This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025L0794
Directive (EU) 2025/794 of the European Parliament and of the Council of 14 April 2025 amending Directives (EU) 2022/2464 and (EU) 2024/1760 as regards the dates from which Member States are to apply certain corporate sustainability reporting and due diligence requirements (Text with EEA relevance)
Treoir (AE) 2025/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Aibreán 2025 lena leasaítear Treoracha (AE) 2022/2464 agus (AE) 2024/1760 a mhéid a bhaineann leis na dátaí óna bhfuil na Ballstáit le ceanglais áirithe maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach agus le dícheall cuí i dtaca le hinbhuanaitheacht chorparáideach a chur i bhfeidhm (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Treoir (AE) 2025/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Aibreán 2025 lena leasaítear Treoracha (AE) 2022/2464 agus (AE) 2024/1760 a mhéid a bhaineann leis na dátaí óna bhfuil na Ballstáit le ceanglais áirithe maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach agus le dícheall cuí i dtaca le hinbhuanaitheacht chorparáideach a chur i bhfeidhm (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
PE/6/2025/REV/1
IO L, 2025/794, 16.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2025/794/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/794 |
16.4.2025 |
TREOIR (AE) 2025/794 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Aibreán 2025
lena leasaítear Treoracha (AE) 2022/2464 agus (AE) 2024/1760 a mhéid a bhaineann leis na dátaí óna bhfuil na Ballstáit le ceanglais áirithe maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach agus le dícheall cuí i dtaca le hinbhuanaitheacht chorparáideach a chur i bhfeidhm
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 50 agus 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2025 dar teideal ‘Eoraip níos simplí agus níos tapúla: Teachtaireacht maidir le cur chun feidhme agus simpliú’, leag an Coimisiún amach fís do chlár oibre maidir le cur chun feidhme agus simpliú lena mbaintear feabhsuithe tapa infheicthe amach le haghaidh daoine agus gnólachtaí ar an láthair. Tá níos mó ná cur chuige céim ar chéim ag teastáil chuige sin agus tá an tAontas le gníomhú go ceannasach chun an sprioc sin a bhaint amach. Is gá do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, don Choimisiún agus d’údaráis na mBallstát ar gach leibhéal agus do pháirtithe leasmhara oibriú le chéile chun rialacha an Aontais, rialacha náisiúnta agus rialacha réigiúnacha a chuíchóiriú agus a shimpliú agus chun beartais a chur chun feidhme ar bhealach níos éifeachtaí. |
|
(2) |
I gcomhthéacs ghealltanas an Choimisiúin ualaí tuairiscithe a laghdú agus an t-iomaíochas a fheabhsú, is gá leasuithe spriocdhírithe a thabhairt isteach ar Threoracha (AE) 2022/2464 (3) agus (AE) 2024/1760 (4) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun na cuspóirí sin a bhaint amach, agus cuspóirí beartais an Chomhaontaithe Ghlais mar a leagtar amach i dteachaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal ‘an Comhaontú Glas don Eoraip’ agus cuspóirí beartais an Phlean Gníomhaíochta maidir le Maoiniú Inbhuanaithe mar a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Márta 2018 dar teideal ‘Action Plan: Financing Sustainable Growth’ [Plean Gníomhaíochta: Fás Inbhuanaithe a Mhaoiniú] á gcoinneáil ar bun an tráth céanna. |
|
(3) |
Sonraítear i dTreoir (AE) 2022/2464 na dátaí óna bhfuil na Ballstáit leis na ceanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta a leagtar amach i dTreoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a chur i bhfeidhm, agus dátaí éagsúla i gceist de réir mhéid an ghnóthais lena mbaineann. Gnóthais mhóra ar eintitis leasa phoiblí iad ag a bhfuil níos mó ná 500 fostaí ar an meán le linn na bliana airgeadais, agus eintitis leasa phoiblí ar máthairghnóthais ar ghrúpa mór iad ag a bhfuil níos mó ná 500 fostaí ar an meán, ar dhátaí a chláir comhardaithe, ar bhonn comhdhlúite, le linn na bliana airgeadais, tá siad le tuairisciú a dhéanamh in 2025 le haghaidh na mblianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2024 nó dá éis sin. Gnóthais mhóra eile, agus máthairghnóthais eile ar ghrúpa mór, tá siad le tuairisciú a dhéanamh in 2026 le haghaidh na mblianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2025 nó dá éis sin. Gnóthais bheaga agus mheánmhéide,seachas micreaghnóthais, institiúidí beaga neamhchasta, gnóthais árachais faoi chuing agus gnothais athárachais faoi