Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025L0149

Treoir Tarmligthe (AE) 2025/149 ón gCoimisiún an 15 Samhain 2024 lena leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil a chur san áireamh

C/2024/7874

IO L, 2025/149, 24.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir_del/2025/149/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dir_del/2025/149/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/149

24.1.2025

TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2025/149 ÓN gCOIMISIÚN

an 15 Samhain 2024

lena leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil a chur san áireamh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha (1), agus go háirithe Airteagal 8(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I Roinn I.1 d’Iarscríbhinn I, Roinn II.1 d’Iarscríbhinn II agus Roinn III.1 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2008/68/CE, tagraítear d’fhorálacha a leagtar amach i gcomhaontuithe idirnáisiúnta maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha de bhóthar, d’iarnród nó ar uiscebhealach intíre.

(2)

Tugtar forálacha na gcomhaontuithe idirnáisiúnta sin cothrom le dáta gach 2 bhliain. Beidh feidhm ag a leaganacha leasaithe deiridh ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh, agus beidh idirthréimhse ann go dtí an 30 Meitheamh 2025.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2008/68/CE a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe

Leasaítear Treoir 2008/68/CE mar a leanas:

1.

in Iarscríbhinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn I.1:

‘I.1.   ADR

Iarscríbhinní A agus B a ghabhann le ADR, de réir mar is infheidhme le héifeacht ón 1 Eanáir 2025, ar choinníoll go gcuirtear “Ballstát” in ionad “páirtí conarthach” de réir mar is iomchuí.’;

2.

in Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn II.1:

‘II.1.   RID

An Iarscríbhinn a ghabhann le RID, de réir mar is infheidhme le héifeacht ón 1 Eanáir 2025, ar choinníoll go gcuirtear “Ballstát” in ionad “Stát Conarthach RID” de réir mar is iomchuí.’;

3.

in Iarscríbhinn III, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn III.1:

‘III.1.   ADN

Na Rialacháin atá i gceangal le ADN, de réir mar is infheidhme le héifeacht ón 1 Eanáir 2025, chomh maith le hAirteagal 3, pointí (f) agus (h) agus Airteagal 8(1) agus (3) de ADN, ar choinníoll go gcuirtear “Ballstát” in ionad “páirtí conarthach” de réir mar is iomchuí.’.

Airteagal 2

Trasuí

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 30 Meitheamh 2025. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl láithreach don Choimisiún.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna déanamh sa Bhruiséil, an 15 Samhain 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 260, 30.9.2008, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/68/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dir_del/2025/149/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top