Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025L2364

Treoir Tarmligthe (AE) 2025/2364 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2025 lena leasaítear Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine do luaidhe mar eilimint chóimhiotalaithe i gcruach, in alúmanam agus i gcopar

C/2025/5961

IO L, 2025/2364, 21.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir_del/2025/2364/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force., Date of effect: 11/12/2025

ELI: http://data.europa.eu/eli/dir_del/2025/2364/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2364

21.11.2025

TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2025/2364 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Meán Fómhair 2025

lena leasaítear Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine do luaidhe mar eilimint chóimhiotalaithe i gcruach, in alúmanam agus i gcopar

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (1), agus go háirithe Airteagal 5(1), pointe (a) agus (b) di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 4(1) de Threoir 2011/65/AE, ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh na substaintí guaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin i dtrealamh leictreach agus leictreonach a chuirtear ar an margadh. Níl feidhm ag an srian sin maidir le feidhmeanna díolmhaithe áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin.

(2)

Liostaítear catagóirí an trealaimh leictrigh agus leictreonaigh a bhfuil feidhm ag Treoir 2011/65/AE ina leith in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

(3)

Is substaint shrianta í luaidhe a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2011/65/AE. Is é 0,1 % luaidhe de réir meáchain an t-uasluach tiúchana inghlactha in ábhair aonchineálacha.

(4)

Le Treoir Tharmligthe (AE) 2018/739 ón gCoimisiún (2) deonaíodh díolúine maidir le luaidhe a úsáid mar eilimint chóimhiotalaithe i gcruach chun críoch meaisínithe ina bhfuil suas le 0,35 % luaidhe de réir meáchain agus i gcomhpháirteanna cruach ghalbhánaithe theothumtha bhaisce ina bhfuil suas le 0,2 % luaidhe de réir meáchain, mar a leagtar amach i bpointe 6(a)-I d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE. Cumhdaítear leis an díolúine sin catagóirí 1 go 7 agus catagóir 10 de threalamh leictreach agus leictreonach, a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2011/65/AE. Bhí cur i bhfeidhm na díolúine a leagtar amach i bpointe 6(a) d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin teoranta do chatagóirí trealaimh leictrigh agus leictreonaigh 8, 9 agus 11.

(5)

Le Treoir Tharmligthe (AE) 2018/740 ón gCoimisiún (3) deonaíodh díolúintí maidir le luaidhe a úsáid mar eilimint chóimhiotalaithe in alúmanam ina bhfuil suas le 0,4 % luaidhe de réir meáchain chun críoch meaisínithe nó chun fuíoll alúmanaim ina bhfuil luaidhe a athchúrsáil. Leagtar amach na díolúintí i bpointí 6(b)-I agus 6(b)-II d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE. Cumhdaítear leis na díolúintí sin catagóirí 1 go 7 agus catagóir 10 de threalamh leictreach agus leictreonach, a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2011/65/AE. Bhí cur i bhfeidhm na díolúine a leagtar amach i bpointe 6(b) d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin teoranta do chatagóirí trealaimh leictrigh agus leictreonaigh 8, 9 agus 11.

(6)

Le Treoir Tharmligthe (AE) 2018/741 ón gCoimisiún, (4) deonaíodh díolúine maidir le cóimhiotal copair ina bhfuil suas le 4 % luaidhe de réir meáchain a úsáid le haghaidh gach catagóire, mar a leagtar amach i bpointe 6(c) d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE.

(7)

An 17 Eanáir 2020 agus an 20 Eanáir 2020, fuair an Coimisiún dhá iarratas ar athnuachan na ndíolúintí a leagtar amach i bpointí 6(a) agus 6(a)-I d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE i bhfianaise an dul chun cinn eolaíoch agus theicniúil, go háirithe maidir lena raon feidhme. An 2 Nollaig 2019 agus an 17 Eanáir 2020, fuair an Coimisiún dhá iarratas ar athnuachan na díolúine a leagtar amach i bpointí 6(b), 6(b)-I agus 6(b)-II d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE agus an 15 Eanáir 2020 agus an 16 Eanáir 2020, fuair an Coimisiún dhá iarratas ar athnuachan na díolúine a leagtar amach i bpointe 6(c) d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE.

