Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R0265

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/265 ón gCoimisiún an 7 Feabhra 2025 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/704 a mhéid a bhaineann le hathruithe riaracháin a dhéanamh ar údarú Aontais na fine táirgí bithicídeacha INSECTICIDES FOR HOME USE

C/2025/720

IO L, 2025/265, 10.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/265/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/265/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/265

10.2.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/265 ÓN gCOIMISIÚN

an 7 Feabhra 2025

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/704 a mhéid a bhaineann le hathruithe riaracháin a dhéanamh ar údarú Aontais na fine táirgí bithicídeacha ‘INSECTICIDES FOR HOME USE’

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 50(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 26 Bealtaine 2020, deonaíodh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/704 ón gCoimisiún (2) údarú Aontais, faoi uimhir EU-0021035-0000, do Agrobiothers Laboratoire chun an fhine táirgí bithicídeacha ‘INSECTICIDES FOR HOME USE’ a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid. Soláthraíonn Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin an achoimre ar shaintréithe táirge (‘AST’) le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha sin.

(2)

An 30 Samhain 2021, leasaíodh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/704 le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2109 ón gCoimisiún (3), chun athruithe riaracháin a dhéanamh ar údarú Aontais na fine táirgí bithicídeacha ‘INSECTICIDES FOR HOME USE’, i gcomhréir le hAirteagal 50(2) agus Airteagal 50(3), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(3)

An 24 Lúnasa 2022, 5 Eanáir 2023, 15 Feabhra 2023 agus 26 Meán Fómhair 2023 i gcomhréir le hAirteagal 11(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 354/2013 (4), chuir Agrobiothers Laboratoire tuilleadh fógraí maidir le hathruithe riaracháin ar an údarú Aontais le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha ‘INSECTICIDES FOR HOME USE’ faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’), athruithe atá taifeadta sa Chlár do Tháirgí Bithicídeacha faoi chás-uimhreacha BC-RR079365-04, BC-TJ083601-30, BC-GR084556-13 agus BC-FT088928-97. Baineann na hathruithe atá beartaithe agus faoinar tugadh fógra le ceithre thrádainm a chur leis an údarú, dhá thrádainm a athrú agus dhá thrádainm gnó a bhaint de.

(4)

An 3 Deireadh Fómhair 2022 (5), an 2 Feabhra 2023 (6), an 9 Márta 2023 (7) agus an 19 Deireadh Fómhair 2023 (8), chuir an Ghníomhaireacht faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 11(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 354/2013, tuairimí maidir leis na hathruithe riaracháin faoinar tugadh fógra ar an údarú Aontais le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha ‘INSECTICIDES FOR HOME USE’, in éineacht le hachoimre athbhreithnithe ar shaintréithe an táirge bhithicídigh. Sna tuairimí sin, tagann an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán ar an gconclúid gur athruithe riaracháin iad na hathruithe atá beartaithe dá dtagraítear in Airteagal 50(3), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 agus mar a shonraítear i dTeideal 1, Roinn 1, den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 354/2013, agus go gcomhlíonfar coinníollacha Airteagal 19 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 528/2012 i gcónaí, tar éis na hathruithe a chur chun feidhme.

(5)

An 19 Deireadh Fómhair 2023, tharchuir an Ghníomhaireacht an achoimre athbhreithnithe ar shaintréithe an táirge bhithicídigh maidir leis an údarú Aontais le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha ‘INSECTICIDES FOR HOME USE’ chuig an gCoimisiún i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais agus cumhdaíodh inti na hathruithe riaracháin ar fad arna n-iarraidh, i gcomhréir le hAirteagal 11(6) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 354/2013.

(6)

Comhaontaíonn an Coimisiún leis an tuairim ón nGníomhaireacht agus dá bhrí sin, measann sé gurb iomchuí an t- údarú Aontais le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha ‘INSECTICIDES FOR HOME USE’ a leasú chun na hathruithe riaracháin a d'iarr Agrobiothers Laboratoire a thabhairt isteach.

