Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025L1801

Treoir Tarmligthe (AE) 2025/1801 ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2025 lena n-oiriúnaítear don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le nósanna imeachta aonfhoirmeacha i dtaca le seiceálacha ar iompar earraí contúirteacha de bhóthar

C/2025/3886

IO L, 2025/1801, 13.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir_del/2025/1801/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dir_del/2025/1801/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1801

13.10.2025

TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2025/1801 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Meitheamh 2025

lena n-oiriúnaítear don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le nósanna imeachta aonfhoirmeacha i dtaca le seiceálacha ar iompar earraí contúirteacha de bhóthar

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir (AE) 2022/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le nósanna imeachta aonfhoirmeacha i dtaca le seiceálacha ar iompar earraí contúirteacha de bhóthar (1), agus go háirithe Airteagal 10 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Faoi Roinn I.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), tá feidhm ag Iarscríbhinní A agus B a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha de Bhóthar (ADR), a tugadh i gcrích sa Ghinéiv an 30 Meán Fómhair 1957 (3), maidir le hoibríochtaí iompair náisiúnta laistigh den Aontas.

(2)

Le Treoir 2008/68/CE, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir sin a leasú chun leasuithe ar ADR a chur san áireamh, go háirithe leasuithe a bhaineann le dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil. Faoi Threoir (AE) 2022/1999, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir sin go háirithe chun na leasuithe ar Threoir 2008/68/CE a chur san áireamh, agus mar thoradh air sin, na leasuithe ar ADR.

(3)

Leasaíodh na hIarscríbhinní a ghabhann le Treoir 2008/68/CE, go háirithe Iarscríbhinn I a bhaineann le hiompar earraí contúirteacha de bhóthar, naoi n-uaire, agus leasaíodh go deireanach iad le Treoir Tharmligthe (AE) 2025/149 ón gCoimisiún (4).

(4)

Chun a áirithiú go ndéanfar na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair maidir le hiompar earraí contúirteacha a fhorfheidhmiú go hiomchuí, ba cheart an seicliosta a úsáidtear le haghaidh seiceálacha cois bóthair a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2022/1999 a chur i gcomhréir le ADR de réir mar is infheidhme faoi Roinn I.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/68/CE.

(5)

Go háirithe, leagtar amach i gCaibidil 1.4 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le ADR na hoibleagáidí sábháilteachta ábhartha atá ar rannpháirtithe sa slabhra iompair le haghaidh earraí contúirteacha, is iad sin coinsíneoirí, iompróirí, coinsínithe, lódairí, pacálaithe, líontóirí, oibreoirí umair agus dílódairí, rud a fhágann go bhfuil a bhfreagrachtaí sonracha soiléir, trédhearcach agus infhorfheidhmithe. Ba cheart an seicliosta a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2022/1999 na forálacha sin de ADR a léiriú trí shainaithint na rannpháirtithe sin sa slabhra iompair a d’fhéadfadh dliteanas a thabhú i leith sárú ar leith. Féadfaidh faisnéis den sórt sin a bheith mar bhonn do sheiceálacha breise arna ndéanamh ag údaráis náisiúnta.

(6)

Ba cheart tagairtí d’fhorálacha sonracha ADR a chur ar an seicliosta a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2022/1999 chun cuidiú le forfheidhmitheoirí agus le rannpháirtithe sa slabhra iompair na forálacha dlíthiúla nuashonraithe de ADR a shainaithint.

(7)

I gcomhréir le hAirteagal 9(1) de Threoir (AE) 2022/1999, tá na Ballstáit le tuarascálacha ar sheiceálacha a rinneadh gach bliain féilire a sheoladh chuig an gCoimisiún, lena n-áirítear an líon sáruithe a taifeadadh de réir catagóir riosca a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin. Chun an tuairisciú sin a éascú, ba cheart catagóir riosca sáraithe thaifeadta, arna cinneadh i gcomhréir le hIarscríbhinn II, a lua ar an seicliosta a leagtar síos in Iarscríbhinn I.

(8)

Aicmítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/1999 sáruithe ar ADR de réir leibhéal na rioscaí a chruthaíonn siad. Ba cheart an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta mar gheall ar na leasuithe ar ADR mar is infheidhme faoi Roinn I.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/68/CE.