chuing, tá siad le tuairisciú a dhéanamh in 2027 le haghaidh na mblianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2026 nó dá éis sin. I bhfianaise thionscnaimh leanúnacha an Choimisiúin arb é is aidhm dóibh oibleagáidí tuairiscithe inbhuanaitheachta áirithe atá ann cheana a shimpliú, agus chun an t-ualach riaracháin gaolmhar atá ar ghnóthais a laghdú, agus chun foráil a dhéanamh maidir le soiléireacht dhlíthiúil agus chun nach dtabhódh na gnóthais a gceanglaítear orthu faoi láthair tuairisciú le haghaidh na mblianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2025 nó dá éis sin agus an 1 Eanáir 2026 nó dá éis sin costais inseachanta nach bhfuil gá leo, ba cheart na ceanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta le haghaidh na ngnóthas sin a chur siar 2 bhliain. |
|
(4) |
Sonraítear i dTreoir (AE) 2022/2464 na dátaí óna bhfuil na Ballstáit leis na ceanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta a leagtar amach i dTreoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) a chur i bhfeidhm, agus dátaí éagsúla i gceist de réir mhéid an eisitheora lena mbaineann. Eisitheoirí ar gnóthais mhóra iad ag a bhfuil níos mó ná 500 fostaí ar an meán le linn na bliana airgeadais, agus eisitheoirí ar máthairghnóthais ar ghrúpa mór iad ag a bhfuil níos mó ná 500 fostaí ar an meán, ar dhátaí a chláir comhardaithe, ar bhonn comhdhlúite, le linn na bliana airgeadais, tá siad le tuairisciú a dhéanamh in 2025 le haghaidh na mblianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2024 nó dá éis sin. Eisitheoirí eile ar gnóthais mhóra iad, agus eisitheoirí eile ar máthairghnóthais iad ar ghrúpa mór, tá siad le tuairisciú a dhéanamh in 2026 le haghaidh na mblianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2025 nó dá éis sin. Eisitheoirí ar gnóthais bheaga agus mheánmhéide iad, seachas micreaghnóthais, institiúidí beaga neamhchasta, gnóthais árachais faoi chuing agus gnóthais athárachais faoi chuing, tá siad le tuairisciú a dhéanamh in 2027 le haghaidh na mblianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2026 nó dá éis sin. I bhfianaise thionscnaimh leanúnacha an Choimisiúin arb é is aidhm dóibh oibleagáidí tuairiscithe inbhuanaitheachta áirithe atá ann cheana a shimpliú, agus chun an t-ualach riaracháin gaolmhar atá ar ghnóthais a laghdú, agus chun foráil a dhéanamh maidir le soiléireacht dhlíthiúil agus chun nach dtabhódh na heisitheoirí a gceanglaítear orthu faoi láthair tuairisciú le haghaidh na mblianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2025 nó dá éis sin agus an 1 Eanáir 2026 nó dá éis sin costais inseachanta nach bhfuil gá leo, ba cheart na ceanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta le haghaidh na n-eisitheoirí sin a chur siar 2 bhliain. |
|
(5) |
Ba cheart an dáta óna bhfuil na Ballstáit le Treoir (AE) 2024/1760 a chur i bhfeidhm a chur siar bliain amháin i gcás an chéad tacar cuideachtaí a thagann faoi raon feidhme na Treorach sin chun níos mó ama a thabhairt do chuideachtaí ullmhú le haghaidh cheanglais na Treorach sin agus chun an deis a thabhairt dóibh na treoirlínte atá le heisiúint ag an gCoimisiún maidir leis an gcaoi ar cheart dóibh a n-oibleagáidí díchill chuí a chomhlíonadh ar bhealach praiticiúil a chur san áireamh. Thairis sin, maidir le dáta cur i bhfeidhm an 1 Eanáir 2029 maidir leis na bearta is gá chun an ceanglas tuairiscithe de bhun Airteagal 16 de Threoir (AE) 2024/1760 a chomhlíonadh maidir leis an tríú tacar cuideachtaí a thagann faoi raon feidhme na Treorach sin, ba cheart é a leasú chun comhchuibheas leis na dátaí cur i bhfeidhm faoi seach le haghaidh na dtacar cuideachtaí eile a áirithiú. |
|
(6) |
Thairis sin, i bhfianaise an togra reachtaigh chomhthreomhair arb é is aidhm dó an creat inbhuanaitheachta a shimpliú agus an t-ualach ar chuideachtaí a laghdú, ba cheart síneadh bliana a chur leis an sprioc-am do na Ballstáit chun Treoir (AE) 2024/1760 a thrasuí chun moilleanna féideartha a chur san áireamh ina n-iarrachtaí leanúnacha trasuite mar gheall ar leasuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an Treoir sin. |
|
(7) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
|
(8) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Treoracha (AE) 2022/2464 agus (AE) 2024/1760 a leasú dá réir sin. Ós rud é go n-athraítear an spriocdháta trasuí agus dátaí cur i bhfeidhm áirithe leis an leasú ar Threoir (AE) 2024/1760, ar dátaí iad uile atá le teacht amach anseo, ní bheadh ar na Ballstáit ach na dátaí cur i bhfeidhm de bhun Airteagal 2 den Treoir seo a chur siar i gcás ina raibh Treoir (AE) 2024/1760 trasuite acu cheana. |
