This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R0292
Commission Delegated Regulation (EU) 2025/292 of 26 September 2024 supplementing Regulation (EU) 2023/1114 of the European Parliament and of the Council with regard to regulatory technical standards establishing a template document for cooperation arrangements between competent authorities and supervisory authorities of third countries
Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/292 ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena mbunaítear doiciméad ar teimpléad é do shocruithe comhair idir údaráis inniúla agus údaráis mhaoirseachta tríú tíortha
Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/292 ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena mbunaítear doiciméad ar teimpléad é do shocruithe comhair idir údaráis inniúla agus údaráis mhaoirseachta tríú tíortha
C/2024/6649
IO L, 2025/292, 13.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/292/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2025/292 |
13.2.2025 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/292 ÓN gCOIMISIÚN
an 26 Meán Fómhair 2024
lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena mbunaítear doiciméad ar teimpléad é do shocruithe comhair idir údaráis inniúla agus údaráis mhaoirseachta tríú tíortha
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (1), agus go háirithe Airteagal 107(13), an tríú fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Ceanglaítear le hAirteagal 107(1) de Rialachán (AE) 2023/1114 ar údaráis inniúla na mBallstát socruithe comhair a thabhairt i gcrích, i gcás inar gá, le húdaráis mhaoirseachta tríú tíortha maidir le malartú faisnéise agus forfheidhmiú oibleagáidí a eascraíonn as an Rialachán sin i dtríú tíortha. |
(2) |
Agus socruithe comhair nua le húdaráis tríú tír á dtabhairt i gcrích agus na socruithe comhair atá ann cheana le húdaráis tríú tír á dtabhairt cothrom le dáta, ba cheart do na húdaráis inniúla, i gcás inar féidir, doiciméad ar teimpléad é a leagtar amach sa Rialachán seo a úsáid. |
(3) |
Ba cheart aon aistriú sonraí pearsanta chuig údaráis mhaoirseachta tríú tíortha a dhéanamh i gcomhréir iomlán le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). Féadfar foráil a dhéanamh maidir le coimircí iomchuí le haghaidh malartú sonraí pearsanta idir údaráis inniúla na mBallstát agus údaráis mhaoirseachta tríú tíortha, i measc nithe eile, trí shocruithe riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 46(3), pointe (b), de Rialachán (AE) 2016/679, lena n-áirítear cearta in-fhorfheidhmithe éifeachtacha do na hábhair sonraí. |
(4) |
Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna bhforbairt ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA), i ndlúthchomhar leis an Údarás Baincéireachta Eorpach agus arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin. |
(5) |
Ní dhearna ESMA comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, ná ní dhearna sé anailís ar na costais agus sochair ghaolmhara a d’fhéadfadh a bheith leo i ndáil le caighdeáin den sórt sin a thabhairt isteach, mar go mbeadh sé sin thar a bheith díréireach i dtaca le raon feidhme agus tionchar na gcaighdeán sin, ag cur san áireamh go mbeadh údaráis inniúla na mBallstát ina seolaithe ar na caighdeáin agus nach mbeadh siad ina rannpháirtithe sa mhargadh. |
(6) |
D’iarr ESMA comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). |
(7) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus thug sé tuairim uaidh an 27 Bealtaine 2024, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Socruithe comhair
Leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo an doiciméad ar teimpléad é atá le húsáid ag údaráis inniúla na mBallstát, i gcás inar féidir le haghaidh socruithe comhair de bhun Airteagal 107(1) de Rialachán (AE) 2023/1114.
Airteagal 2
Aistrithe sonraí pearsanta
I gcás ina mbraitheann údaráis inniúla ar shocrú riaracháin de bhun Airteagal 46(3), pointe (b), de Rialachán (AE) 2016/679 maidir le sonraí pearsanta a aistriú chuig údaráis mhaoirseachta tríú tíortha, cuirfear an socrú sin i gceangal leis an socrú comhair a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 107(1) de Rialachán (AE) 2023/1114.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Meán Fómhair 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (IO L 150, 9.6.2023, lch. 40, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1114/oj).
(2) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den chineál sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1095/oj).
