Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025L0050

Treoir (AE) 2025/50 ón gComhairle an 10 Nollaig 2024 maidir le faoiseamh níos tapúla agus níos sábháilte ó fharasbarr cánacha siarchoinneálacha

ST/10058/2024/INIT

IO L, 2025/50, 10.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2025/50/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2025/50/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/50

10.1.2025

TREOIR (AE) 2025/50 ÓN gCOMHAIRLE

an 10 Nollaig 2024

maidir le faoiseamh níos tapúla agus níos sábháilte ó fharasbarr cánacha siarchoinneálacha

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 115 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis di an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint do na tuairimí ó Pharlaimint na hEorpa (1) ,

Ag féachaint do na tuairimí ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

I measc na bpríomhthosaíochtaí polaitiúla don Aontas tá cánachas cothrom a áirithiú sa mhargadh inmheánach agus dea-fheidhmiú aontas na margaí caipitil. Sa chomhthéacs sin, tá sé ríthábhachtach constaicí ar infheistíocht trasteorann a bhaint, agus calaois chánach agus mí-úsáid chánach a chomhrac an tráth céanna. Is ann do na bacainní sin, mar shampla, i gcás nósanna imeachta atá mí-éifeachtach agus díréireach ó thaobh ualaigh de a úsáidtear chun faoiseamh a thabhairt ó fharasbarr cánacha arna siarchoinneáil ag an bhfoinse ar ioncam díbhinne nó úis a íoctar ar scaireanna nó bannaí arna dtrádáil go poiblí le hinfheisteoirí neamhchónaitheacha. Ina theannta sin, i gcásanna áirithe, is léir nach leor an méid a dhéantar faoi láthair chun rioscaí athfhillteacha calaoise cánach, imghabhála cánach agus seachanta cánach a chosc, mar a léirítear leis an iliomad cásanna aiséilimh cánach agus calaoise a bhaineann le húsáid arbatráiste díbhinne nó scafa díbhinne (Cum/Cum agus Cum/Ex). Dá bhrí sin, leis an Treoir seo féachtar le nósanna imeachta um cháin shiarchoinneálach a dhéanamh níos éifeachtúla, agus iad a neartú an tráth céanna in aghaidh an riosca a bhaineann le calaois chánach agus mí-úsáid chánach.

(2)

Chun cur le cumas na mBallstát calaois chánach agus mí-úsáid chánach a chosc agus a chomhrac, rud a bhfuil bac á chur air faoi láthair ag easpa ghinearálta faisnéis iontaofa thráthúil maidir le hinfheisteoirí, caithfidh deis a bheith ann creat coiteann um fhaoiseamh ó fharasbarr cánacha siarchoinneálacha ar infheistíochtaí trasteorann in urrúis a leagan síos atá athléimneach in aghaidh riosca calaoise cánach agus mí-úsáide cánach. De thoradh an chreata sin, bheadh cóineasú ann idir na nósanna imeachta éagsúla faoisimh a chuirtear i bhfeidhm sna Ballstáit agus ag an am céanna trédhearcacht agus cinnteacht a áirithiú maidir le céannacht na n-infheisteoirí le haghaidh eisitheoirí urrús, gníomhairí cánach siarchoinneálaí, idirghabhálaithe airgeadais agus na mBallstát, de réir mar a bheidh. Chuige sin, ba cheart don chreat a bheith ag brath ar nósanna imeachta uathoibrithe, mar shampla digiteáil an deimhnithe um chónaí cánach (ó thaobh nós imeachta agus foirme de araon). Ba cheart an creat a bheith solúbtha go leor freisin chun na córais éagsúla is infheidhme i mBallstáit éagsúla a chur san áireamh go cuí agus uirlisí frith-mhí-úsáide iomchuí a sholáthar chun rioscaí calaoise cánach, imghabhála cánach agus seachanta cánach a mhaolú. I ndáil leis sin, is gá cuir chuige éagsúla na n-údarás cánach a chur san áireamh, ag brath ar an gcóras faoisimh atá i bhfeidhm. Faoin gcóras um fhaoiseamh ag an bhfoinse, ní féidir leis na húdaráis chánach faisnéis ábhartha a fháil faoi na hinfheisteoirí agus faoin slabhra íocaíochta ach a gcuirfear an faoiseamh i bhfeidhm. Os a choinne sin, i gcás ina gcuirtear córas aisíocaíochta i bhfeidhm, tá sé ríthábhachtach go bhfaighidh na húdaráis chánach faisnéis leordhóthanach, sula gcuirtear an faoiseamh i bhfeidhm, chun a mheas ar cheart an faoiseamh a dheonú nó nár cheart. Sa dá chóras faoisimh, bunaítear rialacha maidir le dliteanas an idirghabhálaí airgeadais i gcás faoiseamh míchuí. Ní chuireann an Treoir seo srian ar chumas Ballstáit na modhanna a rialáil trína ndéanann idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe aon eisíocaíocht a chaitear chun oiriúnú do na hoibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo nó chun na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh a fhorchúiteamh.

(3)

I bhfianaise na ndifríochtaí sin agus phrionsabal na comhréireachta freisin, níor cheart forálacha na Treorach seo maidir le cláir náisiúnta d’idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe, ná oibleagáidí chun faisnéis a thuairisciú a bheith ceangailteach ar na Ballstáit sin a bhfuil córas cuimsitheach um fhaoiseamh ag an bhfoinse i bhfeidhm acu agus cóimheas caipitlithe margaidh atá faoi bhun tairseach áirithe, mar a shainítear sa Treoir seo. Ba cheart a mheas gur baineadh amach an cuspóir maidir le córais éifeachtúla láidre a chur chun cinn i gcomhair faoiseamh ó fharasbarr cánach siarchoinneálaí ar fud an mhargaidh inmheánaigh nuair a chomhlíonann na Ballstáit a leanann dá gcóras náisiúnta um fhaoiseamh ag an bhfoinse a chur i bhfeidhm an dá chritéar sin mar a leagtar amach sa Treoir seo iad. Ar an gcéad dul síos, tá critéar an chaipitlithe margaidh ag teacht le méid an gheilleagair agus le scála na n-íocaíochtaí díbhinne a d’fhéadfadh a bheith ann. Tugann caipitliú margaidh íseal le tuiscint go bhfuil méideanna ísle íocaíochtaí díbhinní ann agus, dá bhrí sin, go bhfuil riosca níos ísle ann maidir le mí-úsáid cánach. Nuair a shroichfidh Ballstát an tairseach cóimheas caipitlithe margaidh nó nuair a sháróidh sé é ar feadh tréimhse áirithe ama, ba cheart feidhm a bheith ag comhrialacha na Treorach seo agus ba cheart dóibh leanúint de bheith infheidhme, gan beann ar cibé acu a thiteann nó nach dtiteann a chóimheas caipitlithe margaidh faoi bhun na tairsí sin tráth ar bith ina dhiaidh sin. Ar an dara dul síos, maidir leis na córais chuimsitheacha um fhaoiseamh ag an bhfoinse lena gceadaítear an ráta cánach iomchuí a chur i bhfeidhm tráth na híocaíochta ar bhealach simplí éifeachtúil, ba cheart a mheas go bhfuil siad coibhéiseach leis an gcóras um fhaoiseamh ag an bhfoinse a leagtar amach sa Treoir seo. Má áirítear an dá chritéar sin i dteannta a chéile, is féidir a áirithiú go mbeidh rochtain éifeachtach ag infheisteoirí ar fud an mhargaidh inmheánaigh ar nósanna imeachta éifeachtúla um fhaoiseamh cánach siarchoinneálaí i ngach Ballstát. I gcás na mBallstát sin a bhfuil stocmhargadh measartha beag acu agus a bhfuil a gcóras náisiúnta um fhaoiseamh ag an bhfoinse éifeachtúil go leor, ní mheasfaí go mbeadh ceanglas chun na córais sin a athrú comhréireach. Ina theannta sin, ós rud é go gcumhdófaí le comhrialacha na Treorach seo an margadh inmheánach ina iomláine, nach mór, bhainfí amach leibhéal iomchuí cóineasaithe.

(4)

Leis an Treoir seo comhchuibhítear an rochtain ar chórais um fhaoiseamh d’infheisteoirí i ngach Ballstát trí chóras comhchoiteann um fhaoiseamh ag an bhfoinse agus córas comhchoiteann mear-aisíocaíochta a chur ar fáil, agus an deis a bheith ann fós ag na Ballstáit a gcórais náisiúnta um fhaoiseamh ag an bhfoinse a choinneáil, faoi choinníollacha áirithe agus na difríochtaí i bhforbairt gheilleagair na mBallstát á gcur san áireamh, agus an rochtain ar chórais faoisimh sna Ballstáit á háirithiú ag an am céanna. In aon chás, ag brath ar chritéir measúnaithe riosca, d’fhéadfadh na Ballstáit lena mbaineann, a mheasann gurb iomchuí, mar shampla, a n-ionstraimí a neartú chun calaois chánach agus mí-úsáid chánach a chomhrac, na huirlisí dá bhforáiltear sa Treoir seo a chur i bhfeidhm.

(5)

Chun go measfar gur córas cuimsitheach córas náisiúnta um fhaoiseamh ag an bhfoinse, ba cheart roinnt príomhghnéithe sonracha a bheith ann mar a leagtar amach sa Treoir seo. Ba cheart dó rochtain leathan a sholáthar do dhuine nádúrtha nó d’eintiteas atá i dteideal an fhaoisimh sin agus ba cheart dó faoiseamh a sholáthar má tá an cáiníocóir ina theideal, ach amháin i gcás nach dtuairiscítear an fhaisnéis a éilíonn an Ballstát. I bprionsabal, níor cheart faisnéis a éileamh sa bhreis ar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 12, Airteagal 13 nó Airteagal 15. Ba cheart don chóras náisiúnta um fhaoiseamh ag an bhfoinse rochtain a thabhairt i gcás infheistíochtaí díreacha agus indíreacha araon agus níor cheart bacainní iontrála breise a bheith ann seachas na bacainní sin dá bhforáiltear in Airteagal 11(2). Dá bhrí sin, ní hamháin gur cheart don chóras náisiúnta um fhaoiseamh ag an bhfoinse deis dhlíthiúil a thabhairt i dtaobh faoisimh, ach ba cheart faoiseamh a dheonú de facto freisin, i gcásanna ina bhfuil an cáiníocóir ina theideal. Níor cheart don chóras náisiúnta um fhaoiseamh ag an bhfoinse oibleagáid bhreise mar shampla córas comhthreomhar tuairiscithe a fhorchur. Ba cheart don Bhallstát rialacha a leagan síos maidir le dliteanas i leith caillteanas ioncaim ó cháin shiarchoinneálach agus pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta maidir leis an gcóras sin um fhaoiseamh ag an bhfoinse. Maidir le coinníoll an chóimheasa caipitlithe margaidh, ba cheart don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí na sonraí a éilítear faoi chaighdeáin theicniúla rialála a sholáthar. I gcás nach gcomhlíonann Ballstát ceann amháin ar a laghad den dá choinníoll maidir leis an gcóras cuimsitheach um fhaoiseamh ag an bhfoinse agus tairseach an chóimheasa caipitlithe margaidh nó nach gcomhlíonann sé a thuilleadh é, ba cheart dó forálacha uile na Treorach seo a thrasuí sa reachtaíocht náisiúnta.

(6)

Chun cur chuige comhréireach a áirithiú, is iad na nósanna imeachta um fhaoiseamh a thabhairt ó fharasbarr cánacha siarchoinneálacha sna Ballstáit sin a dhéanann cáin shiarchoinneálach a thobhach ar dhíbhinní airgid nó stoic ag rátaí éagsúla ag brath ar chónaí cánach an infheisteora faoi leith, agus sna Ballstáit sin amháin, is ceart a chumhdach faoin Treoir seo. Sna cásanna sin, ní mór do na Ballstáit faoiseamh a sholáthar i gcás inar cuireadh ráta cánach níos airde i bhfeidhm i gcás ina bhfuil ráta níos ísle infheidhme. Ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit freisin nósanna imeachta comhchosúla a chur chun feidhme maidir le híocaíochtaí úis le neamhchónaitheoirí ar bhannaí arna dtrádáil go poiblí, chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht an nós imeachta faoisimh ábhartha agus chun leibhéal níos airde comhlíontachta a áirithiú i gcás na gcáiníocóirí. Na Ballstáit nach bhfuil gá acu le nósanna imeachta faoisimh i ndáil le farasbarr cánacha siarchoinneálacha ar dhíbhinní, agus ús, de réir mar a bheidh, níl na nósanna imeachta dá dtagraítear sa Treoir seo bainteach leo. I gcás ina bhfuil gá le faoiseamh ó fharasbarr cánacha siarchoinneálacha, agus chun rochtain choiteann ar fhaoiseamh ó fharasbarr cánacha siarchoinneálacha a áirithiú, ba cheart don Treoir seo foráil a dhéanamh maidir le córas coiteann um fhaoiseamh ag an bhfoinse agus córas mear-aisíocaíochta a bheidh le cur chun feidhme ag na Ballstáit.

(7)

Ós rud é go bhféadfadh infheisteoirí a bheith lonnaithe in aon Bhallstát, ba cheart rialacha maidir le deimhniú coiteann digiteach um chónaí cánach (DDCC) a bheith infheidhme i ngach Ballstát. Chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag cáiníocóirí uile an Aontais ar chruthúnas coiteann, iomchuí agus éifeachtach ar a gcónaí cánach, ba cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as nósanna imeachta uathoibrithe chun deimhnithe um chónaí cánach a eisiúint chun córas um fhaoiseamh ag an bhfoinse, córas cuimsitheach um fhaoiseamh ag an bhfoinse, córas mear-aisíocaíochta nó gnáthchóras aisíocaíochta a chur i bhfeidhm chun faoiseamh a fháil ó fharasbarr cánach siarchoinneálaí ar dhíbhinní a íoctar as scaireanna arna dtrádáil go poiblí, nó ús a íoctar ar bhannaí arna dtrádáil go poiblí, más infheidhme. Thairis sin, ba cheart DDCCanna a eisiúint san fhoirm inaitheanta inghlactha chéanna agus ba cheart an t-ábhar céanna a bheith iontu.

(8)

Chun éifeachtúlacht níos fearr a áirithiú, ba cheart uastréimhse na bliana féilire nó na bliana fioscaí (mar shampla bliain fhioscach shrathrach nó bliain fhioscach is faide ná aon bhliain amháin féilire) dá n-eisítear é a chumhdach leis an DDCC agus ba cheart dó leanúint de bheith bailí chun cónaí a dheimhniú don tréimhse sin a chumhdaítear. Ba cheart do na Ballstáit eisiúna a bheith in ann DDCC a neamhbhailíochtú go hiomlán nó go páirteach má tá fianaise ag na húdaráis chánach nach cónaitheoir sa Bhallstát eisiúna an cáiníocóir ar feadh na tréimhse uile a chumhdaítear nó ar feadh cuid di. Chun gur féidir eintitis de chuid an Aontais a shainaithint go héifeachtúil, ba cheart a áireamh ar an DDCC an uimhir aitheantais chánach nó, ina héagmais sin, i.e. i gcás nach n-eisíonn an Ballstát lena mbaineann uimhreacha den sórt sin dá cháiníocóirí, coibhéis fheidhmiúil chun críoch cánach. Ina theannta sin, i gcás ina bhfuil na sonraí sin ag údarás eisiúna an DDCC, ba cheart don DDCC an t-aitheantóir uathúil Eorpach (EUID) nó an t-aitheantóir eintitis dhlítheanaigh (LEI) nó aon uimhir chlárúcháin eintitis dhlítheanaigh atá bailí don tréimhse iomlán a chumhdaítear, a áireamh. Thairis sin, i gcás nach ann d’uimhir aitheantais chánach do dhuine nádúrtha toisc nach n-eisíonn an Ballstát cónaithe uimhreacha den sórt sin dá cháiníocóirí, is féidir freisin coibhéis fheidhmiúil a úsáid chun críoch cánach. Ba cheart na haitheantóirí a úsáidtear a bheith bailí don tréimhse iomlán a chumhdaítear.

(9)

Ba cheart tagairt a bheith sa DDCC don choinbhinsiún um chánachas dúbailte, a n-iarrann cáiníocóir ina leith go measfaí gur cónaitheoir é chun críoch cánach, i gcás inarb infheidhme. Chun go n-aithneoidh an Ballstát foinseach gur cruthúnas bailí ar chónaí cánach é an DDCC, i gcás ina n-éilítear faoiseamh ó fharasbarr cánach siarchoinneálaí faoi fhorálacha coinbhinsiún um chánachas dúbailte, tá sé ríthábhachtach go bhfuil tagairt don choinbhinsiún um chánachas dúbailte is infheidhme sa DDCC. ba cheart don údarás eisiúna a bheith in ann tagairt a dhéanamh do níos mó ná coinbhinsiún amháin um chánachas dúbailte is infheidhme a lua ar DDCC ar leith. Cé gur chun na nósanna imeachta um cháin shiarchoinneálach a chur chun feidhme atá an DDCC go príomha, d’fhéadfadh raon feidhme níos leithne a bheith aige freisin agus d’fhéadfaí é a úsáid chun cónaí a chruthú chun críoch cánach lasmuigh de nósanna imeachta um cháin shiarchoinneálach. Chun críoch faoisimh ó nósanna imeachta um cháin shiarchoinneálach, níor cheart aon fhaisnéis bhreise a áireamh sa DDCC. Tá sé beartaithe gur aon uair amháin le linn na bliana féilire nó aon uair amháin le linn na bliana fioscaí a d’eiseofaí an DDCC, fiú nuair a infheistíonn an cáiníocóir céanna sna Ballstáit fhoinseacha chéanna arís agus arís eile, a fhad agus a fhanann cónaí an cháiníocóra chun críoch cánach mar an gcéanna.

