Wybierz funkcje eksperymentalne, które chcesz wypróbować

Ten dokument pochodzi ze strony internetowej EUR-Lex

Dokument 32025R0301

Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/301 ón gCoimisiún an 23 Deireadh Fómhair 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an t-ábhar agus na teorainneacha ama maidir leis an bhfógra tosaigh i leith mórtheagmhais a bhaineann le TFC, agus maidir leis an tuarascáil idirmheánach agus chríochnaitheach ina leith, agus ábhar an fhógra dheonaigh i leith cibearbhagairtí suntasacha

C/2024/6901

IO L, 2025/301, 20.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/301/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Status prawny dokumentu Obowiązujące

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/301/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/301

20.2.2025

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/301 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Deireadh Fómhair 2024

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an t-ábhar agus na teorainneacha ama maidir leis an bhfógra tosaigh i leith mórtheagmhais a bhaineann le TFC, agus maidir leis an tuarascáil idirmheánach agus chríochnaitheach ina leith, agus ábhar an fhógra dheonaigh i leith cibearbhagairtí suntasacha

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (1), agus go háirithe Airteagal 20, an tríú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun comhchuibhiú agus simpliú na gceanglas maidir le fógra agus tuairisciú le haghaidh mórtheagmhais a bhaineann le TFC dá dtagraítear in Airteagal 19(4) de Rialachán (AE) 2022/2554 a áirithiú, ba cheart cur chuige comhsheasmhach a leanúint maidir le gach cineál eintitis airgeadais leis na teorainneacha ama chun mórtheagmhais a bhaineann le TFC a thuairisciú. Ar na cúiseanna sin, ba cheart do na teorainneacha ama freisin, a mhéid is féidir, cur chuige comhsheasmhach a leanúint leis na ceanglais a leagtar amach i dTreoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus ba cheart dóibh a bheith ar a laghad ar comhéifeacht leis na ceanglais sin (2).

(2)

Ionas nach gcuirfear ualach tuairiscithe míchuí ar eintitis airgeadais tráth a bheidh an teagmhas a bhaineann le TFC á láimhseáil acu, ba cheart ábhar an fhógra tosaigh a theorannú don fhaisnéis is tábhachtaí. Chun bheith in ann gníomhaíocht mhaoirseachta chuí a dhéanamh, ní mór d’údaráis inniúla faisnéis a fháil faoi mhórtheagmhais a bhaineann le TFC a luaithe is féidir tar éis don eintiteas airgeadais teagmhas a bhaineann le TFC a aicmiú mar mhórtheagmhas. Dá bhrí sin, ba cheart an teorainn ama chun fógra tosaigh a chur isteach dá dtagraítear in Airteagal 19(4), pointe (a), de Rialachán (AE) 2022/2554 a bheith chomh gearr agus is féidir tar éis teagmhas a bhaineann le TFC a aicmiú mar mhórtheagmhas, agus solúbthacht á ceadú ag an am céanna, go háirithe le haghaidh samhlacha gnó seirbhíse nach bhfuil thar a bheith criticiúil ó thaobh ama de, i gcás ina mbeidh níos mó ama ag teastáil ó eintitis airgeadais chun an teagmhas a bhaineann le TFC a láimhseáil tar éis dóibh a bheith ar an eolas faoi.

(3)

Tar éis dóibh an fógra tosaigh a fháil, ba cheart do na húdaráis inniúla faisnéis níos mionsonraithe a fháil faoin teagmhas a bhaineann le TFC sa tuarascáil idirmheánach agus an fhaisnéis ábhartha uile sa tuarascáil chríochnaitheach. Leis an bhfaisnéis sna tuarascálacha sin, ba cheart é a chur ar a gcumas d’údaráis inniúla measúnú breise a dhéanamh ar an teagmhas a bhaineann le TFC agus meastóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí maoirseachta ar mian leo a dhéanamh.

(4)

Dá bhrí sin, leis na teorainneacha ama tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 20, an chéad mhír, pointe (a)(ii), de Rialachán (AE) 2022/2554, ba cheart cothromaíocht a bhaint amach idir an gá atá ann d’údaráis inniúla an fhaisnéis a fháil go tapa, agus an gá atá ann am leordhóthanach a thabhairt d’eintitis airgeadais chun faisnéis iomlán chruinn a fháil.

(5)

Agus na critéir a leagtar amach in Airteagal 20, an chéad mhír, pointe (a), de Rialachán (AE) 2022/2554 á gcur san áireamh, níor cheart ualach díréireach a bheith ag baint leis na hamlínte tuairiscithe ar mhicrifhiontair ná ar eintitis airgeadais eile nach móreintitis iad. Ina theannta sin, chun ualach díréireach ar eintitis airgeadais a sheachaint, ba cheart deireadh seachtaine agus laethanta saoire bainc a chur san áireamh sna teorainneacha ama tuairiscithe.

