This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025L1223
Commission Delegated Directive (EU) 2025/1223 of 10 April 2025 amending Directive 2005/36/EC of the European Parliament and of the Council as regards the minimum training requirements for the profession of veterinary surgeon
Treoir Tarmligthe (AE) 2025/1223 ón gCoimisiún an 10 Aibreán 2025 lena leasaítear Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na híoscheanglais oiliúna le haghaidh ghairm an tréidlia
Treoir Tarmligthe (AE) 2025/1223 ón gCoimisiún an 10 Aibreán 2025 lena leasaítear Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na híoscheanglais oiliúna le haghaidh ghairm an tréidlia
C/2025/2128
IO L, 2025/1223, 20.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir_del/2025/1223/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1223 |
20.6.2025 |
TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2025/1223 ÓN gCOIMISIÚN
an 10 Aibreán 2025
lena leasaítear Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na híoscheanglais oiliúna le haghaidh ghairm an tréidlia
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le Cáilíochtaí Gairmiúla a Aithint (1), agus go háirithe Airteagal 21(6), an dara fomhír, agus Airteagal 38(1), an dara fomhír, di,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Na híoscheanglais chomhchuibhithe oiliúna le haghaidh ghairm an tréidlia, leagtar amach iad in Airteagal 38 de Threoir 2005/36/CE agus i bpointe 5.4.1 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir sin chomh maith. |
|
(2) |
I bPáipéar Uaine 2011 ón gCoimisiún maidir le nuachóiriú Threoir 2005/36/CE (2) d’aithin sé gur gá na híoscheanglais chomhchuibhithe oiliúna a nuachóiriú i gcéimeanna. |
|
(3) |
I gcomhthéacs an leasaithe ar Threoir 2005/36/CE trí bhíthin Threoir 2013/55/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), thug na húdaráis náisiúnta, institiúidí acadúla agus eagraíochtaí gairmiúla le fios go bhfuil forbairt mhór tagtha ar na gairmeacha a chumhdaítear le Teideal III, Caibidil III den Treoir ó rinneadh a n-íoscheanglais oiliúna ar leith a chomhchuibhiú. |
|
(4) |
Cé go ndearnadh athbhreithniú le Treoir 2013/55/AE go pointe áirithe ar an eolas agus ar na scileanna le haghaidh ghairm an tréidlia mar a leagtar amach in Airteagal 38(3) de Threoir 2005/36/CE, ní dhearnadh aon athrú substaintiúil ar ábhair na gclár staidéir a liostaítear i bpointe 5.4.1 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2005/36/CE. |
|
(5) |
Le hAirteagal 21(6) de Threoir 2005/36/CE, arna leasú, tugtar cumhachtaí tarmligthe don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 57c di, chun nuashonruithe a thabhairt isteach ar na híoscheanglais oiliúna d’fhonn iad a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil a nglactar leis i gcoitinne chun teacht chun cinn dhlí an Aontais lena ndéantar difear díreach do na gairmithe lena mbaineann a léiriú. |
|
(6) |
Rinne an Coimisiún measúnú maidir le cé acu ba cheart nó nár cheart na híoscheanglais oiliúna le haghaidh ghairm an tréidlia, mar a leagtar amach i dTreoir 2005/36/CE, a thabhairt cothrom le dáta i bhfianaise dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil a nglactar leis i gcoitinne. |
|
(7) |
Rinneadh staidéar chun cúnamh a thabhairt don Choimisiún ina mheasúnú. Bhí sé d’aidhm ag an staidéar iniúchadh a dhéanamh ar fhorbairtí ar riachtanais oiliúna do ghairm an tréidlia i ngach Ballstát agus i ngach ceann de Stáit Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (Stáit CSTE). Chun na críche sin, bailíodh sonraí ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta trí thaighde deisce agus comhairliúcháin spriocdhírithe le páirtithe leasmhara. Sa bhailiú sonraí díríodh ar fhorbairtí ar cheanglais oiliúna ar an leibhéal náisiúnta: (i) dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil a dhéanann difear do ghairm an tréidlia; (ii) cláir oiliúna agus eolas agus scileanna a théann níos faide ná na híoscheanglais oiliúna a leagtar síos i dTreoir 2005/36/CE agus a léiríonn aon oiriúnú do dhul chun cinn eolaíoch agus teicniúil. |
|
(8) |
Rinneadh measúnú comparáideach ar na sonraí a bailíodh le linn an staidéir. Díríodh ann ar fhorbairtí archeanglais oiliúna agus ar ghnéithe comhchoiteanna idir na ceanglais oiliúna ar fud Bhallstáit uile an Aontais agus Stáit CSTE i bhfianaise dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil a nglactar leis i gcoitinne. Chun na críche sin, forbraíodh sainmhíniú oibre ar ‘a nglactar leis i gcoitinne’ maidir le dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, ina raibh dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil a tugadh faoi deara i 16 thír ar a laghad, idir Bhallstáit agus Stáit CSTE. |
