Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025L2449

Treoir Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2449 ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2025 lena leasaítear Treoracha 2003/90/CE agus 2003/91/CE a mhéid a bhaineann leis na prótacail chun scrúdú a dhéanamh ar chineálacha svaeid, cabáiste bó, ríse, grúpa cáil, grúpa cáil pailme, grúpa tronchuda (cabáiste Phortaingéalaigh), cabáiste Shínigh, tráta agus spionáiste

C/2025/8287

IO L, 2025/2449, 5.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir_impl/2025/2449/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dir_impl/2025/2449/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2449

5.12.2025

TREOIR CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2449 ÓN gCOIMISIÚN

an 4 Nollaig 2025

lena leasaítear Treoracha 2003/90/CE agus 2003/91/CE a mhéid a bhaineann leis na prótacail chun scrúdú a dhéanamh ar chineálacha svaeid, cabáiste bó, ríse, grúpa cáil, grúpa cáil pailme, grúpa tronchuda (cabáiste Phortaingéalaigh), cabáiste Shínigh, tráta agus spionáiste

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2002/53/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an gcatalóg choiteann de chineálacha speiceas plandaí talmhaíochta (1), agus go háirithe Airteagal 7(2), pointí (a) agus (b),de,

Ag féachaint do Threoir 2002/55/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le síol glasraí a mhargú (2), agus go háirithe Airteagal 7(2), pointí (a) agus (b),de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá sé d’aidhm ag Treoracha 2003/90/CE (3) agus 2003/91/CE (4) ón gCoimisiún a áirithiú go gcomhlíonann na cineálacha speiceas plandaí talmhaíochta agus speiceas glasraí a chuireann na Ballstáit ina gcatalóga náisiúnta na prótacail a bhunaigh an Oifig Comhphobail um Chineálacha Plandaí (‘CPVO’). Go háirithe, tá sé d’aidhm ag na Treoracha sin a áirithiú go gcomhlíonfar na rialacha maidir leis (i) na saintréithe íosta atá le cumhdach leis an scrúdú; agus (ii) na ceanglais íosta le haghaidh scrúdú a dhéanamh ar chineálacha áirithe speiceas plandaí talmhaíochta agus glasraí. I gcás na speiceas nach gcumhdaítear le prótacail CPVO, tá sé d’aidhm ag na Treoracha sin a áirithiú go gcomhlíonfar treoirlínte an Aontais Idirnáisiúnta um Chosaint Cineálacha nua Plandaí (‘UPOV’).

(2)

Tá prótacail atá ann cheana tugtha cothrom le dáta ag CPVO, go háirithe a mhéid a bhaineann le svaeid, cabáiste bó, rís, grúpa cáil, grúpa cáil pailme, grúpa tronchuda (cabáiste Portaingéalach), cabáiste Síneach, tráta agus spionáiste. Ba cheart na nuashonruithe sin a léiriú i ndlí an Aontais.

(3)

Ina theannta sin, cuireadh prótacal CPVO TP/185/1 a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/90/CE in ionad threoirlíne UPOV maidir le tornapa ráibe (TG/185/3). Dá bhrí sin, ba cheart an treoirlíne sin a bhaint d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Treoracha 2003/90/CE agus 2003/91/CE a leasú dá réir.

(5)

Ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha nua sin ón 1 Iúil 2026 chun go mbeidh na comhlachtaí oifigiúla freagracha in ann oiriúnú do na ceanglais nua le haghaidh na scrúduithe oifigiúla. Mar sin féin, ionas nach gcuirfear isteach ar na scrúduithe, i gcás cineálacha nár glacadh lena n-áireamh sa Chatalóg Choiteann de chineálacha speiceas plandaí talmhaíochta nó speiceas glasraí, scrúduithe oifigiúla ar cuireadh tús leo ach nár tugadh chun críche roimh an 1 Iúil 2026, ba cheart leanúint de na scrúduithe oifigiúla sin i gcomhréir le Treoir 2003/90/CE nó Treoir 2003/91/CE mar a bhí siad sular leasaíodh iad leis an Treoir seo.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Treoir seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 2003/90/CE

Cuirtear an téacs a leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo in ionad Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2003/90/CE.