(7)

Ach amháin i gcás na leasuithe a bhaineann leis na hathruithe riaracháin, fanann gach faisnéis shubstainteach a áirítear san achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh ‘INSECTICIDES FOR HOME USE’, mar a leagtar amach iad in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/704, gan athrú.

(8)

Chun soiléireacht a fheabhsú agus chun rochtain a éascú d'úsáideoirí agus do pháirtithe leasmhara ar an leagan comhdhlúite den achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh atá le foilsiú ag an nGníomhaireacht, ba cheart Iarscríbhinn iomlán nua a chur in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/704. De thairbhe athrú ar an bhformáid a úsáidtear chun an achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh a ghiniúint sa Chlár do Tháirgí Bithicídeacha in 2024, ba cheart mionathruithe eagarthóireachta agus mionathruithe ar an leagan amach a bheith san achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh san Iarscríbhinn sin.

(9)

Mar sin de, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/704 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/704.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Feabhra 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 167, 27.6.2012, lch. 1; ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/528/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/704 ón gCoimisiún an 26 Bealtaine 2020 lena ndeonaítear údarú Aontais le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha ‘INSECTICIDES FOR HOME USE’ (IO L 164, 27.5.2020, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/704/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2109 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/704 chun athruithe riaracháin a dhéanamh ar údarú Aontais na fine táirgí bithicídeacha INSECTICIDES FOR HOME USE’ (IO L 429, 1.12.2021, lch. 99, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/2109/oj).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 354/2013 ón gCoimisiún an 18 Aibreán 2013 maidir le hathruithe ar tháirgí bithicídeacha arna n-údarú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 109, 19.4.2013, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/354/oj).

(5)  Tuairim Uimh. UAD-C-1614316-40-00/F ó ECHA an 3 Deireadh Fómhair 2022 maidir leis an athrú riaracháin ar údarú Aontais na fine táirgí bithicídeacha: INSECTICIDES FOR HOME USE, https://echa.europa.eu/opinions-on-union-authorisation.

(6)  Tuairim Uimh. UAD-C-1642252-38-00/F ó ECHA an 2 Feabhra 2023 maidir leis an athrú riaracháin ar údarú Aontais na fine táirgí bithicídeacha: INSECTICIDES FOR HOME USE, https://echa.europa.eu/opinions-on-union-authorisation.

(7)  Tuairim Uimh. UAD-C-1648354-23-00/F ó ECHA an 9 Márta 2023 maidir leis an athrú riaracháin ar údarú Aontais na fine táirgí bithicídeacha: INSECTICIDES FOR HOME USE, https://echa.europa.eu/opinions-on-union-authorisation.

(8)  Tuairim Uimh. UAD-C-1689543-18-00/F ó ECHA an 19 Deireadh Fómhair 2023 maidir leis an athrú riaracháin ar údarú Aontais na fine táirgí bithicídeacha: INSECTICIDES FOR HOME USE, https://echa.europa.eu/opinions-on-union-authorisation.


IARSCRÍBHINN

ACHOIMRE AR SHAINTRÉITHE AN TÁIRGE LE hAGHAIDH TACAR TÁIRGÍ BITHICÍDEACHA

INSECTICIDES FOR HOME USE

Cineál nó cineálacha táirge

PT18: Feithidicídí, acairicídí agus táirgí chun artrapóid eile a shrianadh

Uimhir an údaraithe EU-0021035-0000

Uimhir sócmhainne R4BP EU-0021035-0000

CUID I

AN CHÉAD LEIBHÉAL FAISNÉISE

1.   FAISNÉIS RIARACHÁIN

1.1.   Ainm an tacair

Ainm

INSECTICIDES FOR HOME USE

1.2.   Cineál nó cineálacha táirge

Cineál nó cineálacha táirge

PT18: Feithidicídí, acairicídí agus táirgí chun artrapóid eile a shrianadh

1.3.   Sealbhóir an údaraithe

Ainm agus seoladh shealbhóir an údaraithe

Ainm

Agrobiothers Laboratoire

Seoladh

ZI Route des Platières 71290 CUISERY FR

Uimhir an údaraithe

 

