Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R0099

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/99 ón gCoimisiún an 21 Eanáir 2025 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha Aureobasidium pullulans (tréithchineálacha DSM 14940 agus DSM 14941), Bacillus amyloliquefaciens fospeiceas plantarum D747, beanalacsail-M, ciopróidínil, déchlórpróp-P, foirmeiteanáit, foiseitil, halasulfúrón-meitil, iomasamocs, milbimeictin, feinmeideafam, pirimeacarb, Pseudomonas sp. tréithchineál DSMZ 13134, pirimeiteanail, pirióifeanón, piorocsulam, spíonasad, sulfar, Trichoderma harzianum Rifai tréithchineálacha T-22 agus ITEM 908, Trichoderma asperellum (ar a dtugtaí T. harzianum roimhe seo) tréithchineálacha ICC012, T-25 agus TV-1, Trichoderma atroviride (ar a dtugtaí T. harzianum roimhe seo) tréithchineál T11, Trichoderma gamsii (ar a dtugtaí T. viride roimhe seo) tréithchineál ICC080, tríthiaconasól agus sioram

C/2025/168

IO L, 2025/99, 22.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/99/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/99/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/99

22.1.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/99 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Eanáir 2025

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha Aureobasidium pullulans (tréithchineálacha DSM 14940 agus DSM 14941), Bacillus amyloliquefaciens fospeiceas plantarum D747, beanalacsail-M, ciopróidínil, déchlórpróp-P, foirmeiteanáit, foiseitil, halasulfúrón-meitil, iomasamocs, milbimeictin, feinmeideafam, pirimeacarb, Pseudomonas sp. tréithchineál DSMZ 13134, pirimeiteanail, pirióifeanón, piorocsulam, spíonasad, sulfar, Trichoderma harzianum Rifai tréithchineálacha T-22 agus ITEM 908, Trichoderma asperellum (ar a dtugtaí T. harzianum roimhe seo) tréithchineálacha ICC012, T-25 agus TV-1, Trichoderma atroviride (ar a dtugtaí T. harzianum roimhe seo) tréithchineál T11, Trichoderma gamsii (ar a dtugtaí T. viride roimhe seo) tréithchineál ICC080, tríthiaconasól agus sioram

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 17, an chéad mhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 827/2013 ón gCoimisiún (2) formheasadh an tsubstaint ghníomhach Aureobasidium pullulans (tréithchineálacha DSM 14940 agus DSM 14941) go dtí an 31 Eanáir 2024.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1316/2014 ón gCoimisiún (3) formheasadh an tsubstaint ghníomhachBacillus amyloliquefaciens fospeiceas plantarum tréithchineál D747 go dtí an 31 Márta 2025.

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1175/2013 ón gCoimisiún (4) formheasadh an tsubstaint ghníomhach beanalacsail-M go dtí an 30 Aibreán 2024.

(4)

Le Treoir 2006/64/CE ón gCoimisiún (5) áirítear ciopróidínil agus foiseitil mar shubstaintí gníomhacha in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (6) go dtí an 30 Aibreán 2017.

(5)

Le Treoir 2006/74/CE ón gCoimisiún (7) áiríodh déchlórpróp-P agus pirimeiteanail mar shubstaintí gníomhacha go dtí an 31 Bealtaine 2017.

(6)

Le Treoir 2007/5/CE ón gCoimisiún (8) áiríodh foirmeiteanáit mar shubstaint ghníomhach go dtí an 30 Meán Fómhair 2017.

(7)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 356/2013 ón gCoimisiún (9) formheasadh an tsubstaint ghníomhach halasulfúrón-meitil go dtí an 30 Meán Fómhair 2023.

(8)

Le Treoir 2003/23/CE ón gCoimisiún (10) áiríodh iomasamocs mar shubstaint ghníomhach go dtí an 30 Meitheamh 2013.

(9)

Le Treoir 2005/58/CE ón gCoimisiún (11) áiríodh milbimeictin mar shubstaint ghníomhach go dtí an 30 Samhain 2015.

(10)

Le Treoir 2004/58/CE ón gCoimisiún (12) áiríodh feinmeideafam mar shubstaint ghníomhach go dtí an 28 Feabhra 2015.

(11)

Le Treoir 2006/39/CE ón gCoimisiún (13) áiríodh pirimeacarb agus tríthiaconasól mar shubstaintí gníomhacha go dtí an 31 Eanáir 2017.

