Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025L0001

Treoir (AE) 2025/1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2024 lena mbunaítear creat le haghaidh gnóthais árachais agus athárachais a théarnamh agus a réiteach agus lena leasaítear Treoracha 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2007/36/CE, 2014/59/AE agus (AE) 2017/1132 agus Rialacháin (AE) Uimh. 1094/2010, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 806/2014 agus (AE) 2017/1129 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

PE/6/2024/REV/1

IO L, 2025/1, 8.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2025/1/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2025/1/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1

8.1.2025

TREOIR (AE) 2025/1 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Samhain 2024

lena mbunaítear creat le haghaidh gnóthais árachais agus athárachais a théarnamh agus a réiteach agus lena leasaítear Treoracha 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2007/36/CE, 2014/59/AE agus (AE) 2017/1132 agus Rialacháin (AE) Uimh. 1094/2010, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 806/2014 agus (AE) 2017/1129

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

An t-anás ar ghnóthas árachais, is féidir leis dochar suntasach a dhéanamh don gheilleagar agus don leas sóisialta sna Ballstáit i gcás ina gcuirtear isteach ar an gcosaint a sholáthraítear do shealbhóirí polasaí, do thairbhithe nó do dhaoine díobhálaithe de bharr an anáis sin. Ó tharla an ról atá ag gnóthais athárachais sa gheilleagar, a n-idirnascthacht le gnóthais árachais dhírigh agus le margaí airgeadais ar bhonn níos leithne, chomh maith le margadh an athárachais atá sách comhchruinnithe, tá gá le creat iomchuí chun dul i ngleic lena n-anás nó lena gcliseadh ar bhealach rianúil. Dá bhrí sin, ba cheart aghaidh a thabhairt ar théarnamh agus ar réiteach gnóthas árachais dhírigh agus gnóthas athárachais araon, agus a sainiúlachtaí faoi seach á gcur san áireamh.

(2)

Ar theacht na géarchéime domhanda airgeadais in 2008, nochtadh leochaileachtaí na hearnála airgeadais agus a hidirnascthachta. Ba chosúil go raibh baint ag cúiseanna anáis agus cliste le, inter alia, éabhlóid margaí airgeadais agus cineál intreach gníomhaíochtaí árachais nó athárachais. Chuige sin, na rioscaí frithgheallta, is é sin éilimh ghannsoláthartha, an mhíphraghsáil, is é sin préimheanna gannmheasta, an mhíbhainistíocht sócmhainní agus caillteanais infheistíochta, is minic tagairt á déanamh dóibh mar phríomhchúiseanna imní do ghnóthais árachais agus athárachais. Sa chomhthéacs sin, baineadh úsáid as airgead na gcáiníocóirí chun dálaí airgeadais meathlaithe roinnt gnóthas árachas a athchóiriú. Cé go raibh sé d’aidhm ag Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) córas airgeadais san Aontas agus athléimneacht gnóthas árachais agus athárachais a neartú, leis an Treoir sin, níor cuireadh deireadh iomlán leis an bhféidearthacht go bhféadfadh cliseadh ar na gnóthais árachais agus athárachais sin. D'fhéadfadh luaineachtaí arda sa mhargadh agus leibhéil ísle rátaí úis a mhaireann i bhfad dochar ar leith a dhéanamh do bhrabúsacht agus seasamh sócmhainneachta gnóthas árachais agus athárachais. I ngeall ar íogaireacht na ngnóthas árachais agus athárachais i leith forbairtí margaidh agus eacnamaíocha, tá gá, dá bhrí sin, le haire ar leith a thabhairt agus le creat iomchuí a dhéanamh chun aon mheath a d’fhéadfadh a bheith ann ar staid airgeadais na ngnóthas sin a bhainistiú, lena n-áirítear ar bhealach réamhghabhálach. Le roinnt clistí agus neaschlistí ar na mallaibh, go háirithe iad siúd ar de chineál trasteorann iad, léiríodh laigí sa chreat atá ann cheana ar gá aghaidh a thabhairt orthu chun tarraingt siar ordúil gnóthas árachais nó athárachais ón margadh a eagrú go leordhóthanach.

(3)

Maidir le gníomhaíochtaí, seirbhísí nó oibríochtaí a dhéanann gnóthais árachais nó athárachais nach féidir a ionadú go héasca laistigh de thréimhse ama réasúnta, nó ar chostas réasúnta do shealbhóirí polasaí, do thairbhithe nó do dhaoine díobhálaithe, ní mór iad a mheas mar fheidhmeanna criticiúla ar gá leanúint díobh. Is féidir leis na gníomhaíochtaí, seirbhísí agus oibríochtaí sin a bheith criticiúil ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach. Is minic is fearr an leanúnachas cosanta árachais nó athárachais in áit gnóthas a bhfuil ag cliseadh air a fhoirceannadh toisc go soláthraítear an toradh is fabhraí do shealbhóirí polasaí, do thairbhithe agus do dhaoine díobhálaithe leis an leanúnachas sin. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go mbeidh uirlisí leordhóthanacha ar fáil chun clistí a sheachaint agus, i gcás ina gcliseann ar ghnóthas, chun iarmhairtí diúltacha a laghdú trí leanúnachas na bhfeidhmeanna criticiúla sin a chaomhnú.

(4)

Gné fhíor-riachtanach maidir le comhlánú an mhargaidh inmheánaigh a thabhairt chun críche is ea a áirithiú go ndéanfar gnóthais árachais agus athárachais laistigh den Aontas a bhfuil ag cliseadh orthu a réiteach go héifeachtach. Ní hamháin go mbíonn tionchar ag cliseadh na ngnóthas sin ar shealbhóirí polasaí agus go bhféadfadh tionchar a bheith aige ar an bhfíorgheilleagar agus ar chobhsaíocht airgeadais na margaí ina bhfeidhmíonn na gnóthais árachais agus athárachais sin go díreach, ach bíonn tionchar aige freisin ar an iontaoibh as an margadh inmheánach le haghaidh árachais. Le comhlánú an mhargaidh inmheánaigh i seirbhísí airgeadais, tá atreisiú ar an idirghníomhú idir na córais airgeadais náisiúnta éagsúla. Tá gnóthais árachais agus athárachais gníomhach sna margaí airgeadais chun a bpunann infheistíochta agus na rioscaí a bhaineann lena gcuid gníomhaíochtaí a bhainistiú. Sa chomhthéacs sin, mura bhfuil sé ar a gcumas do na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar chliseadh gnóthais árachais nó athárachais agus é sin a réiteach ar bhealach atá intuartha agus comhchuibhithe agus ar bhealach ina gcuirfí cosc go héifeachtach ar dhochar sistéamach níos leithne, is féidir leis sin dochar a dhéanamh do chobhsaíocht margaí airgeadais agus, dá réir sin, don mhargadh inmheánach i réimse na seirbhísí airgeadais.

(5)

Leis an ngéarchéim dhomhanda airgeadais in 2008, cuireadh i dtábhacht an gá atá le creat téarnaimh agus réitigh iomchuí a fhorbairt le haghaidh gnóthais árachais agus athárachais. Ar an leibhéal idirnáisiúnta, d’fhoilsigh an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais an doiciméad Key Attributes of Effective Resolution Regimes for Financial Institutions [Príomhthréithe córas éifeachtach réitigh le haghaidh Institiúidí Airgeadais] i mí Dheireadh Fómhair 2011, agus tugadh cothrom le dáta é i mí Dheireadh Fómhair 2014, doiciméad lena gcuimsítear breithnithe maidir le réiteach aon ghnóthais árachais a d’fhéadfadh a bheith suntasach nó criticiúil dá gclisfeadh air. I mí an Mheithimh 2016, d’eisigh an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais treoraíocht chomhlántach maidir le straitéisí agus pleananna éifeachtacha réitigh a fhorbairt le haghaidh árachóirí a bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leo. I gcomhthráth leis sin, i mí na Samhna 2019 ghlac an Comhlachas Idirnáisiúnta Maoirseoirí Árachais ‘Croíphrionsabail Árachais’ le haghaidh gach gnóthais árachais agus athárachais, ‘Creat Coiteann le haghaidh Grúpaí Árachais atá Gníomhach go hIdirnáisiúnta’ lena sonraítear caighdeáin le haghaidh na pleanála réamhghabhálaí téarnaimh, agus gníomhaíochtaí a mbeifí ag iarraidh ar na húdaráis tabhairt fúthu i leith gnóthas árachais nó athárachais a d’imeodh ón margadh agus a rachadh faoi réiteach. Ba cheart na forbairtí sin a chur san áireamh agus creat á leagan síos le haghaidh téarnamh agus réiteach gnóthas árachais agus athárachais a bhfuil ag cliseadh orthu.

(6)

Tá cuid mhór gnóthas árachais agus athárachais ag feidhmiú thar theorainneacha náisiúnta. Easpa comhordaithe agus comhair idir na húdaráis phoiblí chun ullmhú le haghaidh anás nó cliseadh gnóthais árachais nó athárachais atá ag feidhmiú thar theorainneacha agus chun é a bhainistiú, is rud é sin a dhéanfadh dochar do mhuinín fhrithpháirteach na mBallstát, as a dtiocfadh toradh fo-optamach do shealbhóirí polasaí, do thairbhithe agus do dhaoine díobhálaithe agus ag a mbeadh tionchar ar inchreidteacht an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh árachais.

(7)

Níl aon chomhchuibhiú ar nósanna imeachta ann ar leibhéal an Aontais faoi láthair chun gnóthais árachais nó athárachais a réiteach ar bhealach comhordaithe. Ina ionad sin, is é a thugtar faoi deara ó Bhallstát go chéile difríochtaí substainteacha agus difríochtaí nós imeachta nach beag idir dlíthe náisiúnta, rialacháin agus forálacha riaracháin lena rialaítear cliseadh gnóthas árachais agus athárachais. Thairis sin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh nósanna imeachta maidir le dócmhainneacht chorparáideach iomchuí i gcónaí le haghaidh gnóthais árachais nó athárachais, arae leis na nósanna imeachta sin, d’fhéadfadh sé nach n-áiritheofaí i gcónaí leanúint leordhóthanach de na feidhmeanna criticiúla chun tairbhe sealbhóirí polasaí, tairbhithe agus daoine díobhálaithe, an fhíorgheilleagair nó na cobhsaíochta airgeadais ina hiomláine.

(8)

Tá sé riachtanach a áirithiú go leanfar d’fheidhmeanna criticiúla gnóthas árachais nó athárachais a bhfuil ag cliseadh orthu, nó go leanfar d’fheidhmeanna criticiúla gnóthas árachais nó athárachais ar dócha go gclisfidh orthu agus, an tráth céanna, an tionchar a bheadh ag cliseadh na ngnóthas sin ar an ngeilleagar nó ar an gcóras airgeadais a íoslaghdú. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, creat a leagan síos chun tacar uirlisí inchreidte a sholáthar do na húdaráis ionas go bhféadfaidh siad idirghníomhú luath go leor agus gasta go leor i ngnóthais árachais nó athárachais a bhfuil ag cliseadh orthu nó ar dócha go gclisfidh orthu. Ba cheart a áirithiú leis an gcreat sin gurb iad na scairshealbhóirí a sheasfaidh na caillteanais ar dtús agus gurb iad na creidiúnaithe a sheasfaidh na caillteanais ina dhiaidh sin, ar choinníoll nach dtabhóidh aon chreidiúnaí caillteanais níos mó ná mar a thabhódh siad dá ndéanfaí an gnóthas árachais nó athárachais a fhoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta de réir an phrionsabail ‘ nár cheart d’aon chreidiúnaí a bheith níos measa as ná faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta’(prionsabail ‘creidiúnaí ar bith gan a bheith níos measa as’). Chun a áirithiú go léireofaí go cruinn an chaoi a láimhseálfaí na scairshealbhóirí, na sealbhóirí polasaí, na tairbhithe, na héilitheoirí agus na creidiúnaithe eile, a ndéantar difear dóibh uile, dá rachadh an gnóthas faoi réiteach i mbun gnáthimeachtaí dócmhainneachta, ba cheart na tarluithe ábhartha uile a spreagfaí trí ghnáthimeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh nó sula ndéanfaí an tionscnamh sin chomh maith leis na tarluithe ábhartha uile a bhaineann le himeachtaí den sórt sin a thionscnamh, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le daoine díobhálaithe a chosaint faoi Threoir 2009/103/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) i ndáil le damáiste a eascraíonn as tionóiscí i gcás dócmhainneacht gnóthais árachais, a chur san áireamh.

(9)

Ag tógáil ar Threoir 2009/138/CE, ba cheart, leis an gcreat atá le leagan síos, é a chur ar a gcumas do na húdaráis a áirithiú go leanfar de chosaint árachais do shealbhóirí polasaí, do thairbhithe agus do dhaoine díobhálaithe, gníomhaíochtaí agus punanna inmharthana an ghnóthais árachais nó athárachais a aistriú i gcás inarb iomchuí, agus caillteanais a leithreasú ar bhealach atá cothrom agus intuartha. Ba cheart na cuspóirí sin a bheith ina gcuidiú chun caillteanais neamhriachtanacha nó cruatan sóisialta ar shealbhóirí polasaí, ar thairbhithe agus ar dhaoine díobhálaithe a sheachaint, chun tionchair dhiúltacha ar an bhfíorgheilleagar a mhaolú, chun tionchair dhiúltacha ar na margaí airgeadais a íoslaghdú agus chun na costais do cháiníocóirí a íoslaghdú.

(10)

Fágann an t-athbhreithniú ar Threoir 2009/138/CE, agus go háirithe tabhairt isteach ceanglas caipitil atá níos íogaire ó thaobh riosca de, mar aon le maoirseacht neartaithe, faireachán leachtachta feabhsaithe agus uirlisí níos fearr le haghaidh beartas macrastuamachta, gur cheart an dóchúlacht go gclisfidh ar ghnóthais árachais nó athárachais a laghdú tuilleadh agus gur cheart athléimneacht na ngnóthas sin i leith brú eacnamaíoch a fheabhsú, bíodh sé de bharr suaití sistéamacha nó de bharr imeachtaí a bhaineann go sonrach leis an ngnóthas aonair. Mar sin féin, d’ainneoin creat stuamachta atá fónta agus stóinsithe, ní féidir cásanna anáis airgeadais a chur as an áireamh go hiomlán. Ba cheart do na Ballstáit a bheith ullmhaithe dá bhrí sin, agus uirlisí leordhóthanacha téarnaimh agus réitigh a bheith i bhfeidhm acu chun cásanna a láimhseáil lena ngabhfaidh géarchéimeanna sistéamacha nó ina gclisfidh ar ghnóthais aonair. Ba cheart a áireamh leis na huirlisí sin sásraí a chuirfidh ar a gcumas do na húdaráis dul i ngleic go héifeachtach le gnóthais a bhfuil ag cliseadh orthu nó ar dócha go gclisfidh orthu. Ba cheart na himthosca ina dtarlaíonn an cliseadh a chur san áireamh nuair a bhítear ag úsáid na n-uirlisí sin agus ag feidhmiú na gcumhachtaí sin.

(11)

Tá ceanglais maidir le pleanáil réamhghabhálach téarnaimh tugtha isteach ag roinnt Ballstát cheana féin, mar aon le sásraí chun gnóthais árachais nó athárachais a bhfuil ag cliseadh orthu a réiteach. Mar sin féin, de cheal coinníollacha, próisis agus cumhachtaí coiteanna chun gnóthais árachais agus athárachais ar fud an Aontais a théarnamh agus a réiteach, is dócha go gcruthófar bac ar fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh agus go gcuirfear srian leis sin ar chomhar idir na húdaráis náisiúnta nuair a bhíonn siad ag dul i ngleic le grúpaí trasteorann gnóthas atá anásta nó a bhfuil ag cliseadh orthu. Is amhlaidh a bhíonn, go háirithe, i gcásanna ina bhfágann éagsúlacht sa chur chuige nach bhfuil an leibhéal céanna smachta ag na húdaráis náisiúnta nó nach bhfuil an cumas céanna acu chun gnóthais árachais nó athárachais a réiteach. D’fhéadfadh sé go mbeidh tionchar ag na difríochtaí sin i gcórais téarnaimh agus réitigh ar an gcothrom iomaíochta agus d’fhéadfadh sé go gcruthófaí saobhadh iomaíochta idir gnóthais mar thoradh orthu sin. Ba cheart deireadh a chur leis an mbac sin agus ba cheart rialacha a ghlacadh chun a áirithiú nach mbainfear an bonn den mhargadh inmheánach. Chuige sin, ba cheart rialacha a dhéanamh lena rialaítear téarnamh réamhghabhálach agus réiteach gnóthas árachais nó athárachais faoi réir rialacha íosta coiteanna um chomhchuibhiú. Chun comhsheasmhacht leis an reachtaíocht atá ag an Aontas cheana i réimse na seirbhísí árachais a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag an gcóras téarnaimh réamhghabhálaigh agus réitigh maidir le gnóthais árachais nó athárachais atá faoi réir na gceanglas stuamachta a leagtar síos i dTreoir 2009/138/CE.