Airteagal 2

Leasuithe ar Threoir 2003/91/CE

Cuirtear an téacs a leagtar amach i gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/91/CE.

Airteagal 3

Bearta idirthréimhseacha

I gcás scrúduithe oifigiúla ar chineálacha ar cuireadh tús leo ach nár tugadh chun críche roimh an 1 Iúil 2026, beidh feidhm ag Treoracha 2003/90/CE agus 2003/91/CE mar a bhí sular leasaíodh iad leis an Treoir seo.

Airteagal 4

Trasuí

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 30 Meitheamh 2026. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Iúil 2026.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 6

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Nollaig 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 193, 20.7.2002, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2002/53/oj.

(2)   IO L 193, 20.7.2002, lch. 33, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2002/55/oj.

(3)  Treoir 2003/90/CE ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2003 lena leagtar amach bearta cur chun feidhme chun críocha Airteagal 7 de Threoir 2002/53/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le saintréithe íosta atá le cumhdach leis an scrúdú agus na coinníollacha íosta le haghaidh scrúdú a dhéanamh ar chineálacha áirithe speiceas plandaí talmhaíochta (IO L 254, 8.10.2003, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/90/oj).

(4)  Treoir 2003/91/CE ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2003 lena leagtar amach bearta cur chun feidhme chun críocha Airteagal 7 de Threoir 2002/55/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na saintréithe íosta atá le cumhdach leis an scrúdú agus na coinníollacha íosta le haghaidh scrúdú a dhéanamh ar chineálacha áirithe speiceas glasraí (IO L 254, 8.10.2003, lch. 11; ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/91/oj).


IARSCRÍBHINN

CUID A

‘IARSCRÍBHINN I

Liosta speiceas dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 1(2), nach mór dóibh prótacail theicniúla CPVO a chomhlíonadh (1)

Ainm eolaíoch

Gnáthainm

Prótacal CPVO

Dactylis glomerata L.

Garbhfhéar

TP 31/1 an 25.3.2021

Festuca arundinacea Schreb.

Feisciú ard

TP 39/1 an 1.10.2015

Festuca filiformis Pourr.

Feisciú sléibhe

TP 67/1 an 23.6.2011

Festuca ovina L.

Féar caorach

TP 67/1 an 23.6.2011

Festuca pratensis Huds.

Feisciú móinéir

TP 39/1 an 1.10.2015

Festuca rubra L.

Feisciú dearg

TP 67/1 an 23.6.2011

Festuca trachyphylla (Hack.) Hack.

Feisciú crua

TP 67/1 an 23.6.2011

Lolium multiflorum Lam.

Seagalach Iodálach ilbhláthach

TP 4/2 an 19.3.2019

Lolium perenne L.

Seagalach bhuan

TP 4/2 an 19.3.2019

Lolium x hybridum Hausskn.

Seagalach hibrideach

TP 4/2 an 19.3.2019

Medicago sativa L.

Meidic na mbó

TP 6/1 Ceartaithe an 22.12.2021

Medicago x varia T. Martyn

Meidic ghainimh

TP 6/1 Ceartaithe an 22.12.2021

Phleum nodosum L.

Tiomóid bheag

TP 34/1 an 22.12.2021

Phleum pratense L.

Tiomóid

TP 34/1 an 22.12.2021

Pisum sativum L. (partim)

Pis mhachaire

TP 7/2 Athbhreithniú 3 Ceartaithe an 6.3.2020

Poa pratensis L.

Cuise mín

TP 33/1 an 15.3.2017

Trifolium pratense L.

Seamair dhearg

TP 5/1 Athbhreithniú an 13.2.2025

Vicia faba L.

Pónaire mhachaire

TP 8/1 an 19.3.2019

Vicia sativa L.

Peasair chapaill

TP 32/1 an 19.4.2016

Brassica napus L. var. napobrassica (L.) Rchb.

Svaeid

TP 89/1 Athbhreithniú an 23.4.2025

Brassica oleracea L. convar. acephala (DC.) Alef. var. medullosa Thell.

Cabáiste bó (cál gas smeara)

TP 90/2 an 23.4.2025

Brassica oleracea L. convar. acephala (DC.) Alef. var. vIridis L.

