítear socraíocht chríochnaitheach na n-idirbheart ar an mórleabhar dáilte nó lasmuigh den mhórleabhar dáilte;

(ii)

an tréimhse ama ina dtionscnaítear socraíocht chríochnaitheach na n-idirbheart cripteashócmhainní;

(iii)

an bealach chun infhaighteacht cistí agus cripteashócmhainní a fhíorú;

(iv)

an bealach chun mionsonraí ábhartha na n-idirbheart a dheimhniú;

(v)

na bearta dá bhforáiltear chun teipeanna socraíochta a theorannú;

(vi)

an tráth a bheidh an tsocraíocht críochnaitheach agus an tráth a thionscnófar an tsocraíocht chríochnaitheach tar éis fhorghníomhú an idirbhirt;

(l)

na beartais, na nósanna imeachta agus na córais a cuireadh i bhfeidhm chun drochúsáid mhargaidh a bhrath agus a chosc, lena n-áirítear faisnéis faoin gcumarsáid chuig an údarás inniúil faoi chásanna féideartha drochúsáide margaidh.

2.   Déanfaidh iarratasóirí a bhfuil sé beartaithe acu ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní a oibriú cóip de rialacha oibriúcháin an ardáin trádála agus d’aon nós imeachta agus córais chun drochúsáid mhargaidh a bhrath agus a chosc a sholáthar don údarás inniúil.

Airteagal 14

Cripteashócmhainní a mhalartú ar chistí nó ar chripteashócmhainní eile

Chun críocha Airteagal 62(2), pointe (o), de Rialachán (AE) 2023/1114, soláthróidh iarratasóirí a bhfuil sé beartaithe acu cripteashócmhainní a mhalartú ar chistí nó ar chripteashócmhainní eile an fhaisnéis uile seo a leanas don údarás inniúil:

(a)

tuairisc ar an mbeartas tráchtála a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 77(1) de Rialachán (AE) 2023/1114;

(b)

tuairisc ar an modh chun praghas na gcripteashócmhainní a bheartaíonn an t-iarratasóir a mhalartú ar chistí nó ar chripteashócmhainní eile a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 77(2) de Rialachán (AE) 2023/1114, lena n-áirítear an tionchar a bhíonn ag méid agus luaineacht mhargaidh na gcripteashócmhainní ar an sásra praghsála.

Airteagal 15

Beartas forghníomhaithe

Chun críocha Airteagal 62(2), pointe (p), de Rialachán (AE) 2023/1114, cuirfidh iarratasóirí a bhfuil sé beartaithe acu orduithe le haghaidh cripteashócmhainní a fhorghníomhú thar ceann cliant a mbeartas forghníomhaithe ar fáil don údarás inniúil, lena n-áirítear gach ceann díobh seo a leanas:

(a)

na socruithe lena n-áirithítear gur thug an cliant toiliú maidir leis an mbeartas forghníomhaithe roimh fhorghníomhú an ordaithe;

(b)

liosta de na hardáin trádála le haghaidh cripteashócmhainní ar a mbeidh an t-iarratasóir ag brath chun orduithe a fhorghníomhú agus na critéir chun measúnú a dhéanamh ar ionaid forghníomhaithe a áirítear sa bheartas forghníomhaithe i gcomhréir le hAirteagal 78(6) de Rialachán (AE) 2023/1114;

(c)

na hardáin trádála a bhfuil sé beartaithe ag an iarratasóir a úsáid le haghaidh gach cineáil cripteashócmhainní agus deimhniú nach bhfaighidh an t-iarratasóir aon chineál luacha saothair, lascaine ná sochair neamhairgeadaíochta mar mhalairt ar orduithe a fhaightear a ródú chuig ardán trádála ar leith le haghaidh cripteashócmhainní;

(d)

an chaoi a gcuirtear san áireamh leis an bhforghníomhú praghas, costais, luas, dóchúlacht an fhorghníomhaithe agus na socraíochta, méid, cineál, coinníollacha cumhdaigh na gcripteashócmhainní nó aon tosca ábhartha eile a mheastar a bheith mar chuid de na céimeanna uile is gá chun an toradh is fearr is féidir a fháil don chliant;

(e)

i gcás inarb infheidhme, na socruithe chun cliaint a chur ar an eolas go ndéanfaidh an t-iarratasóir orduithe a fhorghníomhú lasmuigh d’ardán trádála agus conas a gheobhaidh an t-iarratasóir toiliú sainráite roimh ré óna chliaint sula bhforghníomhóidh sé na horduithe sin;

(f)

conas a thugtar rabhadh don chliant go bhféadfadh aon treoir shonrach ó chliant cosc a chur ar an iarratasóir na bearta is gá a dhéanamh, i gcomhréir leis na socruithe atá bunaithe agus curtha chun feidhme ag an iarratasóir ina bheartas forghníomhaithe, chun an toradh is fearr is féidir a fháil ar fhorghníomhú na n-orduithe sin i ndáil leis na heilimintí a chumhdaítear leis na treoracha sin;

(g)

an próiseas roghnúcháin le haghaidh ionad trádála, na straitéisí forghníomhaithe a úsáidtear, na socruithe a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar cháilíocht an fhorghníomhaithe a fhaightear agus an chaoi a ndéanann an t-iarratasóir faireachán agus fíorú go bhfuarthas na torthaí is fearr is féidir do chliaint;

(h)

na socruithe chun cosc a chur ar fhostaithe an iarratasóra mí-úsáid a bhaint as aon fhaisnéis a bhaineann le horduithe cliant;

(i)

na socruithe agus na nósanna imeachta maidir leis an gcaoi a nochtfaidh an t-iarratasóir faisnéis do chliaint faoi bheartas forghníomhaithe orduithe agus an chaoi a dtabharfaidh sé fógra dóibh faoi aon athrú ábhartha ar a mbeartas forghníomhaithe orduithe;

(j)

na socruithe chun comhlíonadh Airteagal 78 de Rialachán (AE) 2023/1114 a léiriú don údarás inniúil, arna iarraidh sin don údarás inniúil sin.