(12)

D’fhéadfadh cliseadh eintitis atá cleamhnaithe le grúpa tionchar a imirt go pras ar shócmhainneacht agus oibríochtaí an ghrúpa ina iomláine. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, ceanglais i leith pleanáil réamhghabhálach ghrúpa téarnaimh agus pleanáil ghrúpa réitigh a bheith i bhfeidhm. Thairis sin, ba cheart bealaí éifeachtacha a bheith ag na húdaráis chun gníomhú maidir leis na heintitis sin chun bearta ceartaitheacha a fhorchur, gníomhaíochtaí lena gcuirfear san áireamh fóntacht airgeadais na ngrúpeintiteas uile, lena dtabharfar aghaidh ar bhaic ar inréiteacht i gcomhthéacs grúpa agus lena soláthrófar scéim chomhsheasmhach réitigh le haghaidh an ghrúpa ina iomláine, go háirithe i gcomhthéacs trasteorann. Dá bhrí sin, na ceanglais i leith pleanáil réamhghabhálach téarnaimh agus pleanáil réitigh, na ceanglais inréiteachta agus an córas réitigh, ba cheart feidhm a bheith acu sin maidir le máthairghnóthais, cuideachtaí sealbhaíochta agus grúpeintitis eile, lena n-áirítear brainsí de ghnóthais árachais agus athárachais a bhunaítear lasmuigh den Aontas.

(13)

Chun a áirithiú gur féidir le pleanáil téarnaimh agus pleanáil réitigh agus réiteach iarbhír gnóthas árachais agus athárachais atá mar chuid d’ilchuideachtaí airgeadais nó grúpaí árachais ar ilchuideachtaí airgeadais iad féin nó ar codanna iad d’ilchuideachtaí airgeadais tarlú go rianúil, agus d’fhonn an t-ualach riaracháin a laghdú, ba cheart oibleagáidí comhroinnte faisnéise idir údaráis réitigh agus mhaoirseachta árachais agus bainc a bhunú agus ba cheart stádas breathnóra a dheonú don údarás réitigh bainc i gcoláiste réitigh árachais le haghaidh grúpa árachais ar ilchuideachta airgeadais é, nó ar cuid d’ilchuideachta airgeadais é, i gcomhréir le Treoir 2002/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus vice versa.

(14)

Leis na rialacha nua a thugtar isteach leis an Treoir seo, beidh a gcreat réitigh féin ag gach údarás réitigh árachais agus athárachais, agus ag gach údarás réitigh bainc, creat atá curtha in oiriúint do shainiúlachtaí na n-earnálacha árachais agus athárachais chomh maith leis an earnáil baincéireachta. Ní hionann amscála réitigh i gcomhthéacs árachais agus athárachais agus amscála réitigh i gcomhthéacs na baincéireachta. Is gnách gur gá don Bhord Réitigh Aonair agus do na húdaráis náisiúnta réitigh banc gníomhú go gasta, má táthar le scaoll bainc a chosc. Os a choinne sin, is minic a bhíonn sé de bhuntáiste ag údaráis réitigh árachais agus athárachais níos mó ama a bheith acu le teacht ar na réitigh chuí is mó a rachadh chun tairbhe do shealbhóirí polasaí. Is lú seans go dtarlóidh teagmhas ar mhacasamhail scaoll bainc san earnáil árachais agus athárachais, agus bheadh iarmhairtí éagsúla ag baint leis agus a bheadh in earnáil na baincéireachta.

(15)

Leis an dá chreat reachtacha earnála, beidh cumhachtaí cinnteoireachta neamhspleácha ag na húdaráis faoi seach. Dá bhrí sin, ba cheart do na húdaráis réitigh árachais agus athárachais agus bainc gníomhú ar bhonn cothrom. Chun na cúraimí réitigh a dhéanamh, tá sé fíorthábhachtach go gcuirfidh na húdaráis réitigh árachais agus athárachais agus bainc a chéile ar an eolas agus go gcomhoibreoidh siad de mheon macánta. Ba cheart do na ceanglais maidir le comhroinnt faisnéise a fhorordaítear leis an Treoir seo an comhar sin a éascú. Dá bhrí sin, ba cheart do na húdaráis réitigh árachais agus athárachais agus bainc chomh maith leis na húdaráis mhaoirseachta árachais agus athárachais agus bainc faoi seach, gan mhoill, faisnéis a mheastar a bheith riachtanach chun a gcúraimí faoi seach a fheidhmiú a mhalartú.

(16)

Chun a áirithiú go gcoinneofar na húdaráis réitigh ar an eolas agus go rachfar i gcomhairle leo luath go leor sa phróiseas agus ar bhealach struchtúrtha a chuirfidh ar a gcumas a sainordú a fheidhmiú ar bhealach eolasach agus comhsheasmhach, ba cheart cuireadh a thabhairt d’údaráis réitigh árachais agus athárachais agus bainc a bheith ina mbreathnóirí ar choláistí réitigh a chéile. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin i gcomhthéacs na pleanála réamhghabhálaí téarnaimh agus na pleanála réitigh chomh maith le measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil na coinníollacha maidir le réiteach á gcomhlíonadh agus, ar deireadh, nuair a bhíonn gníomhaíochtaí réitigh á ndéanamh i ndáil le heintiteas amháin nó níos mó atá mar chuid d’ilchuideachtaí airgeadais. Chun cur leis an taithí a fuarthas, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar fhorálacha ábhartha na Treorach seo faoi5 bliana tar éis a teacht i bhfeidhm.

(17)

Tá sé riachtanach oiriúnacht agus éifeachtacht an chreata téarnaimh agus réitigh a áirithiú agus, an tráth céanna, ualaí agus costais riaracháin neamhriachtanacha ar ghnóthais agus ar na húdaráis a sheachaint. Ba cheart, dá bhrí sin, cur chun feidhme an chreata téarnaimh agus réitigh sin a bheith comhréireach maidir le cineál, scála agus castacht an ghnóthais lena mbaineann, agus maidir lena chuid gníomhaíochtaí agus seirbhísí. Ina theannta sin, ba cheart na difríochtaí idir téarnamh ar thaobh amháin agus réiteach, ar an taobh eile, a chur san áireamh. Maidir le raon feidhme na gceanglas pleanála téarnaimh agus pleanála réitigh, ba cheart do na húdaráis a chinneadh, ar bhonn tacair critéar rioscabhunaithe, na gnóthais a bheidh faoi réir na gceanglas pleanála lánfheidhme nó simplithe. Chun iontaoibh a chothú sa mhargadh aonair árachais agus athárachais agus chun cothrom iomaíochta a chothú, ba cheart íosleibhéal ullmhachta a bhaint amach trí íosleibhéal cumhdaigh margaidh a leagan síos le haghaidh an mhargaidh árachais agus athárachais saoil agus le haghaidh an mhargaidh árachais agus athárachais nach árachas ná athárachas saoil é. Maidir le raon feidhme na gceanglas pleanála réitigh, ba cheart do na húdaráis a chinneadh cé na gnóthais is dóchúla i gcoibhneas le gnóthais eile atá faoina gcúram go mbeadh gníomhaíocht réitigh chun leasa an phobail i gcás cliste nó cé acu gnóthas a rachadh i mbun na bhfeidhmeanna criticiúla.

(18)

Ar an gcúis chéanna, ba cheart do na húdaráis, i gcás inarb iomchuí, ceanglais dhifriúla nó laghdaithe i leith pleanáil réamhghabhálach téarnaimh agus pleanáil réitigh agus ceanglais dhifriúla nó laghdaithe i leith faisnéise a chur i bhfeidhm ar bhonn gnóthas-sonrach, agus ba cheart dóibh nuashonruithe a éileamh ag minicíocht níos ísle. Ag cur i bhfeidhm na n-oibleagáidí simplithe sin dóibh, ba cheart do na húdaráis cineál, méid, castacht agus inionadaitheacht ghnó an ghnóthais, a struchtúr scairshealbhóireachta agus a fhoirm dhlíthiúil, a phróifíl riosca, agus a leibhéal idirnascthachta le gnóthais rialáilte eile nó leis an gcóras airgeadais i gcoitinne a chur san áireamh. Ba cheart do na húdaráis a chur san áireamh freisin, maidir le cliseadh an ghnóthais árachais nó athárachais agus an foirceannadh a dhéanfaí air ina dhiaidh sin de réir na ngnáthimeachtaí dócmhainneachta, ar dhócha go mbeadh tionchar diúltach suntasach aige sin ar shealbhóirí polasaí, ar mhargaí airgeadais, ar ghnóthais eile, nó ar an ngeilleagar i gcoitinne. Ba cheart do na húdaráis tuairisciú don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) (EIOPA), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), maidir le cur i bhfeidhm na n-oibleagáidí simplithe sin ar bhonn bliantúil.

(19)

Le haghaidh próiseas réitigh ordúil agus chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint, ba cheart do na Ballstáit údaráis riaracháin phoiblí nó údaráis a cheapadh a mbeidh cumhachtaí riaracháin phoiblí ar a n-iontaoibh acu chun na feidhmeanna agus na cúraimí a bhaineann leis an gcreat téarnaimh agus réitigh a dhéanamh. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar acmhainní leordhóthanacha a leithdháileadh ar na húdaráis réitigh sin. I gcás ina n-ainmníonn Ballstát údarás réitigh a bhfuil feidhmeanna eile aige, ba cheart socruithe struchtúracha leordhóthanacha a chur i bhfeidhm chun na feidhmeanna sin a scaradh ó na feidhmeanna réitigh agus chun neamhspleáchas oibríochtúil a áirithiú. Leis an scaradh sin, níor cheart cosc a chur ar an bhfeidhm réitigh rochtain a bheith aici ar aon fhaisnéis a bheidh ag teastáil uaithi le haghaidh a cuid dualgas a fheidhmiú faoin gcreat téarnaimh agus réitigh, nó le haghaidh comhair idir údaráis dhifriúla a bhfuil baint acu le cur i bhfeidhm an chreata téarnaimh agus réitigh.

(20)

I bhfianaise na n-iarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag cliseadh gnóthais árachais nó athárachais ar shealbhóirí polasaí, ar an gcóras airgeadais agus ar gheilleagar Ballstáit, agus i bhfianaise an ghá a d’fhéadfadh a bheith ann cistí poiblí a úsáid chun dul i ngleic leis an gcliseadh sin, ba cheart dlúthbhaint a bheith ag na haireachtaí airgeadais nó ag aireachtaí ábhartha eile sna Ballstáit, go luath, leis an bpróiseas chun géarchéimeanna a bhainistiú agus a réiteach.

(21)

Is fíor-riachtanach go ndéanann grúpaí, nó i gcás inarb infheidhme, gnóthais aonair, pleananna réamhghabhálacha téarnaimh a ullmhú agus a nuashonrú go tráthrialta, pleananna lena leagtar amach na gníomhaíochtaí a bheidh le déanamh ag na grúpaí nó na gnóthais sin chun a staid airgeadais a athshlánú i ndiaidh do mheathlú suntasach teacht ar an staid sin, meathlú a bhféadfadh riosca a bheith ag baint leis dá n-inmharthanacht. Dá bhrí sin, ba cheart do ghnóthais árachais agus athárachais tacar táscairí cainníochtúla agus cáilíochtúla a shainaithint a spreagfadh cur i ngníomh beart ceartaitheach atá beartaithe sna pleananna réamhghabhálacha téarnaimh sin. Ba cheart na táscairí sin a bheith ina gcuidiú do ghnóthais árachais agus athárachais chun bearta ceartaitheacha a dhéanamh chun leasa na sealbhóirí polasaí i gcomhréir le córais bainistithe riosca na ngnóthas agus níor cheart ceanglais stuamachta rialála nua a leagan síos leis na táscairí sin. Dá bhrí sin, níor cheart leis an Treoir seo gnóthais a chosc ó phointí meathlaithe ar staid an chuntais caipitil a áireamh ina pleananna réamhghabhálacha téarnaimh ná níor cheart a cheangal orthu na pointí meathlaithe sin a áireamh iontu, ar pointí iad a thiocfadh roimh neamhchomhlíonadh an Cheanglais maidir le Caipiteal Sócmhainneachta a leagtar síos i dTeideal I, Caibidil VI, Roinn 4, de Threoir 2009/138/CE. Ba cheart pleananna réamhghabhálacha téarnaimh lena gcumhdaítear gach eintiteas dlítheanach ábharach laistigh den ghrúpa a shonrú agus a bhunú ar thoimhdí réalaíocha is infheidhme i raon cásanna stóinseacha agus diana. Ba cheart na pleananna réamhghabhálacha téarnaimh sin a bheith ina gcuid lárnach de chóras rialachais gnóthais. Féadfar uirlisí atá ann cheana féin a chur san áireamh agus na pleananna réamhghabhálacha téarnaimh sin á n-ullmhú, lena n-áirítear an féinmheasúnú riosca agus sócmhainneachta, pleananna teagmhasacha nó pleananna bainistithe riosca leachtachta. Mar sin féin, an ceanglas maidir le plean réamhghabhálach téarnaimh a ullmhú, ba cheart é sin a chur i bhfeidhm go comhréireach agus ba cheart é a bheith gan dochar d’fhorbairt agus do chur isteach plean téarnaimh réalaíoch mar a cheanglaítear le hAirteagal 138(2) de Threoir 2009/138/CE. I gcás inarb ábhartha, d’fhéadfadh na gnéithe den phlean réamhghabhálach téarnaimh a bheith ina bhfaisnéis nó fónamh mar bhonn chun an plean téarnaimh a cheanglaítear le hAirteagal 138(2) de Threoir 2009/138/CE a fhorbairt.

(22)

Is gá leibhéal leordhóthanach ullmhachta a áirithiú le haghaidh géarchéimeanna. Ba cheart a cheangal ar mháthairghnóthais deiridh nó ar ghnóthais aonair árachais nó athárachais a gcuid pleananna réamhghabhálacha téarnaimh a chur isteach chuig údaráis mhaoirseachta lena measúnú go hiomlán, lena n-áirítear an measúnú ar cibé acu atá nó nach bhfuil na pleananna sin cuimsitheach agus cibé acu a d’fhéadfaidís nó nach bhféadfaidís inmharthanacht gnóthais nó grúpa a athshlánú go tráthúil, fiú le linn tréimhsí géarbhrú airgeadais. I gcás ina gcuireann gnóthas plean réamhghabhálach téarnaimh ar fáil nach bhfuil leormhaith, ba cheart cumhacht a thabhairt do na húdaráis mhaoirseachta a cheangal ar an ngnóthas sin bearta is gá a dhéanamh chun na heasnaimh ábharacha sa phlean a cheartú.

(23)

Cuid fhíor-riachtanach de phróiseas éifeachtach réitigh is ea an phleanáil réitigh. Ba cheart, dá bhrí sin, an fhaisnéis uile is gá a bheith ag na húdaráis réitigh chun feidhmeanna criticiúla a shainaithint agus chun a áirithiú go leanfar díobh. Tá eolas pribhléideach ag gnóthais árachais agus athárachais ar an gcaoi a bhfeidhmíonn siad agus ar na fadhbanna a eascraíonn as an bhfeidhmiú sin, agus ba cheart d’údaráis réitigh, dá bhrí sin, pleananna réitigh a tharraingt suas, inter alia, ar bhonn na faisnéise a chuireann na gnóthais lena mbaineann ar fáil. Chun ualaí riaracháin neamhriachtanacha a sheachaint, ba cheart d’údaráis réitigh an fhaisnéis is gá a aisghabháil ó na húdaráis mhaoirseachta ar dtús.

(24)

Níor cheart oibleagáid a bheith ar ghnóthais bheaga neamhchasta pleananna réamhghabhálacha téarnaimh ar leithligh a tharraingt suas, ná níor cheart iad a bheith faoi réir pleanáil réitigh, ach amháin i gcás ina bhfuil riosca ar leith ag baint leis an ngnóthas sin ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach.

(25)

Chun idirghníomhaíocht beart ceartaitheach agus réitigh a d’fhéadfadh a bheith ann a thuar agus chun ullmhacht géarchéime grúpaí agus inréiteacht grúpaí a fheabhsú, aon láimhseáil grúpa le haghaidh pleanáil réamhghabhálach téarnaimh agus pleanáil réitigh, ba cheart feidhm a bheith aici sin maidir le gach grúpeintiteas atá faoi réir maoirseacht ghrúpa. Ba cheart struchtúr airgeadais, teicniúil agus gnó an ghrúpa lena mbaineann agus a leibhéal idirnascthachta inmheánaí a chur san áireamh sna pleananna réamhghabhálacha téarnaimh agus sna pleananna réitigh.

