This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R0023
Commission Implementing Regulation (EU) 2025/23 of 19 December 2024 laying down rules for the application of Regulation (EU) 2018/1139 of the European Parliament and of the Council, as regards requirements for the oversight of ground handling services and organisations providing them
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/23 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2024 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le ceanglais maidir le formhaoirseacht a dhéanamh ar sheirbhísí láimhseáil ar talamh agus ar eagraíochtaí a sholáthraíonn iad
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/23 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2024 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le ceanglais maidir le formhaoirseacht a dhéanamh ar sheirbhísí láimhseáil ar talamh agus ar eagraíochtaí a sholáthraíonn iad
C/2024/8929
IO L, 2025/23, 7.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/23/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force: This act has been changed. Current consolidated version:
07/03/2025
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/23 |
7.3.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/23 ÓN gCOIMISIÚN
an 19 Nollaig 2024
lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le ceanglais maidir le formhaoirseacht a dhéanamh ar sheirbhísí láimhseáil ar talamh agus ar eagraíochtaí a sholáthraíonn iad
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 62(14), pointe (d), Airteagal 62(15), pointí (a), (b) agus (c), agus Airteagal 72(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Bunaítear le Rialachán (AE) 2018/1139 na ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le soláthar sábháilte seirbhísí láimhseáil ar talamh agus maidir le heagraíochtaí a sholáthraíonn iad ag aeradróim a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin sin, chomh maith le forálacha maidir le formhaoirseacht ag údaráis inniúla náisiúnta ar na heagraíochtaí sin agus ar na seirbhísí láimhseáil ar talamh a sholáthraítear ag na haeradróim de chuid an Aontais a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin sin. |
|
(2) |
Chun ardleibhéal sábháilteachta eitlíochta sibhialta a áirithiú san Aontas, agus i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, ba cheart an úrscothacht agus na dea-chleachtais sa réimse láimhseáil ar talamh a léiriú sa Rialachán seo. Ba cheart a chur san áireamh ann freisin Caighdeáin agus Cleachtais Mholta na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta is infheidhme agus taithí oibríochta láimhseáil ar talamh ar fud an domhain, chomh maith le dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil sa réimse láimhseáil ar talamh. Ina theannta sin, d’fhonn a áirithiú go ndéanfar méid leordhóthanach formhaoirseachta ar eagraíochtaí a sholáthraíonn seirbhísí láimhseáil ar talamh, ba cheart na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo a bheith comhréireach, oiriúnaithe don riosca sábháilteachta a bhaineann le gníomhaíochtaí láimhseáil ar talamh agus d’fheidhmíocht sábháilteachta na n-eagraíochtaí láimhseáil ar talamh agus ba cheart foráil a dhéanamh leo i ndáil leis an tsolúbthacht is gá maidir le comhlíonadh saincheaptha. |
|
(3) |
Ba cheart go n-áiritheofaí leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo go ndéanfaidh na Ballstáit formhaoirseacht chomhchuibhithe agus chomhsheasmhach ar eagraíochtaí a sholáthraíonn seirbhísí láimhseáil ar talamh in aeradróim de chuid an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart go soláthrófaí leis an Rialachán seo an creat chun go ndéanfaidh na húdaráis inniúla córas bainistíochta a fhorbairt agus a chur chun feidhme lena gcuimseofar próisis riachtanacha, oiliúint riachtanach agus cáilíocht riachtanach an phearsanra, agus nósanna imeachta maidir le formhaoirseacht agus go háirithe formhaoirseacht chomhoibríoch ar eagraíochtaí láimhseáil ar talamh. |
|
(4) |
Chun a áirithiú go ndéanfar formhaoirseacht inniúil agus cheart ar eagraíochtaí láimhseáil ar talamh a chuireann dearbhú isteach agus go n-úsáidfear torthaí na formhaoirseachta go cuí chun sábháilteacht na n-eagraíochtaí a ndéantar formhaoirseacht orthu a fheabhsú, ba cheart do na húdaráis inniúla náisiúnta a áirithiú go mbeidh na cigirí a dhéanann formhaoirseacht oilte agus cáilithe go leordhóthanach, agus go mbeidh na scileanna agus an taithí iomchuí acu chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht sábháilteachta na n-eagraíochtaí láimhseáil ar talamh atá faoina bhfreagrachtaí formhaoirseachta. |
|
(5) |
Chun úsáid éifeachtúil acmhainní na n-údarás inniúil a chumasú agus formhaoirseacht á déanamh acu agus chun comhchuibhiú próiseas agus nósanna imeachta oibríochtúla maidir le láimhseáil ar talamh a spreagadh trí caighdeáin tionscail a úsáid go deonach, ba cheart go gcuirfí leis an Rialachán seo ar chumas na mBallstát measúnú a dhéanamh le chéile ar chomhlíonadh Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/20 (2) ón gCoimisiún ag na caighdeáin tionscail. |
|
(6) |
Maidir leis na gníomhaíochtaí formhaoirseachta lena gcumhdaítear fíorú chomhlíontacht na n-eagraíochtaí láimhseáil ar talamh leis na ceanglais uile is infheidhme agus i gcomhréir leis an dearbhú arna chur isteach, ba cheart iad a chur i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach agus ar feadh na tréimhse a bhunaítear leis an Rialachán seo. Chun an méid sin a bhaint amach, ba cheart do na húdaráis inniúla clár formhaoirseachta a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun a áirithiú go gcumhdófar raon feidhme na formhaoirseachta go hiomlán, mar a beartaíodh. |
