This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R0066
Commission Implementing Regulation (EU) 2025/66 of 13 January 2025 operating deductions from fishing quotas available for certain stocks in 2024 on account of overfishing of other stocks in the previous years and amending Implementing Regulation (EU) 2024/2407
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/66 ón gCoimisiún an 13 Eanáir 2025 lena n-oibrítear asbhaintí ó chuótaí iascaireachta atá ar fáil le haghaidh stoic áirithe in 2024 de dheasca na ró-iascaireachta ar stoic eile sna blianta roimhe sin agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2407
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/66 ón gCoimisiún an 13 Eanáir 2025 lena n-oibrítear asbhaintí ó chuótaí iascaireachta atá ar fáil le haghaidh stoic áirithe in 2024 de dheasca na ró-iascaireachta ar stoic eile sna blianta roimhe sin agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2407
C/2025/38
IO L, 2025/66, 16.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/66/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2024
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/66 |
16.1.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/66 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Eanáir 2025
lena n-oibrítear asbhaintí ó chuótaí iascaireachta atá ar fáil le haghaidh stoic áirithe in 2024 de dheasca na ró-iascaireachta ar stoic eile sna blianta roimhe sin agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2407
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (1), agus go háirithe Airteagal 105(1), (2), (3) agus (5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Na cuótaí iascaireachta le haghaidh 2023, leagtar síos iad le Rialacháin (AE) 2022/2090 (2), (AE) 2023/194 (3) agus (AE) 2023/195 (4) ón gComhairle. |
|
(2) |
Na cuótaí iascaireachta le haghaidh 2024, leagtar síos iad le Rialacháin (AE) 2023/194, (AE) 2023/2638 (5), (AE) 2024/257 (6) agus (AE) 2024/259 (7) ón gComhairle. |
|
(3) |
De bhun Airteagal 105(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, i gcás ina bhfuil sé suite ag an gCoimisiún go bhfuil Ballstát tar éis na cuótaí iascaireachta a cionroinneadh air a shárú, tá an Coimisiún le hasbhaintí a oibriú ó chuótaí iascaireachta a bheidh ag an mBallstát sin amach anseo. |
|
(4) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2407 ón gCoimisiún (8) leagtar síos asbhaintí ó chuótaí iascaireachta atá ar fáil le haghaidh stoic áirithe éisc in 2024 de dheasca na ró-iascaireachta sna blianta roimhe sin. |
|
(5) |
I gcás Ballstáit áirithe, mar atá, an Danmhairg, an Spáinn, an Ísiltír, an Pholainn agus an Phortaingéil, níor féadadh asbhaintí áirithe a oibriú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2407 ó chuótaí iascaireachta a cionroinneadh le haghaidh na stoc a ndearnadh ró-iascaireacht orthu de bhrí nach bhfuil cuótaí le haghaidh na stoc sin ar fáil do na Ballstáit sin in 2024. |
|
(6) |
Mura féidir asbhaintí a oibriú maidir leis an stoc a ndearnadh ró-iascaireacht air sa bhliain i ndiaidh na ró-iascaireachta de bhrí nach bhfuil cuóta ar fáil don Bhallstát lena mbaineann le haghaidh an stoic éisc sin, foráiltear le hAirteagal 105(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 go bhféadfar asbhaintí a oibriú ó chuótaí le haghaidh stoic eile sa limistéar geografach céanna nó le haghaidh stoic a bhfuil an luach tráchtála céanna orthu tar éis dul i gcomhairle leis an mBallstát lena mbaineann. |
|
(7) |
De réir phointe 4 de Theachtaireacht ón gCoimisiún faoi threoirlínte maidir le cuótaí a asbhaint faoi Airteagal 105(1), (2) agus (5) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 (9) (‘na Treoirlínte’), b’fhearr asbhaintí den sórt sin a oibriú ó chuótaí a cionroinneadh le haghaidh stoic arb é an cabhlach céanna a rinne iascaireacht orthu agus a rinne ró-iascaireacht ar an gcuóta. |
