Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R0261

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/261 ón gCoimisiún an 10 Feabhra 2025 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

C/2025/555

IO L, 2025/261, 11.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/261/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 16/09/2025

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/261/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/261

11.2.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/261 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Feabhra 2025

lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (an bun-Rialachán), agus go háirithe Airteagal 9(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Tionscnamh

(1)

An 20 Nollaig 2023, thionscain an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) imscrúdú frithdhumpála i ndáil le hallmhairí bithdhíosail de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tír lena mbaineann’ nó ‘an tSín’) ar bhonn Airteagal 5 den bhun-Rialachán. D’fhoilsigh sé Fógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2) (‘an Fógra Tionscnaimh’).

(2)

Thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú tar éis don Bhord Bithdhíosail Eorpach (‘an gearánach’ nó ‘EBB’) gearán a dhéanamh an 7 Samhain 2023. Rinneadh an gearán thar ceann thionscal bithdhíosail an Aontais de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán. Ba leor an fhianaise sa ghearán maidir le dumpáil agus díobháil ábhartha dá thoradh sin chun údar a thabhairt le tionscnamh an imscrúdaithe.

(3)

Tá allmhairí bithdhíosail faoi réir bearta frithdhumpála faoi láthair nuair is de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá (‘SAM’) (3) iad agus faoi réir bearta frithchúitimh nuair is de thionscnamh na hAirgintíne (4), na hIndinéise (5) nó SAM (6) iad.

1.2.   Bearta sealadacha

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 19a den bhun-Rialachán, an 19 Iúil 2024, thug an Coimisiún achoimre ar na dleachtanna beartaithe do na páirtithe, agus thug sé sonraí dóibh faoi ríomh na gcorrlach dumpála agus na gcorrlach ar leor iad chun deireadh a chur leis an díobháil do thionscal an Aontais. Iarradh ar na páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt maidir le cruinneas na ríomhanna laistigh de 3 lá oibre. Chuir gach táirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte barúlacha isteach maidir le cruinneas ríomhanna an chorrlaigh dumpála. Bhain na barúlacha sin, áfach, leis an modheolaíocht a d’úsáid an Coimisiún seachas le hearráidí cléireachais. Dá bhrí sin, chuir an Coimisiún na páirtithe ar an eolas go dtabharfaí aghaidh ar a mbarúlacha ag céim chinntitheach an imscrúdaithe. Tharraing táirgeoir onnmhairiúcháin amháin aird ar earráid maidir le foirmle na gcostas iar-allmhairiúcháin. Shoiléirigh an Coimisiún nach raibh aon earráid san fhoirmle ach amháin i gceannteideal míniúcháin.

(5)

An 16 Lúnasa 2024, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2163 (7), d’fhorchuir an Coimisiún dleachtanna frithdhumpála sealadacha ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an Rialachán sealadach’).

1.3.   An nós imeachta ina dhiaidh sin

(6)

Tar éis nochtadh na mbunfhíoras agus na mbunbhreithnithe ar ar a mbonn a forchuireadh dleacht frithdhumpála shealadach (‘an nochtadh sealadach’), chuir an gearánach, Neste, an táirgeoir de chuid an Aontais, Chane, an soláthraí stórála bithbhreosla Eorpach, Quatra N.V., an bailitheoir Eorpach ola cócaireachta úsáidte (‘OCÚ’) Comhlachas Tráchtála Allmhaireoirí agus Onnmhaireoirí Miotal, Mionraí agus Ceimiceán na Síne (‘CCCMC’) (8) agus trí tháirgeoir onnmhairiúcháin shampláilte na Síne aighneachtaí i scríbhinn isteach lenar cuireadh a dtuairimí in iúl maidir leis na torthaí sealadacha laistigh den sprioc-am dá bhforáiltear le hAirteagal 2(1) den Rialachán sealadach.

(7)

Tugadh deis chainte do na páirtithe a d’iarr éisteacht. Reáchtáladh éisteachtaí (9) leis an ngearánach, Neste, an táirgeoir de chuid an Aontais, EcoCeres, an táirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte Síneach, CCCMC, allmhaireoir comhlachaithe (Excellence New Energy B.V.) agus leis an soláthraí stórála bithbhreosla Eorpach, Chane.

(8)

Tar éis an nochta shealadaigh, chuir dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin chomhoibríocha neamhshampláilte an Coimisiún ar an eolas faoi mhionearráidí ina n-ainmneacha mar a liostaítear in Iarscríbhinn 1. Rinne an Coimisiún scrúdú ar na maímh agus cheartaigh sé ainmneacha na gcuideachtaí dá réir.

(9)

Lean an Coimisiún air ag lorg agus ag fíorú na faisnéise uile a mheas sé a bheith riachtanach dá dtorthaí críochnaitheacha. Agus an Coimisiún ag teacht ar a thorthaí cinntitheacha, mheas sé na barúlacha a chuir na páirtithe leasmhara isteach agus rinne sé athbhreithniú ar a chonclúidí sealadacha i gcás inarbh iomchuí.

(10)

Chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara uile ar an eolas maidir leis na bunfhíorais agus na bunbhreithnithe ar ar a mbonn a raibh sé beartaithe aige dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchur ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh na Síne (‘an nochtadh deiridh’). Tugadh tréimhse do na páirtithe leasmhara uile ina raibh siad in ann a barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh.

(11)

Níor iarr aon pháirtí leasmhar éisteacht le seirbhísí an Choimisiúin ná leis an Oifigeach Éisteachta.

(12)

Mar thoradh ar an anailís ar roinnt barúlacha maidir leis an nochtadh deiridh, tháinig athruithe ar na ríomhanna dumpála agus ar na corrlaigh dumpála. An 16 Nollaig 2024, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara uile ar an eolas faoi na hathruithe trí nochtadh breise a bhí teoranta do na modhnuithe a rinneadh. Tugadh tréimhse do na páirtithe leasmhara uile ina raibh siad in ann a barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh deiridh breise.

1.4.   Sampláil

(13)

In éagmais barúlacha maidir le sampláil, deimhníodh aithrisí (7) go (24) den Rialachán sealadach.

1.5.   Scrúdú aonair

(14)

Sonraíodh in aithris (25) den Rialachán sealadach go gcinnfeadh an Coimisiún cé acu a dheonódh sé nó nach ndeonódh sé scrúdú aonair arna iarraidh ag táirgeoir onnmhairiúcháin amháin ag céim chinntitheach an imscrúdaithe.

(15)

I bhfianaise chastacht an imscrúdaithe, struchtúr an táirgeora onnmhairiúcháin a d’iarr an scrúdú aonair, mar aon leis na sprioc-amanna reachtúla is infheidhme maidir leis an imscrúdú, ba é conclúid an Choimisiúin go mbeadh ualach míchuí i gceist le scrúdú aonair agus go gcuirfeadh sé bac ar an imscrúdú a thabhairt i gcrích in am trátha agus chinn sé diúltú d’iarraidh an pháirtí ar scrúdú aonair.

1.6.   An tréimhse imscrúdúcháin agus an tréimhse faoi bhreathnú

(16)

In éagmais barúlacha maidir leis an tréimhse imscrúdaithe agus an tréimhse faoi bhreathnú, deimhníodh aithris (29) den Rialachán sealadach.

2.   AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS AN TÁIRGE COMHCHOSÚIL

2.1.   Breosla eitlíochta inbhuanaithe (‘BEI’) (10)

(17)

Ag an gcéim shealadach, ghlac an Coimisiún le breosla eitlíochta inbhuanaithe (BEI) a eisiamh ó raon feidhme an imscrúdaithe seo, mar a shonraítear in aithris (41) den Rialachán sealadach.

(18)

Tar éis an nochta shealadaigh, thug Quatra N.V. agus EBB dá n-aire go mbeifí ag teacht salach ar spriocanna inbhuanaitheachta áirithe de chuid an Aontais dá n-eiseofaí BEI ó raon feidhme an imscrúdaithe. Chuir EBB leis sin freisin á shonrú go gcuirfí borradh faoi na hacmhainneachtaí BEI atá ar na bacáin sa tSín (lena gcomhlíonfaí breis agus 200 % d’éileamh an Aontais in 2025) agus go ndíspreagfadh sé infheistíochtaí i dtáirgeadh an bhreosla sin san Aontas dá n-eiseofaí BEI. De réir EBB, bheadh sé éasca ag táirgeoirí de chuid na Síne a n-acmhainneacht táirgeachta ola glasraí hidreachóireáilte (‘OGH’) a thiontú ina táirgeadh BEI toisc go raibh na próisis táirgthe comhchosúil. Ina theannta sin, líomhain EBB dá n-eiseofaí BEI, go bhféadfaí a fhágáil go gcomhlíonfadh oibreoirí spriocanna dícharbónaithe san earnáil bóithre trí BEI ón tSín, ar breoslaí iad a chomhairtear faoi dhó i dtreo spriocanna an Aontais, seachas trí ola glasraí hidreachóireáilte/eistear meitile aigéid shailligh (OGH/EMAS) de dhéantús an Aontais (11), rud a d’fhágfadh go ndéanfaí tuilleadh díobhála do thionscal an Aontais. Ina bharúlacha tar éis an nochta deiridh, d’athdhearbhaigh EBB a bharúlacha go bhfuil acmhainneachtaí BEI sa tSín ag méadú, go bhfuil tionscal na Síne ag aistriú ó OGH go BEI agus go bhfuil níos lú infheistíochtaí á dhéanamh i dtáirgeadh BEI san Aontas.

(19)

Chuir Neste in aghaidh BEI a eisiamh ó raon feidhme na mbeart ar an bhforas go bhfuil BEI in-idirmhalartaithe agus in iomaíocht le OGH. D’áitigh sé gur bithdhíosal atá bunaithe ar hidreacarbón iad OGH agus BEI araon gan cion ocsaigine agus gur féidir saoráidí OGH a shocrú go héasca chun Eistir Hidreachóireáilte agus Aigéid Shailleacha (EHAS)-Ceirisín Pairifíneach Sintéiseach a tháirgeadh. (12) Is cineálacha bithdhíosal, ar ardleibhéal, iad OGH agus BEI araon agus dá bhrí sin tá an cuspóir bunúsach céanna acu: lena n-úsáid in earnáil an iompair ag úsáideoirí deiridh breoslaí in-athnuaite bóthair mar bhreosla neamhspleách, nó lena n-úsáid mar bhreosla cumaiscthe le díosal iontaise, agus le caighdeáin EN 590 agus EN 15940, ceadaítear (EHAS (13)) BEI i gcumaisc. I gcás Neste, ón taobh teoiriciúil agus teicniúil de, is féidir EHAS-BEI a chumasc leis an mbreosla bóthair agus a chur in ionad OGH chun críoch bhreoslaí B7 nó B30, etc. gan aon neamh-chomhoiriúnacht teicniúla. Thug sé dá aire thairis sin, faoi dhlí EDT, nach gá táirgí a bheith go hiomlán inionadaithe chun go mbeidh siad ina ‘dtáirgí comhchosúla’.

(20)

Dar le Neste, bheadh OGH agus EHAS-BEI in iomaíocht, a mhéid a ndéantar foráil le Treoracha an Aontais maidir le Fuinneamh In-athnuaite (RED (14) maidir leis an bhféidearthacht go mbeadh rogha ag na Ballstáit a bheith páirteach in úsáid a bhaint as EHAS-BEI/ BEI cumaiscthe chun na sainorduithe cumaisc maidir le hiompar de bhóthar a chomhlíonadh.

(21)

Leis an méid thuas, in éineacht le BEI a eisiamh ó na bearta, agus de dheasca na roghnaíochta i gcás tháirgeoirí de chuid na Síne 100 % dá n-acmhainneacht táirgeachta a úsáid chun EHAS-BEI a tháirgeadh, líomhnaítear go dtiocfadh rabharta BEI isteach ón tSín a rachadh in ionad OGH chun críoch na sainorduithe cumaisc maidir le bóthair, faoin gcatagóir um rogha a bheith páirteach, agus laghdú dá éis sin ar tháirgeadh EMAS, OGH agus EHAS-BEI/ BEI cumaiscthe san Aontas. Sheas Neste air maidir le pleananna na Síne le haghaidh infheistíochtaí ollmhóra sa réimse agus go mbeadh sé éasca ag táirgeoirí OGH de chuid na Síne, a tháirgeann EHAS-BEI, a n-aschur BEI a uasmhéadú agus fiú a dtáirgeadh a aistriú chun díriú ar BEI, toisc go ndéanfaí an dá tháirge a mhonarú ag an tsaoráid chéanna.

(22)

In aithris (40) den Rialachán sealadach, d’aithin an Coimisiún na hathraithis theoranta sa phróiseas táirgthe agus buntréithe fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla BEI (EHAS) vs OGH. Mar sin féin, i bhfianaise argóintí Neste agus EBB, ní féidir a mheas go bhfuil BEI in-idirmhalartaithe go réalaíoch le bithdhíosal atá ar phraghas níos ísle agus a úsáidtear in earnáil an iompair de bhóthar nó in iomaíocht le OGH/EMAS. Tugtar faoi deara gur admhaigh Neste féin go bhfuil na slabhraí dáileacháin tráchtála difriúil faoi láthair mar gheall ar na húsáideoirí deiridh difriúla’, agus ‘go dtáirgtear EHAS-BEI / BEI cumaiscthe faoi láthair lena úsáid mar bhreosla eitlíochta agus táirgtear OGH lena úsáid mar bhreosla bóthair’, agus nach rabhthas ag saothrú EHAS-BEI go gníomhach lena úsáid mar bhreosla bóthair faoi láthair ar chúiseanna tráchtála. Dá bhrí sin, dheimhnigh an Coimisiún a chonclúid go bhfuil úsáid dhifriúil ag BEI faoi láthair agus nach féidir a mheas go bhfuil sé in-idirmhalartaithe ná in iomaíocht le OGH/EMAS agus, dá bhrí sin, go bhféadfar é a eisiamh ó raon feidhme an imscrúdaithe seo.

(23)

Sna barúlacha a thug sé tar éis an nochta deiridh, d’easaontaigh Neste le conclúid an Choimisiúin thuas. Shonraigh Neste freisin, na sleachta as a gcuid ráiteas in aithris (22) thuas, gur measán de ghnéithe a bhí iontu agus nár léirigh siad teachtaireacht fhoriomlán an pháirtí. Maidir leis an meascán líomhnaithe, d’athdhearbhaigh an Coimisiún a thuairim gur aithin an páirtí féin nach raibh úsáid EHAS-BEI le haghaidh breosla bóthair á saothrú go gníomhach faoi láthair ar chúiseanna tráchtála, agus gur aithníodh é sin sa mhéid a scríobh Neste: ‘cé nach bhfuil úsáid EHAS-BEI mar bhreosla bóthair á shaothrú go gníomhach faoi láthair ar chúiseanna tráchtála, ní bhaineann sé sin le cuspóir na hanailíse seo, mar is féidir é a dhéanamh ó thaobh teicneolaíochta de.’ Mheas an Coimisiún gurb é a bhí i ráiteas Neste a luaitear dearbhú go bhfuil úsáid BEI éagsúil le húsáid OGH/EMAS faoi láthair, rud a thacaíonn le conclúid fhoriomlán an Choimisiúin in aithris (22). Mheas an Coimisiún nach bhféadfadh na tuairimí éagsúla maidir le cé acu atá nó nach bhfuil airíonna teicniúla OGH agus EMAS oiriúnach lena n-úsáid san earnáil eitlíochta (15), nach bhféadfadh na tuairimí sin a chonclúid a athrú.

(24)

Sna barúlacha a thug sé tar éis an nochta deiridh, d’athdhearbhaigh Neste gur earraí comhchosúla iad OGH agus BEI agus go bhfuil siad inmhalartaithe chun críoch na hoibleagáide maidir leis an sainordú bóthair agus d’athdhearbhaigh sé barúlacha a ndéantar achoimre orthu in aithrisí (19)-(21), agus thug sé dá aire an gá atá le táirgeadh BEI san Aontas a chosaint. Dúirt Neste freisin, an sásra um rogha a bheith páirteach dá dtagraítear in aithris (20), go ndearnadh leis an sásra sin úsáidí deiridh OGH/EMAS agus BEI de facto mar an gcéanna a mhéid is nach féidir ach le páirtithe a bhfuil oibleagáid orthu san earnáil bóthair laghduithe ar astaíochtaí a éileamh chun críoch na n-oibleagáidí maidir leis an sainordú bóthair i gcás úsáid BEI. Dúirt Neste go bhféadfadh aerlíne, agus BEI á úsáid aici, iarratas a dhéanamh ar dheimhniú maidir le laghdú ar astaíochtaí agus ticéid a fháil a dhíolfadh sí ansin le páirtithe a bhfuil oibleagáid orthu san earnáil bóthair. D’úsáidfeadh na páirtithe sin na ticéid sin chun comhlíonadh a n-oibleagáide maidir leis an sainordú bóthair a chruthú. Níor aontaigh an Coimisiún go bhfágann an cleachtas sin go bhfuil OGH agus BEI inmhalartaithe a mhéid nach n-úsáidtear OGH fisiciúil mar bhreosla bóthair faoi láthair, agus dá bhrí sin ní féidir a mheas go bhfuil sé inmhalartaithe OGH/EMAS ná go bhfuil sé in iomaíocht leis. Déantar SAF a mhargú ar leithligh ó OGH/EMAS d’úsáideoirí deiridh éagsúla, rud a threisíonn a bhfeidhmeanna éagsúla.

(25)

Sna barúlacha a thug sé tar éis an nochta deiridh, líomhain Neste gur earraí comhchosúla iad OGH agus BEI ar an bhforas gur féidir an dá rud a dhearbhú faoin gcód AC céanna, is é sin faoin gcód AC nua 2710 19 42 le haghaidh breoslaí in-athnuaite. Dhiúltaigh an Coimisiún do bharúlacha Neste toisc nach n-athraíonn aicmiú an chóid AC úsáid shainiúil BEI.

2.2.   Iarraidh ar eisiamh OGH

(26)

Ag an gcéim shealadach, dhíbh an Coimisiún maímh gur cheart OGH a eisiamh ó raon feidhme an imscrúdaithe.

(27)

Tar éis an nochta shealadaigh, d’athdhearbhaigh EcoCeres gur cheart OGH a eisiamh ó raon feidhme an imscrúdaithe trí thagairt a dhéanamh d’argóintí a frisnéiseadh a Rialachán sealadach.

(28)

Tar éis an nochta shealadaigh, d’athdhearbhaigh CCCMC gur cheart OGH a eisiamh ó raon feidhme an imscrúdaithe. Shonraigh an páirtí go bhfuil OGH ina dhíosal ionaid ardcháilíochta agus ina fhorbairt teicneolaíochta nua (i gcomparáid le EMAS) agus d’athdhearbhaigh sé ansin an bharúil in aithris (48) den Rialachán sealadach go bhfuil saintréithe fisiceacha agus ceimiceacha ag OGH atá níos cóngaraí don ghnáthdhíosal ná mar atá ag EMAS, agus an bharúil in aithris (53) den Rialachán sealadach nach féidir OGH a úsáid ach i bhfoirm íon in innill agus san fhoirm sin amháin. Luaigh CCCMC freisin úsáideadh EMAS in ionad díosail ach ar bhonn teoiriciúil amháin agus gur annamh a úsáidtear B100 (16) in ionad díosail mar gheall go bhfuil a luach calrach níos ísle (cion fuinnimh) agus toisc, go hiondúil, gur gá modhnuithe a dhéanamh ar an inneall le hghaidh B100 (agus fiú i gcás cumaisc le bithdhíosal os cionn B7 (17)). I gcás CCCMC, is eisceacht a bheadh ann B100 a úsáid, nach bhféadfadh a bheith ina tacaíocht ar son EMAS agus OGH a bheith in-idirmhalartaithe. Rud eile a bheadh ina thacaíocht ar son an easpa idirmhalartachta sin ea is go mbeadh tionchar ag bunábhair ar an íosteocht insíothlaitheachta (‘CFPP’) atá ag EMAS ach nárbh amhlaidh i gcás íosteocht insíothlaitheachta OGH. Ina theannta sin, shonraigh CCCMC nach féidir EMAS a úsáid i ngach séasúr sna Ballstáit uile agus nár cheart OGH a chur i gcomparáid le hola ráibe (18) (agus léi sin amháin), mar a dhéantar sa Rialachán sealadach, ach gur cheart é a chur i gcomparáid le cineálacha eile bithbhreoslaí freisin. Shonraigh CCCMC nár sholáthair an Coimisiún aon fhianaise ar an ráiteas uaidh go measann an margadh gur breoslaí malartacha inbhuanaithe iad EMAS agus OGH d’innill díosail in earnáil an iompair. Mheabhraigh CCCMC seasamh an Choimisiúin i ndíospóid a bhain le hola pailme ón Malaeisia (DS600 (19)) ar dá réir a raibh imní ar cumascóirí faoi na bithbhreoslaí a bhíonn á gcumasc acu, agus gurbh é a chonclúid ansin go raibh imní ar thomhaltóirí deiridh faoi na bunábhair a úsáidtear sa táirgeadh bithbhreosla agus faoi luach na híosteochta insíothlaitheachta freisin.

(29)

Dhíbh an Coimisiún na maímh thuas ó CCCMC. Ní bhaineann sé le hábhar gur bhain OGH margaí amach níos déanaí ná EMAS. Tugadh aghaidh ar na barúlacha in aithrisí (48) agus (53) den Rialachán sealadach agus díbheadh iad sa doiciméad céanna. Maidir leis an líomhain go n-úsáidtear EMAS go coitianta i gcumaisc, ní dochar ar bith é sin don fhíoras gur fíor-rogha mhalartach é B100 in earnáil an iompair atá comhoiriúnach le formhór na n-inneall EURO VI (20), mar a aithníonn speisialtóirí in earnáil an iompair iad féin. Murab ionann agus an méid a thug CCCMC faoi deara, ní gá modhnuithe a dhéanamh ar an inneall i gcónaí i gcás feithiclí atá comhoiriúnach le haon chumasc os cionn B7, mar a léirítear, mar shampla, le liosta fada feithiclí is féidir a rith ar B10 (21) sa Fhrainc. Tá EMAS in-idirmhalartaithe le OGH toisc gur féidir EMAS a úsáid ina fhoirm íon agus i gcumaisc sna séasúir uile i gcás ina gceartaítear a íosteocht insíothlaitheachta le breiseáin agus/nó le comhpháirteanna eile nuair is gá agus a mhéid is gá. Fiú má chomhaontaíonn an Coimisiún leis go bhfuil imní ar chumascóirí faoi shaintréithe an bhithdhíosail a láimhseáiltear, ní dhéanann sé sin dochar d’inmhalartacht EMAS agus OGH. Ní mór do chumascóirí a chinntiú go gcomhlíonann an t-aschur críochnaitheach ag an gcaidéal caighdeáin agus ceanglais eile, ach ní mór dóibh a mheas fós gur táirgí cineálacha (ó thaobh airíonna/sonraíochtaí fisiceacha de) iad EMAS agus OGH, d’aon tionscnamh). (22) Thug an Coimisiún dá aire, i ndíospóid DS600, gur é an fhoclaíocht atá sa tuarascáil ón bPainéal go bhfuil na hairíonna nó na húsáidí deiridh comhchosúla nó céanna ag eistear meitile ola pailme (PME) (23), ola ráibe (RME) agus eistear meitile pónaire soighe (EMPS) (i.e. EMAS atá déanta as ola pailme, ola ráibe agus ola pónaire soighe faoi seach), mar aon le OGH atá déanta as ola pailme, ola ráibe agus ola pónaire soighe, agus go measann na tomhaltóirí ábhartha go bhfuil siad an-inionadaithe. (24) Maidir leis an líomhain go bhfuil imní ar thomhaltóirí deiridh faoi bhunábhair agus faoi luach na híosteochta insíothlaitheachta, ní raibh an Coimisiún ar aon tuairim maidir lena mhéid nach mbíonn an fhaisnéis sin ar fáil go ginearálta ag stáisiúin breosla.

2.3.   Conclúid

(30)

In éagmais aon bharúil eile, deimhníodh na conclúidí ar thángthas orthu in aithrisí (30) go (57) den Rialachán sealadach.

3.   DUMPÁIL

3.1.   Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm

(31)

An 14 Lúnasa 2024, chuir an Coimisiún Jiaao ar an eolas go raibh sé beartaithe aige fíoras atá ar fáil de bhun Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm.

(32)

Sa litir maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 18 den bhun-Rialachán, mheabhraigh an Coimisiún gur chomhroinn sé le Jiaao a thuarascálacha fíorúcháin ina dtugtar tuairisc inter alia ar na saincheisteanna ar thángthas orthu le linn na gcuairteanna fíorúcháin. Níor chuir an grúpa aon easaontas in iúl maidir le cuntas na gcuairteanna fíorúcháin a taifeadadh sna tuarascálacha fíorúcháin.

(33)

Thairis sin, thug an Coimisiún chun suntais gur chuir Jiaao líon substaintiúil athbhreithnithe isteach ar tháblaí éagsúla den cheistneoir sa bhreis ar an bhfreagra tosaigh ar an gceistneoir agus ar an bhfreagra ar an litir easnaimh díreach roimh thús na cuairte fíorúcháin nó lena linn.

(34)

An rud is tábhachtaí, liostaigh an Coimisiún na neamhréireachtaí a thug sé faoi deara a mhéid a bhaineann leis na bunábhair a taifeadadh i dtaifid chuntasaíochta an ghrúpa, a fuarthas sna doiciméid a bhaineann le soláthar na mbunábhar sin, agus a tuairiscíodh sa fhreagra ar an gceistneoir, go háirithe i dtáblaí a bhaineann le ceannach amhábhair, leis an gcostas táirgthe agus le díolacháin an táirge deiridh.

(35)

De dheasca chur isteach mall na faisnéise athbhreithnithe agus thuairisciú neamhréireach na mbunábhar, cuireadh bac suntasach ar an imscrúdú. Toisc gur cuireadh faisnéis athbhreithnithe isteach ag céim dheireanach den imscrúdú, cuireadh cosc ar an gCoimisiún scrúdú ceart a dhéanamh ar na sonraí a cuireadh isteach, lena n-áirítear anailís ar chomhsheasmhacht inmheánach na faisnéise a cuireadh isteach i leith codanna éagsúla den fhreagra ar an gceistneoir. Ós rud é nár thuairiscigh an grúpa na bunábhair iarbhír a úsáideadh sa táirgeadh bithdhíosail, ach ina áit sin, gur cosúil gur leaththáirgí de thoradh an táirgthe sin a bhí i gceist le cuid mhór den mhéid a thuairiscigh siad, bhí sé dodhéanta don Choimisiún a shuí cé acu ar cruthaíodh na cóid le haghaidh cineálacha táirgí i gceart agus go comhsheasmhach sna táblaí a úsáideadh chun an gnáthluach a ríomh de pháirt amháin agus i dtábla na ndíolachán den pháirt eile. Ina theannta sin, níorbh fhéidir a fhionnadh cé acu ar leithdháileadh tomhaltas na mbunábhar i gceart agus go comhsheasmhach in aghaidh an chineáil táirge. Ar deireadh, fágadh go raibh sé ag éirí níos deacra costas neamhshaofa a úsáid freisin toisc gurbh é a bhí i gcostas na n-ionchur a thuairiscigh Jiaao costas an bhunábhair agus costas na próiseála páirtí chun leaththáirge a dhéanamh.

(36)

Ar deireadh, fuarthas amach gur sholáthair ceann de chuideachtaí an ghrúpa faisnéis mhíthreorach a bhain leis na cineálacha éagsúla táirgí a mhonaraíonn an chuideachta. Tuairiscíodh táirgí áirithe ar dtús mar tháirge faoi imscrúdú. Ach le linn na cuairte fíorúcháin, mhaígh an chuideachta nach bhféadfaí cuid de na táirgí a mheas mar bhithdhíosal. Is ag an bpointe sin amháin a soláthraíodh léargas iomlán don Choimisiún ar ghníomhaíochtaí na cuideachta.

(37)

Bhí deis ag an gcuideachta barúil a thabhairt maidir leis an bhfíoras go raibh sé ar intinn ag an gCoimisiún Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm.

(38)

Ina bharúlacha maidir le litir Airteagal 18, dheimhnigh an grúpa gur doiciméadaíodh an próiseas fíorúcháin go dílis sa tuarascáil fíorúcháin. Mhaígh sé, áfach, gur thug sé míniú leormhaith ar na cúiseanna leis na neamhréireachtaí sa tuairisciú maidir le bunábhair le linn na gcuairteanna fíorúcháin agus gur ghlac an fhoireann cáis leo. D’áitigh Jiaao go diongbháilte nach raibh na heasnaimh de chineál a bheadh ina gcúis le deacracht mhíchuí chun teacht ar chorrlaigh dhumpála agus corrlaigh dhíobhála a bheadh réasúnta cruinn.

(39)

Thairis sin, mheabhraigh an grúpa gur cuireadh isteach na hathbhreithnithe a soláthraíodh díreach roimh thús na cuairte fíorúcháin i gcomhréir leis na treoracha roimh an bhfíorú. D’áitigh Jiaao thairis sin gur léirigh tuilleadh athbhreithnithe staid iarbhír na gcuideachtaí mar a thuig an Coimisiún iad agus arna n-iarraidh sin dó.

(40)

Dá bhrí sin, níor cheart don Choimisiún a mheas go gcuirtear bac suntasach ar an imscrúdú mar gheall ar an bhfaisnéis a athbhreithníodh díreach roimh an gcuairt fíorúcháin nó lena linn.

(41)

Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis na barúlacha ó Jiaao ar a dtugtar tuairisc in aithris (38). Mhínigh an grúpa a modus operandi go deimhin. Níor éirigh leis sin, áfach, na neamhréireachtaí ar a dtugtar tuairisc in aithris (35) a chur ina gceart.

(42)

A mhéid a bhaineann le faisnéis athbhreithnithe a sholáthar, mheabhraigh an Coimisiún gur chuir Jiaao 15 thábla athbhreithnithe isteach díreach roimh thús na cuairte fíorúcháin. Thairis sin, fiú tar éis dó na táblaí athbhreithnithe a fháil, bhí sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún tuilleadh athbhreithnithe a iarraidh toisc gur suíodh go raibh an fhaisnéis a cuireadh isteach fós mícheart. Dá bhrí sin, ós rud é gur bhailigh an Coimisiún an fhaisnéis athbhreithnithe agus gur thuig sé na mínithe a sholáthair an grúpa, níor fhág sé sin gur ghlac an fhoireann cáis leis an bhfaisnéis a cuireadh isteach mar fhaisnéis cheart nó leordhóthanach agus nár leigheas é sin ar an bhfaisnéis cheartaithe a bheith curtha isteach ag céim chomh deireanach sin den fhíorú nárbh fhéidir í a fhíorú ná a réiteach a thuilleadh le taifid an ghrúpa mar aon le sonraí a tuairiscíodh i gcodanna eile den fhreagra ar an gceistneoir.