(12)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 829/2013 ón gCoimisiún (14) formheasadh an tsubstaint ghníomhach Pseudomonas sp. tréithchineál DSMZ 13134 go dtí an 31 Eanáir 2024.

(13)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 833/2013 ón gCoimisiún (15) formheasadh an tsubstaint ghníomhach pioriaifeanón go dtí an 31 Eanáir 2024.

(14)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1176/2013 ón gCoimisiún (16) formheasadh an tsubstaint ghníomhach piorocsulam go dtí an 30 Aibreán 2024.

(15)

Le Treoir 2007/6/CE ón gCoimisiún (17) áiríodh spíonasad mar shubstaint ghníomhach go dtí an 31 Eanáir 2017.

(16)

Le Treoir 2009/70/CE ón gCoimisiún (18) áiríodh sulfar mar shubstaint ghníomhach go dtí an 31 Nollaig 2019.

(17)

Áiríodh le Treoir 2008/113/CE ón gCoimisiún (19) roinnt miocrorgánach amhail Trichoderma harzianum Rifai tréithchineálacha T-22 agus ITEM 908Trichoderma asperellum (ar a dtugtaí T. harzianum roimhe seo) tréithchineálacha ICC012, T-25 agus TV-1, Trichoderma atroviride (ar a dtugtaí T. harzianum roimhe seo) tréithchineál T11 agus Trichoderma gamsii (ar a dtugtaí T. viride roimhe seo) tréithchineál ICC080 mar shubstaintí gníomhacha go dtí an 30 Aibreán 2019.

(18)

Le Treoir 2003/81/CE ón gCoimisiún (20) áiríodh sioram mar shubstaint ghníomhach go dtí an 31 Iúil 2014.

(19)

Áiríodh na substaintí gníomhacha ciopróidínil, déchlórpróp-P, foirmeiteanáit, foiseitil, milbimeictin, feinmeideafam, pirimeacarb, pirimeiteanail, spionasad, sulfar, Trichoderma harzianum Rifai tréithchineálacha T-22 agus ITEM 908, Trichoderma asperellum (ar a dtugtaí T. harzianum roimhe seo) tréithchineálacha ICC012, T-25 agus TV-1, Trichoderma atroviride (ar a dtugtaí T. harzianum roimhe seo) tréithchineál T11, Trichoderma gamsii (ar a dtugtaí T. viride roimhe seo) tréithchineál ICC080, tríthiaconasól agus sioram i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (21). Áiríodh na substaintí gníomhacha Aureobasidium pullulans (tréithchineálacha DSM 14940 agus DSM 14941), Bacillus amyloliquefaciens fospeiceas plantarum D747, beanalacsail-M, halasulfúrón-meitil, tréithchineál DSMZ 13134 Pseudomonas sp. tréithchineál DSMZ 13134, pireaifeanón agus piorocsulam i gCuid B, agus áiríodh an tsubstaint ghníomhach iomasamocs i gCuid E den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin.

(20)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2007 ón gCoimisiún (22), cuireadh síneadh le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha Aureobasidium pullulans (tréithchineálacha DSM 14940 agus DSM 14941), Pseudomonas sp. tréithchineál DSMZ 13134, pireaifeanón agus iomasamocs go dtí an 31 Eanáir 2025, agus cuireadh síneadh le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha beanalacsail-M agus piorocsulam go dtí an 30 Aibreán 2025.

(21)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/689 ón gCoimisiún, cuireadh (23) síneadh le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha ciopróidínil, déchlórpróp-P, foiseitil, pirimeacarb, pirimeiteanail, spionasad, tríthiaconasól agus sioram go dtí an 15 Márta 2025, agus le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha Trichoderma harzianum Rifai tréithchineálacha T-22 agus ITEM 908, Trichoderma asperellum (ar a dtugtaí T. harzianum roimhe seo) tréithchineálacha ICC012, T-25 agus TV-1, Trichoderma atroviride (ar a dtugtaí T. harzianum roimhe seo) tréithchineál T11, agus Trichoderma gamsii (ar a dtugtaí T. viride roimhe seo) tréithchineál ICC080, go dtí an 15 Aibreán 2025.

(22)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/918 ón gCoimisiún (24) cuireadh síneadh le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha foirmeiteanáit, milbimeictin agus feinmeideafam go dtí an 15 Feabhra 2025.

