Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R0147

Rialachán (AE) 2025/147 ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2025 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an tsubstaint bhlaistithe 4-Meitil-2-feinilpeint-2-éanal (FL Uimh. 05.100) a bhaint de liosta an Aontais

C/2025/524

IO L, 2025/147, 30.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/147/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/147/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/147

30.1.2025

RIALACHÁN (AE) 2025/147 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Eanáir 2025

lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an tsubstaint bhlaistithe 4-Meitil-2-feinilpeint-2-éanal (FL Uimh. 05.100) a bhaint de liosta an Aontais

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le blastáin agus maidir le comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 agus Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 agus Treoir 2000/13/CE (1), agus go háirithe Airteagal 11(3) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bia (2), agus go háirithe Airteagal 7(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008, leagtar síos liosta Aontais de bhlastáin agus de bhunábhair a fhormheastar lena n-úsáid i mbianna agus ar bhianna, chomh maith le coinníollacha a n-úsáide.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 872/2012 ón gCoimisiún (3), glacadh liosta an Aontais de shubstaintí blaistithe agus tugadh isteach an liosta sin i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008.

(3)

Féadfar an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an nós imeachta comhchoiteann dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008, ar thionscnamh an Choimisiúin nó tar éis iarratas a fháil ó Bhallstát nó ó pháirtí leasmhar.

(4)

Ar liosta an Aontais de bhlastáin agus de bhunábhair a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 tá, i measc nithe eile, roinnt substaintí blaistithe nach raibh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) in ann riosca sábháilteachta le haghaidh shláinte an tomhaltóra a chur as an áireamh ina leith ar bhonn na sonraí a bhí ar fáil tráth a glacadh an liosta le Rialachán (AE) Uimh. 872/2012 agus mheas sé, dá bhrí sin, go raibh gá le sonraí breise chun a mheastóireacht a chríochnú. Cuireadh na substaintí sin le liosta an Aontais de shubstaintí blaistithe ar choinníoll go gcuirfí isteach sonraí sábháilteachta lena dtabharfaí aghaidh ar na hábhair imní a chuir an tÚdarás in iúl sula ndeachaigh sprioc-amanna sonracha a bhunaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 in éag. Sainaithníodh na substaintí sin trí bhíthin tagairt fonóta lena gceanglaítear ar an Údarás an mheastóireacht a chríochnú.

(5)

I measc na substaintí atá ar liosta an Aontais de bhlastáin agus de bhunábhair ach a shainaithnítear trí bhíthin tagairt fonóta lena gceanglaítear ar an Údarás an mheastóireacht a chríochnú, tá an tsubstaint 4-Meitil-2-feinilpeint-2-éanal (FL Uimh. 05.100) ó Mheastóireacht ar Ghrúpa Blastán 216 (FGE.216). I gcás na substainte sin, chuir oibreoirí gnólachtaí bia leasmhara na sonraí eolaíocha breise a d’iarr an tÚdarás isteach.

(6)

Sa tuairim eolaíoch uaidh an 29 Meitheamh 2022 (4), rinne an tÚdarás meastóireacht ar na sonraí a cuireadh isteach agus tháinig sé ar an gconclúid gur spreag an tsubstaint ionadaíoch ó athbhreithniú 2 FGE.216, is é sin 2-Feiniolcrotónaildéad (FL Uimh. 05.062), modh gníomhaíochta aineoigineachta. Ós rud é go raibh na staidéir micreanúicléis in-vivo a bhí ar fáil neamhchonclúideach, ní féidir aineoigineacht fhéideartha in vivo a chur as an áireamh i gcás aon substainte laistigh de FGE.216Rev2, agus dá bhrí sin, i gcás na substainte 4-Meitil-2-feinilpeint-2-éanal (FL Uimh. 05.100). Dá réir sin, thug an tÚdarás le fios go raibh gá le tuilleadh sonraí chun an measúnú a chur i gcrích.

(7)

Tugadh isteach srianta ar úsáid 4-Meitil-2-feinilpeint-2-éanail (FL Uimh. 05.100) le Rialachán (AE) 2024/238 ón gCoimisiún (5), go dtí go gcuirfidh oibreoirí gnólachtaí bia leasmhara tuilleadh sonraí isteach.

(8)

Mar sin féin, níor chuir oibreoirí gnólachtaí bia leasmhara na sonraí riachtanacha isteach agus thug siad le fios nach bhfuil aon úsáid eile á baint as an tsubstaint bhlaistithe sin.

(9)

Ós rud é nach féidir an chúis imní maidir le haineoigineacht a chur as an áireamh, ba cheart 4-Meitil-2-feinilpeint-2-éanal (FL Uimh. 05.100) a bhaint de liosta an Aontais de shubstaintí blaistithe.

(10)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 a leasú.

(11)

Maidir le bianna lenar cuireadh 4-Meitil-2-feinilpeint-2-éanal (FL Uimh. 05.100) agus a cuireadh ar an margadh san Aontas nó atá faoi bhealach ó thríú tíortha chuig an Aontas roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart cead a thabhairt iad a mhargú san Aontas go dtí a ndáta íosmharthanachta nó a ndáta éagtha. Níor cheart feidhm a bheith ag an mbeart idirthréimhseach maidir leis an tsubstaint í féin ná le hullmhóidí lenar cuireadh an tsubstaint sin agus nach bhfuil sé beartaithe iad a thomhailt mar atá siad, toisc go mbíonn na monaróirí táirgí bia a bhaineann úsáid as na hullmhóidí sin mar chomhábhair ar an eolas faoi chomhdhéanamh na n-ullmhóidí sin nuair a bhíonn siad á n-úsáid.