(6)

Ós rud é go bhfuil fógra le tabhairt faoi chibearbhagairtí suntasacha ar bhonn deonach, níor cheart ábhar na bhfógraí sin ualach a chur ar eintitis airgeadais agus ba cheart é a bheith níos teoranta ná an fhaisnéis a iarrtar le haghaidh mórtheagmhais a bhaineann le TFC.

(7)

Tá an Rialachán sin bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha.

(8)

Rinne na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha comhairliúcháin phoiblí oscailte a reáchtáil maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán sin bunaithe, rinne siad anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo ann agus d’iarr siad comhairle ar na Grúpaí Geallsealbhóirí arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 (3), (AE) Uimh. 1094/2010 (4) agus (AE) Uimh. 1095/2010 (5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(9)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus thug sé tuairim dhearfach uaidh an 22 Iúil 2024. Aon phróiseáil ar shonraí pearsanta a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin sin, ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir leis na prionsabail agus na forálacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí ó Rialachán (AE) 2018/1725,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SIN A GHLACADH:

Airteagal 1

Faisnéis ghinearálta atá le soláthar i bhfógraí tosaigh agus i dtuarascálacha idirmheánacha agus críochnaitheacha maidir le mórtheagmhais a bhaineann le TFC

Áireoidh eintitis airgeadais san fhógra tosaigh, sa tuarascáil idirmheánach agus sa tuarascáil chríochnaitheach, dá dtagraítear in Airteagal 19(4) de Rialachán (AE) 2022/2554, an fhaisnéis ghinearálta seo a leanas:

(a)

an cineál aighneachta (fógra tosaigh, tuarascáil idirmheánach, nó tuarascáil chríochnaitheach);

(b)

ainm an eintitis airgeadais, a chód LEI, agus an cineál eintitis airgeadais, dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2022/2554;

(c)

ainm agus cód aitheantais an eintitis a chuireann isteach an fógra tosaigh, nó an tuarascáil idirmheánach nó an tuarascáil chríochnaitheach, le haghaidh an eintitis airgeadais;

(d)

i gcás inarb infheidhme, ainmneacha agus cóid LEI na n-eintiteas airgeadais uile a chumhdaítear san fhógra tosaigh comhiomlánaithe nó sa tuarascáil idirmheánach chomhiomlánaithe nó sa tuarascáil chríochnaitheach;

(e)

sonraí teagmhála na ndaoine atá freagrach as cumarsáid a dhéanamh leis an údarás inniúil maidir leis an mórtheagmhas a bhaineann le TFC;

(f)

i gcás inarb infheidhme, aitheantas mháthairghnóthas an ghrúpa lena mbaineann an t-eintiteas airgeadais;

(g)

i gcás ina bhfuil tionchar airgeadaíochta ann, an t-airgeadra ar a bhfuil na méideanna bunaithe.

Airteagal 2

Faisnéis shonrach atá le soláthar sna fógraí tosaigh

Beidh an fhaisnéis shonrach seo a leanas ar fad ar a laghad sna fógraí tosaigh dá dtagraítear in Airteagal 19(4), pointe (a), de Rialachán (AE) 2022/2554:

(a)

an cód tagartha teagmhais arna shannadh ag an eintiteas airgeadais;

(b)

dáta braite, am braite, agus aicmiú an teagmhais de bhun Airteagal 8 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1772 ón gCoimisiún (7);

(c)

tuairisc ar an teagmhas a bhaineann le TFC;

(d)

na critéir, a leagtar síos in Airteagail 1 go 8 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1772, ar ar a mbonn a d’aicmigh an t-eintiteas airgeadais an teagmhas a bhaineann le TFC mar mhórtheagmhas;

(e)

na Ballstáit a bhfuil tionchar ag an teagmhas a bhaineann le TFC orthu;

(f)

faisnéis faoin gcaoi ar thángthas ar an teagmhas a bhaineann le TFC;

(g)

i gcás ina mbeidh sí ar fáil, faisnéis faoi thionscnamh an teagmhais a bhaineann le TFC;

(h)

faisnéis faoi cé acu a ghníomhachtaigh nó nár ghníomhachtaigh an t-eintiteas airgeadais plean leanúnachais gnó;

(i)

i gcás inarb infheidhme, faisnéis faoi athaicmiú an teagmhais a bhaineann le TFC ó mhórtheagmhas go teagmhas nach mórtheagmhas é;

(j)

i gcás ina bhfuil sí ar fáil, aon fhaisnéis ábhartha eile.