(10)

Chun an cuspóir maidir le faoiseamh níos éifeachtúla ó fharasbarr cánach siarchoinneálaí a chomhlíonadh, ba cheart nósanna imeachta coiteanna a chur chun feidhme ar fud an Aontais, lena gceadófar faisnéis shoiléir shlán a fháil go tapa maidir le céannacht an infheisteora, go háirithe i gcás boinn mhóra infheisteoirí, eadhon, maidir le hinfheistíocht in urrúis arna dtrádáil go poiblí, i gcás ina bhfuil dúshláin ag baint le hinfheisteoirí aonair a shainaithint. Ba cheart a cheadú leis na nósanna imeachta sin freisin, an ráta cánach iomchuí a chur i bhfeidhm tráth na híocaíochta (faoiseamh ag an bhfoinse) nó chun aon fharasbarr cánach a íocadh a aisíoc go mear. Ós rud é go mbíonn slabhra íocaíochta idirghabhálaithe airgeadais i gceist le hinfheistíochtaí trasteorann de ghnáth, ba cheart a cheadú freisin le nósanna imeachta ábhartha slabhra na n-idirghabhálaithe a rianú agus a shainaithint agus, mar thoradh air sin, an sreabhadh ioncaim ó eisitheoir an urrúis chuig an úinéir cláraithe agus faisnéis faoin infheisteoir foluiteach. I gcás na gcineálacha socruithe infheistíochta is coitianta, is gnách go mbíonn páirt ag banc taisclainne nó eintiteas infheistíochta eile sa scéal, amhail bróicéir, a shealbhaíonn na hurrúis faoina ainm féin thar ceann an infheisteora fholuitigh. I socruithe den sórt sin, is é an t-infheisteoir foluiteach a mheasfaí a bheith mar úinéir cláraithe na n-urrús. Maidir le Ballstáit a chuireann cáin shiarchoinneálach i bhfeidhm ar ioncam ó urrúis agus a sholáthraíonn faoiseamh le haghaidh farasbarr cánach siarchoinneálaí agus nach bhfuil córas cuimsitheach um fhaoiseamh ag an bhfoinse i bhfeidhm acu, nó a bhfuil cóimheas caipitlithe margaidh acu atá cothrom leis an tairseach a leagtar amach sa Treoir seo nó os a chionn, ba cheart dóibh, dá bhrí sin, clár náisiúnta de na hidirghabhálaithe airgeadais sin a bhfuil ról suntasach acu sa slabhra íocaíochta a bhunú agus a choinneáil ar bun. A luaithe a chláraítear iad, ba cheart a cheangal ar na hidirghabhálaithe airgeadais sin an fhaisnéis atá ar fáil dóibh a thuairisciú maidir leis na híocaíochtaí díbhinne nó na híocaíochtaí úis, más infheidhme, a láimhseálann siad. Ba cheart an fhaisnéis a cheanglaítear a theorannú d’fhaisnéis atá ríthábhachtach chun an slabhra íocaíochta a athchruthú agus a bheadh úsáideach, dá bhrí sin, chun rioscaí calaoise cánach nó mí-úsáide cánach a chosc, a mhéid atá an fhaisnéis sin ar fáil don idirghabhálaí tuairiscithe. Maidir le Ballstáit a chuireann cáin shiarchoinneálach i bhfeidhm ar ús ag rátaí éagsúla agus ar gá dóibh dul i mbun nósanna imeachta faoisimh comhchosúla, nó a bhfuil córas cuimsitheach um fhaoiseamh ag an bhfoinse i bhfeidhm acu le haghaidh íocaíochtaí díbhinne agus a bhfuil cóimheas caipitlithe margaidh acu atá faoi bhun na tairsí a leagtar amach sa Treoir seo, d’fhéadfaidís féachaint freisin ar an gclár náisiúnta bunaithe a úsáid, de réir mar a bheidh.

(11)

Ós rud é gur institiúidí móra mar a shainmhínítear sin i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus taisclanna lárnacha urrús a sholáthraíonn seirbhísí gníomhairí cánach siarchoinneálaí iad na hidirghabhálaithe airgeadais is minice a bhíonn páirteach i slabhraí íocaíochta na n-urrús, ba cheart oibleagáid a bheith ar na heintitis sin a iarraidh go gclárófaí iad ar chláir náisiúnta na mBallstát. I gcás ina n-oibríonn na heintitis sin trí bhrainse nó brainsí nó trí fhochuideachta amháin nó níos mó in aon Bhallstát, ba cheart cead a bheith acu an oibleagáid chlárúcháin a chomhlíonadh i ngach Ballstát foinseach mar idirghabhálaí airgeadais deimhnithe amháin ar leibhéal an ghrúpa nó ar leibhéal an bhrainse aonair nó na fochuideachta aonair nó mar theaglaim díobh sin. Ina theannta sin ba cheart cead a bheith ag idirghabhálaithe airgeadais eile a iarraidh ar go gclárófaí iad ar chláir náisiúnta na mBallstát dá rogha féin. Sa dá chás, faoi chlárú éigeantach nó deonach, ba cheart an tsolúbthacht a bheith ag idirghabhálaithe airgeadais an iarraidh a dhéanamh iad féin nó go ndéanfadh idirghabhálaí airgeadais eile, ar cuid den ghrúpa céanna é agus a ghníomhaíonn thar a gceann, ionadaíocht orthu chun an t-ualach riaracháin agus an tionchar ar an gcaoi ar mian leo a bheith eagraithe a íoslaghdú. Ba cheart d’idirghabhálaithe airgeadais an clárú a iarraidh trí iarraidh a chur isteach trí Thairseach Eorpach na nIdirghabhálaithe Airgeadais Deimhnithe (‘an Tairseach’) ar cheart di feidhmiú mar phointe iontrála aonair. Ba cheart na hiarrataí sin a chur ar aghaidh tríd an Tairseach chuig na Ballstáit ábhartha. Ina dhiaidh sin, ba cheart do na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir leis an iarraidh ar chlárú. Dá bhrí sin, ba cheart don Tairseach feidhmiú mar uirlis lena léirítear cinntí na mBallstát maidir le clárú na n-idirghabhálaithe airgeadais.

(12)

Ba cheart foráil a dhéanamh sa Treoir seo freisin maidir le rialacha i ndáil leis na ceanglais a bhaineann leis an gclárú ar chláir náisiúnta chomh maith le rialacha maidir leis an gclárú sin a dhiúltú. I gcás ina ndiúltaítear iarraidh ar chlárú, ba cheart a cheadú fós d’idirghabhálaithe airgeadais iarratas eile ar chlárú a dhéanamh ag céim níos déanaí, má réitítear na forais don diúltú. A luaithe a chláraítear iad, ba cheart idirghabhálaithe airgeadais a mheas mar ‘idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe’ sa Bhallstát faoi seach agus ba cheart iad a bheith faoi réir na n-oibleagáidí ar idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe faoin Treoir seo. Ba cheart do na Ballstáit an Tairseach a thabhairt cothrom le dáta maidir le clárú idirghabhálaí airgeadais dheimhnithe. Ba cheart foráil a dhéanamh sa Treoir seo freisin maidir le rialacha i ndáil le hidirghabhálaithe airgeadais deimhnithe a bhaint den chlár náisiúnta nó maidir le diúltú dóibh an fhéidearthacht a bheith ann dóibh faoiseamh a iarraidh. I gcás ina gcinnfidh Ballstát idirghabhálaí airgeadais deimhnithe a bhaint den chlár, ina ndiúltaíonn sé an fhéidearthacht a thabhairt d’idirghabhálaí airgeadais deimhnithe faoiseamh a iarraidh nó ina ndiúltaíonn sé d’iarraidh ar chlárú, ba cheart don Bhallstát sin an Tairseach a thabhairt cothrom le dáta dá réir sin. Is é is cuspóir do na nuashonruithe sin deis a thabhairt do na Ballstáit meastóireacht a dhéanamh ar na bearta a rinneadh, amhail an bhaint nó an diúltú, agus na bearta sin a chur san áireamh i gcomhthéacs aon iarrata ar chlárú a dhéanfaidh an t-idirghabhálaí airgeadais céanna ina gclár náisiúnta féin amach anseo. Tá feidhm ag rialacha náisiúnta na mBallstát lena mbaineann maidir le cearta agus oibleagáidí na bpáirtithe lena mbaineann, lena n-áirítear an ceart maidir le hachomharc, i ndáil le haon chinneadh arna dhéanamh ag Ballstát maidir le clárú agus baint óna chlár náisiúnta.

(13)

Chun níos mó trédhearcachta a áirithiú maidir le céannacht agus imthosca an infheisteora a fhaigheann íocaíocht díbhinne nó úis agus maidir le sreabhadh na n-íocaíochtaí ón eisitheoir, ba cheart d’idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe an fhaisnéis ábhartha a thuairisciú laistigh d’amlínte sonracha. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le dhá rogha tuairiscithe sa Treoir seo: tuairisciú díreach agus tuairisciú indíreach. I gcás inar tuairisciú díreach a bheadh i gceist, ba cheart d’idirghabhálaí airgeadais deimhnithe tuairisciú go díreach d’údarás inniúil an Bhallstáit fhoinsigh. I gcás inar tuairisciú indíreach a bheadh i gceist, ba cheart do na hidirghabhálaithe airgeadais deimhnithe an fhaisnéis a sholáthar feadh shlabhra íocaíochta na n-urrús in ord seicheamhach, agus i leith shuíomh na n-idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe sin sa slabhra íocaíochta urrús ar cuid de iad. Is é an toradh ba cheart a bheith air sin go sroichfeadh an fhaisnéis sin an gníomhaire cánach siarchoinneálaí nó idirghabhálaí airgeadais deimhnithe ainmnithe arb é a thuairiscíonn an fhaisnéis d’údarás inniúil an Bhallstáit fhoinsigh. Ba cheart a áireamh sna sonraí arna dtuairisciú faisnéis maidir le hincháilitheacht an infheisteora lena mbaineann, ach ba cheart na sonraí a bheith teoranta don fhaisnéis atá ar fáil don idirghabhálaí airgeadais deimhnithe tuairiscithe. Maidir le hidirghabhálaithe airgeadais nach bhfuil faoi oibleagáid clárú mar idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe agus a roghnaigh gan clárú amhlaidh, níor cheart aon oibleagáid tuairiscithe a bheith orthu faoin Treoir seo. Mar sin féin, tá faisnéis faoi na híocaíochtaí a láimhseálann na hidirghabhálaithe sin nach idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe iad ábhartha i gcónaí maidir le hatógáil chuí an tslabhra íocaíochta sula gcuirfear na córais faoisimh a leagtar amach sa Treoir seo i bhfeidhm.

(14)

Chun a áirithiú nach bhfuil aon bhearnaí faisnéise sa slabhra íocaíochta agus chun a chur ar chumas infheisteoirí rochtain a fháil ar na nósanna imeachta faoisimh, ba cheart, leis an Treoir seo, cead a thabhairt d’idirghabhálaí airgeadais deimhnithe, gan beann ar cibé acu atá nó nach bhfuil baint dhíreach aige le slabhra íocaíochta sonrach, ról idirghabhálaí airgeadais laistigh den slabhra sin a ghlacadh. Tugann sé sin le tuiscint go bhfuil na freagrachtaí agus na dliteanais a bhaineann le tuairisciú faisnéise agus leis an gcóras faoisimh a bheadh ar idirghabhálaí airgeadais, dá mb’idirghabhálaí airgeadais deimhnithe é, ar an idirghabhálaí airgeadais deimhnithe. Tríd an socrú sin idir idirghabhálaithe airgeadais, bheadh na húdaráis chánach in ann an fhaisnéis ábhartha uile a fháil agus faisnéis a réiteach feadh an tslabhra íocaíochta ar fad ar bhealach éifeachtach, agus bheadh infheisteoirí in ann rochtain a fháil ar an gcóras faoisimh, fiú i gcásanna a bhfuil idirghabhálaí airgeadais nach bhfuil cláraithe i mBallstát ná faoi cheangal ag na hoibleagáidí faoin Treoir seo bainteach leo.

(15)

Níor cheart, leis an Treoir seo, cosc a chur ar idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe na cúraimí a bhaineann le comhlíonadh a n-oibleagáidí faoin Treoir seo a sheachfhoinsiú. Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ag idirghabhálaí airgeadais deimhnithe brath ar thríú páirtí chun na hoibleagáidí ábhartha maidir le nósanna imeachta um cháin shiarchoinneálach a chomhlíonadh. Ar aon chuma, ba cheart do na hoibleagáidí sin leanúint de bheith faoi fhreagracht an idirghabhálaí airgeadais dheimhnithe a rinne a fhreagrachtaí a sheachfhoinsiú.

(16)

Chun aontas na margaí caipitil a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos iomaíche, ba cheart na nósanna imeachta um fhaoiseamh ó fharasbarr cánacha siarchoinneálacha ar ioncam ó urrúis a éascú agus a luathú, i gcás ina mbeidh faisnéis leordhóthanach curtha ar fáil ag idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe ábhartha, lena n-áirítear faisnéis faoi chéannacht an infheisteora. Is éard atá sna hidirghabhálaithe airgeadais deimhnithe ábhartha na hidirghabhálaithe airgeadais deimhnithe sin uile sa slabhra íocaíochta urrús atá idir an t-infheisteoir agus eisitheoir na n-urrús agus a bhféadfadh sé a bheith de cheangal orthu faisnéis a sholáthar maidir le híocaíochtaí arna ndéanamh ag idirghabhálaithe airgeadais neamhdheimhnithe sa slabhra. Agus na cineálacha éagsúla cur chuige ar fud na mBallstát á gcur san áireamh, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le dhá chineál nós imeachta: ar an gcéad dul síos, córas um fhaoiseamh ag an bhfoinse ina gcuirtear an ráta cánach iomchuí i bhfeidhm go díreach tráth a shiarchoinneála, agus, ar an dara dul síos, córas mear-aisíocaíochta ina gcuireann an t-idirghabhálaí airgeadais deimhnithe iarraidh ar aisíocaíocht isteach agus ina ndéanann údarás cánach an Bhallstáit fhoinsigh é a phróiseáil faoi spriocdháta socraithe dá bhforáiltear sa Treoir seo. Muna bpróiseáiltear aisíocaíochtaí den sórt sin faoin spriocdháta sin, ba cheart ús ar íocaíocht dhéanach a chur i bhfeidhm i gcás ina bhforáiltear amhlaidh sna rialacha náisiúnta. Ba cheart do na Ballstáit a chuireann caibidil III den Threoir seo i bhfeidhm a bheith in ann córas um fhaoiseamh ag an bhfoinse nó córas mear-aisíocaíochta nó meascán díobh a thabhairt isteach, lena n-áiritheofar go mbeidh córas amháin ar a laghad ar fáil do gach infheisteoir, i gcomhréir le ceanglais na Treorach seo. Ba cheart do Bhallstát a roghnaigh meascán den sórt sin a bheith in ann úsáid córais a theorannú go haon chóras amháin le haghaidh cásanna sonracha, mar shampla cásanna lena mbaineann riosca íseal, ar choinníoll go mbeidh an córas eile fós ar fáil le haghaidh gach cáis eile a chumhdaítear faoin Treoir seo. Iad siúd a fhaigheann íocaíochtaí lasmuigh de raon feidhme na Treorach seo, mar shampla díbhinní ó chuideachtaí liostaithe a íoctar le húinéirí cláraithe atá ina gcónaí chun críoch cánach sa Bhallstát foinseach, díbhinní ó chuideachtaí neamhliostaithe nó ús i gcásanna nár roghnaigh Ballstát an Treoir seo a chur i bhfeidhm maidir le híocaíochtaí úis, d’fhéadfadh siad a bheith i dteideal faoiseamh ó fharasbarr cánach siarchoinneálaí a iarradh fós faoi chóras náisiúnta um fhaoiseamh ag an bhfoinse nó aisíocaíochta is infheidhme maidir leis na nósanna imeachta a chomhfhreagraíonn do na híocaíochtaí sin.

(17)

I gcás nach gcomhlíontar ceanglais ábhartha na Treorach seo le haghaidh íocaíochtaí faoi raon feidhme na Treorach seo, nó i gcás inar mian leis an infheisteoir lena mbaineann, ba cheart do na Ballstáit nósanna imeachta um fhaoiseamh cánach siarchoinneálaí bunaithe ar ghnáthchóras aisíocaíochta náisiúnta a chur i bhfeidhm mar cúltaca maidir leis na nósanna imeachta meara a leagtar síos sa Treoir seo. Níor cheart d’infheisteoirí atá i dteideal faoisimh ná dá n-ionadaithe údaraithe, a bheith in ann an farasbarr cánach siarchoinneálaí a íocadh i mBallstát a aiséileamh ach amháin i gcás nár bhain an t-idirghabhálaí airgeadais deimhnithe úsáid as an gcóras um fhaoiseamh ag an bhfoinse ná as an gcóras mear-aisíocaíochta.

(18)

I gcás ina bhfuil riosca calaoise nó mí-úsáide cánach ann, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann bearta frithchalaoise a fhorfheidhmiú agus imscrúduithe críochnúla a dhéanamh sula ndéantar iarraidh ar mhear-aisíocaíocht a phróiseáil. Chun é sin a dhéanamh, ba cheart é a bheith de cheart ag na Ballstáit iarraidh ar aisíocaíocht a dhiúltú faoi choinníollacha áirithe. Ba cheart a áireamh ar na coinníollacha sin cásanna nach gcomhlíontar na ceanglais maidir le hiarraidh den sórt sin nó cásanna nach féidir an slabhra íocaíochta a athchruthú. Ba cheart é a bheith indéanta chomh maith diúltú d’iarraidh ar aisíocaíocht freisin i gcás ina gcinnfidh Ballstát tús a chur le nós imeachta fíorúcháin nó iniúchadh cánach bunaithe ar chritéir measúnaithe riosca. Ba cheart é a bheith indéanta na nósanna imeachta fíorúcháin nó na hiniúchtaí cánach sin a dhéanamh in aon chás a shainaithnítear mar chás lena mbaineann riosca calaoise nó mí-úsáide cánach.