|
(7) |
Chun cur chun feidhme formhaoirseachta rioscabhunaithe a áirithiú, ba cheart an clár formhaoirseachta a bheith bunaithe i bpáirt ar shonraí sábháilteachta arna mbailiú ó eagraíochtaí láimhseáil ar talamh, rud a thacódh leis na húdaráis inniúla léargas iomlán a fháil ar an leibhéal sábháilteachta do gach eagraíocht láimhseáil ar talamh atá faoi réir formhaoirseachta. Ba cheart go n-áiritheofaí leis na tuarascálacha sábháilteachta faisnéis iontaofa agus leordhóthanach chun anailís chruinn sábháilteachta a chumasú. |
|
(8) |
Chun a áirithiú go gcuirfidh oibleagáidí tuairiscithe na n-eagraíochtaí láimhseáil ar talamh le feabhsú na sábháilteachta in oibríochtaí láimhseáil ar talamh, ba cheart go mbunófaí leis an Rialachán seo creat faoina bhféadfaidh na húdaráis inniúla aiseolas díreach comhsheasmhach a thabhairt go díreach do na heagraíochtaí láimhseáil ar talamh maidir leis na teagmhais láimhseáil ar talamh a thuairiscítear agus ba cheart é sin a chumasú, i measc nithe eile, tríd an bpróiseas formhaoirseachta. |
|
(9) |
Le bearta rialála, ba cheart tús áite a thabhairt don chomhar idir na húdaráis inniúla náisiúnta chun formhaoirseacht a dhéanamh ar eagraíochtaí a sholáthraíonn seirbhísí láimhseáil ar talamh ag aeradróim atá lonnaithe i níos mó ná Ballstát amháin, chun úsáid acmhainní a fheabhsú agus chun dúbailt oibre agus formhaoirseachta a sheachaint. Ba cheart do na húdaráis inniúla náisiúnta a bhfuil baint acu le formhaoirseacht a dhéanamh ar eagraíochtaí a sholáthraíonn seirbhísí láimhseáil ar talamh ag aeradróim atá lonnaithe i níos mó ná Ballstát amháin an fhaisnéis is gá ar mhaithe le formhaoirseacht éifeachtúil chomhchuibhithe a chomhroinnt. Tá dea-chomhordú an phróisis ina iomláine agus comhroinnt na gcúraimí formhaoirseachta idir na Ballstáit lena mbaineann ríthábhachtach chun formhaoirseacht chomhoibríoch éifeachtúil a áirithiú. Sa chiall sin, ba cheart do na húdaráis inniúla náisiúnta a bhfuil baint acu leis an bpróiseas formhaoirseachta comhoibríche brath ar rialacha soiléire lena sainítear a gcúraimí agus ba cheart na huirlisí cearta a bheith acu ionas gur féidir leo torthaí na ngníomhaíochtaí formhaoirseachta a dhéantar ag na haeradróim atá faoina bhformhaoirseacht agus ag príomháit ghnó na heagraíochta láimhseáil ar talamh a chomhroinnt eatarthu féin, arb é an lárionad sin an áit óna bhfeidhmíonn sí rialú agus óna gcuireann sí an córas bainistíochta i bhfeidhm ar fud a stáisiún go léir. |
|
(10) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo bunaithe ar Thuairim Uimh. 01/2024 (3) arna heisiúint ag Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (‘an Ghníomhaireacht’) i gcomhréir le hAirteagal 75(2), pointí (b) agus (c), agus Airteagal 76(1) de Rialachán (AE) 2018/1139. |
|
(11) |
Is gá dóthain ama a thabhairt do na húdaráis inniúla chun an creat rialála nua a chur chun feidhme tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Dá bhrí sin, ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar go dtí 27 Márta 2028. |
|
(12) |
Tá na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste maidir le rialacha comhchoiteanna sábháilteachta a chur i bhfeidhm i réimse na heitlíochta sibhialta arna bhunú le hAirteagal 127 de Rialachán (AE) 2018/1139, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le leithdháileadh na bhfreagrachtaí ar údaráis náisiúnta inniúla atá freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar sheirbhísí láimhseáil ar talamh agus ar eagraíochtaí a sholáthraíonn na seirbhísí sin, rialacha maidir le malartú faisnéise, cáilíocht pearsanra agus córais riaracháin agus bhainistíochta na n-údarás inniúil sin.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críoch an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn ‘formhaoirseacht chomhoibríoch’ próiseas formhaoirseachta comhordaithe lena mbaineann níos mó ná údarás inniúil amháin chun formhaoirseacht a dhéanamh ar eagraíocht a sholáthraíonn seirbhísí láimhseáil ar talamh ag aeradróim atá faoi dhlínse níos mó ná údarás inniúil amháin nó i níos mó ná Ballstát amháin; de bhrí go gcinneann na húdaráis inniúla a gcúraimí aonair, go gcomhroinneann siad sonraí agus faisnéis ábhartha le haghaidh na formhaoirseachta, go gcuireann siad comhar chun cinn chun formhaoirseacht aonfhoirmeach agus úsáid éifeachtúil acmhainní a áirithiú trí, inter alia, dúbailt cúraimí, iniúchtaí agus cigireachtaí a sheachaint; |
|
(2) |
ciallaíonn ‘iniúchadh’ próiseas córasach, neamhspleách agus doiciméadaithe chun fianaise a fháil agus chun meastóireacht a dhéanamh uirthi go hoibiachtúil d’fhonn a mhéid a chomhlíontar ceanglais a chinneadh; de bhrí go bhféadfadh cigireachtaí a bheith san áireamh in iniúchtaí; |
|
(3) |
ciallaíonn ‘cigireacht’, i gcomhthéacs faireachán ar chomhlíonadh agus formhaoirseachta, meastóireacht chomhréireachta neamhspleách dhoiciméadaithe trí bhreathnóireacht agus breithiúnas lena ngabhann, de réir mar is iomchuí, tomhais, tástáil nó tomhsaireacht, chun comhlíonadh na gceanglas is infheidhme a fhíorú; de bhrí go bhféadfadh cigireacht a bheith mar chuid d’iniúchadh, ach go bhféadfaí í a dhéanamh lasmuigh den ghnáthphlean iniúchóireachta freisin, go háirithe, chun dúnadh toraidh áirithe a fhíorú. |
Airteagal 3
Príomhoibleagáidí na mBallstát
1. Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó laistigh den Bhallstát sin ag a mbeidh na cumhachtaí agus na freagrachtaí is gá le haghaidh na gcúraimí formhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin maidir le heagraíochtaí láimhseáil ar talamh a oibríonn ag na haeradróim a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2018/1139.