Airteagal 3

Faisnéis shonrach atá le soláthar i dtuarascálacha idirmheánacha

Beidh an fhaisnéis shonrach seo a leanas ar fad ar a laghad sna tuarascálacha idirmheánacha dá dtagraítear in Airteagal 19(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2022/2554:

(a)

i gcás inarb infheidhme, an cód tagartha teagmhais arna sholáthar ag an údarás inniúil;

(b)

an dáta agus an t-am a tharla an teagmhas a bhaineann le TFC

(c)

i gcás inarb infheidhme, an dáta agus an t-am a d’athshlánaigh an t-eintiteas airgeadais a ghnáth-ghníomhaíochtaí;

(d)

faisnéis faoin gcaoi ar comhlíonadh na critéir a leagtar síos in Airteagail 1 go 8 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1772, ar an mbonn a rinne an t-eintiteas airgeadais an teagmhas a bhaineann le ITC a aicmiú mar mhórtheagmhas;

(e)

an cineál teagmhais a bhaineann le TFC;

(f)

i gcás inarb infheidhme, na bagairtí agus na teicnící a úsáideann an gníomhaí bagartha;

(g)

na réimsí feidhme agus na próisis ghnó a ndéantar difear dóibh;

(h)

comhpháirteanna bonneagair a ndéantar difear dóibh a thacaíonn le próisis ghnó;

(i)

tionchar ar leas airgeadais na gcliant;

(j)

faisnéis faoi thuairisciú an teagmhais a bhaineann le TFC d’údaráis eile;

(k)

gníomhaíochtaí nó bearta sealadacha a rinne an t-eintiteas airgeadais nó atá beartaithe aige a dhéanamh chun téarnamh ón teagmhas a bhaineann le TFC;

(l)

i gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir le táscairí comhréitigh.

Airteagal 4

Faisnéis shonrach atá le soláthar i dtuarascálacha críochnaitheacha

Beidh an fhaisnéis shonrach uile seo a leanas sna tuarascálacha críochnaitheacha dá dtagraítear in Airteagal 19(4), pointe (c), de Rialachán (AE) 2022/2554:

(a)

faisnéis faoi bhunchúiseanna an teagmhais a bhaineann le TFC;

(b)

na dátaí agus na hamanna a réitíodh an teagmhas a bhaineann le TFC agus a tugadh aghaidh ar an mbunchúis nó ar na bunchúiseanna;

(c)

faisnéis maidir le réiteach an teagmhais a bhaineann le TFC;

(d)

i gcás inarb infheidhme, faisnéis atá ábhartha do na húdaráis réitigh;

(e)

faisnéis faoi chostais agus caillteanais dhíreacha agus indíreacha a eascraíonn as an teagmhas a bhaineann le TFC agus faisnéis faoi aisghabhálacha airgeadais;

(f)

i gcás inarb infheidhme, faisnéis faoi theagmhais atarlaithe a bhaineann le TFC.

Airteagal 5

Teorainneacha ama don fhógra tosaigh, agus do na tuarascálacha idirmheánacha agus críochnaitheacha

1.   Cuirfidh eintitis airgeadais an fógra tosaigh agus na tuarascálacha idirmheánacha agus críochnaitheacha dá dtagraítear in Airteagal 19(4), pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2022/2554 isteach laistigh de na teorainneacha ama seo a leanas:

(a)

maidir leis an tuarascáil tosaigh: a luaithe is féidir, ach in aon chás, laistigh de 4 uair an chloig ón uair a aicmíodh an teagmhas a bhaineann le TFC mar mhórtheagmhas a bhaineann le TFC agus tráth nach déanaí ná 24 uair an chloig ón uair a fuair an t-eintiteas airgeadais amach faoin teagmhas a bhaineann le TFC;

(b)

maidir leis an tuarascáil idirmheánach: laistigh de 72 uair an chloig ar a dhéanaí ó cuireadh isteach an fógra tosaigh, fiú i gcás nach bhfuil athrú tagtha ar stádas ná ar láimhseáil an teagmhais dá dtagraítear in Airteagal 19(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2022/2554. Cuirfidh eintitis airgeadais tuarascáil idirmheánach nuashonraithe gan moill mhíchuí isteach, agus in aon chás ina n-athshlánaítear gníomhaíochtaí rialta;

(c)

maidir leis an tuarascáil chríochnaitheach: tráth nach déanaí ná mí amháin ó cuireadh isteach an tuarascáil idirmheánach nó, i gcás inarb infheidhme, ó cuireadh isteach an tuarascáil idirmheánach nuashonraithe is déanaí.

2.   I gcás nár aicmigh an t-eintiteas airgeadais teagmhas a bhaineann le TFC mar mhórtheagmhas laistigh de 24 uair an chloig ón nóiméad a tháinig an t-eintiteas airgeadais ar an eolas faoin teagmhas a bhaineann le TFC ach go n-aicmíonn sé an teagmhas sin a bhaineann le TFC mar mhórtheagmhas ag céim níos déanaí, cuirfidh an t-eintiteas airgeadais an fógra tosaigh isteach laistigh de 4 uair an chloig ón uair a aicmíodh an teagmhas a bhaineann le TFC mar mhórtheagmhas.