(8)

Maidir leis na díolúintí a leagtar amach i bpointí 6(a), 6(b) agus 6(c) d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE, bhí an trealamh leictreach agus leictreonach de chatagóir 8 ‘feistí leighis diagnóiseacha in vitro’, dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2011/65/AE, le dul in éag an 21 Iúil 2023 agus bhí catagóirí 9 ‘ionstraimí faireacháin agus rialaithe tionsclaíocha’ agus 11 ‘trealamh leictreach agus leictreonach eile nach gcumhdaítear le haon cheann de na catagóirí’, dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2011/65/AE, le dul in éag an 21 Iúil 2024. An 20 Eanáir 2023, fuarthas dhá iarratas ar athnuachan le haghaidh gach díolúine a leagtar amach i bpointí 6(a) agus 6(b) d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE agus go sonrach maidir leis na trí chatagóir sin. I gcomhréir le hAirteagal 5(5), an dara fomhír, de Threoir 2011/65/AE, chuir a gcur isteach síneadh le bailíocht na ndíolúintí atá ann cheana go dtí go ndéanfar cinneadh maidir leis na hiarratais ar athnuachan.

(9)

Chun meastóireacht a dhéanamh ar na hiarratais a fuarthas, rinneadh staidéar measúnaithe teicniúil agus eolaíoch agus tugadh chun críche é in 2022 (5). Rinneadh staidéar eile inar díríodh ar na catagóirí ar iarradh athnuachan ina leith ag céim níos déanaí agus tugadh chun críche é in 2024 (6). Áiríodh comhairliúcháin le páirtithe leasmhara sa mheastóireacht freisin, i gcomhréir le hAirteagal 5(7) de Threoir 2011/65/AE.

(10)

Thángthas ar an gconclúid sa mheastóireacht ar an athnuachan díolúine a iarradh, maidir leis an díolúine a leagtar amach i bpointe 6(a)-I d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE, go bhfuil gá fós le luaidhe i gcruach chun airíonna meaisínithe áirithe a bhaint amach. Níl ionadú nó díothú i gcruach ghalbhánaithe theothumtha bhaisce indéanta go teicniúil ná inmharthana go heacnamaíoch faoi láthair. Mar sin féin, is féidir an dá fheidhm theicniúla a roinnt idir pointí 6(a)-I agus 6(a)-II d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE, chun scrúdú níos tiomnaithe a cheadú sa chéad athbhreithniú eile.

(11)

Chun dóthain ama a thabhairt chun luaidhe i gcruach a ionadú agus chun tionchair dhiúltacha a sheachaint, ar mó iad ná na tairbhí a bhaineann le hionadú, is iomchuí tréimhse bhailíochta ghearrthéarmach a dheonú le haghaidh na bhfeidhmeanna sin, i gcomhréir le hAirteagal 5(2), an chéad fhomhír, de Threoir 2011/65/AE. A mhéid a bhaineann le pointí 6(a), 6(a)-I agus 6(a)-II d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE, is iomchuí dáta éaga amháin a shocrú le haghaidh na gcatagóirí uile a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

(12)

Ba cheart an díolúine a leagtar amach i bpointe 6(a) d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE dul in éag 12 mhí tar éis dháta an chinnidh maidir leis an iarratas ar athnuachan, i gcomhréir le hAirteagal 5(6) den Treoir sin.

(13)

A mhéid a bhaineann leis an díolúine a leagtar amach i bpointe 6(b)-I d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE maidir le luaidhe in alúmanam a eascraíonn as athchúrsáil dramh-alúmanaim ina bhfuil luaidhe, fuarthas amach gur féidir an tiúchan luaidhe a laghdú a thuilleadh go 0,3 % de réir meáchain in alúmanam. Ba cheart é sin a leagan amach i bpointe nua, lena sonraítear gur cóimhiotal teilgthe é an t-alúmanam sin.

(14)

Níl gá a thuilleadh le luaidhe a chuirtear isteach d’aon ghnó in alúmanam chun críoch meaisínithe le haghaidh trealamh leictreach agus leictreonach. Tá ionadaigh iontaofa le haghaidh luaidhe in alúmanam ar an margadh. Meastar go gcuirfear roghanna malartacha in ionad an réimse feidhme dheireanaigh a bhraitheann ar dhíolúine den sórt sin faoi 2025. I gcomhréir le hAirteagal 5(6) de Threoir 2011/65/AE, ba cheart an idirthréimhse uasta 18 mí a shocrú chun go mbeidh rannpháirtithe aonair sa mhargadh sa tionscal in ann oiriúnú.