(43)

Thairis sin, agus go deimhin, d’fhéadfaí corrlach díobhála a ríomh toisc gur suíodh go raibh na cineálacha táirgí a tuairiscíodh mar tháirgí a díoladh leis an Aontas comhsheasmhach leis an doiciméadacht díolachán a cuireadh isteach. Mar sin féin, maidir le páirt díobh, ní raibh siad comhsheasmhach le cineálacha táirgí ar tuairiscíodh gur táirgeadh iad. Cinneadh corrlach dumpála don ghrúpa freisin. Trí dhul ar iontaoibh fhorálacha Airteagal 18 den bhun-Rialachán, choigeartaigh an Coimisiún an costas neamhshaofa a úsáideadh chun costas amhábhar aonair an ghrúpa a ionadú, chun é a chur san áireamh gur tuairiscíodh leaththáirgí seachas na bunábhair bhunaidh agus chun gearrluacháil ar an ngnáthluach a sheachaint.

(44)

Dá réir sin, mheas an Coimisiún nár sholáthair Jiaao aon fhaisnéis ná soiléiriú breise a d’athródh conclúidí tosaigh an Choimisiúin maidir le cur i bhfeidhm na bhfíoras atá ar fáil de bhun Airteagal 18 den bhun-Rialachán. Dheimhnigh an Coimisiún cur i bhfeidhm na bhfíoras atá ar fáil a mhéid a bhaineann sé leis na bunábhair a thuairiscigh Jiaao agus leis an gcostas neamhshaofa iomchuí a chinneadh.

3.2.   Nós imeachta chun an gnáthluach a chinneadh faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán

(45)

Fuair an Coimisiún barúlacha maidir leis an réamhnochtadh agus an nochtadh sealadach, ar barúlacha iad a bhain leis na foinsí nó leis an modheolaíocht chun an costas neamhshaofa agus brabús nó ríomhanna cuideachta-shonracha an chorrlaigh dumpála a chinneadh, ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte uile agus ón ngearánach. D’athdhearbhaigh EcoCeres agus EBB a mbarúlacha in éisteachtaí. Ina theannta sin, rinne EBB aighneacht dhéanach tar éis do na sprioc-amanna uile le haghaidh barúlacha maidir leis an nochtadh sealadach a bheith dulta in éag cheana féin.

(46)

Barúlacha sin na bpáirtithe leasmhara, lena n-áirítear barúlacha déanacha ón ngearánach, tugadh aghaidh orthu go cuí sna ranna faoi seach thíos. I gcás inar bhain maímh áirithe le sonraí ó chuideachta ar leith agus nár dhócha go ndéanfaí achoimre neamhrúnda orthu, tugadh aghaidh ar mhaímh den sórt sin sna nochtaí cinntitheacha cuideachta-shonracha.

3.2.1.   Saobhadh suntasach a bheith ann

(47)

In éagmais barúlacha maidir le saobhadh suntasach a bheith san earnáil bithdhíosail de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, deimhníonn an Coimisiún a thorthaí ina leith sin mar a mhínítear a thuilleadh i roinn 3.2.1. den Rialachán sealadach.

3.2.2.   Tír ionadaíoch, agus foinsí costais neamhshaofa agus brabúis

3.2.2.1.   Tír ionadaíoch

(48)

Ina aighneacht, mheabhraigh EBB go raibh siad i bhfabhar na Brasaíle mar thír ionadaíoch, toisc nach ndearna an saobhadh margaidh difear dá margadh. D’athdhearbhaigh an páirtí, bunaithe ar a n-eolas ar an margadh, go bhfuil dinimic mhargaidh na Malaeisia comhchosúil leis an Indinéis toisc go bhforchuirtear cánacha onnmhairiúcháin feadh an tslabhra luacha bithdhíosail, mar gheall ar phraghsanna seasta an bhithdhíosail intíre, agus go leithdháiltear an margadh intíre trí chóras ceadúnas (25). Chuir EBB i leith EcoCeres thairis sin gur sholáthair sé faisnéis mhíthreorach don Choimisiún d’ainneoin eolas fónta a bheith aige ar mhargadh na Malaeisia toisc go bhfuil gléasra táirgthe sa Mhalaeisia ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin.

(49)

D’áitigh an gearánach, dá mba rud é go seasfadh an Coimisiún air gurbh í an Mhalaeisia an tír ionadaíoch a bheadh ann, gur ghá coigeartú a dhéanamh ar na tagarmharcanna le haghaidh OCÚ, eisilteach muilte ola phailme (‘EMOP’), agus costais SGA agus brabús.

(50)

D’aithin an Coimisiún go raibh an gearánach i bhfabhar na Brasaíle mar thír ionadaíoch. Ar an gcéad dul síos, fíoras ar ar thug an Coimisiún aghaidh cheana féin is ea gur rialáladh na margaí bithdhíosail trí bhearta rialtas ar fud an domhain, mar aon le líomhaintí sonracha a bhain leis an Malaeisia in aithrisí (209) go (214) den Rialachán sealadach. A mhéid a bhaineann le leithdháileadh líomhnaithe an mhargaidh intíre ar tháirgeoirí intíre trí chóras ceadúnas, níor sholáthair an páirtí aon fhianaise. Ón bhfaisnéis atá ar fáil don Choimisiún, níor léir gurbh é ba chuspóir do na ceadúnais sin an margadh a roinnt i measc líon teoranta cuideachtaí. Ina ionad sin, ba cheadúnais iad a d’eisigh údaráis na Malaeisia lena n-údaraítear do chuideachtaí gníomhaíochtaí a dhéanamh i réimse an táirgthe bithdhíosail – córas nach neamhionann é leis na húdaruithe a d’eisigh Agência Nacional do Petróleo, Gás Natural e Biocombustíveis (‘ANP’) sa Bhrasaíl. (26)

(51)

Ar an dara dul síos, níor chuir an gearánach aon fhianaise ar aghaidh lena dtabharfaí le tuiscint go mbeadh tagarmharcanna an-difriúil ann de thoradh faisnéis ón mBrasaíl a úsáid i gcás na n-eilimintí sin den ghnáthluach ríofa arbh iad is mó a bhí á bplé ag EBB ina aighneachtaí éagsúla. Mar shampla, maidir le leibhéal SGA agus brabúis den dtáirgeoirí bithdhíosail de chuid na Brasaíle bunaithe ar an bhfaisnéis airgeadais atá ar fáil sa chomhad, is comhchosúil é leis an leibhéal atá ag táirgeoirí bithdhíosail de chuid na Malaeisia. Ar an gcaoi chéanna, léiríonn faisnéis atá ar fáil go poiblí (27) go raibh praghsanna OCÚ sa Bhrasaíl le linn na tréimhse imscrúdúcháin comhchosúil leis an tagarmharc a d’úsáid an Coimisiún ag an gcéim shealadach.

(52)

Chinn an Coimisiún nach raibh aon chúis ann chun diúltú don Mhalaeisia mar thír ionadaíoch. Na maímh ó EBB a bhaineann go sonrach le tagarmharcanna aonair, tugtar aghaidh orthu sna ranna sonracha thíos.

3.2.2.2.   Tosca táirgeachta

(a)   Ola cócaireachta úsáidte (‘OCÚ’) agus Eisilteach muilte ola phailme (‘EMOP’)

(53)

Tar éis an nochta shealadaigh, chuir EcoCeres agus Zhuoyue barúlacha isteach maidir le costas neamhshaofa OCÚ agus EMOP a chinneadh. Go sonrach, mhaígh na páirtithe nach raibh údar le hallmhairí de thionscnamh na hIndinéise a eisiamh.

(54)

Ina leith sin, d’áitigh Zhuoyue nárbh amhlaidh a gineadh praghas saofa go huathoibríoch de thoradh cáin onnmhairiúcháin a bheith ann, agus gur theip ar an gCoimisiún fianaise ar shaobhadh den sórt sin a sholáthar. Chun tacú leis an argóint sin, sholáthair an grúpa samplaí de phraghsanna allmhairiúcháin OCÚ agus EMOP de thionscnamh na hIndinéise lena léiriú go raibh na praghsanna sin comhchosúil le praghsanna allmhairiúcháin an dá bhunábhar ar de thionscnamh tíortha áirithe eile iad. D’athdhearbhaigh an grúpa an maíomh sin ina bharúlacha i ndiaidh an nochta deiridh.

(55)

Thug EcoCeres chun suntais ar an gcaoi chéanna nach leor díreach cáin onnmhairiúcháin a bheith ann chun teacht ar an gconclúid gur saobhadh praghas onnmhairiúcháin OCÚ agus EMOP na hIndinéise. Ina theannta sin, thagair sé d’imscrúduithe roimhe (28) inar measadh gur tagarmharc iomchuí lena léirítear praghas an mhargaidh é praghas onnmhairiúcháin na hamhola pailme (‘CPO’) agus na hamhola eithne pailme (‘CPKO’), a raibh siad araon faoi réir cáin onnmhairiúcháin san Indinéis.

(56)

Thug an Coimisiún faoi deara gur do phraghas intíre na n-earraí faoi seach go príomha a dhéantar difear de ghnáth i gcás ina bhfuil cáin onnmhairiúcháin ann, i.e. praghas OCÚ agus EMOP ar mhargadh intíre na hIndinéise. Mar sin féin, tar éis thréimhse imscrúdúcháin an dá imscrúdú a luaitear (Deireadh Fómhair 2017 – Meán Fómhair 2018 i gcás an imscrúdaithe frith-fhóirdheontais a bhain le bithdhíosal de thionscnamh na hIndinéise, Deireadh Fómhair 2020 – Meán Fómhair 2021 i gcás an imscrúdaithe frithdhumpála a bhain le haigéid shailleacha de thionscnamh na hIndinéise), tá athrú tagtha ar an timpeallacht reachtach a bhaineann le hola pailme agus lena díorthaigh san Indinéis. Is é sin, sa tréimhse díreach roimh thréimhse imscrúdúcháin an cháis seo agus ar feadh cuid de thréimhse an cháis seo féin, thug Rialtas na hIndinéise sraith athruithe reachtacha isteach (e.g. toirmeasc onnmhairiúcháin i mí Aibreáin agus i mí na Bealtaine 2022 (29) (30), cuireadh an cháin onnmhairiúcháin ar fionraí go dtí mí Dheireadh Fómhair 2022 (31) (32), tugadh sásra isteach lena ndéanfaí leibhéal na cánach onnmhairiúcháin a choigeartú bunaithe ar fhorbairt phraghsanna domhanda na hamhola pailme i mí Lúnasa 2022 (33), rinneadh laghdú ar an tairseach lena gcumasaítear méadú ar an gcáin onnmhairiúcháin (34)) ar athruithe iad a bhféadfadh difear a bheith déanta acu do mhargadh na hola pailme agus na ndíorthach di, lena n-áirítear EMOP agus OCÚ (35), sa tréimhse shonrach sin. Níorbh fhéidir a chur as an áireamh gur fhág a mhinice a rinneadh na hathruithe reachtacha sin ina gcúis le luaineachtaí agus/nó saobhadh, a bhí sealadach ar a laghad, agus go ndearnadh difear leo sin do phraghsanna intíre na hIndinéise agus dá praghsanna onnmhairiúcháin araon, rud a fhágann dá bhrí sin, gur praghsanna mí-oiriúnacha iad sin lena n-úsáid mar thagarmharc sna tréimhsí sin sna himthosca sonracha sin agus chun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm.

(57)

Ina theannta sin, ní mór a thabhairt faoi deara gur difriúil an cuspóir eacnamaíoch atá i gceist leis na tagarmharcanna a úsáidtear sa dá imscrúdú dá dtagraíonn EcoCeres agus san imscrúdú seo, agus gur faoi chreat dlíthiúil difriúil lena mbaineann comhthéacs agus cuspóir difriúil atá na tagarmharcanna céanna. San imscrúdú frith-fhóirdheontais a bhaineann le hallmhairí bithdhíosail de thionscnamh na hIndinéise, is é tagarmharc a bhunú chun an tairbhe do na táirgeoirí a chainníochtú, an comhthéacs a bhí ann. Is é ba chuspóir don tagarmharc an praghas san Indinéis a chinneadh, arbh é an praghas sin a bheadh ann in éagmais na scéimeanna fóirdheontais a bhí i bhfeidhm le linn thréimhse imscrúdúcháin an imscrúdaithe sin, is é sin Deireadh Fómhair 2017 – Meán Fómhair 2018. Dá bhrí sin, déantar dochar don argóint a dhéanann an páirtí le cineál difriúil na n-imeachtaí (is le fóirdheontais a bhain na chéad imeachtaí), leis an gcreat dlíthiúil agus leis an gcomhthéacs dlíthiúil difriúil, mar aon leis na tréimhsí ama ábhartha difriúla. A mhéid a bhaineann leis an imscrúdú frithdhumpála ar aigéid shailleacha de thionscnamh na hIndinéise, scrúdaigh an Coimisiún cé acu an gcomhlíonann na hamhábhair atá faoi réir cáin onnmhairiúcháin na critéir maidir lena sciar den chostas táirgthe de bhun Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán. Arís, is difriúil an tréimhse imscrúdúcháin a bhí i gceist sa chás sin (Deireadh Fómhair 2020 – Meán Fómhair 2021). Ina theannta sin, san imscrúdú sonrach sin, bhí an Coimisiún ag brath ar roinnt tagarmharcanna eile freisin chun scrúdú a dhéanamh lena fháil amach ar comhlíonadh na critéir ábhartha, is é sin na critéir chun a fhionnadh an bhfuil saobhadh amhábhair ann faoin bhforáil dhifriúil sin den bhun-Rialachán. San imscrúdú faoi chaibidil, is é is cuspóir don chleachtadh praghas neamhshaofa EMOP agus OCÚ a chinneadh, arb é sin an praghas neamhshaofa atá i dtír eile seachas an Indinéis, i.e. an Mhalaeisia mar thír ionadaíoch iomchuí, de bhun Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. Thug an Coimisiún dá aire nár chuir EcoCeres aon fhianaise isteach a léirigh nach ndearna na hathruithe reachtacha éagsúla a thug Rialtas na hIndinéise isteach difear do phraghsanna na hIndinéise, agus dá bhrí sin go raibh siad, gan aon amhras, oiriúnach lena n-úsáid mar thagarmharc iomchuí de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán.

(58)

Ar deireadh, d’fhéadfadh sé nach mbeadh comparáid idir praghas allmhairiúcháin EMOP agus OCÚ de thionscnamh na hIndinéise agus praghsanna EMOP agus OCÚ de thionscnamh tríú tíortha eile ina toradh dochloíte toisc go mbíonn tionchar ag tosca iomadúla ar na praghsanna, amhail an t-achar chuig an tír thionscnaimh, cainníocht na lastas/na gconarthaí aonair, an tréimhse a seachadtar na hearraí lena linn.

(59)

Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún do mhaímh na bpáirtithe mar a shonraítear in aithrisí (53) go (55) agus dheimhnigh sé gur eisíodh earraí de thionscnamh na hIndinéise chun costas neamhshaofa OCÚ agus EMOP a chinneadh.

(60)

Ina theannta sin, mheabhraigh EcoCeres gur sholáthair sé praghsanna idirnáisiúnta OCÚ agus EMOP don Choimisiún mar a bhailigh Argus Biofuels iad. D’athdhearbhaigh an páirtí gur chuir sé an fhaisnéis sin isteach i bhfianaise chainníochtaí allmhairiúcháin réasúnta teoranta an dá bhunábhar thábhachtacha sin sna tíortha a d’fhéadfadh a bheith ina dtíortha ionadaíocha agus a ndearnadh anailís orthu (cé is moite den Mhalaeisia), agus chomh maith leis sin, ós rud é i gcás ainmníochtaí custaim fhormhór na dtíortha ionadaíocha féideartha (cé is moite den Mhalaeisia) nárbh fhéidir earraí a shainaithint a bheadh comhchosúil leis na bunábhair, toisc go gcumhdaítear raon leathan earraí ilghnéitheacha leis na cóid CC faoi seach. D’áitigh EcoCeres nach cúis leormhaith é chun diúltú do na tagarmharcanna mar fhoinse costais neamhshaofa i bhfianaise nárbh fhéidir an tír ar de thionscnamh iad an OCÚ agus EMOP agus a chuimsigh Argus Biofuels sna praghsanna idirnáisiúnta, a fhionnadh. Thagair an páirtí do roinnt imscrúduithe a rinneadh roimhe (36) inar bhain an Coimisiún úsáid as tagarmharcanna idirnáisiúnta lena luaitear praghas ionchuir mar a seachadadh chuig calafort sa tSín é, nó in imscrúduithe nach ndearna an Coimisiún aon anailís iontu chun a áirithiú nár cuimsíodh ionchuir de thionscnamh na Síne sa tagarmharc idirnáisiúnta.

(61)

Ar an gcéad dul síos, mheabhraigh an Coimisiún gurbh é an phríomhchúis nár úsáideadh na tagarmharcanna idirnáisiúnta ó Argus Biofuels go raibh siad faoi chosaint cóipcheart agus nach bhfuair an páirtí cead ó úinéir an chóipchirt chun na sonraí a úsáid san imscrúdú. Ar an dara dul síos, sa chás seo, shuigh an Coimisiún gurb í Daon-Phoblacht na Síne príomhsholáthróir OCÚ ar fud an domhain agus go bhfuil an Indinéis ar cheann de phríomhsholáthróirí EMOP. Dá bhrí sin, ní féidir neamhaird a dhéanamh de gur cinneadh go raibh praghsanna na mbunábhar atá i gceist saofa sna tíortha tionscnaimh sin, agus an fhoinse costas neamhshaofa is iomchuí á roghnú. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(62)

Tar éis an nochta shealadaigh agus san aighneacht uaidh, cé go raibh EBB ag tacú le cinneadh an Choimisiúin OCÚ agus EMOP de thionscnamh na hIndinéise a eisiamh ó chinneadh an chostais neamhshaofa bunaithe ar shonraí allmhairiúcháin na Malaeisia, d’athdhearbhaigh EBB a mholadh na praghsanna allmhairiúcháin chuig na Stáit Aontaithe a úsáid mar fhoinse chostas neamhshaofa OCÚ agus EMOP in ionad shonraí allmhairiúcháin na Malaeisia. Chun tacú lena mhaíomh, d’áitigh EBB an méid seo a leanas:

(a)

Tar éis allmhairí de thionscnamh na hIndinéise a eisiamh, ní raibh cainníochtaí OCÚ (thart ar 44 000 tona) agus EMOP (thart ar 19 000 tona) a allmhairíodh chuig an Malaeisia ina bhfoinse iontaofa costais neamhshaofa. Go sonrach, thug EBB chun suntais, maidir le tomhaltas OCÚ mar an príomh-bhunábhar ag táirgeoir bithdhíosail aonair de chuid na Síne, gur mó é sin ná an chainníocht allmhairiúcháin Mhalaeisiach atá fágtha.

(b)

Bhí na cainníochtaí allmhairiúcháin chuig na Stáit Aontaithe faoi na cóid earraí i gcás OCÚ agus EMOP i bhfad níos ionadaíche (thart ar 630 000 tona i gcás OCÚ agus thart ar 45 000 tona i gcás EMOP). De réir EBB, theip ar an gCoimisiún míniú a thabhairt ar bhfáth nach mbeadh an tagarmharc malartach sin ina fhoinse praghsanna neamhshaofa níos iontaofa ná sonraí allmhairiúcháin na Malaeisia nuair a dhiúltaigh sé don togra ón bpáirtí ag an gcéim shealadach (féach aithrisí (233) agus (234) den Rialachán sealadach). Ina theannta sin, mhaígh EBB nach constaic é nach bhfuil na Stáit Aontaithe ar leibhéal forbartha atá comhchosúil leis an tSín, toisc go raibh cumhacht lánroghnach mhór ag an gCoimisiún maidir le tagarmharc ábhartha a chinneadh. Ina leith sin, ní mheasfaí na Stáit Aontaithe a bheith ina dtír ionadaíoch ach ina bhfoinse praghsanna, costas agus tagarmharcanna idirnáisiúnta neamhshaofa. Thug EBB chun suntais ina aighneacht maidir le roghnú na tíre ionadaíche gur mhol Argus Biofuels tagarmharcanna idirnáisiúnta freisin, ar tagarmharcanna iad a bhailigh Argus Biofuels lasmuigh den tír ionadaíoch, lena n-áirítear ag pointí geografacha ar tíortha/réigiúin atá i gceist leo nach bhfuil ar leibhéal forbartha atá comhchosúil leis an tSín.

(c)

Cheistigh EBB an gá atá le hidirdhealú a dhéanamh idir saillte agus olaí inite agus do-ite in ainmníocht chustaim na tíre ionadaíche. Thug an páirtí chun suntais gur do-ite de réir sainmhínithe atá OCÚ toisc gur dramhaíl atá inti. Cheistigh sé an gá atá le critéar den sórt sin agus tír ionadaíoch á roghnú ós rud é nach bhfuil gá le difreáil den sórt sin i bhformhór na n-ainmníochtaí custaim (soláthraíodh an tAontas, SAM, an tSín mar shamplaí). Ina aighneacht, d’athdhearbhaigh EBB go raibh an difríocht idir cainníocht allmhairithe agus onnmhairithe OCÚ chuig an Malaeisia agus ón Malaeisia amhrasach toisc go dtabharfadh sé le tuiscint go rabhthas ag bailiú OCÚ i gcainníochtaí dar méid a bheadh idir 7 n-uaire agus 10 n-uaire níos mó per capita ná gnáthchainníochtaí na méideanna a bhailítear san Aontas.

(d)

Ar deireadh, líomhain EBB go raibh locht ar an mbealach a ríomh an Coimisiún costas neamhshaofa OCÚ. Rinne an páirtí comparáid idir cainníochtaí na n-allmhairí agus na praghsanna in aghaidh an aonaid a nochtadh sa chéad nóta maidir leis na foinsí chun an gnáthluach a chinneadh de pháirt amháin, agus sa dara nóta agus sa réamhnochtadh den pháirt eile (37). Mhaígh an gearánach gur díbhoilscíodh costas neamhshaofa OCÚ tar éis earráid a rinne an Coimisiún.

(63)

Mhínigh an Coimisiún nach bhfuil aon tairseach bheacht ann i dtéarmaí na cainníochta a d’fhágfadh go mbeadh allmhairí ionchuir áirithe ina bhfoinse neamhiontaofa costais neamhshaofa. Go deimhin, d’fhéadfaí tomhaltas táirgeoirí onnmhairiúcháin a mheas mar tháscaire lena léirítear an chainníocht a d’fhéadfaí a dhíbhe toisc nach bhfuil sí sách ionadaíoch. Sa chás seo, léirigh cainníochtaí iomlána na n-allmhairí OCÚ agus EMOP de chuid na Malaeisia gur baineadh úsáid fhorleathan as an dá bhunábhar sin sa mhargadh sa Mhalaeisia chun bithdhíosal a tháirgeadh. Níor measadh go raibh na dearbhchainníochtaí tar éis na cainníochtaí de thionscnamh na hIndinéise a eisiamh chomh híseal sin go mbeadh na praghsanna allmhairiúcháin in aghaidh an aonaid saofa dá thoradh sin. Ós rud é gur substaintiúil an sciar de EMOP a allmhairíodh isteach sa Mhalaeisia ón Indinéis, chun a áirithiú nach raibh tionchar ag an méid sin ar phraghsanna na n-allmhairí a bhí fágtha, rinne an Coimisiún comparáid praghsanna. Léirigh an chomparáid praghsanna nach raibh praghsanna na n-allmhairí a bhí fágtha ailínithe le praghsanna na n-allmhairí ón Indinéis. Rinneadh comparáid den chineál céanna i gcás allmhairí EMOP, cás ina raibh cion na n-allmhairí ón Indinéis i bhfad níos ísle. Leis an gcomparáid praghsanna idir allmhairí na hIndinéise agus allmhairí eile, nochtadh nach raibh aon tionchar ach oiread ag praghsanna allmhairí na hIndinéise ar phraghsanna allmhairí ar de thionscnaimh tíortha eile iad.

(64)

Dá bhrí sin, ní raibh aon ghá le tagarmharc malartach. In aon chás, ní bheadh na hallmhairí chuig na Stáit Aontaithe ina bhfoinse oiriúnach praghsanna, costas agus tagarmharcanna idirnáisiúnta, a mhéid a bhaineann le OCÚ. Ar an gcéad dul síos, cumhdaíodh cód CC iomlán 1518 00 leis na luachanna allmhairiúcháin agus leis na méideanna allmhairí a sholáthair EBB. Cé gur chuir an páirtí na sonraí isteach mar allmhairí faoi dhá chód earraí ina raibh 8 ndigit, chinn an Coimisiún nár cuimsíodh aon chód eile in ainmníocht chustaim na Stát Aontaithe faoi chód CC 1518 00 . Dá bhrí sin, chuir EBB allmhairí raon iomlán na saillte agus na n-olaí éagsúla ainmhíocha agus plandúla i láthair arís eile, lena n-áirítear earraí a d’fhéadfadh a bheith ina n-allmhairí bithdhíosail, mar fhoinse oiriúnach costais neamhshaofa. Mhínigh an Coimisiún cheana féin (sa chéad nóta agus sa dara nóta maidir leis na foinsí chun an gnáthluach a chinneadh, rud a mheabhraítear in aithrisí (223), (224), (227), (228), (233) agus (234) den Rialachán sealadach) nach bhfuil an cur chuige sin inghlactha, go háirithe maidir le hionchur ar sciar mór é de chostas an táirgthe bithdhíosail agus i bhfianaise go bhfuil sonraí iomchuí níos beaichte ann atá ar fáil go héasca i dtír ionadaíoch.

(65)

Ar an dara dul síos, tugadh aghaidh freisin ar an riachtanas idirdhealú a dhéanamh idir saillte agus olaí inite agus do-ite sa chéad nóta agus sa dara nóta maidir leis na foinsí chun an gnáthluach a chinneadh, in aithrisí (223), (224), (227), (228), (233) agus (234) den Rialachán sealadach. Mar a thug EBB faoi deara i gceart, is dramhtháirge é OCÚ. Dá bhrí sin, bheadh sé mícheart talamh slán a dhéanamh de gur léirigh meánphraghas na n-allmhairí saillte agus olaí ainmhíocha agus plandúla uile faoi chód CC 1518 00 praghas neamhshaofa OCÚ. Mheas an Coimisiún dá laghdófaí rogha na gcód earraí chun nach bhfágfaí ach na cóid sin lena gcumhdaítear allmhairiú na n-olaí do-ite, go mbeifí in ann praghas allmhairiúcháin a shainaithint a bheadh níos gaire do phraghas iarbhír OCÚ. Ní raibh an Coimisiún in ann aon seasamh a ghlacadh maidir leis na cainníochtaí OCÚ allmhairithe agus onnmhairithe a líomhnaítear a bheith amhrasach, toisc nach raibh sé soiléir cén chaoi a ndearnadh an anailís sin.

(66)

Ar deireadh, mar a thug EcoCeres chun suntais, agus an ceart aige ina n-aighneacht frisnéise, maidir leis na difríochtaí i gcainníochtaí agus i bpraghsanna OCÚ allmhairithe, tá sé de thoradh roinnt tíortha ionadaíocha féideartha a bheith á gcumhdach leis na sonraí allmhairiúcháin a chuimsítear sa chéad nóta, ach sa dara nóta agus sa réamhnochtadh, nach raibh ann ach na sonraí sin ón Malaeisia mar an tír ionadaíoch roghnaithe.

(67)

Dá réir sin, dhiúltaigh an Coimisiún do mhaímh EBB a shonraítear in aithris (62).

(b)   Sail dhonn

(68)

Tar éis an nochta shealadaigh, d’athdhearbhaigh Zhuoyue nár cheart don Choimisiún cód earraí 3823 19 90 a chuimsiú agus an costas neamhshaofa a bhaineann le sail dhonn (‘BG’), dramhaíl bhia agus stoc gallúnaí (38) á chinneadh. D’áitigh an grúpa, ós rud é go dtagraíonn an cód earraí thuasluaite inter alia do Other than acid oils from refining, […] [Earraí eile seachas olaí aigéid ón scagadh, […]], gur cheart é a eisiamh ó ríomh an tagarmhairc ós rud é gur olaí aigéid iad BG, dramhaíl bhia agus stoc gallúnaí, a fhaightear trí fhuíoll dramhaíola a scagadh. Ar deireadh, thug Zhuoyue chun suntais go bhfuil luach aonaid na n-allmhairí faoin gcód earraí faoi chaibidil níos airde ná an costas neamhshaofa arna chinneadh le haghaidh OCÚ. De réir na cuideachta, cruthaíonn sé sin nár cheart cód earraí 3823 19 90 a úsáid le haghaidh an tagarmhairc i gcás BG, dramhaíl bhia agus stoc gallúnaí ós rud é gur bunábhar ar cháilíocht níos airde é OCÚ (tá cion níos ísle de shaoraigéid shailleacha inti) agus gur cheart, ar ndóigh, go mbeadh sí níos costasaí dá bhrí sin.

(69)

Thug an Coimisiún dá aire nach gá gurb olaí aigéid scagtha iad BG, dramhaíl bhia agus stoc gallúnaí. Ina áit sin, is dramhearraí iad, agus i bhfianaise a gcion den saoraigéad sailleach, is le hearraí a aicmítear faoi chód CC 3823 19 is mó is cosúil iad. Chun cóid a shainaithint, ar cóid iad atá oiriúnach chun costas neamhshaofa BG, dramhaíola bia, stoic gallúnaí agus SBEO a chinneadh i leith an ábhair sin, bhain an Coimisiún amach cóid earraí faoi chód CC 3823 19 , lena gcumhdaítear earraí atá bunaithe ar phailmeacha, ionas nach measfaí iad. Is cód iarmharach é cód earraí 3823 19 90 lena gcuimsítear earraí atá faoin gcód CC sonrach ach nach n-aicmítear faoi aon cheann de na cóid earraí chomhfhreagracha 8 ndigit. An tráth céanna, eisiatar ón gcód earraí a bhaineann le pailm.

(70)

Ina theannta sin, ní dhíospóideann an Coimisiún, i bhfianaise go bhfuil cion níos ísle de shaoraigéid shailleacha inti, gur bunábhar é OCÚ atá ar cháilíocht níos airde ná BG, dramhaíl bhia nó stoc gallúnaí. Mar sin féin, rinne an grúpa comparáid idir an praghas allmhairiúcháin aonaid, a bhaineann le cód aonair earraí, agus meánphraghas allmhairiúcháin na gcód earraí uile a úsáidtear chun costas neamhshaofa OCÚ a chinneadh. Bhí luach an tagarmhairc a úsáideadh i gcás OCÚ níos airde, áfach, ná an tagarmharc a úsáideadh i gcás BG, dramhaíola bia agus stoic gallúnaí. Dá bhrí sin, níor tháinig na tagarmharcanna a d’úsáid an Coimisiún ag an gcéim shealadach salach ar an toimhde gur cheart praghas OCÚ a bheith níos airde de ghnáth ná praghas na mbunábhar eile a luaitear.