(9)

I Roinn 9 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/403 ón gCoimisiún (5) aicmítear sáruithe Roinn I.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/68/CE de réir a dtionchair ar dhea-cháil oibreoirí iompair. Tarraingíodh suas an Roinn sin ar bhealach atá comhsheasmhach le hIarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/1999. Dá bhrí sin, is gá foclaíocht Iarscríbhinn II nua a ghabhann le Treoir (AE) 2022/1999 a bheith comhsheasmhach le Roinn 9 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/403.

(10)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/1999 a leasú dá réir sin, agus ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart iad a ionadú.

(11)

I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (6), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite.

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir (AE) 2022/1999

Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo in ionad Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/1999.

Airteagal 2

Trasuí

1.   Na dlíthe, na rialúcháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 23 Meitheamh 2026 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 24 Meitheamh 2026 ar aghaidh.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meitheamh 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 274, 24.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/1999/oj.

(2)  Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha (IO L 260, 30.9.2008, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/68/oj).

(3)   https://unece.org/transport/standards/transport/dangerous-goods/adr-2023-agreement-concerning-international-carriage.

(4)  Treoir Tharmligthe (AE) 2025/149 ón gCoimisiún an 15 Samhain 2024 lena leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil a chur san áireamh (IO L, 2025/149, 24.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir_del/2025/149/oj).

(5)  Rialachán (AE) 2016/403 an 18 Márta 2016 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú sáruithe tromchúiseacha ar rialacha an Aontais, a bhféadfadh an t-oibreoir iompair de bhóthar dea-chlú a chailleadh dá mbarr, agus lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 74, 19.3.2016, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/403/oj).

(6)   IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.


IARSCRÍBHINN

‘IARSCRÍBHINN I

Seicliosta le haghaidh seiceálacha cois bóthair

Image 1

IARSCRÍBHINN II

Sáruithe

Chun críocha na Treorach seo, leis an liosta neamh-uileghabhálach seo a leanas, arna roinnt i dtrí chatagóir riosca (arb í catagóir I an chatagóir lena mbaineann an riosca is airde), soláthraítear treoir maidir le cad a mheasfar a bheith ina shárú.

Cuirfear imthosca sonracha an tsáraithe san áireamh nuair a dhéanfar an chatagóir riosca iomchuí a chinneadh agus déanfar é faoi rogha an chomhlachta forfheidhmiúcháin/an oifigigh forfheidhmiúcháin, rud a chiallaíonn go bhféadfar catagóir riosca an tsáraithe a uasghrádú nó a íosghrádú.

Déanfar sáruithe nach liostaítear a aicmiú i gcomhréir leis na tuairiscí ar na catagóirí riosca.

I gcás ina bhfuil roinnt sáruithe ann in aghaidh an aonaid iompair, ní chuirfear i bhfeidhm ach an chatagóir riosca is tromchúisí chun críoch tuairiscithe (i gcomhréir leis an bhfoirm chaighdeánach a leagtar amach in Iarscríbhinn III).

1.   Catagóir riosca I

Baineann sé seo le sáruithe ar fhorálacha ADR, lena mbaineann ardriosca báis, díobhála pearsanta nó damáiste suntasach don chomhshaol. Má bhraitear iad le linn seiceálacha cois bóthair, is iondúil go ndéanfar bearta ceartaitheacha láithreacha iomchuí de thoradh sáruithe den sórt sin, amhail bac gluaiseachta ar an bhfeithicil; má bhraitear iad le linn seiceálacha ag áitribh, bheadh na sáruithe sin faoi réir bearta iomchuí eile de ghnáth.

