Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R0053

Rialachán (AE) 2025/53 ón gCoimisiún an 7 Eanáir 2025 lena n-athosclaítear an t-iascach le haghaidh roic dhústríoctha in uiscí an Aontais in 9 ag soithí atá faoi bhratach na Spáinne, trí Rialachán (AE) 2024/1819 ón gCoimisiún a aisghairm

C/2025/56

IO L, 2025/53, 10.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/53/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2024

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/53/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/53

10.1.2025

RIALACHÁN (AE) 2025/53 ÓN gCOIMISIÚN

an 7 Eanáir 2025

lena n-athosclaítear an t-iascach le haghaidh roic dhústríoctha in uiscí an Aontais in 9 ag soithí atá faoi bhratach na Spáinne, trí Rialachán (AE) 2024/1819 ón gCoimisiún a aisghairm

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (1), agus go háirithe Airteagal 36(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos le Rialachán (AE) 2024/257 ón gComhairle (2) cuótaí le haghaidh 2024.

(2)

An 10 Meitheamh 2024 thug an Spáinn fógra don Choimisiún, de bhun Airteagal 35(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, faoina cinneadh toirmeasc a chur ar iascaireacht a dhéanamh ar roic dhústríoctha in uiscí an Aontais in 9 ón 4 Márta 2024.

(3)

Le Rialachán (AE) 2024/1819 ón gCoimisiún (3), cuireadh toirmeasc ar roic dhústríoctha a iascach in uiscí an Aontais in 9 i gcás soithí atá faoi bhratach na Spáinne.

(4)

De réir na faisnéise a fuair an Coimisiún an 14 Samhain 2024 ó údaráis na Spáinne, tá cainníocht ar fáil fós don Spáinn le haghaidh chuóta an stoic sin. Dá bhrí sin, ba cheart an t-iascach le haghaidh roic dhústríoctha in uiscí an Aontais in 9 ag soithí atá faoi bhratach na Spáinne nó atá cláraithe sa Spáinn a athoscailt go dtí go bhfógrófar a mhalairt.

(5)

Ba cheart éifeacht a bheith ag athoscailt an iascaigh sin an 15 Samhain 2024, chun go bhféadfar cainníocht na roc dústríoctha atá i gceist a iascach roimh dheireadh na bliana reatha.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2024/1819 a aisghairm le héifeacht ón 15 Samhain 2024.

(7)

Ní dhéanann an cur i bhfeidhm cúlghabhálach sin difear do phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla ná do phrionsabal an ionchais dhlisteanaigh, mar go bhfuil cuóta ar fáil fós le haghaidh an stoic sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Athosclaítear an t-iascach le haghaidh roic dhústríoctha in uiscí an Aontais in 9 le haghaidh shéasúr iascaireachta 2024 ag soithí atá faoi bratach na Spáinne nó atá cláraithe sa Spáinn dá dtagraítear san Iarscríbhinn.

Aisghairtear Rialachán (AE) 2024/1819 ón gCoimisiún.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 15 Samhain 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Eanáir 2025.

Thar ceann an Choimisiúin,

Thar ceann an Uachtaráin,

Costas KADIS

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2024/257 ón gComhairle an 10 Eanáir 2024 lena socraítear le haghaidh 2024, 2025 agus 2026 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/194 (IO L 2024/257, 11.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/257/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2024/1819 ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2024 lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh roic dhústríoctha in uiscí an Aontais in 9 i gcás soithí faoi bhratach na Spáinne (IO L, 2024/1819, 27.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1819/oj).


IARSCRÍBHINN

Uimh.

03/TQ257 - Athoscailt

Ballstát

An Spáinn

Stoc

RJU/9-C.

Speiceas

Roc dústríoctha (Raja undulata)

Limistéar

Uiscí an Aontais in 9

Dáta an Iaimh

an 4 Márta 2024

Dáta Athoscailte

an 15 Samhain 2024


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/53/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top