2. Beidh na hoibleagáidí seo a leanas, a mhionsonraítear a thuilleadh san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, ar na húdaráis inniúla náisiúnta:
|
(a) |
dearbhuithe a fháil ó eagraíochtaí a fheidhmíonn seirbhísí láimhseáil ar talamh ag na haeradróim atá faoina ndlínse; |
|
(b) |
formhaoirseacht a dhéanamh ar na heagraíochtaí láimhseáil ar talamh sin; |
|
(c) |
a áirithiú go mbeidh an pearsanra a shanntar chun formhaoirseacht a dhéanamh ar láimhseáil ar talamh oilte, cáilithe agus inniúil mar is iomchuí agus go ndéanfar a n-inniúlacht a choinneáil ar bun; |
|
(d) |
rannchuidiú le formhaoirseacht chomhoibríoch éifeachtach a chur chun feidhme; |
|
(e) |
bearta forfheidhmiúcháin a ghlacadh nó a thionscnamh de réir mar is iomchuí. |
3. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cumais agus na hacmhainní riachtanacha ag na húdaráis inniúla chun a gcuid freagrachtaí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.
4. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfeidhmeoidh údaráis inniúla a gcumhachtaí go neamhchlaonta agus go trédhearcach.
Airteagal 4
Formhaoirseacht
1. I gcás ina n-ainmníonn Ballstát níos mó ná údarás inniúil amháin, leagfaidh sé amach freagrachtaí agus raon feidhme geografach inniúlachta gach údaráis inniúil.
Cuirfear ar bun comhordú idir na húdaráis sin chun formhaoirseacht éifeachtach a áirithiú ar gach gníomhaíocht láimhseáil ar talamh agus ar na heagraíochtaí a dhéanann iad laistigh dá sainchúraimí faoi seach.
2. Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh pearsanra na n-údarás inniúil gníomhaíochtaí formhaoirseachta i gcás ina bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith mar thoradh air sin go díreach nó go hindíreach.
3. Cumhachtaítear don phearsanra atá údaraithe ag an údarás inniúil chun gníomhaíochtaí formhaoirseachta a dhéanamh na cúraimí seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
scrúdú a dhéanamh ar na taifid, ar na sonraí, ar na nósanna imeachta agus ar aon ábhar eile atá ábhartha chun an cúram formhaoirseachta a chur i gcrích; |
|
(b) |
cóipeanna de na taifid, na sonraí agus na nósanna imeachta sin agus den ábhar eile, nó sleachta astu a thabhairt leo; |
|
(c) |
míniúchán ó bhéal a lorg ar an láthair nuair is gá; |
|
(d) |
dul isteach in áitribh ábhartha, ar láithreáin oibriúcháin nó i limistéir agus modhanna iompair ábhartha eile; |
|
(e) |
iniúchtaí, imscrúduithe, tástálacha, cleachtaí, measúnuithe agus cigireachtaí a dhéanamh; agus |
|
(f) |
bearta forfheidhmiúcháin a ghlacadh nó a thionscnamh de réir mar is iomchuí. |
I gcás inar gá, cumhachtóidh na Ballstáit don phearsanra cúraimí breise a dhéanamh chun críche gníomhaíochtaí formhaoirseachta.
4. I gcás ina dtagann eagraíocht láimhseáil ar talamh faoi raon feidhme Airteagal 2(1), pointe (c), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1645 ón gCoimisiún (4), agus ina bhfuil eintiteas neamhspleách uathrialach ainmnithe ag an mBallstát lena mbaineann chun ról agus freagrachtaí sannta an údaráis inniúil atá freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1645 a chur i gcrích, bunófar bearta comhordúcháin idir an t-eintiteas sin agus an t-údarás inniúil náisiúnta arna ainmniú i gcomhréir leis an Rialachán seo, chun formhaoirseacht éifeachtach ar na ceanglais uile atá le comhlíonadh ag an eagraíocht láimhseáil ar talamh a áirithiú.
5. Déanfaidh na Ballstáit bearta forfheidhmiúcháin a fhorbairt agus a chur chun feidhme mar a shonraítear in Airteagal 62(2), pointí (d) agus (e), de Rialachán (AE) 2018/1139.
Airteagal 5
Tacaíocht ón nGníomhaireacht chun formhaoirseacht chomhoibríoch a éascú
Éascóidh an Ghníomhaireacht cur chun feidhme éifeachtach na gceanglas maidir le formhaoirseacht chomhoibríoch ag na Ballstáit, ionas gur féidir leis na húdaráis inniúla rochtain shlán a fháil ar an bhfaisnéis agus ar an doiciméadacht ábhartha agus an fhaisnéis agus an doiciméadacht sin a mhalartú ar bhealach slán, rud is riachtanach chun a gcúraimí maidir le formhaoirseacht agus forfheidhmiú de bhun an Rialacháin seo a fheidhmiú.
Airteagal 6
Forálacha idirthréimhseacha
De mhaolú ar phointe ARGH.OVS.305(c), faoin 27 Márta 2030 ar a dhéanaí, déanfaidh na húdaráis inniúla formhaoirseacht chuimsitheach amháin ar a laghad ar na heagraíochtaí uile ina mBallstát a chuireann dearbhú isteach.
Cuirfidh an t-údarás inniúil an taithí oibríochtúil a bhí ag eagraíocht roimhe sin san áireamh agus a phlean formhaoirseachta á fhorbairt aige.
Airteagal 7
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
1. Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2. Beidh feidhm aige ón 27 Márta 2028.
3. Beidh feidhm ag na pointí seo a leanas ón 27 Márta 2031:
|
(a) |
pointe ARGH.GEN.125(c), |
|
(b) |
pointe ARGH.GEN.136, |
|
(c) |
pointe ARGH.MGM.200(e), |
|
(d) |
pointe ARGH.MGM.205(e), |
|
(e) |
pointe ARGH.MGM.211, |
|
(f) |
pointe ARGH.OVS.300(f). |
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Nollaig 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 212, 22.8.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1139/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/20 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí cheanglais a leagan síos maidir le soláthar sábháilte seirbhísí láimhseáil ar talamh agus maidir le heagraíochtaí a sholáthraíonn iad (IO L, 2025/20, 7.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/20/oj).
(3) https://www.easa.europa.eu/ga/document-library/opinions/opinion-no-012024.
