This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025L1237
Directive (EU) 2025/1237 of the European Parliament and of the Council of 17 June 2025 amending Council Directive 92/43/EEC as regards the protection status of the wolf (Canis lupus)
Treoir (AE) 2025/1237 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2025 lena leasaítear Treoir 92/43/CEE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le stádas cosanta an mhic tíre (Canis lupus)
Treoir (AE) 2025/1237 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2025 lena leasaítear Treoir 92/43/CEE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le stádas cosanta an mhic tíre (Canis lupus)
PE/8/2025/REV/1
IO L, 2025/1237, 24.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2025/1237/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1237 |
24.6.2025 |
TREOIR (AE) 2025/1237 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 17 Meitheamh 2025
lena leasaítear Treoir 92/43/CEE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le stádas cosanta an mhic tíre (Canis lupus)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a tharchur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Ar na cúiseanna a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2024/2669 ón gComhairle (3), chuir an tAontas togra faoi bhráid Bhuanchoiste an Choinbhinsiúin maidir le Caomhnú Fhiadhúlra agus Ghnáthóga Nádúrtha na hEorpa (4) (Coinbhinsiún Bheirn) chun stádas cosanta speiceas an mhic tíre a athrú faoin gCoinbhinsiún sin. Ag an 44ú cruinniú a bhí ag an mBuanchoiste an 6 Nollaig 2024, d’fhormheas sé an togra ón Aontas chun an mac tíre (Canis lupus) a aistriú ó Fhoscríbhinn II (Speicis fána faoi dhianchosaint) a ghabhann le Coinbhinsiún Bheirn go Foscríbhinn III (Speicis fána faoi chosaint) a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin (cinneadh an Bhuanchoiste). |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 17(3) de Choinbhinsiún Bheirn, tháinig an t-athrú ar stádas cosanta an mhic tíre i bhfeidhm an 7 Márta 2025. |
|
(3) |
Is príomhionstraim í Treoir 92/43/CEE ón gComhairle (5) chun an dúlra a chaomhnú san Aontas, go háirithe I bhfianaise oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais faoi Choinbhinsiún Bheirn. Chun an t-athrú ar stádas cosanta an mhic tíre faoi Choinbhinsiún Bheirn a bheith trasuite i gcreat dlíthiúil an Aontais, ba cheart cinneadh an Bhuanchoiste a léiriú i dTreoir 92/43/CEE. |
|
(4) |
Chun cinneadh an Bhuanchoiste a thrasuí, ba cheart an iontráil don mhac tíre a scriosadh ó Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 92/43/CEE agus a choigeartú in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir sin, rud a chuirfeadh an mac tíre faoi réir na cosanta dá bhforáiltear in Airteagal 14 de Threoir 92/43/CEE. |
|
(5) |
Is é is aidhm do Threoir 92/43/CEE rannchuidiú le háirithiú na bithéagsúlachta trí ghnáthóga nádúrtha agus fána agus flóra fiáine a chaomhnú i gcríoch Eorpach na mBallstát a bhfuil feidhm ag an gConradh maidir léi. |
|
(6) |
Le Treoir 92/43/CEE, mar ionstraim i réimse an chomhshaoil, ceadaítear do na Ballstáit bearta cosanta níos déine a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach fad is atá siad ag luí leis na Conarthaí, mar a fhoráiltear in Airteagal 193 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, chun críocha Threoir 92/43/CEE, tá sé de shaoirse i gcónaí ag na Ballstáit, d’ainneoin an leasaithe a thugtar isteach leis an Treoir seo, stádas cosanta an mhic tíre a choinneáil ar an leibhéal cosanta a thugtar do speicis fána faoi dhianchosaint. |
|
(7) |
Ós rud é nach féidir cuspóir na Treorach seo a ghnóthú ach ar leibhéal an Aontais, toisc go gceanglaítear leis gníomh dlí de chuid an Aontais atá ann cheana a leasú, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. |
|
(8) |
Dá bhrí sin, ba cheart Treoir 92/43/CEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Treoir 92/43/CEE mar a leanas:
|
(1) |
in Iarscríbhinn IV, pointe (a), ‘Ainmhithe’, scriostar an iontráil don speiceas Canis lupus; |
|
(2) |
in Iarscríbhinn V, pointe (a), ‘Ainmhithe’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála don speiceas Canis lupus: ‘Canis lupus’. |
Airteagal 2
1. Na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha reachtaíochta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 15 Eanáir 2027. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairt den sórt sin.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna déanamh in Strasbourg, an 17 Meitheamh 2025.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. SZŁAPKA
(1) Tuairim an 30 Aibreán 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Bealtaine 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 5 Meitheamh 2025.
(3) Cinneadh (AE) 2024/2669 ón gComhairle an 26 Meán Fómhair 2024 maidir le togra a thíolacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, chun Foscríbhinní II agus III a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le caomhnú fhiadhúlra agus ghnáthóga nádúrtha na hEorpa a leasú agus maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontas, ag an 44ú cruinniú a bheidh ag Buanchoiste an Choinbhinsiúin sin (IO L, 2024/2669, 10.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2669/oj).
(4) An Coinbhinsiún maidir le caomhnú fhiadhúlra agus ghnáthóga nádúrtha na hEorpa (IO L 38, 10.2.1982, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/convention/1982/72/oj).
(5) Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le caomhnú gnáthóg nádúrtha agus fána agus flóra fiáine (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1992/43/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2025/1237/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)