Cabáiste bó

TP 90/2 an 23.4.2025

Raphanus sativus L. var. oleiformis Pers.

Raidis farae

TP 178/1 an 15.3.2017

Brassica napus L. (partim)

Ráib svaeid

TP 36/4 an 31.3.2025

Brassica rapa L. var. silvestris (Lam.) Briggs

Tornapa ráibe

TP 185/1 an 31.3.2025

Cannabis sativa L.

Fíorchnáib

TP 276/2 Athbhreithniú an 30.12.2022

Glycine max (L.) Merr.

Pónaire shoighe

TP 80/1 an 15.3.2017

Gossypium spp.

Cadás

TP 88/2 an 11.12.2020

Helianthus annuus L.

Lus na gréine

TP 81/1 an 31.10.2002

Linum usitatissimum L.

Líon/Ros lín

TP 57/2 an 19.3.2014

Sinapis alba L.

Sceallagach

TP 179/1 an 15.3.2017

Avena nuda L.

Mionchoirce lom, coirce gan cháithleach

TP 20/3 an 6.3.2020

Avena sativa L. (lena n-áirítear A. byzantina K. Koch)

Coirce agus coirce dearg

TP 20/3 an 6.3.2020

Hordeum vulgare L.

Eorna

TP 19/5 an 19.3.2019

Oryza sativa L.

Rís

TP 16/4 an 23.5.2025

Secale cereale L.

Seagal

TP 58/1 Athbhreithniú Ceartaithe an 27.4.2022

Sorghum bicolor (L.) Moench subsp. bicolor

Sorgum

TP 122/1 an 19.3.2019

Sorghum bicolor (L.) Moench subsp. drummondii (Steud.) de Wet ex Davidse

Sorgam Súdánach

TP 122/1 an 19.3.2019

Sorghum bicolor (L.) Moench subsp. bicolor x Sorghum bicolor (L.) Moench subsp. drummondii (Steud.) de Wet ex Davidse

Hibridí a eascraíonn as crosphórú Sorghum bicolor subsp. bicolor agus Sorghum bicolor subsp. drummondii

TP 122/1 an 19.3.2019

xTriticosecale Wittm. ex A. Camus

Hibridí a eascraíonn as crosphórú speicis den ghéineas Triticum agus speicis den ghéineas Secale

TP 121/3 Ceartaithe an 27.4.2022

Triticum aestivum L. subsp. aestivum

Cruithneacht

TP 3/5 an 19.3.2019

Triticum turgidum L. subsp. durum (Desf.) van Slageren

Cruithneacht dúraim

TP 120/3 an 19.3.2014

Zea mays L. (partim)

Grán buí

TP 2/3 an 11.3.2010

Solanum tuberosum L.

Práta

TP 23/4 an 28.11.2023

IARSCRÍBHINN II

Liosta speiceas dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 1(2), nach mór dóibh treoirlínte tástála UPOV a chomhlíonadh (1)

Ainm eolaíoch

Gnáthainm

Treoirlíne UPOV

Beta vulgaris L.

Biatas farae

TG/150/3 an 4.11.1994

Agrostis canina L.

Feorainn shlim

TG/30/6 an 12.10.1990

Agrostis gigantea Roth

Feorainn dhubh

TG/30/6 an 12.10.1990

Agrostis stolonifera L.

Muiríneach reatha

TG/30/6 an 12.10.1990

Agrostis capillaris L.

Feorainn mhín

TG/30/6 an 12.10.1990

Bromus catharticus Vahl

Brómas machaire

TG/180/3 an 4.4.2001

Bromus sitchensis Trin.

Brómas Alascach

TG/180/3 an 4.4.2001

xFestulolium Asch. et Graebn.

Hibridí a eascraíonn as crosphórú speicis den ghéineas Festuca agus speicis den ghéineas Lolium

TG/243/1 an 9.4.2008

Lotus corniculatus L.

Crobh éin

TG/193/1 an 9.4.2008

Lupinus albus L.

Lúipín bán

TG/66/4 an 31.3.2004

Lupinus angustifolius L.

Lúipín caol

TG/66/4 an 31.3.2004

Lupinus luteus L.