|
(8) |
Chuathas i gcomhairle leis na Ballstáit lena mbaineann a mhéid a bhaineann le hasbhaintí áirithe ó chuótaí iascaireachta a cionroinneadh le haghaidh stoic seachas na stoic sin a ndearnadh ró-iascaireacht orthu. Is iomchuí, dá bhrí sin, asbhaintí a oibriú ó na cuótaí malartacha iascaireachta sin a cionroinneadh ar na Ballstáit sin in 2024. |
|
(9) |
I gcásanna áirithe, le malartuithe deiseanna iascaireachta arna dtabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), féadadh asbhaintí iomlána nó páirteacha a dhéanamh maidir leis na stoic chéanna faoi chuimsiú Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2407. |
|
(10) |
Thairis sin, sáraíonn asbhaintí áirithe dá bhforáiltear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2407 na cuótaí oiriúnaithe atá ar fáil in 2024 agus, mar thoradh air sin, ní féidir iad a oibriú ina n-iomláine sa bhliain sin. Sna cásanna sin, de réir phointe 2 de na Treoirlínte, oibríodh na hasbhaintí go méid iomlán an chuóta atá ar fáil agus ba cheart na méideanna atá fágtha a asbhaint ón gcuóta oiriúnaithe a bheidh ar fáil sna blianta ina dhiaidh sin go dtí go n-aisíocfar an méid iomlán a ndearnadh ró-iascaireacht air. |
|
(11) |
In 2023 rinne an Ghearmáin ró-iascaireacht 1,320 tona ar a cuóta le haghaidh speicis eile in uiscí na hIorua in 1 agus 2 (OTH/1N2AB.). Ina theannta sin, tá asbhaint 19,997 tona fós ann tar éis don Ghearmáin ró-iascaireacht a dhéanamh ar a cuóta le haghaidh OTH/1N2AB. in 2022, i gcomhréir le pointe 2 de na Treoirlínte. Le post leictreonach dar dáta an 1 Iúil 2024, d’iarr an Ghearmáin an asbhaint atá dlite, is é sin 21,317 tona, a roinnt thar 3 bliana. Ós rud é, i gcomhréir le pointe 3(b) de na Treoirlínte, go bhféadfadh aisíoc níos moille a bheith incheadaithe go heisceachtúil i gcás ina ngabhtar an stoc lena mbaineann in iascach measctha agus ina gcuirfeadh caillteanas mór cuóta cosc ar shaothrú na speiceas gaolmhar i ngabháil an iascaigh mheasctha sin, is féidir glacadh leis an iarraidh sin. Dá bhrí sin, 7,106 tona in 2024 agus 2025 agus 7,105 tona in 2026 atá sna hasbhaintí bliantúla is infheidhme maidir le cuóta na Gearmáine le haghaidh OTH/1N2AB., gan dochar d’aon oiriúnú eile ar chuótaí. |
|
(12) |
Tar éis athruithe ar an sainmhíniú ar limistéar stoic a bunaíodh le Rialachán (AE) 2024/257, ba cheart an asbhaint is infheidhme maidir leis an Danmhairg as ró-iascaireacht ar chadóg in uiscí an Aontais in 3a (HAD/*03A-C) in 2023 a chur i bhfeidhm anois maidir le cuóta 2024 le haghaidh cadóg i limistéar 3a (HAD/*03A.). |
|
(13) |
Dearbhaítear i bpointe 1 de na Treoirlínte go bhfuil an amlíne le haghaidh asbhaintí i gcás ró-iascaireacht ar chuóta maidir le stoic atá á mbainistiú ag eagraíochtaí réigiúnacha iascaigh le cur in oiriúint, i gcás inarb infheidhme, don amlíne le haghaidh asbhaintí a shocraítear sna heagraíochtaí réigiúnacha iascaigh lena mbaineann maidir leis na stoic sin. Le Moladh 22-03 ón gCoimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú na dTuinníní Atlantacha (ICCAT) maidir le caomhnú cholgáin an Atlantaigh Thuaidh (11), foráiltear go ndéanfar aon bharrachas sa chuóta coigeartaithe bliantúil in 2023 a asbhaint ón gcuóta/teorainn ghabhála le haghaidh 2025. Ar an mbonn sin, asbhaintí de dheasca na ró-iascaireachta, lena n-áirítear na hasbhaintí sin a eascraíonn as na fachtóirí iolraithe is infheidhme, ar an stoc colgán san Aigéan Atlantach in 2023, lastuaidh de 5° T (SWO/AN05N), stoc a ndéanann ICCAT bainistíocht air, ba cheart na hasbhaintí sin a chur i bhfeidhm in 2025. Dá bhrí sin, an asbhaint a leagtar síos le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2407 de dheasca na ró-iascaireachta a rinne an Phortaingéil in 2023 ar a cuóta le haghaidh SWO/AN05N, ba cheart í a oibriú óna cuóta le haghaidh 2025. Thairis sin, an asbhaint atá le hoibriú, de dheasca na ró-iascaireachta a rinne an Fhrainc in 2023 ar an gcuóta a cionroinneadh ar ‘Bhallstáit eile’ – lena n-áirítear an Fhrainc – le haghaidh na bhfoghabhálacha colgán san Aigéan Atlantach, lastuaidh de 5° T (SWO/AN05N_AMS), agus le haghaidh na bhfoghabhálacha sin amháin, ba cheart í a oibriú ón gcuóta a cionroinnfear ar an bhFrainc le haghaidh 2025. |