(4) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1645 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2022 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le ceanglais, i ndáil le bainistíocht rioscaí slándála faisnéise a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar shábháilteacht eitlíochta, ar eagraíochtaí a chumhdaítear le Rialacháin (AE) Uimh. 748/2012 agus Uimh. 139/2014 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 748/2012 agus Uimh. 139/2014 ón gCoimisiún (IO L 248, 26.9.2022, lch. 18, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/1645/oj).
IARSCRÍBHINN
CEANGLAIS ÚDARÁIS – LÁIMHSEÁIL AR TALAMH
(CUID-ARGH)
FOCHUID GEN
CEANGLAIS GHINEARÁLTA
ARGH.GEN.005 Raon feidhme
Bunaítear leis an Iarscríbhinn seo ceanglais do na húdaráis inniúla agus á bhfreagrachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus Airteagal 4 den Rialachán seo chun formhaoirseacht a dhéanamh ar na heagraíochtaí láimhseáil ar talamh agus ar na seirbhísí láimhseáil ar talamh a sholáthraíonn siad i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/20.
ARGH.GEN.100 Údarás inniúil
|
(a) |
Is é a bheidh san údarás inniúil ar a mbeidh freagracht as formhaoirseacht a dhéanamh ar eagraíochtaí a sholáthraíonn seirbhísí láimhseáil ar talamh ag aeradróm a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2018/1139 an t-údarás arna ainmniú ag an mBallstát ina bhfuil an t-aeradróm lonnaithe. |
|
(b) |
Gan difear a dhéanamh do phointe (a), maidir leis an údarás inniúil ar a mbeidh freagracht as an dearbhú a fháil ó ghrúpáil ghnó aonair eagraíochtaí láimhseáil ar talamh nó ó oibreoir aerárthaí féinseirbhíse láimhseála a bhfuil a phríomháit ghnó i mBallstát agus a sholáthraíonn seirbhísí láimhseáil ar talamh i níos mó ná Ballstát amháin, is é a bheidh san údarás inniúil sin an t-údarás a ainmneoidh an Ballstát ina bhfuil a príomháit ghnó ag an eagraíocht. Measfar an dearbhú sin a bheith curtha faoi bhráid na n-údarás inniúil uile lena mbaineann má chomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
|
|
(c) |
A luaithe a chuirfear isteach é, beidh an dearbhú bailí agus aithneofar é i ngach Ballstát gan ceanglais ná meastóireacht bhreise, i gcomhréir le hAirteagal 67(1) de Rialachán (AE) 2018/1139. |
|
(d) |
Is é a bheidh san údarás inniúil ar a mbeidh freagracht as formhaoirseacht a dhéanamh ar eagraíochtaí dá dtagraítear i bpointe (b) an t-údarás arna ainmniú ag an mBallstát ina bhfuil an t-aeradróm lonnaithe. Déanfar an comhroinnt cúraimí idir na húdaráis inniúla lena mbaineann chun formhaoirseacht a dhéanamh ar na heagraíochtaí sin i gcomhréir le pointe ARGH.OVS.330. |
ARGH.GEN.115 Doiciméadacht formhaoirseachta
Soláthróidh an t-údarás inniúil na gníomhartha dlí, caighdeáin, rialacha, agus foilseacháin theicniúla ábhartha agus doiciméid ghaolmhara, chomh maith le hábhar treorach dá phearsanra ionas go mbeidh siad in ann a gcúraimí a dhéanamh agus a bhfreagrachtaí a chomhlíonadh.
ARGH.GEN.120 Modhanna comhlíontachta
Forbróidh an Ghníomhaireacht modhanna inghlactha comhlíonta a fhéadfar a úsáid chun comhlíontacht le Rialachán (AE) 2018/1139 agus a ghníomhartha tarmligthe agus a ghníomhartha cur chun feidhme a shuí.
ARGH.GEN.125 Faisnéis atá le soláthar don Ghníomhaireacht
|
(a) |
I gcás inar tháinig an t-údarás inniúil le bheith ar an eolas faoi aon fhadhb shuntasach maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2018/1139 agus a ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme ag eagraíocht láimhseáil ar talamh, tabharfaidh sé fógra don Ghníomhaireacht faoi sin gan moill mhíchuí, agus in aon chás laistigh de 30 lá ón tráth a tháinig sé le bheith ar an eolas faoi na fadhbanna sin. |
|
(b) |
Gan difear a dhéanamh do Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) agus dá ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme, soláthróidh an t-údarás inniúil don Ghníomhaireacht, a luaithe is féidir, faisnéis a bhfuil suntas ag baint léi don tsábháilteacht ar faisnéis í a eascraíonn as tuarascálacha ar tharluithe a stóráiltear sa bhunachar sonraí náisiúnta de bhun Airteagal 6(6) de Rialachán (AE) Uimh. 376/2014. |
|
(c) |
Soláthróidh an t-údarás inniúil don Ghníomhaireacht, a luaithe is féidir, faisnéis a bhfuil suntas ag baint léi don tsábháilteacht ar faisnéis í a eascraíonn as na tuarascálacha slándála faisnéise a bheidh faighte aige de bhun phointe IS.D.OR.230 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1645. |
ARGH.GEN.135 Freagairt láithreach ar fhadhb shábháilteachta
|
(a) |
Gan difear a dhéanamh do Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ná dá ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme, cuirfidh an t-údarás inniúil córas chun feidhme chun faisnéis sábháilteachta a bhailiú, a anailísiú agus a scaipeadh. |
|
(b) |
Cuirfidh an Ghníomhaireacht córas chun feidhme chun anailís a dhéanamh ar aon fhaisnéis a fhaightear atá ábhartha don tsábháilteacht agus, gan moill mhíchuí, soláthróidh sí aon fhaisnéis is gá d’údarás inniúil na mBallstát agus don Choimisiún, lena n-áirítear moltaí nó gníomhaíochtaí ceartaitheacha atá le déanamh, chun gur féidir leo freagairt go tráthúil ar fhadhb sábháilteachta a bhaineann le heagraíochtaí atá freagrach as seirbhísí láimhseáil ar talamh a sholáthar faoi réir Rialachán (AE) 2018/1139 agus a ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme. |
|
(c) |
Tar éis don údarás inniúil an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) a fháil, déanfaidh sé bearta leordhóthanacha chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb shábháilteachta. |
|
(d) |
Déanfaidh an t-údarás inniúil na bearta arna ndéanamh i gcomhréir le pointe (c) a tharchur láithreach chuig an eagraíocht láimhseáil ar talamh, eagraíocht a chomhlíonfaidh iad faoi Rialachán (AE) 2018/1139 agus a ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme. Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra freisin don Ghníomhaireacht faoi na bearta sin agus, nuair a bheidh gá le comhghníomhaíocht, tabharfaidh sé fógra fúthu do na húdaráis inniúla eile lena mbaineann. |