(71)

Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún do mhaíomh Zhuoyue a shonraítear in aithris (68) agus dheimhnigh sé a thorthaí in aithris (240) den Rialachán sealadach.

(c)   Hidrigin

(72)

Tar éis an nochta shealadaigh, d’áitigh EcoCeres gur míchuí an coigeartú ar chostas neamhshaofa na hidrigine mar a chuir an Coimisiún i bhfeidhm ag an gcéim shealadach. Bhí luach méadaithe ar an tagarmharc de thoradh an choigeartaithe. Maidir le foinse an chostais hidrigine de chuid na Malaeisia, áfach, chomhfhreagair í sin do hidrigin ghlas le haghaidh úsáid breosla. Dá bhrí sin, le haon choigeartú ar hidrigin (nach hidrigin ghlas í) le haghaidh úsáid thionsclaíoch, ba cheart laghdú a dhéanamh ar luach an tagarmhairc. Mhol an grúpa go ndéanfaí athrú ar an modheolaíocht a chuirfeadh an Coimisiún i bhfeidhm ag an gcéim shealadach.

(73)

Níor dhíospóid an Coimisiún an riachtanas le praghas na hidrigine breosla a choigeartú de réir phraghas na hidrigine le haghaidh úsáid thionsclaíoch. Ag an gcéim shealadach, d’úsáid an Coimisiún na staitisticí a bhailigh an Chomhpháirtíocht don Hidrigin Ghlan le haghaidh an choigeartaithe sin. Tar éis na mbarúlacha ó EcoCeres, rinne an Coimisiún coigeartú páirteach ar a mhodheolaíocht chun an coigeartú a chinneadh. Nochtadh an mhodheolaíocht do na páirtithe leasmhara sa Nóta athbhreithnithe a ghabhann leis an modheolaíocht chun costais neamhshaofa agus brabús a chinneadh faoi chuimsiú an nochta deiridh. Úsáideadh costas neamhshaofa athbhreithnithe na hidrigine agus corrlach dumpála an ghrúpa á ríomh tráth na céime cinntithí.

(74)

Tar éis an nochta deiridh, ba dhíol sásaimh do EcoCeres gur choigeartaigh an Coimisiún cuid dá mhodheolaíocht chun praghas na hidrigine breosla a choigeartú de réir leibhéal phraghas na hidrigine tionsclaíche. D’áitigh sé freisin, áfach, gur cheart an coigeartú síos a bheith níos suntasaí. Chun tacú lena mhaíomh, thagair EcoCeres do shuirbhé a rinne Údarás na Stát Aontaithe um Fhaisnéis Fuinnimh (‘EIA’) (39), inar léiríodh go raibh praghas ceannaigh na hidrigine a úsáideann táirgeoirí ceimiceán ar an bpraghas ab ísle i measc na n-earnálacha monaraíochta uile a scrúdaíodh agus go raibh sé i bhfad níos ísle ná an praghas ab airde a d’íoc táirgeoirí trealaimh leictrigh, fearas leictreach agus comhpháirteanna leictreacha.

(75)

Rinne an Coimisiún scrúdú ar an maíomh agus shuigh sé go raibh torthaí EIA neamhchonclúideach, ar a laghad, chun costas neamhshaofa na hidrigine (tionsclaíche) a chinneadh. San alt a d’fhoilsigh EIA bunaithe ar na sonraí a bailíodh, ní dhéantar idirdhealú idir breosla agus hidrigin thionsclaíoch. An tráth céanna, baineann na bunsonraí (40) le meánphraghsanna na bhfoinsí fuinnimh ceannaithe, agus dá bhrí sin is dócha go dtagraíonn siad do hidrigin bhreosla. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh.

(76)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh EBB gur úsáid an Coimisiún costas neamhshaofa díbhoilscithe hidrigine toisc nár ríomh sé an meánphraghas ceannaigh ó staitisticí na Comhpháirtíochta don Hidrigin Ghlan ar bhonn meán ualaithe.

(77)

Níor aontaigh an Coimisiún leis sin. Níor cuireadh na staitisticí ón gComhpháirtíocht don Hidrigin Ghlan i láthair mar shraith pointí sonraí aonair, ach mar roinnt figiúirí laistigh de roinnt eatramh praghsanna. Ríomh an Coimisiún uasteorainn ualaithe meánach agus íosteorainn ualaithe na n-eatramh, agus chinn sé lárphointe ina dhiaidh sin mar mheán simplí. Mheas an Coimisiún gurbh é an modh sin an modh ab iomchuí maidir leis an tacar sonraí a bhí ar fáil. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh.

(d)   Leictreachas, gás nádúrtha agus gal

(78)

Tar éis an nochta shealadaigh, thug EBB chun suntais gur cuireadh na praghsanna leictreachais agus gáis nádúrtha a d’úsáid an Coimisiún chun feidhme sa Mhalaeisia in 2014 agus in 2021 faoi seach. Mheabhraigh an páirtí gur choigeartaigh an Coimisiún na praghsanna de réir boilsciú in imscrúdú roimhe seo (41) inar úsáid an Coimisiún na foinsí céanna maidir le costais neamhshaofa leictreachais agus gáis nádúrtha sa Mhalaeisia mar thír ionadaíoch.

(79)

Rinne an Coimisiún scrúdú ar an maíomh agus ba é a chonclúid an gur fhág sé an coigeartú boilscithe ar lár gan chuimhneamh sa chás seo. D’úsáid an Coimisiún an t-innéacs praghsanna táirgeoirí chun costas neamhshaofa athbhreithnithe an leictreachais agus an gháis nádúrtha a ríomh. Ós rud é gur ríomhadh costas neamhshaofa na gaile bunaithe ar chostas neamhshaofa an gháis nádúrtha, rinneadh athbhreithniú ar a tagarmharc freisin tar éis an athbhreithnithe maidir le gás nádúrtha.

(80)

Tar éis an nochta deiridh, d’áitigh EcoCeres nár cheart don Choimisiún an t-innéacs praghsanna táirgeoirí a úsáid le haghaidh an choigeartaithe boilscithe toisc go raibh sé róghinearálta ós rud é go raibh innéacs praghsanna a bhaineann go sonrach le fuinneamh ar fáil i mbunachar sonraí an Bhainc Dhomhanda (42) a d’úsáid an Coimisiún. Ina theannta sin, níor ríomhadh an coigeartú boilscithe go sonrach don tréimhse imscrúdúcháin, a chumhdaíonn 2 bhliain, toisc gur chumhdaigh an t-innéacs praghsanna táirgeoirí a d’úsáid an Coimisiún blianta féilire iomlána. Chuir EcoCeres in iúl go raibh sonraí míosúla ar fáil maidir leis an innéacs praghsanna fuinnimh, rud a d’fhág gur féidir an coigeartú a chinneadh go sonrach don tréimhse imscrúdúcháin.

(81)

Rinne an Coimisiún scrúdú ar an maíomh agus shuigh sé, innéacs praghsanna fuinnimh don Mhalaeisia agus don tréimhse is gá don choigeartú boilscithe, go raibh an t-innéacs sin i mbunachar sonraí boilscithe an Bhainc Dhomhanda. Mar sin féin, bhí an t-innéacs praghsanna fuinnimh don Mhalaeisia bunaithe ar phraghsanna measta. Dá bhrí sin, sa chás seo, ní gá go raibh sé níos iontaofa ná níos iomchuí mar fhoinse faisnéise maidir le boilsciú sa Mhalaeisia. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh.

(82)

Chuir an Coimisiún san áireamh, áfach, nach raibh an coigeartú boilscithe a rinneadh sa nochtadh deiridh saincheaptha go sonrach don tréimhse imscrúdúcháin, go háirithe ós rud é go raibh an t-innéacs praghsanna táirgeoirí ar fáil ar bhonn ráithiúil freisin. Rinneadh athbhreithniú breise ar chostas neamhshaofa leictreachais, gáis nádúrtha agus gaile trí úsáid a bhaint as coigeartú boilscithe leasaithe tar éis barúlacha EcoCeres maidir leis an nochtadh deiridh. Cuireadh Ecoceres agus páirtithe leasmhara ar an eolas faoin gcoigeartú boilscithe leasaithe i nochtadh breise agus tugadh deis dóibh barúil a thabhairt.

(83)

Tar éis nochtadh deiridh breise, d’athdhearbhaigh EcoCeres gur cheart don Choimisiún an t-innéacs praghsanna fuinnimh a úsáid in ionad an innéacs praghsanna táirgeoirí. Ina theannta sin, agus an coigeartú boilscithe le haghaidh gás nádúrtha á ríomh, ba cheart don Choimisiún an ceathrú ráithe de 2021 a úsáid mar thúsphointe seachas mar bhliain iomlán 2021 toisc go raibh praghas an gháis nádúrtha a úsáideadh mar thagarmharc infheidhme sa Mhalaeisia sa ráithe sin.

(84)

Dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh sin. Ar an gcéad dul síos, níor thug EcoCeres aon údar ná réasúnaíocht bhreise maidir le húsáid innéacs praghsanna fuinnimh in ionad an innéacs praghsanna táirgeoirí. Ar an dara dul síos, chinn an Coimisiún go raibh sé níos iomchuí an t-innéacs praghsanna táirgeoirí a úsáid don bhliain iomlán 2021. Chumhdaigh an tréimhse imscrúdúcháin bliain iomlán agus dá bhrí sin, ríomhadh an coigeartú boilscithe tríd an innéacs praghsanna do thréimhse ceithre ráithe a chur i gcomparáid le tréimhse ar chomhfhad roimhe sin.

(e)   Saothar

(85)

Ina bharúlacha maidir leis an réamhnochtadh, chuir EcoCeres trí mhaíomh isteach a bhain le costas neamhshaofa an tsaothair. D’athdhearbhaigh an grúpa a mhaímh tar éis an nochta shealadaigh:

(a)

Ní raibh sé iomchuí costas saothair ‘teicneoirí agus gairmithe meánleibhéil’ sa Mhalaeisia a úsáid mar thagarmharc i gcás chostas saothair neamhshaofa tháirgeoirí bithdhíosail na Síne.

(b)

Ba cheart don Choimisiún innéacs tuarastail na Malaeisia a úsáid chun an costas saothair sa Mhalaeisia a choigeartú, rud nach raibh ar fáil ach i gcás 2016 amháin, seachas an praghasinnéacs táirgeoirí. Thagair EcoCeres do shuíomh gréasáin Institiúid na Malaeisia um Fhaisnéis agus Anailís ar an Margadh Saothair (‘ILMIA’) mar fhoinse an innéacs tuarastail.

(c)

Ba cheart don Choimisiún 52,14 seachtain in aghaidh na bliana a bheith úsáidte aige chun uaireanta oibre seachtainiúla a thiontú ina n-uaireanta oibre míosúla sa ríomh ar an gcostas saothair in aghaidh na huaire.

(86)

Ar an gcéad dul síos, bunaithe ar an bhfaisnéis a bailíodh le linn na gcuairteanna fíorúcháin, shuigh an Coimisiún go raibh oideachas iar-bhunoideachais ag formhór na mball foirne a bhí ag obair sa táirgeadh (e.g. seomraí rialaithe, saotharlanna), oideachas a chomhfhreagraíonn d’oideachas treasach gan céim ollscoile, i.e. faoi bhun leibhéal céime baitsiléara. De réir Aicmiú Caighdeánach na nGairmeacha de chuid na Malaeisia (43), i gcás gairmeacha nach mór inter alia, oideachas treasach dóibh agus dá bhfaightear cáiliúchán nach coibhéis le bunchéim é (i.e. céim bhaitsiléara) aicmítear iad sa ghrúpa ‘teicneoirí agus gairmithe meánleibhéil’. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún gurbh iomchuí na sonraí le haghaidh teicneoirí agus gairmithe meánleibhéil sa Mhalaeisia a úsáid mar chostas neamhshaofa an tsaothair.

(87)

Ar an dara dul síos, ní sholáthraítear faisnéis ar shuíomh Gréasáin ILMIA ar an Innéacs Pá Náisiúnta ach go dtí Meán Fómhair 2018. B’éigean an costas saothair a choigeartú, áfach, don bhoilsciú ar feadh tréimhse 2016 – 2023. Dá bhrí sin, dheimhnigh an Coimisiún gurbh iomchuí an t-innéacs praghsanna táirgeoirí a úsáid chun críoch an choigeartaithe boilscithe.

(88)

Ar deireadh, mheas an Coimisiún go raibh an costas saothair in aghaidh na huaire sa Mhalaeisia a cinneadh sách beacht agus é á chur san áireamh gur rannchuidigh an lucht saothair le costas iomlán an táirgthe agus níos lú ná 1,7 % de i gceist, agus go mbeadh tionchar diomaibhseach ar an ngnáthluach ríofa dá ndéanfaí an tagarmharc a athríomh bunaithe ar an moladh ó na grúpaí mar a shonraítear in aithris (85) pointe (c).

(89)

I bhfianaise na gcúiseanna ar a ndéantar cur síos mionsonraithe in aithrisí (86) go (88), dhiúltaigh an Coimisiún do mhaímh EcoCeres mar a shonraítear in aithris (85) agus dheimhnigh sé na torthaí in aithris (270) den Rialachán sealadach.

(90)

Tar éis an nochta deiridh, d’athdhearbhaigh EcoCeres gur cheart an costas saothair neamhshaofa a úsáideadh sa ríomh dumpála a chur i bhfeidhm go comhréireach bunaithe ar an leibhéal oideachais foirne agus/nó scileanna atá ag teacht leis an maíomh a thuairiscítear in aithris (85)(a).

(91)

Ina theannta sin, chuir EcoCeres in iúl nach raibh an costas saothair neamhshaofa sa Mhalaeisia a d’úsáid an Coimisiún sa nochtadh deiridh iontaofa toisc go raibh sé bunaithe (a) ar fhaisnéis as dáta nach mór coigeartú de réir boilsciú a dhéanamh uirthi, (b) ar fhoinse a sholáthraíonn faisnéis faoi chostas saothair ar bhealach ró-ghinearálta gan idirdhealú a dhéanamh de réir na hearnála tionsclaíche agus na gníomhaíochta eacnamaíche. Ina theannta sin, níor cinneadh an coigeartú boilscithe le haghaidh tréimhse a chomhfhreagródh go beacht don tréimhse imscrúdúcháin. Ar deireadh, d’áitigh an chuideachta gur laghdaíodh iontaofacht an tagarmhairc a thuilleadh de dheasca úsáid dhá fhoinse éagsúla le haghaidh an chostais saothair (Institiúid na Malaeisia um Fhaisnéis agus Anailís ar an Margadh Saothair (‘ILMIA’) agus le haghaidh uaireanta oibre (an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (‘EIS’)).

(92)

I ndáil leis sin, thug EcoCeres dá aire go raibh an Coimisiún ag brath, in imscrúdú roimhe seo (44), ar shonraí ó Roinn Staidrimh na Malaeisia maidir le pá agus uaireanta oibre. Sholáthair an chuideachta ríomh ar chostas saothair neamhshaofa freisin bunaithe ar (a) sonraí ó Roinn Staidrimh na Malaeisia maidir leis an bpá in aghaidh na huaire agus (b) faisnéis ó fhoinsí poiblí éagsúla maidir leis an gcostas saothair breise, go háirithe cineálacha éagsúla ranníocaíochtaí sóisialta.

(93)

Rinne an Coimisiún scrúdú ar an maíomh. Agus é á chur san áireamh go raibh na sonraí ó Roinn Staidrimh na Malaeisia ar fáil le haghaidh na tréimhse imscrúdúcháin agus go sonrach le haghaidh na hearnála tionsclaíche lena mbaineann táirgeadh bithdhíosail, agus go raibh faisnéis maidir le costas saothair breise ar fáil freisin, bhí sé níos iomchuí go deimhin úsáid a bhaint as na foinsí a mhol EcoCeres chun costas saothair neamhshaofa a chinneadh. Bhí na heilimintí uile ba ghá san fhaisnéis bhreise sin a chuir an chuideachta ar fáil chun an costas saothair neamhshaofa in aghaidh na huaire a ríomh, amhail pá, uaireanta oibre, ranníocaíochtaí sóisialta agus costas saothair eile a d’iompair an fostóir. Dá bhrí sin, leasaigh an Coimisiún an costas saothair neamhshaofa.

(94)

I bhfianaise chonclúidí an Choimisiúin maidir le maíomh EcoCeres a dtugtar tuairisc orthu in aithrisí (91) agus (92), is maíomh gan bhunús é maíomh na cuideachta a dtugtar tuairisc air in aithris (90). Cuireann an tagarmharc leasaithe an earnáil thionsclaíoch san áireamh, ach ní leibhéal oideachais agus scileanna na bhfostaithe. Cuireadh Ecoceres agus páirtithe leasmhara ar an eolas faoin tagarmharc leasaithe trí nochtadh breise agus tugadh deis dóibh barúil a thabhairt.

(95)

Tar éis nochtadh deiridh breise, rinne EcoCeres trácht ar ríomh leasaithe an chostais saothair. Ceann de na gnéithe a cuireadh san áireamh ná an scaoilíocaíocht, a bhfuil fostaí ina teideal má bhí siad fostaithe ar feadh 12 mhí nó níos mó agus go raibh a bpá míosúil suas le 4 000 MYR. Ag brath ar fhad na fostaíochta, bhí an fostaí i dteideal 10, 15 nó 20 lá de scaoilíocaíocht. Ós rud é go raibh an tuarastal míosúil ríofa beagán os cionn 4 000 MYR, d’áitigh an páirtí gur cheart don Choimisiún cur chuige coimeádach a úsáid agus costas scaoilíocaíochta 10 lá a áireamh i ríomh an tagarmhairc.

(96)

Dheimhnigh an Coimisiún an mhodheolaíocht a úsáideadh tar éis an nochta deiridh. Ghlac an Coimisiún cur chuige cothrom agus chuir sé scaoilíocaíocht 15 lá san áireamh i ríomh an tagarmhairc. An meánphá míosúil, ní dhearnadh idirdhealú ann idir poist éagsúla (táirgeadh, riarachán, bainistíocht) laistigh den tionscal ceimiceán. Mheas an Coimisiún gur rídhócha go bhfuair tromlach na bhfostaithe pá faoi bhun 4 000 MYR agus, dá bhrí sin, go mbeadh siad i dteideal scaoilíocaíocht de réir an dlí.

(f)   An costas neamhshaofa athbhreithnithe ar thosca táirgeachta áirithe

(97)

Tar éis na mbarúlacha maidir leis an nochtadh sealadach agus an nochtadh deiridh mar a shonraítear agus ar a dtugtar aghaidh in aithrisí (48) go (94), leasaigh an Coimisiún an costas neamhshaofa ar thosca táirgeachta áirithe mar a leanas:

Tábla 1

An costas neamhshaofa athbhreithnithe ar thosca táirgeachta áirithe

Toisc Tháirgeachta / Catagóir

Toisc Tháirgeachta / Tuairisc

Cóid earraí ainmníocht chustaim na Malaeisia

Foinse sonraí

Luach aonaid (CNY)

Aonad tomhais

Ionchur eile

Hidrigin

Neamhbhainteach

Praghsanna intíre na Malaeisia arna gcoigeartú

3,23

m3

Fuinneamh

Leictreachas

Neamhbhainteach

Praghsanna intíre na Malaeisia arna gcoigeartú de réir boilsciú

0,58 -0,76

kWh

Fuinneamh

Gás nádúrtha

Neamhbhainteach

Praghsanna intíre na Malaeisia arna gcoigeartú de réir boilsciú

2,08 -2,11

m3

Fuinneamh

Gal

Neamhbhainteach

Praghsanna intíre na Malaeisia bunaithe ar phraghas coigeartaithe an gháis nádúrtha

178,56

tona

Saothar

Saothar

Neamhbhainteach

Roinn Staidrimh na Malaeisia

38,15

uair an chloig

3.2.2.3.   SGA agus brabús

(a)   Foinsí costas SGA agus brabúis

(98)

Tar éis an nochta shealadaigh, chuir EcoCeres agus Zhuoyue barúlacha isteach maidir le cinneadh na gcostas neamhshaofa SGA agus an bhrabúis, go háirithe trí chuideachta bhreise de chuid na Malaeisia atá ag oibriú in earnáil na gceimiceán orgánach a chuimsiú sa bhascaed cuideachtaí a úsáidtear chun costais neamhshaofa SGA agus an brabús a chinneadh.

(99)

Thug an dá pháirtí chun suntais go raibh táirgí á monarú ag trí tháirgeoir na gceimiceán orgánach, ar táirgí ró-ilghnéitheach a bhí iontu chun sonraí airgeadais táirgeora bithdhíosail a léiriú. Thairis sin, ní raibh sé soiléir conas a léirigh a gcuid sonraí airgeadais an próiseas táirgthe a bhí ar lár, i.e. bithdhíosal a tháirgeadh trí hidriginiú, toisc nach raibh bithdhíosal á tháirgeadh ag aon cheann de na cuideachtaí breise a cuimsíodh sa bhascaed.

(100)

Ina theannta sin, d’áitigh EcoCeres gur theip ar an gCoimisiún míniú a thabhairt ar bhfáth a raibh tionchar suntasach ag an bpróiseas táirgthe ar chostais SGA agus ar bhrabús.

(101)

D’áitigh EcoCeres freisin, trí úsáid a bhaint as sonraí airgeadais tháirgeoirí ceimiceán orgánach de chuid na Malaeisia ó bhunachar sonraí Orbis, gur fhrithráigh an Coimisiún an réasúnaíocht a chuir sé in iúl roimhe san imscrúdú seo, inar dhiúltaigh sé d’fhaisnéis airgeadais nach raibh sách mionsonraithe chun, mar shampla, torthaí airgeadais cuideachta a shainaithint i ndeighleog a bhain go díreach leis an táirgeadh bithdhíosail. Thug an grúpa dá aire nár soláthraíodh faisnéis mhionsonraithe deighleoige sna sonraí airgeadais ó Orbis ach oiread.

(102)

Thairis sin, rinne EcoCeres tagairt d’imscrúduithe roimhe (45) nár úsáid an Coimisiún faisnéis airgeadais iontu a bhain le táirgí seachas an táirge faoi imscrúdú, ach amháin i gcás nach raibh aon sonraí airgeadais ar fáil faoi tháirgeoirí an táirge faoi imscrúdú.

(103)

D’áitigh EcoCeres thairis sin, dá mba rud é go seasfadh an Coimisiún air go leathnófaí an bascaed cuideachtaí a úsáidtear chun costais neamhshaofa SGA agus brabús a chinneadh, gur cheart dó ceann de na roghanna thíos a leanúint (san ord tosaíochta):

(a)

D’áitigh an grúpa nárbh iomchuí úsáid a bhaint as sonraí airgeadais cuideachtaí a aicmítear faoi (46) chód NACE 20.14 (Monarú buncheimiceán orgánach eile) (47). Thug sé chun suntais gurbh oiriúnaí cód NACE 10.41 (Monarú olaí agus saillte) (48), ar cód é ina bhfuil próiseáil olaí glasraí go sainráite, lena n-áirítear trí hidriginiú. Aicmíodh gléasra na Malaeisia de chuid EcoCeres faoi chód NACE 10.41 i mbunachar sonraí Orbis. Chuir an grúpa ráitis airgeadais isteach freisin ó thrí chuideachta a aicmítear faoi chód NACE 10.41 agus a fuarthas ó chlárlann áitiúil na Malaeisia.

(b)

Dá mba rud é gur chinn an Coimisiún go mbraithfeadh sé ar shonraí airgeadais ó chuideachtaí de chuid na Malaeisia a aicmítear mar tháirgeoirí buncheimiceán orgánach eile, ba cheart dó ráitis airgeadais a úsáid ar a laghad in ionad sonraí airgeadais ó bhunachar sonraí Orbis. Chuir EcoCeres ráitis airgeadais isteach ó shé tháirgeoir de chuid na Malaeisia a tháirgeann buncheimiceáin orgánacha eile agus a fuarthas ó chlárlann áitiúil na Malaeisia.

(c)

Ba cheart don Choimisiún sonraí airgeadais IOI ACIDCHEM SDN. BHD. a dhíothú, toisc nár léiríodh go n-aicmítear an chuideachta faoi chód NACE 20.14 trí anailís mhionsonraithe ar phróifíl na cuideachta i mbunachar sonraí Orbis.

(d)

I dteannta an phointe roimhe, ba cheart don Choimisiún ualú na dtáirgeoirí buncheimiceán orgánach a choigeartú agus na meánchostais ualaithe SGA agus an meánbhrabús ualaithe á ríomh. Thug EcoCeres chun suntais, maidir le táirgeoirí na gceimiceán orgánach, ar bhonn aonair, go raibh costas na n-earraí a díoladh i bhfad níos airde acu ná mar a bhí ag na táirgeoirí bithdhíosail. Dá bhrí sin, rinne siad difear suntasach do luach meánchostais SGA agus an mheánbhrabúis cé nár mhonaraigh siad an táirge faoi imscrúdú i ndáiríre.

(104)

Ar deireadh, tar éis an réamhnochta, chuir EcoCeres ráitis airgeadais nuashonraithe isteach ó cheithre tháirgeoir bithdhíosail sa Mhalaeisia lena gcumhdaítear bliain airgeadais 2023 (cumhdaíodh bliain airgeadais 2022 leis an bhfaisnéis a soláthraíodh roimhe sin). Fuair an grúpa na ráitis airgeadais ó chlárlann áitiúil na Malaeisia.

(105)

Dheimhnigh an Coimisiún gur deimhin, an bascaed cuideachtaí ar úsáideadh a gcuid sonraí airgeadais chun costais neamhshaofa SGA agus an brabús a chinneadh, gur gá an bascaed sin a leathnú chun na difríochtaí i measc na bpróiseas táirgthe éagsúil a léiriú, go háirithe i ndáil lena mbrabúsacht. Go deimhin, shroich corrlach díola Neste, an táirgeoir bithdhíosail de chuid an Aontais a tháirgeann é trí hidreachóireáil olaí plandúla, shroich sé idir EUR 730 agus EUR 880/tona le linn na tréimhse imscrúdúcháin (49) ach bhí spriocbhrabús an bhithdhíosail a táirgeadh trí thras-eistearúchán (a bhainfí amach go hidéalach gan aon díobháil a dhéanamh do tháirgeoirí an Aontais), mar a nochtadh ag an gcéim shealadach, i bhfad níos ísle (thart ar EUR 200/tona). Dá bhrí sin, d’athdhearbhaigh an Coimisiún a thorthaí in aithris (282) den Rialachán sealadach, is é sin, gur gá dó méideanna neamhshaofa agus réasúnta de chostais SGA agus i gcomhair brabúis sa Mhalaeisia a shuí, lena léireofar cineálacha difriúla na bpróiseas táirgthe. I bhfianaise na ndifríochtaí idir costais agus brabúsacht atá bainteach leis an dá mhodh táirgthe, chun go measfaí gur réasúnta iad na méideanna de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, níor mhór na méideanna i gcomhair costais SGA agus i gcomhair brabús a úsáidtear chun an gnáthluach a bhunú a bheith comhdhéanta de na nithe seo a leanas in éineacht le chéile: (i) SGA agus brabús a bhaineann leis an mbithdhíosal a tháirgtear trí thras-eistearúchán agus; (ii) SGA agus brabús a bhaineann leis an mbithdhíosal a tháirgtear trí hidreachóireáil olaí plandúla. Agus an chéad ní á mheas aige, mar a mhínítear in aithris (279) den Rialachán sealadach, bhí an Coimisiún in ann teacht ar shonraí a bhí ar fáil go héasca agus a bhain leis na táirgeoirí ábhartha bithdhíosail tríd an gconair thras-eistearúcháin. Agus táirgeadh na n-olaí plandúla trí hidreachóireáil á mheas aige, ní raibh aon sonraí den sórt sin ar fáil go héasca agus a bhain le táirgeoirí bithdhíosail sa Mhalaeisia. Is é sin é an fáth ar mheas an Coimisiún costais SGA agus brabús arna nginiúint ag táirgeoirí de chuid na an Malaeisia san earnáil a bhí comhchosúil le táirgeoirí bithdhíosail trí hidreachóireáil olaí plandúla.

(106)

Níor chomhaontaigh an Coimisiún le EcoCeres maidir le cód NACE, ar cód é atá oiriúnach chun cuideachtaí in earnáil chomhchosúil a shainaithint, i.e. earnáil lena mbaineann táirgeadh an bhithdhíosail. Tá cód NACE 10.41 faoi Rannán 10 – Monarú táirgí bia. Dá bhrí sin, níorbh fhéidir a mheas go raibh sé oiriúnach chun costais SGA agus brabús na hearnála atá comhchosúil le táirgeadh an bhithdhíosail a léiriú.

(107)

Dá réir sin, dheimhnigh an Coimisiún a chur chuige mar a shonraítear in aithrisí (279) go (284) den Rialachán sealadach, i.e. déanfar sonraí airgeadais tháirgeoirí bithdhíosail na Malaeisia a chomhlánú le sonraí airgeadais tháirgeoirí ceimiceán orgánach sa Mhalaeisia.

(108)

Chuir an Coimisiún san áireamh, áfach, na ráitis airgeadais bhreise a chuir EcoCeres isteach le haghaidh tháirgeoirí bithdhíosail na Malaeisia agus le haghaidh tháirgeoirí ceimiceán orgánach na Malaeisia.

(109)

Ina leith sin, le bunachar sonraí Orbis, soláthraíodh sonraí airgeadais le haghaidh breis agus 80 cuideachta a aicmítear faoi chód NACE 20.14 sa Mhalaeisia. Níor sholáthair EcoCeres ach ráitis airgeadais ó shé chuideachta den sórt sin. Ar an gcéad dul síos, thug an Coimisiún faoi deara gur chomhfhreagair an fhaisnéis airgeadais a bhí sna ráitis airgeadais do na figiúirí i mbunachar sonraí Orbis. Ar an dara dul síos, ós rud é nach gá go dtáirgeann na cuideachtaí a aicmítear faoi chód NACE 20.14 bithdhíosal ach go soláthraíonn siad athróg ionadach i gcomhair costais SGA agus brabús in earnáil níos leithne, níl aon ghá le hanailís mhionsonraithe bhreise a dhéanamh, amhail an deighleog a bhaineann go díreach leis an táirge atá faoi imscrúdú a shainaithint. Ar an tríú dul síos, i bhfianaise líon mór na dtáirgeoirí ceimiceán orgánach sa Mhalaeisia, ní féidir a chur as an áireamh nár sholáthair an páirtí ach ráitis airgeadais a d’fhágfadh SGA neamhshaofa agus brabús ann a bheadh fabhrach don pháirtí. Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún úsáid a bhaint as an bhfaisnéis airgeadais uile thuas a bhí ar fáil go héasca: ráitis airgeadais táirgeoirí bithdhíosail, ráitis airgeadais táirgeoirí ceimiceán orgánach, agus faisnéis airgeadais ó bhunachar sonraí Orbis de tháirgeoirí ceimiceán orgánach sa Mhalaeisia.