|
(14) |
Ar an gcaoi chéanna, foráiltear le Moladh 19-05 ó ICCAT lena mbunaítear clár atógála le haghaidh mairlíní gorma (12) go ndéanfar aon bharrachas sna teorainneacha bliantúla maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír arna socrú le haghaidh 2023 a asbhaint ó na teorainneacha maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír le linn 2025. Dá bhrí sin, an asbhaint a leagtar síos le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2407 mar gheall ar an ró-iascaireacht a rinne an Spáinn in 2023 ar a cuóta le haghaidh an stoic mairlíní gorma san Aigéan Atlantach (BUM/ATLANT), ba cheart í a chur i bhfeidhm maidir lena cuóta le haghaidh 2025. |
|
(15) |
I Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2407, tharla earráid chlóghrafach a mhéid a bhaineann le méid na hasbhainte is infheidhme mar gheall ar ró-iascaireacht na Polainne ar an gcuóta le haghaidh ronnach in uiscí an Aontais in 3a, 3b, 3c agus 3d; uiscí na Ríochta Aontaithe in 2a; uiscí an Aontais agus uiscí na Ríochta Aontaithe in 4; uiscí na hIorua in 2a agus 4a (MAC/2A34-N). 636,225 tona in ionad 636,275 tona ba cheart a bheith sa mhéid atá le hasbhaint. |
|
(16) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2407 leasú dá réir. |
|
(17) |
Féadfar tuilleadh nuashonruithe nó ceartúchán a dhéanamh i ndiaidh earráidí, easnaimh nó míthuairisciú a bhrath, i gcás an ghnímh atá ann faoi láthair nó i gcás gníomhartha a rinneadh roimhe seo, sna figiúirí gabhála arna ndearbhú ag na Ballstáit de bhun Airteagal 33 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis na cuótaí iascaireachta a shocraítear le haghaidh 2024 le Rialacháin (AE) 2023/194, (AE) 2023/2638, (AE) 2024/257 agus (AE) 2024/259, dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, laghdófar iad trí na hasbhaintí ar na stoic eile a leagtar amach san Iarscríbhinn sin a chur i bhfeidhm.
Airteagal 2
Cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2407.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 7ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Eanáir 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 343, 22.12.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1224/oj.
(2) Rialachán (AE) 2022/2090 ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2022 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme i Muir Bhailt agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/109 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe in uiscí eile (IO L 281, 31.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2090/oj).
(3) Rialachán (AE) 2023/194 ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais, agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, chomh maith le deiseanna iascaireachta den sórt sin a shocrú le haghaidh 2023 agus 2024 le haghaidh stoic éisc áirithe dhomhainfharraige (IO L 28, 31.1.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/194/oj).
(4) Rialachán (AE) 2023/195 ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/110 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh le haghaidh 2022 (IO L 28, 31.1.2023, lch. 220, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/195/oj).
(5) Rialachán (AE) 2023/2638 ón gComhairle an 20 Samhain 2023 lena socraítear le haghaidh 2024 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme i Muir Bhailt agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/194 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe in uiscí eile (IO L 2023/2638, 22.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2638/oj).