|
(9) |
I bhfianaise phráinn an ábhair agus chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar a luaithe is féidir, meastar gurb iomchuí an eisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, a agairt. |
|
(10) |
Ar chúiseanna práinne agus chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar a luaithe is féidir, ba cheart an Treoir seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Threoir (AE) 2022/2464
Leasaítear Airteagal 5(2) de Threoir (AE) 2022/2464 mar a leanas:
|
(a) |
leasaítear an chéad fhomhír mar a leanas:
|
|
(b) |
leasaítear an tríú fomhír mar a leanas:
|
Airteagal 2
Leasú ar Threoir (AE) 2024/1760
In Airteagal 37(1) de Threoir (AE) 2024/1760, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre agus an dara fomhír:
‘1. Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 26 Iúil 2027. Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm:
|
(a) |
ón 26 Iúil 2028, a mhéid a bhaineann le cuideachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointí (a) agus (b), a fhoirmítear i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit agus a raibh níos mó ná 3 000 fostaí acu ar an meán agus a ghin glanláimhdeachas domhanda níos mó ná EUR 900 000 000, sa bhliain airgeadais dheireanach roimh an 26 Iúil 2028 ar glacadh ráitis airgeadais bhliantúla ina leith, nó ar cheart ráitis airgeadais bhliantúla a bheith glactha ina leith, cé is moite de na bearta is gá chun Airteagal 16 a chomhlíonadh, ar bearta iad a chuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm maidir leis na cuideachtaí sin le haghaidh na mblianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2029 nó dá éis sin; |
|
(b) |
ón 26 Iúil 2028, a mhéid a bhaineann le cuideachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointí (a) agus (b), a fhoirmítear i gcomhréir le reachtaíocht tríú tír agus a ghin glanláimhdeachas níos mó ná EUR 900 000 000 san Aontas, sa bhliain airgeadais roimh an mbliain airgeadais dheireanach roimh an 26 Iúil 2028, cé is moite de na bearta is gá chun Airteagal 16 a chomhlíonadh, ar bearta iad a chuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm maidir leis na cuideachtaí sin le haghaidh na mblianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2029 nó dá éis sin; |
|
(c) |
ón 26 Iúil 2029, a mhéid a bhaineann le gach cuideachta eile dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointí (a) agus (b), agus Airteagal 2(2), pointí (a) agus (b), agus cuideachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (c), agus Airteagal 2(2), pointe (c), cé is moite de na bearta is gá chun Airteagal 16 a chomhlíonadh, ar bearta iad a chuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm maidir leis na cuideachtaí sin le haghaidh na mblianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2030 nó dá éis sin.’. |
Airteagal 3
Trasuí
1. Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 31 Nollaig 2025. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 4
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 5
Seolaithe
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna déanamh sa Bhruiséil, an 14 Aibreán 2025.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. SZŁAPKA
(1) Tuairim an 26 Márta 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Aibreán 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Aibreán 2025.
(3) Treoir (AE) 2022/2464 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, Treoir 2004/109/CE, Treoir 2006/43/CE agus Treoir 2013/34/AE, a mhéid a bhaineann le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach (IO L 322, 16.12.2022, lch. 15, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2464/oj).
(4) Treoir (AE) 2024/1760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le dícheall cuí i dtaca le hinbhuanaitheacht chorparáideach agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 agus Rialachán (AE) 2023/2859 (IO L, 2024/1760, 5.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1760/oj).
(5) Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/34/oj).
(6) Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisitheoirí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialaithe agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 390, 31.12.2004, lch. 38, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2004/109/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2025/794/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)