(19)

Chun na córais le haghaidh faoiseamh ó fharasbarr cánacha siarchoinneálacha a choimirciú, ba cheart do na Ballstáit a choinníonn clár náisiúnta ar bun é a chur de cheangal ar idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe incháilitheacht infheisteoirí ar mian leo faoiseamh a éileamh a fhíorú freisin. Go háirithe, ba cheart d’idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe deimhniú um chónaí cánach an infheisteora ábhartha a bhailiú, agus dearbhú a bhailiú go bhfuil an t-infheisteoir sin i dteideal faoiseamh cánach siarchoinneálaí a fháil faoi rialacha náisiúnta an Bhallstáit fhoinsigh nó de réir coinbhinsiún um chánachas dúbailte agus, má éilíonn an Ballstát foinseach sin, dearbhú a bhailiú gurb é an t-úinéir tairbhiúil an infheisteoir i ndáil leis an díbhinn nó an íocaíocht úis i gcomhréir le rialacha náisiúnta an Bhallstáit fhoinsigh nó le coinbhinsiún um chánachas dúbailte, mar a thuairiscítear sa Tráchtaireacht ar Airteagal 10 nó 11 de Shamhailchoinbhinsiún Cánach ECFE ar Ioncam agus ar Chaipiteal. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith de rogha ag na Ballstáit fhoinseacha an dearbhú maidir le húinéireacht thairbhiúil a éileamh.

(20)

Ba cheart a cheangal ar na hidirghabhálaithe airgeadais deimhnithe an ráta cánach siarchoinneálaí is infheidhme a fhíorú bunaithe ar imthosca sonracha an infheisteora agus a léiriú an bhfuil siad ar an eolas faoi aon socrú airgeadais a bhaineann leis na hurrúis fholuiteacha nár socraíodh, nach ndeachaigh in éag nó nár foirceannadh roimh an dáta ex-dhíbhinne. Sa chomhthéacs sin, ba cheart an oibleagáid a thuiscint sa chiall gur cheart don idirghabhálaí airgeadais deimhnithe is gaire don infheisteoir, a chliant, bearta réasúnacha a dhéanamh chun na seiceálacha sin a dhéanamh de mheon macánta. Mar shampla, ba cheart d’idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe a sheiceáil an bhfuil an fhaisnéis sa DDCC nó a choibhéis, nó an fhaisnéis i ndearbhú an infheisteora, ag teacht salach ar an bhfaisnéis a bhailigh na hidirghabhálaithe airgeadais deimhnithe sin faoina gcliant ina ngnáthchúrsa gnó. Áirítear san fhaisnéis sin faisnéis faoi chuntas an infheisteora agus faisnéis eile a d’fhéadfadh a bheith bailithe acu mar thoradh ar na Rialacha is infheidhme maidir le ‘bíodh aithne agat ar do chustaiméirí’ a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, níor cheart a cheangal ar idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe tuilleadh seiceálacha a dhéanamh ná tuilleadh faisnéise a iarraidh agus a bhailiú óna gcustaiméir. Ina theannta sin, ba cheart a cheangal ar an infheisteoir an t-idirghabhálaí airgeadais a chur ar an eolas faoi aon athruithe ina imthosca ábhartha. Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit ceanglais díchill chuí a dhéanamh ar bhonn bliantúil mura rud é gurb eol don idirghabhálaí airgeadais deimhnithe nó go bhfuil cúiseanna ann gur cheart gurb eol dó go bhfuil athrú imthosca ann nó go bhfuil an fhaisnéis mícheart nó neamhiontaofa.

(21)

Bíonn cur i bhfeidhm nósanna imeachta um fhaoiseamh cánach siarchoinneálaí faoin Treoir seo faoi réir an choinníll gurb é an t-úinéir cláraithe, ar duine nádúrtha nó eintiteas é agus atá incháilithe an díbhinn nó an t-ús a fháil mar shealbhóir na n-urrús, freisin an duine atá i dteideal an fhaoisimh ó cháin shiarchoinneálach i gcomhréir le rialacha náisiúnta an Bhallstáit fhoinsigh nó le coinbhinsiún um chánachas dúbailte, de réir mar is infheidhme. I gcás inarb é an t-úinéir cláraithe an té freisin atá i dteideal an fhaoisimh, níor cheart feidhm a bheith ach ag na forálacha le haghaidh infheistíochtaí díreacha, agus acusan amháin. I gcásanna, nach é an t-úinéir cláraithe an duine atá i dteideal an fhaoisimh, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha le haghaidh infheistíochtaí indíreacha. Tugann na forálacha le haghaidh infheistíochtaí indíreacha faoiseamh i gcásanna ina bhféadfadh gnóthais chomhinfheistíochta áirithe, nó na hinfheisteoirí iontu, a bheith i dteideal faoisimh ach nach iadsan an t-úinéir cláraithe toisc go bhfuil na hurrúis i seilbh duine dhlítheanaigh eile nó ag gnóthas comhinfheistíochta atá trédhearcach ó thaobh cúrsaí fioscacha de. Áirithítear leis na forálacha le haghaidh infheistíochtaí indíreacha go mbeidh rochtain ag infheisteoirí dlisteanacha ar na nósanna imeachta faoin Treoir seo. Dá bhrí sin, ba cheart a áireamh faoi choincheap an ghnóthais comhinfheistíochta gnóthais chomhinfheistíochta atá i dteideal faoiseamh ó fharasbarr cánach siarchoinneálaí thar a gceann féin agus gnóthais chomhinfheistíochta ina bhfuil na hinfheisteoirí a bhfuil cothromas ina seilbh acu i dteideal faoisimh, bunaithe ar rialacha náisiúnta an Bhallstáit fhoinsigh nó ar choinbhinsiún um chánachas dúbailte. Nuair is le hinfheistíochtaí indíreacha a bheidh sé bainteach, ba cheart don idirghabhálaí airgeadais deimhnithe a bheith faoi oibleagáid ceanglais an díchill chuí a chomhlíonadh i gcónaí. Ina theannta sin, ba cheart é a bheith indéanta don idirghabhálaí airgeadais deimhnithe a chur faoi dhliteanas i gcás go mbeidh aon chaillteanas ioncam cánach ann.

(22)

Aithnítear gur féidir socruithe airgeadais a úsáid chun úinéireacht urrúis nó rioscaí infheistíochta ábhartha a athrú, go hiomlán nó go páirteach. Tá sé amhlaidh freisin gur úsáideadh na socruithe sin i scéimeanna arbatráiste díbhinní agus scéimeanna le haghaidh scamhadh díbhinní mar shampla na scéimeanna Cum/Ex agus Cum/Cum, chun críche acu aisíocaíochtaí a fháil i gcásanna nach raibh aon teidlíocht ann ina leith nó méid na haisíocaíochta a raibh infheisteoir ina teideal a mhéadú, agus chun na críche sin amháin. Ba cheart é a bheith indéanta socruithe a chur san áireamh cur i gcás conarthaí amach anseo, idirbhearta athcheannaigh, iasacht urrús agus iasachtaíocht urrús, idirbhearta díola aischeannaigh nó idirbhearta aischeannaigh díola, díorthaigh, idirbhearta iasachta corrlaigh agus conarthaí difríochta mar shocruithe airgeadais i gcásanna ina dtugtar le tuiscint leo go bhfuil deighilt shealadach nó bhuan idir an duine nádúrtha nó an t-eintiteas a sheasann rioscaí eacnamaíocha na hinfheistíochta agus úinéir dlíthiúil na scaire nó na gceart foluiteach. Ní samplaí uileghabhálacha iad sin.

(23)

Thairis sin, i gcás socruithe airgeadais, tuigtear nach n-aistrítear úinéireacht na n-urrús chuig an gceannaitheoir ná chuig an iasachtaí más ar dhíoltóir nó iasachtóir na n-urrús i gcónaí atá an riosca eacnamaíoch trí bhíthin aon idirbhearta dlíthiúla mar shampla iasachtú urrús, roghanna nó conarthaí amach anseo. Ba cheart é a bheith indéanta aon socrú faoina ndéantar díbhinní a chúiteamh idir na páirtithe lena mbaineann a mheas mar shocrú airgeadais. Ní gá gur in airgead tirim i gcónaí a dhéanfaí na páirtithe sin lena mbaineann a chúiteamh, ach is féidir iad a chúiteamh ar bhealaí níos indírí freisin, amhail trí dhifríochtaí i bpraghas urrús nó díorthach. Tá faisnéis faoi na socruithe airgeadais riachtanach d’údaráis chánach chun calaois chánach agus mí-úsáid chánach a chomhrac. Nuair a thuairiscítear an fhaisnéis sin go díreach, níor cheart í a éileamh ach ar na hidirghabhálaithe airgeadais deimhnithe a bhféadfadh sé, mar gheall ar a suíomh laistigh den slabhra, go raibh siad ag gabháil go díreach leis an socrú airgeadais ábhartha, rud a bheidh amhlaidh i gcás na n-idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe a iarrann faoiseamh. Nuair a thuairiscítear an fhaisnéis sin go hindíreach, ba cheart d’idirghabhálaí airgeadais deimhnithe an úinéara chláraithe an fhaisnéis faoi shocruithe airgeadais a thuairisciú. Sna cásanna sin, ba cheart an fhaisnéis a thuairisciú feadh an tslabhra íocaíochta slándála in ord seicheamhach, agus ní mór, mar thoradh air sin, go sroichfidh sí an gníomhaire cánach siarchoinneálaí nó idirghabhálaí airgeadais deimhnithe ainmnithe ar deireadh. Ciallaíonn sé sin nach mór d’idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe tuairiscithe eile an fhaisnéis faoi na socruithe airgeadais sin a tharchur chuig an ngníomhaire cánach siarchoinneálaí nó chuig idirghabhálaí airgeadais deimhnithe ainmnithe, fiú mura bhfuil na hidirghabhálaithe airgeadais deimhnithe tuairiscithe sin ag gabháil go díreach leis an socrú airgeadais ábhartha. Níor cheart tuairisciú ar shocruithe airgeadais a éileamh i gcás bannaí agus íocaíochtaí úis.

(24)

Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann srian a chur leis an gcóras um fhaoiseamh ag an bhfoinse nó leis an gcóras mear-aisíocaíochta i gcásanna a mbaineann riosca ardaithe calaoise cánach agus mí-úsáide cánach leo. Dá bhrí sin, is iomchuí liosta de na cásanna sin a bhunú, i gcás ina bhféadfadh na Ballstáit iarrataí ar fhaoiseamh a eisiamh agus seiceálacha breise a dhéanamh. Chun na difríochtaí i gcórais dlí náisiúnta agus, go háirithe, measúnuithe riosca cánach, a chur san áireamh, níor cheart bunú an liosta sin a bheith éigeantach, agus ba cheart lánrogha a bheith ag na Ballstáit a chinneadh cé acu de na cásanna sin ba cheart a chumhdach leis an ngnáthchóras aisíocaíochta. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach gceadaítear leis na rialacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo go bhféadfadh cásanna, a measann na Ballstáit go mbaineann riosca ardaithe leo, leas a bhaint as faoiseamh ag an bhfoinse nó as mear-aisíocaíocht. D’áiritheofaí le bearta den sórt sin gur fearr a bheadh údaráis chánach in ann scéimeanna mí-úsáideacha a chomhrac, toisc go bhféadfaidís tuilleadh seiceálacha a dhéanamh chun a chinneadh an bhfuil údar cuí le hiarrataí ar fhaoiseamh agus an bhfuil siad le deonú. Is éard atá i gceann de na bearta sin tairseach maidir le hollmhéid díbhinne. Ba cheart an tairseach sin a ríomh in aghaidh an úinéara chláraithe, nó in aghaidh an infheisteora atá i dteideal faoiseamh ó fharasbarr cánach siarchoinneálaí más gnóthas comhinfheistíochta nó duine dlítheanach ainmnithe de ghnóthas den sórt sin an t-úinéir cláraithe. Níor cheart feidhm a bheith ag an tairseach sin i gcásanna ina bhfuil gnóthas comhinfheistíochta atá bunaithe agus rialáilte, nó a bhfuil bainisteoir atá bunaithe agus rialáilte aige, san Aontas, scéim pinsin reachtúil de chuid Ballstáit nó institiúid um sholáthar pinsean ceirde atá cláraithe nó údaraithe i mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 9(1) de Threoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) i dteideal faoisimh. Déantar rialáil dhocht ar na gnóthais, na scéimeanna agus na hinstitiúidí sin agus tá siad faoi réir maoirseachta ag na húdaráis náisiúnta inniúla agus rialuithe inmheánacha láidre. Forfheidhmíonn rialáil agus maoirseacht den sórt sin comhlíonadh na rialachán ábhartha agus íoslaghdaíonn sé an riosca a bhaineann le calaois chánach agus mí-úsáid chánach.

(25)

Mar sin féin, tá cásanna ann ina bhféadfadh cáiníocóirí an ráta cánach siarchoinneálaí laghdaithe a éileamh bunaithe ar ghníomhartha dlíthiúla de chuid an Aontais arna gcur chun feidhme ag rialacha náisiúnta. B’amhlaidh a bheadh, go tipiciúil, i gcás ina n-áiritheofaí le rialacha náisiúnta go ndeonaítear saoirse bhunaíochta nó saorghluaiseacht chaipitil go cothrom i gcásanna intíre agus do chásanna inchomparáide nach cásanna intíre iad, nó i gcás ina ndéantar treoir a thrasuí. Is féidir go n-éileoidh na cásanna sin fíoruithe, go háirithe chun measúnú a dhéanamh ar inchomparáideacht cásanna agus ar infheidhmeacht an dlí náisiúnta maidir le cásanna trasteorann. I gcás ina bhfuil fíoruithe den sórt sin ag teastáil, ba cheart é a bheith indéanta do na Ballstáit déileáil leis na cásanna sin faoina gcóras náisiúnta um fhaoiseamh ag an bhfoinse atá ann cheana, agus dá bhrí sin go mbeadh faoiseamh ó fharasbarr cánach siarchoinneálaí ar an mbealach is tapúla agus is sábháilte mar thoradh air.

(26)

I bhfianaise an róil thábhachtaigh atá ag idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe i bhfaisnéis iomlán agus cheart a thuairisciú, atá mar bhonn le faoiseamh cánach nó aisíocaíocht cánach a shiarchoinneáil, is iomchuí go mbeadh, ar a laghad, na rialacha faoinar féidir idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe a chur faoi dhliteanas i leith caillteanas iomlán nó cuid de chaillteanas ioncaim ó cháin shiarchoinneálach arna thabhú mar gheall ar neamhchomhlíonadh iomlán nó páirteach phríomhoibleagáidí na Treorach seo i rialacha náisiúnta na mBallstát. Ba cheart é a bheith indéanta do na Ballstáit diandliteanas agus dliteanas comhpháirteach agus leithleach a bhunú ina rialacha náisiúnta d’idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe a iarrann faoiseamh. Ina theannta sin, ba cheart leanúint de ghnéithe eile den dliteanas a rialáil go hiomlán le rialacha náisiúnta na mBallstát. Áirítear leis na gnéithe eile sin gníomhairí cánach siarchoinneálaí a ghníomhaíonn go comhpháirteach nó go leithleach agus nach bhfuil ag gníomhú mar idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe, agus cásanna a bhaineann le dliteanas díreach nó indíreach úinéirí cláraithe agus infheisteoirí a chuireann faisnéis neamhiomlán nó mhícheart faoi bhráid idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe. Ní chinntear leis an Treoir seo na rialacha maidir le dliteanas i ndáil leis an ngnáthchóras aisíocaíochta.

(27)

Chun éifeachtacht na rialacha is infheidhme a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos i ndáil le pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo. Ba cheart na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(28)

Tá trasuí ceart na Treorach seo i ngach Ballstát lena mbaineann ríthábhachtach chun aontas na margaí caipitil ina iomláine a chur chun cinn agus chun ioncaim cánach na mBallstát a chosaint. Ba cheart do na Ballstáit, dá bhrí sin, faisnéis staitistiúil a chur in iúl don Choimisiún, go tráthrialta, maidir le cur chun feidhme agus forfheidhmiú ina gcríoch féin bearta náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo. Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a ullmhú ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag na Ballstáit agus sonraí eile atá ar fáil chun éifeachtacht na rialacha is infheidhme a mheas. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Choimisiún a mheas an gá na rialacha arna dtabhairt isteach leis an Treoir seo a thabhairt cothrom le dáta, nó nach gá.

(29)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Treoir seo a chur chun feidhme, go háirithe maidir leis an deimhniú digiteach um chónaí cánach, an Tairseach, tuairisciú ag na hidirghabhálaithe airgeadais, dearbhú an úinéara chláraithe agus an iarraidh ar fhaoiseamh faoin Treoir seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun foirmeacha caighdeánacha a ghlacadh a bhfuil líon teoranta comhpháirteanna acu, lena n-áirítear na socruithe teanga. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(30)

Ba cheart aon phróiseáil sonraí pearsanta a dhéantar faoi chuimsiú na Treorach seo a bheith i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Tá sé de chuspóir ag na hoibríochtaí próiseála sonraí dá bhforáiltear faoin Treoir seo freastal ar leas poiblí ginearálta, eadhon cúrsaí cánachais agus tá sé de chuspóir breise acu calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach a chomhrac, ioncaim chánach a choimirciú agus cánachas cothrom a chur chun cinn, lena neartaítear deiseanna maidir le cuimsiú sóisialta, polaitiúil agus eacnamaíoch sna Ballstáit. Dá bhrí sin, chun críocha chur i bhfeidhm ceart na Treorach seo, agus chun na cuspóirí sin maidir le leas ginearálta an phobail a choimirciú, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag na Ballstáit srian a chur le raon feidhme cearta ábhair sonraí áirithe a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/679. Mar sin féin, níor cheart, leis na srianta sin, dul thar a bhfuil fíor-riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. Maidir leis an bhfaisnéis bhreise a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil de bhun na Treorach seo chun áit chónaithe an cháiníocóra a chruthú chun críoch cánach, ba cheart a thuiscint go bhfuil bailiú na faisnéise sin a bhaineann le duine nádúrtha srianta do shainaithint an duine nádúrtha, agus dó sin amháin.