(6) Rialachán (AE) 2024/257 ón gComhairle an 10 Eanáir 2024 lena socraítear le haghaidh 2024, 2025 agus 2026 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/194 (IO L 2024/257, 11.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/257/oj).
(7) Rialachán (AE) 2024/259 ón gComhairle an 10 Eanáir 2024 lena socraítear le haghaidh 2024 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh (IO L 2024/259, 11.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/259/oj).
(8) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2407 ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2024 lena n-oibrítear asbhaintí ó chuótaí iascaireachta atá ar fáil le haghaidh stoic áirithe in 2024 de dheasca na ró-iascaireachta sna blianta roimhe sin (IO L 2024/2407, 16.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2407/oj).
(9) Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le treoirlínte i ndáil le hasbhaint cuótaí faoi Airteagal 105(1), (2) agus (5) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, agus a chuirtear in ionad Theachtaireacht 2012/C 72/07 (2022/C 369/03) (IO C 369, 27.9.2022, lch. 3).
(10) Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1380/oj).
(11) Moladh 22-03 ó ICCAT a chuirtear in ionad mholadh forlíontach 21-02 lena leathnaítear agus lena leasaítear Moladh 17-02 maidir le caomhnú cholgán an Atlantaigh Thuaidh (https://www.iccat.int/Documents/Recs/compendiopdf-e/2022-03-e.pdf).
(12) Moladh 19-05 ó ICCAT cláir atógála a bhunú le haghaidh mairlíní gorma agus mairlíní geala/mairlíní cruinnghainneacha (https://www.iccat.int/Documents/Recs/compendiopdf-e/2019-05-e.pdf).
IARSCRÍBHINN I
ASBHAINTÍ Ó NA CUÓTAÍ IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH 2024 ATÁ LE CUR I bhFEIDHM MAIDIR LE STOIC EILE
|
STOIC A nDEARNADH RÓ-IASCAIREACHT ORTHU |
|
STOIC EILE |
||||||||||
|
Ballstát |
Cód speicis |
Cód limistéir |
Ainm an speicis |
Ainm an limistéir |
An chainníocht nach féidir a asbhaint ó chuóta iascaireachta 2024 maidir leis an stoc a ndearnadh ró-iascaireacht air (ina tonaí) |
|
Ballstát |
Cód speicis |
Cód limistéir |
Ainm an speicis |
Ainm an limistéir |
An chainníocht atá le hasbhaint ó chuóta iascaireachta 2024 maidir leis na stoic eile (ina tonaí) |
|
DNK |
POK |
1N2AB. |
An glasán |
Uiscí na hIorua in 1 agus 2 |
4,288 |
|
DNK |
HER |
1/2- |
An scadán |
Uiscí na Ríochta Aontaithe, uiscí Fharó, uiscí na hIorua agus uiscí idirnáisiúnta in 1 agus 2 |
4,288 |
|
ESP |
HAD |
1N2AB. |
An chadóg |
Uiscí na hIorua in 1 agus 2 |
125,133 |
|
ESP |
HER |
1/2- |
An scadán |
Uiscí na Ríochta Aontaithe, uiscí Fharó, uiscí na hIorua agus uiscí idirnáisiúnta in 1 agus 2 |
12,131 |
|
RED |
N3O. |
Péirsí mara |
Limistéar 3O NAFO |
129,887 |
||||||||
|
ESP |
OTH |
1N2AB. |
Speicis eile |
Uiscí na hIorua in 1 agus 2 |
117,194 |
|
ESP |
RED |
N3O. |
Péirsí mara |
Limistéar 3O NAFO |
100,947 |
|
ESP |