(26)

Ba cheart pleananna réamhghabhálacha grúpa téarnaimh agus pleananna grúpa réitigh a ullmhú le haghaidh an ghrúpa ina iomláine agus leis na pleananna sin, ba cheart bearta a shainaithint i ndáil le máthairghnóthas deiridh agus le foghnóthais aonair araon atá ina gcuid den ghrúpa sin. Mar sin féin, a mhéid a mheastar foghnóthais sna pleananna réamhghabhálacha grúpa téarnaimh agus sna pleananna grúpa réitigh, ba cheart é sin a bheith comhréireach le hábharthacht na bhfoghnóthas sin maidir leis an ngrúpa agus le sealbhóirí polasaí, leis an bhfíorgheilleagar agus leis an gcóras airgeadais sna Ballstáit ina bhfeidhmíonn na foghnóthais sin. Ba cheart baint le tarraingt suas aon phlean réitigh a bheith ag údaráis réitigh na mBallstát ina bhfuil foghnóthais ag grúpa. Ba cheart do na húdaráis lena mbaineann, ag gníomhú dóibh laistigh de choláistí maoirseachta nó réitigh, gach iarracht a dhéanamh teacht ar chinneadh comhpháirteach maidir leis na pleananna sin a mheasúnú agus a ghlacadh. Mar sin féin, níor cheart difear a dhéanamh d’ullmhacht géarchéime leordhóthanach mar gheall ar éagmais cinnidh chomhpháirtigh laistigh de choláistí maoirseachta nó réitigh. Sna cásanna sin, maidir le gach údarás maoirseachta atá freagrach as foghnóthas, ba cheart dóibh a bheith in ann plean réamhghabhálach téarnaimh a éileamh le haghaidh na bhfoghnóthas faoina ndlínse agus a measúnú féin a dhéanamh ar an bplean réamhghabhálach téarnaimh. Ar na cúiseanna céanna, ba cheart do gach údarás réitigh atá freagrach as foghnóthas plean réitigh le haghaidh foghnóthais faoina dhlínse a tharraingt suas agus a choinneáil cothrom le dáta. Maidir le tarraingt suas pleananna réamhghabhálacha aonair téarnaimh agus pleananna aonair réitigh le haghaidh gnóthais atá ina gcuid de ghrúpa, ba cheart í sin a bheith eisceachtúil fós, ba cheart údar cuí a bheith léi agus ba cheart caighdeáin chomhchosúla a chur i bhfeidhm léi agus atá leo siúd a chuirtear i bhfeidhm maidir le gnóthais inchomparáide sa Bhallstát lena mbaineann. I gcás ina n-ullmhaítear pleananna réamhghabhálacha aonair téarnaimh agus pleananna aonair réitigh le haghaidh gnóthais atá ina gcuid de ghrúpa, ba cheart do na húdaráis lena mbaineann díriú, a mhéid is féidir, ar chomhsheasmhacht le pleananna réamhghabhálacha téarnaimh agus pleananna réitigh a bhaint amach don chuid eile den ghrúpa.

(27)

Is féidir le húdaráis réitigh nach n-easaontaíonn le cinneadh comhpháirteach teacht ar chinneadh comhpháirteach eatarthu féin maidir le plean réitigh grúpa, agus maidir le baic shubstainteacha a shainaithint agus, i gcás inar gá, maidir leis an measúnú a dhéanamh ar na bearta arna moladh ag an máthairghnóthas deiridh agus maidir leis na bearta a éilíonn na húdaráis chun aghaidh a thabhairt ar na baic nó chun iad a bhaint.

(28)

Chun na húdaráis uile lena mbaineann a choinneáil ar an eolas go hiomlán agus go buan, ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta aon phleananna réamhghabhálacha téarnaimh agus aon athruithe ar na pleananna sin a tharchur chuig na húdaráis réitigh lena mbaineann agus ba cheart do na húdaráis réitigh aon phleananna réitigh agus aon athruithe orthu sin a tharchur chuig na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann.

(29)

Ba cheart an chumhacht a bheith ag na húdaráis réitigh a cheangal ar ghnóthais árachais nó athárachais athrú a dhéanamh ar a struchtúr agus ar a n-eagrú agus sin ar bhonn measúnú ar inréiteacht gnóthas árachais nó athárachais, bíodh sé sin go díreach nó go hindíreach tríd an údarás maoirseachta. Ba cheart é a bheith ar a gcumas do na húdaráis réitigh bearta a dhéanamh atá riachtanach ach comhréireach chun aon bhac substainteach ar chur i bhfeidhm uirlisí réitigh a laghdú nó iad a bhaint agus inréiteacht na n-eintiteas lena mbaineann a áirithiú. Ba cheart do na húdaráis réitigh measúnú a dhéanamh ar inréiteacht gnóthas árachais nó athárachais ar leibhéal na ngnóthas sin i gcás ina meastar go ndéanfaí gníomhaíochtaí réitigh, i gcomhréir leis an bplean réitigh grúpa. Maidir le cumas na n-údarás réitigh athruithe ar struchtúr agus eagrú gnóthais árachais nó athárachais a iarraidh, nó bearta a dhéanamh chun aon bhac ábharach ar chur i bhfeidhm uirlisí réitigh a laghdú nó a bhaint agus chun inréiteacht na ngnóthas lena mbaineann a áirithiú, níor cheart dó sin dul thar a bhfuil riachtanach chun struchtúr agus oibríochtaí an ghnóthais árachais nó athárachais lena mbaineann a shimpliú chun feabhas a chur ar inréiteacht an ghnóthais sin.

(30)

Cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a leagtar amach i bplean réamhghabhálach téarnaimh nó i bplean réitigh, d’fhéadfadh sé go mbeadh tionchair aige sin ar fhoireann gnóthas árachais nó athárachais. Dá bhrí sin, ba cheart nósanna imeachta a bheith sna pleananna sin chun ionadaithe na bhfostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo ar feadh na bpróiseas téarnaimh agus réitigh nuair is iomchuí. Ba cheart a chur san áireamh sna nósanna imeachta sin comhaontuithe comhchoiteanna, socruithe eile dá bhforálann na comhpháirtithe sóisialta, agus an dlí náisiúnta agus dlí an Aontais maidir le rannpháirtíocht na gceardchumann agus ionadaithe na n-oibrithe i bpróisis athstruchtúraithe cuideachtaí.

(31)

Má táthar chun gnóthais árachais agus athárachais nó grúpeintitis a fheidhmíonn ar fud an Aontais a théarnamh agus a réiteach go héifeachtach, teastóidh comhar i measc na n-údarás maoirseachta agus údarás réitigh laistigh de choláistí maoirseoirí agus de choláistí réitigh ag gach céim den phróiseas, ó ullmhú na bpleananna réamhghabhálacha téarnaimh agus na bpleananna réitigh go dtí go ndéanfar gnóthas a réiteach go hiarbhír. I gcás nach mbíonn údaráis ar aon intinn maidir le cinntí atá le déanamh i ndáil le grúpaí agus gnóthais, ba cheart ról idirghabhála a bheith ag EIOPA, mar rogha dheireanach.

(32)

I rith na céime téarnaimh agus na céime coiscthí, ba cheart do na scairshealbhóirí freagracht agus smacht iomlán a choinneáil ar an ngnóthas árachais nó athárachais. Níor cheart dóibh an fhreagracht sin a choinneáil a thuilleadh a luaithe a chuirtear an gnóthas faoi réiteach. Dá bhrí sin, sa chreat réitigh ba cheart foráil a dhéanamh maidir le gnóthas árachais nó athárachais dul faoi réiteach go tráthúil, is é sin sula mbeidh sé dócmhainneach ó thaobh an chláir comhardaithe de nó ó thaobh sreabhadh airgid de, sula mbeidh gach cothromas díscithe go hiomlán, nó sula mbeidh sé sa dóigh nach féidir leis an ngnóthas árachais nó athárachais a oibleagáidí íocaíochta a chomhlíonadh de réir mar a bheidh siad dlite. Ba cheart réiteach a thionscnamh i gcás ina gcinneann údarás maoirseachta, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás réitigh, nó nuair a chinneann údarás réitigh, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás maoirseachta, go bhfuil ag cliseadh ar ghnóthas árachais nó athárachais nó gur dócha go gclisfidh air agus nach ndéanfaí an cliseadh sin laistigh de thréimhse ama réasúnta a chosc le bearta malartacha. Ba cheart gnóthas árachais nó athárachais a mheas ina ghnóthas a bhfuil ag cliseadh air nó ar dócha go gclisfidh air in aon cheann de na himthosca seo a leanas: (i) i gcás ina sáraíonn an gnóthas an tÍoscheanglas Caipitil a leagtar síos i dTeideal I, Caibidil VI, Roinn 5 de Threoir 2009/138/CE, nó gur dócha go sáróidh an gnóthas é, agus i gcás nach bhfuil aon ionchas réasúnach ann go n-athbhunófar an chomhlíontacht; (ii) i gcás nach gcomhlíonann an gnóthas na coinníollacha maidir le húdarú a thuilleadh nó i gcás ina gcliseann ar an ngnóthas go tromchúiseach a oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh faoi na dlíthe agus na rialacháin a bhfuil sé faoina réir nó i gcás inar dócha go gclisfidh air go tromchúiseach a oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh faoi na dlíthe agus na rialacháin a bhfuil sé faoina réir go luath amach anseo ar bhealach ina dtabharfaí údar cuí leis an údarú a tharraingt siar; (iii) i gcás ina bhfuil sócmhainní an ghnóthais árachais nó athárachais níos lú ná dliteanais an ghnóthais, nó ina bhfuil gnéithe oibiachtúla ann chun bonn a chur faoin gcinneadh gurb amhlaidh a bheidh sé go gairid amach anseo; (iv) i gcás nach bhfuil an gnóthas árachais nó athárachais in ann a fhiacha nó a dhliteanais eile a ghlanadh nó i gcás inar dócha nach mbeidh sé in ann iad a ghlanadh go luath amach anseo, lena n-áirítear íocaíochtaí do shealbhóirí polasaí nó do thairbhithe de réir mar a bheidh siad dlite; nó (v) i gcás ina dteastaíonn tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách ón ngnóthas árachais nó athárachais.

(33)

Chun foráil a dhéanamh maidir le sainiú soiléir freagrachtaí idir údaráis mhaoirseachta agus údaráis réitigh, ba cheart a shonrú, a luaithe a bheidh gníomhaíocht réitigh déanta ag an údarás réitigh, gurb é an t-údarás réitigh a bheidh freagrach ar deireadh thiar as cur chun feidhme éifeachtach na gníomhaíochta réitigh sin. Ón tráth sin ar aghaidh, ba cheart don údarás maoirseachta, dá bhrí sin, staonadh ó aon bhearta a ghlacadh i ndáil leis an ngnóthas faoi réiteach gan comhaontú a fháil roimh ré ón údarás réitigh. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart an chumhacht a bheith ag an údarás réitigh, i gcomhthéacs na gníomhaíochta réitigh, aon bheart a dhéanann an t-údarás maoirseachta a fhoirceannadh i gcás ina gcuirfí bac ar chur i bhfeidhm uirlisí réitigh dá leanfaí leis an mbeart sin.

(34)

D’fhéadfadh sé go gcuirfear isteach ar chearta scairshealbhóirí agus creidiúnaithe gnóthas árachais agus athárachais le húsáid uirlisí agus cumhachtaí réitigh. Go háirithe, le cumhacht na n-údarás réitigh scaireanna nó sócmhainní uile gnóthais árachais nó athárachais nó cuid de shócmhainní gnóthais árachais nó athárachais a aistriú chuig ceannaitheoir príobháideach gan toiliú na scairshealbhóirí, déantar difear do chearta maoine scairshealbhóirí. Ina theannta sin, leis an gcumhacht maidir le cinneadh a dhéanamh faoi na dliteanais atá le haistriú amach as gnóthas a bhfuil ag cliseadh air chun leanúnachas na seirbhísí a áirithiú agus chun drochthionchair ar shealbhóirí polasaí, ar thairbhithe agus ar dhaoine díobhálaithe, ar an bhfíorgheilleagar nó ar an gcobhsaíocht airgeadais ina hiomláine a sheachaint, d’fhéadfadh sé difear a dhéanamh do láimhseáil chomhionann creidiúnaithe. Dá bhrí sin, níor cheart aon uirlis réitigh a chur i bhfeidhm ach amháin maidir leis na gnóthais árachais nó athárachais sin a bhfuil ag cliseadh orthu nó ar dócha go gclisfidh orthu, agus i gcás inar gá sin agus inar comhréireach sin chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach ar son an leasa choitinn, agus aird chuí á tabhairt ar an gcuspóir maidir le comhleas sealbhóirí polasaí, tairbhithe agus éilitheoirí a chosaint. Níor cheart forlámhas a bheith ag leas aonair duine ar leith nó grúpa ar leith ar chothromaíocht fhoriomlán chomhleasanna shealbhóirí polasaí, thairbhithe agus éilitheoirí an ghnóthais lena mbaineann.

(35)

Go háirithe, níor cheart uirlisí réitigh a chur i bhfeidhm ach amháin i gcás nach féidir gnóthas árachais nó athárachais a fhoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta gan tionchar míchuí a imirt ar chosaint sealbhóirí polasaí, tairbhithe agus éilitheoirí nó gan an córas airgeadais a dhíchobhsú nó cosc a chur ar aistriú tapa agus leanúnachas feidhmeanna criticiúla agus i gcás nach bhfuil aon ionchas réasúnach ann go dtiocfar ar réiteach eile príobháideach, lena n-áirítear aon mhéadú caipitil ó na scairshealbhóirí atá ann cheana nó ó aon tríú páirtí ar leor é chun inmharthanacht iomlán an eintitis a athshlánú gan éifeacht a bheith aige ar éilimh árachais nó athárachais. Scéimeanna ráthaíochta árachais is infheidhme maidir le gnóthas a chomhlíonann na coinníollacha le haghaidh imeachtaí dócmhainneachta nó réitigh, ba cheart iad a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh an gá nó nach gá uirlisí réitigh a chur i bhfeidhm ar mhaithe le leas an phobail. Aon chur isteach ar chearta na scairshealbhóirí nó na gcreidiúnaithe a eascraíonn as gníomhaíocht réitigh, ba cheart é sin a bheith i gcomhréir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’). Go háirithe, i gcás ina láimhseálfar go héagsúil creidiúnaithe laistigh den aicme chéanna i gcomhthéacs gníomhaíochta réitigh, ba cheart údar a bheith leis an dealú sin chun leasa an phobail, agus ba cheart é a bheith i gcomhréir leis na rioscaí a bhfuiltear ag tabhairt aghaidh orthu agus níor cheart é a bheith idirdhealaitheach, go díreach ná go hindíreach, ar fhorais na náisiúntachta.

(36)

Ba cheart méid áirithe solúbthachta a bheith ag na húdaráis réitigh chun na cuspóirí réitigh a chothromú agus cineál agus imthosca gach cáis á gcur san áireamh de réir mar is iomchuí.

(37)

Agus na cuspóirí réitigh á saothrú acu, ba cheart do na húdaráis réitigh a mheasúnú cé acu bealach is iomchuí chun na costais réitigh a íoslaghdú. Is cuspóir réitigh é an spleáchas ar thacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a íoslaghdú, ach is costas réitigh é an tacaíocht sin a úsáid freisin. Níor cheart a mheas, áfach, gur cuspóir réitigh ar leithligh é an t-íoslaghdú costas, ach prionsabal lenar cheart na húdaráis réitigh a threorú agus é á chinneadh acu cé acu bealach is fearr chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach.

(38)

Nuair a bheidh uirlisí réitigh á gcur i bhfeidhm agus cumhachtaí réitigh á bhfeidhmiú, ba cheart do na húdaráis réitigh gach beart is iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar gníomhaíocht réitigh i gcomhréir leis an bprionsabal go ndéantar difear d’éilimh árachais agus athárachais tar éis do scairshealbhóirí agus creidiúnaithe eile a sciar de na caillteanais a thabhú. Ina theannta sin, ba cheart do na húdaráis réitigh a áirithiú go n-íoslaghdófar na costais réitigh gnóthas árachais nó athárachais agus go láimhseálfar go cothromasach creidiúnaithe den aicme chéanna.

(39)

Le díluacháil nó comhshó ionstraimí caipitil, ionstraimí fiachais agus dliteanas incháilithe eile ba cheart foráil a dhéanamh maidir le sásra ionsúcháin caillteanais inmheánach. Leis an sásra sin, mar aon le huirlisí aistrithe a bhfuil sé d’aidhm acu leanúnachas an chumhdaigh árachais a choinneáil ar bun chun tairbhe na sealbhóirí polasaí, na dtairbhithe agus na ndaoine díobhálaithe, ba cheart a bheith in ann na cuspóirí réitigh a bhaint amach agus ba cheart an tionchar a bheadh ag cliseadh gnóthais árachais nó athárachais ar shealbhóirí polasaí a theorannú cuid mhór. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé go mbeidh cásanna eisceachtúla ann ina mbeidh gá le hidirghabháil scéimeanna náisiúnta sonracha chun an gnóthas árachais nó athárachais a réiteach, go háirithe scéim ráthaíochta árachais nó ciste réitigh, chun foráil a dhéanamh maidir le hionsúchán comhlántach caillteanais agus le hacmhainní athstruchtúraithe nó, mar rogha dheireanach, le maoiniú pobail urghnách. Leis na coimircí riachtanacha is gá chun creidiúnaithe a chosaint ba cheart a léiriú gur ann do na scéimeanna náisiúnta sonracha sin, scéimeanna nach mór a bheith i gcomhréir le creat Státchabhair an Aontais ar a seal. Ba cheart an uirlis díluachála nó chomhshó a chur i bhfeidhm sula n-úsáidfear aon tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách.