(31)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr chineál trasteorann na n-idirbheart lena mbaineann agus go bhfuil gá le costais chomhlíontachta a laghdú sa mhargadh inmheánach ina iomláine, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(32)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus thug sé tuairim uaidh an 8 Lúnasa 2023,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Treoir seo rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

eisiúint deimhnithe dhigitigh um chónaí cánach ag Ballstáit; agus

(b)

an nós imeachta chun faoiseamh a thabhairt ó aon fharasbarr cánach siarchoinneálaí is féidir le Ballstát a thobhach ar dhíbhinní ó scaireanna arna dtrádáil go poiblí agus, i gcás inarb infheidhme, ar ús ó bhannaí arna dtrádáil go poiblí a íoctar le húinéirí cláraithe a bhfuil cónaí orthu chun críoch cánach lasmuigh den Bhallstát sin.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag Caibidlí I agus IV maidir le gach Ballstát. Beidh feidhm ag Caibidil II maidir le gach Ballstát i dtaca le gach duine nádúrtha agus eintiteas a bhfuil cónaí orthu chun críoch cánach ina ndlínse.

2.   Tiocfaidh Caibidil III i bhfeidhm maidir le gach Ballstát a thugann faoiseamh ó fharasbarr cánach siarchoinneálaí ar dhíbhinní a íoctar as scaireanna arna dtrádáil go poiblí arna n-eisiúint ag eintiteas a bhfuil cónaí air chun críoch cánach ina ndlínse sna cásanna a leanas:

(a)

níl córas cuimsitheach um fhaoiseamh ag an bhfoinse acu atá infheidhme maidir leis an bhfarasbarr cánach siarchoinneálaí sin; nó

(b)

tá a gcóimheas caipitlithe margaidh, mar a leagtar amach sna ceithre fhoilseachán is déanaí ón Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) atá ar fáil an 31 Nollaig 2028 cothrom le 1,5 % nó níos mó ná sin ar feadh gach ceann de na 4 bliana as a chéile.

3.   Ballstát ag a bhfuil córas cuimsitheach um fhaoiseamh ag an bhfoinse is infheidhme maidir le farasbarr cánach siarchoinneálaí ar dhíbhinní a íoctar as scaireanna arna dtrádáil go poiblí arna n-eisiúint ag cónaitheoir ina dhlínse, féadfaidh sé Caibidil III a chur i bhfeidhm más lú ná 1,5 % a chóimheas caipitlithe margaidh mar a leagtar amach sna ceithre fhoilseachán is déanaí ó ESMA atá ar fáil an 31 Nollaig 2028, ar feadh ar a laghad bliain amháin de na 4 bliana as a chéile,.

4.   Cuirfidh Ballstát Caibidil III i bhfeidhm laistigh de cúig bliana ón gceathrú foilseachán ó ESMA de shonraí lena léirítear gur sroicheadh, nó gur sáraíodh, cóimheas caipitlithe margaidh an Bhallstáit sin 1,5 % le linn na 4 bliana as a chéile.

5.   Ballstát a thugann faoiseamh ó fharasbarr cánach siarchoinneálaí ar ús a íoctar as bannaí arna dtrádáil go poiblí arna n-eisiúint ag cónaitheoir ina dhlínse, féadfaidh sé Caibidil III a chur i bhfeidhm.

6.   A luaithe a thiocfaidh Caibidil III i bhfeidhm maidir le haon Bhallstát de bhun mhíreanna 2 nó 4 den Airteagal seo, leanfaidh sí d’fheidhm a bheith aici maidir leis an mBallstát sin, is cuma cé acu a leantar de na coinníollacha a spreag a cur i bhfeidhm a chomhlíonadh nó nach leantar.

I gcás ina roghnaíonn Ballstát Caibidil III a chur i bhfeidhm de bhun mhír 3 den Airteagal seo, beidh feidhmiú na rogha sin neamh-inchúlghairthe.

Airteagal 3

Sainmhínithe

1.   Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘farasbarr cánach siarchoinneálaí’ an difríocht idir an méid cánach siarchoinneálaí arna thobhach ag Ballstát ar íocaíochtaí le húinéirí neamhchónaitheacha díbhinní nó úis ó urrúis tríd an ráta ginearálta intíre agus an méid cánach siarchoinneálaí is ísle is infheidhme ag an mBallstát sin a chur i bhfeidhm ar na díbhinní céanna nó ar an ús céanna i gcomhréir le coinbhinsiún um chánachas dúbailte nó le rialacha sainiúla náisiúnta, de réir mar a bheidh;

(2)

ciallaíonn ‘scair arna trádáil go poiblí’ scair a ligtear isteach chun a trádála ar mhargadh rialáilte nó a thrádáiltear ar shaoráid trádála iltaobhach;

(3)

ciallaíonn ‘banna arna thrádáil go poiblí’ banna a ligtear isteach chun a thrádála ar mhargadh rialáilte, nó a thrádáiltear ar shaoráid trádála iltaobhach nó ar shaoráid trádála eagraithe;

(4)

ciallaíonn ‘idirghabhálaí airgeadais’ aon cheann díobh seo a leanas atá mar chuid den slabhra íocaíochta urrús idir an t-eintiteas a eisíonn urrúis agus an t-úinéir cláraithe a fhaigheann íocaíochtaí ar na hurrúis sin:

(a)

taisclann lárnach urrús mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8);

(b)

institiúid chreidmheasa mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(c)

gnólacht infheistíochta;

(d)

brainse de cheann ar bith de na heintitis faoi phointí (a), (b) nó (c); nó

(e)

duine dlítheanach tríú tír atá údaraithe faoi reachtaíocht inchomparáide tríú tír chónaithe chun seirbhísí a sholáthar atá inchomparáide leis na seirbhísí sin a sholáthraíonn ceann ar bith de na heintitis faoi phointí (a), (b) nó (c), nó brainse de dhuine dlítheanach tríú tír den sórt sin;

(5)

ciallaíonn ‘idirghabhálaí airgeadais deimhnithe’ idirghabhálaí airgeadais atá cláraithe i gclár náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 5;

(6)

ciallaíonn ‘eintiteas’ duine dlítheanach nó comhshocrú dlíthiúil, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do chorparáid, comhpháirtíocht, iontaobhas nó fondúireacht;

(7)

ciallaíonn ‘gnóthas comhinfheistíochta’ (GCUI), CIM an Aontais nó ciste infheistíochta malartach arna bhainistiú ag BCIM an Aontais, nó aon mheán comhinfheistíochta eile atá i dteideal, bunaithe ar rialacha náisiúnta an Bhallstáit fhoinsigh nó ar choinbhinsiún um cháin dhúbailte, faoiseamh ó fharasbarr cánach siarchoinneálaí, nó meán comhinfheistíochta a bhfuil na hinfheisteoirí foluiteacha de i dteideal an fhaoisimh sin is féidir a iarraidh thar a gceann, seachas na meáin chomhinfheistíochta sin, nó a mbainisteoir nó a dtaisclann, atá bunaithe i dtríú tír a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis na conclúidí ón gComhairle maidir le liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach nó i dTábla I den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 ón gCoimisiún (9);

(8)

ciallaíonn ‘institiúid um sholáthar pinsean ceirde’ institiúid um sholáthar pinsean ceirde mar a shainmhínítear in Airteagal 6(1) de Threoir (AE) 2016/2341;

(9)

ciallaíonn ‘EUID’ an t-aitheantóir uathúil Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 16 de Threoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10);

(10)

ciallaíonn ‘uimhir aitheantais chánach’ nó ‘UAC’ an t-aitheantóir uathúil chun críoch cánach atá ag úinéir atá cláraithe i mBallstát;

(11)

ciallaíonn ‘nós imeachta um fhaoiseamh cánach siarchoinneálaí’ nós imeachta trína dtugtar, d’úinéir cláraithe a fhaigheann díbhinní nó ús ó urrúis ar féidir leo a bheith faoi réir farasbarr cánach siarchoinneálaí, faoiseamh nó aisíocaíocht i leith an fharasbairr cánach siarchoinneálach sin;

(12)

ciallaíonn ‘údarás inniúil’ an t-údarás atá ainmnithe ag Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 5 agus folaíonn sé aon duine atá údaraithe i gcomhréir le rialacha náisiúnta ag an údarás sin gníomhú thar a cheann chun críocha na Treorach seo;

(13)

ciallaíonn ‘urrús’ scair arna trádáil go poiblí nó banna arna thrádáil go poiblí;

(14)

ciallaíonn ‘admhálacha taisclainne’ ionstraimí airgeadais atá soshannta ar mhargadh caipitil Ballstáit nó tríú tír agus arb ionann iad agus úinéireacht ar urrúis eisitheora laistigh den Aontas agus iad á dtrádáil ar ionad trádála i mBallstát nó i dtríú tír agus a thrádáiltear go neamhspleách ar urrúis an eisitheora;

(15)

ciallaíonn ‘institiúid mhór’ institiúid mhór mar a shainmhínítear i bpointe (146) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(16)

ciallaíonn ‘grúpa’ grúpa mar a shainmhínítear in Airteagal 2(12) de Threoir (AE) 2002/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11);

(17)

ciallaíonn ‘gníomhaire cánach siarchoinneálaí’ eintiteas atá freagrach faoi reachtaíocht an Bhallstáit fhoinsigh nó údaraithe i gcomhréir le rialacha náisiúnta an Bhallstáit fhoinsigh maidir leis an gcáin shiarchoinneálach a asbhaint as íocaíocht díbhinní nó úis ó urrúis agus leis an gcáin shiarchoinneálach sin a aistriú chuig údarás cánach an Bhallstáit fhoinsigh;

(18)

ciallaíonn ‘dáta taifid’ an dáta arna shocrú ag eisitheoir urrúis ar a gcinnfear céannacht shealbhóir an urrúis sin agus na cearta a eascraíonn as, bunaithe ar na suíomhanna socraithe atá bainte amach i leabhair an idirghabhálaí airgeadais de réir na gcuntas reatha ag a dheireadh gnó;

(19)

ciallaíonn ‘socraíocht’ idirbheart urrús a chur i gcrích i gcás ina dtabharfar i gcrích é agus é d’aidhm aige oibleagáid na bpáirtithe san idirbheart sin a urscaoileadh trí airgead tirim nó urrúis nó an dá rud a aistriú, mar a shainmhínítear i bpointe (7) d’Airteagal 2(1) de Rialachán Uimh. (AE) 909/2014;

(20)

ciallaíonn ‘úinéir cláraithe’ aon duine nádúrtha nó eintiteas atá i dteideal díbhinní nó ús a fháil ó urrúis atá faoi réir cáin arna siarchoinneáil ag an bhfoinse i mBallstát mar shealbhóir na n-urrús ar an dáta taifid, gan dochar do na coigeartuithe ar idirbhearta atá ag feitheamh ar shocraíocht a d’fhéadfaí a dhéanamh i gcomhréir le rialacha náisiúnta an Bhallstáit fhoinsigh, agus nach idirghabhálaí airgeadais é atá ag gníomhú do chuntas daoine eile i leith na ndíbhinní nó an úis sin;

(21)

ciallaíonn ‘cuntas infheistíochta’ an cuntas nó na cuntais a sholáthraíonn idirghabhálaithe airgeadais d’úinéirí cláraithe trína sealbhaítear nó trína gcláraítear a n-urrúis;

(22)

ciallaíonn ‘cuntas airgid’ an cuntas nó na cuntais lena ndéantar na híocaíochtaí a bhaineann leis na hurrúis atá i seilbh an chuntais infheistíochta nó cláraithe ann;

(23)

ciallaíonn ‘dáta ex-dhíbhinne’ an dáta óna dtrádáiltear na scaireanna gan na cearta a eascraíonn as na scaireanna, lena n-áirítear an ceart chun páirt a ghlacadh agus vótáil i gcruinniú ginearálta, i gcás inarb ábhartha;

(24)

ciallaíonn ‘dáta íocaíochta’ an dáta ar a bhfuil íocaíocht na díbhinne i leith scair arna trádáil go poiblí nó leas banna a thrádáiltear go poiblí dlite don úinéir cláraithe;

(25)

ciallaíonn ‘socrú airgeadais’ aon socrú nó aon sraith socruithe, nó aon oibleagáid chonarthach:

(a)

trína ndéantar, nó trína bhféadfaí, aon chuid d’úinéireacht na scaire arna trádáil go poiblí, ar a n-íoctar díbhinn, a aistriú go buan nó go sealadach chuig páirtí gaolmhar nó neamhspleách; nó

(b)

trína ndéantar an díbhinn a chúiteamh go hiomlán nó go páirteach, idir páirtithe gaolmhara nó neamhspleácha, in airgead tirim nó in aon fhoirm eile;

(26)

ciallaíonn ‘slabhra íocaíochta urrús’ an tsraith idirghabhálaithe airgeadais a láimhseálann íocaíocht díbhinní nó úis ar urrúis idir eisitheoir na n-urrús agus úinéir cláraithe lena n-íoctar díbhinní nó ús ó na hurrúis sin, agus áirítear leis bróicéirí ar gnólachtaí infheistíochta iad a údaraítear faoi Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), nó ar institiúidí creidmheasa iad a údaraítear faoi Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) agus seirbhís infheistíochta amháin nó níos mó á soláthar acu nó gníomhaíochtaí infheistíochta á ndéanamh acu, chomh maith le daoine dlítheanacha tríú tír a údaraítear faoi rialacha inchomparáide tríú tír chónaithe agus seirbhísí infheistíochta á soláthar acu nó nuair a bhíonn gníomhaíochtaí infheistíochta á ndéanamh acu;

(27)

ciallaíonn ‘coinbhinsiún um chánachas dúbailte’ comhaontú nó coinbhinsiún atá i bhfeidhm idir dhá dhlínse nó níos mó agus lena ndéantar foráil maidir le cánachas dúbailte ioncaim agus, i gcás inarb infheidhme, cánachas dúbailte caipitil a dhíchur;

(28)

ciallaíonn ‘Ballstát foinseach’ Ballstát cónaithe eisitheoir an urrúis a íocann díbhinní nó ús;

(29)

ciallaíonn ‘córas mear-aisíocaíochta’ córas ina ndéantar díbhinní nó ús a íoc agus an ráta ginearálta cánach siarchoinneálaí intíre á chur san áireamh agus ina ndéantar ina dhiaidh sin iarraidh ar aisíoc an fharasbairr cánach siarchoinneálaí laistigh den tréimhse ama a shocraítear in Airteagal 14;

(30)

ciallaíonn ‘córas um fhaoiseamh ag an bhfoinse’ córas ina gcuirtear an ráta cánach siarchoinneálaí iomchuí i bhfeidhm, i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta is infheidhme nó le comhaontuithe idirnáisiúnta, mar shampla an coinbhinsiún ábhartha um chánachas dúbailte, tráth a íoctar díbhinní nó ús;

(31)

ciallaíonn ‘córas cuimsitheach um fhaoiseamh ag an bhfoinse’ córas um fhaoiseamh ag an bhfoinse a chuireann Ballstát i bhfeidhm agus a chomhlíonann gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tugann sé rochtain ar fhaoiseamh d’aon duine nádúrtha nó d’aon eintiteas atá i dteideal faoisimh i gcomhréir le rialacha náisiúnta an Bhallstáit fhoinsigh nó le coinbhinsiún um chánachas dúbailte, de réir mar is infheidhme;

(b)

tugann sé faoiseamh d’aon duine nádúrtha nó d’aon eintiteas faoi phointe (a) ar an dáta íocaíochta, ach amháin i gcás nach dtuairiscítear an fhaisnéis a éilíonn an Ballstát a chuireann an faoiseamh sin i bhfeidhm;

(c)

seachas sna himthosca a leagtar amach in Airteagal 11(2), ní dhéanann an Ballstát iarrataí ar fhaoiseamh a eisiamh;

(d)

seachas sna himthosca a leagtar amach in Airteagal 11(2), ní éilíonn an Ballstát faisnéis bhreise ón duine nádúrtha ná ón eintiteas atá i dteideal faoisimh ná ón idirghabhálaí airgeadais seachas an gníomhaire cánach siarchoinneálaí, ná ní fhorchuireann sé oibleagáidí breise orthu, seachas an fhaisnéis agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagail 12, 13, agus 15 a éileamh, de réir mar is infheidhme;

(e)

tá rialacha leagtha síos ag an mBallstát maidir le dliteanas i leith caillteanas iomlán nó cuid den chaillteanas ioncaim ó cháin shiarchoinneálach arna thabhú ag an mBallstát sin mar thoradh ar an gcóras um fhaoiseamh ag an bhfoinse sin a chur i bhfeidhm; agus

(f)

tá rialacha leagtha síos ag an mBallstát maidir le pionóis éifeachtacha, comhréireacha, agus athchomhairleacha is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta maidir leis an gcóras sin um fhaoiseamh ag an bhfoinse;

(32)

ciallaíonn ‘caipitliú margaidh’ luach iomlán na scaireanna arna dtrádáil go poiblí de chuid na gcuideachtaí a ligtear a gcuid scaireanna isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó ar shaoráid trádála iltaobhach, arna ionadú i mBallstát de réir mar a fhoilsítear go bliantúil agus a sholáthraíonn ESMA;

(33)

ciallaíonn ‘cóimheas caipitlithe margaidh’ an cóimheas arna shloinneadh mar chéatadán de chaipitliú margaidh Ballstáit an 31 Nollaig le caipitliú margaidh foriomlán an Aontais an 31 Nollaig, in aon bhliain ar leith;

(34)

ciallaíonn ‘gnáthchóras aisíocaíochta’ córas ina ndéantar díbhinní nó ús a íoc agus an ráta ginearálta cánach siarchoinneálaí intíre á chur san áireamh agus ina ndéantar ina dhiaidh sin iarraidh ar aisíoc an fharasbairr cánach siarchoinneálaí nach dtagann faoin nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 14;

(35)

ciallaíonn ‘gnólacht infheistíochta’ gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

(36)

ciallaíonn ‘GCUI’ GCUI mar a shainmhínítear in Airteagal 1(2) de Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14)

(37)

ciallaíonn ‘CIM an Aontais’ CIM an Aontais mar a shainmhínítear in)Airteagal 4(1), pointe (k), de Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15)

(38)

ciallaíonn ‘BCIM an Aontais’ BCIM an Aontais mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Threoir 2011/61/AE.