(23)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1446 ón gCoimisiún (25) cuireadh síneadh le tréimhsí formheasa na substainte gníomhaí halasulfúrón-meitil go dtí an 31 Márta 2025.

(24)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2592 ón gCoimisiún (26) cuireadh síneadh le tréimhsí formheasa na substainte gníomhaí sulfar go dtí an 15 Aibreán 2025.

(25)

Cuireadh isteach iarratais agus sainchomhaid fhorlíontacha chun formheas gach ceann de na substaintí gníomhacha sin a athnuachan faoi seach i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2020/1740 ón gCoimisiún (27).

(26)

An 1 Deireadh Fómhair 2014, an 27 Samhain 2015, an 6 Aibreán 2016, an 16 Nollaig 2015, an 10 Nollaig 2020, an 17 Meitheamh 2015, an 15 Bealtaine 2015, an 1 Feabhra 2016, an 10 Nollaig 2015, an 26 Samhain 2015, an 21 Feabhra 2017, an 31 Bealtaine 2016, an 30 Samhain 2015 agus an 31 Deireadh Fómhair 2014, na Ballstáit is rapóirtéirí maidir leis na substaintí gníomhacha ciopróidínil, déchlórpróp-P, foirmeiteanáit, foiseitil, milbimeictin, feinmeideafam, pirimeacarb, pirimeiteanail, spionasad, sulfar, Trichoderma harzianum Rifai tréithchineálacha T-22 agus ITEM 908, Trichoderma asperellum (ar a dtugtaí T. harzianum roimhe seo) tréithchineálacha ICC012, T-25 agus TV-1, Trichoderma atroviride (ar a dtugtaí T. harzianum roimhe seo) tréithchineál T11, Trichoderma gamsii (ar a dtugtaí T. viride roimhe seo) tréithchineál ICC080, tríthiaconasól agus sioram, chuir siad in iúl do na Ballstát is comhrapóirtéirí, don Choimisiún agus don Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (an ‘tÚdarás’) go raibh measúnú déanta acu ar inghlacthacht, agus go háirithe ar iomláine agus ar thráthúlacht, gach ceann de na hiarratais ar athnuachan fhormheasanna gach ceann de na substaintí gníomhacha sin, agus gur tháinig sé ar an gconclúid go raibh siad inghlactha.

(27)

Na sainchomhaid fhorlíontacha chun formheas na substaintí gníomhacha Aureobasidium pullulans (tréithchineálacha DSM 14940 agus DSM 14941), Bacillus amyloliquefaciens fospeiceas plantarum D747, beanalacsail-M, iomasamocs, Pseudomonas sp. tréithchineál DSMZ 13134, pioróifeanón agus piorocsasulam a athnuachan, cuireadh isteach iad tríd an lárchóras tíolactha an 28 Eanáir 2022, an 31 Márta 2022, an 27 Aibreán 2022, an 31 Eanáir 2022, an 28 Eanáir 2022, an 27 Eanáir 2022 agus an 30 Aibreán 2022 faoi seach, agus tá na Ballstáit is rapóirtéirí fós i mbun measúnú a dhéanamh ar inghlacthacht na n-iarratas ar fhormheas gach ceann de na substaintí gníomhacha sin a athnuachan. Dá thoradh sin, níl an measúnú riosca de bhun Airteagal 11 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740 tugtha chun críche go fóill ag na Ballstáit is rapóirtéirí lena mbaineann agus tá gá le ham breise chun na céimeanna atá fágtha i ngach nós imeachta athnuachana a thabhairt i gcrích. Na hiarratais ar fhormheas na substaintí gníomhacha Bacillus amyloliquefaciens fospeiceas plantarum D747, iomasamocs, pireaifeanón agus pireocsulam a athnuachan, chuir an tÚdarás ar fáil go poiblí iad de bhun Airteagal 10 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740.

(28)

Maidir leis na substaintí gníomhacha Trichoderma harzianum Rifai tréithchineálacha T-22 agus ITEM 908, Trichoderma asperellum (ar a dtugtaí T. harzianum roimhe seo) tréithchineálacha ICC012, T-25 agus TV-1, Trichoderma atroviride (ar a dtugtaí T. harzianum roimhe seo) tréithchineál T11, agus Trichoderma gamsii (ar a dtugtaí T. viride roimhe seo) tréithchineál ICC080, tá am breise ag teastáil ón Údarás chun an measúnú riosca a rinneadh ar na substaintí a thabhairt i gcrích, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, comhairliúchán poiblí agus comhairliúchán le saineolaithe a eagrú. Tá am breise ag teastáil ón gCoimisiún freisin chun na cinntí maidir le bainistiú riosca a bheidh ina thoradh air sin a ghlacadh.