(4) Rialachán(AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
IARSCRÍBHINN
Doiciméad ar teimpléad é le haghaidh socruithe comhair maidir le faisnéis a mhalartú idir údaráis inniúla na mBallstát agus údaráis mhaoirseachta tríú tíortha agus maidir le forfheidhmiú na n-oibleagáidí a eascraíonn as Rialachán (AE) 2023/1114 i dtríú tíortha
1. Réamhrá
Tuairisc ar bhunús dlí gach údaráis sínitheora le haghaidh malartú faisnéise chun gur féidir leo a ndualgais a dhéanamh i gcomhréir lena ndlíthe agus lena rialacháin a bhaineann le margaí i gcripteashócmhainní.
Dearbhú, de bhun na ndlíthe agus na rialachán arb iad an bunús dlí iad maidir le faisnéis a mhalartú, go bhfuil na húdaráis shínitheora le cúnamh frithpháirteach cómhalartach a sholáthar dá chéile i gcomhréir leis na socruithe comhair.
Dearbhú nach bhfuil sé i gceist le forálacha na socruithe comhair oibleagáidí atá ceangailteach ó thaobh dlí a chruthú ná nach nglacann siad ionad an dlí náisiúnta.
2. Sainmhínithe
Liosta iomchuí sainmhínithe lena gcumhdaítear na téarmaí a úsáidtear sna socruithe comhair.
3. An cineál cúnaimh atá le soláthar
Tuairisc ar an gcineál cúnaimh atá le soláthar i gcomhréir le hAirteagal 94 de Rialachán (AE) 2023/1114 amhail:
(a) |
faisnéis atá i gcomhaid an údaráis iarrtha a fháil; |
(b) |
ráitis nó faisnéis a fháil ó aon duine; |
(c) |
doiciméid a fháil ó dhaoine nó ó eintitis lena n-áirítear trí chigireachtaí ar an láthair a dhéanamh; |
(d) |
taifid ar thrácht sonraí a fháil, a mhéid a cheadaítear leis an dlí náisiúnta agus, i gcás inarb infheidhme, le cúnamh ón údarás breithiúnach iomchuí ag brath ar chur chun feidhme Airteagal 94(3), pointe (e), de Rialachán (AE) 2023/1114 nó aon chumhacht choibhéiseach faoi dhlíthe an tríú tír ábhartha; |
(e) |
reo nó forlámhú sócmhainní a fháil, nó cuidiú lena bhfáil, i gcomhréir le hAirteagal 94(3), pointe (f), de Rialachán (AE) 2023/1114 nó aon chumhacht choibhéiseach faoi dhlíthe an tríú tír ábhartha; |
(f) |
scor sealadach a fháil d’aon chleachtas nó iompar a mheastar a bheith contrártha do na dlíthe agus na rialacháin a bhaineann le margaí i gcripteashócmhainní i gcomhréir le hAirteagal 94(1), pointe (v), de Rialachán (AE) 2023/1114 nó d’aon chumhacht choibhéiseach faoi dhlíthe an tríú tír ábhartha. |
4. Forálacha ginearálta – diúltú cúnaimh
Áireofar an méid seo a leanas ar liosta na gcásanna ina bhféadfaidh údaráis inniúla iarrataí ar chomhar a dhiúltú:
(a) |
nach bhfuil an iarraidh á déanamh i gcomhréir leis na socruithe comhair; |
(b) |
go gceanglófaí leis an iarraidh ar an údarás iarrtha gníomhú ar bhealach a sháródh an dlí náisiúnta; |
(c) |
d’fhéadfadh cumarsáid den fhaisnéis ábhartha dochar a dhéanamh do shlándáil na dlínse a ndírítear an iarraidh chuici, go háirithe an comhrac in aghaidh sceimhlitheoireachta nó coireanna tromchúiseacha eile; |
(d) |
d’fhéadfadh comhlíonadh na hiarrata dochar a dhéanamh don imscrúdú féin, amhail imscrúdú coiriúil, ag an údarás iarrtha nó dá ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin; |
(e) |
i gcás ina ndearnadh imeachtaí breithiúnacha a thionscnamh cheana féin i ndáil leis na gníomhaíochtaí céanna agus in aghaidh na ndaoine céanna os comhair údaráis ábhartha na dlínse ar díríodh an iarraidh sin chuici; |
(f) |
gur tugadh breithiúnas críochnaitheach cheana féin i ndáil leis na daoine céanna i leith na ngníomhaíochtaí céanna sa dlínse ar a ndírítear, ach amháin más féidir leis an údarás iarrthach a léiriú nach mbeadh an faoiseamh nó na smachtbhannaí a lorgaítear in aon imeacht arna dtionscnamh ag an údarás iarrthach den chineál céanna ná dúblálach maidir le haon fhaoiseamh nó smachtbhannaí a fhaightear i ndlínse an údaráis iarrtha. |
Ní dhiúltófar cúnamh ar an bhforas nach sárú é an cineál iompair atá faoi imscrúdú ar na dlíthe agus na rialacháin a bhaineann le margaí i gcripteashócmhainní dhlínse an údaráis iarrtha.