(110)

Thairis sin, is mian leis an gCoimisiún a shoiléiriú nach bhfuil faisnéis airgeadais ó bhunachar sonraí Orbis neamhoiriúnach. Sa phróiseas chun tír ionadaíoch a roghnú, rud a d’fhéadfadh bheith ina chúis le tír amháin a roghnú thar thír eile is ea ráitis airgeadais níos mionsonraithe a bheith ar fáil. Ní hionann sin agus a rá, áfach, nach bhfuil an fhaisnéis airgeadais ó bhunachar sonraí Orbis inghlactha chun costais neamhshaofa SGA agus an brabús a chinneadh.

(111)

Rinne an Coimisiún athbhreithniú ar a thaighde ar tháirgeoirí ceimiceán orgánach sa Mhalaeisia i mbunachar sonraí Orbis. D’aimsigh an Coimisiún nach amháin gur úsáid sé cód NACE 20.14 gan chuimhneamh ach gur úsáid sé cóid chomhchosúla faoi aicmithe tionsclaíocha eile a bhí ar fáil in Orbis freisin.

(112)

Chun cuíchóiriú a dhéanamh ar an bpróiseas chun costais neamhshaofa SGA agus an brabús a chinneadh, go háirithe bascaed na dtáirgeoirí ceimiceán orgánach sa Mhalaeisia, rinne an Coimisiún athbhreithniú ar a chuardach in Orbis. Ag céim chinntitheach, níor mheas an Coimisiún ach cuideachtaí a d’úsáid cód NACE 20.14 mar cheann dá bpríomhchóid faoin aicmiú tionsclaíoch sin agus thairis sin, níor roghnaigh sé ach cuideachtaí a raibh ráitis airgeadais neamh-chomhdhlúite ar fáil acu le haghaidh 2022 nó 2023 ina raibh an fhaisnéis airgeadais seo a leanas ar fáil: láimhdeachas, costas na n-earraí a díoladh, agus brabús. I gcás ina bhfuarthas cuideachta de thoradh an chuardaigh sin, ar chuir EcoCeres ráitis airgeadais isteach ina leith ó chlárlann áitiúil na Malaeisia, tugadh tús áite d’úsáid na ráiteas airgeadais sin seachas na sonraí ó bhunachar sonraí Orbis. Ina leith sin, maidir le ceann de na táirgeoirí ceimiceán orgánach líomhnaithe ar chuir EcoCeres ráitis airgeadais isteach ina leith (Pacific Oleochemicals Sdn Bhd), fuarthas nach raibh siad aicmithe faoi chód NACE 20.14 in Orbis. Tugadh neamhaird ar an gcuideachta sin agus SGA neamhshaofa agus an brabús á chinneadh.

(113)

Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh ó EcoCeres ualú na dtáirgeoirí ceimiceán orgánach a choigeartú agus na meánchostais ualaithe SGA agus an meánbhrabús ualaithe á ríomh. Go deimhin, bhí luach iomlán chostas na n-earraí a dhíol na táirgeoirí ceimiceán orgánach níos airde ná luach iomlán chostas na n-earraí a díoladh le táirgeoirí bithdhíosail. Mheas an Coimisiún, áfach, go ndearnadh ionadaíocht leordhóthanach do na táirgeoirí bithdhíosail i ríomh an mheáin ualaithe toisc gur cuideachtaí i bhfad níos mó iad, ar bhonn aonar, ná na táirgeoirí ceimiceán orgánach.

(114)

Rinne an Coimisiún coigeartú, áfach, ar ualú na gcuideachtaí aonair agus na meánchostais ualaithe SGA agus an meánbhrabús ualaithe á ríomh. I gcás cuideachtaí a raibh faisnéis airgeadais ar fáil ina leith le haghaidh an dá bhliain airgeadais (2022 agus 2023), d’úsáid an Coimisiún meánfhigiúr an 2 bhliain seachas díreach na figiúirí le haghaidh an 2 bhliain a shuimiú chun cás a sheachaint ina gcomhairfí sonraí airgeadais cuideachta faoi dhó sa mheán ualaithe.

(115)

Tar éis an nochta shealadaigh agus san aighneacht uaidh, ba dhíol sásaimh do EBB gur cuimsíodh táirgeoirí ceimiceán orgánach agus SGA neamhshaofa agus an brabús á gcinneadh, agus d’áitigh sé gur cheart don Choimisiún gan brath ach ar a gcuid sonraí airgeadais sin agus orthu sin amháin. Ina leith sin, d’athdhearbhaigh an gearánach gur saobhadh costais SGA agus brabús bhithdhíosail na Malaeisia tríd an Sásra Praghsála Uathoibríche (‘APM’) is infheidhme maidir le breosla díosail a dhíoltar ar an leibhéal miondíola agus trí phraghas an bhithdhíosail a bheith á shocrú ag an Rialtas.

(116)

A mhéid a bhaineann leis an Sásra Praghsála Uathoibríche, thagair EBB do thuarascáil ón Institiúid Idirnáisiúnta um Fhorbairt Inbhuanaithe (‘IISD’) (50), ina líomhnaítear gur léiríodh go raibh tionchar ag APM ní hamháin ar an bpraghas miondíola ach ar an slabhra táirgeachta ar fad. Chuir an gearánach i leith EcoCeres gur thug sé bréagléiriú ar an mbealach a fheidhmítear an Sásra Praghsála Uathoibríche sna haighneachtaí uaidh, go háirithe toisc gur mhaígh sé nach socraítear le APM ach praghas an bhreosla ar an leibhéal miondíola agus nach mbíonn na praghsanna breosla seasta ar fáil ach do thomhaltóirí agus d’earnálacha áirithe den gheilleagar agus dóibh sin amháin.

(117)

A mhéid a bhaineann leis an bpraghas bithdhíosail seasta, rinne EBB tagairt don fhaisnéis seo a leanas:

De réir Thuarascáil GAIN maidir leis an Malaeisia an 10 Samhain 2022  (51), úsáideann rialtas na Malaeisia an Sásra Praghsála Uathoibríche chun praghsanna bithdhíosail a shocrú. Cé nár nocht an Rialtas an bealach a fheidhmíonn an Sásra Praghsála Uathoibríche, i staidéar a nglactar leis go forleathan ó Ollscoil Teicneolaíochta na Malaeisia (‘UTM’) (52) tugadh meastachán ar an mbealach a fheidhmítear an fóirdheontas.

I dTuarascáil GAIN maidir leis an Malaeisia an 3 Nollaig 2023  (53), athdhearbhaíodh go gcoinníonn Rialtas na Malaeisia an sásra tacaíochta airgeadais ar bun agus é á chistiú trí chéatadán de na taraifí a fhaightear tríd an amhola pailme a tháirgtear. Measadh go raibh an cistiú le haghaidh chumasc B10 ar leibhéal USD 9,7 milliún in 2023.

Foinsí EBB maidir le margadh na Malaeisia lena maítear go n-úsáidtear an fhoirmle [Praghas na hOla pailme Scagtha Tuartha Díbholaithe + 515 MYR] chun praghas an bhithdhíosail a shocrú, mar a dheimhnítear leis an bhfianaise a cuireadh isteach (54)  (55).

(118)

A mhéid a bhaineann leis an Sásra Praghsála Uathoibríche, mheas an Coimisiún nár sholáthair EBB aon fhianaise maidir leis an bhfóirdheontas a bheith á dháileadh feadh an tslabhra luacha ar fad. Ar an gcéad dul síos, ní dhéantar i dtuarascáil IISD ach a shonrú go gcinntear leis an Sásra Praghsála Uathoibríche ní hamháin praghas an bhreosla don chustaiméir ach go rialaítear leis na brabúis agus na fóntais phoiblí ar thaobh an táirgthe freisin (i.e. don mhiondíoltóir tríd an bhfoirmle APM a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an bpraghas miondíola a ríomh). Ar an dara dul síos, ríomhadh sa staidéar a rinne UTM conas a rannchuidigh praghas an bhithdhíosail, a bhí níos airde ná praghas an bhreosla iontaise, leis an méadú ar an bhfóirdheontas is gá chun an difríocht idir praghas miondíola seasta an bhreosla agus costas iarbhír miondíoltóra a chumhdach. Fiú dá mba rud é go n-admhódh an Coimisiún go soláthraíonn an fóirdheontas a íoctar leis an miondíoltóir ráthaíocht áirithe maidir le praghas díola fabhrach do tháirgeoir bithdhíosail, ní mór a chur san áireamh go mbeadh cistiú chumasc B10, ar cistiú dar méid USD 9,7 milliún a bhí ann de réir meastacháin le haghaidh 2023, ina fhóirdheontas 0,005 MYR in aghaidh an lítir den chumasc sin (56). Dá bhrí sin, is neamhshuntasach í an éifeacht ar an táirgeoir bithdhíosail.

(119)

A mhéid a bhaineann le praghas socraithe líomhnaithe an bhithdhíosail, thug an Coimisiún dá aire nár sholáthair EBB fianaise leordhóthanach. Is ó na blianta 2015 agus 2017 na foinsí a luaigh an páirtí, i.e. i bhfad roimh thréimhse imscrúdúcháin an imscrúdaithe seo. Thairis sin, ní raibh an Coimisiún in ann teacht ar aon fhoinse oifigiúil chomhaimseartha lena ndeimhneofaí go raibh sásra praghsála le haghaidh bithdhíosail ann a bí á rialáil ag Rialtas na Malaeisia.

(120)

Dá réir sin, dhiúltaigh an Coimisiún do mhaímh EBB a shonraítear in aithrisí (115) go (117).

(121)

Tar éis an nochta deiridh, d’athdhearbhaigh EcoCeres go raibh catagóir na gceimiceán orgánach róleathan. Cé go raibh táirgeadh bithdhíosail trí hidreachóireáil níos brabúsaí ná trí thras-eistearúchán, d’áitigh EcoCeres nár mhínigh an Coimisiún conas a bhí catagóir leathan na dtáirgeoirí ceimiceán orgánach níos ionadaíche maidir le hidreachóireáil ná táirgeadh táirge chomhchosúil (bithdhíosal trí thras-eistearúchán). I ndáil leis sin, d’áitigh EcoCeres, dá n-éileodh an Coimisiún go leathnófaí an raon feidhme thar tháirgeoirí bithdhíosail, gur cheart dó cód NACE 10.14 a úsáid, lena n-áirítear go díreach hidreachóireáil olaí plandúla.

(122)

Mheabhraigh an Coimisiún, mar a mhínítear in aithris (105), na táirgeoirí uile bithdhíosail a raibh faisnéis airgeadais ar fáil ina leith, mhonaraigh siad bithdhíosal trí thras-eistearúchán. Ina theannta sin, léirigh an fhaisnéis i gcomhad an imscrúdaithe go soiléir na leibhéil éagsúla bhrabúsachta a bhain na táirgeoirí a leanann an chonair táirgthe hidreachóireála amach, i gcomparáid le leibhéil na dtáirgeoirí a bhfuil conair táirgthe tras-eistearúcháin á leanúint acu. Dá bhrí sin, bhí gá leis na cuideachtaí breise a chur san áireamh chun méid comhfhreagrach, neamhshaofa agus réasúnta a shuí go cruinn i gcás chostas SGA agus brabúis, méid a bheadh ionadaíoch don tionscal bithdhíosail iomlán beag beann ar an bpróiseas táirgthe a úsáidtear. Ní chomhaontaíonn an Coimisiún le EcoCeres maidir leis an gcód NACE a mhol an chuideachta. Mar a míníodh in aithris (106), tagraíonn cód NACE 10.14 do hidriginiú olaí plandúla sa tionscal bia. Dá bhrí sin, ní féidir brabúsacht cuideachtaí bia a úsáid mar athróg ionadach in áit brabúsacht cuideachtaí a tháirgeann breosla. Sa chás sin, is léir gurb iad torthaí airgeadais cuideachtaí atá ag feidhmiú san earnáil tionscail chéanna (táirgeadh ceimiceán orgánach) le táirgeoirí bithdhíosail an athróg ionadach is iomchuí do chostais SGA agus brabús na dtáirgeoirí a úsáideann an modh hidreachóireála.

(123)

Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh.

(124)

Tar éis an nochta deiridh, d’athdhearbhaigh EcoCeres a mhaíomh maidir le meáchan na dtáirgeoirí ceimiceán orgánach agus costas SGA neamhshaofa agus brabús á gcinneadh (féach aithris (103)(d)). Go háirithe, chuir an chuideachta in iúl líon na dtáirgeoirí ceimiceán orgánach (93 chuideachta) i gcomparáid leis na táirgeoirí bithdhíosail (7) sa tacar sonraí.

(125)

Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh agus dheimhnigh sé a chonclúidí a rinneadh in aithris (113). Go háirithe, mheas sí go raibh líon na gcuideachtaí neamhábhartha. Ina ionad sin, meáchan chostas na n-earraí a díoladh i gcás táirgeoirí bithdhíosail sa ríomh, ba é sin a chinntigh go raibh sé ionadaíoch.

(126)

Ar deireadh, ina bharúlacha maidir leis an nochtadh deiridh, thug EcoCeres na barúlacha seo a leanas a bhain go sonrach le cuideachtaí a áiríodh agus costais SGA agus brabús neamhshaofa á gcinneadh:

(a)

Costas SGA agus/nó brabús roinnt cuideachtaí a bhfuarthas an fhaisnéis airgeadais ina leith ó bhunachar sonraí Orbis, bhí sé míréasúnta ard.

(b)

Ní raibh cuid de na cuideachtaí a bhfuarthas an fhaisnéis airgeadais ina leith ó Orbis ina dtáirgeoirí ceimiceán orgánach, i.e. bhí a n-aicmiú faoi chód NACE 20.14 mícheart. Chun tacú leis an maíomh sin, chuir an chuideachta ráiteas airgeadais 38 gcuideachta isteach.

(c)

Níor cheart Oleochemicals Pacific Sdn Bhd a eisiamh ó bhreithniú cé nár aicmíodh é faoi chód NACE 20.14 in Orbis toisc go bhféadfadh an t-aicmiú sa bhunachar sonraí a bheith mícheart agus go léirítear ina ráiteas airgeadais gur cheart é a aicmiú mar tháirgeoir ceimiceán orgánach. D’athdhearbhaigh an chuideachta an maíomh sin tar éis an nochta deiridh bhreise.

(d)

Faisnéis airgeadais FIMA Biodiesel Sdn Bhd, d’fhág an Coimisiún ar lár de thaisme í san fhoirmle lenar ríomhadh an meánchostas ualaithe SGA agus an meánbhrabús.

(127)

Scrúdaigh an Coimisiún na barúlacha agus, i gcás inarb iomchuí, leasaigh sé cinneadh costais SGA agus brabúis neamhshaofa mar a leanas:

(a)

Bhain an Coimisiún den ríomh na cuideachtaí ag a bhfuil costas SGA agus brabús atá míréasúnta ard, agus atá sa liosta a chuir EcoCeres ar fáil ina bharúlacha, chomh maith le cuideachtaí a raibh costas SGA diúltach ag baint leo, rud a measadh a bheith míréasúnta freisin.

(b)

Bhain an Coimisiún den ríomh na cuideachtaí a measadh nach táirgeoirí ceimiceán orgánach iad.

(c)

Cheartaigh an Coimisiún an earráid chléireachais agus chuir sé faisnéis airgeadais FIMA Biodiesel Sdn Bhd san áireamh san fhoirmle ábhartha.

(128)

Cuireadh Ecoceres agus páirtithe leasmhara ar an eolas faoi na hathruithe thuas trí nochtadh breise agus tugadh deis dóibh barúil a thabhairt.

(129)

Dhiúltaigh an Coimisiún don iarraidh Pacific Oleochemicals Sdn Bhd a áireamh i ríomh costais SGA agus brabúis neamhshaofa. Go deimhin, aicmíodh an chuideachta faoi chód aicmithe tionsclaíoch difriúil agus ní raibh aon fhianaise ag an gCoimisiún ar an gcomhad a léiríonn go cinnte gur cheart príomhghníomhaíochtaí na cuideachta a aicmiú faoi chód NACE 20.14, is é sin monarú buncheimiceán orgánach eile.

(b)   Costas a bhaineann le hiompar agus a chuimsítear i gcostas SGA

(130)

Tar éis an nochta shealadaigh, d’athdhearbhaigh EcoCeres a mhaíomh maidir leis an gcostas a bhaineann le hiompar agus a chuimsítear sna costais neamhshaofa SGA a d’úsáid an Coimisiún. Ina leith sin, thagair sé don fhíoras go ndearnadh an chomparáid idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin ar leibhéal an phraghais díreach ón monarcha agus do bhreith na Cúirte Ginearálta in Sinopec Chongqing SVW Chemical (57) inar dheimhnigh an Chúirt nach mór don Choimisiún a áirithiú gur asbhaineadh an costas iompair ó chostais SGA na gcuideachtaí a úsáideadh chun an tagarmharc a ríomh.

(131)

Bhain an Coimisiún úsáid as meascán de ráitis airgeadais ón gclárlann áitiúil agus de shonraí airgeadais ó bhunachar sonraí Orbis. I bhfianaise go bhféadfaí costas a bhaineann le hiompar a chuimsiú i ‘[g]costais díola’ sna ráitis airgeadais nó ‘costais oibriúcháin eile’ in Orbis, ní gá go gciallaíonn sé sin gur thabhaigh na cuideachtaí atá i gceist an costas sin. Go deimhin, as 19 sraith de ráitis airgeadais a bhí ar fáil go héasca san imscrúdú seo, níor thuairiscigh ach cuideachta amháin sna Nótaí a ghabhann lena ráitis airgeadais gur thabhaigh sí costas iompair. Mar a mhínítear cheana féin in aithris (280) den Rialachán sealadach, i gcás na cuideachta sin, d’asbhain an Coimisiún an costas a bhain le hiompar ó chostais SGA na cuideachta a úsáideadh agus costais neamhshaofa SGA á ríomh.

(132)

Thairis sin, mar a mhínítear in aithris (295) den Rialachán sealadach, roghnaigh an Coimisiún comparáid a dhéanamh idir an praghas onnmhairiúcháin agus an gnáthluach ar leibhéal na trádála díreach ón monarcha. Mar a mhínítear in aithrisí (291) agus (296) den Rialachán sealadach, suíodh an gnáthluach ar leibhéal na trádála díreach ón monarcha trí úsáid a bhaint as costais táirgthe mar aon le méideanna le haghaidh SGA agus brabús, a measadh a bheith réasúnta don leibhéal trádála sin. Dá bhrí sin, ní raibh gá le coigeartuithe chun an gnáthluach a ghlanluacháil ar ais go dtí an leibhéal díreach ón monarcha.

(133)

Ina breithiúnas in CCCME, a tháinig i ndiaidh an Bhreithiúnais in Sinopec, mheabhraigh an Chúirt Ghinearálta ar dtús, i gcomhréir leis an gcásdlí, má éilíonn páirtí coigeartuithe faoi Airteagal 2(10) den bhun-Rialachán chun go mbeidh an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin inchomparáide chun an corrlach dumpála a chinneadh, nach mór don pháirtí sin a chruthú go bhfuil údar lena éileamh. Is orthu siúd ar mian leo brath ar na coigeartuithe sonracha a liostaítear in Airteagal 2(10)(a) go (k) den bhun-Rialachán atá an dualgas a chruthú nach mór na coigeartuithe sin a dhéanamh (58). Dá bhrí sin, sa chás sin, mar atá san imscrúdú seo, ba faoi na páirtithe leasmhara a bhí sé, i gcomhréir leis an gcásdlí sin, an gá atá leis an gcoigeartú a iarradh a léiriú mar thaca le fianaise a thug siad ar aird le linn an imscrúdaithe (59).

(134)

Dhearbhaigh an Chúirt Ghinearálta ansin gur cheart a thabhairt faoi deara, cé go mb’fhéidir go bhféadfadh an cleachtas lena ndéantar coigeartuithe a bheith riachtanach, faoi Airteagal 2(10) den bhun-Rialachán, chun difríochtaí a chur san áireamh, ar difríochtaí iad atá idir an praghas onnmhairiúcháin agus an gnáthluach agus lena ndéantar a difear dá n-inchomparáideacht, nach féidir asbhaintí den sórt sin a dhéanamh i leith luach atá ríofa agus nach bhfuil, dá bhrí sin, ina fhíorluach. De ghnáth, ní bhíonn tionchar ag tosca a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh d’inchomparáideacht an luacha ar an luach féin, toisc gur bunaíodh go saorga é (60). Thairis sin, mar a tharla i gcás CCCME, sa chás faoi chaibidil, le ríomh an ghnáthluacha in aghaidh an chineáil táirge ar bhonn ‘an phraghais díreach ón monarcha’, cuimsíodh méid réasúnta le haghaidh chostais SGA agus ní raibh aon fhaisnéis ar fáil a léirigh gur cuimsíodh, le costais SGA de chuid chuideachtaí na Malaeisia lena mbaineann, costais iompair don seachadadh chuig custaiméirí. Mar a mhínítear in aithris (131), cibé uair a cuireadh fianaise den sórt sin i láthair, coigeartaíodh na sonraí dá réir. Dá bhrí sin, i bhfianaise dhiscréid an Choimisiúin i gcur i bhfeidhm Airteagal 2(10) den bhun-Rialachán (61) chloígh cur chuige an Choimisiúin leis an gcásdlí is déanaí a bhaineann le maímh gan bhunús go bhfuil costais iompair san áireamh i gcostais SGA a úsáidtear chun an gnáthluach a ríomh faoi Airteagal 2(6a)(a), ar costais iad a mheasann an Coimisiún a bheith réasúnach le haghaidh leibhéal na trádála díreach ón monarcha. Diúltaíodh, dá bhrí sin, don maíomh.

(c)   Costais neamhshaofa athbhreithnithe SGA agus brabús

(135)

I bhfianaise na mbarúlacha maidir leis an nochtadh sealadach a dtugtar aghaidh orthu in aithrisí (98) go (134), ba é 5,88 % agus 11,78 % faoi seach costas SGA agus brabús neamhshaofa leasaithe. Maidir leis na méideanna i gcomhair costais SGA agus i gcomhair brabúis a bhí bunaithe ar na rátaí sin, mheas an Coimisiún go raibh siad réasúnta le haghaidh leibhéal na trádála díreach ón monarcha.

3.2.3.   Ríomh

(a)   Costas cuideachtaí a úsáid

(136)

Ag an gcéim shealadach, ghlac an Coimisiún le hiarrataí áirithe ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte go n-úsáidfí a gcostas féin chun an gnáthluach a ríomh i gcás ina raibh na cuideachtaí in ann a chruthú gur ceannaíodh ionchuir áirithe faoi dhálaí an mhargaidh, i gcás inar allmhairíodh na hionchuir sin ó thríú tír go díreach, gan aon bhaint ag idirghabhálaí de chuid na Síne leo, nach raibh baint ag na soláthróirí leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin, go ndearnadh na praghsanna a chaibidliú agus a íoc in airgeadra eachtrach.

(137)

Níor ghlac an Coimisiún, áfach, le costas OCÚ agus EMOP de thionscnamh na hIndinéise i gcomhréir lena chonclúidí maidir le costas neamhshaofa OCÚ agus EMOP a chinneadh, rud a phléitear in aithrisí (232), (238) agus (263) den Rialachán sealadach.

(138)

Tar éis an nochta shealadaigh, d’athdhearbhaigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte nach raibh údar le cur chuige den sórt sin. Ós rud é gur bhain an réasúnaíocht mhionsonraithe le faisnéis cuideachta-shonrach, thug an Coimisiún aghaidh ar na barúlacha sna nochtaí cinntitheacha cuideachta-shonracha faoi seach.

(139)

Agus na breithnithe a shonraítear in aithrisí (56) go (59) maidir le costas neamhshaofa OCÚ agus EMOP a chinneadh á gcur san áireamh, dhíbh an Coimisiún na maímh a luaitear in aithris (138).

(b)   Costas neamhshaofa agus brabús

(140)

Tar éis an nochta shealadaigh, thug Jiaao barúil faoin modheolaíocht a chuir an Coimisiún i bhfeidhm agus costas neamhshaofa á chur in ionad chostas na gcineálacha éagsúla bunábhar a d’úsáid an grúpa. Rinne an grúpa moltaí maidir leis an tagarmharc ba cheart a chur i bhfeidhm chun costas neamhshaofa na mbunábhar sin a léiriú. An tráth céanna, thug an grúpa tuairisc ar na bunábhair sin mar chineálacha éagsúla OCÚ.

(141)

Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh toisc gur dhíol an grúpa bithdhíosal leis an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin a bhí déanta as bunábhair éagsúla. Bhí an doiciméadacht díola chomhfhreagrach ina tacaíocht leis sin, mar aon leis an deimhniú inbhuanaitheachta a fuair Jiaao (62). Dá bhrí sin, níorbh iomchuí tagarmharc aonair a úsáid le haghaidh na gcineálacha bunábhar uile. Mar a mhínítear i roinn 3.1, thug an Coimisiún faoi deara go raibh neamhréireachtaí sna bunábhair a taifeadadh i gcuntais an ghrúpa, sna doiciméid cheannaigh faoi seach, agus a tuairiscíodh san fhaisnéis a soláthraíodh faoi chuimsiú an imscrúdaithe seo. D’úsáid an Coimisiún fíorais a bhí ar fáil agus chuir sé an costas neamhshaofa ón tír ionadaíoch i bhfeidhm ar bhealach chun go gcuirfí deireadh leis an riosca go ndéanfaí tearcluacháil ar an ngnáthluach.

(142)

Níor cuireadh na mionsonraí ó mhaíomh Jiaao a shonraítear in aithris (140) isteach ach amháin sa leagan íogair de bharúlacha an ghrúpa maidir leis an nochtadh sealadach. Dá bhrí sin, phléigh an Coimisiún go mion na barúlacha sa nochtadh cinntitheach cuideachta-shonrach.

(143)

Tar éis an nochta shealadaigh, d’áitigh EcoCeres gur fhág an cur chuige a ghlac an Coimisiún i gcás sonrach an ghrúpa gur comhaireadh costais SGA agus brabús faoi dhó. Níor soláthraíodh mionsonraí an mhaímh ach amháin sa leagan íogair den aighneacht ón ngrúpa. Dá bhrí sin, pléadh an maíomh go mion sa nochtadh cinntitheach cuideachta-shonrach.

(144)

Ina leith sin, ba é conclúid an Choimisiúin gur léirigh sé eilimintí uile na gcostas a bhí ábhartha don leibhéal trádála díreach ón monarcha ar ar ríomhadh an gnáthluach, agus gur léiríodh an brabús agus an gnáthluach á ríomh gan aon chomhaireamh dúbailte ar eilimintí na gcostas sin ná ar bhrabús den sórt sin. Dá réir sin, dhiúltaigh an Coimisiún do mhaíomh an pháirtí a shonraítear in aithris (143).

(c)   Costas iompair

(145)

Tar éis an nochta shealadaigh, thug roinnt táirgeoirí onnmhairiúcháin barúlacha uathu freisin faoin modheolaíocht a chuir an Coimisiún i bhfeidhm chun luach an chostais neamhshaofa ag geata monarchan sa tír ionadaíoch a chinneadh, a mhéid a bhaineann sé le costas ionchur áirithe a iompar ón teorainn chuig geata na monarchan.

(146)

I gcás ina raibh údar leis, chuir an Coimisiún na barúlacha sin san áireamh agus rinne sé athbhreithniú ar ríomh an chostais iompair. I bhfianaise chineál cuideachta-shonrach íogair na faisnéise sin, nochtadh na mionsonraí do na táirgeoirí onnmhairiúcháin dá ndearnadh difear, sna nochtaí cinntitheacha cuideachta-shonracha.

(d)   Coigeartú i leith fotháirgí

(147)

Agus an gnáthluach á shuí ag an gcéim shealadach, rinne an Coimisiún an gnáthluach a choigeartú i leith luach neamhshaofa fotháirgí i gcás inarb iomchuí. Sa chás seo, bhí na fotháirgí de chineál a d’fhág nár athúsáideadh iad sa táirgeadh bithdhíosail ach gur díoladh le tríú páirtithe iad. Dá bhrí sin, asbhaineadh luach neamhshaofa na bhfotháirgí ón ngnáthluach, agus níor asbhaineadh é ó luach neamhshaofa na n-ábhar a úsáidtear sa táirgeadh bithdhíosail.

(148)

Ina bharúlacha maidir leis an réamhnochtadh agus leis an nochtadh sealadach, mhaígh Jiaao an méid seo a leanas:

(a)

Is rud é ídiú na n-ionchur atá bainteach leis an fotháirge nach mbaineann le hábhar ó thaobh dhíolacháin an fhotháirge de toisc go n-úsáidtear na hionchuir sa táirgeadh bithdhíosail go comhuaineach.

(b)

Faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, déanfaidh an Coimisiún an gnáthluach a ríomh trí úsáid a bhaint as costais agus praghsanna neamhshaofa. Ní cheadaítear, áfach, coigeartú a dhéanamh ar an ngnáthluach bunaithe ar luach neamhshaofa an fhotháirge.

(c)

Bhí an Coimisiún mícheart luach neamhshaofa an fhotháirge a asbhaint ón ngnáthluach, luach ina bhfuil ní hamháin costas na n-ionchur, an fhuinnimh, an tsaothair, na bhforchostas monaraíochta, ach costais SGA agus an brabús freisin. A mhalairt go deimhin, ba cheart don Choimisiún cainníocht na n-ionchur a úsáidtear i dtáirgeadh na bhfotháirgí a asbhaint agus ansin glanchainníocht na n-ionchur a úsáid chun gnáthluach an táirge faoi imscrúdú a chinneadh.

(149)

Ar an gcéad dul síos, is mian leis an gCoimisiún an neamhréireacht i réasúnaíocht Jiaao a thabhairt chun suntais, réasúnaíocht lenar mhaígh an grúpa ar thaobh amháin nach mbaineann ídiú na n-ionchur le hábhar ó thaobh dhíolacháin na bhfotháirge de toisc go n-úsáidtear na hionchuir sa táirgeadh bithdhíosail go comhuaineach. Ar an taobh eile, áfach, d’áitigh an grúpa gur cheart don Choimisiún cainníocht na n-ionchur a ídíodh i dtáirgeadh na bhfotháirgí a asbhaint ón gcainníocht iomlán ídithe a tuairiscíodh.

(150)

In aon chás, lean an Coimisiún a chleachtas bunaithe agus an coigeartú i leith fotháirgí á chur i bhfeidhm aige. I gcás ina ndíoltar fotháirge le tríú páirtithe, bíodh sé ina pháirtí comhlachaithe nó ná bíodh, léiríonn a luach neamhshaofa ó thír ionadaíoch luach díola an fhotháirge, seachas costas an fhotháirge. Tá luach díola neamhshaofa den sórt sin comhdhéanta de chostas an táirgthe, de chostais SGA agus de bhrabús tháirgeoir an fhotháirge sin. Dá bhrí sin, ní mór luach neamhshaofa fotháirge den sórt sin a asbhaint ó luach iomlán gnáthluacha ríofa.

(151)

Dá réir sin, dhiúltaigh an Coimisiún do mhaímh Jiaao maidir leis an gcoigeartú i leith fotháirgí.