|
(9) |
Cuireadh torthaí an staidéir faoi bhráid na bpáirtithe leasmhara le linn ceardlainne agus ag cruinniú an ghrúpa comhordaitheoirí chun cáilíochtaí gairmiúla a aithint. Ar bhonn an aiseolais a fuarthas, dréachtaíodh conclúidí an staidéir, inar moladh na híoscheanglais oiliúna a leagtar amach i dTreoir 2005/36/CE a thabhairt cothrom le dáta a mhéid a bhaineann le cláir oiliúna chomh maith le heolas agus scileanna. |
|
(10) |
Sa staidéar (4) sainaithníodh an dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil seo a leanas, a nglactar leis i gcoitinne, i gcláir oiliúna sna Ballstáit agus i Stáit CSTE, ar dul chun cinn é nach léirítear sna híoscheanglais oiliúna a leagtar amach i dTreoir 2005/36/CE nó nach léirítear go leordhóthanach iontu: coincheap na hAon Sláinte Amháin; inbhuanaitheacht agus trasdisciplíneacht; idirdhisciplíneacht, scileanna ildisciplíneacha agus scileanna boga; cóireálacha agus teiripí; sláinte agus leas ainmhithe; sláinte phoiblí: bia agus sábháilteacht bia; bitheolaíocht, digitiú agus sonraí digiteacha, chomh maith le huirlisí agus teicnící diagnóiseacha agus saotharlainne. |
|
(11) |
I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (5), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir na gnéithe de threoir agus codanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur. |
|
(12) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2005/36/CE a leasú dá réir sin. |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Threoir 2005/36/CE
Leasaítear Treoir 2005/36/CE mar a leanas:
|
(1) |
In Airteagal 38, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: ‘3. Tabharfar deimhniú leis an oiliúint mar thréidlia go bhfuair an gairmí atá i gceist an t-eolas agus na scileanna seo a leanas:
|
|
(2) |
leasaítear Iarscríbhinn V i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo. |
Airteagal 2
Trasuí
1. Déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 10 Aibreán 2027 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Seolaithe
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Aibreán 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 255, 30.9.2005, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2005/36/oj.
(2) Páipéar Uaine, An Treoir maidir le Cáilíochtaí Gairmiúla a Nuachóiriú, COM(2011)367 final an 22 Meitheamh 2011.
(3) Treoir 2013/55/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 lena leasaítear Treoir 2005/36/CE maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint agus Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (‘Rialachán IMI’) (IO L 354, 28.12.2013, lch. 132, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/55/oj).
(4) An Coimisiún Eorpach, an Ard-Stiúrthóireacht um an Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide, Mapping and assessment of developments of one of the sectoral professions under Directive 2005/36/EC – the professional of veterinary surgeoun– Final study [Mapáil agus measúnú ar fhorbairtí ceann de na gairmeacha earnála faoi Threoir 2005/36/CE – Gairm an tréidlia – Staidéar críochnaitheach], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2022.
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán 2005/36/EC, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 5.4.1:
‘5.4.1 Clár staidéir do thréidlianna
Áireofar na hábhair a liostaítear anseo a leanas ar a laghad leis an gclár staidéir as a dtiocfaidh fianaise ar cháilíochtaí foirmiúla sa tréidliacht.
Féadfar ceann amháin nó níos mó de na hábhair sin a theagasc mar chuid de chúrsaí eile, nó i gcomhcheangal leo.
|
A. |
Na Bunábhair
|
|
B. |
Ábhair shonracha
|
Féadfaidh an oiliúint phraiticiúil a bheith i bhfoirm tréimhse oiliúna, ar an gcoinníoll go mbeidh an oiliúint sin ar siúl go lánaimseartha agus faoi smacht dhíreach an údaráis inniúil, agus nach mbeidh sé níos faide ná sé mhí laistigh den tréimhse staidéir cúig bliana.
Beidh cothromaíocht ann idir an oiliúint theoiriciúil agus an oiliúint phraiticiúil sna grúpaí éagsúla ábhar agus beidh an oiliúint féin comhordaithe ar bhealach a fhágfaidh go bhféadfar an t-eolas agus an taithí a fháil ar bhealach a chuirfidh ar chumas tréidlianna a gcuid dualgas go léir a chur i gcrích.’
ELI: http://data.europa.eu/eli/dir_del/2025/1223/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)