2.   Chun críocha mhír 1, pointí (2) agus (3), den Airteagal seo, ciallaíonn ‘margadh rialáilte’, ‘saoráid trádála iltaobhach’ agus ‘saoráid trádála eagraithe’ margadh rialáilte, saoráid trádála iltaobhach agus saoráid trádála eagraithe mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointí (21), (22) agus (23), de Threoir 2014/65/AE, faoi seach.

3.   Chun críocha mhír 1, pointe (20), féadfaidh na Ballstáit fhoinseacha a mheas, i gcomhréir lena rialacha náisiúnta, gurb é sealbhóir na n-admhálacha taisclainne an t-úinéir cláraithe, seachas sealbhóir na n-urrús foluiteach, amhail is dá mbeadh infheistíocht dhíreach déanta ag sealbhóir na n-admhálacha taisclainne sna hurrúis sin.

CAIBIDIL II

Deimhniú digiteach um chónaí cánach

Airteagal 4

Deimhniú digiteach um chónaí cánach (DDCC)

1.   Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le próiseas uathoibrithe chun deimhnithe digiteacha um chónaí cánach (DDCC) a eisiúint do dhaoine nádúrtha nó d’eintitis a mheastar a bheith ina chónaí chun críoch cánach ina ndlínse.

2.   Faoi réir mhír 4, eiseoidh na Ballstáit an DDCC, bunaithe ar an bhfaisnéis, a bhfuil eolas ag an údarás eisiúna uirthi, maidir leis an dáta eisiúna, laistigh de 14 lá féilire ó iarraidh a chur isteach. Comhlíonfaidh DDCC ceanglais theicniúla Iarscríbhinn I agus áireofar leis an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

más duine nádúrtha é an cáiníocóir, an céadainm agus an sloinne, an dáta breithe agus an uimhir aitheantais chánach nó, ina éagmais sin, aon choibhéis fheidhmiúil a úsáidtear chun críoch cánach;

(b)

más eintiteas é an cáiníocóir, an t-ainm, an uimhir aitheantais chánach nó, ina héagmais sin, aon choibhéis fheidhmiúil a úsáidtear chun críoch cánach, agus i gcás ina mbeidh fáil air, an t-aitheantóir uathúil Eorpach (EUID) nó an t-aitheantóir eintitis dhlítheanaigh (LEI) nó aon chláruimhir eintitis dhlítheanaigh atá bailí don tréimhse iomlán a chumhdaítear leis an DDCC;

(c)

seoladh an cháiníocóra;

(d)

dáta eisiúna an DDCC;

(e)

an tréimhse a chumhdaítear;

(f)

an t-údarás cánach a eisíonn an DDCC;

(g)

coinbhinsiún amháin nó níos mó um chánachas dúbailte ar dá mbun a iarrann an cáiníocóir go measfaí cónaí chun críoch cánach a bheith air sa Bhallstát eisiúna, i gcás inarb infheidhme;

(h)

aon fhaisnéis bhreise is gá chun áit chónaithe an cháiníocóra chun críoch cánach a chruthú sa mhéid nach n-úsáidfear an DDCC le haghaidh faoiseamh cánach siarchoinneálaí laistigh den Aontas.

3.   Maidir leis an DDCC:

(a)

cumhdófar leis tréimhse nach faide ná an bhliain féilire nó an bhliain fhioscach dá n-eisítear é, de réir mar is infheidhme sa Bhallstát eisiúna; agus

(b)

beidh sé bailí chun an cónaí cánach don tréimhse a chumhdaítear a dheimhniú ach amháin má tá fianaise ag an mBallstát a eisíonn an DDCC nach bhfuil an duine dá dtagraíonn an DDCC ina chónaí chun críoch cánach ina dhlínse don tréimhse sin ar fad nó le linn cuid di agus go ndéanann an Ballstát sin an DDCC a neamhbhailíochtú go hiomlán nó go páirteach.

4.   Más gá níos mó ná 14 lá féilire chun cónaí cánach cáiníocóra ar leith a fhíorú, cuirfidh an Ballstát an duine nádúrtha nó an t-eintiteas a iarrfaidh an DDCC ar an eolas faoin am breise is gá agus faoi chúiseanna na moille.

5.   Aithneoidh na Ballstáit DDCC arna eisiúint ag Ballstát eile mar chruthúnas ar chónaí cánach cáiníocóra sa Bhallstát eile sin i gcomhréir le mír 3, gan dochar don fhéidearthacht atá ag na Ballstáit a chruthú go bhfuil cónaí ar an gcáiníocóir sin ina ndlínse chun críoch cánach.

6.   Déanfaidh Ballstát na bearta iomchuí chun a cheangal ar dhuine nádúrtha nó ar eintiteas a mheastar a bheith ina chónaí ina ndlínse chun críoch cánach an t-údarás cánach a eisíonn an DDCC a chur ar an eolas faoi aon athrú a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do bhailíocht nó d’ábhar an DDCC.

7.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a cheangal go gcuirfear DDCC ar fáil, i gcás ina n-éilítear cruthúnas ar chónaí cánach do dhuine nádúrtha nó d’eintiteas a mheastar a bheith ina chónaí chun críoch cánach i mBallstát chun iarratas a dhéanamh ar fhaoiseamh ag an bhfoinse nó córas mear-aisíocaíochta, chun faoiseamh a fháil i leith farasbarr cánach siarchoinneálaí ar dhíbhinní a íoctar as scaireanna arna dtrádáil go poiblí, nó ar ús a íoctar ar bhannaí arna dtrádáil go poiblí, más infheidhme, arna n-eisiúint ag cónaitheoir ina ndlínse.

8.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos ríomhfhoirmeacha caighdeánacha chun DDCC a eisiúint, lena n-áirítear socruithe teanga agus prótacail theicniúla, lena n-áirítear caighdeáin slándála. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21.

CAIBIDIL III

An nós imeachta um fhaoiseamh cánach siarchoinneálaí

Roinn 1

Idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe

Airteagal 5

Clár náisiúnta d’idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe

1.   Bunóidh na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 2(2) agus (4) clár náisiúnta d’idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe.

2.   Na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 2(3) agus (5) a roghnaíonn Caibidil III a chur i bhfeidhm, bunóidh siad clár náisiúnta d’idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe.

3.   Maidir leis na Ballstáit a bhunaíonn clár náisiúnta de bhun mhír 1 nó mhír 2, ainmneoidh siad údarás inniúil a bheidh freagrach as an gclár náisiúnta sin a chothabháil agus a nuashonrú.

4.   Áireofar sa chlár náisiúnta an fhaisnéis seo a leanas maidir leis na hidirghabhálaithe airgeadais deimhnithe:

(a)

ainm an idirghabhálaí airgeadais dheimhnithe;

(b)

dáta clárúcháin an idirghabhálaí airgeadais dheimhnithe;

(c)

na sonraí teagmhála agus aon suíomh gréasáin atá ag an idirghabhálaí airgeadais deimhnithe faoi láthair;

(d)

an EUID, nó, i gcás nach bhfuil sé sin ag an idirghabhálaí airgeadais deimhnithe, an t-aitheantóir eintitis dhlítheanaigh (LEI) nó aon chláruimhir eintitis dhlítheanaigh arna heisiúint ag a thír chónaithe.

5.   Chun críocha an Airteagail seo agus Airteagail 10 go 15, ceadóidh na Ballstáit d’idirghabhálaí airgeadais deimhnithe na hoibleagáidí agus na freagrachtaí a leagtar amach in Airteagail 10 go 15 a ghlacadh air féin maidir le staid idirghabhálaí airgeadais ar cuid é den slabhra íocaíochta urrús agus nach idirghabhálaí airgeadais deimhnithe é más rud é gur chomhaontaigh an t-idirghabhálaí airgeadais agus an t-idirghabhálaí airgeadais deimhnithe amhlaidh.

6.   Cuirfear na cláir náisiúnta ar fáil don phobal ar Thairseach Eorpach na nIdirghabhálaithe Airgeadais Deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 6a (an ‘Tairseach’), trí shuíomh gréasáin de chuid an Choimisiúin, agus tabharfar cothrom le dáta iad uair sa mhí ar a laghad.

7.   Leanfaidh na Ballstáit de bheith freagrach as aon chinneadh maidir le hidirghabhálaí airgeadais a chlárú, nó maidir le hidirghabhálaí airgeadais a dhiúltú nó a bhaint dá gcláir náisiúnta, agus as na bearta a fhorchuirtear ar idirghabhálaithe airgeadais.

8.   Aon chearta agus oibleagáidí a eascraíonn as na cinntí dá dtagraítear i mír 7, tiocfaidh siad i bhfeidhm ón bhfógra a thug an Ballstát comhfhreagrach don idirghabhálaí airgeadais lena mbaineann.

9.   Ní chuirfear an Coimisiún faoi dhliteanas in imthosca ar bith maidir leis an inneachar ar an Tairseach ná maidir le mainneachtain faisnéis a mhalartú idir na Ballstáit maidir le hidirghabhálaí airgeadais a chlárú nó a dhiúltú, nó idirghabhálaí airgeadais a dhiúltú nó a bhaint dá gcláir náisiúnta nó maidir le haon bheart a fhorchuireann na Ballstáit ar idirghabhálaithe airgeadais.

Airteagal 6

Forbairt agus oibriú Thairseach Eorpach na nIdirghabhálaithe Airgeadais Deimhnithe

1.   Déanfaidh an Coimisiún Tairseach Eorpach na nIdirghabhálaithe Airgeadais Deimhnithe (‘an Tairseach’) a fhorbairt agus a oibriú ar a acmhainn féin nó trí thríú páirtí.

2.   Má chinneann an Coimisiún an Tairseach a fhorbairt nó a oibriú trí thríú páirtí, roghnóidh an Coimisiún an tríú páirtí agus forfheidhmeoidh sé an comhaontú a tugadh i gcrích leis an tríú páirtí sin i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16).

3.   Feidhmeoidh an Tairseach mar an pointe rochtana leictreonach d’idirghabhálaithe airgeadais chun iarraidh a dhéanamh clárú i gcláir náisiúnta na mBallstát. Freastalóidh an Tairseach ar mhalartú faisnéise idir na Ballstáit maidir le hidirghabhálaí airgeadais a chlárú nó a dhiúltú, agus maidir le hidirghabhálaí airgeadais a dhiúltú nó a bhaint de chlár náisiúnta nó maidir leis na bearta arna bhforchur ar idirghabhálaithe airgeadais.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go soláthrófar an fhaisnéis a cheanglaítear de bhun Airteagail 7, 8 agus 9 den Treoir seo don Tairseach agus go bhfuil a gcláir náisiúnta idir-inoibritheacha laistigh den Tairseach.

5.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na sonraíochtaí teicniúla maidir le hoibriú na Tairsí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21.

Airteagal 7

Ceanglas maidir le clárú mar idirghabhálaí airgeadais deimhnithe

1.   Na Ballstáit a choinníonn clár náisiúnta ar bun i gcomhréir le hAirteagal 5, cuirfidh siad de cheangal ar gach institiúid mhór a láimhseálann íocaíochtaí díbhinní agus, i gcás inarb ábhartha, ús ar urrúis arna n-eisiúint ag cónaitheoir ina ndlínse, agus ar thaisclanna lárnacha urrús dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (4), arb iad an gníomhaire cánach siarchoinneálaí le haghaidh na n-íocaíochtaí sin iad, clárú lena gclár náisiúnta.

2.   Cuirfidh na Ballstáit a choinníonn clár náisiúnta ar bun i gcomhréir le hAirteagal 5, de chumas ar aon idirghabhálaí airgeadais a chomhlíonfaidh ceanglais Airteagal 8 clárú sa chlár náisiúnta sin, arna iarraidh sin.

Airteagal 8

Nós imeachta clárúcháin

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina dtíolacfaidh idirghabhálaí airgeadais iarraidh clárú ar a gclár náisiúnta, go bhformheasfar an iarraidh sin laistigh de 3 mhí ó dháta an tíolactha, ar choinníoll go soláthraíonn an t-idirghabhálaí airgeadais fianaise go gcomhlíonann sé gach ceann de na ceanglais seo a leanas:

(a)

tá cónaí air chun críoch cánach i mBallstát nó i ndlínse tríú tír nach n-áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis na conclúidí ón gComhairle maidir le liosta athbhreithnithe an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach ná i dTábla I den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675;

(b)

más institiúid creidmheasa, gnólacht infheistíochta nó taisclann lárnach urrús an t-idirghabhálaí airgeadais iarrthach, údarú ón údarás inniúil ábhartha sa dlínse chónaithe chun críoch cánach chun gníomhaíochtaí coinneála a dhéanamh; nó más taisclann lárnach urrús é an t-idirghabhálaí airgeadais iarrthach, údarú ón údarás inniúil ábhartha sa dlínse chónaithe chun críoch cánach chun na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh; i gcás ina bhfuil cónaí chun críoch cánach i ndlínse tríú tír ar an idirghabhálaí airgeadais iarrthach agus ina bhfuair sé an t-údarú sin faoi rialacha náisiúnta nach measann Ballstát iad a bheith inchomparáide le Treoir 2013/36/AE nó Treoir 2014/65/AE, de réir mar is infheidhme, féadfaidh an Ballstát sin a mheas nár comhlíonadh an ceanglas sin;

(c)

dearbhú maidir le comhlíonadh fhorálacha Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) rialacha inchomparáide dlínse tríú tír nach n-áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis na conclúidí ón gComhairle maidir le liosta athbhreithnithe an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach ná i dTábla I den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675.

2.   Ceadóidh Ballstát d’idirghabhálaí airgeadais deimhnithe gníomhú thar ceann idirghabhálaí airgeadais eile atá mar chuid den ghrúpa céanna agus an oibleagáid a leagtar amach in Airteagal 6 agus na hoibleagáidí agus na freagrachtaí a leagtar amach in Airteagail 10 go 15 a ghlacadh air féin.

3.   Má tá cónaí ar an idirghabhálaí airgeadais iarrthach chun críoch cánach i ndlínse tríú tír nach bhfuil feidhm ag Treoir 2010/24/AE ná ag coinbhinsiún lena soláthraítear cúnamh i mbailiú cánacha maidir le caillteanas iomlán ioncaim ó cháin shiarchoinneálach, nó cuid de, a aisghabháil de bhun Airteagal 18, féadfaidh an Ballstát ar cuireadh an iarraidh faoina bhráid ráthaíochtaí leordhóthanacha comhréireacha a éileamh chun a áirithiú go n-aisghabhfar an caillteanas sin i ndáil leis na hiarrataí ar fhaoiseamh.

4.   Féadfaidh Ballstát an iarraidh ar chlárú a dhiúltú más rud é:

(a)

go ndearna an t-idirghabhálaí airgeadais lena mbaineann cion nó sárú amháin nó níos mó faoi rialacha náisiúnta Ballstáit nó dlínse eile agus gur cailleadh ioncam ó cháin shiarchoinneálach mar thoradh ar na cionta nó na sáruithe sin; nó

(b)

go n-osclaíonn Ballstát nó dlínse eile fiosrúchán maidir le calaois nó mí-úsáid fhéideartha chánach, i ndáil leis an idirghabhálaí airgeadais lena mbaineann, a bhféadfadh caillteanas cánach siarchoinneálaí a bheith mar thoradh orthu.

Chun críocha phointe (a), ní chuirfidh an Ballstát foinseach na cionta nó na sáruithe sin san áireamh ach amháin a mhéid a tháinig siad ar aird an Bhallstáit sin tráth nach mó ná 10 mbliana roimh thíolacadh na hiarrata ar chlárú.

5.   Tabharfaidh idirghabhálaithe airgeadais fógra gan moill mhíchuí d’údarás inniúil an Bhallstáit faoi aon athrú ar an bhfaisnéis a sholáthraítear faoi mhír 1, pointí (a) go (c).

6.   I gcás ina ndiúltaítear don iarraidh ar chlárú de bhun mhír 4, áiritheoidh an Ballstát go gceadófar don idirghabhálaí airgeadais iarraidh eile ar chlárú a chur isteach, i gcás inar chinn an Ballstát gur leigheasadh na himthosca ba chúis leis an diúltú.

Airteagal 9

Baint den chlár náisiúnta

1.   Bainfidh Ballstát aon idirghabhálaí airgeadais deimhnithe a chláraigh de bhun Airteagal 7(2) dá chlár náisiúnta, i gcás ina ndéanann idirghabhálaí airgeadais deimhnithe an méid seo a leanas:

(a)

iarrann sé an bhaint sin; nó

(b)

ní chomhlíonann sé ceanglais Airteagal 8 a thuilleadh.

2.   Féadfaidh Ballstát aon idirghabhálaí airgeadais deimhnithe a chláraigh de bhun Airteagal 7(2) a bhaint dá chlár náisiúnta:

(a)

i gcás inar fionnadh nár chomhlíon an t-idirghabhálaí airgeadais deimhnithe a oibleagáidí faoin Treoir seo nó faoi Threoir (AE) 2015/849 nó faoi rialacha inchomparáide de chuid tríú tír chónaithe chun críoch cánach; nó

(b)

i gcás inar fionnadh go ndearna an t-idirghabhálaí airgeadais deimhnithe cion nó sárú amháin nó níos mó faoi rialacha náisiúnta Ballstáit nó dlínse eile agus i gcás inar cailleadh ioncam ó cháin shiarchoinneálach mar thoradh ar na cionta nó na sáruithe sin.; nó

(c)

i gcás ina n-osclaíonn Ballstát nó dlínse eile fiosrúchán i ndáil leis an idirghabhálaí airgeadais deimhnithe, maidir le calaois nó mí-úsáid fhéideartha chánach a bhféadfadh caillteanas ioncaim cánach siarchoinneálaí a bheith mar thoradh orthu.