(15)

Fuarthas amach gur gá trealamh leictreach agus leictreonach a thagann faoi chatagóir 9 ‘ionstraimí faireacháin agus rialaithe tionsclaíocha’ agus faoi chatagóir raon feidhme oscailte 11 ‘trealamh leictreach agus leictreonach eile’ a athdhearadh agus a athcháiliú chun cóimhiotail alúmanaim ina bhfuil luaidhe ag a bhfuil tiúchan luaidhe faoi bhun 0,4 % de réir meáchain a úsáid, rud a éilíonn níos mó ama le haghaidh comhlíontachta i gcomparáid le catagóirí eile dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2011/65/AE. Dá bhrí sin, ba cheart tréimhsí bailíochta níos faide a mheas le haghaidh an dá chatagóir sin.

(16)

A mhéid a bhaineann le pointe 6(c) d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE maidir le cóimhiotail chopair ina bhfuil suas le 4 % luaidhe de réir meáchain, níorbh fhéidir, le linn an mheasúnaithe eolaíoch agus theicniúil, réimsí feidhme nach bhfuil an díolúine ag teastáil ina leith a thuilleadh a shainaithint agus a shainiú, d’ainneoin go leor tásca go bhféadfaí luaidhe a ionadú go rathúil i bhfeidhmeanna áirithe. Ós rud é nach bhfuil ionadaithe iontaofa go leor, ba cheart síneadh ar an díolúine a dheonú. I bhfianaise na meastóireachta teicniúla, is iomchuí dáta éaga amháin a shocrú le haghaidh na gcatagóirí uile a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2011/65/AE.

(17)

Níor cheart go lagódh cuimsiú ábhar agus comhpháirteanna trealaimh leictrigh agus leictreonaigh an chosaint don chomhshaol agus don tsláinte a thugtar le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). De bhun phointe 7 den srian a leagtar amach i bpointe 63 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, tá srian ar luaidhe in earraí agus ina gcodanna inrochtana d’fhonn nochtadh leanaí do luaidhe ó earraí a sholáthraítear don phobal i gcoitinne a íoslaghdú. Tá teorainn nach mó ná 0,05 % de réir meáchain leis an luaidhe sna hearraí sin nó sna páirteanna inrochtana sin más féidir na comhpháirteanna sin a chur i mbéal leanaí. Chun a áirithiú go gcomhlíonfar an leibhéal cosanta a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, ba cheart na hiontrálacha díolúine formheasta a mharcáil le fonóta, lena gcuirtear srian breise ar na hiarratais i gcomhréir le pointe 7 den srian a leagtar amach i bpointe 63 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.

(18)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/65/AE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

1.   Na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 30 Meitheamh 2026. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Iúil 2026.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Meán Fómhair 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 174, 1.7.2011, lch. 88, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2011/65/oj.

(2)  Treoir Tharmligthe (AE) 2018/740 ón gCoimisiún an 1 Márta 2018 lena leasaítear, chun críocha oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine do luaidhe mar eilimint chóimhiotalaithe i gcruach (IO L 123, 18.5.2018, lch. 103, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir_del/2018/739/oj).

(3)  Treoir Tharmligthe (AE) 2018/740 ón gCoimisiún an 1 Márta 2018 lena leasaítear, chun críocha oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine do luaidhe mar eilimint chóimhiotalaithe in alúmanam (IO L 123, 18.5.2018, lch. 106, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir_del/2018/740/oj).

(4)  Treoir Tharmligthe (AE) 2018/741 ón gCoimisiún an 1 Márta 2018 lena leasaítear, chun críocha oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine do luaidhe mar eilimint chóimhiotalaithe i gcopar (IO L 123, 18.5.2018, lch. 109, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir_del/2018/741/oj).

(5)  Tá Tuarascáil Chríochnaitheach (Pacáiste 22) an staidéir ar fáil ag https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/c774eb67-7cc6-11ec-8c40-01aa75ed71a1/language-en.

(6)  Tá Tuarascáil Chríochnaitheach (Pacáiste 27) an staidéir ar fáil ag https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/708d9a2a-26e1-11ef-a195-01aa75ed71a1/language-en/format-PDF/source-327348441.

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1907/oj).