|
(e) |
Más ábhartha, tabharfar fógra freisin don oibreoir aeradróim faoi na bearta ar tugadh fógra fúthu d’eagraíocht láimhseáil ar talamh i gcás ina soláthraíonn an eagraíocht láimhseáil ar talamh na seirbhísí láimhseáil ar talamh atá faoi réir na mbeart sin. |
ARGH.GEN.136 Freagairt láithreach ar theagmhas nó ar leochaileacht slándála faisnéise lena ngabhann tionchar ar an tsábháilteacht eitlíochta
|
(a) |
Cuirfidh an t-údarás inniúil córas chun feidhme chun faisnéis a bhaineann le teagmhais agus leochaileachtaí slándála faisnéise a bhailiú, anailís a dhéanamh uirthi, agus í a scaipeadh, ar teagmhais agus leochaileachtaí iad a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an tsábháilteacht eitlíochta agus a dhéanann eagraíochtaí láimhseáil ar talamh iad a thuairisciú. Déanfar sin i gcomhar le haon údarás ábhartha eile atá freagrach as an tslándáil faisnéise nó as an gcibearshlándáil laistigh den Bhallstát lena mbaineann chun comhordú agus comhoiriúnacht na scéimeanna tuairiscithe a mhéadú. |
|
(b) |
Cuirfidh an Ghníomhaireacht córas chun feidhme chun anailís a dhéanamh ar aon fhaisnéis ábhartha a bhfuil suntas ag baint léi don tsábháilteacht a fhaightear de bhun phointe ARGH.GEN.125(c), agus, gan moill mhíchuí, soláthróidh sí aon fhaisnéis is gá do na Ballstáit agus don Choimisiún, lena n-áirítear moltaí nó gníomhaíochtaí ceartaitheacha atá le déanamh, chun gur féidir leo freagairt go tráthúil ar theagmhas nó ar leochaileacht slándála faisnéise a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an tsábháilteacht eitlíochta agus a bhaineann le táirgí, trealamh, daoine nó eagraíochtaí atá faoi réir Rialachán (AE) 2018/1139 agus a ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme. |
|
(c) |
Ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) a fháil, déanfaidh an t-údarás inniúil bearta iomchuí chun dul i ngleic leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an teagmhais nó ag an leochaileacht slándála faisnéise ar an tsábháilteacht eitlíochta. |
|
(d) |
Bearta a dhéantar i gcomhréir le pointe (c), tabharfar fógra fúthu láithreach do gach duine nó eagraíocht a chomhlíonfaidh na bearta sin faoi Rialachán (AE) 2018/1139 agus a ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme. Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra freisin don Ghníomhaireacht faoi na bearta sin agus, nuair a bheidh gá le comhghníomhaíocht, tabharfaidh sé fógra fúthu d’údaráis inniúla na mBallstát eile lena mbaineann. |
FOCHUID MGM
BAINISTÍOCHT
ARGH.MGM.200 Córas bainistíochta
|
(a) |
Déanfaidh an t-údarás inniúil córas bainistíochta a bhunú, a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun ina n-áireofar gach ceann de na heilimintí seo a leanas:
|
|
(b) |
Maidir leis an bpearsanra dá dtagraítear i bpointe (a)(2), áiritheoidh an t-údarás inniúil an méid seo a leanas:
|
|
(c) |
Áireofar san fheidhm faireacháin ar chomhlíonadh dá dtagraítear i bpointe (a)(4) córas aiseolais maidir le torthaí iniúchóireachta a chuirfear faoi bhráid bhainistíocht shinsearach an údaráis inniúil chun cur chun feidhme gníomhaíochtaí ceartaitheacha a áirithiú de réir mar is gá. |
|
(d) |
Déanfaidh an t-údarás inniúil, i gcás gach réimse gníomhaíochta, lena n-áirítear an córas bainistíochta, duine amháin nó níos mó a cheapadh ar a mbeidh an fhreagracht fhoriomlán as na cúraimí dá dtagraítear i bpointe (a) a bhainistiú. |
|
(e) |
I dteannta na gceanglas i bpointe (a), comhlíonfaidh an córas bainistíochta arna bhunú agus arna choinneáil ar bun ag an údarás inniúil Iarscríbhinn I (Cuid-IS.AR) a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/203 ón gCoimisiún (2) chun a áirithiú go ndéanfar bainistiú cheart ar rioscaí slándála faisnéise a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an tsábháilteacht eitlíochta. |
ARGH.MGM.205 Leithdháileadh cúraimí ar eintitis cháilithe
|
(a) |
Maidir le cúraimí a bhaineann le clárú dearbhuithe nó le formhaoirseacht leanúnach ar eagraíochtaí láimhseáil ar talamh faoi réir Rialachán (AE) 2018/1139 agus a ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme, féadfaidh an t-údarás inniúil iad a leithdháileadh ar eintitis cháilithe. |
|
(b) |
Agus cúraimí á leithdháileadh ag an údarás inniúil ar eintiteas cáilithe, áiritheoidh sé an méid seo a leanas:
|
|
(c) |
Bunóidh an t-údarás inniúil nósanna imeachta chun a áirithiú go ndéanfar an fhaisnéis ar fad a bhaineann le taisceadh dearbhaithe ag eagraíocht láimhseáil ar talamh a chur in iúl go pras idir an t-údarás inniúil agus an t-eintiteas cáilithe. |
|
(d) |
Áiritheoidh an t-údarás inniúil go gcumhdófar leis an bpróiseas iniúchóireachta inmheánaí agus leis an bpróiseas um bainistiú riosca sábháilteachta dá dtagraítear i bpointe ARGH.MGM.200(a)(4) den Iarscríbhinn seo na cúraimí uile a bhaineann le glacadh le dearbhuithe nó le cúraimí formhaoirseachta leanúnaí a dhéantar thar a cheann. |
|
(e) |
Chun formhaoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe ORGH.MGM.201 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/20 ag an eagraíocht láimhseáil ar talamh, féadfaidh an t-údarás inniúil cúraimí a leithdháileadh ar eintitis cháilithe i gcomhréir le pointe (a) nó ar aon údarás ábhartha atá freagrach as an tslándáil faisnéise nó as an gcibearshlándáil laistigh den Bhallstát. Agus cúraimí á leithdháileadh aige, áiritheoidh an t-údarás inniúil an méid seo a leanas:
|
ARGH.MGM.210 Athruithe ar an gcóras bainistíochta
|
(a) |
Beidh córas i bhfeidhm ag an údarás inniúil chun athruithe a shainaithint, athruithe a dhéanann difear dá chumas a chúraimí a dhéanamh agus a fhreagrachtaí a chomhlíonadh mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/1139 agus ina ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme. Cuirfidh an córas sin ar chumas an údaráis inniúil gníomhaíocht a dhéanamh, de réir mar is iomchuí, chun a áirithiú go leanfaidh a chóras bainistíochta de bheith leordhóthanach agus éifeachtach. |