POK |
1N2AB. |
An glasán |
Uiscí na hIorua in 1 agus 2 |
14,306 |
|
ESP |
HER |
1/2- |
An scadán |
Uiscí na Ríochta Aontaithe, uiscí Fharó, uiscí na hIorua agus uiscí idirnáisiúnta in 1 agus 2 |
14,306 |
|
ESP |
SOL |
7HJK. |
An sól coiteann |
7h, 7j agus 7k |
18,682 |
|
ESP |
SRX |
67AKXD |
Sciataí agus roic |
Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais in 6a, 6b, 7a-c agus 7e-k |
18,682 |
|
NLD |
POK |
1N2AB. |
An glasán |
Uiscí na hIorua in 1 agus 2 |
13,060 |
|
NLD |
HER |
1/2- |
An scadán |
Uiscí na Ríochta Aontaithe, uiscí Fharó, uiscí na hIorua agus uiscí idirnáisiúnta in 1 agus 2 |
13,060 |
|
POL |
MAC |
2A34-N. |
An ronnach |
Uiscí an Aontais in 3a, 3b, 3c agus 3d; uiscí na Ríochta Aontaithe in 2a; uiscí an Aontais agus uiscí na Ríochta Aontaithe in 4; uiscí na hIorua in 2a agus 4a |
636,225 |
|
POL |
HER |
3D-R30 |
An scadán |
Uiscí an Aontais i bhforanna 25-27, 28.2, 29 agus 32 |
636,225 |
|
PRT |
GHL |
1N2AB. |
An haileabó Graonlannach |
Uiscí na hIorua in 1 agus 2 |
64,738 |
|
PRT |
RED |
N3O. |
Péirsí mara |
Limistéar 3O NAFO |
59,529 |
|
PRT |
OTH |
1N2AB. |
Speicis eile |
Uiscí na hIorua in 1 agus 2 |
18,012 |
|
PRT |
RED |
N3O. |
Péirsí mara |
Limistéar 3O NAFO |
25,391 |
IARSCRÍBHINN II
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2407:
‘ASBHAINTÍ Ó NA CUÓTAÍ IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH 2024 I LEITH STOIC A nDEARNADH RÓ-IASCAIREACHT ORTHU
|
Ballstát |
Cód speicis |
Cód limistéir |
Ainm an speicis |
Ainm an limistéir |
Cuóta tosaigh 2023 (ina thonaí) |
Tabhairt i dtír arna ceadú i gcomhair 2023 (Cainníocht iomlán arna hoiriúnú ina tonaí) (1) |
Gabhálacha iomlána 2023 (cainníocht ina tonaí) |
Ídiú cuóta i gcomparáid leis an tabhairt i dtír arna ceadú le haghaidh 2023 |
Ró-iascaireacht i gcomparáid leis an tabhairt i dtír arna ceadú i gcomhair 2023 (cainníocht ina tonaí) |
Fachtóir iolraithe (2) |
Asbhaintí nach ndearnadh ó bhliain nó ó bhlianta roimhe (5) (cainníocht ina tonaí) |
Asbhaintí ó chuótaí iascaireachta le haghaidh 2024 (6) agus na mblianta ina dhiaidh sin (cainníocht ina tonaí) |
Asbhaintí ó chuótaí iascaireachta le haghaidh 2024 maidir leis na stoic a ndearnadh ró-iascaireacht orthu (7) (cainníocht ina tonaí) |
Asbhaintí ó chuótaí iascaireachta le haghaidh 2024 maidir le stoic eile (cainníocht ina tonaí) |
Le hasbhaint ó chuótaí iascaireachta le haghaidh 2025 agus na mblianta ina dhiaidh sin (cainníocht ina tonaí) |
|
|
DE |
OTH |
1N2AB. |
Speicis eile |
Uiscí na hIorua in 1 agus 2 |
89,000 |
89,000 |
90,320 |
101,48 % |
1,320 |
/ |
/ |
19,997 |
21,317 |
7,106 |
/ |
14,211 (8) |
|
DK |
HAD |
*03A-C (9) |
An chadóg |
Uiscí an Aontais in 3a (9) (coinníoll speisialta maidir le HAD/2AC4.) |
249,500 |
271,800 |
325,598 |
119,79 % |
53,798 |
1,00 |
C |
/ |
80,697 |
80,697 |
/ |
/ |
|
DK |
HAD |
03A. |
An chadóg |
3a |
2 892,000 |
2 682,402 |
2 732,065 |