EU-0021035-0000

Uimhir sócmhainne R4BP

 

EU-0021035-0000

Dáta an údaraithe

 

16.06.2020

Dáta éaga an údaraithe

 

31.05.2030

1.4.   Monaróir/monaróirí an táirge

Ainm an mhonaróra

AGROBIOTHERS LABORATOIRE

Seoladh an mhonaróra

ZI Les Platières 71290 Cuisery An Fhrainc

Suíomh na láithreán monaraíochta

AF3

16 Rue de l oberwald 68360 Soultz An Fhrainc

1.5.   Monaróir/monaróirí na substainte gníomhaí nó na substaintí gníomhacha

Substaint ghníomhach

Permetrinas

Ainm an mhonaróra

Tagros Chemicals india Ltd. (Art.95 List: LIMARU NV (Acting for Tagros Chemicals India Private Limited)

Seoladh an mhonaróra

Jhaver Centre, Rajah Annamalai Bldg., IV floor 72 Marshal s road Egmore 600008 Chennai An India

Suíomh na láithreán monaraíochta

Tagros Chemicals india Ltd. (Art.95 List: LIMARU NV (Acting for Tagros Chemicals India Private Limited)

A-4/1&2, Sipcot Industrial Complex, Pachayankuppam Cuddalore 607 005 Tamilnadu An India


Substaint ghníomhach

S-Methoprene

Ainm an mhonaróra

Babolna bio Ltd.

Seoladh an mhonaróra

Szallas u.6 H- 1107 Budapest An Ungáir

Suíomh na láithreán monaraíochta

Babolna bio Ltd.

Szallas u.6 H- 1107 Budapest An Ungáir

2.   COMHDHÉANAMH AGUS FOIRMLIÚ AN TACAIR TÁIRGÍ

2.1.   Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil faoi chomhdhéanamh an tacair

Gnáthainm

Ainm IUPAC

Feidhm

Uimhir CAS

Uimhir CE

Cion (%)

Permetrinas

3-fenoksibenzil (1RS,3RS;1RS,3SR)-3-(2,2-dichlorvinil)-2,2-dimetilciklopropankarboksilatas

substaint ghníomhach

52645-53-1

258-067-9

0,177 - 0,177 % (w/w)

S-Methoprene

Isopropyl-(2E,4E,7S)-11-methoxy-3,7,11-trimethyl-2,4-dodecadienoate

substaint ghníomhach

65733-16-6

 

0,00225 - 0,00225 % (w/w)

Propan-2-ol

Propan-2-ol

Substaint neamhghníomhach

67-63-0

200-661-7

3,33475 - 3,33475 % (w/w)

n-butane

n-butane

Substaint neamhghníomhach

106-97-8

203-448-7

63,458 - 63,458 % (w/w)

propane

propane

Substaint neamhghníomhach

74-98-6

200-827-9

16,271 - 16,271 % (w/w)

isobutane

isobutane

Substaint neamhghníomhach

75-28-5

200-857-2

4,068 - 4,068 % (w/w)

2.2.   Cineál/cineálacha foirmlithe

Cineál nó cineálacha foirmlithe

AE Dáileoir aerasól

CUID II

AN DARA LEIBHÉAL FAISNÉISE MEITEA-SPC(ANNA)

1.   MEITEA-SPC 1 FAISNÉIS RIARACHÁIN

1.1.   MEITEA-SPC 1 aitheantóir

Aitheantóir

SPRAE BAILE FEITHIDICÍDÍ

1.2.   Iarmhír na huimhreach údaraithe

Uimhir

1-1

1.3.   Cineál nó cineálacha táirge

Cineál nó cineálacha táirge

PT18: Feithidicídí, acairicídí agus táirgí chun artrapóid eile a shrianadh

2.   COMHDHÉANAMH META SPC 1

2.1.   Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil faoi chomhdhéanamh meitea-SPC 1