(29)

Maidir leis na substaintí gníomhacha foiseitil, feinmeideafam agus spíonasad, chun measúnú a dhéanamh ar na critéir formheasa a leagtar amach i bpointí 3.6.5 agus 3.8.2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 arna leasú le Rialachán (AE) 2018/605 (28) ón gCoimisiún, agus i gcomhréir le hAirteagal 14(1a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 (29) ón gCoimisiún, tá am breise ag teastáil ón Údarás chun an chonclúid a bhaineann leis na critéir formheasa sin a eisiúint. Tá gá le ham breise ag an gCoimisiún chun na cinntí maidir le bainistiú riosca a bheidh ina thoradh air sin a ghlacadh.

(30)

Maidir leis na substaintí gníomhacha ciopróidínil, foirmeiteanáit, halasulfúrón-meitil, pirimeacarb, tríthiaconasól agus sioram, d’iarr an tÚdarás faisnéis bhreise de bhun Airteagal 13(3a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 chun measúnú a dhéanamh ar na critéir formheasa a leagtar amach i bpointí 3.6.5 agus 3.8.2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 arna leasú le Rialachán (AE) 2018/605 agus chuir na hiarratasóirí isteach í laistigh den sprioc-am a tugadh. Mar sin féin, tá gá le breis ama chun meastóireacht a dhéanamh ar an Údarás agus chun go n-eiseoidh measúnóirí riosca an chonclúid ghaolmhar, agus chun go nglacfaidh an Coimisiún na cinntí maidir le bainistiú riosca a bheidh ann ina dhiaidh sin.

(31)

Maidir leis an tsubstaint ghníomhach déchlórpróp-P, chuir an tÚdarás a chonclúid in iúl don iarratasóir, do na Ballstáit agus don Choimisiún. Mar sin féin, chun críoch éifeachtúlachta, tá an Coimisiún ag fanacht le toradh mheastóireacht an Údaráis ar an iarratas comhthreomhar maidir leis an tsubstaint chéanna a cuireadh isteach de bhun Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 sula gcuirfidh sé tuarascáil athnuachana agus dréacht-Rialachán maidir le formheas na substainte gníomhaí sin a athnuachan faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha.

(32)

Maidir leis na substaintí ghníomhacha milbimeictin, pirimeatanail agus sulfar, chuir an tÚdarás a chonclúidí in iúl don iarratasóir, do na Ballstáit agus don Choimisiún. Chuir an Coimisiún tuarascáil athnuachana agus dréacht-Rialachán maidir le hathnuachan fhormheasanna na substaintí gníomhacha sin faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha. Tá gá le ham breise chun tuairim an Choiste sin a chur in iúl agus chun go nglacfaidh an Coimisiún na cinntí maidir le bainistiú riosca a bheidh ina thoradh air sin.

(33)

Dá bhrí sin, is dócha nach bhféadfar aon chinneadh a dhéanamh maidir le formheasanna na substaintí gníomhacha uile a chumhdaítear leis an Rialachán seo a athnuachan sula rachaidh a dtréimhsí formheasa faoi seach in éag, idir an 31 Eanáir agus an 30 Aibreán 2025 Ina theannta sin, níl neart ag na hiarratasóirí lena mbaineann ar na cúiseanna atá leis na moilleanna ar na nósanna imeachta athnuachana sin. Dá bhrí sin, ba cheart síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha sin chun gur féidir na measúnuithe a cheanglaítear a chur i gcrích agus chun bailchríoch a chur ar na nósanna imeachta lena mbaineann maidir le hathnuachan na bhformheasanna.

(34)

Maidir leis na substaintí gníomhacha Aureobasidium pullulans (tréithchineálacha DSM 14940 agus DSM 14941), Bacillus amyloliquefaciens fospeiceas plantarum D747, beanalacsail-M, iomasamocs, tréithchineál DSMZ 13134, pireaifeanón agus piorocsulam, ós rud é nach bhfuil an measúnú riosca tugtha chun críche go fóill ag na Ballstáit is rapóirtéirí lena mbaineann agus i bhfianaise na gcéimeanna atá fós le cur i gcrích i ngach nós imeachta athnuachana, ba cheart fad shíneadh na dtréimhsí formheasa a shocrú ag 29 mí.