101,85 % |
49,663 |
/ |
C (10) |
/ |
49,663 |
49,663 |
/ |
/ |
|
DK |
POK |
1N2AB. |
An glasán |
Uiscí na hIorua in 1 agus 2 |
/ |
/ |
4,288 |
Neamhbhainteach |
4,288 |
1,00 |
/ |
/ |
4,288 |
/ |
4,288 |
/ |
|
DK |
WHB |
1X14 |
An faoitín gorm |
Uiscí na Ríochta Aontaithe, uiscí an Aontais agus uiscí idirnáisiúnta in 1, 2, 3, 4, 5, 6, 7, 8a, 8b, 8d, 8e, 12 agus 14 |
61 646,000 |
77 238,647 |
82 097,607 |
106,29 % |
4 858,960 |
/ |
/ |
/ |
4 858,960 |
4 858,960 |
/ |
/ |
|
ES |
ALB |
MED |
Tuinnín colgach na Meánmhara |
An Mheánmhuir |
103,030 |
133,030 |
135,312 |
101,72 % |
2,282 |
/ |
/ |
/ |
2,282 |
2,282 |
/ |
/ |
|
ES |
BUM |
ATLANT |
An mairlín gorm Atlantach |
An tAigéan Atlantach |
22,770 |
49,770 |
55,108 |
110,72 % |
5,338 (11) |
1,00 |
/ |
/ |
Neamhbhainteach (11) |
Neamhbhainteach (11) |
/ |
5,338 |
|
ES |
COD |
1N2AB. |
An trosc |
Uiscí na hIorua in 1 agus 2 |
2 321,000 |
2 562,590 |
2 562,586 |
100,00 % |
–0,004 (12) |
/ |
/ |
60,063 |
60,063 |
60,063 |
/ |
/ |
|
ES |
GHL |
N3LMNO |
An haileabó Graonlannach |
NAFO 3LMNO |
4 162,000 |
4 607,124 |
4 666,576 |
101,29 % |
59,452 |
/ |
/ |
/ |
59,452 |
59,452 |
/ |
/ |
|
ES |
HAD |
1N2AB. |
An chadóg |
Uiscí na hIorua in 1 agus 2 |
/ |
2,636 |
86,058 |
3 264,72 % |
83,422 |
1,00 |
A |
/ |
125,133 |
/ |
Coibhéis 125,133 |
/ |
|
ES |
OTH |
1N2AB. |
Speicis eile |
Uiscí na hIorua in 1 agus 2 |
/ |
/ |
78,129 |
Neamhbhainteach |
78,129 |
1,00 |
A |
/ |
117,194 |
/ |
Coibhéis 117,194 |
/ |
|
ES |
POK |
1N2AB. |
An glasán |
Uiscí na hIorua in 1 agus 2 |
/ |
/ |
14,306 |
Neamhbhainteach |
14,306 |
1,00 |
/ |
/ |
14,306 |
/ |
14,306 |
/ |
|
ES |
RJU |
8-C. |
An roc dústríoctha |
Uiscí an Aontais in 8 |
10,000 |
10,000 |
12,138 |
121,38 % |
2,138 |
1,00 |
/ |
/ |
2,138 |
0,032 |
/ |
2,106 |
|
ES |
RJU |
9-C. |
An roc dústríoctha |
Uiscí an Aontais in 9 |
15,000 |
20,000 |
24,008 |
120,04 % |
4,008 |
1,00 |
/ |
1,348 |
5,356 |
5,356 |
/ |
/ |
|
ES |
SOL |
7HJK. |
An sól coiteann |
7h, 7j agus 7k |
/ |
2,500 |
15,458 |
618,32 % |
12,958 |
1,00 |
C |
/ |
19,437 |
0,755 |
18,682 |
/ |
|
ES |
SOL |
8AB. |
An sól coiteann |
8a agus 8b |
6,000 |
7,000 |
19,988 |
285,54 % |
12,988 |
1,00 |
C |
/ |
19,482 |
0 |
/ |
19,482 |
|
FR |
GHL |
1N2AB. |
An haileabó Graonlannach |
Uiscí na hIorua in 1 agus 2 |
/ |
16,600 |
20,889 |
125,84 % |
4,289 |
1,00 |
/ |
/ |
4,289 |
4,289 |
/ |
/ |
|
FR |
HAD |
1N2AB. |
An chadóg |
Uiscí na hIorua in 1 agus 2 |
150,000 |
171,060 |
179,080 |
104,69 % |
8,020 |
/ |
/ |
/ |
8,020 |
8,020 |
/ |
/ |
|
FR |
OTH |
1N2AB. |
Speicis eile |
Uiscí na hIorua in 1 agus 2 |
36,000 |
36,000 |
44,547 |
123,74 % |
8,547 |
1,00 |
/ |
/ |
8,547 |
8,547 |
/ |
/ |
|
FR |
RJE |
7FG. |
An roc mionsúileach |
7f agus 7g |
24,000 |
10,701 |
23,296 |
217,70 % |
12,595 |
1,00 |
/ |
/ |
12,595 |
12,595 |
/ |
/ |
|
FR |
SWO |
AN05N_AMS |
An colgán |
An tAigéan Atlantach, lastuaidh de 5° T |