Gnáthainm

Ainm IUPAC

Feidhm

Uimhir CAS

Uimhir CE

Cion (%)

Permetrinas

3-fenoksibenzil (1RS,3RS;1RS,3SR)-3-(2,2-dichlorvinil)-2,2-dimetilciklopropankarboksilatas

substaint ghníomhach

52645-53-1

258-067-9

0,177 - 0,177 % (w/w)

S-Methoprene

Isopropyl-(2E,4E,7S)-11-methoxy-3,7,11-trimethyl-2,4-dodecadienoate

substaint ghníomhach

65733-16-6

 

0,00225 - 0,00225 % (w/w)

Propan-2-ol

Propan-2-ol

Substaint neamhghníomhach

67-63-0

200-661-7

3,33475 - 3,33475 % (w/w)

n-butane

n-butane

Substaint neamhghníomhach

106-97-8

203-448-7

63,458 - 63,458 % (w/w)

propane

propane

Substaint neamhghníomhach

74-98-6

200-827-9

16,271 - 16,271 % (w/w)

isobutane

isobutane

Substaint neamhghníomhach

75-28-5

200-857-2

4,068 - 4,068 % (w/w)

2.2.   Cineál/cineálacha foirmlithe meitea-SPC 1

Cineál nó cineálacha foirmlithe

AE Dáileoir aerasól

3.   RÁITIS GHUAISE AGUS RÉAMHCHÚRAIM MEITEA-SPC 1

Ráitis ghuaise

H222 : Aerasól fíor-inadhainte, H229 : Coimeádán brúchóirithe: D’fhéadfadh sé pléascadh dá dtéifí é

H229: Coimeádán brúchóirithe: D’fhéadfadh sé pléascadh dá dtéifí é

H304: D’fhéadfadh sé a bheith marfach má shlogtar é agus má théann sé isteach sna haerbhealaí.

H319: Ina chúis le greannú tromchúiseach don tsúil.

H410: An-tocsaineach don saol uisceach, le héifeachtaí fadtréimhseacha.

EUH208: PERMETHRIN ann. D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le frithghníomhú ailléirgeach.

Ráitis réamhchúraim

P101: Más gá comhairle liachta, bíodh coimeádán nó lipéad an táirge ina aice láimhe.

P102: Coimeád as aimsiú leanaí.

P103: Léigh go cúramach agus lean na treoracha go léir.

P210: Coimeád amach ó theas, dromchlaí te, spréacha, lasracha oscailte agus foinsí adhainte eile. Ná caitear tobac.

P211: Ná spraeáil ar lasair gan chosaint ná ar fhoinse eile adhainte.

P251: Ná toll agus ná dóigh, fiú tar éis úsáide.

P264: Nigh lámha go lánchúramach tar éis láimhsithe.

P305+P351+P338: I gCÁS TEAGMHÁIL LEIS NA SÚILE: Sruthlaítear go faichilleach le huisce ar feadh roinnt nóiméad. Bain amach lionsaí tadhaill, má tá siad á gcaitheamh agus más féidir iad a bhaint amach go héasca. Lean leis an sruthlú.

P337+P313: Má mhaireann an greannú súile: Faigh comhairle/cúram liachta.

P410+P412: Cosain ó sholas na gréine. Ná nocht do theocht níos airde ná 50 °C/122 °F.

P411: Stóráil ag teocht nach airde ná 40 °C/104 °F.

P273: Ná scaoiltear amach sa chomhshaol.

P391: Bailigh doirteadh.

P501: Diúscair ábhar i gcomhréir le rialachán áitiúil.

