Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R0153

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/153 ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2025 lena n-údaraítear plandaí Lemna minor agus Lemna gibba a chur ar an margadh mar bhia núíosach agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470

C/2025/520

IO L, 2025/153, 30.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/153/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/153/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/153

30.1.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/153 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Eanáir 2025

lena n-údaraítear plandaí Lemna minor agus Lemna gibba a chur ar an margadh mar bhia núíosach agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 12(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha atá údaraithe agus atá ar liosta an Aontais de bianna núíosacha a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

(2)

De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, bunaíodh liosta an Aontais de bhianna núíosacha le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (2).

(3)

An 20 Bealtaine 2020 chuir an chuideachta Wageningen Plant Research (‘an t-iarratasóir’) iarratas ar údarú faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 chun plandaí Lemna minor agus Lemna gibba a chur ar mhargadh an Aontais mar bhia núíosach. D’iarr an t-iarratasóir go n-úsáidfí an bia núíosach mar ghlasra, ar an gcaoi chéanna le glasraí duilleacha eile, é cócaráilte nó curtha le táirgí réidh le hithe le haghaidh an phobail.

(4)

An 27 Deireadh Fómhair 2020 d’iarr an Coimisiún ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) measúnú a dhéanamh ar ábhar plandaí iomlán Lemna minor agus Lemna gibba mar bhia núíosach.

(5)

An 28 Meán Fómhair 2022 ghlac an tÚdarás tuairim eolaíoch dar teideal ‘Sábháilteacht ábhair plandaí iomláin Lemna minor agus Lemna gibba mar bhia núíosach de bhun Rialachán (AE) 2015/2283’ (3) i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2015/2283.

(6)

Sa tuairim eolaíoch uaidh, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhfuil méideanna níos airde mangainéise sa bhia núíosach i gcomparáid leis an tiúchan mangainéise a bhíonn ann de ghnáth i nglasraí duilleacha eile, rud a d’fhéadfadh a bheith ina ábhar imní sábháilteachta. Dá bhrí sin, níorbh fhéidir sábháilteacht an bhia núíosaigh a shuí.

(7)

Tar éis ghlacadh na tuairime eolaíche, d’iarr an t-iarratasóir ar an gCoimisiún an bhféadfadh sé aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní sábháilteachta a chuir an tÚdarás i dtábhacht ina chonclúid trí fhaisnéis bhreise a sholáthar lena léirítear nach sáraíonn an cion mangainéise in Lemna gibba an cion mangainéise i nglasraí duilleacha nuair a laghdaítear na tiúchaintí mangainéise sa mheán saothraithe.

(8)

An 30 Aibreán 2024 d’iarr an Coimisiún cúnamh eolaíoch agus teicniúil ar an Údarás i ndáil leis an tuairim eolaíoch ó EFSA maidir le ‘Sábháilteacht ábhair plandaí iomláin Lemna minor agus Lemna gibba mar bhia núíosach de bhun Rialachán (AE) 2015/2283’ chun a mheas a thuilleadh an dtugann an fhaisnéis bhreise a chuir an t-iarratasóir ar fáil aghaidh ar na hábhair imní a bhaineann leis an iontógáil mangainéise.

(9)

An 10 Iúil 2024 ghlac an tÚdarás an ‘Tuarascáil ar chúnamh eolaíoch agus teicniúil maidir leis an meastóireacht ar shábháilteacht ábhair plandaí iomláin Lemna gibba agus Lemna minor mar bhia núíosach’ (4). Sa tuarascáil uaidh, thug an tÚdarás dá aire gur laghdaíodh an cion mangainéise in Lemna gibba go leibhéal 6 mg/kg de mheáchan úr (FW), leibhéal atá inchomparáide le spionáiste arb é an glasra duilleach é a bhfuil an cion mangainéise is airde ann, is é sin leibhéil suas le 9 mg/kg de mheáchan úr. Dá bhrí sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur laghdaíodh an cion mangainéise sa bhia núíosach go leibhéil nach sáraíonn na leibhéil atá i nglasraí duilleacha eile. Léirítear sa tuarascáil freisin, ós rud é go léiríonn an dá speiceas Lemna cion mangainéise comhchosúil, go meastar go bhfuil sé réasúnta glacadh leis gur féidir laghdú coibhéiseach ar an gcion mangainéise mar a fhaightear in Lemna gibba a bhaint amach in Lemna minor faoi na dálaí saothraithe nua a cuireadh i bhfeidhm. I bhfianaise an mhéid thuas, mheas EFSA gur cheart an t-uasleibhéal sonraíochta le haghaidh mangainéise sa bhia núíosach a shocrú ag 6 mg/kg de mheáchan úr.