Lúipín buí

TG/66/4 an 31.3.2004

Medicago doliata Carmign.

Meidic spíondíreach

TG/228/1 an 5.4.2006

Medicago italica (Mill.) Fiori

Meidic dhioscach

TG/228/1 an 5.4.2006

Medicago littoralis Rohde ex Loisel.

Meidic chladaigh/Meidic thrá

TG/228/1 an 5.4.2006

Medicago lupulina L.

Triuf

TG/228/1 an 5.4.2006

Medicago murex Willd.

Meidic spíonach

TG/228/1 an 5.4.2006

Medicago polymorpha L.

Meidic leadánach

TG/228/1 an 5.4.2006

Medicago rugosa Desr.

Meidic rocach

TG/228/1 an 5.4.2006

Medicago scutellata (L.) Mill.

Meidic sheilide/Meidic scéithe

TG/228/1 an 5.4.2006

Medicago truncatula Gaertn.

Meidic bharrscoite

TG/228/1 an 5.4.2006

Trifolium repens L.

Seamair bhán

TG/38/7 an 9.4.2003

Trifolium subterraneum L.

Seamair faoi thalamh

TG/170/3 an 4.4.2001

Phacelia tanacetifolia Benth.

Cloigín gorm Calafoirniach

TG/319/1 an 5.4.2017

Arachis hypogaea L.

Pis talún

TG/93/4 an 9.4.2014

Brassica juncea (L.) Czern.

Praiseach dhonn

TG/335/1 an 17.12.2020

Carthamus tinctorius L.

Cróch bréige

TG/134/4 an 24.10.2023

Papaver somniferum L.

Poipín

TG/166/4 an 9.4.2014

CUID B

‘IARSCRÍBHINN I

Liosta speiceas dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 1(2), nach mór dóibh prótacail theicniúla CPVO a chomhlíonadh (1)

Ainm eolaíoch

Gnáthainm

Prótacal CPVO

Allium cepa L. (Cepa group)

Oinniún agus Scailliún

TP 46/2 an 1.4.2009

Allium cepa L. (Aggregatum group)

Seallóid

TP 46/2 an 1.4.2009

Allium fistulosum L.

Ciobúl

TP 161/1 an 11.3.2010

Allium porrum L.

Cainneann

TP 85/2 an 1.4.2009

Allium sativum L.

Gairleog

TP 162/2 an 30.5.2023

Allium schoenoprasum L.

Síobhas

TP 198/2 an 11.3.2015

Apium graveolens L.

Soilire

TP 82/1 an 13.3.2008

Apium graveolens L.

Soiliriac

TP 74/1 an 13.3.2008

Asparagus officinalis L.

Lus súgach

TP 130/2 Athbhreithniú an 3.1.2025

Beta vulgaris L.

Biatas lena n-áirítear biatas Cheltenham

TP 60/1 an 1.4.2009

Beta vulgaris L.

Biatas bán nó Seardas

TP 106/2 an 14.4.2021

Brassica oleracea L.

Grúpa cáil

TP 90/2 an 23.4.2025

Brassica oleracea L.

Cóilis

TP 45/2 Athbhreithniú 3 an 11.4.2024

Brassica oleracea L.

Brocailí (brocailí agus brocailí Calabrach)

TP 151/2 Athbhreithniú 3 Ceartaithe an 11.4.2024

Brassica oleracea L.

Bachlóga Bruiséile

TP 54/2 Athbhreithniú 2 an 11.4.2024

Brassica oleracea L.

Cálráib

TP 65/2 Athbhreithniú an 11.4.2024

Brassica oleracea L.

Cabáiste saváí

TP 48/3 Athbhreithniú 3 an 11.4.2024

Brassica oleracea L.

Capitata (cabáiste agus cabáiste dearg)

TP 48/3 Athbhreithniú 3 an 11.4.2024

Brassica oleracea L.

Grúpa cáil pailme

TP 90/2 an 23.4.2025

Brassica oleracea L.

Cabáiste Portaingéalach

TP 90/2 an 23.4.2025

Brassica rapa L.

Cabáiste Síneach

TP 105/2 an 23.4.2025

Capsicum annuum L.