4.   ÚSÁID/ÚSÁIDÍ ÚDARAITHE MEITEA-SPC

4.1.   Tuairisc úsáide

Tábla 1

Sprae baile feithidicídí

An cineál táirge

PT18: Feithidicídí, acairicídí agus táirgí chun artrapóid eile a shrianadh

I gcás inarb ábhartha, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe

-

Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha)

Ainm eolaíoch: Ctenocephalides felis

Gnáthainm: - dreancaidí

Céim na forbartha: larbhaí

Ainm eolaíoch: Ctenocephalides felis

Gnáthainm: - dreancaidí

Céim na forbartha: aosaigh

Ainm eolaíoch: Ixodes ricinus

Gnáthainm: - sceartáin

Céim na forbartha: -

Ainm eolaíoch: Rhipicephalus sanguineus

Gnáthainm: - sceartáin

Céim na forbartha: -

Réimse (nó réimsí) úsáide

úsáid laistigh

Cóireáil dhírithe do throscán neamh-in-nite agus teicstílí baile amhail cairpéid, mataí, cathaoireacha uilleacha.

Modh (nó modhanna) úsáide

Airí modha: spraying

Tuairisc mhionsonraithe ar an airí:

Tar éis an dromchla atá le cóireáil a fholúsghlanadh, spraeáiltear an táirge ag achar 30cm.

Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe

Ráta úsáide: Cóireáil sprae 1.3 soicind in aghaidh gach 1m2 (2,1g/m2).

Airí uainithe:

An t-íos-aga idir dhá chóireáil ná 6 mhí.

Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí

an pobal i gcoitinne (neamhghairmiúil)

Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta

Canna aerasóil stánphláta le cumhdach inmheánach déanta as laicear eapocsach feanólach cosantach (250mL nó 500mL).

Canna aerasóil stánphláta gan cumhdach inmheánach (300mL).

4.1.1.   Treoracha úsáidsonracha úsáide

Féach an treoir ghinearálta úsáide

4.1.2.   Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca

Féach an treoir ghinearálta úsáide

4.1.3.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

Féach an treoir ghinearálta úsáide

4.1.4.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte

Féach an treoir ghinearálta úsáide

4.1.5.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála

Féach an treoir ghinearálta úsáide

5.   TREORACHA GINEARÁLTA ÚSÁIDE MAIDIR LE MEITEA-SPC 1

5.1.   Treoracha úsáide

Úsáidtear an táirge le haghaidh cóireáil dhírithe troscán neamh-in-nite agus teicstílí baile amhail cairpéid, mataí, cathaireacha uilleacha.

Léitear an lipéad nó an bileog i gcónaí roimh úsáid agus cloítear leis na treoracha uile a chuirtear ar fáil.

Cloítear leis na dáileoga molta feidhmithe.

Éifeachtúlacht iarmharach suas le 6 mhí a fhéadtar a ísliú i gcás gnáthghlanadh (mar shampla folúsghlanadh ar chairpéid) nó úsáid fhairsing as na dromchlaí (mar shampla siúl cuimilt...).

I gcás inmhíolú leanúnach, bain úsáid as táirgí malartacha ina bhfuil substaintí gníomhacha a bhfuil modh gníomhaíochta difriúil acu chun friotaíocht a sheachaint. Is é an aidhm atá leis seo ná na cinn frithsheasmhacha a bhaint den daonra.

Má leantar den inmhíolú in ainneoin na dtreoracha ar an lipéad/mbileog, déantar teagmháil le gairmí rialaithe lotnaidí.

Ná húsáid ar chait ná ar ainmhithe eile ná ar chiseáin pheata do chait.

Cuirtear an sealbhóir údaraithe ar an eolas más cóireáil neamhéifeachtach atá ann.

5.2.   Bearta maolaithe riosca

Ná húsáidtear ar dhromchlaí agus teicstílí in-fhliuchghlanta.

Ná glantar troscán le héadaigh ceirtíní teasa agus ná déantar fliuchghlanadh ar chairpéid ná mataí, d’fhonn sceitheadh isteach sa chóras séarachais a sheachaint.