Chun críocha phointe (b), ní chuirfidh an Ballstát foinseach na cionta nó na sáruithe sin san áireamh ach amháin a mhéid a tháinig an Ballstát sin ar an eolas fúthu tráth nach mó ná 10 mbliana roimh bhaint an idirghabhálaí airgeadais.

3.   Féadfaidh Ballstát toirmeasc a chur ar aon idirghabhálaí airgeadais deimhnithe atá cláraithe de bhun Airteagal 6(1) faoiseamh a iarraidh faoin Treoir seo:

(a)

i gcás inar fionnadh nár chomhlíon an t-idirghabhálaí airgeadais deimhnithe a oibleagáidí faoin Treoir seo nó faoi Threoir (AE) 2015/849 nó rialacha inchomparáide de chuid tríú tír chónaithe chun críoch cánach; nó

(b)

i gcás inar fionnadh go ndearna an t-idirghabhálaí airgeadais deimhnithe cion nó sárú amháin nó níos mó faoi rialacha náisiúnta Ballstáit nó dlínse eile agus cailleadh ioncam ó cháin shiarchoinneálach mar thoradh ar na cionta nó na sáruithe sin; nó

(c)

i gcás ina n-osclaíonn Ballstát nó dlínse eile fiosrúchán i ndáil leis an idirghabhálaí airgeadais deimhnithe maidir le calaois nó mí-úsáid fhéideartha chánach a bhféadfadh caillteanas ioncaim cánach siarchoinneálaí a bheith mar thoradh orthu.

Chun críocha phointe (b), ní chuirfidh an Ballstát foinseach na cionta nó na sáruithe sin san áireamh ach amháin a mhéid a tháinig an Ballstát sin ar an eolas fúthu tráth nach mó ná 10 mbliana roimh an toirmeasc ar fhaoiseamh a iarraidh.

I gcás ina gcuirfidh Ballstát toirmeasc ar idirghabhálaí airgeadais deimhnithe de bhun na míre seo, déanfaidh sé an fhaisnéis atá sa chlár náisiúnta a nuashonrú gan mhoill.

4.   I gcás ina mbainfidh Ballstát idirghabhálaí airgeadais den chlár náisiúnta de bhun mhír 1 nó mhír 2, nó ina gcuirfidh sé toirmeasc ar idirghabhálaí airgeadais deimhnithe faoiseamh a iarraidh de bhun mhír 3, áiritheoidh an Ballstát go ndéanfar an t-idirghabhálaí airgeadais a athchlárú, nó go gceadófar dó iarratas eile ar fhaoiseamh a chur isteach, i gcás inar chinn an Ballstát go ndearnadh na himthosca ba chúis leis an mbaint nó leis an toirmeasc a leigheas.

Roinn 2

Tuairisciú

Airteagal 10

Oibleagáid maidir le tuairisciú

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a cheangal ar na hidirghabhálaithe airgeadais deimhnithe atá cláraithe ina gclár náisiúnta an fhaisnéis dá dtagraítear faoi cheannteidil A go E d’Iarscríbhinn II a thuairisciú dá n-údarás inniúil laistigh den dara mí tar éis na míosa ina dtitfidh an dáta íocaíochta. Má tá treoir socraíochta i leith aon chuid d’idirbheart ar feitheamh, léireoidh idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe an chuid a bhfuil socraíocht ar feitheamh ina leith.

2.   Chomh maith leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar na hidirghabhálaithe airgeadais deimhnithe atá ina gclár náisiúnta an fhaisnéis dá dtagraítear faoi cheannteideal F, agus i gcás inarb infheidhme, faoi cheannteideal G d’Iarscríbhinn II, a thuairisciú dá n-údarás inniúil laistigh den dara mí tar éis na míosa ina dtitfidh an dáta íocaíochta.

3.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a cheangal go dtuairisceoidh idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 5(5) dá n-údarás inniúil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus, i gcás inarb infheidhme, mír 2 den Airteagal seo i ndáil le haon chuid den slabhra íocaíochta urrús nach idirghabhálaí airgeadais deimhnithe é an t-idirghabhálaí airgeadais a láimhseálann an íocaíocht.

4.   D’ainneoin mhíreanna 1, 2 agus 3, féadfaidh na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun a cheangal nach ndéanfaidh ach an gníomhaire cánach siarchoinneálaí nó idirghabhálaí airgeadais deimhnithe sa slabhra ábhartha íocaíochta slándála, arna cheapadh ag a n-údarás inniúil nó arna ainmniú faoi rialacha náisiúnta, an fhaisnéis a thuairisciú dá dtagraítear sna míreanna sin don údarás inniúil. Soláthróidh na hidirghabhálaithe airgeadais deimhnithe an fhaisnéis sin feadh an tslabhra íocaíochta urrús in ord seicheamhach, agus i leith staid na n-idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe sin sa slabhra íocaíochta urrús ar cuid de iad, ionas go sroichfidh sí ar deireadh an gníomhaire cánach siarchoinneálaí nó an t-idirghabhálaí airgeadais deimhnithe lena mbaineann.

5.   Ní cheanglóidh na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 2(5), a roghnaíonn Caibidil III a chur i bhfeidhm agus a choinníonn clár náisiúnta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 5, go ndéanfar faisnéis a thuairisciú faoi cheannteideal E d’Iarscríbhinn II.

6.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos ríomhfhoirmeacha caighdeánacha, lena n-áirítear na socruithe teanga, agus ceanglais maidir leis na bealaí cumarsáide, chun faisnéis a thuairisciú dá dtagraítear in Iarscríbhinn II. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21.

7.   Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe atá ina gclár náisiúnta an doiciméadacht lena dtacaítear leis an bhfaisnéis arna tuairisciú a choimeád ar feadh 10 mbliana agus rochtain a sholáthar ar aon fhaisnéis eile atá riachtanach chun na rialacha maidir le cánacha siarchoinneálacha a chur i bhfeidhm mar is ceart agus cuirfidh siad de cheangal ar idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe aon sonraí pearsanta a chuimsítear sa doiciméadacht sin a scriosadh nó a anaithnidiú a luaithe a bheidh an t-iniúchadh críochnaithe agus, ar a dhéanaí, 10 mbliana tar éis an tuairiscithe.

Roinn 3

Córais faoisimh

Airteagal 11

Iarraidh ar fhaoiseamh ag an bhfoinse nó ar mhear-aisíocaíocht

1.   Cuirfidh na Ballstáit fhoinseacha de cheangal ar idirghabhálaí airgeadais deimhnithe, a choimeádann cuntas infheistíochta úinéara chláraithe agus a bhfuil íocaíochtaí díbhinní nó úis arna n-íoc ag cónaitheoir sa Bhallstát foinseach á bhfáil aige, faoiseamh a iarraidh de bhun Airteagail 13 nó 14, de réir mar is infheidhme, thar ceann an úinéara chláraithe sin, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

d’údaraigh an t-úinéir cláraithe don idirghabhálaí airgeadais deimhnithe faoiseamh a iarraidh thar a cheann; agus

(b)

rinne an t-idirghabhálaí airgeadais deimhnithe an incháilitheacht an úinéara le haghaidh faoisimh a fhíorú agus a shuí i gcomhréir le hAirteagail 12 nó 15, de réir mar is infheidhme.

2.   D’ainneoin mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit iarrataí ar fhaoiseamh faoi na córais mar a fhoráiltear dóibh in Airteagail 13 agus 14 a eisiamh, go hiomlán nó go páirteach, i gcás inarb ann do cheann ar bith de na cúinsí seo a leanas:

(a)

gur íocadh an díbhinn ar scair arna trádáil go poiblí a fuair an t-úinéir cláraithe in idirbheart arna chur i gcrích laistigh de thréimhse 5 lá roimh an dáta ex-dhíbhinne;

(b)

go bhfuil an íocaíocht díbhinne ar an urrús foluiteach a n-iarrtar faoiseamh ina leith nasctha le socrú airgeadais nár socraíodh, nach ndeachaigh in éag nó nár foirceannadh ar aon bhealach eile roimh an dáta ex-dhíbhinne;

(c)

nach idirghabhálaí airgeadais deimhnithe ceann amháin ar a laghad de na hidirghabhálaithe airgeadais sa slabhra íocaíochta urrús agus nár ghlac aon idirghabhálaí airgeadais deimhnithe staid an idirghabhálaí airgeadais sin chun críocha Airteagal 10 i gcomhréir le hAirteagal 5(5);

(d)

go n-éilítear díolúine ón gcáin shiarchoinneálach;

(e)

go n-éilítear ráta cánach siarchoinneálaí laghdaithe nach dtagann ó choinbhinsiúin um chánachas dúbailte;

(f)

go bhfuil an íocaíocht díbhinne níos mó ná méid comhlán EUR 100 000 ar a laghad, in aghaidh an úinéara chláraithe agus in aghaidh an dáta íocaíochta.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (f), den mhír seo, cinnfear méid na híocaíochta díbhinne de réir ollmhéid díbhinne in aghaidh an infheisteora a choinníonn cothromas i ngnóthas comhinfheistíochta i gcás ina bhfuil an t-infheisteoir foluiteach sin i dteideal an faoiseamh a fháil de bhun Airteagal 15(2), pointí (a) nó (b), de réir mar is infheidhme.

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 2, pointe (f), i gcás ina bhfuil ceachtar díobh seo a leanas i dteideal faoiseamh ó fharasbarr cánach siarchoinneálaí:

(a)

scéim pinsin reachtúil Bhallstáit nó institiúid um chóir ar scor ceirde atá cláraithe nó údaraithe i mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 9(1) de Threoir (AE) 2016/2341; nó

(b)

gnóthas comhinfheistíochta, ar GCUI é a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 1(1) de Threoir 2009/65/CE, CIM an Aontais nó BCIM an Aontais.

4.   Beidh feidhm ag mír 2 maidir le haon socrú lena ndéantar an íocaíocht díbhinne a dheighilt nó maidir le haon ghnóthas comhinfheistíochta seachas iad sin a luaitear i mír 3, pointe (b), a bunaíodh chun an íocaíocht díbhinne a choimeád faoi bhun an mhéid dá dtagraítear i mír 2, pointe (f).

5.   D’ainneoin mhír 1, i gcás nach idirghabhálaí airgeadais deimhnithe é an t-idirghabhálaí airgeadais a choimeádann cuntas infheistíochta úinéara chláraithe, ceadóidh na Ballstáit d’idirghabhálaí airgeadais deimhnithe faoiseamh a iarraidh de bhun Airteagail 13 nó 14, de réir mar is infheidhme, faoi réir Airteagail 5(5) agus 10.

6.   Ní laghdófar leis na córais faoisimh de bhun Airteagail 13 agus 14, de réir mar is infheidhme, cumhachtaí rialaithe na mBallstát, faoina rialacha náisiúnta, i ndáil leis an ioncam inchánach ar cuireadh an faoiseamh sin i bhfeidhm maidir leis, agus ní dhéanfaidh siad difear do chearta cánachais na mBallstát.

7.   I gcás, roimh theacht i bhfeidhm na Treorach seo, ina bhfuil córas um fhaoiseamh ag an bhfoinse nó córas mear-aisíocaíochta, nó meascán díobh sin, ag Ballstát agus i gcás ina gcuireann an Ballstát sin Caibidil III i bhfeidhm de bhun Airteagal 2, áiritheoidh an Ballstát sin go gcomhlíonfaidh an córas sin Caibidil III maidir le haon iarraidh ar fhaoiseamh a chumhdaítear leis an Treoir seo, i.e. faoiseamh a bhaineann le díbhinní i a eascraíonn as scaireanna arna dtrádáil go poiblí agus, i gcás ina gcinneann na Ballstáit ús ó bhannaí arna dtrádáil go poiblí a íoctar le neamhchónaitheoirí a áireamh, le hús den sórt sin freisin. Féadfaidh na Ballstáit freisin córas náisiúnta um fhaoiseamh ag an bhfoinse atá ann cheana a choimeád ar bun agus a chur i bhfeidhm maidir leis na cásanna dá dtagraítear i mír 2, pointe (e), den Airteagal seo ina ndéantar fíoruithe chun:

(a)

cóir chomhionann a áirithiú idir cásanna intíre agus cásanna trasteorann chun Caibidlí 2 agus 4 de Theideal IV den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh; nó

(b)

rátaí cánach siarchoinneálaí laghdaithe a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Treoracha 2003/49/CE (18) nó 2011/96/AE (19) ón gComhairle.

Airteagal 12

Dícheall cuí maidir le hincháilitheacht an úinéara chláraithe

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a cheangal go bhfaighidh idirghabhálaí airgeadais deimhnithe a iarrfaidh faoiseamh thar ceann úinéir cláraithe faoi Airteagal 13 nó Airteagal 14, de réir mar is infheidhme, dearbhú gur fíor an méid seo a leanas ón úinéir cláraithe i dtaca leis an úinéir cláraithe:

(a)

go bhfuil sé i dteideal faoiseamh ón gcáin shiarchoinneálach i leith na díbhinne nó an úis i gcomhréir le rialacha náisiúnta an Bhallstáit fhoinsigh nó le coinbhinsiún um chánachas dúbailte, i gcás inarb infheidhme, lena n-áirítear an bunús dlí agus an ráta cánach siarchoinneálaí is infheidhme; agus

(b)

má cheanglaíonn an Ballstát foinseach, gurb é úinéir tairbhiúil na díbhinne nó an úis é i gcomhréir le rialacha náisiúnta an Bhallstáit fhoinsigh nó le coinbhinsiún um chánachas dúbailte, i gcás inarb infheidhme; agus

(c)

go ndearna nó nach ndearna sé socrú airgeadais atá nasctha leis an scair fholuiteach arna trádáil go poiblí nár socraíodh, nach ndeachaigh in éag nó nár foirceannadh ar aon bhealach eile roimh an dáta ex-dhíbhinne; agus

(d)

go gcuirfidh sé aon athrú ar a imthosca in iúl don idirghabhálaí airgeadais deimhnithe gan moill mhíchuí.

2.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a cheangal ar na hidirghabhálaithe airgeadais deimhnithe a iarrfaidh faoiseamh thar ceann úinéir cláraithe faoi Airteagail 13 agus 14, de réir mar is infheidhme, an méid seo a leanas a fhíorú, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil do na hidirghabhálaithe airgeadais deimhnithe sin:

(a)

DDCC an úinéara chláraithe nó cruthúnas ar chónaí cánach i dtríú tír a mheasfaidh an Ballstát foinseach a bheith iomchuí;

(b)

d’ainneoin phointe (a), an doiciméadacht a mheasann an Ballstát foinseach a bheith iomchuí, i gcásanna inarb eintiteas é úinéir cláraithe nach féidir DDCC a eisiúint ina leith nó nach féidir leis cruthúnas ar chónaí cánach a fháil i dtríú tír toisc go ndéantar neamhaird den eintiteas chun críoch cánach agus go ngearrtar cáin ar a ioncam, nó ar chuid de, ar leibhéal na ndaoine a bhfuil leas acu san eintiteas sin, ach go bhfuil an t-eintiteas sin i dteideal faoiseamh ó cháin shiarchoinneálach i leith na díbhinne nó an úis i gcomhréir le rialacha náisiúnta an Bhallstáit fhoinsigh nó le coinbhinsiún um chánachas dúbailte, i gcás inarb infheidhme;

(c)

dearbhú an úinéara chláraithe faoi mhír 1 den Airteagal seo agus cónaí cánach an úinéara chláraithe in aghaidh na faisnéise a fuair an t-idirghabhálaí airgeadais deimhnithe nó a bhfuil sé d’oibleagáid air í a fháil, lena n-áirítear an fhaisnéis a bhailítear chun críoch cánach eile, nó ar bhonn ceanglais maidir leis an sciúradh airgid a chomhrac, a bhfuil an t-idirghabhálaí airgeadais deimhnithe faoina réir faoi Threoir (AE) 2015/849, nó faisnéis inchomparáide a cheanglaítear i dtríú tíortha;

(d)

teidlíocht an úinéara chláraithe i leith ráta sonrach laghdaithe cánach siarchoinneálaí i gcomhréir le rialacha náisiúnta sonracha an Bhallstáit fhoinsigh nó le coinbhinsiún um chánachas dúbailte idir an Ballstát foinseach agus na dlínsí ina bhfuil an t-úinéir cláraithe ina chónaí chun críoch cánach;

(e)

i gcás íocaíocht díbhinne, gur féidir gur ann d’aon socrú airgeadais nár socraíodh, nach ndeachaigh in éag nó nár foirceannadh ar bhealach eile ar an dáta ex-dhíbhinne;

(f)

i gcás íocaíocht díbhinne, cé acu a fuair nó nach bhfuair an t-úinéir cláraithe an scair fholuiteach in idirbheart a rinneadh laistigh de thréimhse 5 lá roimh an dáta ex-dhíbhinne.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), den mhír seo, féadfaidh an Ballstát foinseach deimhniú um chónaí cánach ina bhfuil ábhar atá coibhéiseach lena bhforáiltear in Airteagal 4(2) agus a chomhlíonann na ceanglais theicniúla i bpointe 1 d’Iarscríbhinn I a mheas mar chruthúnas iomchuí ar chónaí cánach i dtríú tír

3.   Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt d’idirghabhálaí airgeadais deimhnithe an dearbhú dá dtagraítear i mír 1 a fháil agus na fíoruithe dá bhforáiltear i mír 2, pointí (a) go (d), a dhéanamh ar bhonn bliantúil mura rud é gurb eol don idirghabhálaí airgeadais deimhnithe, nó gur cheart gurbh eol dó, go bhfuil athrú imthosca ann nó go bhfuil an dearbhú nó an fhaisnéis atá le fíorú mícheart nó neamhiontaofa.