Cuimsítear an méid seo a leanas le neamhchomhlíontachtaí sa chatagóir seo:

1.

iompar earraí contúirteacha a bhfuil toirmeasc ar a n-iompar;

2.

iompar earraí contúirteacha i gcineál gabhdáin toirmiscthe nó neamhcheadaithe, lena gcuirtear beatha daoine nó an comhshaol i mbaol chomh mór sin go ndéantar cinneadh bac gluaiseachta a chur ar an bhfeithicil;

3.

iompar earraí contúirteacha gan aitheantas ar an bhfeithicil, lena gcuirtear beatha daoine nó an comhshaol i mbaol chomh mór sin go ndéantar cinneadh bac gluaiseachta a chur ar an bhfeithicil;

4.

sceitheadh earraí contúirteacha;

5.

iompar trí mhodh iompair a bhfuil toirmeasc air;

6.

iompar i mbulc i bhfeithicil nó i gcoimeádán nach bhfuil feidhmiúil ó thaobh struchtúir de;

7.

iompar i bhfeithicil gan deimhniú formheasa iomchuí;

8.

oibriú feithicle nach gcomhlíonann na caighdeáin formheasa a thuilleadh agus a bhfuil contúirt phráinneach ag baint léi (seachas sin aicmeofar í i gcatagóir riosca II);

9.

úsáid pacáistí, umar, coimeádán nó feithiclí neamhcheadaithe;

10.

úsáid pacáistíocht nach gcomhlíonann na treoracha pacála is infheidhme; úsáid umar, feithiclí agus coimeádán nach gcomhlíonann na forálacha is infheidhme;

11.

níor comhlíonadh forálacha speisialta maidir le pacáil mheasctha;

12.

níor comhlíonadh na rialacha lena rialaítear daingniú agus stuáil ualaí;

13.

níor comhlíonadh na rialacha maidir le bia-ábhair, earraí tomhaltais eile agus beatha ainmhithe;

14.

níor comhlíonadh na rialacha lena rialaítear luchtú measctha pacáistí;

15.

níor comhlíonadh forálacha lena dteorannaítear cainníochtaí atá údaraithe lena n-iompar in aon aonad iompair amháin, lena n-áirítear na céimeanna ceadaithe maidir le líonadh umar nó pacáistí;

16.

iompar earraí contúirteacha gan na doiciméid riachtanacha a bheith ar fáil ar bord nó i bhformáid leictreonach iomchuí, má cheadaítear sin;

17.

iompar earraí contúirteacha i bpacáistí nach bhfuil an mharcáil, an lipéadú nó na comharthaí sainaitheantais eile is gá orthu;

18.

iompar earraí contúirteacha gan aon phleacairdiú, marcáil (lena n-áirítear marcáil phláta a bhfuil dath oráiste uirthi) nó comharthaí aitheantais eile ar an bhfeithicil;

19.

faisnéis a bhaineann leis an tsubstaint atá á hiompar, agus lena gcumasaítear sárú de chatagóir riosca I a chinneadh, tá sí ar iarraidh (mar shampla, uimhir na Náisiún Aontaithe, ainm ceart loingseoireachta, grúpa pacála) nó tá sí mícheart;

20.

níl deimhniú gairmoiliúna bailí ag an tiománaí;

21.

úsáid dóiteáin nó solais neamhchosanta;

22.

níor cloíodh leis an gcosc ar chaitheamh tobac;

23.

níor ceapadh comhairleoir sábháilteachta do gach gnóthas, i gcás inar ghá;

24.

níor comhlíonadh ADR 1.10 maidir le forálacha slándála, i gcás inar ghá.

2.   Catagóir riosca II

Baineann sé seo le sáruithe ar fhorálacha ADR lena mbaineann ardriosca díobhála pearsanta nó damáiste don chomhshaol. Má bhraitear iad le linn seiceálacha cois bóthair, is iondúil go ndéanfaí bearta ceartaitheacha iomchuí, amhail ceartú ar an láthair nuair is féidir, nó tráth nach déanaí ná an tráth a chríochnófar an oibríocht iompair reatha, mar thoradh ar sháruithe den sórt sin; má bhraitear iad le linn seiceálacha ag áitribh, bheadh na sáruithe sin faoi réir bearta iomchuí eile de ghnáth.