(40)

Níor cheart cur isteach ar chearta maoine a bheith díréireach. Dá bhrí sin, níor cheart do scairshealbhóirí, sealbhóirí polasaí, tairbhithe éilitheoirí agus creidiúnaithe eile gnóthas árachais agus athárachais dá ndéantar difear caillteanais a thabhú ar mó iad ná na caillteanais a thabhóidís dá ndéanfaí an gnóthas árachais nó athárachais a fhoirceannadh nuair a ghlactar an cinneadh réitigh sin. Is léiriú é an prionsabal sin ‘nach bhfuil creidiúnaí ar bith níos measa as’ ar an mbuncheart chun maoine a chosnaítear le hAirteagal 17 den Chairt. Ba cheart an ceart sin a chosaint le linn an nós imeachta réitigh riaracháin trína áirithiú nach mbeidh aon scairshealbhóir, sealbhóir polasaí, tairbhí, éilitheoir ná creidiúnaí eile dá ndéantar difear níos measa as ná mar a bheadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta. Ba cheart a áireamh i luacháil na láimhseála a bheadh faighte ag sealbhóirí polasaí, tairbhithe agus daoine díobhálaithe sa chás sin aon íocaíocht a gheobhadh sealbhóirí polasaí, tairbhithe agus daoine díobhálaithe ó scéimeanna ráthaíochta árachais, i gcás inarb infheidhme, agus ó chomhlachtaí cúitimh faoi Threoir 2009/103/CE. I gcás aistriú páirteach sócmhainní agus dliteanas gnóthais árachais nó athárachais faoi réiteach chuig ceannaitheoir príobháideach nó chuig gnóthas idirlinne, is de réir na ngnáthimeachtaí dócmhainneachta ba cheart an chuid iarmharach den ghnóthas faoi réiteach a fhoirceannadh. Scairshealbhóirí agus creidiúnaithe atá fágtha in imeachtaí foirceanta gnóthais árachais nó athárachais, ba cheart iad a bheith i dteideal a bheith íoctha as a n-éilimh sna himeachtaí foirceanta, nó cúiteamh a fháil astu, méid nach lú ná an méid a ghnóthóidís dá ndéanfaí an gnóthas árachais nó athárachais ina iomláine a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta.

(41)

Chun cearta na scairshealbhóirí agus na gcreidiúnaithe, lena n-áirítear sealbhóirí polasaí, tairbhithe agus éilitheoirí, a chosaint, is gá oibleagáidí soiléire a leagan síos maidir le luacháil shócmhainní agus dhliteanais an ghnóthais faoi réiteach agus maidir le luacháil na caoi a láimhseálfaí scairshealbhóirí agus creidiúnaithe, lena n-áirítear sealbhóirí polasaí, tairbhithe agus éilitheoirí, dá bhfoirceannfaí an gnóthas faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta. Dá bhrí sin, is gá a leagan síos, sula ndéanfaí aon ghníomhaíocht réitigh, go ndéanfar luacháil chóir réalaíoch ar shócmhainní agus dliteanais an ghnóthais árachais nó athárachais. Ba cheart an luacháil sin a bheith faoi réir ceart achomhairc. Mar sin féin, de bharr chineál na gníomhaíochta réitigh agus de bharr an dlúthnaisc atá aici leis an luacháil, níor cheart a bheith in ann achomharc mar sin a dhéanamh ach amháin i gcás ina ndírítear é go comhuaineach in aghaidh an chinnidh réitigh. Ina theannta sin, is gá a leagan síos, tar éis uirlisí réitigh a chur i bhfeidhm, go ndéantar comparáid idir an chaoi iarbhír a láimhseáiltear scairshealbhóirí agus creidiúnaithe, lena n-áirítear sealbhóirí polasaí, tairbhithe agus éilitheoirí, agus an chaoi a láimhseálfaí iad faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta. Ba cheart a bheith in ann agóid a dhéanamh i gcoinne na comparáide ex post sin ar leithligh ón gcinneadh réitigh. Scairshealbhóirí agus creidiúnaithe a fhaigheann níos lú ná an méid a gheobhaidís faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, ba cheart iad a bheith i dteideal an difríocht a bheith íoctha leo.

(42)

Nuair a dhéantar gníomhaíochtaí réitigh, d’fhéadfadh sealbhóirí polasaí cuid de na sochair nó na sochair uile dá bhforáiltear ina gconarthaí a choinneáil agus ní gá go mbeadh orthu conradh árachais nua a chur i gcrích. I gcásanna ina ndéantar gnóthas a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta, d’fhéadfadh sé go mbeadh costais athsholáthair ar shealbhóirí polasaí le hathrú conartha. Go háirithe i gcás conarthaí árachais fadtéarmacha, dálaí margaidh agus saintréithe na sealbhóirí polasaí féin chomh maith le costais bhreise ar nós táillí bróicéireachta agus scoir, d’fhéadfadh costais shuntasacha a bheith ar shealbhóirí polasaí a mbeadh orthu a gconarthaí a ionadú. Agus na costais athsholáthair sin á meas i gcomhthéacs an phrionsabail ‘creidiúnaí ar bith níos measa as’, ní mór glacadh leis go dtugtar i gcrích conradh árachais nua a bhfuil cumhdach inchomparáide aige atá ar fáil sa mhargadh in aghaidh rátaí an mhargaidh ag an am laistigh de thréimhse réasúnach ó dháta gníomhaíochta réitigh.

(43)

Is tábhachtach caillteanais a aithint nuair a chliseann ar ghnóthas árachais nó athárachais. Luacháil shócmhainní agus dhliteanais na ngnóthas a bhfuil ag cliseadh orthu, ba cheart í a bheith bunaithe ar thoimhdí cothroma stuama réalaíocha an tráth a chuirfí uirlisí réitigh i bhfeidhm. Níor cheart, áfach, do staid airgeadais an ghnóthais árachais nó athárachais difear a dhéanamh do luach na ndliteanas sa luacháil. Ba cheart luachálacha chun bonn eolais a chur faoin rogha agus faoi dhearadh na ngníomhaíochtaí réitigh a bheith comhsheasmhach leis an gcreat rialála stuamachta is infheidhme, ach i gcomhthéacs réitigh, d’fhéadfaí modhnuithe spriocdhírithe a dhéanamh ar na prionsabail is bun leis an gcreat sin, go háirithe i gcás nach gcomhlíontar an toimhde go saothróidh an gnóthas a ghnó mar ghnóthas leantach. Ba cheart do na húdaráis réitigh a bheith in ann, i gcásanna eisceachtúla práinne, luacháil ghasta a dhéanamh ar shócmhainní nó dliteanais gnóthais árachais nó athárachais a bhfuil ag cliseadh air. Ba cheart an luacháil sin a bheith sealadach agus ba cheart feidhm a bheith aici go dtí go ndéanfar luacháil neamhspleách. Ba cheart do EIOPA creat prionsabal a bhunú a bheidh le húsáid chun na luachálacha sin a dhéanamh, agus leis an gcreat sin, ba cheart na húdaráis réitigh agus luachálaithe neamhspleácha a bheith in ann modheolaíochtaí sonracha difriúla a chur i bhfeidhm, de réir mar is iomchuí.

(44)

Nuair a dhéanfaidh siad gníomhaíochtaí réitigh, ba cheart do na húdaráis réitigh na bearta dá bhforáiltear sna pleananna réitigh a chur san áireamh agus a leanúint seachas má mheasann na húdaráis réitigh, agus imthosca an cháis á gcur san áireamh, go mbainfear na cuspóirí réitigh amach ar bhealach níos éifeachtaí trí ghníomhaíochtaí a dhéanamh nach ndéantar foráil maidir leo sna pleananna réitigh.

(45)

Ba cheart uirlisí réitigh a cheapadh agus iad a bheith oiriúnach chun freagairt do thacar leathan cásanna nach féidir a thuar den chuid is mó, ag cur san áireamh go bhféadfadh difríocht a bheith idir gnóthas árachais nó athárachais amháin atá i ngéarchéim agus géarchéim shistéamach níos leithne. Ba cheart, dá bhrí sin, gach ceann de na cásanna sin a chumhdach leis na huirlisí réitigh, lena n-áirítear leachtú sócmhainneach an ghnóthais faoi réiteach go dtí a fhoirceannadh, díol an ghnó nó scaireanna an ghnóthais faoi réiteach, gnóthas idirlinne a chur ar bun, scaradh na sócmhainní agus na ndliteanas ó phunanna lagaithe nó tearcfheidhmithe an ghnóthais a bhfuil ag cliseadh air, agus díluacháil nó comhshó ionstraimí caipitil agus dhliteanais incháilithe eile an ghnóthais árachais nó athárachais a bhfuil ag cliseadh air.

(46)

I gcásanna sonracha, i gcás ina soláthraíonn grúpeintitis áirithe seirbhísí do ghnóthas faoi réiteach atá fíor-riachtanach chun leanúnachas an chumhdaigh árachais a áirithiú, ba cheart an chumhacht a bheith ag an údarás réitigh a áirithiú go leanfar de na hearraí agus na seirbhísí a sholáthraíonn soláthraí seirbhísí fíor-riachtanacha den sórt sin a sholáthar i gcásanna ina dtiocfaidh meath ar a staid airgeadais mar thoradh ar mhainneachtain gnóthais árachais nó athárachais laistigh den ghrúpa céanna agus inar gá an chumhacht sin a úsáid chun leanúnachas an chumhdaigh árachais arna sholáthar ag grúpeintitis eile a chaomhnú. D’fhéadfaí a áireamh ar na cumhachtaí sin cumhachtaí réitigh a fheidhmiú agus uirlisí réitigh a chur i bhfeidhm ar an soláthraí seirbhísí fíor-riachtanacha.

(47)

I gcás ina n-úsáidtear uirlisí réitigh chun punanna árachais a aistriú chuig eintiteas fónta, eintiteas a d’fhéadfadh a bheith ina cheannaitheoir ón earnáil phríobháideach nó ina ghnóthas idirlinne, ba cheart an chuid iarmharach den ghnóthas a leachtú laistigh d’achar ama iomchuí. Ba cheart fad an achair ama sin a bheith bunaithe ar an ngá don ghnóthas árachais nó athárachais a bhfuil ag cliseadh air seirbhísí nó tacaíocht a sholáthar chun é a chur ar a chumas don cheannaitheoir ón earnáil phríobháideach nó don ghnóthas idirlinne na gníomhaíochtaí agus na seirbhísí a fuarthas de bhua an aistrithe sin a chur i gcrích.

(48)

Ba cheart socruithe maoiniúcháin a bhunú i ngach Ballstát chun sealbhóirí polasaí agus tairbhithe agus éilitheoirí gnóthas árachais agus athárachais atá údaraithe sa Bhallstát sin a chúiteamh. Ba cheart socruithe maoiniúcháin a bheith ar fáil chun éilimh scairshealbhóirí agus creidiúnaithe eile a shásamh faoin bprionsabal ‘creidiúnaí ar bith níos measa as’ más gá sin chun spleáchas ar chistí poiblí a sheachaint. Ba cheart na héilimh sin a ríomh i gcomhréir leis an ordlathas creidiúnaithe i ngnáthimeachtaí dócmhainneachta, d’fhonn bac a chur ar scairshealbhóirí nó creidiúnaithe eile a chúiteamh sula ndéanfar sealbhóirí polasaí, tairbhithe nó éilitheoirí a chúiteamh go hiomlán. Cé nár cheart caillteanais cuideachta árachais a iompar go díreach, ba cheart a bheith in ann na socruithe maoiniúcháin sin a úsáid chun costais eile a bhaineann le húsáid uirlisí réitigh a mhaoiniú mar rogha dheireanach, a mhéid is gá chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach agus a mhéid a urramaítear prionsabail an réitigh ina n-iomláine. Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann a chinneadh go bhféadfaí socruithe maoiniúcháin a úsáid chun caillteanais sealbhóirí polasaí, tairbhithe agus éilitheoirí a iompar. I gcás mar sin, d’imeodh an gnóthas a bhfuil ag cliseadh air as an margadh agus dhéanfaí punanna uile na gconarthaí árachais nó cuid díobh a aistriú mar chuid den uirlis díolta gnó nó chuig gnóthas idirlinne, nó dhéanfaí iad a chothabháil sa ghnóthas faoi réiteach dá gcuirfí é faoi leachtú sócmhainneach. I gcás ar bith, ba cheart na scairshealbhóirí a dhíluacháil sula bhféadfaí socruithe um maoiniú réitigh a úsáid chun caillteanais a iompar. Agus é á aithint go bhfuil éagsúlacht sna margaí árachais, ba cheart roinnt solúbthachta a bheith ag na Ballstáit i ndáil le socruithe beachta an mhaoinithe sheachtraigh fad is a áirithítear infhaighteacht leachtachta leordhóthanaí chun cúiteamh a áirithiú laistigh d’achar ama réasúnta. Níor cheart do Bhallstát oibleagáid ranníocaíochta a fhorchur ach ar ghnóthais árachais agus athárachais atá údaraithe sa Bhallstát sin agus ar bhrainsí de chuid an Aontais de ghnóthas tríú tír atá bunaithe ina chríoch.

(49)

Leis an uirlis díolta gnó, ba cheart a chur ar a gcumas do na húdaráis réitigh díol an ghnóthais árachais nó athárachais nó codanna dá ghnó a chur i gcrích le ceannaitheoir amháin nó níos mó ná sin gan toiliú na scairshealbhóirí. Agus an uirlis díolta gnó á cur i bhfeidhm, ba cheart do na húdaráis socruithe a dhéanamh maidir leis an ngnóthas árachais nó athárachais sin nó cuid dá ghnó a mhargú trí phróiseas oscailte trédhearcach neamh-idirdhealaitheach agus, an tráth céanna, an praghas díola a uasmhéadú a mhéid is féidir. I gcás ina bhfuil próiseas mar sin dodhéanta, ar chúiseanna práinne, ba cheart do na húdaráis céimeanna a ghlacadh chun an tionchar díobhálach ar iomaíocht agus ar an margadh inmheánach a chur ina cheart.

(50)

Aon ghlanfháltais ó aistriú sócmhainní nó dliteanas an ghnóthais faoi réiteach ar chur i bhfeidhm na huirlise díolta gnó, ba cheart dóibh dul chun tairbhe don ghnóthas a bheidh fágtha sna himeachtaí foirceanta. Aon ghlanfháltais ó aistriú scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile arna n-eisiúint ag an ngnóthas faoi réiteach ar chur i bhfeidhm na huirlise díolta gnó, ba cheart dóibh dul chun tairbhe d’úinéirí na scaireanna sin nó d’úinéirí na n-ionstraimí úinéireachta eile, ar choinníoll go gcúitítear sealbhóirí polasaí agus creidiúnaithe eile ar dtús, a mhéid a dhíluachálfar a n-éilimh gan cúiteamh iomlán a bheith déanta ina leith. Ba cheart na fáltais a ríomh glan ó na costais a eascraíonn as an gcliseadh ar an ngnóthas árachais nó athárachais agus as an bpróiseas réitigh.

(51)

Maidir leis an bhfaisnéis a bhaineann le margú gnóthais árachais nó athárachais a bhfuil ag cliseadh air agus faisnéis a bhaineann leis an gcaibidlíocht le faighteoirí ionchasacha sula gcuirfear an uirlis díolta gnó i bhfeidhm, is dócha go mbeidh an fhaisnéis sin íogair agus d’fhéadfadh sé go mbeidh rioscaí ag gabháil léi don iontaoibh sa mhargadh árachais. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, a áirithiú gur féidir nochtadh poiblí na faisnéise sin a cheanglaítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) a chur siar ar feadh an ama is gá chun réiteach an ghnóthais árachais nó athárachais lena mbaineann a phleanáil agus a struchtúrú.

(52)

Tá gnóthas idirlinne ina ghnóthas árachais nó athárachais atá faoi úinéireacht iomlán nó pháirteach údaráis phoiblí amháin nó níos mó nó a rialaíonn an t-údarás réitigh é. Is é is príomhchuspóir do ghnóthas idirlinne a áirithiú go leanfar de na feidhmeanna criticiúla a sholáthar do shealbhóirí polasaí an ghnóthais árachais nó athárachais a bhfuil ag cliseadh air. Dá bhrí sin, ba cheart gnóthas idirlinne a fheidhmiú mar ghnóthas leantach inmharthana agus ba cheart é a chur ar ais ar an margadh a luaithe agus is iomchuí na dálaí nó é a fhoirceannadh i gcás nach mbeidh sé inmharthana a thuilleadh.

(53)

Leis an uirlis deighilte sócmhainní agus dliteanas ba cheart a chur ar a gcumas do na húdaráis sócmhainní, cearta nó dliteanais gnóthais faoi réiteach a aistriú chuig gléas eile chun na sócmhainní, cearta nó dliteanais sin a bhaint, a bhainistiú agus a fhoirceannadh. Chun cosc a chur ar bhuntáiste míchuí san iomaíocht ag an ngnóthas árachais nó athárachais a bhfuil ag cliseadh air, níor cheart an uirlis deighilte sócmhainní agus dliteanas, arb é a príomhfheidhm aistriú punainne a éascú, a úsáid ach amháin i gcomhar le huirlisí eile.

(54)

Ba cheart a áirithiú le córas éifeachtach réitigh gur féidir gnóthais árachais nó athárachais a réiteach ar bhealach ina n-íoslaghdófar an tionchar diúltach a bheidh ag cliseadh gnóthais ar shealbhóirí polasaí, ar cháiníocóirí, ar an bhfíorgheilleagar agus ar an gcobhsaíocht airgeadais. Ba cheart a áirithiú leis an díluacháil nó leis an gcomhshó, sula ndéanfar difear d’éilimh árachais agus athárachais, gurb iad scairshealbhóirí agus creidiúnaithe gnóthais árachais nó athárachais a bhfuil ag cliseadh air a sheasfaidh na caillteanais ar dtús agus go seasfaidh siad cuid iomchuí de na costais a eascraíonn as an gcliseadh gnóthais árachais nó athárachais a luaithe a úsáidfear cumhacht réitigh. Dá réir sin, ba cheart a mhéadú leis an uirlis díluachála nó chomhshó an dreasacht do scairshealbhóirí agus do chreidiúnaithe gnóthas árachais nó athárachais agus, go pointe áirithe, do shealbhóirí polasaí, faireachán a dhéanamh ar shláinte gnóthais árachais nó athárachais le linn gnáthimthosca.