|
(b) |
Déanfaidh an t-údarás inniúil a chóras bainistíochta a thabhairt cothrom le dáta chun aon athrú ar Rialachán (AE) 2018/1139 agus ar a ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a léiriú go tráthúil. |
|
(c) |
Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra don Ghníomhaireacht faoi athruithe a dhéanann difear dá chumas a chúraimí a dhéanamh agus a fhreagrachtaí a chomhlíonadh mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/1139 agus ina ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme. |
ARGH.MGM.211 Athruithe ar chóras bainistíochta slándála faisnéise eagraíochta láimhseáil ar talamh
|
(a) |
Maidir le hathruithe a bhainistítear agus a dtugtar fógra fúthu don údarás inniúil i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i bpointe IS.D.OR.255(a) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1645, áireoidh an t-údarás inniúil an t-athbhreithniú ar na hathruithe sin ina fhormhaoirseacht leanúnach i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i bpointe ARGH.OVS.300 den Iarscríbhinn seo. Má aimsítear aon neamhchomhlíonadh, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra faoi don eagraíocht, iarrfaidh sé tuilleadh athruithe, agus gníomhóidh sé i gcomhréir le pointe ARGH.OVS.325 den Iarscríbhinn seo. |
|
(b) |
Maidir le hathruithe eile dá dtagraítear i bpointe IS.D.OR.255(b) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1645, seiceálfaidh an t-údarás inniúil comhlíontacht na heagraíochta láimhseáil ar talamh leis na ceanglais is infheidhme mar chuid de na cúraimí formhaoirseachta. |
ARGH.MGM.215 Coimeád taifead
|
(a) |
Bunóidh an t-údarás inniúil córas chun taifid a choimeád lena n-áiritheofar stóráil leordhóthanach, inrochtaineacht leordhóthanach agus inrianaitheacht iontaofa maidir leis an méid seo a leanas:
|
|
(b) |
Coinneoidh an t-údarás inniúil liosta cothrom le dáta de na dearbhuithe uile a bheidh faighte aige. |
|
(c) |
Coinneofar na taifid dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) ar feadh íostréimhse 5 bliana, faoi réir dhlí an Aontais is infheidhme maidir le cosaint sonraí. |
FOCHUID OVS
FORMHAOIRSEACHT AGUS FORFHEIDHMIÚ
ARGH.OVS.300 Formhaoirseacht
|
(a) |
Fíoróidh an t-údarás inniúil an dá ní seo a leanas le linn an phróisis formhaoirseachta:
|
|
(b) |
Maidir leis an bhformhaoirseacht dá dtagraítear i bpointe (a):
|
|
(c) |
Le raon feidhme na formhaoirseachta, cuirfear san áireamh torthaí na ngníomhaíochtaí formhaoirseachta a rinne an t- údarás inniúil roimhe sin agus na tosaíochtaí sábháilteachta arna sainaithint tríd an bPlean Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta. |
|
(d) |
Baileoidh agus próiseálfaidh an t-údarás inniúil aon fhaisnéis a mheasfar a bheith úsáideach le haghaidh formhaoirseachta agus formhaoirseachta rioscabhunaithe, lena n-áirítear le haghaidh cigireachtaí neamhfhógartha, de réir mar is iomchuí. |
|
(e) |
I gcás ina bhfuil níos mó ná údarás inniúil amháin freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar an eagraíocht chéanna, déanfar an fhormhaoirseacht i gcomhréir le pointe ARGH.OVS.330. |
|
(f) |
Chun formhaoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh phointe ORGH.MGM.201 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/20 ag an eagraíocht, chomh maith le comhlíonadh phointí (a) go (d) den phointe seo, déanfaidh an t- údarás inniúil athbhreithniú ar aon díolúine arna bronnadh faoi phointe IS.D.OR.200(e) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1645 tar éis an timthrialla iniúchóireachta formhaoirseachta is infheidhme agus cibé uair a chuirtear athruithe chun feidhme i raon feidhme obair na heagraíochta. |
ARGH.OVS.305 Clár formhaoirseachta
|
(a) |
Déanfaidh an t-údarás inniúil clár formhaoirseachta a bhunú agus a choinneáil ar bun, clár lena gcumhdófar na gníomhaíochtaí formhaoirseachta a cheanglaítear le ARGH.OVS.300. |
|
(b) |
Déanfar an clár formhaoirseachta a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus na heilimintí seo a leanas á gcur san áireamh:
|
|
(c) |
Cuirfidh an t-údarás inniúil timthriall pleanála formhaoirseachta nach faide ná 48 mí i bhfeidhm, ag tosú ón dáta a fhaightear an dearbhú tosaigh. Léireofar sa chlár formhaoirseachta agus sa phleanáil feidhmíocht sábháilteachta na heagraíochta láimhseáil ar talamh, chomh maith lena neamhchosaint ar riosca. Áireofar sa timthriall formhaoirseachta iniúchtaí agus cigireachtaí, lena n-áirítear cigireachtaí neamhfhógartha, de réir mar is iomchuí. |
|
(d) |
Féadfar síneadh go 72 mhí ar a mhéad chur leis an timthriall pleanála formhaoirseachta más rud é gur shuigh an Ghníomhaireacht gurb amhlaidh an méid seo a leanas le linn an timthrialla iniúchóireachta roimhe sin:
|
|
(e) |
Féadfar an timthriall formhaoirseachta a laghdú má tá fianaise ann gur tháinig laghdú ar fheidhmíocht sábháilteachta na heagraíochta láimhseáil ar talamh nó i gcás inar gá formhaoirseacht níos fearr a dhéanamh ar ghuaiseacha sonracha sna dálaí áitiúla ag an aeradróm oibriúcháin. |
|
(f) |
Áireofar sa chlár formhaoirseachta taifid de na dátaí a mbeidh iniúchtaí agus cigireachtaí le déanamh agus de na dátaí a rinneadh iad. |
ARGH.OVS.310 Caighdeáin tionscail
Chun críche faisnéis ábhartha a bhailiú, a mhalartú agus a scaipeadh idir an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus na húdaráis inniúla náisiúnta, déanfaidh an Ghníomhaireacht, agus saineolas arna sholáthar ag na Ballstáit di, meastóireacht, de réir critéir oibiachtúla, ar inneachar na gcaighdeán tionscail agus ar na nuashonruithe orthu, nuair a úsáideann eagraíochtaí láimhseáil ar talamh iad ar bhonn deonach chun a bhfreagrachtaí maidir le soláthar sábháilte seirbhísí láimhseáil ar talamh a chomhlíonadh.