Sillí nó piobar

TP 76/3 an 31.3.2025

Cichorium endivia L.

Searbhán cas agus searbhán muc

TP 118/3 an 19.3.2014

Cichorium intybus L.

Siocaire tionsclaíoch

TP 172/2 Athbhreithniú an 28.1.2025

Cichorium intybus L.

Siocaire duilleach

TP 154/2 Athbhreithniú an 31.3.2023

Cichorium intybus L.

Siocaire bánduille

TP 173/2 an 21.3.2018

Citrullus lanatus (Thunb.) Matsum. et Nakai

Mealbhacán uisce

TP 142/2 Athbhreithniú 3 an 29.2.2024

Cucumis melo L.

Mealbhacán

TP 104/2 Athbhreithniú 3 an 31.3.2025

Cucumis sativus L.

Cúcamar agus gircín

TP 61/2 Athbhreithniú 3 an 3.1.2025

Cucurbita maxima Duchesne

Gurd

TP 155/1 an 11.3.2015

Cucurbita pepo L.

Mearóg nó cúirséad

TP 119/1 Athbhreithniú 2 an 31.3.2025

Cynara cardunculus L.

Bliosán cruinn agus cardún

TP 184/2 Athbhreithniú an 6.3.2020

Daucus carota L.

Cairéad agus cairéad farae

TP 49/3 Ceartaithe an 13.3.2008

Foeniculum vulgare Mill.

Finéal

TP 183/2 an 14.4.2021

Lactuca sativa L.

Leitís

TP 13/6 Athbhreithniú 5 an 3.1.2025

Solanum lycopersicum L.

Tráta

TP 44/5 an 23.4.2025

Petroselinum crispum (Mill.) Nyman ex A. W. Hill

Peirsil

TP 136/1 Ceartaithe an 21.3.2007

Phaseolus coccineus L.

Pónaire reatha

TP 9/1 an 21.3.2007

Phaseolus vulgaris L.

Mionphónaire fhrancach agus pónaire fhrancach dhreaptha

TP 12/4 an 27.2.2013

Pisum sativum L. (partim)

Pis rocach, pis chruinn agus pis mhilis

TP 7/2 Athbhreithniú 3 Ceartaithe an 6.3.2020

Raphanus sativus L.

Raidis, meacan dubh

TP 64/2 Athbhreithniú 2 an 29.2.2024

Rheum rhabarbarum L

Biabhóg

TP 62/1 an 19.4.2016

Scorzonera hispanica L.

Salsabh dubh

TP 116/1 an 11.3.2015

Solanum melongena L.

Ubhthoradh

TP 117/1 an 13.3.2008

Spinacia oleracea L.

Spionáiste

TP 55/5 Athbhreithniú 5 an 23.4.2025

Valerianella locusta (L.) Laterr.

Ceathrú uain

TP 75/2 Athbhreithniú an 29.2.2024

Vicia faba L. (partim)

Pónaire leathan

TP 206/1 an 25.3.2004

Zea mays L. (partim)

Grán milis agus grán rósta

TP 2/3 an 11.3.2010

Solanum habrochaites S. Knapp & D.M. Spooner; Solanum lycopersicum L. x Solanum habrochaites S. Knapp & D.M. Spooner; Solanum lycopersicum L. x Solanum peruvianum (L.) Mill.; Solanum pimpinellifolium L. x Solanum habrochaites S. Knapp & D.M. Spooner

Fréamhstoic trátaí

TP 294/1 Athbhreithniú 6 an 29.2.2024

Cucurbita maxima Duchesne x Cucurbita moschata Duchesne

Hibridí idirspeiceasacha de Cucurbita maxima Duchesne x Cucurbita moschata Duchesne lena n-úsáid mar fhréamhstoic

TP 311/1 an 15.3.2017


(1)  Tá téacs na bprótacal sin le fáil ar shuíomh gréasáin CPVO (www.cpvo.europa.eu).

(1)  Tá téacs na dtreoirlínte sin le fáil ar shuíomh gréasáin UPOV (www.upov.int).

(1)  Tá téacs na bprótacal sin le fáil ar shuíomh gréasáin CPVO (www.cpvo.europa.eu).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dir_impl/2025/2449/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top