(55)

Tá sé tábhachtach a áirithiú go mbeidh an tsolúbthacht is gá ag na húdaráis réitigh, i raon imthosca, chun an gnóthas faoi réiteach a chur faoi leachtú sócmhainneach, a shócmhainní, a chearta agus a dhliteanais a aistriú ar na dálaí is fearr do shealbhóirí polasaí, nó na caillteanais atá fágtha a leithdháileadh. Is iomchuí a leagan síos, dá bhrí sin, gur cheart do na húdaráis réitigh a bheith in ann an uirlis díluachála nó chomhshó a chur i bhfeidhm i gcás inarb é is cuspóir don uirlis an gnóthas árachais nó athárachais a bhfuil ag cliseadh air a réiteach mar ghnóthas i leachtú sócmhainneach, agus i gcás ina n-aistrítear seirbhísí criticiúla árachais agus an chuid iarmharach den ghnóthas árachais nó athárachais ag scor den oibriú agus á foirceannadh. Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfadh sé go mbeidh gá le hathstruchtúrú dliteanas árachais chun a áirithiú go leanfar de chuid ábharach den chumhdach árachais agus i gcás ina meastar gur chun leasa na sealbhóirí polasaí a dhéantar sin.

(56)

I gcás ina mbeidh ionchas réalaíoch ann go bhféadfar inmharthanacht an ghnóthais a athshlánú agus nach mbeidh sealbhóirí polasaí ag seasamh aon chaillteanas sa phróiseas réitigh, d’fhéadfaí an uirlis díluachála nó chomhshó a úsáid chun an gnóthas faoi réiteach a athshlánú mar ghnóthas leantach. I gcás mar sin, maille leis an réiteach trí dhíluacháil nó trí chomhshó ba cheart an lucht bainistíochta a athrú, seachas i gcás inarb iomchuí agus inar gá an lucht bainistíochta a choinneáil chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach.

(57)

Ní hiomchuí an uirlis díluachála nó chomhshó a chur i bhfeidhm maidir le héilimh a mhéid a bheidh siad urraithe, comhthaobhaithe nó ráthaithe ar shlí eile toisc go bhféadfadh an díluacháil sin nó an comhshó sin a bheith neamhéifeachtach nó mar gheall ar an tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith ag an díluacháil sin nó ag an gcomhshó sin ar an gcobhsaíocht airgeadais. Mar sin féin, chun a áirithiú go mbeidh an uirlis díluachála nó chomhshó éifeachtach agus go mbainfidh sí amach a cuspóirí, tá sé inmhianaithe gur féidir í a chur i bhfeidhm thar an réimse is leithne agus is féidir de dhliteanais neamhurraithe gnóthais árachais nó athárachais a bhfuil ag cliseadh air. Dá ainneoin sin, is iomchuí cineálacha áirithe dliteanas neamhurraithe a eisiamh ó raon feidhme na huirlise díluachála nó comhshó. Dá réir sin, chun a áirithiú go leanfar d’fheidhmeanna criticiúla, níor cheart an uirlis díluachála nó chomhshó a chur i bhfeidhm maidir le dliteanais áirithe fhostaithe an ghnóthais árachais nó athárachais a bhfuil ag cliseadh air, ná maidir le héilimh thráchtála a bhaineann le hearraí agus seirbhísí atá criticiúil chun go bhfeidhmeoidh an gnóthas árachais nó athárachais ó lá go lá. Chun teidlíochtaí pinsin agus na méideanna pinsin atá dlite nó ag dul d’iontaobhais pinsean agus d’iontaobhaithe pinsean a chomhall, níor cheart an uirlis díluachála nó chomhshó a chur i bhfeidhm maidir le dliteanais gnóthais árachais nó athárachais a bhfuil ag cliseadh air i leith scéim pinsin. Chun an riosca tógálachta sistéamaí a laghdú, níor cheart an uirlis díluachála nó chomhshó a chur i bhfeidhm maidir le dliteanais a eascróidh as rannpháirtíocht i gcórais íocaíochta ag a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná 7 lá, ná maidir le dliteanais gnóthais árachais nó athárachais, institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, cé is moite d’eintitis atá ina gcuid den ghrúpa céanna, ag a bhfuil aibíocht tosaigh is lú ná 7 lá.

(58)

Ar cheann de phríomhchuspóirí an réitigh tá cosaint comhleasa sealbhóirí polasaí, na dtairbhithe agus na n-éilitheoirí. Níor cheart, dá bhrí sin, éilimh árachais agus athárachais a bheith faoi réir chur i bhfeidhm na huirlise díluachála nó comhshó ach amháin mar rogha dheireanach agus ba cheart do na húdaráis réitigh breithniú cúramach a dhéanamh ar na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann dá ndéanfaí éilimh árachais a eascraíonn as conarthaí árachais atá ar seilbh ag daoine nádúrtha agus ag micrifhiontair agus fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a dhíluacháil.

(59)

Ba cheart údaráis réitigh a bheith in ann dliteanais a eisiamh nó a eisiamh go páirteach i roinnt imthosca i gcás nach féidir na dliteanais sin a dhíluacháil nó a chomhshó laistigh de thréimhse ama réasúnta, i gcás ina bhfuil an t-eisiamh fíor-riachtanach agus comhréireach chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach, nó i gcás ina scriosfaí an luach de thoradh chur i bhfeidhm na huirlise díluachála nó comhshó, rud a d’fhágfadh go mbeadh caillteanais a sheasfadh creidiúnaithe eile níos airde ná mura n-eisiafaí na dliteanais sin. I gcás ina gcuirfear na heisiaimh sin i bhfeidhm, féadfar leibhéal dhíluacháil nó chomhshó na ndliteanas incháilithe eile a mhéadú chun na heisiaimh sin a chur san áireamh, faoi réir an phrionsabail ‘creidiúnaí ar bith níos measa as’ a bheith á urramú. An tráth céanna, níor cheart a cheangal ar na Ballstáit réiteach a mhaoiniú óna mbuiséad ginearálta.

(60)

Agus an uirlis díluachála nó chomhshó á cur i bhfeidhm maidir le conarthaí árachais, ba cheart do na húdaráis réitigh a chur san áireamh gur tar éis an conradh a athstruchtúrú a chomhlíontar na híosleibhéil cumhdaigh éigeantacha faoin dlí is infheidhme. Níor cheart dó sin cosc a chur ar an údarás réitigh an uirlis díluachála nó chomhshó a chur i bhfeidhm maidir le héilimh árachais a tháinig chun cinn roimh dháta na gníomhaíochta réitigh.

(61)

De ghnáth, ba cheart do na húdaráis réitigh an uirlis díluachála nó chomhshó a chur i bhfeidhm ar bhealach ina dtugtar urraim do láimhseáil pari passu creidiúnaithe agus do rangú reachtúil na n-éileamh faoin dlí dócmhainneachta is infheidhme. Ba cheart, dá bhrí sin, caillteanais a iompar ar an gcéad dul síos le hionstraimí caipitil rialála, agus ba cheart iad a leithdháileadh ar scairshealbhóirí trí aistriú scaireanna a chur ar ceal nó trí mhór-chaolú. I gcás nach leor sin, ba cheart fiachas tánaisteach a chomhshó nó a dhíluacháil. Níor cheart dliteanais shinsearacha a chomhshó nó a dhíluacháil ach amháin i gcás ina ndéanfar an fiachas tánaisteach a chomhshó nó a dhíluacháil go hiomlán. Níor cheart a bheith in ann agóid a dhéanamh i gcoinne laghdú phríomhshuim na hionstraime nó laghdú phríomhshuim an dliteanais nó i gcoinne a comhshó de thoradh cumhachtaí díluachála nó comhshó a fheidhmiú ach amháin faoi dhlí Bhallstát an údaráis réitigh a d’fheidhmigh na cumhachtaí díluachála nó comhshó.

(62)

Maidir le díolúintí ó dhliteanais, inter alia le haghaidh córas íocaíochta agus socraíochta, creidiúnaithe fostaí nó trádála, nó rangú fabhrach, ba cheart feidhm chomhionann a bheith acu i dtríú tíortha agus san Aontas. Chun a áirithiú go bhféadfar dliteanais a dhíluacháil nó a chomhshó i dtríú tíortha, is gá a leagan síos go n-aithnítear an fhéidearthacht sin sna forálacha conarthacha faoi réir dhlí na dtríú tíortha. Níor cheart na téarmaí conarthacha sin a bheith ina gceangal le haghaidh dliteanais a eisiatar ó chur i bhfeidhm na huirlise díluachála nó comhshó, nó i gcás ina gceadaítear d’údarás réitigh an Bhallstáit lena mbaineann, le dlí an tríú tír nó le comhaontú ceangailteach a tugadh i gcrích leis an tríú tír sin, an uirlis díluachála nó chomhshó a chur i bhfeidhm.

(63)

Ba cheart do scairshealbhóirí agus do chreidiúnaithe rannchuidiú, a mhéid is gá, le sásra leithdháilte caillteanas gnóthais a bhfuil ag cliseadh air. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go n-iomprófar le hionstraimí caipitil Leibhéal 1, Leibhéal 2 agus Leibhéal 3 na caillteanais go hiomlán ag pointe neamh-inmharthanachta an ghnóthais árachais nó athárachais eisiúna. Dá réir sin, ba cheart a cheangal ar na húdaráis réitigh na hionstraimí sin a dhíluacháil ina n-iomláine, nó iad a chomhshó, i gcás inarb infheidhme, go hionstraimí Leibhéal 1, ag an bpointe neamh-inmharthanachta agus sula ndéanfar aon ghníomhaíocht réitigh. Chun na críche sin, ba cheart an pointe neamh-inmharthanachta a thuiscint mar an pointe ag a gcinneann an t-údarás réitigh lena mbaineann go gcomhlíonann an gnóthas árachais nó athárachais na coinníollacha le haghaidh réitigh, nó ag an bpointe ag a gcinneann an t-údarás réitigh lena mbaineann go scoirfeadh an gnóthas árachais nó athárachais de bheith inmharthana mura ndéanfaí na hionstraimí caipitil sin a dhíluacháil nó a chomhshó. Ba cheart na ceanglais sin a aithint sna téarmaí lena rialaítear an ionstraim, agus in aon réamheolaire nó doiciméid tairisceana a fhoilsítear nó a sholáthraítear i ndáil leis na hionstraimí.

(64)

Chun forghníomhú éifeachtach an réitigh a áirithiú, ba cheart na cumhachtaí dlíthiúla riachtanacha go léir a bheith ag na húdaráis réitigh ar féidir iad a fheidhmiú, i dteaglamaí difriúla, nuair a bheidh na huirlisí réitigh á gcur i bhfeidhm acu. Ar na cumhachtaí dlíthiúla sin, ba cheart a áireamh an chumhacht scaireanna i ngnóthas árachais nó athárachais a bhfuil ag cliseadh air a aistriú, nó an chumhacht sócmhainní, cearta nó dliteanais gnóthais árachais nó athárachais a bhfuil ag cliseadh air a aistriú chuig eintiteas eile, lena n-áirítear gnóthas eile nó gnóthas idirlinne, an chumhacht scaireanna a dhíluacháil nó a chealú, nó dliteanais gnóthais árachais nó athárachais a bhfuil ag cliseadh air a dhíluacháil nó a chomhshó, an chumhacht an lucht bainistíochta a athrú agus an chumhacht moratóir sealadach a fhorchur maidir le híocaíocht éileamh. Tá gá le cumhachtaí coimhdeacha, lena n-áirítear an chumhacht a cheangal ar chodanna eile de ghrúpa leanúint de sheirbhísí fíor-riachtanacha.

(65)

Ní gá na bealaí beachta a leagan síos trínar cheart d’údaráis réitigh idirghabháil a dhéanamh sa ghnóthas árachais nó athárachais a bhfuil ag cliseadh air. Ba cheart an rogha a bheith ag na húdaráis réitigh idir smacht a ghlacadh trí idirghabháil dhíreach sa ghnóthas árachais nó athárachais nó trí ordú forghníomhaithe. Ba cheart dóibh cinneadh a dhéanamh de réir imthosca an cháis.

(66)

Is gá ceanglais nós imeachta a leagan síos chun a áirithiú go dtabharfar fógra iomchuí maidir le gníomhaíochtaí réitigh agus go gcuirfear an pobal ar an eolas fúthu. Mar sin féin, ós rud é gur dócha gur faisnéis íogair a bheidh san fhaisnéis a gheobhaidh na húdaráis réitigh agus a gcomhairleoirí gairmiúla le linn an phróisis réitigh, ba cheart í a bheith faoi réir córas éifeachtach rúndachta, sula gcuirfear an réiteach faoi bhráid an phobail. Aon fhaisnéis a sholáthrófar i leith cinnidh sula ndéanfar an cinneadh sin, bíodh sin i dtaobh na coinníollacha réitigh a bheith comhlíonta, i dtaobh uirlis shonrach a úsáid nó i dtaobh aon ghníomhaíocht a úsáid i rith na n-imeachtaí, ní mór a thoimhdiú go mbeidh tionchair aici sin ar na leasanna poiblí agus príobháideacha a mbaineann an ghníomhaíocht leo. Dá bhrí sin, is gá a áirithiú go mbeidh sásraí iomchuí ann chun rúndacht na faisnéise sin a choimeád, lena n-áirítear ábhar agus sonraí na bpleananna téarnaimh agus réitigh agus toradh aon mheasúnaithe a dhéanfar sa chomhthéacs sin.

(67)

Níor cheart cosc a chur ar mhalartuithe faisnéise idir údaráis réitigh agus údaráis chánach. Ba cheart na malartuithe sin a bheith i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, agus, i gcás ina dtionscnaíonn an fhaisnéis i mBallstát eile, níor cheart í a mhalartú ach amháin le toiliú sainráite an údaráis ábhartha as ar tháinig an fhaisnéis.

(68)

Ba cheart cumhachtaí coimhdeacha a bheith ag na húdaráis réitigh chun a áirithiú go ndéanfar aistriú éifeachtach ar scaireanna nó ar ionstraimí fiachais agus ar shócmhainní, ar chearta agus ar dhliteanais chuig ceannaitheoir tríú páirtí nó chuig gnóthas idirlinne. Go háirithe, chun aistriú éileamh árachais nó athárachais a éascú gan difear a dhéanamh do phróifíl riosca fhoriomlán na punainne gaolmhaire agus do phróifíl riosca fhoriomlán na bhforálacha teicniúla comhlachaithe agus na gceanglas caipitil, ba cheart na tairbhí eacnamaíocha a sholáthraítear le comhaontuithe athárachais a chaomhnú. Ba cheart, dá bhrí sin, é a bheith ar a gcumas do na húdaráis réitigh éilimh árachais nó athárachais a aistriú mar aon lena gcearta athárachais comhfhreagracha. Ba cheart a áireamh sa chumas sin an chumhacht cearta tríú páirtí a bhaint de na hionstraimí nó de na sócmhainní arna n-aistriú, an chumhacht conarthaí a fhorfheidhmiú agus an chumhacht foráil a dhéanamh maidir le leanúnachas na socruithe i dtaca le faighteoir na sócmhainní agus na scaireanna arna n-aistriú. Níor cheart difear a dhéanamh don cheart atá ag páirtí conradh le gnóthas faoi réiteach, nó le grúpeintiteas dá chuid, a fhoirceannadh ar chúiseanna eile seachas réiteach an ghnóthais árachais nó athárachais a bhfuil ag cliseadh air. Thairis sin, maidir leis an ngnóthas árachais iarmharach nó an gnóthas athárachais iarmharach atá á fhoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, ba cheart an chumhacht choimhdeach a bheith ag na húdaráis réitigh a cheangal air seirbhísí a sholáthar atá riachtanach chun é a chur ar a chumas don ghnóthas ar aistríodh sócmhainní nó scaireanna chuige de bhua chur i bhfeidhm na huirlise díolta gnó nó na huirlise gnóthais idirlinne chun a ghnó a fheidhmiú.

(69)

De réir Airteagal 47 den Chairt, tá sé de cheart ag gach duine a ndéantar a chearta nó a cearta agus a shaoirsí nó a saoirsí, arna ráthú le dlí an Aontais, a shárú, leigheas éifeachtach a fháil os comhair binse. Dá bhrí sin, ba cheart na cinntí a dhéanfaidh na húdaráis réitigh a bheith faoi réir ceart achomhairc.

