This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R0212
Commission Delegated Regulation (EU) 2025/212 of 13 September 2024 correcting Commission Delegated Regulation (EU) 2017/2055 supplementing Directive (EU) 2015/2366 of the European Parliament and of the Council with regard to regulatory technical standards for the cooperation and exchange of information between competent authorities relating to the exercise of the right of establishment and the freedom to provide services of payment institutions
Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/212 ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2024 lena gceartaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2055 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh comhar agus malartú faisnéise idir na húdaráis inniúla i ndáil le feidhmiú an chirt bunaíochta agus i ndáil leis an saoirse chun seirbhísí institiúidí íocaíochta a sholáthar
Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/212 ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2024 lena gceartaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2055 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh comhar agus malartú faisnéise idir na húdaráis inniúla i ndáil le feidhmiú an chirt bunaíochta agus i ndáil leis an saoirse chun seirbhísí institiúidí íocaíochta a sholáthar
C/2024/6421
IO L, 2025/212, 31.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/212/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/212 |
31.1.2025 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/212 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Meán Fómhair 2024
lena gceartaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2055 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh comhar agus malartú faisnéise idir na húdaráis inniúla i ndáil le feidhmiú an chirt bunaíochta agus i ndáil leis an saoirse chun seirbhísí institiúidí íocaíochta a sholáthar
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (1), agus go háirithe Airteagal 28(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá earráid in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2055 ón gCoimisiún (2) a mhéid a bhaineann leis an uimhir aitheantais uathúil is infheidhme don Danmhairg. Déanann an earráid difear do shubstaint na hIarscríbhinne sin. |
|
(2) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2055 a cheartú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ceartaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2055 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Meán Fómhair 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 337, 23.12.2015, lch. 35, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2015/2366/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2055 ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2017 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh comhar agus malartú faisnéise idir na húdaráis inniúla i ndáil le feidhmiú an chirt bunaíochta agus i ndáil leis an saoirse chun seirbhísí institiúidí íocaíochta a sholáthar (IO L 294, 11.11.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2017/2055/oj).
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachan Tarmligthe (AE) 2017/2055, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh na Danmhairge:
|
‘an Danmhairg |
Cláruimhir na cuideachta |
Uimhir 8 ndigit (e.g. 12345678) |
I gcás dílseánacht aonair: Cláruimhir na cuideachta I gcás daoine nádúrtha nach dílseánachtaí aonair iad: Uimhir chlárúcháin phearsanta |
Uimhir 8 ndigit san fhormáid 12345678 Uimhir 10 ndigit san fhormáid 123456-7890’ |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/212/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)