3.3.   Corrlaigh dhumpála

(152)

Mar a shonraítear in aithrisí (48) go (151), tar éis maímh a fháil ó pháirtithe leasmhara, rinne an Coimisiún athbhreithniú ar na corrlaigh dhumpála.

(153)

Seo a leanas na corrlaigh dhumpála chinntitheacha arna sloinneadh ina gcéatadáin den phraghas costais, árachais agus last-táille (CAL) ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht a íoc:

Cuideachta

Corrlach dumpála cinntitheach

Grúpa EcoCeres:

ECO Biochemical Technology (Zhangjiagang) Co. Ltd.

EcoCeres Limited

10,0

Grúpa Jiaao:

Zhejiang EastRiver Energy S&T Co., Ltd.

Zhejiang Jiaao Enproenergy Co., Ltd.

Jiaao International Trading (SINGAPORE) PTE. Ltd.

35,6

Grúpa Zhuoyue:

Longyan Zhuoyue New Energy Co. Ltd.

Xiamen Zhuoyue Biomass Energy Co., Ltd.

23,4

Cuideachtaí comhoibríocha eile a liostaítear san Iarscríbhinn

21,7

Na hallmhairí uile eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

35,6

4.   DÍOBHÁIL

4.1.   Sainiú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais

(154)

Tar éis an nochta shealadaigh, thug EcoCeres athruithe dá aire ar mhacrashonraí EBB (mar atá, laghdú ar mhéideanna díolachán) agus líomhain sé, trí na figiúirí maicreacnamaíocha a eachtarshuí bunaithe ar shonraí faoi chomhaltaí EBB agus/nó faoi chliaint ionadaithe dlíthiúla EBB agus ar na sonraí sin amháin, go raibh macrashonraí neamhionadaíoch do thionscal an Aontais ina iomláine agus go raibh siad laofa.

(155)

Thug an Coimisiún dá aire gur thug EBB na macrashonraí cothrom le dáta de thoradh na mbotún a sainaithníodh le linn na cuairte fíorúcháin. Ba é conclúid an Choimisiúin go raibh na macrashonraí sin ionadaíoch do thionscal an Aontais. Ar an gcéad dul síos, níor chaith EcoCeres amhras ar aithris (2) den Rialachán sealadach maidir le hionadaíocht EBB a mhéid a bhaineann le tionscal bithdhíosail an Aontais. Ar an dara dul síos, maidir le heachtarshuíomhanna EBB, bhí siad bunaithe ar shampla cuideachtaí a bhfuil breis agus 40 % de tháirgeacht an Aontais acu agus ní raibh ach le dhá tháscaire i gceist leo. Ba tháscairí iad na táscairí sin nár aimsigh EBB aon sonraí malartacha ina leith, i.e. fostaíocht agus an méid díolachán san Aontas. (63)

(156)

Tar éis an nochta shealadaigh, ní raibh CCCMC ar aon tuairim go raibh freagairt EBB ar an macraicheistneoir ina fianaise dhearfach chomhlíontach de réir EDT. Líomhain an páirtí go raibh an cás seo ar aon dul le AE – Bithdhíosal (an Airgintín) (DS473 (64)) agus nár thug aon rud le tuiscint gur fheidhmigh an Coimisiún ‘cúram faoi leith’ chun a áirithiú go raibh sonraí EBB cruinn. Cháin CCCMC an ráiteas ón gCoimisiún in aithris (308) den Rialachán sealadach inar cuireadh in iúl nár thug aon pháirtí barúlacha uaidh faoi figiúr EBB maidir le táirgeacht an Aontais ar an bhforas gur cuireadh an leagan deireanach isteach i bhfad tar éis dhul in éag an sprioc-am chun faisnéis a chur isteach, ar faisnéis í a bhí ábhartha don chéim shealadach (agus, dá bhrí sin, nach raibh aon dearbhú ag CCCMC go mbeadh barúlacha measta ag an gCoimisiún chun críoch an Rialacháin shealadaigh). Cháin CCCMC easpa na sonraí maidir le meastacháin an Choimisiúin ar BEI agus faoin gcaoi ar bhailigh an soláthraí faisnéise margaidh Stratas sonraí, is é sin, go raibh sé ag cuimhneamh ar an mbearna idir tomhaltas iomlán an Aontais arna shuí ag Stratas (ar fáil in t24.004736) agus an tomhaltas sin arna shuí ag an gCoimisiún (féach tábla 2 den Rialachán sealadach).

(157)

Thug an Coimisiún dá aire gur machnamh ar fhíoras atá déanta in aithris (308) den Rialachán sealadach agus, go deimhin, nár thug aon pháirtí barúlacha uaidh faoi fhigiúr EBB maidir le táirgeacht an Aontais ag aon chéim den imeacht. Níor mhol CCCMC figiúirí (malartacha) riamh maidir le táirgeacht bithdhíosail an Aontais. Ina áit sin, bhí CCCMC ag brath ar na figiúirí a chuir an Coimisiún chun cinn, mar a léirítear i mbarúlacha CCCMC maidir leis an nochtadh sealadach. (65) Rinne an Coimisiún cros-seiceáil ar na sonraí uile maidir le táirgeacht an Aontais a bhí ar fáil sa chomhad tráth na céime cinntithí agus dheimhnigh sé gur é 14 775 455 thona táirgeacht iomlán an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

(158)

Soláthraítear sonraí faoi mheastacháin an Choimisiúin ar BEI i roinn 4.5.2.1.

(159)

In éagmais barúlacha eile, deimhníodh na breithnithe in aithrisí (305) go (309) den Rialachán sealadach.

4.2.   Barúil ghinearálta

(160)

Tar éis an nochta shealadaigh, rinne EcoCeres ráiteas ginearálta á chur in iúl nár chomhaontaigh sé leis an diúltú ón gCoimisiún anailís de réir deighleog a dhéanamh lena ndéanfaí idirdhealú idir EMAS agus OGH agus mheabhraigh sé a bharúlacha maidir leis sin an 2 Eanáir 2024. (66)

(161)

Tar éis an nochta shealadaigh a dhéanamh, d’athdhearbhaigh CCCMC a iarraidh, i gcás nach n-eiseofaí OGH ó raon feidhme an imscrúdaithe, gur cheart scrúdú ar leithligh a dhéanamh ar OGH agus EMAS. De réir CCCMC, sháraigh an Coimisiún dlí EDT sa mhéid nach raibh réasúnú ná míniú leormhaith sa Rialachán sealadach ar na cúiseanna ar diúltaíodh anailís díobhála de réir deighleog a dhéanamh. Ina theannta sin, d’áitigh CCCMC gur fhág easpa na hanailíse de réir deighleog go raibh torthaí na díobhála ar neamhréir le hoibleagáid an Choimisiúin faoi dhlí EDT scrúdú oibiachtúil a dhéanamh bunaithe ar fhianaise dhearfach.

(162)

Mheabhraigh an Coimisiún go ndearnadh scrúdú ar gach coinníoll ina cheann agus ina cheann leis an Rialachán sealadach chun féachaint cé acu a bheadh údar le hanailís díobhála de réir deighleog sa chás seo nó nach mbeadh. Is de chineál ginearálta iad líomhaintí EcoCeres agus CCCMC agus ní féidir na hargóintí mionsonraithe faoi gach coinníoll ar a ndéantar anailís sa Rialachán sealadach a fhrisnéis leo. Ní féidir na himthosca san imscrúdú a rinne údaráis na Ríochta Aontaithe TD0004 (67), ar thagair EcoCeres dóibh, a eachtarshuí sa chás atá faoi chaibidil, ós rud é nach raibh aon táirgeadh OGH sa Ríocht Aontaithe. Dá bhrí sin, dhíbh an Coimisiún an iarraidh ar anailís díobhála de réir deighleog ar EMAS agus OGH agus dheimhnigh sé na breithnithe sa Rialachán sealadach ar dá réir nach bhfuil aon chúis ann go mbeadh údar le hanailís díobhála de réir deighleog sa chás seo.

(163)

In éagmais barúlacha eile, deimhníodh na breithnithe in aithrisí (310) go (317) den Rialachán sealadach.

4.3.   Tomhaltas an Aontais

(164)

Bhí tionchar beag ag an gceartú a rinneadh i dtábla 6, dá dtagraítear i roinn 4.5.2.2 thíos ar thábla 2 den Rialachán sealadach. Is mar a leanas atá tábla cinntitheach 2:

Tábla 2

Tomhaltas an Aontais (tonaí)

 

2020

2021

2022

An tréimhse imscrúdúcháin

Tomhaltas iomlán an Aontais

17 052 598

17 411 472

17 960 232

18 332 799

Innéacs (2020 = 100)

100

102

105

108

Foinse:

EBB, Comext, GTA.

(165)

Tar éis an nochta shealadaigh, shonraigh CCCMC gur cheart an tomhaltas a ríomh trí dhíolacháin iomlána thionscal an Aontais a shuimiú, plus allmhairí isteach san Aontas lúide onnmhairí iomlána bithdhíosail an Aontais. Dhíbh an Coimisiún an togra toisc nár chaith aon rud amhras ar iontaofacht na modheolaíochta a shonraítear in aithris (318) den Rialachán sealadach.

4.4.   Allmhairí ón tír lena mbaineann

4.4.1.   Méid agus sciar de mhargadh na n-allmhairí ón tír lena mbaineann

(166)

Bhí tionchar beag ag an gceartú a rinneadh i dtábla 6, dá dtagraítear i roinn 4.5.2.2 thíos ar an sciar den mhargadh le linn na tréimhse imscrúdúcháin a foilsíodh i dtábla 3 den Rialachán sealadach. Is mar a leanas atá tábla cinntitheach 3:

Tábla 3

An méid allmhairí (tonaí) agus an sciar den mhargadh

 

2020

2021

2022

An tréimhse imscrúdúcháin

An méid allmhairí ón tír lena mbaineann (tonaí)

926 695

494 931

973 288

1 480 855

Innéacs (2020 = 100)

100

53

105

160

Sciar den mhargadh

5,4  %

2,8  %

5,4  %

8,1  %

Innéacs (2020 = 100)

100

52

100

149

Foinse:

EBB, Comext.

(167)

In aighneacht dar dáta (68) an 26 Eanáir 2024, d’iarr CCCMC ar an gCoimisiún na sonraí allmhairiúcháin faireacháin a bhaineann leis an tréimhse imscrúdúcháin ar fad a chur ar fáil don pháirtí agus sa chomhad neamhrúnda. Dar leis an bpáirtí, ní fhéadfadh soláthar sonraí allmhairiúcháin bliantúla sa Rialachán sealadach a bheith cothrom (i) le hinfhaighteacht phras/rochtain thráthúil ar fhaisnéis arna hiarraidh ag céim luath den imeacht nó (ii) le deis iomchuí do pháirtithe leasmhara an fhaisnéis a úsáid agus a gcásanna á gcur i láthair acu. Tar éis an nochta shealadaigh, d’athdhearbhaigh CCCMC a iarraidh gur cheart don Choimisiún na sonraí allmhairiúcháin míosúla a chur ar fáil sa chomhad neamhrúnda. Sholáthair an Coimisiún méideanna míosúla allmhairí an bhithdhíosail ón tSín do CCCMC an 1 Deireadh Fómhair 2024.

(168)

In éagmais barúlacha eile agus tábla cinntitheach 2 á chur san áireamh, deimhníodh na breithnithe in aithrisí (321) go (325) den Rialachán sealadach.

4.4.2.   Praghsanna na n-allmhairí ón tír lena mbaineann, sladghearradh praghais agus srianadh praghsanna

(169)

De réir CCCMC, sháraigh an Coimisiún dlí EDT toisc nach raibh réasúnú ná míniú leormhaith sa Rialachán sealadach ar na cúiseanna ar diúltaíodh d’iarraidh CCCMC gan an anailís ar éifeachtaí praghais/sladghearradh praghais a dhíriú ar bhliain amháin den tréimhse faoi bhreathnú. Luaigh Chuir freisin go bhfuil oibleagáid dhearfach ar an gCoimisiún measúnú dinimiciúil a dhéanamh ar threochtaí sa ghaol idir praghsanna na n-allmhairí dumpáilte agus táirgí comhchosúla intíre (agus ar an gcaoi sin nár cheart do CCCMC údar a thabhairt le hiarraidh maidir le measúnú ar threochtaí sladghearrtha le linn na tréimhse iomláine faoi bhreathnú) agus dlí-eolaíocht EDT, is é sin gur cuireadh locht ar údarás imscrúdúcháin Mharacó as sonraí a bhailiú ar feadh 4 bliana chun críoch an mheasúnaithe díobhála, ach gur cuireadh teorainn leis an measúnú ar shladghearradh go dtí an 12 mhí dheireanacha (69)(DS578). D’áitigh CCCMC nach bhfuil coinne leis go rachaidh páirtithe leasmhara i mbun cúlríomhanna, líomhain sé nach bhfuil siad in ann barúil fhóinteach a thabhairt ar an anailís sladghearrtha agus d’iarr sé leagan neamhrúnda mionsonraithe lena léireofaí gur aimsíodh sladghearradh i gcás 100 % de na méideanna allmhairithe ó chuideachtaí sampláilte. Ina leith sin, líomhain CCCMC go raibh neamhréir idir bascaed na n-allmhairí is ábhar don imscrúdú agus bascaed táirgí comhchosúla de chuid an Aontais a luaitear in aithris (329) den Rialachán sealadach agus go raibh praghsanna allmhairiúcháin na Síne i dtábla 4 níos airde ná praghsanna díola ag táirgeoirí de chuid an Aontais i dtábla 8 den Rialachán sealadach.

(170)

Dhiúltaigh an Coimisiún do mhaíomh CCCMC. Thug an Coimisiún dá aire gurbh amhlaidh a bhíothas in ann, leis na sonraí a bailíodh le linn an imscrúdaithe, ríomhanna sladghearrtha mionsonraithe a dhéanamh don tréimhse imscrúdúcháin agus di sin amháin. Is rud é sin a d’fhág nár cuireadh cosc ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar threochtaí sa ghaol idir praghsanna allmhairí dumpáilte agus táirgí comhchosúla intíre le linn na tréimhse iomláine faoi bhreathnú, a mhéid a bhailigh an Coimisiún sonraí ó chuideachtaí sampláilte don tréimhse iomlán faoi bhreathnú, agus a chuir sé táblaí 4 agus 8 i láthair agus a thug sé míniú orthu sa Rialachán sealadach. Bhí meascán táirgí agus méideanna díolachán coibhneasta tháirgeoirí sampláilte an Aontais comhsheasmhach i gcaitheamh na tréimhse faoi bhreathnú agus ní thugann aon rud le fios sa chomhad go raibh an meascán táirgí d’allmhairí ón tSín faoi réir athrú suntasach sa tréimhse sin. Cé go raibh meascáin táirgí tháirgeoirí an Aontais agus tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne faoi seach difriúil ó chéile i gcaitheamh na tréimhse imscrúdúcháin, agus dá bhrí sin, nach féidir comparáid dhíreach a dhéanamh eatarthu, léiríonn comparáid idir na praghsanna díola a luaitear i dtáblaí 4 agus 8 go n-athraíonn an difríocht idir meánphraghsanna díola na Síne agus na hEorpa idir 170 EUR/tona agus 200 EUR/tona, cé is moite de 2022, bliain ina raibh an difríocht sin i bhfad níos lú. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara, leis an meánphraghas in aghaidh an aonaid a bhain le tionscal an Aontais i dtábla 8, gur cuimsíodh na cineálacha táirgí uile a bhí ar díol ag tionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Níorbh fhéidir comparáid dhíreach a dhéanamh idir na cineálacha táirgí sin uile a dhíol táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne agus níor measadh ach cineálacha táirgí arbh fhéidir comparáid dhíreach a dhéanamh eatarthu chun an sladghearradh a ríomh. Nuair a rinneadh an chomparáid ar leibhéal an chineáil táirge le haghaidh táirgí arbh fhéidir comparáid dhíreach a dhéanamh eatarthu, breathnaíodh meánleibhéal sladghearrtha 10.1 %.

(171)

Ós rud é go raibh na meascáin táirgí i gcás thionscal an Aontais agus na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin araon réasúnta cobhsaí i gcónaí i gcaitheamh na tréimhse faoi bhreathnú, is éard a d’fhágfadh difríocht chomhchosúil nó níos lú sa phraghas, i bhfabhar thionscal an Aontais (i gcás ina mbíonn an meánphraghas in aghaidh an aonaid bunaithe ar na cineálacha táirgí uile a dhíoltar ar mhargadh an Aontais) ná an difríocht sa phraghas a breathnaíodh sa tréimhse imscrúdúcháin, gur dócha fós go mbeadh táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne i mbun sladghearradh i gcás nach gcuirtear san áireamh ach amháin na cineálacha táirgí ar féidir comparáid dhíreach a dhéanamh eatarthu. Ar an mbonn sin, is dócha gur tharla sladghearradh freisin sna 3 bliana roimh an tréimhse imscrúdúcháin, ar leibhéil inchomparáide in 2020 agus 2021 agus ar leibhéal i bhfad níos airde is dócha in 2022. Dá bhrí sin, murab ionann agus an maíomh, is fíor go ndearna an Coimisiún measúnú dinimiciúil ar éifeachtaí praghsanna i gcaitheamh na tréimhse iomláine faoi bhreathnú. Mar sin féin, ós rud é go bhfuil na sonraí don tréimhse imscrúdúcháin i bhfad níos mionsonraithe ná na sonraí do na blianta roimhe sin, bhí an measúnú sin i gcás na mblianta roimh an tréimhse imscrúdúcháin bunaithe ar eachtarshuíomhanna réasúnta, bunaithe ar na sonraí agus ar an bhfaisnéis a bhí ar fáil don Choimisiún tráth an imscrúdaithe.

(172)

Maidir le ríomhanna mionsonraithe an tsladghearrtha a nochtadh, nocht an Coimisiún iad do na páirtithe sin a d’fhéadfadh barúil fhóinteach a thabhairt faoin aschur (ós rud é gur toradh é an corrlach sladghearrtha ar chomhdhlúthú sonraí a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin faoi rún agus faoin gcoinníoll sin amháin). Dheimhnigh an Coimisiún, mar a shonraítear in aithris (332) den Rialachán sealadach, gur suíodh sladghearradh a bheith i gceist i gcás 100 % de na méideanna allmhairithe ó chuideachtaí sampláilte, rud nach ionann agus a rá gur cuireadh 100 % de tháirgí comhchosúla arna ndéanamh ag tionscal an Aontais i gcomparáid le chéile. Leis na ríomhanna sladghearrtha mionsonraithe léiríodh, le linn na tréimhse imscrúdúcháin, go raibh meánphraghas díola an bhithdhíosail de dhéantús an Aontais a cuireadh i gcomparáid le hallmhairí ón tSín i bhfad níos airde ná an praghas díola i dtábla 8 den Rialachán sealadach, is é sin sa raon 1 590 – 2 400 EUR/tona.

(173)

D’áitigh grúpa Jiaao go raibh na costais iar-allmhairiúcháin a d’úsáid an Coimisiún as dáta agus níos ísle freisin ná mar a bhí siad i dtrí imscrúdú frithdhumpála roimhe (70). Dá mba rud é go seasfadh an Coimisiún ar dhul i muinín na gcostas iar-allmhairiúcháin a cinneadh in imscrúduithe frithdhumpála bithdhíosail roimhe, mhol an páirtí go mbeadh an cóimheas idir costais iar-allmhairiúcháin agus an praghas costais, árachais agus last-táille (CAL), i.e. 14,08 EUR/tona (71) ina thagarmharc níos iomchuí.

(174)

Mheas an Coimisiún gur le cás sonrach agus le táirge sonrach a bhain leibhéal na gcostas iar-allmhairiúcháin. In éagmais sonraí fíoraithe iontaofa i gcomhthéacs an imeachta seo, dheimhnigh an Coimisiún a iomchuí atá sé dul i muinín costais iar-allmhairiúcháin ó imscrúdú ar bhithdhíosal roimhe (72). Díbheadh maímh ghrúpa Jiaao.

(175)

Tar éis an nochta shealadaigh, d’iarr EcoCeres Group go ndéanfaí coigeartú ar na costais iar-allmhairiúcháin ó 8,5 EUR/tona go dtí 10 EUR/tona ar a laghad chun an boilsciú a tharla sa limistéar euro ó bhí 2018 ann a léiriú. In éagmais cruthúnais go raibh tionchar ag athruithe ar phraghsanna le haghaidh teaghlaigh ar chostais nár costais teaghlaigh iad amhail costais iar-allmhairiúcháin agus cruthúnas ar mhéid an tionchair sin, dhíbh an Coimisiún maíomh EcoCeres.

(176)

Thairis sin, sa bhreis ar an sladghearradh a shuí, chinn an Coimisiún freisin in aithris (365) den Rialachán sealadach go bhfeidhmíonn allmhairí na Síne sochtadh praghsanna ar phraghsanna thionscal an Aontais, rud a thugann ar thionscal an Aontais praghas nach bhfuil ach d’fhíorbheagán os cionn na gcostas a chur ar a dtáirgí lena ndíol agus, dá thoradh sin, gan brabús sláintiúil a bhaint amach. Deimhníodh freisin torthaí maidir le srianadh praghsanna ar an macraileibhéal leis na torthaí maidir le gearrdhíol suntasach i ndáil le gach táirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte sa tréimhse imscrúdúcháin. Mar a leagtar amach in aithris (232), bhí na corrlaigh gearrdhíola praghas idir 16,4 % agus 44,3 %. Dá bhrí sin, mar gheall ar shrianadh praghsanna rinne tionscal an Aontais díolacháin ag praghsanna nár chumhdaigh a gcostas táirgthe fiú gan trácht ar ghnáthchorrlach brabúis. Dá bhrí sin, deimhníodh na torthaí maidir le srianadh praghsanna ar na hallmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann ag céim chinntitheach.

(177)

In éagmais barúlacha eile, deimhníodh na breithnithe in aithrisí (326) go (332) den Rialachán sealadach.

4.5.   Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais

4.5.1.   Barúlacha ginearálta

(178)

In éagmais barúlacha eile, deimhníodh na breithnithe in aithrisí (333) go (337) den Rialachán sealadach.

4.5.2.   Táscairí maicreacnamaíocha

4.5.2.1.   Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

(179)

Tar éis an nochta shealadaigh, líomhain CCCMC gur sháraigh an Coimisiún a ghealltanais EDT (73) toisc nach raibh réasúnú ná míniú leormhaith sa Rialachán sealadach ar an mbonn chun cainníocht táirgeachta agus acmhainneacht táirgeachta an Aontais a chinneadh i gcás BEI dá dtagraítear i bhfonóta 167 den Rialachán sealadach. Ar mhaithe le soiléireacht, d’aisghair an Coimisiún téacs an fhonóta sin, arb é seo a leanas é: ‘Mar a luaitear in aithris (57), rinneadh BEI a eisiamh ón raon táirgí agus rinneadh méideanna BEI a eisiamh. Dá réir sin, ó mhacraifhreagairt EBB, d’asbhain an Coimisiún an táirgeacht mheasta BEI (i.e. 75 000 tona in 2022 agus 150 000 tona sa tréimhse imscrúdúcháin) agus an acmhainneacht mheasta le haghaidh BEI.’ Chinn an Coimisiún nach raibh údar le maíomh CCCMC. Is éard a bhí i modheolaíocht an Choimisiúin méid réasúnta (i.e. 150 000 tona) a asbhaint ó mhacraifhreagairt EBB lenar léiríodh méid táirgeachta 14 925 455 thona sa tréimhse imscrúdúcháin, agus dá bhrí sin, is é 14 775 455 thona toradh na modheolaíochta, i.e. an figiúr ábhartha i dtábla 5 den Rialachán sealadach. Bhí na méideanna a asbhaineadh bunaithe ar an bhfaisnéis ab fhearr a bhí ar fáil don Choimisiún maidir le táirgeadh BEI san Aontas, lena n-áirítear faisnéis mhargaidh, sonraí ó tháirgeoirí de chuid an Aontais, meastacháin ó EcoCeres (74) agus an t-eolas coiteann gur tháinig méadú ar tháirgeadh BEI níos gaire do thús shainordú 2025. Tugtar faoi deara nár mhol CCCMC ná páirtithe eile modheolaíocht mhalartach chun méideanna BEI atá le heisiamh ó mhacrashonraí EBB a shuí.

(180)

De réir CCCMC, maidir leis an dearbhú sa Rialachán sealadach ‘gur tháinig laghdú suntasach’ ar na méideanna táirgeachta sa tréimhse imscrúdúcháin, ní raibh fianaise ag tacú leis sin. D’áitigh CCCMC freisin, in aon chás, nach bhféadfaí an milleán a chur ar allmhairí ón tSín as an laghdú sin. Thug an Coimisiún dá aire go raibh an laghdú ar an táirgeacht idir 2022 agus an tréimhse imscrúdúcháin follasach (- 3 %) agus gur cinnte go raibh sé sin ag teacht salach ar chás ina mbeadh méadú ag teacht ar an tomhaltas. Rinneadh anailís ar chúis an laghdaithe i roinn 5 den Rialachán sealadach.

(181)

In éagmais barúlacha eile maidir leis an roinn sin, deimhníodh na conclúidí in aithrisí (338) go (339) den Rialachán sealadach.

4.5.2.2.   An méid díolachán agus an sciar den mhargadh

(182)

Tar éis fhoilsiú an Rialacháin shealadaigh, chonaic an Coimisiún botúin chléireachais i dtábla 6. Ceartaítear Tábla 6 mar a leanas:

Tábla 6

An méid díolachán agus an sciar den mhargadh

 

2020

2021

2022

An tréimhse imscrúdúcháin

An méid díolachán ar mhargadh an Aontais (tonaí)

12 623 468

12 964 160

12 076 019

11 847 951

Innéacs (2020 = 100)

100

103

96

94

Sciar den mhargadh

74,0  %

74,5  %

67,2  %

64,6  %

Innéacs (2020 = 100)

100

101

91

87

Foinse:

EBB

(183)

Ina bharúlacha tar éis an nochta shealadaigh, thug CCCMC dá aire go raibh allmhairí ón tSín in 2022 ar an leibhéal céanna a bhí ann in 2020 agus luaigh sé freisin gur thosaigh leibhéal na ndíolachán arna dhéanamh ag táirgeoirí de chuid an Aontais ag dul i laghad nuair a bhí an leibhéal allmhairí ón tSín chomh híseal agus a bhí sé in 2020. Trí dhíriú ar 2022 agus 2020 agus ar na blianta sin amháin, thug CCCMC bréagléiriú ar an gcomhghaol idir éabhlóid na n-allmhairí ón tír lena mbaineann agus leibhéal na ndíolachán arna dhéanamh ag thionscal an Aontais. Agus forbairt an dá tháscaire díobhála sin i gcaitheamh iomlán na tréimhse faoi bhreathnú á cur san áireamh, is léir gur tháinig laghdú ar leibhéal na ndíolachán arna dhéanamh ag táirgeoirí de chuid an Aontais nuair a tháinig méadú ar allmhairí ón tSín (mar shampla 52 % idir 2022 agus an tréimhse imscrúdúcháin). Dá bhrí sin, dhíbh an Coimisiún an maíomh.

(184)

Ina bharúlacha tar éis an nochta shealadaigh, líomhain CCCMC gur chaill táirgeoirí de chuid an Aontais an chuid is mó dá sciar den mhargadh nuair a bhí sciar chomh híseal le 2,8 % den mhargadh ag allmhairí ón tSín. Dhíbh an Coimisiún an maíomh toisc gurbh í an tréimhse 2021 agus 2022 is mó ar chrap an sciar den mhargadh a bhí ag táirgeoirí an Aontais lena linn, nuair a thosaigh méadú suntasach ag teacht ar allmhairí ón tSín ( 96 % idir 2021 agus 2022).

(185)

In éagmais barúlacha eile maidir leis an roinn sin agus an leagan ceartaithe de thábla 6 á chur san áireamh, deimhníodh na conclúidí in aithrisí (340) go (341) den Rialachán sealadach.

4.5.2.3.   Fás

(186)

Sna barúlacha uaidh tar éis an nochta shealadaigh, chuir CCCMC in aghaidh chonclúid an Choimisiúin nach raibh aon fhás ann, ar an bhforas go léirítear i dtábla 11 den Rialachán sealadach gur tháinig méadú foriomlán + 14 % ar infheistíochtaí agus gur léiríodh san fhaisnéis a bhí ar fáil go poiblí torthaí maithe foriomlána ann i gcás na dtáirgeoirí sampláilte uile de chuid an Aontais chomh maith le Astra Bioplant, an táirgeoir an de chuid Aontais. Thug an Coimisiún dá aire go raibh preaseisiúint san fhaisnéis a bhí ar fáil go poiblí agus a sholáthair an páirtí, a foilsíodh tar éis na tréimhse imscrúdúcháin agus Thuarascálacha Bliantúla 2023 le haghaidh ghrúpa Eni ar fad agus Chevron Corporation (75), dá bhrí sin, ní fhéadfadh an fhaisnéis sin a bheith ina léiriú ar an staid ó thaobh tháirgeacht bithdhíosail an Aontais de le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Dhiúltaigh an Coimisiún do mhaíomh CCCMC.

(187)

In éagmais barúlacha eile maidir leis an roinn sin, deimhníodh na conclúidí in aithris (342) den Rialachán sealadach.

4.5.2.4.   Fostaíocht agus táirgiúlacht

(188)

Ina bharúlacha tar éis an nochta shealadaigh líomhain CCCMC gur sháraigh an Coimisiún a ghealltanais EDT (76) toisc gur theip air údar a thabhairt lena sheasamh go raibh an líon measta fostaithe a chuirtear i láthair i dtábla 7 den Rialachán sealadach, réasúnta cruinn agus leordhóthanach chun críoch an imscrúdaithe seo, d’ainneoin easnaimh a bheith ann. Níor chomhaontaigh an Coimisiún le CCCMC. Léirítear i dTábla 7 den Rialachán sealadach sonraí fostaíochta mar a thuairiscigh 31 táirgeoir bithdhíosail don ghearánach, chomh maith le heachtarshuíomh i gcás nár fhreagair táirgeoirí, bunaithe ar na figiúirí fostaíochta a sholáthair na freagróirí. Tugadh faoi deara sa Rialachán sealadach nár thuairiscigh na táirgeoirí uile de chuid an Aontais sonraí fostaíochta do EBB de réir an chur chuige chéanna agus gur ghá meastacháin áirithe a dhéanamh i gcás cuideachtaí neamhthuairiscithe. Níor mheas an Coimisiún gur geall le neamhbhailiú na bhfigiúirí fostaíochta a chuir EBB isteach an cás ó thaobh na meastachán sin de, ós rud é go ndearna an Coimisiún féin cuid shuntasach díobh a chros-seiceáil le linn na gcuairteanna fíorúcháin ar tháirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais agus ar an ngearánach. Níor sholáthair aon pháirtí leasmhar tacair eile sonraí a d’fhéadfadh amhras a chaitheamh ar na figiúirí fostaíochta a chuir EBB isteach nó lena bhféadfaí figiúirí eile a chur ina n-ionad, agus conclúidí an Choimisiúin a athrú.