Airteagal 16

Comhairle a sholáthar maidir le cripteashócmhainní nó bainistiú punainne cripteashócmhainní

Chun críocha Airteagal 62(2), pointe (q), de Rialachán (AE) 2023/1114, soláthróidh iarratasóirí a bhfuil sé beartaithe acu comhairle a sholáthar maidir le cripteashócmhainní nó bainistiú punainne cripteashócmhainní an fhaisnéis uile seo a leanas don údarás inniúil:

(a)

tuairisc mhionsonraithe ar na socruithe a chuir an t-iarratasóir i bhfeidhm chun Airteagal 81(7) de Rialachán (AE) 2023/1114 a chomhlíonadh, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(i)

na sásraí chun eolas agus saineolas na ndaoine nádúrtha a thugann comhairle maidir le cripteashócmhainní nó a bhainistíonn punanna cripteashócmhainní a rialú, a mheasúnú agus a chothabháil go héifeachtach;

(ii)

na socruithe lena n-áirithítear go bhfuil daoine nádúrtha a bhfuil baint acu le comhairle a sholáthar nó le bainistiú punainne ar an eolas faoi bheartais inmheánacha agus nósanna imeachta inmheánacha an iarratasóra arna mbunú chun Rialachán (AE) 2023/1114 a chomhlíonadh, go háirithe Airteagal 81(1) den Rialachán sin agus Treoir (AE) 2015/849, go dtuigeann siad iad agus go gcuireann siad i bhfeidhm iad;

(iii)

an méid acmhainní daonna agus airgeadais a bheartaíonn an t-iarratasóir a thiomnú ar bhonn bliantúil d’fhorbairt ghairmiúil agus d’oiliúint ghairmiúil na foirne a thugann comhairle maidir le cripteashócmhainní nó a bhainistíonn punann cripteashócmhainní;

(b)

go bhfuil an t-eolas agus an inniúlacht is gá ag na sásraí chun eolas agus inniúlacht na ndaoine nádúrtha a thugann comhairle thar ceann an iarratasóra a rialú, a mheasúnú agus a choinneáil ar bun go héifeachtach, de réir na gcritéar le haghaidh measúnú den sórt sin a úsáidtear sa reachtaíocht náisiúnta, chun an measúnú oiriúnachta dá dtagraítear in Airteagal 81(1) de Rialachán (AE) 2023/1114 a dhéanamh.

Airteagal 17

Seirbhísí aistrithe

Chun críocha Airteagal 62(2), pointe (r), de Rialachán (AE) 2023/1114, cuirfidh iarratasóirí a bhfuil sé beartaithe acu seirbhísí aistrithe do chripteashócmhainní a sholáthar thar ceann cliant an fhaisnéis uile seo a leanas ar fáil don údarás inniúil:

(a)

mionsonraí maidir leis na cineálacha cripteashócmhainní a bhfuil sé beartaithe ag an iarratasóir seirbhísí aistrithe a sholáthar ina leith;

(b)

tuairisc mhionsonraithe ar na socruithe a chuir an t-iarratasóir i bhfeidhm chun Airteagal 82 de Rialachán (AE) 2023/1114 a chomhlíonadh, lena n-áirítear faisnéis mhionsonraithe maidir le socruithe agus acmhainní TFC agus daonna imscartha an iarratasóra chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí go pras, go héifeachtúil agus go críochnúil le linn seirbhísí aistrithe do chripteashócmhainní a sholáthar thar ceann cliant, agus teipeanna oibríochtúla féideartha agus rioscaí cibearshlándála á gcur san áireamh;

(c)

i gcás ina mbeidh sí ar fáil, tuairisc ar pholasaí árachais an iarratasóra, lena n-áirítear ar chumhdach an árachais ar aimhleas chripteashócmhainní an chliaint a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar rioscaí cibearshlándála;

(d)

socruithe chun a áirithiú go bhfuil cliaint curtha ar an eolas go leordhóthanach faoi na beartais, na nósanna imeachta agus na socruithe dá dtagraítear i bpointe (b).

Airteagal 18

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Deireadh Fómhair 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 150, 9.6.2023, lch. 40, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1114/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).

(3)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73, ELI http://data.europa.eu/eli/dir/2015/849/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2023/1113 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus le cripteashócmhainní áirithe agus lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 (IO L 150, 9.6.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1113/oj).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84, ELI http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1095/oj).

(6)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).

(7)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara de chuid chineálacha áirithe gnóthais, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/34/oj).

(8)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2025414 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear ábhar mionsonraithe na faisnéise is gá chun measúnú a dhéanamh ar éadáil bheartaithe sealúchais cháilithigh i soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní (IO L, 2025/414, 31.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/414/oj).

(9)  Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (IO L 333, 27.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2554/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/305/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top