3.   Eintitis airgeadais nach bhfuil in ann an fógra tosaigh, an tuarascáil idirmheánach nó an tuarascáil chríochnaitheach a chur isteach laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach i mír 1, cuirfidh siad an t-údarás inniúil ar an eolas faoi sin gan moill mhíchuí, ach tráth nach déanaí ná na teorainneacha ama faoi seach maidir leis an bhfógra nó an tuarascáil a chur isteach, agus míneoidh siad na cúiseanna atá leis an moill.

4.   I gcás ina dtiteann an teorainn ama chun fógra tosaigh, tuarascáil idirmheánach, nó tuarascáil chríochnaitheach a chur isteach ar lá deireadh seachtaine nó saoire bainc i mBallstát an eintitis airgeadais tuairiscithe, féadfaidh an t-eintiteas airgeadais an fógra tosaigh, na tuarascálacha idirmheánacha nó na tuarascálacha críochnaitheacha a chur isteach faoi mheán lae an chéad lá oibre eile.

5.   Ní bheidh feidhm ag mír 4 maidir le fógra tosaigh ná tuarascáil idirmheánach a chur isteach ag institiúidí creidmheasa, contrapháirtithe lárnacha, oibreoirí ionad trádála, agus eintitis airgeadais eile arna sainaithint mar eintitis fhíor-riachtanacha nó thábhachtacha de bhun Airteagal 3 de Threoir (AE) 2022/2555.

6.   Féadfaidh na húdaráis inniúla a chinneadh nach mbeidh feidhm ag mír 4 maidir le heintitis airgeadais i ndáil le fógra tosaigh a thabhairt nó tuarascáil idirmheánach a chur isteach, seachas na heintitis sin dá dtagraítear i mír 5, atá suntasach nó a bhfuil saintréith shistéamach ag baint leo don earnáil airgeadais ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais. Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra faoina gcinneadh do na heintitis airgeadais shainaitheanta. Ní bheidh feidhm ag cinneadh an údaráis inniúil ach amháin maidir le teagmhais a thuairiscítear tar éis an dáta a thugann an t-údarás inniúil fógra faoin gcinneadh do na heintitis airgeadais shainaitheanta.

Airteagal 6

Ábhar an fhógra dheonaigh faoi chibearbhagairtí suntasacha

Le hábhar an fhógra dheonaigh i ndáil le cibearbhagairtí suntasacha dá dtagraítear in Airteagal 19(2) de Rialachán (AE) 2022/2554, cumhdófar an méid uile seo a leanas:

(a)

faisnéis ghinearálta faoin eintiteas airgeadais a thugann fógra mar a leagtar amach in Airteagal 1;

(b)

an dáta agus an t-am a braitheadh an chibearbhagairt shuntasach agus aon stampa ama ábhartha eile a bhaineann leis an gcibearbhagairt shuntasach;

(c)

tuairisc ar an gcibearbhagairt shuntasach;

(d)

faisnéis faoin tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an gcibearbhagairt shuntasach ar an eintiteas airgeadais, ar a chliaint, nó ar chontrapháirtithe airgeadais;

(e)

na critéir aicmithe a spreagfadh tuarascáil mhórtheagmhais a leagtar síos in Airteagail 1 go 8 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1772 dá dtiocfadh an chibearbhagairt chun cinn;

(f)

faisnéis faoi stádas na cibearbhagartha suntasaí agus faoi aon athrú ar an ngníomhaíocht bhagartha;

(g)

i gcás inarb infheidhme, tuairisc ar na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an eintiteas airgeadais chun cosc a chur ar theacht chun cinn na gcibearbhagairtí suntasacha;

(h)

faisnéis faoi aon fhógra maidir leis an gcibearbhagairt shuntasach d’eintitis nó d’údaráis airgeadais eile;

(i)

i gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir le táscairí comhréitigh;

(j)

i gcás ina bhfuil sí ar fáil, aon fhaisnéis ábhartha eile.

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán sin i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán sin ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Deireadh Fómhair 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 333, 27.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2554/oj.

(2)  Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972 agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (Treoir NIS 2) (IO L 333, 27.12.2022, lch. 80, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2555/oj).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1093/oj).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1094/oj).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1095/oj).

(6)  6 Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).

(7)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1772 ón gCoimisiún an 13 Márta 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na critéir maidir le haicmiú teagmhas a bhaineann le TFC agus cibearbhagairtí, lena leagtar amach tairseacha ábharthachta agus lena sonraítear sonraí tuairiscithe mórtheagmhas (IO L, 2024/1772, 25.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1772/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/301/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Góra