(10)

Ar an mbonn sin, measann an Coimisiún go bhfuil forais leordhóthanacha sa tuairim eolaíoch agus sa tuarascáil theicniúil chun a shuí go gcomhlíonann plandaí Lemna gibba agus Lemna minor na coinníollacha maidir lena gcur ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2015/2283.

(11)

Is iomchuí go mbeadh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 9(3) de Rialachán (AE) 2015/2283 san iontráil a bhaineann le plandaí Lemna minor agus Lemna gibba ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha.

(12)

Ba cheart plandaí Lemna gibba agus Lemna minor a chur ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470. Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir.

(13)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Údaraítear plandaí Lemna minor agus Lemna gibba a chur ar mhargadh an Aontais.

Cuirfear plandaí Lemna gibba agus Lemna minor ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470.

2.   Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Eanáir 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 327, 11.12.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/2283/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72 ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2017/2470/oj).

(3)   EFSA Journal [Iris EFSA] 2022;20(11):7598.

(4)   https://doi.org/10.2903/sp.efsa.2024.EN-8963.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 mar a leanas:

(1)

cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i dTábla 1 (Bianna núíosacha údaraithe):

Bia núíosach údaraithe

Coinníollacha faoina bhféadfar an bia núíosach a úsáid

Ceanglais lipéadaithe shonracha bhreise

Ceanglais eile

Cosaint sonraí

Lemna minor agus Lemna gibba teaschóireáilte

Catagóir shonraithe bhia

Uasleibhéil

1.

Maidir leis an mbia núíosach a ainmniú ar lipéadú na n-earraí bia ina bhfuil sé, is é

“plandaí Lemna minor agus Lemna gibba” an t-ainmniú a bheidh air.’

 

 

Ní shonraítear

 

(2)

i dTábla 2 (Sonraíochtaí), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:

Bia núíosach údaraithe

Sonraíocht

Lemna minor agus Lemna gibba teaschóireáilte

Tuairisc/Sainmhíniú:

Ábhar plandaí Lemna minor agus Lemna gibba a shaothraítear faoi dhálaí rialaithe ina bhfuil duilleoga glasa beaga teaschóireáilte le roinnt fréamhacha beaga bána.

Saintréithe/comhdhéanamh

Taise 91–95 g/100 g

Próitéin (N × 6,25) 1–4 g/100 g

Carbaihiodráití 1–3 g/100 g

Snáithín cothaitheach 0,5-3 g/100 g

Luaith 1–2 g/100 g

Saill 0,2–0,6 g/100 g

Ocsaláití (mar ocsaláit chailciam) < 1,6 g/kg

Béite-caraitéin < 3,160 μg/100 g

Fóláit < 38 μg/100 g

Filleacuineon < 46 μg/100 g

Copar: < 2,5 mg/kg

Iarann: < 53 mg/kg

Mangainéis: ≤ 6 mg/kg

Molaibdéineam < 0,5 mg/kg

Sinc: < 20 mg/kg

Cróimiam: < 1 mg/kg

Bórón: < 15 mg/kg

Éilleáin

Níotráit: < 520 mg/kg

Nítrít < 1,75 mg/kg

Luaidhe < 0,3 mg/kg

Caidmiam: < 0,2 mg/kg

Mearcair < 0,05 mg/kg

Arsanaic < 0,05 mg/kg

Micricistiní < 23 mg/kg

Nóidíneachainí < 7 mg/kg

IAA < 0,1 mg/kg

Critéir mhicribhitheolaíocha

Áireamh coilíneachtaí aeróbacha: < 5 000 ADC/g

Escherichia coli: < 100 ADC/g

Bacillus cereus: < 100 ADC/g

Stafalacocais téachtáis-deimhneacha: Níor aimsíodh in 10 g

Listeria monocytogenes: Neamhláithreacht in 25 g

Salmonella sp.: Neamhláithreacht in 25 g

Áireamh iomlán an ghiosta agus an mhúscáin: < 100 ADC/g

IAA: aigéad iondól-3-aicéiteach; CFU: aonad déanta coilíneachta.’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/153/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top