This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025L2459
Directive (EU) 2025/2459 of the European Parliament and of the Council of 26 November 2025 amending Directive 1999/62/EC as regards the extension of the period in which zero-emission heavy-duty vehicles can benefit from significantly reduced rates of infrastructure or user charges or from exemptions to pay them (Text with EEA relevance)
Treoir (AE) 2025/2459 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2025 lena leasaítear Treoir 1999/62/CE a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an tréimhse inar féidir le feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha tairbhiú de rátaí muirear bonneagair nó úsáideora atá laghdaithe go suntasach nó de dhíolúintí ó na muirir sin a íoc (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Treoir (AE) 2025/2459 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2025 lena leasaítear Treoir 1999/62/CE a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an tréimhse inar féidir le feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha tairbhiú de rátaí muirear bonneagair nó úsáideora atá laghdaithe go suntasach nó de dhíolúintí ó na muirir sin a íoc (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
PE/37/2025/REV/1
IO L, 2025/2459, 4.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2025/2459/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2459 |
4.12.2025 |
TREOIR (AE) 2025/2459 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 26 Samhain 2025
lena leasaítear Treoir 1999/62/CE a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an tréimhse inar féidir le feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha tairbhiú de rátaí muirear bonneagair nó úsáideora atá laghdaithe go suntasach nó de dhíolúintí ó na muirir sin a íoc
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá méadú tagtha le déanaí ar fhigiúirí clárúcháin na bhfeithiclí nua tromshaothair astaíochtaí nialasacha san Aontas ach tá siad ró-íseal go fóill chun spriocanna maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2 na hearnála iompair a bhaint amach, ar spriocanna iad a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2020 dar teideal Sustainable and Smart Mobility Strategy – putting European transport on track for the future [Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste – iompar Eorpach a sheoladh ar bhealach a leasa don todhchaí]. Ceann de na príomhbhacainní ar úsáid níos leithne feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha is ea an costas tosaigh ard a bhaineann le feithicil den sórt sin a fháil. Chun cás gnó níos láidre a bhaint amach maidir le hinfheistíocht a dhéanamh i bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha, ní mór oibriú i dtreo paireacht costais le gnáthfheithiclí. Is é atá sa chostas iomlán úinéireachta an infheistíocht tosaigh a dhéantar chun an fheithicil a fháil agus na costais oibriúcháin arna dtabhú le linn shaolré na feithicle. Is féidir an bhearna sa chostas iomlán úinéireachta idir gnáthfheithiclí agus feithiclí astaíochtaí nialasacha a laghdú trí chostais oibriúcháin feithiclí astaíochtaí nialasacha a laghdú. Áirítear muirir bhóthair ar na costais sin. |
|
(2) |
Le Treoir (AE) 2022/362 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leasaíodh Treoir 1999/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), i measc athruithe eile, trína fhágáil gur féidir muirir bhóthair a shocrú de réir astaíochtaí CO2 feithiclí. Tugadh isteach léi an fhéidearthacht muirir bhonneagair agus úsáideora a athrú agus/nó costais sheachtracha astaíochtaí CO2 a inmheánú. Déanann an dá bheart difear do chostais oibriúcháin feithiclí. Leis an athrú ar mhuirir, laghdaítear na costais oibriúcháin a bhaineann le feithiclí ar lú an truailliú uathu, agus méadaíonn muirir costas seachtrach na costais oibriúcháin a bhaineann le feithiclí ar mó an truailliú uathu. Leis an dá bheart, laghdaítear an bhearna sa chostas iomlán úinéireachta idir feithiclí astaíochtaí nialasacha agus gnáthfheithiclí. Tá an dá bheart tábhachtach chun an cás gnó a neartú maidir le hinfheistíocht a dhéanamh i bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha. |
|
(3) |