5. Seoladh agus próiseáil iarrataí ar chúnamh
Tuairisc ar an nós imeachta a bhaineann le hiarrataí ar chúnamh a sheoladh agus a phróiseáil.
6. Úsáidí ceadaithe faisnéise
Tuairisc ar na rialacha maidir le húsáid incheadaithe na faisnéise i gcomhréir le hAirteagal 107(5) de Rialachán (AE) 2023/1114 agus go mbeidh an fhaisnéis a sholáthraítear beartaithe chun cúraimí an údaráis iarrthaigh a chomhlíonadh chun a áirithiú go gcomhlíonfar agus go bhforfheidhmeofar na dlíthe agus na rialacháin a bhaineann le margaí i gcripteashócmhainní. Bainfear úsáid as an bhfaisnéis a mhalartaítear chun críche na gcuspóirí a leagtar amach san iarraidh ar chúnamh.
Má tá sé ar intinn ag údarás iarrthach an fhaisnéis a sholáthraítear faoi na socruithe comhair a úsáid chun aon chríche seachas an chríoch a luaitear sa roinn seo, gheobhaidh sé toiliú roimh ré ón údarás iarrtha.
7. Próiseáil sonraí pearsanta
Léiriú go ndéanfar sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir iomlán le Rialachán (AE) 2016/679.
8. Srianta rúndachta
Tuairisc ar na rialacha maidir le rúndacht aon fhaisnéise a nochtar, a fhaightear, a mhalartaítear nó a thugtar. Áireofar an méid seo a leanas sa tuairisc:
(a) |
gach faisnéis a dhéantar a mhalartú idir na húdaráis sínitheora faoi na socruithe comhair a bhaineann le dálaí gnó nó oibríochtúla nó le gnóthaí eacnamaíocha nó pearsanta eile, measfar gur faisnéis rúnda í agus beidh sí faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla, ach amháin i gcás ina sonraíonn an t-údarás iarrtha, tráth a tharchuirtear faisnéis, go bhféadfar an fhaisnéis a nochtadh, nó i gcás ina bhfuil nochtadh den sórt sin riachtanach i gcomhair imeachtaí dlíthiúla; |
(b) |
tá feidhm ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla maidir leis na daoine nádúrtha agus dlítheanacha uile a oibríonn nó a d’oibrigh do na húdaráis sínitheora. Ní fhéadfar faisnéis atá cumhdaithe ag rúndacht ghairmiúil a nochtadh d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile nó d’aon údarás eile seachas de bhua forálacha a leagtar síos le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, nó de bhua forálacha a leagtar síos i ndlíthe an tríú tír ábhartha atá coibhéiseach ar a laghad leis na forálacha sin. |
Ní nochtfar an fhaisnéis a mhalartófar d’aon údarás ná d’aon eintiteas eile ach amháin le comhaontú roimh ré ón údarás sínitheora a chuir ar fáil í.
9. Forálacha ginearálta – sainaithint pointe teagmhála
Chun comhar a éascú faoi na socruithe, ainmniú na bpointí teagmhála arna dhéanamh ag na húdaráis sínitheora.
10. Forálacha ginearálta – clásal maidir le hathbhreithniú
Athbhreithniú tréimhsiúil ag na húdaráis sínitheora ar fheidhmiú agus ar éifeachtacht na socruithe comhair d’fhonn raon feidhme nó oibriú na socruithe a leathnú nó a athrú, i gcás inar gá.
11. Forálacha ginearálta – Ilghnéitheach
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/292/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)