(70)

Féadfar go dteastódh measúnuithe eacnamaíocha casta agus mórchorrlach lánroghnach le haghaidh na mbeart bainistíochta géarchéime a dhéanfaidh na húdaráis réitigh. Tá ag na húdaráis réitigh, go sonrach, an saineolas is gá chun na measúnuithe sin a dhéanamh agus chun úsáid iomchuí an chorrlaigh lánroghnaigh a chinneadh. Is tábhachtach, dá bhrí sin, a áirithiú go n-úsáidfidh na cúirteanna náisiúnta measúnuithe eacnamaíocha casta a dhéanfaidh na húdaráis réitigh sa chomhthéacs sin mar bhunús nuair a bheidh na bearta bainistíochta géarchéime lena mbaineann á n-athbhreithniú. Níor cheart do chineál casta na measúnuithe sin, áfach, cosc a chur ar chúirteanna náisiúnta scrúdú a dhéanamh féachaint an bhfuil an fhianaise ar a bhfuil an t-údarás réitigh ag brath cruinn, iontaofa agus comhsheasmhach ó thaobh fíricí de, an bhfuil an fhaisnéis ábhartha uile san fhianaise sin ar cheart í a chur san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar chás casta agus an seasann an fhianaise leis na conclúidí ar thángthas orthu ar bhonn na fianaise sin.

(71)

Chun dul i ngleic le cásanna práinne, is gá foráil a dhéanamh nach mbeadh sé mar thoradh ar achomharc a thaisceadh go gcuirfí éifeachtaí an chinnidh a bhfuiltear ag agóid ina choinne ar fionraí go huathoibríoch agus go mbeadh cinneadh an údaráis réitigh infhorfheidhmithe láithreach agus glacadh leis gur i gcoinne leas an phobail a bheadh a fhionraíocht.

(72)

Is gá tríú páirtithe a chosaint, ar tríú páirtithe iad a fhaigheann, de mheon macánta, sócmhainní, cearta agus dliteanais an ghnóthais faoi réiteach de bhua fheidhmiú cumhachtaí réitigh ag na húdaráis. Is gá freisin cobhsaíocht na margaí airgeadais a áirithiú. Dá bhrí sin, le ceart achomhairc níor cheart difear a dhéanamh d’aon ghníomh riaracháin nó d’aon idirbheart arna thabhairt i gcrích ar bhonn cinneadh a cuireadh ar neamhní. I gcásanna mar sin, ba cheart na leigheasanna ar chinneadh éagórach a bheith teoranta do chúiteamh a bhronnadh as an díobháil a d’fhulaing na daoine dá ndéantar difear.

(73)

Féadfar gur ghá bearta bainistíochta géarchéime a dhéanamh go práinneach mar gheall ar na rioscaí tromchúiseacha don chobhsaíocht airgeadais sa Bhallstát lena mbaineann agus san Aontas. Maidir le haon nós imeachta faoin dlí náisiúnta a bhaineann leis an iarratas ar údarú breithiúnach ex-ante ar bheart bainistíochta géarchéime agus breithniú na cúirte ar an iarratas sin, ba cheart é a bheith gasta dá bhrí sin. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur féidir leis an údarás lena mbaineann a chinneadh a dhéanamh láithreach tar éis don chúirt a húdarú a thabhairt. Ba cheart an fhéidearthacht sin a bheith gan dochar do cheart na bpáirtithe leasmhara iarratas a dhéanamh chun na cúirte chun an cinneadh a chur ar neamhní. Mar sin féin, níor cheart an fhéidearthacht sin a dheonú ach amháin ar feadh tréimhse theoranta tar éis don údarás réitigh an beart bainistíochta géarchéime a dhéanamh chun nach gcuirfear moill mhíchuí ar chur i bhfeidhm an chinnidh réitigh.

(74)

Is ar mhaithe le réiteach éifeachtúil, agus leis an ngá le coinbhleachtaí dlínse a sheachaint, nach n-osclófar nó nach leanfar d’aon imeachtaí dócmhainneachta le haghaidh gnóthas árachais nó athárachais a bhfuil ag cliseadh air fad agus atá an t-údarás réitigh ag feidhmiú a chumhachtaí réitigh nó ag cur uirlisí réitigh i bhfeidhm, seachas ar thionscnamh an údaráis réitigh, nó le toiliú an údaráis réitigh. Is gá a leagan síos, dá bhrí sin, gur féidir oibleagáidí conarthacha áirithe a chur ar fionraí ar feadh tréimhse theoranta chun é a chur ar a gcumas do na húdaráis réitigh na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm. Níor cheart feidhm a bheith ag an bhféidearthacht sin, áfach, maidir le hoibleagáidí a bhaineann le córais a ainmníonn Ballstát dá dtagraítear i dTreoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), contrapháirtithe lárnacha san áireamh. Le Treoir 98/26/CE, laghdaítear an riosca a bhaineann le bheith rannpháirteach i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús, go háirithe trí shuaitheadh a laghdú i gcás dócmhainneacht rannpháirtí i gcóras den chineál sin. Is gá a áirithiú go mbeidh feidhm ag na cosaintí sin fós i gcásanna práinne agus go gcoimeádfar deimhneacht iomchuí d’oibreoirí córas íocaíochta agus socraíochta urrús agus do rannpháirtithe eile sa mhargadh. Dá bhrí sin, níor cheart a mheas, per se, go bhfuil beart coiscthe géarchéime nó beart bainistíochta géarchéime ina n-imeachtaí dócmhainneachta de réir bhrí Threoir 98/26/CE, ar choinníoll go leanfar de chur i gcrích na n-oibleagáidí substainteacha faoi na conarthaí lena mbaineann.

(75)

Is gá a áirithiú go mbeidh ag na húdaráis réitigh, agus iad ag aistriú sócmhainní agus dliteanas chuig ceannaitheoir ón earnáil phríobháideach nó chuig gnóthas idirlinne, dóthain ama chun conarthaí a chaithfear a aistriú a shainaithint. Ba cheart, dá bhrí sin, do na húdaráis réitigh a bheith in ann srian a chur ar chearta contrapháirtithe clabhsúr a chur ar chonarthaí airgeadais, iad a luathú nó a fhoirceannadh ar shlí eile sula ndéanfar an t-aistriú. Leis na srianta sin, ba cheart do na húdaráis réitigh a bheith in ann léargas fírinneach a fháil ar chlár comhardaithe an ghnóthais árachais nó athárachais a bhfuil ag cliseadh air gan na hathruithe ar luach agus ar raon feidhme a bheadh i gceist le feidhmiú forleathan na gceart chun foirceanta, agus ba cheart iad a bheith ina gcuidiú chun cruthú éagobhsaíochta sa mhargadh a sheachaint. Níor cheart cur isteach ar chearta conarthacha contrapháirtithe ach a mhéid is lú is gá. Níor cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith ag aon srian a fhorchuirfidh na húdaráis réitigh ar chearta chun foirceanta ach amháin maidir le bearta bainistíochta géarchéime nó le teagmhais a bheadh bainteach go díreach le cur i bhfeidhm na mbeart sin. Ba cheart leanúint de na cearta foirceanta a eascraíonn ó aon mhainneachtain eile, lena n-áirítear mainneachtain íocaíocht a dhéanamh nó corrlach a sholáthar.

(76)

Is gá socruithe margaidh caipitil dlisteanacha a chaomhnú i gcás ina n-aistreofar cuid de shócmhainní, de chearta agus de dhliteanais gnóthais árachais nó athárachais a bhfuil ag cliseadh air, ach ní iad ar fad. Is iomchuí, dá bhrí sin, coimircí a leagan síos chun cosc a chur ar scaradh dliteanas, ceart agus conarthaí atá nasctha, lena n-áirítear conarthaí leis an gcontrapháirtí céanna a chumhdaítear le socruithe urrúis, socruithe comhthaobhachta airgeadais aistrithe teidil, socruithe fritháirimh, comhaontuithe glanluachála clabhsúir, agus socruithe airgeadais struchtúrtha. I gcás ina mbeidh feidhm ag na coimircí sin, ba cheart do na húdaráis réitigh a bheith faoi cheangal gach conradh nasctha a aistriú laistigh de shocrú cosanta, nó iad ar fad a fhágáil sa ghnóthas árachais nó athárachais iarmharach a bhfuil ag cliseadh uirthi. Ba cheart a áirithiú leis na coimircí sin nach ndéanfar difear don láimhseáil caipitil rialála ar nochtaí faoi réir socrú glanluachála chun críocha Threoir 2009/138/CE.

(77)

Chun cobhsaíocht airgeadais a sholáthar don ghnóthas árachais nó athárachais, ba cheart moratóir a thabhairt isteach maidir le cearta géillte sealbhóirí polasaí. Leis an moratóir sin agus leis an gcobhsaíocht airgeadais don ghnóthas lena mbaineann a leanfadh as, ba cheart dóthain ama a bheith ag na húdaráis réitigh chun na gnóthais sin a luacháil agus chun measúnú a dhéanamh ar na huirlisí réitigh ba cheart a chur i bhfeidhm. Ba cheart a áirithiú leis an moratóir sin freisin go láimhseálfaí ar an gcaoi chéanna na sealbhóirí polasaí uile agus, dá réir sin, drochthionchair airgeadais ar shealbhóirí polasaí nach mbeadh ar cheann de na chéad sealbhóirí chun a bpolasaí a ghéilleadh. Ó tharla go bhfuil sé ar cheann de chuspóirí an réitigh go leanfar den chumhdach árachais, ba cheart do shealbhóirí polasaí leanúint d’aon íocaíochtaí éigeantacha a dhéanamh faoi na conarthaí árachais nó athárachais lena mbaineann, lena n-áirítear i gcás blianachtaí.

(78)

Éascófar gníomhaíocht chomhordaithe i gcás ina gclisfidh ar ghrúpa trasteorann trína áirithiú go mbeidh na huirlisí agus na cumhachtaí réitigh céanna ag na húdaráis réitigh. Tá gá le tuilleadh gníomhaíochta, áfach, chun comhar a chur chun cinn agus chun freagairtí náisiúnta ilroinnte a chosc. Ba cheart, dá bhrí sin, a cheangal ar na húdaráis réitigh dul i gcomhairle lena chéile agus dul i gcomhar lena chéile laistigh de na coláistí réitigh chun grúpscéim réitigh a chomhaontú nuair a bheidh grúpeintitis á réiteach. Chun foráil a dhéanamh maidir le fóram plé agus maidir le teacht ar an gcomhaontú sin, ba cheart coláistí réitigh a bhunú timpeall ar chroílár na gcoláistí maoirseoirí reatha trí na húdaráis réitigh a chuimsiú agus trí aireachtaí inniúla, EIOPA agus, i gcás inarb iomchuí, údaráis atá freagrach as scéim ráthaíochta árachais a dhéanamh rannpháirteach. Níor cheart coláistí réitigh a bheith ina gcomhlachtaí cinnteoireachta, ach ba cheart iad a bheith ina n-ardáin lena n-éascaítear an chinnteoireacht a dhéanann na húdaráis náisiúnta agus, an tráth céanna, ba cheart é a bheith faoi na húdaráis náisiúnta lena mbaineann cinntí comhpháirteacha a dhéanamh.

(79)

I bhfianaise na bhforbairtí rialála mar fhreagairt ar an ngéarchéim airgeadais dhomhanda, na taithí a fuarthas ó bhí an ghéarchéim sin ann, agus chur i bhfeidhm na Treorach seo, ba cheart don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le EIOPA, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar oiriúnacht na n-íoschaighdeán coiteann do scéimeanna ráthaíochta árachais laistigh den Aontas. Ba cheart ar a laghad an méid seo a leanas a dhéanamh sa tuarascáil sin: measúnú a dhéanamh ar staid reatha scéimeanna ráthaíochta árachais sna Ballstáit (leibhéal cumhdaigh, cineálacha árachais a chumhdaítear, truicir); roghanna beartais a phlé, lena n-áirítear na roghanna éagsúla beartais ar nós scéimeanna ráthaíochta árachais a úsáid chun leanúint de pholasaithe árachais nó chun iad a leachtú, agus ar an gcaoi sin aird chuí a thabhairt ar na difríochtaí i dtáirgí árachais i mBallstáit éagsúla; measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le bunlíne íosta a thabhairt isteach do scéimeanna ráthaíochta árachais ar fud an Aontais agus, i gcás inarb iomchuí, na céimeanna is gá a leagan amach chun bunlíne íosta a thabhairt isteach. Ba cheart togra reachtach a bheith ag gabháil leis an tuarascáil i gcás inarb iomchuí.

(80)

Agus grúpaí trasteorann á réiteach ba cheart cothromaíocht a bhaint amach idir, ar lámh amháin, an gá atá le nósanna imeachta lena gcuirtear criticiúlacht an cháis san áireamh agus lena mbítear in ann réitigh éifeachtúla, chothroma agus chaoithiúla a chruthú don ghrúpa trí chéile agus, ar an lámh eile, an gá atá le sealbhóirí polasaí, an fíorgheilleagar agus cobhsaíocht airgeadais a chosaint sna Ballstáit uile ina bhfeidhmíonn an grúpa. Dá bhrí sin, ba cheart do na húdaráis réitigh dhifriúla a dtuairimí a chur in iúl sa choláiste réitigh agus ba cheart aon ghníomhaíocht réitigh a mholfaidh an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal a ullmhú agus a phlé i measc údaráis réitigh dhifriúla i gcomhthéacs na bpleananna réitigh grúpa. Chun cinntí gasta agus comhpháirteacha a éascú i gcás inar féidir, ba cheart do choláistí réitigh tuairimí údaráis réitigh na mBallstát uile ina bhfeidhmíonn an grúpa a chur san áireamh freisin.

(81)

Ba cheart a chur san áireamh i gcónaí i ngníomhaíochtaí réitigh a dhéanann an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal a dtionchar ar shealbhóirí polasaí, ar an bhfíorgheilleagar agus ar an gcobhsaíocht airgeadais sna Ballstáit ina bhfeidhmíonn an grúpa. Ba cheart údaráis réitigh an Bhallstáit ina mbunaítear foghnóthas a bheith in ann agóid a dhéanamh, mar rogha dheireanach agus i gcásanna ina mbeidh údar cuí leo, in aghaidh chinntí an údaráis réitigh ar ghrúpleibhéal i gcás ina mbeidh na húdaráis réitigh sin den tuairim nach iomchuí na gníomhaíochtaí agus na bearta réitigh, de bharr an ghá le sealbhóirí polasaí, an fíorgheilleagar agus an chobhsaíocht airgeadais sa Bhallstát sin a chosaint, sin nó de bharr oibleagáidí a mbeidh gnóthais inchomparáide sa Bhallstát sin faoina réir.

(82)

Le grúpscéimeanna réitigh, ba cheart réiteach comhordaithe a éascú, rud ar dócha go dtiocfaidh an toradh is fearr as do ghnóthas uile grúpa. Dá bhrí sin, ba cheart do na húdaráis réitigh ar ghrúpleibhéal grúpscéimeanna réitigh a mholadh agus na scéimeanna sin a chur faoi bhráid an choláiste réitigh. Maidir leis na húdaráis réitigh nach n-aontaíonn le grúpscéim réitigh nó a chinneann gníomhaíocht réitigh neamhspleách a dhéanamh, ba cheart dóibh míniú a thabhairt don údarás réitigh ar ghrúpleibhéal agus do na húdaráis réitigh eile a chumhdaítear leis an ngrúpscéim réitigh ar na cúiseanna nach n-aontaíonn siad leis an scéim agus ba cheart dóibh fógra a thabhairt faoi na cúiseanna sin, mar aon le mionsonraí maidir le haon ghníomhaíocht réitigh neamhspleách atá beartaithe acu a dhéanamh. Ba cheart d’aon údarás réitigh a chinneann imeacht as an ngrúpscéim réitigh machnamh cuí a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige sin ar shealbhóirí polasaí, ar an bhfíorgheilleagar agus ar chobhsaíocht airgeadais sna Ballstáit ina bhfuil na húdaráis réitigh eile lonnaithe agus ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an imeacht sin ar chodanna eile den ghrúpa.

(83)

Chun gníomhaíocht chomhordaithe ar leibhéal an ghrúpa a áirithiú, ba cheart iarraidh ar na húdaráis réitigh an uirlis chéanna a chur i bhfeidhm, laistigh de ghrúpscéim réitigh, maidir le heintitis atá páirteach sa ghrúpa a chomhlíonann na coinníollacha le haghaidh réitigh. Ba cheart, dá réir sin, an chumhacht a bheith ag na húdaráis réitigh ar ghrúpleibhéal an uirlis gnóthais idirlinne a chur i bhfeidhm ar leibhéal an ghrúpa chun an grúpa ina iomláine a chobhsú agus chun úinéireacht na bhfoghnóthas a aistriú chuig an ngnóthas idirlinne d’fhonn na foghnóthais sin a dhíol ar aghaidh, bíodh sin mar phacáiste nó ina n-aonar, i gcás inarb iomchuí dálaí an mhargaidh. Ina theannta sin, ba cheart an chumhacht a bheith ag an údarás réitigh ar ghrúpleibhéal an uirlis díluachála nó chomhshó a chur i bhfeidhm ar leibhéal an mháthairghnóthais.