Baintear gach bia, beatha agus deoch roimh chóireáil.

Ná húsáidtear ar dhromchlaí agus áiseanna in aice láimhe nó atá dóchúil a bheith i dteagmháil le bia, beatha agus deochanna.

Seachnaítear teagmháil leis na súile.

Tar éis spraeála, fágtar an seomra agus fág ar feadh uair chloig le haghaidh gníomhaithe roimh aeráil.

Baintear nó clúdaigh gairdíní buidéil, uisceadán agus caighin ainmhithe roimh fheidhmiú.

Múchtar scagaire aeir an uisceadáin le linn spraeála.

Coinnigh cait ar shiúl ó dhromchlaí cóireáilte. Is féidir leis an táirge bheith ina chúis le frithghníomhartha díobhálacha tromchúiseacha i gcait, mar gheall ar a n-íogaireacht ar leith do sármheitrin.

Coinnítear leanaí agus peataí ar shiúl le linn cóireála.

5.3.   Sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

Ionanálú: Tógtar an t-íospartach chun aeir úir agus coinnítear i mbun sosa i suíomh leathshuite. Iarr comhairle sláinte láithreach má tharlaíonn siomptóimm agus/nó má ionanálaítear cainníochtaí móra.

Tadhall leis na súile: Comhréitear láithreach le neart uisce, agus ardaítear na caipíní súile uachtair agus íochtair ó am go ham. Déan seiceáil le haghaidh agus bain aon lionsaí tadhaill más éasca sin a dhéanamh. Leantar lena sruthlú le huisce bogthe ar feadh deich nóiméad ar a laghad. Faightear cúram míochaine láithreach má leantar de ghreannú nó lagú radhairc.

Tadhall le craiceann: Baintear na héadaí agus na bróga éillithe. Glantar an craiceann éillithe le huisce. Déantar teagmháil le speisialtóir cóireála nimhe má tharlaíonn siomptóim.

Tadhall leis an mbéal: Sruthlaítear an béal le huisce. Déantar teagmháil le speisialtóir cóireála nimhe láithreach má tharlaíonn siomptóim agus/nó i gcás tadhall béil le cainníochtaí móra.

Ná tugtar leachtanna ná ná cothaítear urlacan i gcás comhfhios lagaithe; cuir sa luí téarnaimh agus iarr comhairle mhíochaine láithreach.

Coinnítear an coiméadán nó an lipéad ar láimh.

Féadfaidh sármheitrin a bheith contúirteach do chait. Má thugtar comharthaí nimhithe faoi deara, déan teagmháil le tréidlia láithreach agus taispeáin an paicéad dó/di.

Féadfaidh sé go gcothóidh pireatróidí paraestéise (dó agus drithlíní sa chraiceann gan ghreannú). Má leantar de na siomptóim: Faigh comhairle liachta.

5.4.   Treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte

Ná sceitear an táirge neamhúsáidte ar an talamh, isteach i gcúrsaí uisce, i bpíobáin (doirteal, leithris ...) ná síos draenacha.

Diúscair an táirge neamhúsáidte agus a phacáistiú agus an fuílleach uile eile de réir na rialachán áitiúil.

5.5.   Coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála

Seilfré: 24 mí.

Ná stóráiltear ag teocht os cionn 40 °C.

Ná nochtaítear go díreach don ghrian.

Cosain ón sioc.