(35)

For the active substances cyprodinil, formetanate, fosetyl, halosulfuron – methyl, phenmedipham, pirimicarb, spinosad, Trichoderma harzianum Rifai strains T-22 and ITEM 908, Trichoderma asperellum (formerly T. harzianum) strains ICC012, T-25 and TV-1, Trichoderma atroviride (formerly T. harzianum) strain T11 and Trichoderma gamsii (formerly T. viride) strain ICC080, as the Authority needs additional time to reach a conclusion on the risk assessment, and in light of the remaining steps to be completed in each renewal procedure, the extension of the approval period for each of these active substances should be set at 19 months and 2 weeks.

(36)

Maidir leis na substaintí gníomhacha tríthiaconasól agus sioram, tá am breise ag teastáil ón Údarás chun teacht ar chonclúid maidir leis an measúnú riosca toisc nach bhfuil an measúnú ar an bhfaisnéis bhreise a chuir na hiarratasóirí isteach tugtha chun críche go fóill ag na Ballstáit is rapóirtéirí lena mbaineann. I bhfianaise na gcéimeanna eile atá le cur i gcrích sna nósanna imeachta athnuachana sin, ba cheart a shocrú gur 22 mhí agus 2 sheachtain a bheidh i bhfad an tsínidh leis an tréimhse formheasa le haghaidh na substaintí gníomhacha sin.

(37)

Maidir leis na substaintí gníomhacha déchlórpróp-P, milbimeictin, pirimeiteanail agus sulfar, ós rud é go bhfuil tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha ar feitheamh, agus i bhfianaise na gcéimeanna eile atá le cur i gcrích sna nósanna imeachta athnuachana sin, ba cheart fad an tsínidh ar an tréimhse formheasa a shocrú ag 19 mí agus 2 sheachtain le haghaidh déchlórpróp-P, go dtí go bhfaighfear toradh mheastóireacht an Údaráis ar an gcur i bhfeidhm comhthreomhar lena leasaítear na coinníollacha formheasa, agus ag 15 mhí agus 2 sheachtain le haghaidh na substaintí gníomhacha eile.

(38)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir.

(39)

I gcás ina nglacfaidh an Coimisiún Rialachán lena bhforáiltear nach ndéantar formheas na substainte gníomhaí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a athnuachan, is é an dáta a shocróidh an Coimisiún mar dháta éaga dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo nó an dáta céanna a bhí ann roimh ghlacadh an Rialacháin seo, cibé dáta acu sin is déanaí. I gcás ina nglacfaidh an Coimisiún Rialachán lena ndéantar foráil maidir le hathnuachan a dhéanamh ar fhormheas substainte gníomhaí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, déanfaidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí sna himthosca, an dáta cur i bhfeidhm is luaithe is féidir a leagan síos.

(40)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Eanáir 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 309, 24.11.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1107/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 827/2013 ón gCoimisiún an 29 Lúnasa 2013 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach Aureobasidium pullulans (tréithchineálacha DSM 14940 agus DSM 14941), i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 232, 30.8.2013, lch. 18, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/827/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1316/2014 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2014 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach Bacillus amyloliquefaciens subsp. plantarum den tréithchineál D747, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún agus lena gceadaítear do na Ballstáit síneadh a chur le húdaruithe sealadacha a dheonaítear don tsubstaint ghníomhach sin (IO L 355, 12.12.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2014/1316/oj).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 1175/2013 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2013 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach beanalacsail-M, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 312, 21.11.2013, lch. 18, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/1175/oj).

(5)  Treoir 2006/64/CE ón gCoimisiún an 18 Iúil 2006 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun clóipirilid, ciopróidínil, foiseitil agus tríneicseapac a áireamh mar shubstaintí gníomhacha (IO L 206, 27.7.2006, lch. 107, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/64/oj).

(6)  Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1991/414/oj).

(7)  Treoir 2006/74/CE ón gCoimisiún an 21 Lúnasa 2006 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun déchlórpróp-P, meatconasól, pirimeatanail agus tríchlóipir a áireamh mar shubstaintí gníomhacha (IO L 235, 30.8.2006, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/74/oj).