(84)

Chun gnóthais árachais agus athárachais agus grúpaí atá gníomhach go hidirnáisiúnta a réiteach go héifeachtach, teastaíonn comhar idir na Ballstáit agus údaráis réitigh tríú tíortha. Chun na críche sin, i gcás ina mbeidh údar leis de bharr an cháis faoi chaibidil, ba cheart an chumhacht a thabhairt do EIOPA creatsocruithe comhair neamhcheangailteacha a fhorbairt agus a dhéanamh le húdaráis na dtríú tíortha i gcomhréir le hAirteagal 33 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010. Ar an gcúis chéanna, ba cheart cead a thabhairt do na húdaráis náisiúnta socruithe déthaobhacha a thabhairt i gcrích le húdaráis tríú tíortha i gcomhréir le creatsocruithe comhair EIOPA. Le forbairt na socruithe déthaobhacha sin, ba cheart pleanáil éifeachtach, cinnteoireacht éifeachtach agus comhordú éifeachtach a áirithiú i leith na ngnóthas árachais agus athárachais sin atá gníomhach go hidirnáisiúnta. Chun cothrom na Féinne a chruthú, ba cheart na socruithe déthaobhacha sin a bheith cómhalartach, lena dtabharfadh na húdaráis réitigh aitheantas dá n-imeachtaí faoi seach agus lena bhforfheidhmídís a n-imeachtaí faoi seach, murab é go mbeadh feidhm ag aon eisceacht a d’fhágfadh gur féidir diúltú d’imeachtaí réitigh tríú tíortha a aithint.

(85)

Ba cheart don chomhar idir údaráis réitigh tarlú i dtaca le foghnóthais an Aontais nó grúpaí tríú tíortha agus i dtaca le brainsí de ghnóthais árachais agus athárachais an Aontais nó de ghnóthais árachais nó athárachais tríú tíortha. Is gnóthais arna mbunú san Aontas iad foghnóthais de ghrúpaí tríú tíortha agus, dá bhrí sin, beidh siad faoi réir dhlí an Aontais go hiomlán, lena n-áirítear cur i bhfeidhm aon uirlisí réitigh. Is gá, áfach, go gcoimeádfaidh na Ballstáit an ceart gníomhú maidir le brainsí gnóthas árachais agus athárachais a bhfuil a gceannoifig acu i dtríú tíortha, i gcás ina gcuirfí an fíorgheilleagar nó cobhsaíocht airgeadais san Aontas i mbaol de bharr imeachtaí réitigh tríú tíortha a bhaineann le brainse a aithint nó a chur i bhfeidhm, nó i gcás nach ndéanfaí sealbhóirí polasaí an Aontais agus sealbhóirí polasaí tríú tíortha a láimhseáil ar bhealach cothrom. Sna himthosca sin, ba cheart é a bheith de cheart ag na Ballstáit, tar éis dóibh dul i gcomhairle lena n-údaráis réitigh, diúltú d’aitheantas a thabhairt d’imeachtaí réitigh tríú tíortha.

(86)

Níor cheart le cur chun feidhme na Treorach seo cosc a chur ar na scéimeanna ráthaíochta árachais náisiúnta a bheith ar aon dul leis an gcreat téarnaimh agus réitigh, gan beann ar fhoinse maoinithe na scéimeanna ráthaíochta árachais náisiúnta. Níor cheart le húsáid uirlisí agus cumhachtaí réitigh chuig gnóthas árachais nó athárachais cosc a chur ar shealbhóirí polasaí, tairbhithe agus éilitheoirí eile a chúiteamh trí na scéimeanna ráthaíochta árachais náisiúnta sin.

(87)

Ba cheart do EIOPA cóineasú chleachtais na n-údarás réitigh a chur chun cinn trí threoirlínte a eisítear i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010. Go háirithe, ba cheart do EIOPA na nithe uile seo a leanas a shonrú: (a) sonraí breise i ndáil leis na critéir a bhaineann le cur i bhfeidhm oibleagáidí simplithe maidir le gnóthais áirithe; (b) raon cásanna le haghaidh pleananna réamhghabhálacha téarnaimh agus íosliosta táscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla; (c) na critéir maidir le sainaithint na bhfeidhmeanna criticiúla; (d) ábhair agus critéir bhreise maidir leis an measúnú ar inréiteacht; (e) na mionsonraí maidir leis na bearta chun aghaidh a thabhairt ar bhaic ar inréiteacht nó iad a bhaint agus na himthosca ina bhféadfar gach beart a chur i bhfeidhm; agus (f) conas ba cheart faisnéis a sholáthar i bhfoirm achoimre nó chomhchoiteann chun críocha ceanglas rúndachta.

(88)

Le caighdeáin theicniúla i seirbhísí airgeadais, ba cheart comhchuibhiú leanúnach agus cosaint leordhóthanach na sealbhóirí polasaí, na n-infheisteoirí agus na dtomhaltóirí ar fud an Aontais a éascú. Mar chomhlacht a bhfuil saineolas an-speisialaithe aige, bheadh sé éifeachtúil agus iomchuí forbairt dréachtchaighdeán teicniúil rialála agus cur chun feidhme nach bhfuil baint ag roghanna beartais leo a chur ar iontaoibh EIOPA, chun iad a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

(89)

Ba cheart don Choimisiún, i gcás ina ndéantar foráil ina leith sa Treoir seo, na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna bhforbairt ag EIOPA a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 CFAE, i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 chun na gnéithe uile seo a leanas a shonrú: (a) na critéir chun gnóthas a chur faoi réir pleanáil réamhghabhálach téarnaimh, na modhanna atá le húsáid agus sciartha den mhargadh á gcinneadh chun críocha pleanála téarnaimh agus an fhaisnéis atá le bheith sna pleananna réamhghabhálacha téarnaimh; (b) inneachar na bpleananna réitigh agus inneachar na bpleananna réitigh grúpa; (c) gnéithe éagsúla den luacháil, lena n-áirítear na himthosca ina measfar go bhfuil duine neamhspleách chun críocha luacháil a dhéanamh, na modheolaíochtaí chun measúnú a dhéanamh ar luach na sócmhainní agus na ndliteanas i gcomhthéacs réitigh, deighilt luachálacha éagsúla, modheolaíocht chun an maolán a ríomh i leith caillteanais bhreise atá le háireamh i luachálacha sealadacha, modheolaíochtaí agus prionsabail maidir le luacháil dliteanas a eascraíonn as díorthaigh agus an mhodheolaíocht chun an difríocht sa láimhseáil a luacháil; (d) inneachar na dtéarmaí conarthacha a bheidh le cur san áireamh i gconarthaí airgeadais arna rialú faoi dhlí tríú tíortha; (e) feidhmiú oibríochtúil na gcoláistí réitigh. Ba cheart don Choimisiún, i gcás ina ndéantar foráil dó sa Treoir seo, na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbróidh EIOPA a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 CFAE, i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 chun na nósanna imeachta, an t-inneachar agus tacar íosta foirmeacha caighdeánacha agus teimpléad a shonrú maidir le soláthar na faisnéise chun críocha pleananna réitigh agus comhair ón ngnóthas árachais nó athárachais.

(90)

I dTreoir 2004/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), i dTreoir 2007/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus i dTreoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), tá rialacha maidir le cosaint scairshealbhóirí agus creidiúnaithe gnóthas a thagann faoi raon feidhme na dTreoracha sin. I gcás nach mór d’údaráis réitigh gníomhú go gasta, d’fhéadfadh sé go mbeidh na rialacha sin ina mbac ar ghníomhaíocht réitigh éifeachtach agus ar chur i bhfeidhm uirlisí agus cumhachtaí réitigh ag údaráis réitigh. Ba cheart, dá bhrí sin, na maoluithe faoi Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) agus faoi Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) a shíneadh chun bearta a chumhdach a dhéantar i gcomhthéacs gnóthais árachais agus athárachais a réiteach. Chun a áirithiú go mbeidh an t-uasmhéid deimhneachta dlíthiúla ann do pháirtithe leasmhara, ba cheart na maoluithe sin a leagan amach go soiléir, ba cheart iad a bheith cúng, agus níor cheart iad a úsáid ach chun leasa an phobail agus nuair a bhainfear na truicir réitigh amach.

(91)

Chun comhroinnt faisnéise leordhóthanach agus rochtain ar an bhfaisnéis sin a sholáthar do gach údarás lena mbaineann, is gá a áirithiú go ndéanfar ionadaíocht ar údaráis réitigh sna fóraim ábhartha uile agus go dtairbheoidh EIOPA den saineolas is gá chun na cúraimí a chomhlíonadh a bhaineann le téarnamh agus réiteach gnóthas árachais agus athárachais. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 a leasú chun údaráis réitigh a ainmniú mar údaráis inniúla dá dtagraítear sa Rialachán sin. An t-asamhlú sin idir údaráis réitigh agus údaráis inniúla, is asamhlú é atá i gcomhréir leis na feidhmeanna a chuirtear síos do EIOPA, de bhun Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 chun cur le forbairt agus comhordú pleananna téarnaimh agus réitigh, agus páirt ghníomhach a ghlacadh iontu.

(92)

Maidir le gnóthais árachais agus athárachais, leo sin a rialaíonn a ngnó go héifeachtach, agus lena gcomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta, is gá a áirithiú go gcomhlíonfaidh siad a n-oibleagáidí i ndáil le réiteach na ngnóthas sin. Maidir leis na gnóthais sin, leo sin a rialaíonn a ngnó go héifeachtach, agus lena gcomhlacht riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta, is gá freisin a áirithiú go mbeidh siad faoi réir na láimhseála céanna ar fud an Aontais. Ba cheart a cheangal ar na Ballstáit, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le smachtbhannaí riaracháin agus bearta eile riaracháin a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Leis na smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile sin, ba cheart ceanglais fhíor-riachtanacha áirithe a chomhlíonadh maidir le seoltaí, na critéir a bheidh le cur san áireamh nuair a bheidh smachtbhanna riaracháin nó beart riaracháin eile á gcur i bhfeidhm, foilsiú smachtbhannaí riaracháin nó beart riaracháin eile, príomhchumhachtaí chun pionóis a ghearradh agus leibhéil fíneálacha riaracháin. Faoi réir dianrúndacht ghairmiúil, ba cheart do EIOPA bunachar sonraí láir a choinneáil de gach smachtbhanna riaracháin agus de gach beart riaracháin eile agus den fhaisnéis maidir leis na hachomhairc a thuairiscíonn údaráis mhaoirseachta agus údaráis réitigh dó.

(93)

Níor cheart a cheangal ar na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le smachtbhannaí riaracháin nó bearta riaracháin eile le haghaidh sáruithe ar an Treoir seo atá faoi réir an dlí choiriúil náisiúnta. Mar sin féin, le smachtbhannaí coiriúla a choimeád in ionad smachtbhannaí riaracháin nó bearta riaracháin eile le haghaidh sáruithe, níor cheart cumas na n-údarás réitigh agus na n-údarás maoirseachta a laghdú nó tionchar a imirt ar aon slí eile air chun comhoibriú, faisnéis a rochtain agus í a mhalartú go tráthúil le húdaráis réitigh agus le húdaráis mhaoirseachta i mBallstáit eile, lena n-áirítear tar éis na sáruithe lena mbaineann a tharchur chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla le haghaidh ionchúisimh.

(94)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach, eadhon comhchuibhiú a dhéanamh ar na rialacha agus na próisis chun gnóthais árachais agus athárachais a réiteach, ach de bharr na dtionchar a bheadh ag cliseadh aon ghnóthais ar an Aontas trí chéile, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(95)

Agus cinntí nó gníomhaíochtaí á ndéanamh faoin Treoir seo, ba cheart d’údaráis mhaoirseachta agus d’údaráis réitigh aird chuí a thabhairt i gcónaí ar thionchar a gcinntí agus a ngníomhaíochtaí ar shealbhóirí polasaí, ar an bhfíorgheilleagar agus ar an gcobhsaíocht airgeadais i mBallstáit eile agus ba cheart dóibh breithniú a dhéanamh ar thábhacht aon fhoghnóthais nó ar thábhacht gníomhaíochtaí trasteorann do shealbhóirí polasaí, don earnáil airgeadais agus do gheilleagar an Bhallstáit ina mbunaítear foghnóthas nó ina ndéantar na gníomhaíochtaí, fiú i gcásanna ina bhfuil tábhacht níos lú ag baint leis an bhfoghnóthas nó leis na gníomhaíochtaí trasteorann lena mbaineann don ghrúpa.

(96)

Faoi 5 bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo, ba cheart don Choimisiún, agus ag tógáil ar an taithí a fuarthas agus tar éis dó dul i gcomhairle le EIOPA, meastóireacht níos mionsonraithe a dhéanamh agus tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle agus díriú ar ghnéithe roghnaithe de chur i bhfeidhm na Treorach seo,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

ÁBHAR AGUS RAON FEIDHME, SAINMHÍNITHE AGUS ÚDARÁIS RÉITIGH A AINMNIÚ

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leagtar síos sa Treoir seo rialacha agus nósanna imeachta a bhaineann le téarnamh agus réiteach na n-eintiteas seo a leanas:

(a)

gnóthais árachais agus athárachais atá bunaithe san Aontas agus a thagann faoi raon feidhme Airteagal 2 de Threoir 2009/138/CE;

(b)

máthairghnóthais árachais agus athárachais atá bunaithe san Aontas;

(c)

cuideachtaí sealbhaíochta árachais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha atá bunaithe san Aontas;

(d)

máthairchuideachtaí sealbhaíochta árachais i mBallstát agus máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha i mBallstát;

(e)

máthairchuideachtaí sealbhaíochta árachais de chuid an Aontais agus máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha de chuid an Aontais;

(f)

brainsí gnóthas árachais agus athárachais atá bunaithe i dtríú tír agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 75 go 80.

Leagtar síos leis an Treoir seo freisin rialacha agus nósanna imeachta a bhaineann le soláthraithe seirbhísí fíor-riachtanacha i gcás ina rachaidh an gnóthas árachais nó athárachais ábhartha faoi réiteach.

Údaráis réitigh agus údaráis mhaoirseachta, nuair a bhíonn na ceanglais a leagtar síos sa Treoir seo á mbunú agus á gcur i bhfeidhm acu, agus nuair a bhíonn na huirlisí difriúla atá ar fáil dóibh i ndáil le heintiteas dá dtagraítear sa chéad fhomhír nó sa dara fomhír á gcur i bhfeidhm acu, cuirfidh siad san áireamh nádúr gnó an eintitis sin, a struchtúr scairshealbhóireachta, a fhoirm dhlíthiúil, a phróifíl riosca, a mhéid, a stádas dlíthiúil agus a idirnascthacht le hinstitiúidí eile nó leis an gcóras airgeadais i gcoitinne, agus raon feidhme agus castacht ghníomhaíochtaí an eintitis.

2.   Féadfaidh na Ballstáit rialacha atá níos déine nó rialacha atá ina dteannta siúd a leagtar síos sa Treoir seo agus sna gníomhartha tarmligthe agus sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ar bhonn na Treorach seo a ghlacadh nó a choinneáil ar bun, ar choinníoll go gcuirtear na rialacha sin i bhfeidhm go ginearálta agus nach bhfuil siad i gcoinbhleacht leis an Treoir seo agus leis na gníomhartha tarmligthe agus na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ar a bonn.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘réiteach’ uirlis réitigh nó uirlis dá dtagraítear in Airteagal 26(7) a chur i bhfeidhm chun ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 18(2) a bhaint amach;

(2)

ciallaíonn ‘gnóthas árachais’ gnóthas árachais mar a shainmhínítear in Airteagal 13, pointe (1), de Threoir 2009/138/CE;

(3)

ciallaíonn ‘gnóthas athárachais’ gnóthas athárachais mar a shainmhínítear in Airteagal 13, pointe (4), de Threoir 2009/138/CE;

(4)

ciallaíonn ‘cuideachta sealbhaíochta árachais’ cuideachta sealbhaíochta árachais mar a shainmhínítear in Airteagal 212(1), pointe (f), de Threoir 2009/138/CE;

(5)

ciallaíonn ‘cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha’ cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha mar a shainmhínítear í in Airteagal 2, pointe (15), de Threoir 2002/87/CE;

(6)

ciallaíonn ‘máthairchuideachta sealbhaíochta árachais i mBallstát’ cuideachta sealbhaíochta árachais atá bunaithe i mBallstát agus nach foghnóthas í de ghnóthas árachais nó athárachais, de chuideachta sealbhaíochta árachais ná de chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha atá údaraithe nó curtha ar bun sa Bhallstát céanna;

(7)

ciallaíonn ‘máthairchuideachta sealbhaíochta árachais de chuid an Aontais’ máthairchuideachta sealbhaíochta árachais i mBallstát nach foghnóthas í de ghnóthas árachais nó athárachais, de chuideachta eile sealbhaíochta árachais ná de chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha atá údaraithe nó curtha ar bun in aon Bhallstát;

(8)

ciallaíonn ‘máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha i mBallstát’ cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha atá bunaithe i mBallstát agus nach foghnóthas í de ghnóthas árachais nó athárachais, de chuideachta sealbhaíochta árachais nó de chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha atá údaraithe nó curtha ar bun sa Bhallstát céanna sin;

(9)

ciallaíonn ‘máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha de chuid an Aontais’ máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha i mBallstát nach foghnóthas í de ghnóthas atá údaraithe in aon Bhallstát ná de chuideachta eile sealbhaíochta árachais ná de chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha atá curtha ar bun in aon Bhallstát;

(10)

ciallaíonn ‘grúpa’ grúpa mar a shainmhínítear in Airteagal 212(1), pointe (c), de Threoir 2009/138/CE;

(11)

ciallaíonn ‘cuspóirí réitigh’ na cuspóirí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 18(2);

(12)

ciallaíonn ‘údarás réitigh’ údarás arna ainmniú ag Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 3;