Cuimsítear an méid seo a leanas le neamh-chomhlíontachtaí sa chatagóir seo:

1.

oibriú aonaid iompair ina bhfuil níos mó ná leantóir/leathleantóir amháin;

2.

oibriú feithicle nach gcomhlíonann na caighdeáin formheasa a thuilleadh ach nach bhfuil contúirt phráinneach ag baint léi;

3.

níor iompraíodh múchtóirí dóiteáin oibríochtúla de réir mar a cheanglaítear ar bord feithicle; ní chomhlíonann trealamh comhraicthe dóiteáin forálacha sonracha;

4.

níor iompraíodh trealamh a cheanglaítear faoi ADR nó i dtreoracha i scríbhinn ar bord feithicle;

5.

níor comhlíonadh dátaí tástála agus cigireachta agus tréimhsí úsáide pacáistíochta, coimeádáin idirmheánacha bhuilc, mórphacáistíocht, umair, feithiclí nó coimeádáin;

6.

iompar pacáistí le pacáistíocht damáistithe, coimeádáin idirmheánacha bhuilc nó mórphacáistíocht, nó iompar pacáistíochta damáistithe folmha nár glanadh;

7.

iompar earraí pacáistithe i bhfeithicil nó i gcoimeádán nach bhfuil feidhmiúil ó thaobh struchtúir de;

8.

níor dúnadh umair/coimeádáin umair, feithiclí, coimeádáin nó pacáistí i gceart (lena n-áirítear iad siúd atá folamh agus nár glanadh);

9.

i gcás pacáistí, umar, feithiclí agus/nó coimeádán, tá an lipéadú, an mharcáil (lena n-áirítear marcáil phláta a bhfuil dath oráiste uirthi), an pleacairdiú nó comharthaí sainaitheantais eile mícheart;

10.

gan aon treoir i scríbhinn i gcomhréir le ADR;

11.

ní dhearnadh maoirseacht cheart ar fheithicil nó ní dhearnadh í a pháirceáil i gceart;

12.

iompar daoine, seachas baill den chriú, in aonaid iompair a bhfuil earraí contúirteacha á n-iompar acu;

13.

níor comhlíonadh na forálacha rialála a leagtar amach in ADR 7.5.10 maidir le réamhchúraimí atá le glacadh in aghaidh luchtanna leictreastatacha le linn oibríochtaí líonta agus foláirimh;

14.

níor comhlíonadh forálacha rialála maidir le teacht chuig láithreáin luchtaithe agus díluchtaithe;

15.

níor comhlíonadh forálacha rialála maidir le ról, dualgais agus deimhnithe an chomhairleora sábháilteachta le haghaidh gach gnóthais, i gcás inar ghá;

16.

níor comhlíonadh na forálacha rialála maidir leis an íostréimhse choinneála don doiciméad maidir le hiompar earraí contúirteacha agus faisnéis agus doiciméadacht bhreise a shonraítear in ADR;

17.

níor comhlíonadh forálacha rialála maidir le hoiliúint a chur ar dhaoine a bhfuil baint acu le hiompar earraí contúirteacha;

18.

níor cuireadh doiciméid agus/nó tuarascálacha a cheanglaítear faoi bhráid na n-údarás inniúil.

3.   Catagóir riosca III

Baineann sé seo le sáruithe ar fhorálacha ADR lena mbaineann riosca íseal díobhála pearsanta nó damáiste don chomhshaol agus i gcás nach gá bearta ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh cois bóthair ach gur féidir leis an ngnóthas iad a dhéanamh ag dáta níos déanaí; má bhraitear iad le linn seiceálacha ag áitribh, beidh na sáruithe sin faoi réir bearta iomchuí eile de ghnáth.

Cuimsítear an méid seo a leanas le neamhchomhlíontachtaí sa chatagóir seo:

1.

níor comhlíonadh na rialacháin le méid na bplaiceard nó na lipéad nó le méid na litreacha, na bhfigiúirí nó na siombailí ar phlaiceard nó ar lipéad;

2.

níl faisnéis, cé is moite d’fhaisnéis a thagann faoi chatagóir riosca I, ar fáil i ndoiciméadacht iompair;

3.

níor iompraíodh deimhniú oiliúna ar bord na feithicle ach iompraíodh fianaise go bhfuil ceann i seilbh an tiománaí;

4.

ní raibh sainaitheantas, le grianghraf, á iompar ag gach ball d’fhoireann na feithicle;

5.

níor greamaíodh póstaeir agus marcáil (lena n-áirítear marcáil phláta a bhfuil dath oráiste uirthi) nó comharthaí aitheantais eile i gceart;

6.

cuireadh doiciméid riachtanacha agus/nó tuarascálacha faoi bhráid na n-údarás inniúil go déanach.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dir_del/2025/1801/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top