(8)  Treoir 2007/5/CE ón gCoimisiún an 7 Feabhra 2007 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun captan, foilpéad, foirmeiteanáit agus meitiacarb a áireamh mar shubstaintí gníomhacha (IO L 35, 8.2.2007, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2007/5/oj).

(9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 356/2013 ón gCoimisiún an 18 Aibreán 2013 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach halasulfúrón-meitil, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 109, 19.4.2013, lch. 18, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/356/oj).

(10)  Treoir 2003/23/CE ón gCoimisiún an 25 Márta 2003 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun iomasamocs, ocsasulfúrón, eatocsasulfúrón, foramsulfúrón, ocsaidhé-argail agus ciasófaimíd a áireamh mar shubstaintí gníomhacha (IO L 81, 28.3.2003, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/23/oj).

(11)  Treoir 2005/58/CE ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2005 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun défheineasáit agus milbimeictin a áireamh mar shubstaintí gníomhacha (IO L 246, 22.9.2005, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2005/58/oj).

(12)  Treoir 2004/58/CE ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2004 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun alfa-cipirmeitrin, beanalacsail, brómocsainil, deismeideafam, iocsainil agus feinmeideafam a áireamh mar shubstaintí gníomhacha (IO L 120, 24.4.2004, lch. 26, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2004/58/oj).

(13)  Treoir 2006/39/CE ón gCoimisiún an 12 Aibreán 2006 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun clóidineafop, pirimeacarb, riomsulfúrón, tolclófos-meitil agus tríthiaconasól a áireamh mar shubstaintí gníomhacha (IO L 104, 13.4.2006, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/39/oj).

(14)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 829/2013 ón gCoimisiún an 29 Lúnasa 2013 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach Pseudomonas sp. tréithchineál DSMZ 13134, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 232, 30.8.2013, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/829/oj).

(15)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 833/2013 ón gCoimisiún an 30 Lúnasa 2013 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach pioriaifeanón, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 (IO L 233, 31.8.2013, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/833/oj).

(16)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1176/2013 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2013 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach piorocsulam, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 312, 21.11.2013, lch. 23, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/1176/oj).

(17)  Treoir 2007/6/CE ón gCoimisiún an 14 Feabhra 2007 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun meitrifeanón, Bacillus subtilis, spíonasad agus tiaimeatocsam a áireamh mar shubstaintí gníomhacha (IO L 43, 15.2.2007, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2007/6/oj).

(18)  Treoir 2009/70/CE ón gCoimisiún an 25 Meitheamh 2009 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun défheanacúm, clóiríd dédheicildémheitiolamóiniam agus sulfar a áireamh mar shubstaintí gníomhacha (IO L 164, 26.6.2009, lch. 59, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/70/oj).

(19)  Treoir 2008/113/CE ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2008 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun roinnt miocrorgánach a áireamh mar shubstaintí gníomhacha (IO L 330, 9.12.2008, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/113/oj).

(20)  Treoir 2003/81/CE ón gCoimisiún an 5 Meán Fómhair 2003 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun molanáit, tiaram agus sioram a áireamh mar shubstaintí gníomhacha (IO L 224, 6.9.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/81/oj).

(21)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2011/540/oj).

(22)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2007 ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha 1-deacánól, 1,4-dé-mheitiolnaftailéin, 6-beinsioladainín, aicéacuinicil, Adoxophyes orana granulovirus, sulfáit alúmanaim, aimíosulbróm, Aureobasidium pullulans (tréithchineálacha DSM 14940 agus DSM 14941), asadaraictin, Bacillus pumilus QST 2808, beanalacsail-M, bicsifein, búipireamáit, tréithchineál O de Candida oleophila, clórantrainileapról, fosfónáit déshóidiam, déthianón, dóidín, eimimeictin, fluibeindé-aimíd, fluaimeatúrón, flucsaipiorocsad, flutríafól, heicsitiasocs, iomasamocs, iopconasól, iosocsaibein, aigéad L-ascorbach, sulfar aoil, ola oráiste, tréithchineál FE 9901 de Paecilomyces fumosoroseus, peindémheatailin, peanfluifein, peintiaipiorad, fosfónáití déshóidiam, prósulfúrón, Pseudomonas sp. tréithchineál DSMZ 13134, pireadailil, pirióifeanón, piorocsulam, cuinmeireac, aigéad S-scoiteach, seadacsán, sintifein, tiasulfáit airgid sóidiam, spíonatóram, spiriteitreamat, Streptomyces lydicus tréithchineál WYEC 108, tó-fluvailionáit, teabúifeanóisíd, teambaitrí-ón, tíoncarbasón, vailifeanaláit, foisfíd since (IO L 414, 9.12.2020, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/2007/oj).