4.   Sa chás dá bhforáiltear in Airteagal 5(5), ceadóidh na Ballstáit don idirghabhálaí airgeadais deimhnithe brath ar dhoiciméadacht arna bailiú agus ar fhaisnéis arna fíorú ag an idirghabhálaí airgeadais a choimeádann cuntas infheistíochta úinéara chláraithe de réir an Airteagail seo, gan dochar don fhíoras gurb é an t-idirghabhálaí airgeadais deimhnithe atá freagrach i gcónaí as na hoibleagáidí sin.

5.   Ceanglóidh na Ballstáit ar idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe a bhfuil faoiseamh á iarraidh acu de bhun Airteagail 13 nó 14, de réir mar is infheidhme, an doiciméadacht tacaíochta ar fad a choinneáil agus rochtain uirthi a chur ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 10(7).

6.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos teimpléid chaighdeánacha ríomhfhoirmeacha le haghaidh an dearbhaithe dá dtagraítear san Airteagal seo, na socruithe teanga san áireamh. Áireofar sna teimpléid sin an fhaisnéis a leagtar amach i mír 1, pointí (a), (c) agus (d), den Airteagal seo agus cuirfear ar chumas na mBallstát faisnéis bhreise shonrach a iarraidh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21.

Airteagal 13

Córas um fhaoiseamh ag an bhfoinse

Féadfaidh na Ballstáit córas a bhunú chun ligean d’idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe a choimeádann cuntas infheistíochta úinéara chláraithe faoiseamh ag an bhfoinse a iarraidh thar ceann úinéir cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 11 tríd an bhfaisnéis seo a leanas a sholáthar don ghníomhaire cánach siarchoinneálaí:

(a)

cónaí cánach an úinéara chláraithe nó an fhaisnéis atá sa doiciméadacht dá dtagraítear in Airteagal 12(2), pointe (b), i gcás inarb infheidhme; agus

(b)

an ráta cánach siarchoinneálaí is infheidhme maidir leis an íocaíocht i gcomhréir le rialacha náisiúnta sonracha nó le coinbhinsiún um chánachas dúbailte, de réir mar is infheidhme.

Airteagal 14

Córas mear-aisíocaíochta

1.   Féadfaidh na Ballstáit córas a bhunú chun ligean d’idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe a choimeádann cuntas infheistíochta úinéara chláraithe mear-aisíoc an fharasbairr cánach siarchoinneálaí a iarraidh thar ceann an úinéara chláraithe i gcomhréir le hAirteagal 11 má sholáthraítear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo laistigh den dara mí tar éis na míosa ina dtitfidh an dáta ar a n-íoctar an díbhinn nó an t-ús.

2.   Gan dochar do mhír 4 den Airteagal seo, próiseálfaidh na Ballstáit iarraidh ar aisíocaíocht arna déanamh i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo laistigh de 60 lá féilire tar éis dheireadh na tréimhse chun an mhear-aisíocaíocht a iarraidh. Cuirfidh na Ballstáit ús i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 16 ar mhéid na haisíocaíochta sin le haghaidh gach lae moille tar éis an 60ú lá.

3.   Soláthróidh idirghabhálaí airgeadais deimhnithe a iarrann mear-aisíocaíocht an fhaisnéis seo a leanas don Bhallstát ábhartha:

(a)

aitheantas an úinéara chláraithe dá dtagraítear i gceannteideal B d’Iarscríbhinn II;

(b)

aitheantas na híocaíochta díbhinne nó úis dá dtagraítear i gceannteidil D agus G d’Iarscríbhinn II, i gcás inarb infheidhme;

(c)

bunús an ráta cánach siarchoinneálaí is infheidhme agus méid iomlán an fharasbairr cánach siarchoinneálaí atá le haisíoc;

(d)

cónaí cánach an úinéara chláraithe, lena n-áirítear an cód fíoraithe DDCC, i gcás inarb infheidhme, nó an fhaisnéis atá sa doiciméadacht dá dtagraítear in Airteagal 12(2), pointe (b), i gcás inarb infheidhme;

(e)

dearbhú an úinéara chláraithe i gcomhréir le hAirteagal 12.

4.   Féadfaidh na Ballstáit iarraidh ar aisíocaíocht arna déanamh faoin Airteagal seo a dhiúltú in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

ní chomhlíontar na ceanglais dá bhforáiltear i míreanna 1 nó 3 den Airteagal seo nó in Airteagail 11 nó 12;

(b)

níor cuireadh an fhaisnéis is gá chun an slabhra íocaíochta urrús ábhartha a athchruthú agus dá dtagraítear in Iarscríbhinn II ar fáil go hiomlán agus i gceart ag deireadh na tréimhse a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo;

(c)

tionscnaíonn an Ballstát, bunaithe ar chritéir measúnaithe riosca, aon nós imeachta fíoraithe nó iniúchadh cánach de réir a rialacha náisiúnta i ndáil leis an iarraidh ar aisíocaíocht.

5.   Ní chuirfidh diúltú d’iarratas ar aisíocaíocht de bhun mhír 4 bac ar ús a fhorchur ar íocaíocht dhéanach i gcomhréir le mír 2 i gcás ina dtugtar an aisíocaíocht ar deireadh agus nach ann do na himthosca a leagtar amach i mír 4, pointí (a) nó (b).

6.   Cuirfear an diúltú dá dtagraítear i mír 4, pointí (a) agus (b), in iúl don idirghabhálaí airgeadais deimhnithe iarrthach agus ní chuirfear bac leis ar an iarraidh ar aisíocaíocht faoin ngnáthchóras aisíocaíochta a bhunaítear faoi rialacha náisiúnta.

7.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos ríomhfhoirmeacha caighdeánacha, lena n-áirítear na socruithe teanga, agus ceanglais maidir leis na cainéil chumarsáide chun iarrataí a chur isteach faoin Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21.

Airteagal 15

Forálacha speisialta maidir le hinfheistíochtaí indíreacha

1.   Ceadóidh na Ballstáit d’idirghabhálaí airgeadais deimhnithe a choimeádann cuntas infheistíochta úinéara chláraithe agus a fhaigheann díbhinní nó ús faoiseamh a iarraidh de bhun Airteagail 13 nó 14, de réir mar is infheidhme, thar ceann an úinéara chláraithe sin, ar choinníoll go gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar amach i míreanna 2 go 5 den Airteagal seo.

2.   Chun críocha mhír 1, beidh an méid seo a leanas fíor i gcás an úinéara chláraithe:

(a)

is gnóthas comhinfheistíochta é, a shealbhaíonn urrúis do chuntas infheisteoirí atá i dteideal faoiseamh a fháil ó cháin shiarchoinneálach i leith na ndíbhinní nó an úis i gcomhréir le rialacha náisiúnta an Bhallstáit fhoinsigh nó le coinbhinsiún um chánachas dúbailte, i gcás inarb infheidhme; nó

(b)

is duine dlítheanach ainmnithe é faoi rialacha an chiste, ionstraimí corpraithe nó réamheolaire gnóthais comhinfheistíochta a shealbhaíonn na hurrúis sa chuntas infheistíochta as a dtagann na díbhinní nó an t-ús, agus a choimeádann taifid inmheánacha lenar féidir na hurrúis sin a leithdháileadh ina n-aonar ar an ngnóthas comhinfheistíochta sin nó ar na hinfheisteoirí sa ghnóthas comhinfheistíochta sin, de réir mar is infheidhme, i gcás ina bhfuil an gnóthas comhinfheistíochta nó na hinfheisteoirí sa ghnóthas comhinfheistíochta i dteideal faoiseamh ó cháin shiarchoinneálach i leith na díbhinne nó an úis sin i gcomhréir le rialacha náisiúnta an Bhallstáit fhoinsigh nó le coinbhinsiún um chánachas dúbailte, i gcás inarb infheidhme.

3.   Chun críocha mhír 1, gheobhaidh an t-idirghabhálaí airgeadais deimhnithe a iarrann faoiseamh dearbhú uathu seo a leanas:

(a)

gach gnóthas comhinfheistíochta atá i dteideal faoiseamh ó cháin shiarchoinneálach nó gach infheisteoir sa ghnóthas comhinfheistíochta atá i dteideal faoisimh den sórt sin, de réir mar is infheidhme, agus a bhfuil a n-urrúis i seilbh an úinéara chláraithe, lena léirítear:

(i)

go bhfuil siad i dteideal faoiseamh ó cháin shiarchoinneálach i leith na díbhinne nó an úis i gcomhréir le rialacha náisiúnta an Bhallstáit fhoinsigh nó le coinbhinsiún um chánachas dúbailte, i gcás inarb infheidhme, lena n-áirítear an bunús dlí agus an ráta cánach siarchoinneálaí is infheidhme; agus

(ii)

má cheanglaíonn an Ballstát foinseach amhlaidh, gurb iad úinéir tairbhiúil na díbhinne nó an úis iad i gcomhréir le rialacha náisiúnta an Bhallstáit fhoinsigh nó le coinbhinsiún um chánachas dúbailte, i gcás inarb infheidhme; agus

(iii)

gur údaraigh siad go ndéanfaí iarraidh ar fhaoiseamh thar a gceann faoin Airteagal seo; agus

(iv)

má dheonaítear faoiseamh, go dtarscaoileann siad a gceart faoiseamh a iarraidh go neamhspleách ar an mBallstát foinseach faoin Treoir seo nó faoi na córais de bhun rialacha náisiúnta na mBallstát;

(b)

an t-úinéir cláraithe dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), lena léirítear na rátaí cánach siarchoinneálaí is infheidhme maidir leis an díbhinn nó leis an ús a íoctar;

(c)

an t-úinéir cláraithe dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), lena sainaithnítear an gnóthas comhinfheistíochta ar ina leith a shealbhaítear na hurrúis as a n-eascraíonn an díbhinn nó an t-ús, i gcomhréir lena thaifid inmheánacha, agus lena léirítear na rátaí cánach siarchoinneálaí is infheidhme i ndáil leis an díbhinn nó leis an ús a íoctar;

(d)

an t-úinéir cláraithe ag a bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 12(1), pointí (c) agus (d).

4.   Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, soláthróidh an t-idirghabhálaí airgeadais deimhnithe a bhfuil faoiseamh ag an bhfoinse á iarraidh aige de bhun Airteagal 13 don ghníomhaire cánach siarchoinneálaí

(a)

an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3, pointe (b) nó (c), den Airteagal seo de réir mar is infheidhme, agus a mhéid a bhaineann leis an ngnóthas comhinfheistíochta nó leis na hinfheisteoirí i ngnóthas comhinfheistíochta, faisnéis maidir lena gcónaí cánach nó an fhaisnéis atá sa doiciméadacht dá dtagraítear in Airteagal 12(2), pointe (b), de réir mar is infheidhme, in ionad na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 13; agus

(b)

má tá na hinfheisteoirí i ngnóthas comhinfheistíochta i dteideal faoisimh, méid na ndíbhinní nó an úis is féidir a chur i leith gach infheisteora atá i dteideal faoisimh de bhun Airteagal 15(2),.

5.   Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, i gcás ina n-iarrfaidh an t-idirghabhálaí airgeadais deimhnithe faoiseamh de bhun Airteagal 14, soláthróidh sé don Bhallstát foinseach, in ionad na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 14(3). an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, agus cónaí cánach an ghnóthais comhinfheistíochta nó na n-infheisteoirí i ngnóthas comhinfheistíochta, lena n-áirítear an cód fíoraithe DDCC nó an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 12(2), pointe (b), de réir mar is infheidhme, má na hinfheisteoirí i ngnóthas comhinfheistíochta i dteideal faoisimh, méid na ndíbhinní nó an úis is féidir a chur i leith gach infheisteora atá i dteideal faoisimh i ngnóthas comhinfheistíochta de bhun Airteagal 15(2), de réir mar is infheidhme.

6.   Bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil dóibh, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a cheangal ar na hidirghabhálaithe airgeadais deimhnithe sin a bhfuil faoiseamh á iarraidh acu faoin Airteagal seo an méid seo a leanas a fhíorú:

(a)

an doiciméadacht dá dtagraítear in Airteagal 12(2), pointe (a) nó (b), i ndáil le gach gnóthas comhinfheistíochta nó gach infheisteoir i ngnóthas comhinfheistíochta, de réir mar is infheidhme, atá i dteideal faoisimh;

(b)

go bhfuil an gnóthas comhinfheistíochta nó na hinfheisteoirí i ngnóthas comhinfheistíochta, de réir mar is infheidhme, i dteideal díolúine shonrach nó ráta cánach siarchoinneálaí laghdaithe sonrach i gcomhréir le rialacha náisiúnta an Bhallstáit fhoinsigh nó le coinbhinsiún um chánachas dúbailte idir an Ballstát foinseach agus dlínse an chónaithe chun críoch cánach, de réir mar is infheidhme;

(c)

i gcás íocaíocht díbhinne, gur féidir gur ann d’aon socrú airgeadais nár socraíodh, nach ndeachaigh in éag nó nár foirceannadh roimh an dáta ex-dhíbhinne.

7.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 12(1), (2) agus (3) i gcás gur de bhun an Airteagail seo a iarrtar faoiseamh.

8.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos ríomhfhoirmeacha caighdeánacha, lena n-áirítear na socruithe teanga, agus ceanglais maidir leis na cainéil chumarsáide chun iarrataí a chur isteach faoi mhír 5 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21.

Airteagal 16

Ús íocaíochta déanaí

De bhun Airteagal 14(2), i gcás ina bhforáiltear maidir leis sin faoi rialacha náisiúnta, cuirfidh na Ballstáit ús i bhfeidhm ag ráta atá comhionann leis an ús nó le muirear coibhéiseach a chuireann an Ballstát i bhfeidhm ar íocaíochtaí déanacha aisíocaíochtaí cánach siarchoinneálaí a bhaineann le cáin a ghearradh ar dhíbhinní nó ar ús, de réir mar is infheidhme.

Airteagal 17

Gnáthchóras aisíocaíochta

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh gnáthchóras aisíocaíochta i bhfeidhm agus infheidhme i gcás ina n-eisiatar ón gcóras um fhaoiseamh ag an bhfoinse faoi Airteagal 13 agus ón gcóras mear-aisíocaíochta faoi Airteagal 14, de réir mar is infheidhme, iarrataí ar fhaoiseamh a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo.

2.   Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a cheangal orthu siúd atá i dteideal na haisíocaíochta nó ar a n-ionadaí údaraithe a bhfuil aisíoc an fharasbairr cánach siarchoinneálaí ar dhíbhinní á iarraidh acu, i gcás nach bhfuil feidhm ag Airteagail 13 ná 14, de réir mar is ábhartha, maidir leis na díbhinní sin toisc nach bhfuil na coinníollacha a leagtar amach sa Treoir seo á gcomhlíonadh, an fhaisnéis a cheanglaítear faoi cheannteideal E d’Iarscríbhinn II, ar a laghad, a sholáthar, ach amháin má soláthraíodh an fhaisnéis sin cheana de bhun Airteagal 9.

Airteagal 18

Dliteanas

Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí faoina rialacha náisiúnta chun a áirithiú go bhféadfar idirghabhálaí airgeadais deimhnithe nach gcomhlíonann, cibé acu go hiomlán nó go páirteach, a chuid oibleagáidí faoi Airteagail 10, 11, 12, 13, 14 agus 15 a chur faoi dhliteanas i leith caillteanas iomlán nó cuid de chaillteanas ioncaim ó cháin shiarchoinneálach.

CAIBIDIL IV

Pionóis agus forálacha críochnaitheacha

Airteagal 19

Pionóis

Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a leagan síos agus déanfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Airteagal 20

Foilseacháin ESMA

1.   Ag tosú in 2026 ar a dhéanaí, foilseoidh ESMA, ar bhonn bliantúil agus laistigh de 120 lá oibre ó thús gach bliana, caipitliú margaidh agus cóimheas caipitlithe margaidh gach Ballstáit don bhliain roimhe sin ar a laghad. Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála maidir leis an modheolaíocht chun caipitliú margaidh agus cóimheas caipitlithe margaidh a ríomh mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointí (32) agus (33), faoi seach. Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Deireadh Fómhair 2025.

2.   Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 21

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 22

Meastóireacht

1.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2032, meastóireacht ar an tionchar a bhí ag an méid seo a leanas ar ghnóthú chuspóirí na Treorach seo:

(a)

na sásraí tuairiscithe in Airteagal 10; agus

(b)

an rogha gan Caibidil III a chur i bhfeidhm ag na Ballstáit a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 2(3).

Cuirfidh an Coimisiún, laistigh den tréimhse chéanna, tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2034 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, feidhmiú na Treorach seo a scrúdú agus a mheas, lena n-áirítear an gá féideartha forálacha sonracha a leasú, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

3.   Cuirfidh na Ballstáit sonraí staidrimh bliantúla ábhartha, mar a thagraítear dóibh i mír 4, in iúl don Choimisiún chun meastóireacht a dhéanamh ar an Treoir seo, chun feabhas a chur ar nósanna imeachta um fhaoiseamh cánach siarchoinneálaí chun cánachas dúbailte a laghdú chomh maith le mí-úsáid cánach a chomhrac.

4.   Bunóidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 21(2), liosta de shonraí staidrimh bliantúla a bheidh le cur ar fáil ag na Ballstáit ionas gur féidir meastóireacht a dhéanamh ar an Treoir seo, chomh maith le formáid agus coinníollacha tharchur na faisnéise sin.

5.   Coinneoidh an Coimisiún an fhaisnéis a chuirfear in iúl dó de bhun na Treorach seo faoi rún i gcomhréir leis na forálacha is infheidhme maidir le hinstitiúidí an Aontais.

6.   Is féidir aon fhaisnéis a chuireann Ballstát in iúl don Choimisiún faoi mhí 3, mar aon le haon tuarascáil nó doiciméad a chuireann an Coimisiún le chéile agus leas á bhaint as faisnéis den sórt sin, a tharchur chuig na Ballstáit eile. Déanfar aon fhaisnéis tharchurtha den sórt sin a chumhdach leis an oibleagáid maidir le rúndacht oifigiúil agus bainfear leas as an gcosaint a thugtar d’fhaisnéis den chineál céanna faoi rialacha náisiúnta an Bhallstáit a fuair í.