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 6(a), 6(a)-I, 6(b), 6(b)-I, 6(b)-II agus 6(c):

‘6(a)

Luaidhe mar eilimint chóimhiotalaithe i gcruach chun críoch meaisínithe agus i gcruach ghalbhánaithe ina bhfuil suas le 0,35 % luaidhe de réir meáchain

Rachaidh sé in éag an 11 Nollaig 2026.

6(a)-I

Luaidhe mar eilimint chóimhiotalaithe i gcruach chun críoch meaisínithe ina bhfuil suas le 0,35 % luaidhe de réir meáchain (*1)

Rachaidh sé in éag an 30 Meitheamh 2027 le haghaidh gach catagóire.

6(a)-II

Luaidhe mar eilimint chóimhiotalaithe i mbaisc-chomhpháirteanna cruach ghalbhánaithe theothumtha bhaisce ina bhfuil suas le 0,2 % luaidhe de réir meáchain (*1)

Rachaidh sé in éag an 30 Meitheamh 2027 le haghaidh gach catagóire.

6(b)

Luaidhe mar eilimint chóimhiotalaithe in alúmanam ina bhfuil suas le 0,4 % luaidhe de réir meáchain

Rachaidh sé in éag an 11 Meitheamh 2027.

6(b)-I

Luaidhe mar eilimint chóimhiotalaithe in alúmanam ina bhfuil suas le 0,4 % luaidhe de réir meáchain, ar choinníoll go n-eascraíonn sí as athchúrsáil fuíoll alúmanaim ina bhfuil luaidhe (*1)

Rachaidh sé in éag an 11 Nollaig 2026 le haghaidh chatagóirí 1-7, 10.

Rachaidh sé in éag an 30 Meitheamh 2027 le haghaidh chatagóirí 9 d’ionstraimí faireacháin agus rialaithe tionsclaíocha, agus 11.

6(b)-II

Luaidhe mar eilimint chóimhiotalaithe in alúmanam chun críoch meaisínithe ina bhfuil cion luaidhe suas le 0,4 % de réir meáchain (*1)

Rachaidh sé in éag an 11 Meitheamh 2027 le haghaidh chatagóirí 1-7, 10.

Rachaidh sé in éag an 30 Meitheamh 2027 le haghaidh chatagóirí 9 d’ionstraimí faireacháin agus rialaithe tionsclaíocha agus 11 (*)

6(b)-III

Luaidhe mar eilimint chóimhiotalaithe i gcóimhiotail teilgin alúmanaim ina bhfuil suas le 0,3 % luaidhe de réir meáchain ar choinníoll go n-eascraíonn sí as athchúrsáil fuíll alúmanaim ina bhfuil luaidhe (*1)

Rachaidh sé in éag an 30 Meitheamh 2027 le haghaidh chatagóirí 1-8, 9 seachas ionstraimí faireacháin agus rialaithe tionsclaíocha, agus 10.

6(c)

Cóimhiotal copair ina bhfuil suas le 4 % luaidhe de réir meáchain (*1)

Rachaidh sé in éag an 30 Meitheamh 2027.


(*1)  Ní chumhdófar leis an díolúine TLL atá le soláthar don phobal i gcoitinne i gcás ina bhféadfaidh leanaí an TLL nó cuid inrochtana de a chur sa bhéal, faoi ghnáthdhálaí úsáide nó faoi dhálaí úsáide intuartha. Beidh feidhm ag an díolúine, áfach, i gcás inar féidir an dá rud seo a leanas a léiriú:

nach mó ná 0,05 μg/cm2 in aghaidh na huaire an ráta scaoilte luaidhe ó TLL den sórt sin nó ó aon pháirt inrochtana, bíodh sí brataithe nó neamhbhrataithe (coibhéiseach le 0,05 μg/g/h),

i gcás earraí brataithe, gur leor an bratú chun a áirithiú nach sárófar an ráta scaoilte sin ar feadh 2 bhliain ar a laghad de ghnáthdhálaí úsáide an trealaimh leictrigh agus leictreonaigh nó de dhálaí úsáide atá measartha intuartha.

Chun críoch an fhonóta seo, meastar go bhféadfaidh leanaí TLL nó cuid inrochtana de TLL a chur sa bhéal má tá sé níos lú ná 5 cm in aon toise amháin nó má tá cuid inbhainte nó ag gobadh amach den mhéid sin aige.’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dir_del/2025/2364/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top