(23)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/689 ón gCoimisiún an 20 Márta 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann leis an síneadh ar thréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha Bacillus subtilis (Cohn 1872) tréithchineál QST 713, fospeiceas Aizawai de Bacillus thuringiensis tréithchineál ABTS-1857 agus tréithchineál GC-91, fospeiceas Israeliensis (séiritíopa H-14) de Bacillus thuringiensis tréithchineál AM65-52, fospeiceas Kurstaki de Bacillus thuringiensis tréithchineál ABTS 351, tréithchineál PB 54, tréithchineál SA 11, tréithchineál SA12 agus tréithchineál EG 2348, Beauveria bassiana tréithchineál ATCC 74040 agus tréithchineál GHA, clóidineafop, Cydia pomonella Granulovirus (CpGV), ciopróidínil, déchlórpróp-P, feinpiorocsamáit, foiseitil, malaitian, meapainipirim, meatconasól, meitrifeanón, pirimeacarb, piridibein, pirimeiteanail, riomsulfúrón, spionasad, Trichoderma asperellum (ar a dtugtaí T. harzianum roimhe seo) tréithchineál ICC012, tréithchineál T25 agus tréithchineál TV1, Trichoderma atroviride (ar a dtugtaí T. harzianum roimhe seo) tréithchineál T11, Trichoderma gamsii (ar a dtugtaí T. viride roimhe seo) tréithchineál ICC080, Trichoderma harzianum tréithchineál T-22 agus tréithchineál ITEM 908, tríchlóipir, tríneicseapac, tríthiaconasól agus sioram (IO L 91, 29.3.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/689/oj).

(24)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/918 ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha aclóinífein, aimeatochtraidin, beaflubútaimid, beintiavalacarb, boscailid, captan, cleataidim, cioglocsaidim, ciafluaimeitifein, dasaimeit, déchlófop, démheatomorf, eiteafón, feanasacuin, fluaipicilíd, fluocsastróibin, fluraclóradón, foilpéad, foirmeiteanáit, víreas polaihéadróise núicléach Helicoverpa armigera, himeacsasól, aigéad iondóiliolbútarach, mandaprópaimid, meatalacsail, meataildéad, meatam, meatasaclór, meitríbhúisin, milbimeictin, paclabútrasól, peanocsulam, feinmeideafam, pirimeafos-meitil, própamacarb, prócuineaisid, próitiaconasól, S-meitileaclór, víreas polaihéadróise núicléach Spodoptera littoralis, Trichoderma asperellum tréithchineál T34 agus Trichoderma atroviride tréithchineál I-1237 (IO L 119, 5.5.2023, lch. 160, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/918/oj).

(25)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1446 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha eistear meitile 2,5-aigéid dhéchlóraibeansóch, aigéad aicéiteach, sulfáit amóiniam alúmanaim, foisfíd alúmanaim, sileacáit alúmanaim, cairbíd chailciam, ciamocsainil, dódamorf, eitiléin, úsc as crann tae, iarmhair ó dhriogadh saille, aigéid shailleacha C7 go C20, floiniocaimíd (IKI-220), aigéad gibriline, gibriliní, halasulfúrón-meitil, próitéiní hidrealaithe, sulfáit iarainn, foisfíd mhaignéisiam, maltaideistrin, meitimíotrón, olaí planda/ola clóibh, olaí planda/ola ráibe, olaí planda/ola cartlainne garraí, comhdhúile pireatraim, sulcaitrí-ón, teabúconasól agus úiré (IO L 178, 13.7.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1446/oj).

(26)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2592 ón gCoimisiún an 21 Samhain 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha 1-naiftiolaicéataimíd, aigéad 1-naiftiolaicéiteach, 2-feinilfeanól (lena n-áirítear a shalainn amhail salann sóidiam), 8-hiodrocsacuineoilín, aimídeasulfúrón, défheanocs, défheanaconasól, défhluifeineacan, démhéiteaclór, díceamba, eatafeanprocs, eisfeanvailéaráit, feanocsapróp-P, feanpróipidín, feinpiorasaimín, fluasafop-P, leanacail, naprópaimíd, niceasulfúrón, olaí pairifín, ola phairifín, peanconasól, pioclóram, próiheicseaidé-ón, spiorocsaimín, sulfar, teitreaconasól agus trí-alláit (IO L, 2023/2592, 22.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2592/oj).