(189)

Tar éis an nochta shealadaigh, d’athdhearbhaigh CCCMC gur comhartha soiléir tionscail shláintiúil é méadú ar an bhfostaíocht agus ansin chuir sé in aghaidh bhreithnithe an Choimisiúin in aithris (345) den Rialachán sealadach maidir le réasúnaíocht CCCMC faoin táirgiúlacht a bheith ag dul i laghad. D’áitigh CCCMC nárbh fhéidir dul i laghad na táirgiúlachta a chur i leith allmhairí ón tSín toisc gur tháinig an laghdú is mó (5 %) ar an táirgiúlacht in 2021, i.e. an bhliain ina raibh allmhairí ón tSín ar an leibhéal ab ísle le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Thug an Coimisiún dá aire an comhghaol soiléir idir an táirgiúlacht níos ísle sa dara cuid den tréimhse faoi bhreathnú agus an méadú ar allmhairí ón tSín idir 2022 agus an tréimhse imscrúdúcháin (+ 55 %) agus dhíbh sé na maímh ó CCCMC.

(190)

In éagmais barúlacha eile maidir leis an roinn sin, deimhníodh na conclúidí in aithrisí (343) go (345) den Rialachán sealadach.

4.5.2.5.   Méid an chorrlaigh dumpála agus téarnamh ó dhumpáil a tharla roimhe seo

(191)

In éagmais barúlacha maidir leis an roinn sin, deimhníodh na conclúidí in aithrisí (346) go (348) den Rialachán sealadach.

4.5.3.   Táscairí micreacnamaíocha

4.5.3.1.   Praghsanna agus tosca lena ndéantar difear do phraghsanna

(192)

Tar éis an nochta shealadaigh, dúirt CCCMC nár láidir an seasamh sna torthaí ón gCoimisiún gan anailís díobhála de réir deighleog agus ansin tharraing sé aird ar an méadú suntasach ar phraghsanna díola tháirgeoirí de chuid an Aontais (+ 69 %) ar an iomlán d’ainneoin allmhairí ón tSín a bheith ag méadú. Ina theannta sin, dúirt CCCMC nárbh fhéidir an milleán a chur ar allmhairí ón tSín as an mbearna luaineach idir praghsanna díola agus costas aonaid an táirgthe i dtábla 8 den Rialachán sealadach. Líomhain CCCMC freisin nach ndearnadh measúnú leormhaith ar thosca a dhéanann difear do phraghsanna, amhail an cumas costais a chur ar aghaidh chuig tomhaltóirí agus ardchostais sheasta mar gheall ar ró-acmhainneacht agus fostaíocht ard.

(193)

Thug an Coimisiún dá aire, fiú dá dtiocfadh ardú ar phraghsanna an Aontais agus dá mba luaineach an bhearna a bheadh ann idir meánphraghsanna díola an Aontais agus meánchostas aonaid an táirgthe, le linn na tréimhse imscrúdúcháin, nuair is airde bhí leibhéal na n-allmhairí ón tSín agus thomhaltas an Aontais freisin, nach raibh i gceist le meánphraghsanna díola thionscal an Aontais ach 2 Euro (nó 0,1 %) os cionn na gcostas, rud nach bhfuil inbhuanaithe. I gcomhthéacs ina bhfuil an t-éileamh ard agus margadh ar leith i gceist atá faoi cheangal ag spriocanna inbhuanaitheachta agus dícharbónaithe, ní raibh an Coimisiún ar aon tuairim nach nglacfadh custaiméirí le costais a bheith á gcur ar aghaidh ó tháirgeoirí. Chomhaontaigh an Coimisiún go dtiocfadh méadú ar chostais sheasta agus an méid táirgeachta ar leibhéal níos ísle, ach mar sin féin, ní rogha a bhí sa mhéid táirgeachta níos ísle sin ach freagairt riachtanach ó tháirgeoirí de chuid an Aontais ar rabharta allmhairí ar phraghas íseal ón tSín a comhaireadh faoi dhó i dtreo spriocanna áirithe fuinnimh in-athnuaite de chuid an Aontais, mar a mhínítear in aithris (329) den Rialachán sealadach.

(194)

In éagmais barúlacha eile maidir leis an roinn sin, deimhníodh na conclúidí in aithrisí (349) go (351) den Rialachán sealadach.

4.5.3.2.   Costais saothair

(195)

In éagmais barúlacha maidir leis an roinn sin, deimhníodh na conclúidí in aithrisí (352) go (353) den Rialachán sealadach.

4.5.3.3.   Fardail

(196)

In éagmais barúlacha nua maidir leis an roinn sin, deimhníodh na conclúidí in aithrisí (354) go (355) den Rialachán sealadach.

4.5.3.4.   Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, an toradh ar infheistíochtaí agus an cumas caipiteal a chruinniú

(197)

Tar éis an nochta shealadaigh, thug CCCMC dá aire nach ndearnadh measúnú ar chumas thionscal an Aontais caipiteal a chruinniú. Líomhain CCCMC freisin nach raibh comhghaol ann idir allmhairí ón tSín agus an díobháil a bhain do tháirgeoirí de chuid an Aontais toisc, nuair a tháinig laghdú ar allmhairí ón tSín in 2021, gur tháinig laghdú freisin ar bhrabúsacht tháirgeoirí an Aontais agus ar tháscairí eile freisin agus, nuair a tháinig méadú ar allmhairí ón tSín in 2022, gur éirigh níos fearr le táirgeoirí de chuid an Aontais. Ina theannta sin, d’áitigh an páirtí gur theip ar an gCoimisiún tosca díobhála a mheas i gcomhthéacs agus i dtaca le chéile, cuir i gcás, go mbeadh tionchar diúltach ag infheistíochtaí breise ar bhrabúsacht thionscal an Aontais, agus gur theip ar an gCoimisiún fianaise a chur san áireamh ar chosúil í a bheith ag teacht salach ar hipitéisí an Choimisiúin.

(198)

Maidir le cumas thionscal an Aontais caipiteal a chruinniú, thug an Coimisiún dá aire gur chuir an sreabhadh airgid an-diúltach ó 2021 bac air.

(199)

Ní raibh bunús leis an líomhain nach raibh comhghaol idir allmhairí ón tSín agus an díobháil a bhain do tháirgeoirí de chuid an Aontais. Mheabhraigh an Coimisiún gurbh idir 2022 agus an tréimhse imscrúdúcháin a bhí an laghdú ba mhó ar bhrabúsacht, i.e. nuair a shroich allmhairí ón tSín a leibhéal ab airde. An tráth sin, chuaigh brabúsacht thionscal an Aontais chomh híseal le 0,1 %, leibhéal atá i bhfad faoi bhun aon spriocbhrabús réasúnta.

(200)

Dhíospóid an Coimisiún go ndearna sé faillí i bhfianaise a bhí ag teacht salach ar a chuid anailísí. Níorbh fhéidir leis an gCoimisiún comhaontú go raibh eilimintí a bhí tugtha ar aird ag CCCMC ábhartha don imscrúdú, mar atá eachtarshuíomh CCCMC i leith na dtorthaí 2023 ó Chevron Corporation, corparáid fuinnimh ilnáisiúnta Mheiriceánach arb é ola agus gás a speisialtóireacht agus atá gníomhach i mbreis agus 180 tír, a mhéid a bhain le gníomhaíochtaí bithdhíosail tháirgeoir sampláilte an Aontais, is é sin, Chevron; nó eachtarshuíomh CCCMC i leith thorthaí 2023 ó chorparáid ilnáisiúnta fuinnimh na hIodáile Eni, arb é ola a speisialtóireacht agus atá gníomhach i mbreis agus 60 tír, a mhéid a bhain le gníomhaíochtaí bithdhíosail tháirgeoir sampláilte an Aontais, is é sin, (Bio)raffineria di Gela. Mheas an Coimisiún tosca díobhála i gcomhthéacs agus i dtaca le chéile agus, ina leith sin, níorbh fhéidir leis teacht ar an gconclúid go raibh tionchar diúltach ag infheistíochtaí breise ar bhrabúsacht thionscal an Aontais a mhéid a bhí tionchar ag infheistíochtaí fadtéarmacha nua ar an gclár comhardaithe le fírinne agus go raibh na costais dímheasa le haghaidh na n-infheistíochtaí sin íseal ar dtús.

(201)

In éagmais barúlacha eile maidir leis an roinn sin, deimhníodh na conclúidí in aithrisí (356) go (360) den Rialachán sealadach.

4.5.4.   Conclúid maidir le díobháil

(202)

Ina chonclúid a ghabh le barúlacha maidir leis an nochtadh sealadach, níor séan CCCMC gur chosúil go ndeachaigh táscairí díobhála áirithe a bhaineann le tionscal an Aontais in olcas le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(203)

In éagmais barúlacha eile maidir leis an roinn sin, dheimhnigh an Coimisiún a chonclúid in aithrisí (361) go (362) den Rialachán sealadach agus ba é a chonclúid chinntitheach gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán.

5.   CÚISÍOCHT

5.1.   Éifeachtaí na n-allmhairí dumpáilte

(204)

Líomhain Excellence New Energy B.V., an t-allmhaireoir comhlachaithe, go raibh praghsanna EMAS ag titim tar éis do bhearta sealadacha a bheith forchurtha, agus nárbh amhlaidh sin mar gheall ar bhithdhíosal ón tSín, ach mar gheall ar chúiseanna éagsúla eile amhail luaineachtaí timthrialla mhóir i margadh na dtáirgí ola, athruithe geopholaitiúla a leanann dá dtionchar ar an soláthar/éileamh, laghdú ar ola glasraí agus teacht chun cinn an mhargaidh OGH. Thug an Coimisiún dá aire nár dhochar iad teagmhais tar éis na tréimhse imscrúdúcháin don chonclúid go ndearna allmhairí dumpáilte ón tSín díobháil ábhartha do thionscal an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin, agus dá bhrí sin go raibh údar le bearta frithdhumpála a fhorchur.

(205)

Sna barúlacha a thug sé tar éis an nochta shealadaigh, shonraigh CCCMC go raibh ar an gCoimisiún a áirithiú go raibh allmhairí ón tSín agus táirgí intíre comhchosúla (EMAS bunaithe ar bharra agus ar bheatha ainmhithe den chuid is mó) inionadaithe a ndóthain sular shuigh sé gaolmhaireacht chúise idir allmhairí ón tSín agus díobháil ábhartha a bheith á déanamh do tháirgeoirí de chuid an Aontais. Rinne an Coimisiún tagairt do ranna 2.3 agus 2.4 den Rialachán sealadach, inar deimhníodh gur tháirgí comhchosúla agus inionadaithe iad allmhairí ón tSín agus táirgí intíre.

(206)

Beag beann ar chonclúid an Choimisiúin dá dtagraítear i roinn 4.5.4 den Rialachán sealadach, d’áitigh CCCMC nach raibh aon fheidhm mhíniúcháin ag allmhairí bithdhíosail ón tSín i ndáil leis na treochtaí diúltacha a léirítear le táscairí díobhála áirithe. Shonraigh CCCMC nár comhlíonadh an tástáil ar shannadh brabúis agus caillteanais, sa mhéid nach bhfuarthas torthaí dearfacha uirthi, toisc gur theip ar an gCoimisiún míniú a thabhairt ar an bhfáth a bhféadfaí an titim ar an sciar den mhargadh atá ag tionscal an Aontais a chur i leith allmhairí ón tSín, a raibh a sciar den mhargadh íseal agus níos costasaí ná allmhairí eile. D’áitigh CCCMC gur sháraigh an Coimisiún dlí EDT (77) toisc nach raibh aon mheasúnú neamhspleách sa Rialachán sealadach agus nach raibh aon réasúnaíocht (leormhaith) ann go raibh sochtadh praghsanna ar mhargadh an Aontais de thoradh allmhairí na Síne a líomhnaítear a bheith ar phraghas ‘íseal’, agus nach raibh tionscal an Aontais in ann ‘brabúis shláintiúla’ a dhéanamh de thoradh an tsochta sin. D’áitigh CCCMC nach féidir talamh slán a dhéanamh de go gcinnfí go raibh sochtadh praghsanna ann, agus gur léirigh praghsanna díola, praghsanna allmhairiúcháin, méideanna agus treochtaí éagsúla a léirítear sa Rialachán sealadach nach bhféadfadh allmhairí ón tSín riamh a bheith ina gcúis le sladghearradh praghais ná sochtadh praghsanna, toisc go raibh praghsanna allmhairiúcháin bithdhíosail ón tSín fós níos airde ná praghsanna an Aontais agus gur tháinig méadú 53 % orthu le linn na tréimhse faoi bhreathnú. De réir CCCMC, i bhfianaise go raibh na meánphraghsanna allmhairiúcháin ón tSín i bhfad níos airde ná na meánphraghsanna díola ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais, níor léir an bealach a raibh allmhairí is ábhar don imscrúdú ina gcúis le ‘sladghearradh’ nó ‘sochtadh’ praghsanna, nó gur cuireadh cosc ar ardú na meánphraghsanna intíre in aghaidh an aonaid de thoradh na n-allmhairí céanna.

(207)

Dhiúltaigh an Coimisiún do mhaíomh CCCMC thuas. Baineann na praghsanna díola i dtáblaí 4 agus 8 den Rialachán sealadach le meascáin táirgí difriúla (78), mar a chuirtear i dtábhacht in aithris (370) den Rialachán sealadach agus ní féidir comparáid dhíreach a dhéanamh eatarthu. Go deimhin, le linn na tréimhse imscrúdúcháin, maidir le meánphraghas díola an bhithdhíosail de dhéantús an Aontais a cuireadh i gcomparáid le hallmhairí ón tSín ar deireadh, bhí sé os cionn an phraghais díola i dtábla 8 den Rialachán sealadach, mar atá, sa raon 1 590 – 2 400 EUR/tona, i.e. níos airde ná allmhairí ón tSín go cinnte. Dá ainneoin sin, agus an meascán táirgí, arna dhíol ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte agus táirgeoirí de chuid an Aontais, á chur san áireamh, shuigh an Coimisiún go raibh sladghearradh agus sochtadh praghsanna araon i gceist. Thairis sin, mar a mhínítear in aithris (171) thuas, is dócha gur tharla sladghearradh i gcaitheamh na tréimhse faoi bhreathnú toisc nach raibh aon fhianaise sa chomhad gur tháinig athrú ar an meascán táirgí allmhairí ná ar dhíolacháin thionscal an Aontais le linn na tréimhse sin. Le linn na tréimhse imscrúdúcháin, i gcás cineálacha táirgí inchomparáide, rinneadh sladghearradh idir 5,3 % agus 13,8 % ar phraghsanna thionscal an Aontais leis na praghsanna allmhairí ón tSín, agus níorbh fhéidir praghsanna díola thionscal an Aontais dul in airde chun na leibhéil a bhaint amach a bheadh leordhóthanach chun brabúis shláintiúla a dhéanamh. Chun sochtadh praghsanna a shainaithint, thosaigh an Coimisiún ó chás fíorasach inbhraite (le ríomhanna de réir an chineáil, suíodh go ndearnadh sladghearradh ar phraghsanna thionscal an Aontais de thoradh phraghsanna an bhithdhíosail ón tSín), thug sé faoi deara nach raibh meánphraghsanna foriomlána thionscal an Aontais ach beagán os cionn a mheánchostais táirgthe agus ba é a chonclúid, dá mba rud é nach ndearnadh aon sladghearradh leis na hallmhairí ón tSín, go dtiocfadh méadú níos mó ar phraghsanna tháirgeoirí de chuid an Aontais go nádúrtha, ná mar a tharla i ndáiríre. I gcomhthéacs éileamh sláintiúil a bhí ag dul i méid, bhí coinne ag an gCoimisiún leis go dtiocfadh méadú ar an raon difríochta idir meánphraghas díola an Aontais agus costas an táirgthe, ach is amhlaidh, áfach, gur crapadh an raon difríochta ó 26 EUR/tona in 2022 go dtí 2 EUR/tona le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Thug an Coimisiún dá aire gur deimhníodh leibhéal an tsladghearrtha ag céim chinntitheach den imeacht, ar leibhéal é a mheastar a bheith substaintiúil i gcomhthéacs tráchtearra. Thairis sin, mar a mhínítear in aithris (176) thuas, comhthacaíodh na torthaí lenar cinneadh go raibh sochtadh praghsanna i gceist leis na corrlaigh ghearrdhíola a suíodh i gcás gach táirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte.

(208)

Sa bhreis ar an méid thuas, thug an Coimisiún dá aire nach léirítear sa phictiúr atá le feiceáil i dtábla 3 thuas go ndearnadh, leis an mbithdhíosal ón tSín, dhá oiread na méideanna i dtábla 3 de laghdú ar an éileamh fisiceach ar chineálacha eile bithdhíosail, mar atá, bithdhíosal atá bunaithe ar bharra agus a dhéantar san Aontas, trí ‘c[h]omhaireamh dúbailte’ an bhithdhíosail ón tSín, rud a mhínítear a thuilleadh sa chéad roinn eile.

(209)

In éagmais barúlacha eile maidir leis an roinn sin, deimhníodh na conclúidí in aithrisí (364) go (367) den Rialachán sealadach.

5.2.   Éifeachtaí tosca eile

5.2.1.   Allmhairí ó thríú tíortha

(210)

Bhí tionchar beag ag an gceartú a rinneadh i dtábla 6, dá dtagraítear i roinn 4.5.2.2 thuas, ar chuid de na sciartha den mhargadh a foilsíodh i dtábla 12 den Rialachán sealadach. Is mar a leanas atá tábla cinntitheach 12:

Tábla 12

Allmhairí ó thríú tíortha

Tír

 

2020

2021

2022

An tréimhse imscrúdúcháin

an Airgintín

Méid (tonaí)

874 199

1 292 775

997 210

490 644

 

Innéacs (2020 = 100)

100

148

114

56

 

Sciar den mhargadh

5,1  %

7,4  %

5,6  %

2,7  %

 

Meánphraghas (EUR/tona)

732

1 076

1 419

1 425

 

Innéacs (2020 = 100)

100

147

194

195

an Ríocht Aontaithe

Méid (tonaí)

608 155

990 082

1 032 790

1 100 392

 

Innéacs (2020 = 100)

100

163

170

181

 

Sciar den mhargadh

3,6  %

5,7  %

5,8  %

6,0  %

 

Meánphraghas (EUR/tona)

1 027

1 361

1 615

1 297

 

Innéacs (2020 = 100)

100

132

157

126

Singeapór

Méid (tonaí)

468 998

279 098

689 578

868 513

 

Innéacs (2020 = 100)

100

60

147

185

 

Sciar den mhargadh

2,8  %

1,6  %

3,8  %

4,7  %

 

Meánphraghas (EUR/tona)

1 202

1 922

1 388

1 495

 

Innéacs (2020 = 100)

100

160

115

124

Tríú tíortha eile

Méid (tonaí)

1 551 084

1 390 427

2 191 348

2 544 445

 

Innéacs (2020 = 100)

100

90

141

164

 

Sciar den mhargadh

9,1  %

8,0  %

12,2  %

13,9  %

 

Meánphraghas (EUR/tona)

858

1 169

1 736

1 468

 

Innéacs (2020 = 100)

100

136

202

171

Iomlán na dtríú tíortha uile seachas an tír lena mbaineann

Méid (tonaí)

3 502 436

3 952 382

4 910 926

5 003 994

 

Innéacs (2020 = 100)

100

113

140

143

 

Sciar den mhargadh

20,5  %

22,7  %

27,3  %

27,3  %

 

Meánphraghas (EUR/tona)

817

1 165

1 473

1 299

 

Innéacs (2020 = 100)

100

143

180

159

Foinse:

Comext (méid  () & meánphraghas  () ) ach amháin i gcás na Ríochta Aontaithe in 2020 dá ndearnadh meastacháin ar mhéideanna agus ar phraghsanna ar bhonn phraghsanna GTA in éagmais sonraí dochloíte in Comext

(211)

Ina bharúlacha tar éis an nochta shealadaigh, sheas CCCMC ar a mhaíomh gur chaill táirgeoirí de chuid an Aontais an chuid is mó dá sciar den mhargadh nuair a tháinig méadú ar allmhairí ó thríú tíortha. D’áitigh CCCMC, cé gur tháinig laghdú beagnach 10 bpointe céatadáin ar an sciar den mhargadh a bhí ag tionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú, gur tháinig méadú 2,6 pointe céatadáin ar an sciar den mhargadh a bhí ag an tSín, dá bhrí sin, sciar a bhí i bhfad níos lú ná na hallmhairí ó thríú tíortha. Rinne CCCMC gearán, in éagmais faisnéise maidir le bunábhair allmhairí ó thríú tíortha, gur theip ar an gCoimisiún conclúid fhóinteach a dhéanamh faoi thionchar na n-allmhairí sin agus go ndearna an Coimisiún toimhdí a bhí fós gan mhíniú agus dá réir nach mbíonn allmhairí ó thríú tíortha ag tarraingt praghsanna níos airde sa mhargadh go hiondúil.

(212)

Dheimhnigh an Coimisiún, i bhfianaise na faisnéise atá faoi chaibidil, go raibh sciar mór d’allmhairí ó thríú tíortha seachas an tSín bunaithe ar bharra, mar a dheimhnítear, inter alia, le Tuarascáil Staidrimh 2023 EBB (81), tuarascálacha GAIN maidir leis an tSín (82) agus an tAontas Eorpach (83), faisnéis mhargaidh (84) agus sraith imscrúduithe cosanta trádála a rinne an Coimisiún. (85) I ndáil le hallmhairí ó Shingeapór, bhailigh an Coimisiún fianaise a thug le fios nár léirigh praghsanna na n-allmhairí sin dálaí iarbhír an mhargaidh. Maidir le hallmhairí isteach san Aontas de thionscnamh na Ríochta Aontaithe (86), earraí trádáilte iad den chuid is mó ba ea iad (87), agus d’fhéadfadh cothromú suímh a bheith i gceist freisin ag táirgeoirí trasteorann de chuid na Ríochta Aontaithe (88)/an Aontais ar phraghsanna an aistrithe, rud nárbh fhéidir leis an gCoimisiún rianú níos faide a dhéanamh air. Ina theannta sin, tá tásca ann lena dtugtar le fios go raibh cleachtais trádála mhínormálta san earnáil sa Ríocht Aontaithe le linn na tréimhse faoi bhreathnú (89). Ar an tríú dul síos, tá údaráis ábhartha na Ríochta Aontaithe tar éis a bheith agus deonú údaruithe próiseála isteach le haghaidh allmhairí bithdhíosail do chuideachtaí ola, rud a d’éascaigh le trádáil an bhithdhíosail, de thionscnamh tíortha seachas an Ríocht Aontaithe, isteach san Aontas tríd an Ríocht Aontaithe, rud a d’fhág go raibh an na staitisticí doiléir. Níor tháinig deireadh leis na cleachtais sin ach le déanaí (90) (91).

(213)

Dheimhnigh an Coimisiún gurbh amhlaidh, le linn na tréimhse imscrúdúcháin, le OCÚ/bithdhíosal dramhaílbhunaithe ón tSín, gurbh éasca a bhí sé sainorduithe náisiúnta áirithe a chomhlíonadh níos tapúla trí mhéideanna fisiceacha níos ísle de bhithdhíosal, agus a mealladh préimh i margadh an Aontais le haghaidh an bhithdhíosail sin. Faoi na Treoracha maidir le Fuinneamh In-athnuaite, ní mór do na Ballstáit sciar d’fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a bhaint amach maidir lena dtomhaltas fuinnimh. Chun sciar foriomlán a sprice féin a bhaint amach, tá spriocanna/fo-shainorduithe difriúla ag na Ballstáit. In earnáil an iompair, ó thaobh bithbhreoslaí forbartha de, is é sin, bithdhíosal a dhéantar as OCÚ agus gréisceacha dramhaíola áirithe, is féidir iad a chomhaireamh faoi dhó i dtreo spriocanna náisiúnta. Leis an gcomhaireamh dúbailte sin, cuirtear teorainn leis an éifeacht a bhíonn ann de thoradh méadú a dhéanamh ar shainorduithe maidir le méideanna cumaisc fhisicigh, toisc go mbíonn níos lú bithbhreosla (i.e. an leathchuid) ag teastáil chun an sainordú a chomhlíonadh.

(214)

Thug an Coimisiún dá aire nach bhféadfadh oibreoirí a sprioc a bhaint amach chomh tapa (agus a dhéanfaí le bithdhíosal ón tSín) trí fhormhór na n-allmhairí ó thríú tíortha eile toisc gur allmhairí bunaithe ar bharra a bhí iontu. Dá bhrí sin, ba é conclúid an Choimisiúin nach bhféadfaí comparáid fhóinteach a dhéanamh idir praghsanna, méideanna agus sciartha den mhargadh, i gcás bithdhíosal ó thionscnaimh dhifriúla, ach amháin i gcás ina n-admhófaí an meascán táirgí atá i gceist. I gcás allmhairí bithdhíosail a bhí bunaithe ar bharra agus a tháinig ó thríú tíortha eile, níor díláithríodh bithdhíosail de chuid an Aontais a mhéid agus ab amhlaidh i gcás bithdhíosal ón tSín (dúbailt an mhéid) agus ní fhéadfadh na hallmhairí úd a bheith ina n-údar díobhála de mhéid lenar maolófaí an nasc cúisíoch idir allmhairí dumpáilte ón tSín agus staid dhíobhálach na dtáirgeoirí de chuid an Aontais.

(215)

In éagmais barúlacha eile maidir leis an roinn sin, deimhníodh na conclúidí in aithrisí (368) go (372) den Rialachán sealadach agus tábla cinntitheach 12 thuas á chur san áireamh.

5.2.2.   Feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais

(216)

In éagmais barúlacha maidir leis an roinn sin, deimhníodh na conclúidí in aithrisí (373) go (376) den Rialachán sealadach.

5.2.3.   Méaduithe ar chostas/chostas táirgthe

(217)

Tar éis an nochta shealadaigh, d’áitigh CCCMC go bhféadfadh an méadú ar an gcostas táirgthe agus ar chostais saothair agus an laghdú ar an táirgiúlacht a bheith ina n-údar díobhála do thionscal an Aontais. Dhiúltaigh an Coimisiún do mhaímh CCCMC toisc gurbh é an brú ar praghsanna a feidhmíodh le bithdhíosal ón tSín a d’fhág go raibh cosc ar thionscal an Aontais méaduithe ar chostais a léiriú i bpraghsanna. Dá bhrí sin, níor maolaíodh an nasc cúisíoch a cinneadh de thoradh an mhéadaithe ar chostais.

(218)

In éagmais barúlacha eile maidir leis an roinn sin, deimhníodh na conclúidí in aithris (377) den Rialachán sealadach.

5.2.4.   Tosca eile

(219)

D’áitigh CCCMC go ndearna táirgeoirí de chuid an Aontais díobháil dóibh féin, i bhfianaise a neamhábaltachta bithdhíosal a tháirgeadh lena meallfaí préimh a chomhairfí faoi dhó.

(220)

Ní raibh an Coimisiún ar aon tuairim nach raibh táirgeoirí de chuid an Aontais in ann bithdhíosal a tháirgeadh lena meallfaí préimh a chomhairfí faoi dhó. Mheabhraigh an Coimisiún aithris (57) den Rialachán sealadach agus go ndearnadh an cinneadh maidir le sladghearradh praghais a mhínítear i roinn 4.4.2 den Rialachán sealadach de réir an chineáil agus gur cuireadh bithdhíosal ón tSín i gcomparáid le bithdhíosal de dhéantús an Aontais, ar bithdhíosal é a rinneadh as na bunábhair chéanna agus lena mealladh an cineál céanna préimhe (a chomhairfí faoi dhó).

(221)

D’áitigh CCCMC go ndearna táirgeoirí de chuid an Aontais díobháil dóibh féin mar gheall ar infheistíochtaí fíormhóra a d’fhág gur diúltach an sreabhadh airgid a bhí acu mar aon le toradh laghdaithe ar infheistíocht.

(222)

In aithrisí (197) go (201) thuas, tugadh aghaidh ar an bpointe maidir leis an nasc idir brabúsacht íslithe agus infheistíochtaí ó tháirgeoirí de chuid an Aontais. Mheabhraigh an Coimisiún gur íslíodh brabúsacht na dtáirgeoirí de chuid an Aontais de thoradh allmhairí ón tSín. Mar a léirítear i gceistneoirí bána a bhí beartaithe do tháirgeoirí de chuid an Aontais, is í an bhrabúsacht an príomhspreagadh san fhoirmle a úsáidtear chun figiúirí faoin sreabhadh airgid agus faoin toradh ar infheistíocht a shuí. Tugtar faoi deara in aithris (359) den Rialachán sealadach gur tionscadail iad na hinfheistíochtaí suntasacha sa chuid dheireanach den tréimhse faoi bhreathnú a bhí beartaithe le fada agus nár bhain siad ach le dhá chuideachta.

(223)

D’áitigh Excellence New Energy B.V., toisc go raibh spriocphraghas 1 900 – 2 200 EUR/tona i bhfad níos airde ná praghsanna allmhairiúcháin, nach raibh tionscal an Aontais in ann dul in iomaíocht le haon allmhaire ar bith. Shoiléirigh an Coimisiún nár léiríodh ach meascán táirgí an-sonrach le spriocphraghas 1 900 – 2 200 EUR/tona, ar praghas é lenar cuireadh samhlacha ón tSín i gcomparáid agus, dá bhrí sin, nach bhféadfadh sé amhras a chaitheamh ar iomaíochas thionscal an Aontais. Bhain allmhairí i dtábla 12 den Rialachán sealadach le meascáin táirgí éagsúla, mar a léirítear in aithris (370) den Rialachán sealadach.

5.3.   Conclúid maidir le cúisíocht

(224)

In éagmais barúlacha eile maidir leis an roinn sin, deimhníodh na conclúidí in aithrisí (378) go (380) den Rialachán sealadach.

6.   LEIBHÉAL NA mBEART

6.1.   Corrlach díobhála

(225)

Mar a fhoráiltear le hAirteagal 9(4), an tríú fomhír, den bhun-Rialachán, agus ós rud é nár chláraigh an Coimisiún allmhairí le linn na tréimhse réamhnochta, rinne sé anailís ar fhorbairt na méideanna allmhairí chun a shuí ar tháinig méadú substaintiúil eile ar allmhairí faoi réir an imscrúdaithe le linn na tréimhse réamhnochta a dtugtar tuairisc air in aithris (4) agus, dá bhrí sin, lena léirítear an díobháil bhreise mar thoradh ar mhéadú den sórt sin nuair a bhí an corrlach díobhála á chinneadh.

(226)

Bunaithe ar shonraí ón mbunachar sonraí Surveillance 2, bhí méideanna na n-allmhairí ón tSín le linn na tréimhse réamhnochta 4 seachtaine 58 % níos ísle ná meánmhéideanna na n-allmhairí le linn na tréimhse imscrúdúcháin ar bhonn 4 seachtaine. Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh ardú substaintiúil ar allmhairí faoi réir an imscrúdaithe le linn na tréimhse réamhnochta.