(12)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Bearta idirthréimhseacha

1.   Maidir le bianna lenar cuireadh 4-Meitil-2-feinilpeint-2-éanal (FL Uimh. 05.100) agus a cuireadh ar an margadh go dlíthiúil roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, féadfar iad a mhargú go fóill go dtí a ndáta íosmharthanachta nó a ndáta éagtha.

2.   Maidir le bianna a allmhairítear isteach san Aontas agus lenar cuireadh 4-Meitil-2-feinilpeint-2-éanal (FL Uimh. 05.100), féadfar iad a mhargú go dtí a ndáta íosmharthanachta nó a ndáta éagtha, más féidir leis an allmhaireoir a léiriú gur seachadadh iad ón tríú tír lena mbaineann agus go raibh siad faoi bhealach chuig an Aontas roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

3.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le 4-Meitil-2-feinilpeint-2-éanal (FL Uimh. 05.100) ná maidir le hullmhóidí ina bhfuil an tsubstaint sin agus nach bhfuil sé beartaithe iad a thomhailt mar atá siad.

Chun críocha na míre seo, ciallaíonn ‘ullmhóidí’ meascáin de bhlastáin nó meascáin a bhfuil blastán amháin nó níos mó ná sin agus comhábhair bhia eile iontu, amhail breiseáin bhia, einsímí nó iompróirí, chun a stóráil, a ndíol, a gcaighdeánú, a gcaolú nó a dtuaslagadh a éascú.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Eanáir 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 354, 31.12.2008, lch. 34, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1334/oj.

(2)   IO L 354, 31.12.2008, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1331/oj.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 872/2012 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2012 lena nglactar an liosta de shubstaintí blaistithe dá bhforáiltear le Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena dtugtar isteach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle é agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1565/2000 ón gCoimisiún agus Cinneadh 1999/217/CE ón gCoimisiún (IO L 267, 2.10.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2012/872/oj).

(4)   EFSA Journal [Iris EFSA] 2022;20(8):7420.

(5)  Rialachán (AE) 2024/238 ón gCoimisiún an 15 Eanáir 2024 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le srianta a thabhairt isteach ar úsáid substaintí blaistithe áirithe (IO L, 2024/238, 16.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/238/oj).


IARSCRÍBHINN

I gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008, scriostar an iontráil seo a leanas:

‘05.100

4-Meitil-2-feinilpeint-2-éanal

26643-91-4

1473

10366

 

I gcatagóir 1.4 – gan dul thar 0,60 mg/kg

I gcatagóir 1.7 – gan dul thar 5,00 mg/kg

I gcatagóir 1.8 – gan dul thar 0,50 mg/kg

I gcatagóirí 2.1, 2.2, 2.3 – gan dul thar 5,00 mg/kg

I gcatagóir 3.0 – gan dul thar 0,60 mg/kg

I gcatagóir 4.2 – gan dul thar 0,09 mg/kg

I gcatagóir 4.2.2 – gan dul thar 1,50 mg/kg

I gcatagóir 4.2.5 – gan dul thar 0,20 mg/kg

I gcatagóir 5.1 – gan dul thar 2,00 mg/kg

I gcatagóir 5.2 – gan dul thar 5,00 mg/kg

I gcatagóir 5.3 – gan dul thar 5,00 mg/kg

I gcatagóir 5.4 – gan dul thar 5,00 mg/kg

I gcatagóir 6.3 – gan dul thar 5,00 mg/kg

I gcatagóir 6.4 – gan dul thar 1,50 mg/kg

I gcatagóir 6.6 – gan dul thar 3,00 mg/kg

I gcatagóir 6.7 – gan dul thar 0,20 mg/kg

I gcatagóir 7.1 - gan dul thar 5,00 mg/kg

I gcatagóir 7.2 – gan dul thar 5,00 mg/Kg

I gcatagóirí 8.2, 8.3 – gan dul thar 1,50 mg/kg

I gcatagóirí 9.2, 9.3 – gan dul thar 1,50 mg/kg

I gcatagóir 10.2 – gan dul thar 1,50 mg/kg

I gcatagóir 11.2 – gan dul thar 0,10 mg/kg

I gcatagóir 12.2 – gan dul thar 0,90 mg/kg

I gcatagóir 12.3 – gan dul thar 1,50 mg/kg

I gcatagóir 12.4 – gan dul thar 1,50 mg/kg

I gcatagóir 12.5 – gan dul thar 0,80 mg/kg

I gcatagóir 12.6 – gan dul thar 1,50 mg/kg

I gcatagóir 12.7 – gan dul thar 1,50 mg/kg

I gcatagóir 12.9 – gan dul thar 5,00 mg/kg

I gcatagóirí 13.2, 13.3, 13.4 – gan dul thar 5,00 mg/kg

I gcatagóir 14.2.1 – gan dul thar 0,08 mg/kg

I gcatagóir 14.2.2 – gan dul thar 0,08 mg/kg

I gcatagóir 14.2.5 – gan dul thar 0,08 mg/kg

I gcatagóir 14.2.6 – gan dul thar 0,08 mg/kg

I gcatagóir 15.0 – gan dul thar 1,8 mg/kg

I gcatagóir 16 – gan dul thar 4,00 mg/kg

I gcatagóir 17 – gan dul thar 0,60 mg/kg’

5

EFSA’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/147/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top