Airteagal 23

Cosaint sonraí pearsanta

1.   Déanfaidh na Ballstáit, chun an Treoir seo a chur i bhfeidhm i gceart, raon feidhme na n-oibleagáidí agus na gceart dá bhforáiltear in Airteagail 13 go 19 de Rialachán (AE) 2016/679 a shrianadh a mhéid is gá chun na leasanna dá dtagraítear in Airteagal 23(1), pointe (e), den Rialachán sin a choimirciú a mhéid a d’fhéadfadh na hoibleagáidí sin nó feidhmiú na gceart sin na leasanna sin a chur i mbaol.

2.   Agus sonraí pearsanta á bpróiseáil, measfar gur rialaitheoirí iad idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe agus údaráis inniúla na mBallstát, de réir bhrí Airteagal 4(7) de Rialachán (AE) 2016/679, laistigh de raon feidhme a ngníomhaíochtaí faoi seach faoin Treoir seo.

3.   Ní dhéanfar faisnéis, lena n-áirítear faisnéis phearsanta, a phróiseáiltear i gcomhréir leis an Treoir seo a choimeád ar feadh tréimhse is faide ná an tréimhse atá riachtanach chun críocha na Treorach seo a bhaint amach, agus, i gcás ar bith, i gcomhréir le rialacha intíre gach rialaitheora sonraí maidir le reacht na dtréimhsí.

Airteagal 24

Fógra a thabhairt

Ballstát a bhunaíonn agus a choinníonn clár náisiúnta ar bun de bhun Airteagal 5, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin agus faoi aon athruithe ina dhiaidh sin ar na rialacha lena rialaítear an clár náisiúnta sin. Foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tabharfaidh sé í cothrom le dáta de réir mar is gá.

Airteagal 25

Trasuí

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, glacfaidh agus foilseoidh na Ballstáit iad faoin 31 Nollaig 2028. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2030.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt mar sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar an tagairt sin.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

3.   Na Ballstáit a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 2(3) tráth thrasuí na Treorach seo agus nach roghnaíonn Caibidil III a chur i bhfeidhm, tabharfaidh siad fógra don Choimisiún faoin 31 Nollaig 2028. Cuirfidh siad in iúl don Choimisiún, gan mhoill, aon athrú ina dhiaidh sin ar a gcóras náisiúnta um fhaoiseamh ag an bhfoinse a bhaineann leis na coinníollacha a liostaítear in Airteagal 3(1), pointe (31).

Glacfaidh agus foilseoidh na Ballstáit dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun Caibidil III a chomhlíonadh mar a leagtar amach in Airteagal 2(3) nó laistigh de 5 bliana ón gceathrú foilseachán as a chéile de na sonraí arna dhéanamh ag an ESMA, mar a leagtar amach in Airteagal 2(4) lena léireofar gur shroich nó gur sháraigh cóimheas caipitlithe margaidh an Bhallstáit sin an tairseach mar a leagtar amach in Airteagal 2.

Airteagal 26

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 27

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiseil, an 10 Nollaig 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

VARGA M.


(1)  Tuairim an 28 Feabhra 2024 (a foilsíodh in IO C, C/2024/6762, 26.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6762/oj) agus Tuairim an 14 Samhain 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)   IO C, C/2024/1580, 5.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1580/oj.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(4)  Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le gníomhaíochtaí institiúidí um sholáthar pinsean ceirde (IORPanna) agus maoirseacht a dhéanamh ar na hinstitiúidí sin (IO L 354, 23.12.2016, lch. 37).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(6)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39)

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257, 28.8.2014, lch. 1).

(9)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2016 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí thríú tíortha ardriosca ag a bhfuil easnaimh straitéiseacha a shainaithint (IO L 254, 20.9.2016, lch. 1).

(10)  Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (IO L 169, 30.6.2017, lch. 46).

(11)  Treoir 2002/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le maoirseacht fhorlíontach ar institiúidí creidmheasa, ar ghnóthais árachais agus ar ghnólachtaí infheistíochta in ilchuideachta airgeadais agus lena leasaítear Treoracha 73/239/CEE, 79/267/CEE, 92/49/CEE, 92/96/CEE, 93/6/CEE agus 93/22/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 98/78/CE agus 2000/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 35, 11.2.2003, lch. 1).

(12)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

(13)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(14)  Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) a chomhordú (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).

(15)  Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoracha 2003/41/CE agus 2009/65/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).

(16)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(17)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 chun cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).

(18)  Treoir 2003/49/CE ón gComhairle an 3 Meitheamh 2003 maidir leis an gcóras coiteann cánachais is infheidhme ar íocaíochtaí úis agus ríchíosa arna ndéanamh idir cuideachtaí comhlachaithe Ballstát éagsúil (IO L 157, 26.6.2003, lch. 49).

(19)  Treoir 2011/96/AE ón gComhairle an 30 Samhain 2011 maidir leis an gcomhchóras cánachais is infheidhme i gcás máthairchuideachtaí agus fochuideachtaí de chuid Ballstáit éagsúla (IO L 345, 29.12.2011, lch. 8).


IARSCRÍBHINN I

DEIMHNIÚ DIGITEACH UM CHÓNAÍ CÁNACH DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 4

Ceanglais theicniúla

1.

Is amhlaidh an méid seo a leanas maidir leis an deimhniú digiteach um chónaí cánach (DDCC):

eiseofar é agus ríomhshéala air i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1);

féadfar DDCC a chur i láthair i bhformáidí atá inléite ag an duine agus ag meaisín araon le doiciméid PDF nó formáidí comhchosúla eile is féidir a úsáid i gcórais uathoibrithe;

beifear in ann é a phriontáil;

beidh bosca téacs oscailte sa deimhniú chun faisnéis a áireamh ann faoi Airteagal 4(2), pointe (h).

2.

Má chomhlíontar na ceanglais dhlíthiúla agus theicniúla san Aontas, féadfaidh na Ballstáit próiseas fíorúcháin a thabhairt isteach bunaithe ar an Tiachóg Eorpach Céannachta Digití, dá dtagraítear i Roinn 1 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, arna leasú le Rialachán (AE) 2024/1183 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

Tabharfaidh Coiste tacaíocht don Choimisiún maidir leis an DDCC a bheith á chur chun feidhme ag na Ballstáit. Ina theannta sin, féadfaidh an Coiste tacaíocht theicniúil a sholáthar maidir le haon athrú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar bhonn teicniúil an DDCC nó forbairtí teicniúla nua.


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73)

(2)  Rialachán (AE) 2024/1183 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a mhéid a bhaineann leis an gCreat Eorpach um Chéannacht Dhigiteach a bhunú (IO L, 2024/1183, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1183/oj).


IARSCRÍBHINN II

TUAIRISCIÚ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAIL 10 AGUS 17

Soláthróidh idirghabhálaithe airgeadais deimhnithe an fhaisnéis seo a leanas san fhormáid xml chomhfhreagrach:

An cineál faisnéise

Sonraíocht

A.

Faisnéis maidir leis an duine a bhfuil an fhaisnéis á soláthar aige

Ainm an idirghabhálaí airgeadais dheimhnithe nó, i gcás inarb infheidhme, an ghníomhaire cánach siarchoinneálaí

 

Aitheantóir uathúil Eorpach (EUID), aitheantóir eintitis dhlítheanaigh (LEI) nó aitheantóir malartach

 

Seoladh oifigiúil

 

Sonraí ábhartha eile

Uimhir aitheantais chánach (UAC) arna sannadh ag an mBallstát foinseach, má tá sí ar fáil, agus UAC(anna) arna shannadh/arna sannadh ag an dlínse chónaithe chun críoch cánach/na dlínsí cónaithe chun críoch cánach, an dlínse/na dlínsí eisithe UAC(anna)

Seoladh ríomhphoist agus uimhir theileafóin

Sonrú i gcás inar de bhun Airteagal 10(3) atá an fhaisnéis á soláthar

Aitheantas an idirghabhálaí airgeadais nach idirghabhálaí airgeadais deimhnithe é (ainm agus EUID, LEI nó aitheantóir malartach)

B.

Faisnéis maidir le faighteoir na híocaíochta díbhinne nó úis

Aitheantas an idirghabhálaí airgeadais nó an cháiníocóra deiridh a fhaigheann an íocaíocht díbhinne nó úis

Nuair is infheidhme an rogha tuairiscithe in Airteagal 10: ceanglaítear ar an ngníomhaire cánach siarchoinneálaí nó ar an idirghabhálaí airgeadais deimhnithe ainmnithe an fhaisnéis faoin infheisteoir deiridh a fhaigheann an íocaíocht díbhinne nó úis a thuairisciú

 

i. Duine nádúrtha

Ainm, UAC arna shannadh ag an mBallstát foinseach, má tá sé ar fáil, agus UAC(anna) arna shannadh/arna sannadh ag an dlínse chónaithe chun críoch cánach/na dlínsí cónaithe chun críoch cánach, an dlínse/na dlínsí eisithe UAC(anna), dáta breithe, seoladh

ii. Eintiteas

Ainm, UAC arna shannadh ag an mBallstát foinseach, má tá sé ar fáil, agus UAC(anna) arna shannadh/arna sannadh ag an dlínse chónaithe chun críoch cánach/na dlínsí cónaithe chun críoch cánach, an dlínse/na dlínsí eisithe UAC(anna), seoladh, LEI, i gcás inarb infheidhme, EUID, i gcás inarb infheidhme

In éagmais uimhir aitheantais, foirm dhlíthiúil agus dáta corpraithe

Faisnéis faoin áit chónaithe chun críoch cánach (le comhlánú nuair is é an duine i roinn A idirghabhálaí airgeadais deimhnithe an úinéara chláraithe)

Cód fíoraithe DDCC nó an fhaisnéis atá in Airteagal 12(2), pointe (b), i gcás inarb infheidhme

Ainm na tíre cónaithe cánach

Uimhir cuntais infheistíochta

Uimhir an chuntais i gcás inar i seilbh an idirghabhálaí airgeadais/an infheisteora a fhaigheann an íocaíocht atá na hurrúis

Cineál cuntais

An cineál cuntais de réir Airteagal 38 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 agus cuntais eile:

A – Féinchuntas (arna chothabháil ag rannpháirtí sa taisclann lárnach urrús (CSD) de chlár bunaidh na n-urrús)

B – Cuntas ginearálta tríú páirtí (arna chothabháil ag rannpháirtí sa taisclann lárnach urrús de chlár bunaidh na n-urrús le haghaidh chuntas na gcliant)

C – Cuntas aonair tríú páirtí (arna chothabháil ag rannpháirtí sa taisclann lárnach urrús de chlár bunaidh na n-urrús thar ceann cliaint)

D – Cuntas clár mionsonraithe de chuid cuntais ghinearálta tríú páirtí (urrúis cliaint a áirítear i gcuntas ginearálta tríú páirtí arna chothabháil ag rannpháirtí sa taisclann lárnach urrús de chlár bunaidh na n-urrús)

E – Cuntas domhanda tríú páirtí nach de chineál B é

F – Cuntas aonair sealbhóra urrús nach de chineál D nó C é

G – Cineál eile cuntais

C.

Faisnéis maidir le híocóir na híocaíochta díbhinne nó úis

Aitheantas an idirghabhálaí airgeadais óna bhfaigheann an tuairisceoir an íocaíocht díbhinne nó úis

Nuair is infheidhme an rogha tuairiscithe in Airteagal 10: tá faisnéis i Roinn C faoi gach idirghabhálaí airgeadais deimhnithe ar cuid é den slabhra íocaíochta slándála. Baineann an fhaisnéis sin le slabhra íocaíochta seicheamhach na n-idirghabhálaithe airgeadais.

 

ii. Duine dlítheanach

Ainm, LEI, UAC arna shannadh ag an mBallstát foinseach, má tá sé ar fáil, agus UAC(anna) arna shannadh ag an dlínse chónaithe chun críoch cánach, an dlínse/na dlínsí eisithe UAC(anna), seoladh, EUID, i gcás inarb infheidhme

Uimhir cuntais infheistíochta

Uimhir an chuntais i gcás inar i seilbh an idirghabhálaí airgeadais a sheolann an íocaíocht a bhí na hurrúis

Cineál cuntais

An cineál cuntais de réir Airteagal 38 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 agus cuntais eile:

A –

Féinchuntas (arna chothabháil ag rannpháirtí sa taisclann lárnach urrús (CSD) de chlár bunaidh na n-urrús)

B –

Cuntas ginearálta tríú páirtí (arna chothabháil ag rannpháirtí sa taisclann lárnach urrús de chlár bunaidh na n-urrús le haghaidh chuntas na gcliant)

C –

Cuntas aonair tríú páirtí (arna chothabháil ag rannpháirtí sa taisclann lárnach urrús de chlár bunaidh na n-urrús thar ceann cliaint)

D –

Cuntas clár mionsonraithe de chuid cuntais ghinearálta tríú páirtí (urrúis cliaint a áirítear i gcuntas ginearálta tríú páirtí arna chothabháil ag rannpháirtí sa taisclann lárnach urrús de chlár bunaidh na n-urrús)

E –

Cuntas domhanda tríú páirtí nach de chineál B é

F –

Cuntas aonair sealbhóra urrús nach de chineál D nó C é

G –

Cineál eile cuntais

D.

Faisnéis maidir leis an íocaíocht díbhinne nó úis

Eisitheoir

Ainm, UAC nó, ina éagmais sin, LEI nó EUID, seoladh oifigiúil

Taisclann lárnach urrús

Aitheantas thaisclann lárnach urrús chlár bunaidh na n-urrús

Uimhir aitheantais urrús idirnáisiúnta

Aitheantas an urrúis

Cineál urrúis

An cineál scaire, foluí admhála taisclainne, banna

Líon na n-urrús lena dtugtar ceart an íocaíocht a fháil

Líon na n-urrús a socraíodh

Líon na n-urrús nár socraíodh fós

Cineál íocaíochta

Airgead

Scaireanna (le sonrú más ó dhíbhinn scripte iad agus an uimhir aitheantais urrús idirnáisiúnta)

Aitheantóir Oifigiúil Teagmhais Gníomhaíochta Chorparáidigh nó, mura bhfuil sé ar fáil, faisnéis mhionsonraithe ar an dáileadh

Aitheantas an imeachta (dáileadh díbhinní/úis)

Dátaí ábhartha

Dáta ex-dhíbhinne, dáta taifid, dáta íocaíochta

Méid na díbhinne nó an úis a fuarthas/atá le fáil agus an t-airgeadra

Ollmhéid, glanmhéid

Faisnéis faoin gcáin shiarchoinneálach

Ráta cánach siarchoinneálaí a chuirtear i bhfeidhm nó atá le cur i bhfeidhm, an méid a coinníodh siar, méid agus ráta an fhormhuirir más infheidhme

Bunús dlí an ráta cánach siarchoinneálaí is infheidhme (le comhlánú nuair is é an duine i roinn A idirghabhálaí airgeadais deimhnithe an úinéara chláraithe)

IBAN an chuntais airgid

IBAN an chuntais ar chuige a aistríodh an íocaíocht

E.

Faisnéis maidir le bearta frith-mhí-úsáide a chur i bhfeidhm atá le comhlíonadh ag an idirghabhálaí airgeadais deimhnithe ag a bhfuil an faoiseamh á iarraidh

Faisnéis maidir le tréimhse sealbhaíochta scaireanna foluiteacha arna dtrádáil go poiblí

Dhá bhosca:

1)

le haghaidh scaireanna foluiteacha a fuarthas níos mó ná 5 lá roimh an dáta ex-dhíbhinne – líon na scaireanna

2)

le haghaidh scaireanna foluiteacha a fuarthas laistigh de thréimhse 5 lá roimh an dáta ex-dhíbhinne – líon na scaireanna

(Foirmle an ceann is túisce isteach, is túisce amach (FIFO) le húsáid i gcás gnáthshuíomhanna trádála)

Faisnéis maidir le socrú airgeadais

Sonraigh fianaise ar aon socrú airgeadais lena mbaineann scaireanna foluiteacha arna dtrádáil go poiblí nár socraíodh, nach ndeachaigh in éag nó nár foirceannadh ar shlí eile ar an dáta ex-dhíbhinne

Le haghaidh scaireanna foluiteacha atá nasctha le socrú airgeadais – líon na scaireanna

Le haghaidh scaireanna foluiteacha nach bhfuil nasctha le socrú airgeadais – líon na scaireanna

F.

Faisnéis maidir le hidirbhearta a fhéadfaidh an Ballstát foinseach a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 10(2)

Faisnéis faoi idirbhearta na n-urrús foluiteach dar tús 1 bhliain amháin roimh an dáta taifid suas le 45 lá tar éis an dáta taifid, agus an dáta sin san áireamh.

Dátaí trádála

Dátaí socraíochta conarthacha nó comhaontaithe

Dátaí socraíochta iarbhír

Líon faoi seach na n-urrús atá faoi réir a dtrádála

An cineál idirbhirt: ceannach, díol, iasacht, aistriú, eile

G.

Faisnéis maidir le hadmhálacha taisclainne a fhéadfaidh an Ballstát foinseach a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 10(2)

Nuair a bhaineann sé le híocaíocht díbhinne a eascraíonn as admháil taisclainne

Ainm, uimhir aitheantais urrús idirnáisiúnta (e.g. ISIN) na n-admhálacha taisclainne agus na scaireanna foluiteacha

Ainm an bhainc ina bhfuil na scaireanna foluiteacha i dtaisce

Cóimheas na n-admhálacha taisclainne leis na scaireanna foluiteacha

Líon na n-admhálacha taisclainne arna sealbhú ag an úinéir cláraithe lena dtugtar ceart an íocaíocht díbhinne a fháil

Dáta íocaíochta na díbhinne a eascraíonn as admháil taisclainne

Líon iomlán na n-admhálacha taisclainne a eisíodh ar an dáta taifid

Líon iomlán na scaireanna foluiteacha le haghaidh na n-admhálacha taisclainne uile arna n-eisiúint ar an dáta taifid


ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2025/50/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top