(227)

Dá bhrí sin, níor choigeartaigh an Coimisiún leibhéal an díothaithe díobhála i ndáil leis sin.

(228)

Chuir roinnt páirtithe sa tSín in aghaidh spriocbhrabús 11 % a úsáideadh chun an corrlach díobhála a ríomh ar an bhforas go raibh an corrlach brabúis sin neamhréalaíoch agus/nó gan bhrí tar éis forbairtí sa mhargadh agus eilimintí eile (e.g. athruithe rialála, cúrsaí costais) ó bhí 2013 ann, i.e. an bhliain inar suíodh an 11 % ar deireadh. D’iarr na páirtithe ar an gCoimisiún spriocbhrabús a bhí ann níos déanaí ná sin nó níos suntasaí a lorg, agus d’áitigh CCCMC gur cheart an brabús a bheith indéanta do thionscal an Aontais. Bhí coinne ag grúpa Jiaao le spriocbhrabús níos ísle ná 11 % toisc, dar leis, go dtiocfadh laghdú ar chorrlaigh bhrabúis le himeacht ama i bhformhór na n-earnáil tionsclaíochta mar gheall ar iomaíocht sa mhargadh agus dul chun cinn teicneolaíoch. I gcás ghrúpa Zhuoyue, ba cheart spriocbhrabús nua a aimsiú tar éis do na himscrúduithe frithdhumpála in aghaidh na hAirgintíne agus na hIndinéise a bheith foirceanta in 2018 ar an bhforas gur fhág foirceannadh na n-imscrúduithe sin nach raibh díobháil á déanamh do thionscal an Aontais a thuilleadh. Ina bharúlacha maidir leis an nochtadh deiridh, d’athdhearbhaigh grúpa Zhuoyue na barúlacha sin ar na forais go raibh coinne aige go mbeadh leibhéal na brabúsachta le blianta beaga anuas mar a bheadh faoi ghnáthdhálaí iomaíochta.

(229)

Mar a tugadh faoi deara in aithris (384) den Rialachán sealadach, níorbh fhéidir leis an gCoimisiún corrlach brabúis a shuí ar bhonn na mblianta roimh an méadú ar allmhairí ón tSín, toisc go raibh tionscal an Aontais thíos le rabharta allmhairí dumpáilte/fóirdheonaithe ar feadh na mblianta, agus dá bhrí sin nach bhféadfaí aon tréimhse ama a cháiliú mar thréimhse lena dtagrófaí do ghnáthchás iomaíochta i margadh an Aontais. Dá bhrí sin, chuaigh an Coimisiún i muinín an bhrabúis a suíodh i gcás an chineáil tionscail sin in imscrúduithe a rinneadh roimhe, lena n-áirítear imscrúdú a tugadh i gcrích in 2019. Suíodh gur bunbhrabús 11 % a bhí ann (92). Maíomh ghrúpa Jiaao go dtiocfadh laghdú ar chorrlaigh bhrabúis le himeacht ama mar gheall ar iomaíocht sa mhargadh agus ar dhul chun cinn teicneolaíoch, ní raibh bunús leis sin, is é sin a mhéid a bhaineann sé leis an earnáil bithdhíosail. Cé is moite den fhigiúr 6 % a socraíodh le hAirteagal 7(2c) den bhun-Rialachán, rud a mhol grúpa Jiaao, níor mhol aon pháirtí brabús bunúsach (níos) réasúnta dar leo. Díbheadh na maímh gur spriocbhrabús mí-oiriúnach a bhí in 11 % díobh.

(230)

Páirtí ón tSín, mhaígh sé nár cheart an praghas neamhdhíobhálach a ríomhtar in aithris (387) den Rialachán sealadach a bhunú ar an gcostas táirgthe i dtábla 8 den Rialachán sealadach, ar treocht í a measadh a bheith mínormálta, agus d’iarr sé go ndéanfaí coigeartú chun an praghas neamhdhíobhálach a ríomh (cé nár mhínigh sé conas a dhéanfaí é ná an méid a bheadh i gceist) chun, de réir mar a líomhnaítear, mínormáltachtaí amhail praghsanna arda fuinnimh mar gheall ar chogadh a cheartú. Dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh agus mheabhraigh sé go gcuirtear costas táirgthe i láthair i dtábla 8 den Rialachán sealadach a bhaineann le meascán níos leithne ná na táirgí sin lenar cuireadh allmhairí i gcomparáid ar deireadh.

(231)

Cheistigh Excellence New Energy B.V., an t-allmhaireoir comhlachaithe, an spriocphraghas ar ar tháinig an Coimisiún ar an bhforas gur ar éigean a bheadh 1 508 EUR/tona i gceist leis dá gcuirfí spriocbhrabús 11 % plus costas chomhlíontachta leis an gcostas táirgthe i dtábla 8 den Rialachán sealadach. Shoiléirigh an Coimisiún go bhfuil an costas táirgthe i dtábla 8 den Rialachán sealadach ina léiriú ar mheascán níos leithne ná an costas táirgthe lenar cuireadh na samhlacha ón tSín i gcomparáid.

(232)

In éagmais barúlacha, deimhnítear aithris (389) den Rialachán sealadach. Is mar a leanas atá an leibhéal díothaithe díobhála deiridh le haghaidh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha agus le haghaidh gach cuideachta eile:

Cuideachta

Corrlach díobhála cinntitheach (%)

Grúpa EcoCeres:

ECO Biochemical Technology (Zhangjiagang) Co. Ltd.

EcoCeres Limited

16,4

Grúpa Jiaao:

Zhejiang EastRiver Energy S&T Co., Ltd.

Zhejiang Jiaao Enproenergy Co., Ltd.

Jiaao International Trading (SINGAPORE) PTE. Ltd.

37,1

Grúpa Zhuoyue:

Longyan Zhuoyue New Energy Co. Ltd.

Xiamen Zhuoyue Biomass Energy Co., Ltd.

44,3

Cuideachtaí comhoibríocha eile

32,6

Na hallmhairí uile eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

44,3

6.2.   Conclúid maidir le leibhéal na mbeart

(233)

De réir an mheasúnaithe thuas, is mar a leanas ba cheart dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 7(2) den bhun-Rialachán:

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála chinntitheach (%)

Grúpa EcoCeres:

ECO Biochemical Technology (Zhangjiagang) Co. Ltd.

EcoCeres Limited

10,0

Grúpa Jiaao:

Zhejiang EastRiver Energy S&T Co., Ltd.

Zhejiang Jiaao Enproenergy Co., Ltd.

Jiaao International Trading (SINGAPORE) PTE. Ltd.

35,6

Grúpa Zhuoyue:

Longyan Zhuoyue New Energy Co. Ltd.

Xiamen Zhuoyue Biomass Energy Co., Ltd.

23,4

Cuideachtaí comhoibríocha eile

21,7

Na hallmhairí uile eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

35,6

7.   LEAS AN AONTAIS

7.1.   Leas thionscal an Aontais

(234)

Mheas EBB (thar ceann a chomhaltaí) agus Neste gur bearta iad chun leas thionscal an Aontais.

(235)

D’áitigh CCCMC gur breithnithe gan dealramh bhí i mbreithnithe an Choimisiúin faoin roinn sin den Rialachán sealadach toisc go mbeidh an iomaíocht le hallmhairí tríú tíortha fós ann agus go n-allmhaireofar bunábhair chun bithdhíosal a tháirgeadh freisin. Thug an Coimisiún dá aire go raibh sé ina dhíol sásaimh go raibh iomaíocht shláintiúil sa mhargadh agus dhíbh sé maímh CCCMC.

(236)

In éagmais barúlacha eile maidir leis an roinn sin, deimhníodh na breithnithe in aithrisí (392) go (394) den Rialachán sealadach.

7.2.   Leas allmhaireoirí, trádálaithe agus dáileoirí neamhchomhlachaithe

(237)

In éagmais barúlacha maidir leis an roinn sin, deimhníodh na breithnithe in aithrisí (395) go (398) den Rialachán sealadach.

7.3.   Leas úsáideoirí, tomhaltóirí agus soláthróirí

(238)

Líomhain Quatra, bailitheoir OCÚ, dá bhfágfaí SAF agus OCÚ amach as bearta, go spreagfaí allmhairí na n-earraí sin isteach san Aontas agus go ndéanfaí difear diúltach d’iarrachtaí inbhuanaitheachta an Aontais trí fhoinsiú intíre OCÚ/amhábhair a dhíspreagadh. Dhíbh an Coimisiún na maímh toisc go raibh OCÚ lasmuigh de raon feidhme an imscrúdaithe.

(239)

Mhaígh Chane, soláthraí mór stórála bithbhreosla san Eoraip a raibh BEI á phróiseáil aige freisin, go gcuirfeadh bearta a uaillmhianta inbhuanaitheachta i mbaol agus go gcruthóidís dúshláin do dhinimic an tslabhra soláthair, rud a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’infhaighteacht agus d’inrochtaineacht na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite. Bhí eagla ar Chane roimh shuaitheadh, neamhéifeachtúlacht na saoráidí stórála, tearcúsáid fhéideartha, agus impleachtaí airgeadais diúltacha. Thug an Coimisiún dá aire, cé go bhféadfadh bearta difear a dhéanamh do shreafaí áirithe sa slabhra soláthair, nach raibh amhras ann faoi infhaighteacht an bhithdhíosail i bhfianaise acmhainneacht táirgeachta tháirgeoirí an Aontais agus na n-allmhairí iomadúla. Níl sé beartaithe allmhairí a chosc leis na bearta ach dálaí iomaíochta córa a athbhunú ar an margadh bithdhíosail san Aontas.

(240)

In éagmais barúlacha eile maidir leis an roinn sin, deimhníodh na breithnithe in aithrisí (399) go (400) den Rialachán sealadach.

7.4.   Tosca eile

(241)

Chuir CCCMC in aghaidh an ráitis ón gCoimisiún sa Rialachán sealadach faoin roinn sin, is é sin, go raibh a dhóthain acmhainneachta ag tionscal an Aontais chun an t-éileamh a shásamh, ar an bhforas nach raibh ag éirí go maith le tionscal an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin agus ar an bhforas nár mhaith na hionchais a bhí ann maidir le síol ráibe a tháirgeadh. Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis sin i bhfianaise a thorthaí féin faoin acmhainneacht bhreise ar leibhéal na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais, a thorthaí foriomlána maidir le tionscal an Aontais agus leis na bunábhair iomadúla as ar féidir bithdhíosal a dhéanamh.

(242)

Chuir CCCMC in aghaidh an ráitis ón gCoimisiún in aithris (402) den Rialachán sealadach, is é sin, go mbeadh tionchar dearfach ar an inbhuanaitheacht agus ar astaíochtaí gás ceaptha teasa (93) ach na bearta a fhorchur. Thug an Coimisiún dá aire an ról atá ag dea-chleachtais feirmeoireachta a chuir táirgeoirí áirithe de chuid an Aontais ar aghaidh maidir le carbón a cheapadh san ithir (94) agus dhíbh sé maímh CCCMC.

(243)

Tar éis an nochta shealadaigh, chuir Excellence New Energy B.V., an t-allmhaireoir comhlachaithe, in aghaidh dleachtanna toirmeascacha mar dhleachtanna nach mbeadh ag teacht le spriocanna dícharbónaithe níos leithne agus, cosúil le CCCMC, cheistigh sé an raibh bearta frithdhumpála iomchuí i gcomhthéacs na gníomhaíochta idirnáisiúnta níos leithne chun an t-athrú aeráide a chomhrac. Chuir CCCMC leis sin á rá gur chuir éiginnteacht ó thaobh beartas comhshaoil de bac ar infheistíochtaí glasa corparáideacha agus ar an nuálaíocht ghlas agus gur do bhithdhíosal de chineál arbh fhearr le reachtóir an Aontais a dhéanfaí difear leis na bearta.

(244)

Thug an Coimisiún dá aire nach raibh leibhéal na ndleachtanna toirmeascach agus nach bhfuil sé beartaithe allmhairí a chosc leis na bearta, ach dálaí iomaíochta córa a athbhunú ar mhargadh an bhithdhíosail san Aontas. Ní féidir amhras a chaitheamh ar ghealltanas an Choimisiúin an t-athrú aeráide a chomhrac i gcás ina bhforchuirtear bearta frithdhumpála nuair a bhíonn údar leo ó thaobh dlí. Bhí na torthaí soiléir maidir le húdar a bheith leis an ngá leis an gcothroime iomaíochta a athbhunú san Aontas. Tugadh faoi deara go méadófaí an spleáchas ar bhithdhíosal ó thríú tíortha i suíomhanna i bhfad i gcéin dá ndúnfaí monaróirí bithdhíosail de chuid an Aontais, rud atá fritorthúil ó thaobh lorg carbóin an Aontais a laghdú de. Dhíbh an Coimisiún na maímh ó Excellence New Energy B.V. agus CCCMC.

(245)

Líomhain Excellence New Energy B.V. go mbeadh suaitheadh ann i gcríochfoirt agus i gcalafoirt dá bhforchuirfí bearta. Diúltaíodh di sin, toisc nach raibh bunús leis an maíomh.

7.5.   An chonclúid maidir le leas an Aontais

(246)

In éagmais barúlacha eile maidir le leas an Aontais, deimhníodh an chonclúid in aithrisí (404) go (405) den Rialachán sealadach.

8.   BEARTA FRITHDHUMPÁLA CINNTITHEACHA

8.1.   Bearta cinntitheacha

(247)

Ar bhonn na gconclúidí ar ar thángthas orthu maidir le dumpáil, díobháil, cúisíocht, leibhéal na mbeart agus leas an Aontais, agus i gcomhréir le hAirteagal 9(4) den bhun-Rialachán, ba cheart bearta frithdhumpála cinntitheacha a fhorchur chun cosc a chur le tuilleadh díobhála do thionscal an Aontais de dheasca allmhairí dumpáilte an táirge lena mbaineann.

(248)

Ar bhonn a bhfuil thuas, ba cheart na dleachtrátaí frithdhumpála cinntitheacha, arna sloinneadh ar phraghas CAL ag teorainn an Aontais, roimh an dleacht chustaim a íoc, a bheith mar a leanas:

Cuideachta

Corrlach dumpála (%)

Corrlach díobhála (%)

Dleacht frithdhumpála chinntitheach (%)

Grúpa EcoCeres:

ECO Biochemical Technology (Zhangjiagang) Co. Ltd.

EcoCeres Limited

10,0

16,4

10,0

Grúpa Jiaao:

Zhejiang EastRiver Energy S&T Co., Ltd.

Zhejiang Jiaao Enproenergy Co., Ltd.

Jiaao International Trading (SINGAPORE) PTE. Ltd.

35,6

37,1

35,6

Grúpa Zhuoyue:

Longyan Zhuoyue New Energy Co. Ltd.

Xiamen Zhuoyue Biomass Energy Co., Ltd.

23,4

44,3

23,4

Cuideachtaí comhoibríocha eile

21,7

32,6

21,7

Na hallmhairí uile eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

35,6

44,3

35,6

(249)

Dúirt EBB gurbh amhlaidh a bhí oibreoirí áirithe ag dul timpeall ar na dleachtanna frithdhumpála ar bhithdhíosal ón tSín tríd an gcóras cothromúcháin maise in RED a úsáid. Thug EBB dá aire go bhféadfadh trádálaithe ‘cruthúnas ar dheimhnithe inbhuanaitheachta’ idir táirgí AE agus táirgí neamh-AE a mhalartú trí bhithdhíosal neamh-AE a sheoladh in T1 (i.e. roimh imréiteach custaim), go ndíolfaí ‘cruthúnas ar inbhuanaitheacht’ an bhithdhíosail sin san Aontas (go háirithe i gcás ábhair a áirítear faoi dhó i dtreo spriocanna in-athnuaite AE) ach go seolfaí an bithdhíosal fisiciúil lasmuigh den Aontas. Ní raibh an Coimisiún ar aon tuairim go bhféadfaí na gníomhaíochtaí sin a mheas mar chleachtais lena dtéitear timpeall ar na dleachtanna sin nár mhór dul i ngleic leo faoi chuimsiú an imscrúdaithe seo.

(250)

Shonraigh Neste agus EBB, dá ndéanfaí Eistir Hidreachóireáilte agus Aigéid Shailleacha (EHAS)-Ceirisín Pairifíneach Sintéiseach / BEI cumaiscthe a eisiamh ó na bearta, go méadófaí an riosca go rachfaí timpeall ar na bearta frithdhumpála ar bhithdhíosal Síneach agus go ndéanfaí dochar d’éifeacht cheartaitheach na mbeart. Ina leith sin, tharraing Neste aird ar easpa na gcód AC tiomnaithe ar leithligh d’fhormhór na mbreoslaí in-athnuaite agus go bhféadfaidh EHAS-Ceirisín Pairifíneach Sintéiseach agus OGH a bheith faoin gcód tráchtearra céanna i gcás ina gcomhlíonann siad na sonraíochtaí céanna maidir le driogadh. D’áitigh EBB go raibh sé deacair idirdhealú a dhéanamh idir BEI agus OGH ag an teorainn.

(251)

Sna barúlacha a thug siad tar éis an nochta deiridh, d’athdhearbhaigh Neste agus EBB croílár na mbarúlacha a bhfuil achoimre orthu san aithris thuas. Líomhain EBB go n-aistreodh tionscal na Síne go tapa ó OGH go BEI, rud a sheachnódh íocaíocht dleachtanna frithdhumpála ar OGH. D’easaontaigh Grúpa EcoCeres go bhféadfaí tiontú go BEI go tapa. D’iarr EBB ar an gCoimisiún cur chuige réamhghníomhach a ghlacadh a mhéid a bhaineann le sásra nua um cháin onnmhairiúcháin ar OCÚ na Síne, a líomhnaítear gur cineál tacaíochta é chun na dleachtanna frithdhumpála a ionsú chomh maith le fóirdheontas in-fhrithchúitithe a laghdódh praghsanna onnmhairiúcháin EMAS, OGH agus BEI na Síne chuig an Aontas go luath amach anseo. D’iarr EBB go sonrach go gcruthófaí cóid TARIC nua a bhaineann go sonrach le BEI chun críoch faireacháin, go ndéanfaí faireachán cúramach ar phraghas allmhairiúcháin bithdhíosail isteach san Aontas agus go ndéanfaí imscrúdú ex officio freisin chun athbhreithniú a dhéanamh ar chorrlaigh dhumpála an imscrúdaithe seo. Mheabhraigh grúpa EcoCeres na huirlisí atá i bhfeidhm cheana chun faireachán a dhéanamh ar ghluaiseachtaí bithbhreoslaí, mar atá Bunachar Sonraí an Aontais um Bithbhreoslaí de chuid an Choimisiúin, atá i bhfeidhm ó bhí 2024 ann.

(252)

Thug an Coimisiún dá aire na hábhair ar thug na páirtithe chun suntais agus gheall sé faireachán a dhéanamh ar shreafaí bithdhíosail agus BEI tar éis do bhearta frithdhumpála a bheith forchurtha ar bhithdhíosal ón tSín mar a shainmhínítear in Airteagal 1 den Rialachán seo. Dá bhrí sin, bunaíodh cóid TARIC ar leithligh le haghaidh breoslaí eitlíochta inbhuanaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 1 den Rialachán seo agus de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne chun críoch faireacháin.

(253)

Cheistigh CCCMC foirm na mbeart. Dhíbh an Coimisiún an maíomh ó CCCMC, toisc nach raibh bunús leis.

(254)

Na dleachtrátaí frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo, bunaíodh iad ar bhonn thorthaí an imscrúdaithe seo. Dá bhrí sin, is léiriú iad ar an staid mar a suíodh le linn an imscrúdaithe seo maidir leis na cuideachtaí sin. Tá na dleachtrátaí sin infheidhme go heisiach maidir le hallmhairí an táirge faoi imscrúdú de thionscnamh na tíre lena mbaineann agus arna tháirgeadh ag na heintitis dhlíthiúla ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann arna monarú ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis atá comhlachaithe leo sin a luaitear go sonrach, ní féidir leo tairbhe a bhaint as na rátaí sin agus ba cheart go mbeadh siad faoi réir an ráta dleachta is infheidhme maidir leis ‘na hallmhairí uile eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne’.

(255)

Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfí na rátaí dleachta frithdhumpála aonair sin i bhfeidhm má athraíonn sí ainm a heintitis ina dhiaidh sin. Ní mór an t-iarratas a chur chuig an gCoimisiún (95). Ní mór an fhaisnéis ábhartha uile a bheith san iarraidh ionas gur féidir a léiriú nach ndéantar difear leis an athrú do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi. Más amhlaidh nach ndéantar difear leis an athrú ar ainm na cuideachta do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi, foilseofar rialachán maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(256)

Chun na rioscaí maidir le himchéimniú a íoslaghdú de bharr na difríochta i ndleachtrátaí, teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm na ndleachtanna frithdhumpála aonair a áirithiú. Níl cur i bhfeidhm dleachtanna frithdhumpála aonair infheidhme ach amháin nuair a chuirtear sonrasc tráchtála bailí faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór an sonrasc a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo. Go dtí go gcuirtear an sonrasc sin isteach, ba cheart allmhairí a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir leis ‘na hallmhairí uile eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne’.

(257)

Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc sin a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na dleachtrátaí frithdhumpála aonair a chur i bhfeidhm maidir le hallmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má thugtar sonrasc d’údaráis chustaim na mBallstát a chomhlíonann na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo, ní mór dóibh a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm an ráta níos ísle dleachta ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim.

(258)

Má thagann méadú suntasach ar an méid onnmhairí a dhéanann ceann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na dleachtrátaí aonair is ísle, go háirithe tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí a mheas gurb éard atá i méadú den sórt sin ann féin athrú ar an bpatrún trádála de bharr fhorchur na mbeart de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Sna himthosca sin, féadfar imscrúdú frith-imchéimnithe a thionscnamh, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha chun déanamh amhlaidh. Féadfar scrúdú a dhéanamh san imscrúdú sin, inter alia, ar an ngá atá le deireadh a chur le dleachtrátaí aonair agus ar an ngá le dleacht ar an leibhéal náisiúnta a fhorchur dá bharr sin.

(259)

Chun a áirithiú go ndéanfar na dleachtanna frithdhumpála a fhorfheidhmiú mar is ceart, ba cheart feidhm a bheith leis an dleacht frithdhumpála le haghaidh allmhairí eile uile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne ní hamháin maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin neamh-chomhoibríocha san imscrúdú seo, ach ina dteannta sin, maidir leis na táirgeoirí nach ndearna táirgí a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

(260)

Táirgeoirí onnmhairiúcháin nach ndearna an táirge lena mbaineann a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin, ba cheart dóibh a bheith in ann a iarraidh ar an gCoimisiún go gcuirfí faoi réir an dleachtráta frithdhumpála iad le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nach bhfuil san áireamh sa sampla. Ba cheart don Choimisiún iarraidh den sórt sin a cheadú, ar choinníoll go gcomhlíontar trí choinníoll. Bheadh ar an táirgeoir onnmhairiúcháin nua an méid seo a leanas a léiriú: (i) níor onnmhairigh sé an táirge lena mbaineann chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin; (ii) níl sé comhlachaithe le táirgeoir onnmhairiúcháin a rinne amhlaidh; agus (iii) d’onnmhairigh sé an táirge lena mbaineann ina dhiaidh sin nó go bhfuil oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air é sin a dhéanamh i gcainníochtaí substaintiúla.

8.2.   Bailiúchán cinntitheach na ndleachtanna sealadacha

(261)

I bhfianaise na gcorrlach dumpála a cinneadh agus an leibhéil díobhála a rinneadh do thionscal an Aontais, ba cheart na méideanna arna n-urrú trí bhíthin na ndleachtanna frithdhumpála sealadacha arna bhforchur leis an Rialachán sealadach a bhailiú go cinntitheach ag na leibhéil a bhunaítear sa Rialachán sealadach agus suas go dtí na leibhéil a bhunaítear faoin Rialachán seo.

9.   FORÁIL CHRÍOCHNAITHEACH

(262)

I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (96), nuair a bheidh méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is é an t-ús is ceart a íoc an ráta a chuireann an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, arna bhfoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí.

(263)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, tá siad i gcomhréir le tuairim an Choiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí eistear mona-ailcile aigéid shailligh agus/nó gás-olaí pairifíneacha a fhaightear ó shintéis agus/nó ó hidreachóireáil, de thionscnamh neamh-iontaise, ar a dtugtar ‘bithdhíosal’ go coitianta, i bhfoirm íon nó i gcumasc, atá faoi láthair faoi chóid AC ex 1516 20 98 (cóid TARIC 1516 20 98 21, 1516 20 98 22, 1516 20 98 23, 1516 20 98 29, 1516 20 98 31, 1516 20 98 32 agus 1516 20 98 39), ex 1518 00 91 (cóid TARIC 1518 00 91 21, 1518 00 91 22, 1518 00 91 23, 1518 00 91 29, 1518 00 91 31, 1518 00 91 32 agus 1518 00 91 39), ex 1518 00 95 (cóid TARIC 1518 00 95 10, 1518 00 95 11 agus 1518 00 95 19), ex 1518 00 99 (cóid TARIC 1518 00 99 21, 1518 00 99 22, 1518 00 99 23, 1518 00 99 29, 1518 00 99 31, 1518 00 99 32 agus 1518 00 99 39), ex 2710 19 42 (cóid TARIC 2710 19 42 21, 2710 19 42 22, 2710 19 42 23, 2710 19 42 29, 2710 19 42 31, 2710 19 42 32 agus 2710 19 42 39), ex 2710 19 44 (cóid TARIC 2710 19 44 21, 2710 19 44 22, 2710 19 44 23, 2710 19 44 29, 2710 19 44 31, 2710 19 44 32 agus 2710 19 44 39), ex 2710 19 46 (cóid TARIC 2710 19 46 21, 2710 19 46 22, 2710 19 46 23, 2710 19 46 29, 2710 19 46 31, 2710 19 46 32 agus 2710 19 46 39), ex 2710 19 47 (cóid TARIC 2710 19 47 21, 2710 19 47 22, 2710 19 47 23, 2710 19 47 29, 2710 19 47 31, 2710 19 47 32 agus 2710 19 47 39), 2710 20 11 , 2710 20 16 , ex 3824 99 92 (cóid TARIC 3824 99 92 10, 3824 99 92 11, 3824 99 92 13, 3824 99 92 14, 3824 99 92 15, 3824 99 92 16, agus 3824 99 92 19), 3826 00 10 agus ex 3826 00 90  (97) (cóid TARIC 3826 00 90 11, 3826 00 90 12, 3826 00 90 13, 3826 00 90 19, 3826 00 90 31, 3826 00 90 32 agus 3826 00 90 39), cé is moite de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe a chomhlíonann ceanglais ASTM7566-22 Sonraíocht Chaighdeánach maidir le Breosla Tuirbín Eitlíochta ina bhfuil Hidreacarbóin Shintéisithe, atá faoi láthair faoi chóid AC ex 2710 19 42 (cód breise TARIC 89FT), ex 2710 19 44 (cód breise TARIC 89FT), ex 2710 19 46 (cód breise TARIC 89FT), ex 2710 19 47 (cód breise TARIC 89FT), ex 2710 20 11 (cód breise TARIC 89FT) agus ex 2710 20 16 (cód breise TARIC 89FT), agus ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad.

2.   Is mar a leanas a bheidh na dleachtrátaí frithdhumpála sealadach is infheidhme maidir leis an bpraghas glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, atá ar an táirge a bhfuil tuairisc air i mír 1 agus arna tháirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála chinntitheach (%)

Cód breise TARIC

Grúpa EcoCeres:

ECO Biochemical Technology (Zhangjiagang) Co. Ltd.

EcoCeres Limited

10,0

89ED

Grúpa Jiaao:

Zhejiang EastRiver Energy S&T Co., Ltd.

Zhejiang Jiaao Enproenergy Co., Ltd.

Jiaao International Trading (SINGAPORE) PTE. Ltd.

35,6

89EE

Grúpa Zhuoyue:

Longyan Zhuoyue New Energy Co. Ltd.

Xiamen Zhuoyue Biomass Energy Co., Ltd.

23,4

89EF

Cuideachtaí comhoibríocha eile a liostaítear san Iarscríbhinn

21,7

 

Na hallmhairí uile eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

35,6

C999

3.   Beidh cur i bhfeidhm na ndleachtrátaí aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar de réir ainm agus de réir feidhm, arna dhréachtú mar a leanas: ‘Déanaimse, mise a bhfuil mo shíniú leis seo thíos, a dheimhniú maidir le (méid i dtonaí) de bhithdhíosal a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach agus a chumhdaítear leis an sonrasc seo, gurbh é (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) a mhonaraigh é i nDaon-Phoblacht na Síne. Dearbhaím gur iomlán agus gur ceart an fhaisnéis sa sonrasc seo.’ Go dtí go dtabharfar an sonrasc sin ar aird, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir leis na hallmhairí uile eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne.

4.   Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm leis na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.

Airteagal 2

Na méideanna arna n-urrú trí bhíthin na dleachta frithdhumpála sealadaí faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2163 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, déanfar iad a bhailiú go cinntitheach ar na leibhéil a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2163 má tá siad faoi bhun na rátaí cinntitheacha. Na méideanna arna n-urrú de bhreis ar an dleacht frithdhumpála, déanfar iad a scaoileadh.

Airteagal 3

Féadfar Airteagal 1(2) a leasú chun táirgeoirí onnmhairiúcháin nua ó Dhaon-Phoblacht na Síne a chur leis agus iad a chur faoi réir mheánráta ualaithe iomchuí na dleachta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh sa sampla. Tabharfaidh táirgeoir onnmhairiúcháin nua fianaise maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

nach ndearna sé na hearraí a shonraítear in Airteagal 1(1) a onnmhairiú le linn na tréimhse imscrúdúcháin (an 1 Deireadh Fómhair 2022 go dtí an 30 Meán Fómhair 2023);

(b)

nach bhfuil sé comhlachaithe le honnmhaireoir ná le táirgeoir atá faoi réir na mbeart arna bhforchur ag an Rialachán seo, agus a d’fhéadfadh comhoibriú san imscrúdú bunaidh; agus

(c)

gur onnmhairigh sé iarbhír an táirge lena mbaineann, sin nó go bhfuil oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air méid suntasach a onnmhairiú chuig an Aontas tar éis dheireadh na tréimhse imscrúdúcháin.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Feabhra 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/2020-08-11.

(2)   IO C, C/2023/1574, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1574/oj.

(3)   IO L 277, 2.8.2021, lch. 34, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/1266/oj.

(4)   IO L 40, 12.2.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/244/oj. Tionscnaíodh an t-athbhreithniú éaga atá ar siúl faoi láthair i mí Feabhra 2024 (IO C, C/2024/1355, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1355/oj).

(5)   IO L 317, 9.12.2019, lch. 42, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/2092/oj.