ARGH.OVS.315 Cúraimí formhaoirseachta
|
(a) |
Áiritheoidh an t-údarás inniúil atá freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar eagraíocht a sholáthraíonn seirbhísí láimhseáil ar talamh ag aeradróim i mBallstát an údaráis sin go bhfíorófar, le linn timthriall formhaoirseachta, na gnéithe uile seo a leanas:
|
|
(b) |
Agus formhaoirseacht á déanamh ar eagraíocht a sholáthraíonn seirbhísí láimhseáil ar talamh i níos mó ná Ballstát amháin, beidh feidhm ag forálacha phointe ARGH.OVS.330. |
ARGH.OVS.320 Dearbhú eagraíochtaí láimhseáil ar talamh
|
(a) |
Ar dhearbhú a fháil ó eagraíocht láimhseáil ar talamh, admhóidh an t-údarás inniúil go bhfuarthas an dearbhú nó an fógra faoin athrú, lena n-áirítear sannadh uimhreach tagartha aonair, agus fíoróidh sé go bhfuil an fhaisnéis uile ann a cheanglaítear le pointe ORGH.DEC.100 agus, chun fógra a thabhairt faoi athruithe, le pointe ORGH.GEN.130 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/20. Áiritheoidh an t-údarás inniúil go dtarchuirfear an dearbhú chuig an Stór Faisnéise, i gcomhréir le téarmaí agus coinníollacha Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2117 ón gCoimisiún (3). |
|
(b) |
Mura líontar isteach an dearbhú go cuí nó má tá faisnéis ann nach bhfuil i gcomhréir le pointe ORGH.DEC.100 agus leis an bhFoscríbhinn a ghabhann le Fochuid ORGH.DEC d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/20, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra don eagraíocht láimhseáil ar talamh faoi na heilimintí atá ar iarraidh nó atá mícheart agus iarrfaidh sé tuilleadh faisnéise. Má mheastar go bhfuil gá leis, déanfaidh an t-údarás inniúil cigireacht ar an eagraíocht láimhseáil ar talamh. Má dheimhnítear an neamhchomhlíonadh, gníomhóidh an t-údarás inniúil mar a shainmhínítear i bpointe ARGH.OVS.325. |
|
(c) |
Má tá faisnéis sa dearbhú go soláthraíonn an eagraíocht láimhseáil ar talamh seirbhísí nó go bhfuil sé beartaithe aici seirbhísí a sholáthar freisin ag aeradróim i mBallstáit eile, áiritheoidh an t-údarás inniúil a fhaigheann an dearbhú nó an fógra faoin athrú go gcuirfear na húdaráis inniúla eile uile lena mbaineann ar an eolas agus go mbeidh rochtain acu ar an dearbhú, ar an bhfógra faoin athrú, agus ar an doiciméadacht ghaolmhar uile. |
ARGH.OVS.325 Torthaí, barúlacha, gníomhaíochtaí ceartaitheacha agus bearta forfheidhmiúcháin
|
(a) |
Beidh córas ag an údarás inniúil chun anailís a dhéanamh ar thorthaí chun a dtábhacht ó thaobh sábháilteachta de a chinneadh agus chun iad a bhainistiú chun na gcríoch seo a leanas:
|
|
(b) |
Eiseoidh an t-údarás inniúil toradh leibhéal 1 i gcás ina mbraithfidh sé aon neamhchomhlíontacht suntasach le Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/20 nó leis an dearbhú a cuireadh isteach, lena n-íslítear sábháilteacht na heitilte nó na tsábháilteacht ar talamh nó lena gcuirtear i mbaol mór iad. Áireofar i dtorthaí leibhéal 1, go háirithe, an méid seo a leanas:
|
|
(c) |
Eiseoidh an t-údarás inniúil toradh leibhéal 2 i gcás ina mbraithfidh sé aon neamhchomhlíontacht suntasach le Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/20 nó leis an dearbhú a cuireadh isteach, nach n-aicmítear mar thoradh leibhéal 1 agus a d’fhéadfadh sábháilteacht na heitilte nó an tsábháilteacht ar talamh a ísliú nó a chur i mbaol. |
|
(d) |
I gcás ina n-aimseoidh an t-údarás inniúil fianaise, le linn imscrúdaithe nó formhaoirseachta nó ar aon bhealach eile, nach gcomhlíonann an eagraíocht láimhseáil ar talamh Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/20 ná an dearbhú a cuireadh isteach i gcomhréir le pointe ORGH.DEC.100 den Rialachán sin, déanfaidh an t-údarás inniúil an méid seo a leanas:
|
|
(e) |
Cuirfidh an t-údarás inniúil an t-oibreoir aeradróim lena mbaineann ar an eolas faoi na torthaí a bhaineann leis an eagraíocht láimhseáil ar talamh más ábhartha iad ó thaobh shábháilteacht an aeradróim sin. |
|
(f) |
I gcásanna nach n-éilítear iontu torthaí leibhéal 1 ná torthaí leibhéal 2, féadfaidh an t-údarás inniúil barúlacha a eisiúint. |
ARGH.OVS.330 Formhaoirseacht chomhoibríoch
|
(a) |
Comhoibreoidh na húdaráis inniúla atá freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar eagraíochtaí a sholáthraíonn seirbhísí láimhseáil ar talamh i níos mó ná Ballstát amháin nó ag aeradróim atá faoi fhreagracht formhaoirseachta níos mó ná údarás inniúil amháin chun formhaoirseacht éifeachtach agus éifeachtúil ar na heagraíochtaí sin agus ar a seirbhísí a áirithiú. Áiritheoidh na húdaráis inniúla sin malartú frithpháirteach faisnéise agus cúnaimh chun a gcúraimí agus a bhfreagrachtaí formhaoirseachta a chur i gcrích. |
|
(b) |