6.   FAISNÉIS EILE

7.   AN TRÍÚ LEIBHÉAL FAISNÉISE: TÁIRGÍ AONAIR I MEITEA-SPC 1

7.1.   Trádainm (nó trádainmneacha), uimhir údaraithe agus comhdhéanamh sonrach gach táirge aonair

Trádainm/trádainmneacha

FRONTLINE PET CARE SPRAY INSECTICIDE ET ACARICIDE POUR L’HABITAT

Réimse margaidh: AE

SPRAY ANTIPARASITAIRE POUR L’HABITAT 300 ML FRISKIES

Réimse margaidh: AE

INSECTICIDE HABITAT/ HOME VETOCANIS

Réimse margaidh: AE

FRONTLINE HOMEGARD SPRAY INSECTICIDE ET ACARICIDE POUR L’HABITAT

Réimse margaidh: AE

INSECTICIDE HABITAT/ HOME VITALVETO

Réimse margaidh: AE

SPRAY INSECTICIDE POUR L’HABITAT VITALVETO / INSECTICIDE HOUSEHOLD SPRAY VITALVETO

Réimse margaidh: AE

SPRAY INSECTICIDE POUR L’HABITAT VETOCANIS / INSECTICIDE HOUSEHOLD SPRAY VETOCANIS

Réimse margaidh: AE

BEAPHAR SPRAY POUR L’HABITAT INSECTICIDE

Réimse margaidh: AE

BEAPHAR OMGEVINGSSPRAY BINNEN INSECTICIDE

Réimse margaidh: AE

BEAPHAR UMGEBUNGSSPRAY INNEN INSECTICIDE

Réimse margaidh: AE

FRONTLINE HOMEGARD Husholdningsspray med insekticid og acaricid

Réimse margaidh: AE

FRONTLINE HOMEGARD Insecticide and acaricide household spray

Réimse margaidh: AE

FRONTLINE HOMEGARD Hyönteisten ja punkkien torjuntasuihke kotitalouksille

Réimse margaidh: AE

FRONTLINE HOMEGARD insektizides und akarizides Haushaltsspray

Réimse margaidh: AE

FRONTLINE HOMEGARD Spray Εντομοκτόνο και ακαρεοκτόνο σπρέι οικιακής χρήσης

Réimse margaidh: AE

FRONTLINE HOMEGARD Spray insetticida e acaricida per l’ambiente domestico

Réimse margaidh: AE

FRONTLINE HOMEGARD Insecticide en acaricidespray voor huishoudelijk gebruik

Réimse margaidh: AE

FRONTLINE HOMEGARD Husholdningsspray med insekticid og acaricid

Réimse margaidh: AE

FRONTLINE HOMEGARD INSETICIDA E ACARICIDA EM SPRAY PARA USO DOMÉSTICO

Réimse margaidh: AE

FRONTLINE HOMEGARD Hushållspray med insekticid och akaricid

Réimse margaidh: AE

PECUSANOL CASA Spray Inseticida para uso doméstico

Réimse margaidh: AE

FLEA FREE omgevingsspray combo binnen insecticide

Réimse margaidh: AE

BOGAPROTECT INSEKTIZIDES UMGEBUNGSSPRAY

Réimse margaidh: AE

INSECTICIDE HABITAT CLÉMENT THÉKAN SPRAY ENVIRONNEMENT

Réimse margaidh: AE

Uimhir an údaraithe

 

EU-0021035-0001 1-1

Gnáthainm

Ainm IUPAC

Feidhm

Uimhir CAS

Uimhir CE

Cion (%)

Permetrinas

3-fenoksibenzil (1RS,3RS;1RS,3SR)-3-(2,2-dichlorvinil)-2,2-dimetilciklopropankarboksilatas

substaint ghníomhach

52645-53-1

258-067-9

0,177 % (w/w)

S-Methoprene

Isopropyl-(2E,4E,7S)-11-methoxy-3,7,11-trimethyl-2,4-dodecadienoate

substaint ghníomhach

65733-16-6

 

0,00225 % (w/w)

Propan-2-ol

Propan-2-ol

Substaint neamhghníomhach

67-63-0

200-661-7

3,33475 % (w/w)

n-butane

n-butane

Substaint neamhghníomhach

106-97-8

203-448-7

63,458 % (w/w)

propane

propane

Substaint neamhghníomhach

74-98-6

200-827-9

16,271 % (w/w)

isobutane

isobutane

Substaint neamhghníomhach

75-28-5

200-857-2

4,068 % (w/w)


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/265/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top