129,840 (13) |
129,840 (13) |
161,053 |
124,03 % |
31,213 (11) |
1,00 |
/ |
/ |
Neamhbhainteach (11) |
Neamhbhainteach (11) |
/ |
31,213 |
|
IT |
ARA |
GF19-21 |
An séacla gorm agus dearg |
FLGanna 19-20-21 (an Mhuir Iónach) |
250,000 |
250,000 |
259,823 |
103,93 % |
9,823 |
/ |
/ |
/ |
9,823 |
9,823 |
/ |
/ |
|
NL |
POK |
1N2AB. |
An glasán |
Uiscí na hIorua in 1 agus 2 |
/ |
21,593 |
34,653 |
160,48 % |
13,060 |
1,00 |
/ |
/ |
13,060 |
/ |
13,060 |
/ |
|
PL |
MAC |
2A34-N |
An ronnach |
Uiscí an Aontais in 3a, 3b, 3c agus 3d; uiscí na Ríochta Aontaithe in 2a; uiscí an Aontais agus uiscí na Ríochta Aontaithe in 4; uiscí na hIorua in 2a agus 4a |
/ |
/ |
254,490 |
Neamhbhainteach |
254,490 |
2,00 |
A |
/ |
636,225 |
/ |
636,225 |
/ |
|
PT |
BET |
ATLANT |
An tuinnín mórshúileach |
An tAigéan Atlantach |
Neamhbhainteach |
Neamhbhainteach |
Neamhbhainteach |
Neamhbhainteach |
Neamhbhainteach |
Neamhbhainteach |
Neamhbhainteach |
184,048 (14) |
184,048 (14) |
184,048 (14) |
/ |
/ |
|
PT |
GHL |
1N2AB. |
An haileabó Graonlannach |
Uiscí na hIorua in 1 agus 2 |
/ |
/ |
64,738 |
Neamhbhainteach |
64,738 |
1,00 |
/ |
/ |
64,738 |
/ |
Coibhéis 64,738 |
/ |
|
PT |
JAX |
08C. |
An bolmán |
8c |
188,000 |
100,000 |
101,605 |
101,60 % |
1,605 |
/ |
/ |
/ |
1,605 |
0 |
/ |
1,605 |
|
PT |
OTH |
1N2AB. |
Speicis eile |
Uiscí na hIorua in 1 agus 2 |
/ |
/ |
18,012 |
Neamhbhainteach |
18,012 |
1,00 |
/ |
/ |
18,012 |
/ |
Coibhéis 18,012 |
/ |
|
PT |
SWO |
AN05N |
An colgán |
An tAigéan Atlantach, lastuaidh de 5° T |
Neamhbhainteach |
Neamhbhainteach |
Neamhbhainteach |
Neamhbhainteach |
Neamhbhainteach |
Neamhbhainteach |
Neamhbhainteach |
50,792 (15) |
50,792 (15) |
50,792 (15) |
/ |
/ |
|
PT |
SWO |
AN05N |
An colgán |
An tAigéan Atlantach, lastuaidh de 5° T |
1 155,830 |
1 930,090 |
1 966,680 |
101,90 % |
36,590 (11) |
/ |
/ |
/ |
Neamhbhainteach (11) |
Neamhbhainteach (11) |
/ |
36,590 |
|
PT |
SRX |
89-C. |
Sciataí agus roic |
Uiscí an Aontais in 8 agus 9 |
1 696,000 |
1 551,000 |
1 573,265 |
101,44 % |
22,265 |
/ |
/ |
/ |
22,265 |
22,265 |
/ |
/ |
(1) Na cuótaí atá ar fáil do Bhallstát de bhun na Rialachán ábhartha maidir le deiseanna iascaireachta tar éis na nithe seo a leanas a chur san áireamh: malartuithe deiseanna iascaireachta i gcomhréir le hAirteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, aistrithe cuótaí ó 2022 go 2023 i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle an 6 Bealtaine 1996 lena dtugtar isteach coinníollacha breise maidir le TACanna agus cuótaí a bhainistiú ó bhliain go bliain (IO L 115, 9.5.1996, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1996/847/oj) nó le hAirteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ath-chionroinnt agus asbhaint deiseanna iascaireachta i gcomhréir le hAirteagail 37 agus 105 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.