Faoi láthair, le hAirteagal 7ga(1), an cúigiú fomhír, de Threoir 1999/62/CE, tugtar an deis do na Ballstáit rátaí laghdaithe muirear bonneagair nó úsáideora a chur i bhfeidhm gan aon uasteorainn a chur ar laghduithe den sórt sin, nó díolúintí iomlána ó mhuirir den sórt sin a chur i bhfeidhm, go dtí an 31 Nollaig 2025. Ceanglaíodh ar na Ballstáit Treoir (AE) 2022/362 a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin 25 Márta 2024. Tugtar le tuiscint leis an spriocdháta trasuite sin tréimhse cur chun feidhme an-ghearr is lú ná 2 bhliain, ar tréimshe í atá róghearr chun éileamh feithiclí nua tromshaothair astaíochtaí nialasacha a dhreasú go fóinteach. Dá bhrí sin, ba cheart an tréimhse cur chun feidhme a fhadú chun na dálaí cearta a chruthú d’úsáid níos leithne feithiclí astaíochtaí nialasacha. |
|
(4) |
Déanann an t-athrú ar mhuirir bhóthair difear do chinntí infheistíochta na n-oibreoirí iompair a fhaigheann feithicil nua. Dá bhrí sin, tá tionchar aige ar thaobh an éilimh sa mhargadh le haghaidh feithiclí nua tromshaothair. Is iad monaróirí feithiclí tromshaothair taobh an tsoláthair sa mhargadh céanna. Tá sprioc acu maidir le hastaíochtaí CO2 a laghdú faoi 43 % faoi 2030, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Cé go rannchuidíonn gnáthfheithiclí éifeachtúla freisin leis an sprioc sin a bhaint amach, is gá úsáid níos leithne a bhaint as feithiclí astaíochtaí nialasacha chun í a bhaint amach. Is í an tréimhse tuairiscithe 2030, agus spriocdháta an 30 Meitheamh 2031, an chéad bhliain ina bhfuil monaróirí leis an sprioc sin a bhaint amach. |
|
(5) |
Chun creat dlíthiúil soiléir comhleanúnach a áirithiú agus chun tacú le cuideachtaí an Aontais san earnáil mótarfheithiclí a spriocanna maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2 a bhaint amach, ba cheart uainiú na mbeart ar thaobh an éilimh agus an tsoláthair de mhargadh na bhfeithiclí tromshaothair a ailíniú. Dá bhrí sin, an dáta faoinar féidir leis na Ballstáit rátaí muirear bonneagair nó úsáideora atá laghdaithe go suntasach a chur i bhfeidhm nó faoinar féidir leo feithiclí astaíochtaí nialasacha a dhíolmhú ó mhuirir den sórt sin, ba cheart an dáta sin a chur siar go dtí an 30 Meitheamh 2031. |
|
(6) |
Ciallaíonn cineál roghnach na forála leasaithe nach bhfuil sé d’oibleagáid ar na Ballstáit an Treoir seo a thrasuí. Mar sin féin, ba cheart dóibh an Coimisiún a chur ar an eolas láithreach má úsáideann siad an rogha rátaí muirear bonneagair agus úsáideora atá laghdaithe go suntasach nó díolúintí ó iad a íoc a dheonú maidir le feithiclí astaíochtaí nialasacha tar éis an 31 Nollaig 2025, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 7ga(1), an cúigiú fomhír, de Threoir 1999/62/CE, cuirtear ‘30 Meitheamh 2031’ in ionad an dáta ‘31 Nollaig 2025’ agus cuirtear ‘1 Iúil 2031’ in ionad an dáta ‘1 Eanáir 2026’.
Airteagal 2
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas láithreach faoi na bearta atá glactha acu de bhun na Treorach seo.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna déanamh in Strasbourg, an 26 Samhain 2025.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BJERRE
(1) Tuairim an 18 Meán Fómhair 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Deireadh Fómhair 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2025.
(3) Treoir (AE) 2022/362 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Feabhra 2022 lena leasaítear Treoracha 1999/62/CE, 1999/37/CE agus (AE) 2019/520, a mhéid a bhaineann le muirir a ghearradh ar fheithiclí as bonneagar áirithe a úsáid (IO L 69, 4.3.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/362/oj).
(4) Treoir 1999/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 1999 maidir le muirir a ghearradh ar fheithiclí earraí troma as bonneagar áirithe a úsáid (IO L 187, 20.7.1999, lch. 42, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1999/62/oj).
(5) Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d’fheithiclí nua tromshaothair agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 595/2009 agus (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/53/CE ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch. 202, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1242/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2025/2459/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)