Cumhdófar leis an bhformhaoirseacht chomhoibríoch na heagraíochtaí seo a leanas a bhfuil a bpríomháit ghnó i mBallstát agus a sholáthraíonn seirbhísí láimhseáil ar talamh i níos mó ná Ballstát amháin nó ag aeradróim atá faoi fhreagracht formhaoirseachta níos mó ná údarás inniúil amháin:
|
|
(c) |
Cumhdófar sa mhalartú frithpháirteach faisnéise na heilimintí seo a leanas:
|
|
(d) |
Sannfar na cúraimí maidir le formhaoirseacht a dhéanamh ar eagraíocht láimhseáil ar talamh dá dtagraítear i bpointe (b) i gcomhréir le pointí (e) agus (f). |
|
(e) |
Fíoróidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil a príomháit ghnó ag an eagraíocht gach ceann de na heilimintí seo a leanas a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/20, bíodh sin leis féin nó le tacaíocht ó aon cheann de na húdaráis inniúla eile lena mbaineann, agus déanfaidh sé cigireachtaí ina dhiaidh sin ar ghníomhaíochtaí láimhseáil ar talamh a dhéantar ag aeradróim ina Stát, chun a fhíorú go bhfuil cur chun feidhme eilimintí chóras bainistíochta na heagraíochta á dhéanamh mar a dhoiciméadaítear:
|
|
(f) |
Déanfaidh gach údarás inniúil de chuid na mBallstát ina soláthraíonn an eagraíocht seirbhísí láimhseáil ar talamh, seachas an Ballstát ina bhfuil a príomháit ghnó lonnaithe, formhaoirseacht ar sholáthar sábháilte seirbhísí ag na stáisiúin ina mBallstát, trí chur chun feidhme iarbhír an méid seo a leanas a fhíorú:
|
|
(g) |
Déanfaidh gach ceann de na húdaráis inniúla dá dtagraítear i bpointí (e) agus (f) an méid seo a leanas:
|
|
(h) |
Tacóidh na húdaráis inniúla uile a bhfuil baint acu le formhaoirseacht a dhéanamh ar eagraíocht dá dtagraítear i bpointe (b) leis an údarás inniúil i bpríomháit ghnó na heagraíochta an measúnú ar fheidhmíocht sábháilteachta na heagraíochta a thabhairt cothrom le dáta go tréimhsiúil bunaithe ar na tuarascálacha formhaoirseachta ó stáisiúin aonair sna Ballstáit eile. |
|
(i) |
Féadfaidh aon cheann de na húdaráis inniúla atá freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar eagraíocht dá dtagraítear i bpointe (b) tacú le húdarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil a príomháit ghnó ag an eagraíocht na hiniúchtaí nó na cigireachtaí a dhéanamh mar a shonraítear i bpointe (e). |
|
(j) |
Bunóidh na húdaráis inniúla lena mbaineann nósanna imeachta maidir le cur chun feidhme phróiseas na formhaoirseachta comhoibríche chun na gnéithe uile a shonraítear i bpointí (a) go (i) a chumhdach. |
|
(k) |
Úsáidfidh na húdaráis inniúla an stór lárnach faisnéise arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 74 de Rialachán (AE) 2018/1139 chun rochtain a fháil ar na doiciméid agus ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (c). |
(1) Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tarluithe san eitlíocht shibhialta a thuairisciú, leis an anailís a dhéantar orthu agus leis na bearta leantacha a dhéantar ina leith, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1321/2007 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 1330/2007 ón gCoimisiún (IO L 122, 24.4.2014, lch. 18, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/376/oj).
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/203 ón gCoimisiún an 27 Deireadh Fómhair 2022 lena leagtar síos rialacha chun Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm, a mhéid a bhaineann le ceanglais maidir le bainistiú rioscaí a bhaineann le slándáil faisnéise lena ngabhann tionchar féideartha ar an tsábháilteacht eitlíochta le haghaidh eagraíochtaí a chumhdaítear le Rialacháin (AE) Uimh. 1321/2014, (AE) Uimh. 965/2012, (AE) Uimh. 1178/2011, (AE) 2015/340 ón gCoimisiún, Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 agus (AE) 2021/664 ón gCoimisiún, agus le haghaidh údaráis inniúla a chumhdaítear le Rialacháin (AE) Uimh. 748/2012, (AE) Uimh. 1321/2014, (AE) Uimh. 965/2012, (AE) Uimh. 1178/2011, (AE) 2015/340 agus (AE) Uimh. 139/2014 ón gCoimisiún, Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 agus (AE) 2021/664 ón gCoimisiún, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1178/2011, (AE) Uimh. 748/2012, (AE) Uimh. 965/2012, (AE) Uimh. 139/2014, (AE) Uimh. 1321/2014, (AE) 2015/340 ón gCoimisiún, agus Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 agus (AE) 2021/664 ón gCoimisiún (IO L 31, 2.2.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/203/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2117 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2023 lena leagtar síos na rialacha is gá agus ceanglais mhionsonraithe chun stór lárnach faisnéise a fheidhmiú agus a bhainistiú de bhun Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2023/2117, 13.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2117/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/23/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)