(2) De réir mar a leagtar amach in Airteagal 105(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Beidh feidhm ag asbhaint atá cothrom leis an ró-iascaireacht * 1,00 sna cásanna uile ina bhfuil an ró-iascaireacht cothrom le 100 tona nó níos lú ná sin.
(3) De réir mar a leagtar amach in Airteagal 105(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 agus ar choinníoll go sáraíonn méid na ró-iascaireachta 10 %.
(4) Léiríonn an litir ‘A’ gur cuireadh fachtóir iolraithe breise 1,5 i bhfeidhm toisc go ndearnadh ró-iascaireacht sna blianta 2021, 2022 agus 2023 as a chéile. Léiríonn an litir ‘C’ gur cuireadh fachtóir iolraithe breise 1,5 i bhfeidhm toisc go bhfuil an stoc faoi réir plean ilbhliantúil.
(5) Cainníochtaí atá fágtha ó bhliain/bhlianta roimhe.
(6) Asbhaintí atá le hoibriú in 2024.
(7) Asbhaintí atá le hoibriú in 2024 a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm go fiú an 23 Meán Fómhair 2024 i bhfianaise an chuóta atá ar fáil.
(8) Le leathadh i gcaitheamh na mblianta 2025 (7,106 tona) agus 2026 (7,105 tona) tar éis iarraidh na Gearmáine asbhaint 21,317 tona atá dlite in 2024 a roinnt go cothrom thar 3 bliana (2024, 2025 agus 2026).
(9) Le hasbhaint ón gcuóta le haghaidh cadóg in 3a (HAD/*03A.) tar éis athrú ar an gcód stoic agus ar an sainmhíniú limistéir.
(10) Níl an fachtóir iolraithe breise infheidhme toisc nach ndeachaigh an ró-iascaireacht thar 10 % den tabhairt i dtír arna ceadú..
(11) Le hasbhaint in 2025 i gcomhréir leis an Moladh ábhartha ó ICCAT.
(12) Ós rud é nach bhfuil feidhm ag Airteagal 4(2) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 maidir leis an stoc seo, ní féidir úsáid a bhaint as an gcainníocht sin, is é sin, an chainníocht nár úsáideadh, chun an asbhaint atá dlite in 2024 a laghdú.
(13) An cuóta foghabhála atá ar fáil do ‘Bhallstáit eile’, an Fhrainc ina measc.
(14) De dheasca na ró-iascaireachta in 2022 i gcomhréir leis an amlíne asbhainte arna socrú le Moladh 22-01 ó ICCAT lena mbunaítear go ndéanfar sárú na teorann gabhála bliantúla le haghaidh tuinníní mórshúileacha in 2022 a asbhaint ón teorainn ghabhála bhliantúil le haghaidh 2024.
(15) De dheasca na ró-iascaireachta in 2022 i gcomhréir leis an amlíne asbhainte arna socrú le Moladh 22-03 ó ICCAT lena mbunaítear go ndéanfar aon bharrachas i gcuóta coigeartaithe bliantúil 2022 a asbhaint ón gcuóta/teorainn ghabhála ar leith le haghaidh 2024. ’
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/66/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)