(27)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2020 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (IO L 392, 23.11.2020, lch. 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/1740/oj).

(28)  Rialachán (AE) 2018/605 ón gCoimisiún an 19 Aibreán 2018 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 trí chritéir eolaíocha a leagadh síos chun airíonna suaiteora inchrínigh a chinneadh (IO L 101, 20.4.2018, p. 33, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/605/oj).

(29)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2012/844/oj).


IARSCRÍBHINN

1.

Leasaítear Cuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 mar a leanas:

(1)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 74, Sioram, cuirtear ‘31 Eanáir 2027’ in ionad an dáta;

(2)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 88, Feinmeideafam, cuirtear ‘30 Meán Fómhair 2026’ in ionad an dáta;

(3)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 110, Milbimeictin, cuirtear ‘31 Bealtaine 2026’ in ionad an dáta;

(4)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 124, Pirimeacarb, cuirtear ‘31 Deireadh Fómhair 2026’ in ionad an dáta;

(5)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 127, Tríthiaconasól, cuirtear ‘31 Eanáir 2027’ in ionad an dáta;

(6)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 130, Ciopróidínil, cuirtear ‘31 Deireadh Fómhair 2026’ in ionad an dáta;

(7)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 131, Foiseitil, cuirtear ‘31 Deireadh Fómhair 2026’ in ionad an dáta;

(8)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 133, Déchlórpróp-P, cuirtear ‘31 Deireadh Fómhair 2026’ in ionad an dáta;

(9)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 135, Pirimeatanail, cuirtear ‘30 Meitheamh 2026’ in ionad an dáta;

(10)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 139, Spíonasad, cuirtear ‘31 Deireadh Fómhair 2026’ in ionad an dáta;

(11)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 147, Foirmeiteanáit, cuirtear ‘30 Meán Fómhair 2026’ in ionad an dáta;

(12)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 204, Trichoderma atroviride (ar a dtugtaí T. harzianum roimhe seo), cuirtear ‘30 Samhain 2026’ in ionad an dáta;

(13)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 206, Trichoderma harzianum Rifai tréithchineálacha T-22 agus ITEM 908, cuirtear ‘30 Samhain 2026’ in ionad an dáta;

(14)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 207, Trichoderma asperellum (ar a dtugtaí T. harzianum roimhe seo) tréithchineálacha ICC012, T-25 agus TV-1, cuirtear ‘30 Samhain 2026’ in ionad an dáta;

(15)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 208, Trichoderma gamsii (ar a dtugtaí T. viride roimhe seo) tréithchineál ICC080, cuirtear ‘30 Samhain 2026’ in ionad an dáta;

(16)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 292, Sulfar, cuirtear ‘31 Iúil 2026’ in ionad an dáta;

2.

Leasaítear Cuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) ón gCoimisiún Uimh. 540/2011 mar a leanas:

(1)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 35, Halasulfúrón-meitil, cuirtear ‘15 Samhain 2026’ in ionad an dáta;

(2)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 50, Pseudomonas sp. tréithchineál DSMZ 13134, cuirtear ‘30 Meitheamh 2027’ in ionad an dáta;

(3)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 52, Aureobasidium pullulans (tréithchineálacha DSM 14940 agus DSM 14941), cuirtear ‘30 Meitheamh 2027’ in ionad an dáta;

(4)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 53, Pioriaifeanón, cuirtear ‘30 Meitheamh 2027’ in ionad an dáta;

(5)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 58, Beanalacsail-M, cuirtear ‘30 Meán Fómhair 2027’ in ionad an dáta;

(6)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 61, Piorocsulam, cuirtear ‘30 Meán Fómhair 2027’ in ionad an dáta;

(7)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 83, Bacillus amyloliquefaciens fospeiceas plantarum D747, cuirtear ‘31 Lúnasa 2027’ in ionad an dáta;

3.

I gCuid E den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 8, Iomasamocs, cuirtear ‘30 Meitheamh 2027’ in ionad an dáta.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/99/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top