(6)   IO L 277, 2.8.2021, lch. 62, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/1267/oj.

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2163 ón gCoimisiún an 14 Lúnasa 2024 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L, 2024/2163, 16.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2163/oj).

(8)  Chun liosta na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin a ndéanann CCCMC ionadaíocht orthu sna himeachtaí seo a fháil, féach fonóta 12 den rialachán sealadach.

(9)  Comhéisteachtaí ba ea cuid de na héisteachtaí.

(10)  Baineann an roinn seo le breoslaí eitlíochta ábhartha mar a shainmhínítear in aithris (39) den Rialachán sealadach.

(11)  Eistir mheitile aigéid shailligh.

(12)  Eistir Hidreaphróiseáilte agus Aigéid Shailleacha - Ceirisín Pairifíneach Sintéiseach.

(13)  Eistir agus Aigéid Shailleacha Hidreaphróiseáilte.

(14)  Treoir RED a bhí i bhfeidhm tráth an imscrúdaithe ba ea Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn, IO L 328, 21.12.2018, lch. 82, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2018/2001/oj.

(15)  Murab ionann agus Neste, ina bharúlacha maidir leis an nochtadh deiridh (t24.010863), thug Valero Energy (Ireland) Limited dá aire an neamh-idirmhalartacht theicniúil idir BEI agus OGH/EMAS.

(16)  Breosla díosail arb iad eistir mheitile aigéid shailligh 100 % de.

(17)  Breosla díosail arb iad eistir mheitile aigéid shailligh 7 % de.

(18)  Eistir mheitile ola ráibe.

(19)  An Chéad Aighneacht i Scríbhinn ón Aontas in EU and Certain Member States – Palm Oil (Malaysia) (DS600), [an tAontas Eorpach agus Ballstáit Áirithe Eile – Ola Pailme (an Mhalaeisia)], (DS600), mír 664, le fáil ag https://circabc.europa.eu/ui/group/cd37f0ff-d492-4181-91a2-89f1da140e2f/library/8958b1a0-dcb6-4915-83e0-71c4221a6ff6/details.

(20)  Féach roinnt samplaí: https://votresoleilvotreenergie.com/biocarburants-le-b100-une-alternative-ecologique-qui-seduit-les-flottes-de-transport/ agus https://www.transportinfo.fr/biocarburants-le-b100-fait-le-plein/.

(21)   https://www.legifrance.gouv.fr/jorf/jo/2018/09/22/0219 (Décision du 11 septembre 2018 fixant la liste des véhicules et engins à motorisation Diesel compatibles avec le gazole B10) [Cinneadh an 11 Meán Fómhair, 2018 lena mbunaítear liosta na bhfeithiclí agus na n-inneall díosail-chumhachtaithe atá comhoiriúnach le gásailín B10).

(22)  t24.001865.

(23)  Eistear meitile ola pailme.

(24)  Panel Report on European Union and certain Ballstáit — Certain measures concerning palm oil and oil palm crop-based biofuels [Tuarascáil ón bPainéal maidir leis an Aontas Eorpach agus Ballstáit áirithe — Bearta áirithe a bhaineann le bithbhreoslaí ó phailm ola agus bithbhreoslaí atá bunaithe ar bharra ola pailme], WT/DS600/R, an 5 Márta 2024, mír 7.1024.

(25)  An Aireacht Plandála agus Tráchtearraí. Bithbhreosla a cheadúnú. Le fáil ag https://www.kpk.gov.my/kpk/en/agricommodity/osc-biofuel (a breathnaíodh go deireanach an 27 Deireadh Fómhair 2024).

(26)  An Aireacht Mianach agus Fuinnimh. Autorização para produção de biocombustíveis [Údarú chun bithbhreoslaí indóite a tháirgeadh]. Le fáil ag https://www.gov.br/anp/pt-br/assuntos/producao-e-fornecimento-de-biocombustiveis/autorizacao-para-producao-de-biocombustiveis (a breathnaíodh go deireanach an 27 Deireadh Fómhair 2024).

(27)  Óleo de cozinha usado avança com demanda por biocombustíveis. Le fáil ag https://www.biodieselbr.com/noticias/materia-prima/ogr/oleo-de-cozinha-usado-avanca-com-demanda-por-biocombustiveis-280923 (a breathnaíodh go deireanach an 27 Deireadh Fómhair 2024). San airteagal, tagraítear do phraghas OCÚ ar leibhéal 4 825 BRL/tona, arbh é sin thart ar 7 130 CNY/tona.

(28)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1344 ón gCoimisiún an 12 Lúnasa 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh shealadach ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh na hIndinéise (IO L 212, 13.8.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/1344/oj); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2092 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh na hIndinéise (IO L 317, 9.12.2019, lch. 42, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/2092/oj); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/111 ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí aigéid shailligh de thionscnamh na hIndinéise (IO L 18, 19.1.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/111/oj).

(29)  Rialachán ón Aire Trádála Uimhir 22 de 2022 maidir le Toirmeasc Sealadach ar Onnmhairiú Amhola Pailme, Ola Pailme Scagtha, Tuartha agus Díbholaithe, Oiléin Pailme Scagtha, Tuartha agus Díbholaithe, agus Ola Cócaireachta Úsáidte. Le fáil ag https://jdih.kemendag.go.id/peraturan/peraturan-menteri-perdagan-nomor-22-tahun-2022-tentang-larangan-sementara-ekspor-amh-pailm-ola-scagtha-tuartha-ang-bolaithe-ola pailme-scagtha-ola-tuartha-agus-díbholaithe-pailm-ola-úsáidte-pailm-sailein-cócaireacht-ola (a breathnaíodh go deireanach an 4 Samhain 2024).

(30)  Rialachán ón Aire Trádála Uimhir 30 de 2022 maidir le Forálacha i dtaca le hOnnmhairiú Amhola Pailme, Ola Pailme Scagtha, Tuartha agus Díbholaithe, Oiléin Pailme Scagtha, Tuartha agus Díbholaithe, agus Ola Cócaireachta Úsáidte. Le fáil ag https://jdih.kemendag.go.id/peraturan/peraturan-menteri-perdagan-nomor-30-tahun-2022-tentang-ketentuan-ekspor-crude-palm-ola-sainmhíniú tuartha-agus-deodorized-palm-ola-scagtha-thuartha-agus-deodorized-palm-olaen-agus-úsáid-ola chócaireachta (a breathnaíodh go deireanach an 4 Samhain 2024).

(31)  Rialachán ó Aire Airgeadais Phoblacht na hIndinéise Uimhir 115/PMK.05/2022 maidir le Leasuithe ar an Rialachán ón Aire Airgeadais Uimhir 103/PMK.05/2022 maidir le Rátaí Seirbhíse Ghníomhaireacht um Sheirbhís Phoiblí Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chiste Plandála Ola Pailme ag an Aireacht Airgeadais. Le fáil ag https://jdih.kemenkeu.go.id/download/b86320c2-ab2e-4d84-a3ac-a868ca6def3d/115~PMK.05~2022Per.pdf (a breathnaíodh go deireanach an 4 Samhain 2024).

(32)  Rialachán ó Aire Airgeadais Phoblacht na hIndinéise Uimhir 130/PMK.05/2022 maidir le Leasuithe ar an Rialachán ón Aire Airgeadais Uimhir 103/PMK.05/2022 maidir le Rátaí Seirbhíse Ghníomhaireacht um Sheirbhís Phoiblí Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chiste Plandála Ola Pailme ag an Aireacht Airgeadais. Le fáil ag https://jdih.kemenkeu.go.id/download/f641efc1-cbd7-4a27-af6f-40d60c3d304c/130~PMK.05~2022.pdf (a breathnaíodh go deireanach an 4 Samhain 2024).

(33)  Rialachán ón Aire Trádála Uimhir 46 de 2022 maidir le Nósanna Imeachta chun Praghsanna Tagartha Onnmhairiúcháin a Chinneadh le haghaidh Táirgí Talmhaíochta agus Foraoiseachta atá faoi réir Dleacht Onnmhairiúcháin, Praghsanna Tagartha le haghaidh Táirgí Talmhaíochta agus Foraoiseachta agus Liosta na mBrandaí Oiléine Pailme Scagtha, Tuartha agus Díbholaithe atá faoi réir Dleacht Onnmhairiúcháin agus Taraifí Seirbhíse Ghníomhaireacht um Sheirbhís Phoiblí Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chiste Plandála Ola Pailme. Le fáil ag https://jdih.kemendag.go.id/peraturan/peraturan-menteri-perdagangan-nomor-46-tahun-2022-tentang-tata-cara-penetapan-harga-patokan-ekspor-atas-produk-pertanian-dan-kehutanan-yang-dikenakan-bea-keluar-harga-referensi-atas-produk-pertanian-dan-kehutanan-dan-daftar-merek-refined-bleached-and-deodorized-palm-olein-yang-dikenakan-bea-keluar-dan-tarif-layanan-badan-layanan-umum-badan-pengelola-dana-perkebunan-kelapa-sawit# (a breathnaíodh go deireanach an 4 Samhain 2024).

(34)  Rialachán ó Aire Airgeadais Phoblacht na hIndinéise Uimhir 123/PMK.010/2022 maidir leis an Dara Leasú ar Rialachán ón Aire Airgeadais Uimhir 39/PMK.010/2022 maidir le hEarraí Onnmhairiúcháin atá faoi réir Dleacht Onnmhairiúcháin agus Rátaí Dleachta Onnmhairiúcháin a Chinneadh. Le fáil ag https://jdih.kemenkeu.go.id/download/65c2b2c0-c50e-432c-b71b-9c624af4fcd0/123~PMK.010~2022.pdf (a breathnaíodh go deireanach an 4 Samhain 2024).

(35)  Edelman Global Advisory. Indonesia’s shifting export policies in an effort to boost Crude Palm Oil exports. Le fáil ag https://www.edelmanglobaladvisory.com/insights/Indonesias-shifting-export-policies (a breathnaíodh go deireanach an 27 Deireadh Fómhair 2024).

(36)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2120 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí dé-ocsaíde mangainéise leictrealaíocha de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, (IO L, 2023/2120, 13.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2120/oj); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444 ón gCoimisiún an 11 Iúil 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí plátaí ceannbheannacha cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Tuirce (IO L 177, 12.7.2023, lch. 63, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1444/oj); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/802 ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí táirgí cruach le bratú cróimiaim leictrealaíoch de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Brasaíle (IO L 143, 23.5.2022, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/802/oj).

(37)  Maidir leis an ‘chéad nóta’ agus leis an ‘dara nóta’ féach aithrisí (64) go (68) den Rialachán sealadach.

(38)  Ar mhaithe le hiomláine, úsáidtear an luach céanna den chostas neamhshaofa le haghaidh ola ó chré tuartha spíonta (‘SBEO’) toisc gur bunábhar é freisin ina bhfuil cion níos airde de shaoraigéid shailleacha.

(39)  Tá scagairí agus monaróirí ceimiceán na Stát Aontaithe sa chéad áit ó thaobh táirgeadh agus úsáid hidrigine de. Ar fáil ar https://www.eia.gov/todayinenergy/detail.php?id=61763 (ar breithníodh go deireanach air an 14 Nollaig 2024).

(40)  Suirbhé ar Thomhaltas Fuinnimh Monaraíochta, 2018, Tábla 7.1. Ar fáil ar https://www.eia.gov/consumption/manufacturing/data/2018/xls/Table7_1.xlsx (ar breathnaíodh air go deireanach an 14 Nollaig 2024).

(41)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2659 ón gCoimisiún an 27 Samhain 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí teireataláite poileitiléine áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 2023/2659, 28.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2659/oj).

(42)  Grúpa an Bhainc Dhomhanda, Bunachar Sonraí Domhanda Boilscithe. Ar fáil ag https://www.worldbank.org/en/research/brief/inflation-database (ar breathnaíodh air go deireanach an 14 Nollaig 2024).

(43)  An Aireacht Acmhainní Daonna. Aicmiú Caighdeánach na nGairmeacha sa Mhalaeisia 2020 (lch. 10). Le fáil ag https://jtksm.mohr.gov.my/sites/default/files/2022-12/MASCO_2020_BI_Edaran.pdf (a breathnaíodh go deireanach an 27 Deireadh Fómhair 2024).

(44)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2659.

(45)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492 ón gCoimisiún an 1 Aibreán 2020 lena bhforchuirtear dleachtanna cinntitheacha frithdhumpála ar allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte (IO L 108, 6.4.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg impl/2020/492/oj); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1336 ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2020, lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí chineálacha áirithe alcóil polaivinile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 315, 29.9.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/regimpl/2020/1336/oj); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/607 ón gCoimisiún an 14 Aibreán 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí aigéid chitrigh de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, arna leathnú chun allmhairí aigéid chitrigh a chuirtear chun bealaigh ón Malaeisia a chumhdach, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh na Malaeisia iad nó ná bíodh, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) den Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 129, 15.4.2021, lch. 73, ELI: http://data.europa.eu/eli/regimpl/2021/607/oj); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/116 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí de photaisiam aicéasuilféime ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 19, 28.1.2022, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/116/oj); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/983 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí de scragall tiontaire alúmanaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 216, 18.6.2021, lch. 142, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/983/oj).

(46)  NACE Ath. 2. Ainmníocht staidrimh maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha san Aontas Eorpach. Le fáil ag https://ec.europa.eu/eurostat/documents/3859598/5902521/KS-RA-07-015-EN.PDF (a breathnaíodh go deireanach an 27 Deireadh Fómhair 2024).

(47)  Idem, lgh. 67 agus 143.

(48)  Idem, lgh. 65 agus 118.

(49)  Ráitis Airgeadais Neste arna nEisiúint le haghaidh 2022 (lch. 2), Tuarascáil Eatramhach Neste le haghaidh Eanáir–Mhárta 2023 (lch. 2), Tuarascáil Airgeadais Leathbhliana Neste le haghaidh Eanáir–Mheitheamh 2023 (lch. 2), Tuarascáil Eatramhach Neste le haghaidh Eanáir–Mheán Fómhair 2023 (lch. 2). Le fáil ag https://www.neste.com/investors/financials#interim-reports (a breathnaíodh go deireanach an 27 Deireadh Fómhair 2024).

(50)  A Citizens’ Guide to Energy Subsidies in Malaysia (lgh. 7-10). Le fáil ag https://www.iisd.org/gsi/sites/default/files/ffs_malaysiaczguide.pdf (a breathnaíodh go deireanach an 27 Deireadh Fómhair 2024).

(51)  GAIN. Biofuels Annual 2022. an Mhalaeisia. Le fáil ag https://apps.fas.usda.gov/newgainapi/api/Report/DownloadReportByFileName?fileName=Biofuels%20Annual_Kuala%20Lumpur_Malaysia_MY2022-0008.pdf (a breathnaíodh go deireanach an 28 Deireadh Fómhair 2024), lch. 4.

(52)  UTM. Socio-economic and Feasibility Study of Utilising Pal Oil Derived Biofuel in Malaysia. Le fáil ag https://palmoilis.mpob.gov.my/publications/OPIEJ/opiejv11n1-hanafi.pdf (a breathnaíodh go deireanach an 28 Deireadh Fómhair 2024).

(53)  GAIN. Biofuels Annual 2023. an Mhalaeisia. Le fáil ag https://apps.fas.usda.gov/newgainapi/api/Report/DownloadReportByFileName?fileName=Biofuels%20Annual_Kuala%20Lumpur_Malaysia_MY2023-0012.pdf (ar breathnaíodh air go deireanach an 28 Deireadh Fómhair 2024), lch. 2.

(54)  DBS Group Research Equity, Regional Industry Focus – Plantation companies, 20 Iúil 2017, lch. 5.

(55)  Cur i láthair dar dáta an 12 Feabhra 2015 ó Leas-Uachtarán Chomhlachas Bithdhíosail na Malaeisia (MBA).

(56)  Bhí 9,7 milliún USD ag comhfhreagairt do thart ar 44 mhilliún MYR. De réir Thuarascáil GAIN maidir leis an Malaeisia (2023), lch. 10, measadh gur 8 576 mhilliún lítear de chumasc díosail/bithdhíosail B10 a úsáideadh ar an mbóthar in 2023. Is meán-fhóirdheontas 0,005 MYR/lítear an toradh a fhaightear ach méid iomlán an mhaoinithe (44 mhilliún MYR) a roinnt ar thoirt an chumaisc breosla a ídítear (8,6 billiún lítear).

(57)  Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 21 Feabhra 2024, Sinopec Chongqing SVW Chemical agus páirtithe eile v an Coimisiún, T-762/20, ECLI:EU:T:2024:113, míreanna 132, 131-139.

(58)  Breithiúnas an 2 Deireadh Fómhair 2024, CCCME agus páirtithe eile v an Coimisiún, T-263/22, ECLI:EU:T:2024:663, mír 183.

(59)  Breithiúnas an 2 Deireadh Fómhair 2024, CCCME agus páirtithe eile v an Coimisiún, T-263/22, ECLI:EU:T:2024:663, mír 185.

(60)  Breithiúnas an 2 Deireadh Fómhair 2024, CCCME agus páirtithe eile v an Coimisiún, T-263/22, ECLI:EU:T:2024:663, mír 188.

(61)  Breithiúnas an 2 Deireadh Fómhair 2024, CCCME agus páirtithe eile v an Coimisiún, T-263/22, ECLI:EU:T:2024:663, mír 184.

(62)  Deimhniúchán Idirnáisiúnta Inbhuanaitheachta agus Carbóin (‘ISCC’). Deimhniú Jiaao a bhí bailí le linn na tréimhse imscrúdúcháin agus atá le fáil ag https://certificates.iscc-system.org/cert-pdf/EU-ISCC-Cert-IT206-1516.pdf (a breathnaíodh go deireanach an 24 Deireadh Fómhair 2024).

(63)  Mhínigh EBB an nuashonrú ina mhodheolaíocht in t24.004736.

(64)  Panel Report on EU – Anti-dumping measures on biodiesel from Argentina [Tuarascáil ón bPainéal maidir leis an Aontas Eorpach – Bearta frithdhumpála maidir le bithdhíosal ón Airgintín], WT/DS473/R, mír 7.399-7.7413.

(65)  Pointe (64) de t24.007508.

(66)  t24.000069 agus t24.000061.

(67)   https://www.gov.uk/government/publications/trade-remedies-notices-anti-dumping-duty-on-biodiesel-from-canada-and-usa/trade-remedies-notice-202208-anti-dumping-duty-on-biodiesel-products-originating-in-the-united-states-of-america-including-biodiesel-consigned-from.

(68)  t24.001022.

(69)  Panel Report on Morocco – Definitive anti-dumping measures on Exercise Books from Tunisia [Tuarascáil ón bPainéal maidir le Maracó — Bearta frithdhumpála cinntitheacha maidir le Leabhair Cleachtaí ón Túinéis], WT/DS578/R, mír 7.222.

(70)  Thug an páirtí dá aire gurbh é 1 % cóimheas chion na gcostas iar-allmhairiúcháin agus CAL in imscrúdú AD658 ‘leatháin agus cornaí teorollta cruach dosmálta áirithe’, 3,6 % in AD653 ‘fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe’ agus 3,53 % in AD676 ‘ceanglóirí áirithe iarainn nó cruach’.

(71)  Is toradh é sin ar chóimheas na gcostas iar-allmhairiúcháin vs praghsanna CAL (0,923 %) a iolrú faoi 1 526 EUR/tona (praghas allmhairiúcháin na Síne le linn na tréimhse imscrúdúcháin).

(72)   IO L 317, 9.12.2019, lch. 42, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/2092/oj (féach roinn 4.3.5).

(73)  Airteagail 3.1, 12.2 agus 12.2.1 den Chomhaontú Frithdhumpála.

(74)  In t24.001457, scríobh EcoCeres: EU industry’s current production capacity is less than 10 % than the mandated EU demand in 2025 [Tá an acmhainneacht táirgeachta atá i dtionscal an Aontais faoi láthair níos lú ná 10 % ná éileamh sainordaithe an Aontais in 2025].

(75)  Is corparáid fuinnimh ilnáisiúnta Mheiriceánach é Chevron Corporation arb é ola agus gás a speisialtóireacht agus atá gníomhach i mbreis agus 180 tír.

(76)  Airteagal 2.2 agus 2.2.1 den Chomhaontú Frithdhumpála.

(77)  Airteagal 3 den Chomhaontú Frithdhumpála.

(78)  GAIN. Biofuels Annual an 14 Lúnasa 2023. an tAontas Eorpach. Le fáil ag https://fas.usda.gov/data/european-union-biofuels-annual-3 (a breathnaíodh go deireanach an 18 Samhain 2024), leathanaigh 29-31 agus tábla 10 & GAIN. Biofuels Annual an 19 Deireadh Fómhair 2023. an tSín. Le fáil ag https://fas.usda.gov/data/china-biofuels-annual-9 (a breathnaíodh go deireanach an 18 Samhain 2024), leathanaigh 12-16, mar atá, tábla 4.

(79)  Sonraí Comext maidir le bithdhíosal íon agus a chumaisc.

(80)  Sonraí Comext maidir le bithdhíosal íon amháin. Sonraí maidir le cód 2710 19 43 29 i gcás Shingeapór. Sonraí maidir le cód 3826 00 10 i gcás na hAirgintíne, na Ríochta Aontaithe agus tríú tíortha eile. Sonraí maidir le cóid 2710 19 43 29 agus 3826 00 10 i gcás tíortha eile gan an tSín a áireamh (i gcás sciar na Ríochta Aontaithe a áirítear i dtíortha eile gan an tSín a áireamh, níor breithníodh ach cód 3826 00 10 ).

(81)  Tuarascáil Staidrimh EBB 2023 le fáil ag https://ebb-eu.org/wp-content/uploads/2024/03/EBB_Statistical_Report2023-Final.pdf (a breathnaíodh go deireanach an 18 Samhain 2024).

(82)  GAIN. Biofuels Annual an 19 Deireadh Fómhair 2023. an tSín. Le fáil ag https://fas.usda.gov/data/china-biofuels-annual-9 (an dáta deireanach a breathnaíodh air an 18 Samhain 2024).

(83)  GAIN. Biofuels Annual an 14 Lúnasa 2023. an tAontas Eorpach. Le fáil ag https://fas.usda.gov/data/european-union-biofuels-annual-3 (an dáta deireanach a breathnaíodh air an 18 Samhain 2024).

(84)  I bhfianaise https://www.reuters.com/business/energy/malaysian-2024-biofuel-output-seen-rising-if-b20-biodiesel-usage-expanded-2024-03-05/ (a breathnaíodh go deireanach an 18 Samhain 2024), tá bithdhíosal ón Malaeisia bunaithe ar ola pailme. Chun forléargas domhanda a fháil, féach leathanach 27 de thuarascáil UFOP maidir le soláthar an mhargaidh dhomhanda 2023/2024, atá le fáil ag https://www.ufop.de/files/8217/0548/9837/UFOP-2116_Report_Global_Market_Supply_A5_EN_23_24_160124.pdf.

(85)  Mar shampla, féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1344 ón gCoimisiún. Is mar a leanas atá an fhoclaíocht in aithris (32): The investigation indicated that biodiesel produced in Indonesia is primarily palm oil methyl ester (‘PME’), which is derived from palm oil… [Léirigh an t-imscrúdú gur eistear meitile ola pailme (‘PME’) go príomha atá sa bhithdhíosal a tháirgtear san Indinéis, ar bithdhíosal é a dhíorthaítear ó ola phailme…]. Chun sampla eile a fháil, féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/244 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh na hAirgintíne, (IO L 40, 12.2.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/244/oj). Is mar a leanas atá an fhoclaíocht in aithris (41): The investigation showed that biodiesel produced in Argentina is exclusively soybean methyl ester (‘SME’) derived from soybean oil… [Léirigh an t-imscrúdú gur eistear meitile pónaire soighe (‘SME’) a dhíorthaítear ó ola pónaire soighe atá sa bhithdhíosal a tháirgtear san Airgintín…, agus é sin amháin].

(86)  Maidir le bunábhair sa Ríocht Aontaithe, féach mar shampla https://www.gov.uk/government/statistics/bioenergy-crops-in-england-and-the-uk-2008-2023/bioenergy-crops-in-england-and-the-uk-2008-2023 agus an t-iarratas i gcomhad poiblí an imscrúdaithe arna dhéanamh ag an tSeirbhís um Leigheasanna Trádála, atá le fáil ag https://www.trade-remedies.service.gov.uk/public/case/AD0058/.

(87)  Maidir le hallmhairí isteach san Aontas ón Ríocht Aontaithe, tír ina bhfuil móréileamh bithdhíosail intíre, measadh gur earraí trádáilte den chuid is mó ba ea iad toisc go raibh a méid i dtábla 12 den Rialachán sealadach dhá oiread níos mó, go bunúsach, ná táirgeacht iomlán an bhithdhíosail sa tír sin. Is rífhollasach é sin ó thábla C.41.1 de ECFE/FAO (2022), Ionchas Talmhaíochta OECD-FAO 2022-2031, OECD Publishing, Páras, https://doi.org/10.1787/f1b0b29c-en. Chomh maith leis sin, tugadh faoi deara i leathanaigh 30-32 den iarratas i gcomhad poiblí an imscrúdaithe arna dhéanamh ag an tSeirbhís um Leigheasanna Trádála atá le fáil ag https://www.trade-remedies.service.gov.uk/public/case/AD0058/ go raibh mórghníomhaíochtaí onnmhairiúcháin ag grúpa Greenergy. Sa tábla ar leathanach 27 (150 000 – 200 000 tona i gcás Olleco plus Argent) den iarratas céanna agus sna meastacháin ar leathanach 29 (320 000 – 370 000 tona i gcás Greenergy) den iarratas, tugtar le tuiscint gur táirgeadh thart ar leathmhilliún tona (nó beagán níos mó) de bhithdhíosal sa Ríocht Aontaithe.

(88)  An Ríocht Aontaithe.

(89)  Aithrisí (12) agus (13) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1273 ón gCoimisiún an 7 Bealtaine 2024 lena bhfoirceanntar an t-imscrúdú a bhaineann le himchéimniú féideartha na mbeart frithchúitimh ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh na hIndinéise, trí allmhairí bithdhíosail ó Dhaon-Phoblacht na Síne agus ón Ríocht Aontaithe, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus de thionscnamh na Ríochta Aontaithe iad nó ná bíodh, agus lena bhfoirceanntar clárú na n-allmhairí sin, (IO L, 2024/1273, 8.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1273/oj).

(90)   https://www.spglobal.com/commodityinsights/en/market-insights/latest-news/agriculture/040324-uk-to-instate-biofuel-import-duties-after-halting-exemptions (a breathnaíodh go deireanach an 18 Samhain 2024).

(91)   https://rtfa.org.uk/2024/07/23/uk-renewable-fuels-industry-calls-for-inward-processing-policy-to-be-made-more-transparent/(a breathnaíodh go deireanach an 18 Samhain 2024).

(92)  Suíodh an spriocbhrabús 11 % in 2013 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1194/2013 ón gComhairle an 19 Samhain 2013 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh na hAirgintíne agus na hIndinéise, (IO L 315, 26.11.2013, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/1194/oj). Measadh an spriocbhrabús sin a bheith réasúnta freisin i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/244 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh na hAirgintíne (IO L 40, 12.2.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/244/oj).

(93)  Gás ceaptha teasa.

(94)  Maidir le ról na hithreach sa cheapadh carbóin, féach https://4p1000.org/discover/?lang=en.

(95)  An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, Stiúrthóireacht G, Rue de la Loi /Wetstraat 170, 1040 Bruxelles/Brussel, BELGIQUE/BELGIË.

(96)  Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).

(97)  Mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2024/2522 ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2024 lena leasaítear Iarscríbhinn I de Rialachán Cur Chun Feidhme (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L, 2024/2522 31.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2522/oj). Cinntear an cumhdach táirge tríd an tuairisc ar an táirge in Airteagal 1(1) a chomhcheangal leis an tuairisc ar an táirge sna cóid AC agus TARIC chomhfhreagracha i dteannta a chéile.


IARSCRÍBHINN

TÁIRGEOIRÍ ONNMHAIRIÚCHÁIN COMHOIBRÍOCHA NEAMHSHAMPLÁILTE

Ainm

Cód breise TARIC

Anhui Tianyi Environmental Protection Tech. Co., Ltd.

89EG

Baoshun (Henan) New Carbon Material Co., Ltd.

89EH

Bemay (Hubei) New Energy Company Ltd.

89FU

Changzhou City Jintan District Weige Biological Technology Co., Ltd.

89EI

Chongqing CH Bio Energy Co., Ltd.

89EJ

Chongqing Yubang New Energy Technology Co., Ltd

89EK

Dezhou Rongguang Biotechnology Co., Ltd.

89EL

Guangxi Guiping Guangran Energy Technology Co. Ltd.

89EM

Guangzhou Hongtai New Energy Technology Co., Ltd.

89EN

Guangzhou Leo-king Environmental Technology Co., Ltd.

89EO

Hainan Huanyu New Energy Co., Ltd.

89EP

Hebei Hui De Renewable Resources Co., Ltd.

89EQ

Hebei Jingu Plasticizer Co., Ltd.

89ER

Hebei Jingu Recycling Resources Development Co. Ltd.

89ES

Hebei Longhai Bioenergy Co., Ltd.

89ET

Hebei Nanhong New Energy Technology Pte. Ltd.

89EU

HENAN JUNHENG INDUSTRIAL GROUP BIOTECHNOLOGY COMPANY., LTD.

89EV

Hubei Tianji Bioenergy Co., Ltd.

89EW

Huizhou City Huilong Oil Energy Co., Ltd.

89EX

Huizhou Excellent and Innovation Bioenergy Technology Co., Ltd.

89EY

Hunan Xinhui Bioenergy Co., Ltd.

89EZ

Jiangxi Zunchuang New Energy Co., Ltd.

89FA

Jiujiang Oasis Energy Technology Co., Ltd.

89FB

Kunming Decheng Renewable Resources Technology Co. Ltd.

89FC

Linyi Huibang New Energy Co., Limited

89FD

Long Chang City Yuanju Oil and Greas Co. Ltd.

89FE

Maoming Hongyu Energy Technology Co., Ltd.

89FF

Ningbo Jiesen Green Fuel Co., Ltd.

89FG

Shandong Baoshun Chemical Technology Co., Ltd.

89FH

Shandong Ding-Yu Biotech Energy Co., Ltd.

89FI

SHANDONG HUIDONG NEW ENERGY CO., LTD.

89FJ

Shandong Sanju Bioenergy Co., Ltd.

89FK

Shanghai Zhongqi Environment Technology Co., Ltd

89FL

Shenzhen Leoking Biotechnology Co., Ltd

89FM

Sichuan Huisheng New Technology Co Ltd.

89FN

Sichuan Lampan New Energy Technology Co., Ltd.

89FO

Tanghe Jinhai Biological Technology Co., Ltd.

89FP

Tangshan Jinlihai Biodiesel Co., Ltd.

89FQ

Wenzhou Zhongke New Energy Technology Co., Ltd.

89FR

YANGZHOU JIANYUAN BIOTECHNOLOGY CO., LTD.

89FS


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/261/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top