(13)

ciallaíonn ‘údarás maoirseachta’ údarás maoirseachta mar a shainmhínítear in Airteagal 13, pointe (10), de Threoir 2009/138/CE;

(14)

ciallaíonn ‘uirlis réitigh’ uirlis réitigh dá dtagraítear in Airteagal 26(3);

(15)

ciallaíonn ‘cumhacht réitigh’ cumhacht dá dtagraítear in Airteagail 42 go 54;

(16)

ciallaíonn ‘aireachtaí inniúla’ aireachtaí airgeadais nó aireachtaí eile de chuid na mBallstát atá freagrach as cinntí eacnamaíocha, airgeadais agus buiséadacha ar an leibhéal náisiúnta de réir inniúlachtaí náisiúnta agus atá ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 3(7);

(17)

ciallaíonn ‘bainistíocht shinsearach’ an duine nó na daoine arb é nó iad, go héifeachtach, a reáchtálann an gnóthas agus atá freagrach as bainistiú laethúil an ghnóthais, agus atá cuntasach don chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta, as bainistiú laethúil an ghnóthais;

(18)

ciallaíonn ‘grúpa trasteorann’ grúpa ag a bhfuil grúpeintitis atá bunaithe i níos mó ná Ballstát amháin;

(19)

ciallaíonn ‘tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách’ Státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE, nó aon tacaíocht airgeadais phoiblí eile ar an leibhéal fornáisiúnta, a bheadh ina Státchabhair dá mba ar an leibhéal náisiúnta a sholáthrófaí í, a sholáthraítear chun inmharthanacht, leachtacht nó sócmhainneacht a chaomhnú nó a athbhunú i gcás eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), nó grúpa a bhfuil eintiteas den sórt sin ina chuid de;

(20)

ciallaíonn ‘grúpeintiteas’ duine dlítheanach ar cuid de ghrúpa é;

(21)

ciallaíonn ‘maoirseoir grúpa’ maoirseoir grúpa mar a shainmhínítear in Airteagal 212(1), pointe (d), de Threoir 2009/138/CE;

(22)

ciallaíonn ‘plean réamhghabhálach téarnaimh’ plean réamhghabhálach téarnaimh arna tharraingt suas agus arna choinneáil ar bun i gcomhréir le hAirteagal 5;

(23)

ciallaíonn ‘plean réamhghabhálach grúpa téarnaimh’ plean réamhghabhálach grúpa téarnaimh arna tharraingt suas agus arna choinneáil ar bun i gcomhréir le hAirteagal 7;

(24)

ciallaíonn ‘gníomhaíochtaí suntasacha trasteorann’ gníomhaíochtaí suntasacha trasteorann mar a shainmhínítear in Airteagal 152aa(1) de Threoir 2009/138/CE;

(25)

ciallaíonn ‘feidhmeanna criticiúla’ gníomhaíochtaí, seirbhísí nó oibríochtaí arna gcur i gcrích ag gnóthas árachais nó athárachais le haghaidh tríú páirtithe nach féidir iad a ionadú laistigh de thréimhse réasúnach nó ar chostas réasúnach, agus i gcás inar dócha go n-imreodh neamhábaltacht an ghnóthais árachais nó athárachais na gníomhaíochtaí, seirbhísí nó oibríochtaí a dhéanamh tionchar mór ar an gcóras airgeadais nó ar an bhfíorgheilleagar i mBallstát amháin nó níos mó, lena n-áirítear, go háirithe, an tionchar a éiríonn as éifeachtaí ar leas sóisialta líon mór sealbhóirí polasaí, tairbhithe nó páirtithe díobhálaithe nó as míshocracht shistéamach nó titim sa mhuinín ghinearálta i soláthar seirbhísí árachais;

(26)

ciallaíonn ‘príomhlínte gnó’ línte gnó agus seirbhísí gaolmhara ar foinsí ábharacha ioncaim, brabúis nó luach saincheadúnais iad le haghaidh gnóthas árachais nó athárachais nó le haghaidh grúpa a bhfuil gnóthas árachais nó athárachais ina chuid de;

(27)

ciallaíonn ‘socrú maoiniúcháin’ socrú arna bhunú ag Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 81 chun a áirithiú go gcuirfidh an t-údarás réitigh na huirlisí réitigh i bhfeidhm go héifeachtach agus go bhfeidhmeofar na cumhachtaí réitigh go héifeachtach;

(28)

ciallaíonn ‘cistí dílse’ cistí dílse dá bhforáiltear in Airteagal 87 de Threoir 2009/138/CE;

(29)

ciallaíonn ‘gníomhaíocht réitigh’ cinneadh a dhéanamh aon eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), a chur faoi réiteach de bhun Airteagal 19 nó 20, uirlis réitigh a chur i bhfeidhm nó ceann amháin nó níos mó de chumhachtaí réitigh a fheidhmiú;

(30)

ciallaíonn ‘plean réitigh’ plean réitigh le haghaidh gnóthas árachais nó athárachais arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 9;

(31)

ciallaíonn ‘réiteach grúpa’ ceachtar díobh seo a leanas:

(a)

gníomhaíocht réitigh a ghlacadh ar leibhéal máthairghnóthais nó ar leibhéal gnóthais árachais nó athárachais faoi réir maoirseacht grúpa, nó

(b)

comhordú ar chur i bhfeidhm na n-uirlisí réitigh agus cur i gcrích na gcumhachtaí réitigh arna ndéanamh ag na húdaráis réitigh i dtaca le grúpeintitis;

(32)

ciallaíonn ‘plean réitigh grúpa’ plean le haghaidh réiteach grúpa arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagail 10 agus 11;

(33)

ciallaíonn ‘údarás réitigh ar ghrúpleibhéal’ an t-údarás réitigh sa Bhallstát ina bhfuil an maoirseoir grúpa suite;

(34)

ciallaíonn ‘grúpscéim réitigh’ plean arna tharraingt suas chun críoch réitigh grúpa i gcomhréir le hAirteagal 73;

(35)

ciallaíonn ‘coláiste réitigh’ coláiste arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 70;

(36)

ciallaíonn ‘coláiste réitigh Eorpach’ coláiste arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 71;

(37)

ciallaíonn ‘cuideachta sealbhaíochta árachais atá ag plé le gníomhaíochtaí measctha’ cuideachta sealbhaíochta árachais atá ag plé le gníomhaíochtaí measctha mar a shainmhínítear in Airteagal 212(1), pointe (g), de Threoir 2009/138/CE;

(38)

ciallaíonn ‘gnáthimeachtaí dócmhainneachta’ comhimeachtaí dócmhainneachta arb é atá iontu féichiúnaí a dhífheistiú go páirteach nó go hiomlán agus leachtaitheoir nó riarthóir a cheapadh is infheidhme de ghnáth maidir le gnóthais árachais agus athárachais faoin dlí náisiúnta agus a bhaineann go sonrach leis na gnóthais sin nó is infheidhme i gcoitinne maidir le haon duine nádúrtha nó dlítheanach;

(39)

ciallaíonn ‘ionstraimí fiachais’ bannaí agus cineálacha eile fiachais inaistrithe, ionstraimí lena gcruthaítear nó lena n-aithnítear fiachas, agus ionstraimí lena dtugtar cearta chun ionstraimí fiachais a fháil;

(40)

ciallaíonn ‘éileamh árachais’ éileamh árachais mar a shainmhínítear in Airteagal 268(1), pointe (g), de Threoir 2009/138/CE;

(41)

ciallaíonn ‘máthairghnóthas’ máthairghnóthas mar a shainmhínítear in Airteagal 13, pointe (15), de Threoir 2009/138/CE;

(42)

ciallaíonn ‘creat Státchabhrach an Aontais’ an creat a bhunaítear le hAirteagail 107, 108 agus 109 CFAE agus rialacháin agus gach gníomh de chuid an Aontais, lena n-áirítear treoirlínte, teachtaireachtaí agus fógraí, arna ndéanamh nó arna nglacadh de bhun Airteagal 108(4) nó Airteagal 109 CFAE;

(43)

ciallaíonn ‘foirceannadh’ réadú sócmhainní eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e);

(44)

ciallaíonn ‘uirlis deighilte sócmhainní agus dliteanas’ an sásra chun go ndéanfadh údarás réitigh sócmhainní, cearta nó dliteanais gnóthais faoi réiteach a aistriú chuig gléas bainistíochta sócmhainní agus dliteanas i gcomhréir le hAirteagal 30;

(45)

ciallaíonn ‘gléas bainistíochta sócmhainní agus dliteanas’ duine dlítheanach a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 30(2);

(46)

ciallaíonn ‘uirlis díluachála nó chomhshó’ an sásra chun go ndéanfadh údarás réitigh na cumhachtaí díluachála nó comhshó a fheidhmiú i ndáil le dliteanais ghnóthais faoi réiteach i gcomhréir le hAirteagal 35;

(47)

ciallaíonn ‘uirlis díolta gnó’ an sásra chun go ndéanfadh údarás réitigh scaireanna nó ionstraimí eile úinéireachta a aistriú, scaireanna nó ionstraimí a d’eisigh gnóthas faoi réiteach, nó sócmhainní, cearta nó dliteanais gnóthais faoi réiteach a aistriú chuig ceannaitheoir nach gnóthas idirlinne é, i gcomhréir le hAirteagal 31;

(48)

ciallaíonn ‘gnóthas idirlinne’ duine dlítheanach a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 32(2);

(49)

ciallaíonn ‘uirlis gnóthais idirlinne’ an sásra chun scaireanna nó ionstraimí eile úinéireachta a d’eisigh gnóthas faoi réiteach nó sócmhainní, cearta nó dliteanais ghnóthais faoi réiteach a aistriú chuig gnóthas idirlinne, i gcomhréir le hAirteagal 32;

(50)

ciallaíonn ‘uirlis um leachtú sócmhainneach’ an sásra chun toirmeasc a chur ar ghnóthas faoi réiteach conarthaí nua árachais nó athárachais a thabhairt i gcrích agus chun a ghníomhaíocht a theorannú go riar eisiach a phunainne atá ann cheana go dtí go ndéanfar a ghníomhaíochtaí a fhoirceannadh agus é a dhíscaoileadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta i gcomhréir le hAirteagal 27;

(51)

ciallaíonn ‘ionstraimí úinéireachta’ scaireanna, ionstraimí eile a thugann úinéireacht, ionstraimí atá in-chomhshóite ina scaireanna nó ina n-ionstraimí úinéireachta eile nó a thugann an ceart scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile a fháil, agus ionstraimí a léiríonn leasanna i scaireanna nó in ionstraimí úinéireachta eile;

(52)

ciallaíonn ‘scairshealbhóir’ sealbhóir ionstraimí úinéireachta;

(53)

ciallaíonn ‘cumhachtaí aistrithe’ na cumhachtaí atá sonraithe in Airteagal 42(1), pointí (e) nó (f), chun scaireanna, ionstraimí eile úinéireachta, ionstraimí fiachais, sócmhainní, cearta nó dliteanais, nó aon teaglaim de na míreanna sin a aistriú ó ghnóthas faoi réiteach chuig faighteoir;

(54)

ciallaíonn ‘contrapháirtí lárnach’ (CCP) CCP mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14);

(55)

ciallaíonn ‘díorthach’ díorthach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(56)

ciallaíonn ‘cumhachtaí díluachála nó comhshó’ na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 35(2) agus Airteagal 42(1), pointí (g) go (k);

(57)

ciallaíonn ‘dliteanas urraithe’ dliteanas ina ndéantar ceart an chreidiúnaí chun íocaíochta nó ina ndéantar foirm feidhmíochta eile a urrú trí mhuirear, gealltán nó lian, nó socruithe comhthaobhachta lena n-áirítear dliteanais a eascraíonn as idirbhearta athcheannaigh agus socruithe comhthaobhachta eile aistrithe teidil;

(58)

ciallaíonn ‘ionstraimí Leibhéal 1’ míreanna de bhunchiste dílis lena gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 94(1) de Threoir 2009/138/CE;

(59)

ciallaíonn ‘ionstraimí Leibhéal 2’ míreanna de bhunchiste dílis agus de chistí dílse coimhdeacha lena gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 94(2) de Threoir 2009/138/CE;

(60)

ciallaíonn ‘ionstraimí Leibhéal 3’ míreanna de bhunchiste dílis agus de chistí dílse coimhdeacha lena gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 94(3) de Threoir 2009/138/CE;

(61)

ciallaíonn ‘dliteanais incháilithe’ na dliteanais agus na hionstraimí caipitil nach gcáilíonn mar ionstraimí Leibhéal 1, Leibhéal 2 nó Leibhéal 3 de chuid eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), agus nach n-eisiatar ó raon feidhme na huirlise díluachála nó comhshó de bhun Airteagal 35 (5) go (8);

(62)

ciallaíonn ‘scéim ráthaíochta árachais’ scéim arna haithint go hoifigiúil ag Ballstát agus arna maoiniú trí ranníocaíochtaí ó ghnóthais árachais nó athárachais nó sealbhóirí polasaí lena dtugtar ráthaíocht go n-íocfar éilimh árachais incháilithe, go páirteach nó go hiomlán, le sealbhóirí polasaí incháilithe, páirtithe árachaithe agus tairbhithe nó lena n-áirithítear comhleanúnachas polasaithe árachais i gcás nach bhfuil gnóthas árachais in ann nó ar dócha nach mbeidh sé in ann a oibleagáidí agus a ghealltanais a eascraíonn as a chonarthaí árachais a chomhlíonadh;

(63)

ciallaíonn ‘ionstraimí caipitil ábhartha’ ionstraimí Leibhéal 1, ionstraimí Leibhéal 2 nó ionstraimí Leibhéal 3;

(64)

ciallaíonn ‘ráta comhshó’ an fachtóir lena gcinntear líon na scaireanna nó na n-ionstraimí úinéireachta eile ina ndéanfar dliteanas aicme sonraí a chomhshó, trí thagairt d’ionstraim aonair den aicme i gceist nó d’aonad luacha sonraithe éilimh fiachais;

(65)

ciallaíonn ‘creidiúnaí a ndéantar difear dó’ creidiúnaí a mbaineann a éileamh le dliteanas atá laghdaithe nó comhshóite ina scaireanna nó ionstraimí eile úinéireachta tríd an gcumhacht díluachála nó chomhshó a fheidhmiú de bhun úsáid na huirlise díluachála nó comhshó;

(66)

ciallaíonn ‘faighteoir’ an t-eintiteas chuig a n-aistrítear scaireanna, ionstraimí eile úinéireachta, ionstraimí fiachais, sócmhainní, cearta nó dliteanais, nó aon teaglaim de na míreanna sin ó ghnóthas faoi réiteach;

(67)

ciallaíonn ‘lá gnó’ lá seachas Satharn nó Domhnach nó saoire phoiblí sa Bhallstát lena mbaineann;

(68)

ciallaíonn ‘ceart chun foirceanta’ ceart chun conradh a fhoirceannadh, ceart chun oibleagáidí a luathú, chun clabhsúir a chur ar oibleagáidí, chun oibleagáidí a fhritháireamh nó chun oibleagáidí a ghlanluacháil, nó aon fhoráil chomhchosúil lena ndéantar oibleagáid páirtí sa chonradh a chur ar fionraí, a mhodhnú nó a chur ar ceal, nó foráil lena gcuirtear cosc le teacht chun cinn oibleagáide faoin gconradh a thiocfadh chun cinn murach an fhoráil sin;

(69)

ciallaíonn ‘gnóthas faoi réiteach’ aon cheann de na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), a ndéantar gníomhaíocht réitigh ina leith;

(70)

ciallaíonn ‘máthairghnóthas deiridh’ máthairghnóthas i mBallstát, de ghrúpa atá faoi réir maoirseacht grúpa i gcomhréir le hAirteagal 213(2), pointe (a) nó (b), de Threoir 2009/138/CE, nach foghnóthas é de ghnóthas árachais nó athárachais eile, cuideachta sealbhaíochta árachais nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha atá údaraithe agus curtha ar bun in aon Bhallstát;

(71)

ciallaíonn ‘gnóthas árachais nó athárachais tríú tír’ gnóthas árachais tríú tír nó gnóthas athárachais tríú tír mar a shainmhínítear in Airteagal 13, pointí (3) agus (6), de Threoir 2009/138/CE;

(72)

ciallaíonn ‘imeachtaí réitigh tríú tír’ gníomhaíocht faoi dhlí tríú tír chun bainistiú a dhéanamh ar chliseadh gnóthais árachais nó athárachais tríú tír nó máthairghnóthais tríú tír atá inchomparáide, i dtéarmaí cuspóirí agus torthaí tuartha, le gníomhaíochtaí réitigh faoin Treoir seo;

(73)

ciallaíonn ‘brainse de chuid an Aontais de ghnóthas tríú tír’ brainse atá lonnaithe i mBallstát gnóthais árachais nó athárachais tríú tír;

(74)

ciallaíonn ‘údarás tríú tír ábhartha’ údarás tríú tír atá freagrach as feidhmeanna a chur i gcrích atá inchomparáide leo siúd atá ag údaráis réitigh nó ag údaráis mhaoirseachta de bhun na Treorach seo;

(75)

ciallaíonn ‘socrú comhthaobhachta airgeadais aistrithe teidil’ socrú comhthaobhachta airgeadais aistrithe teidil mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (b), de Threoir 2002/47/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15);

(76)

ciallaíonn ‘socrú glanluachála’ socrú faoinar féidir roinnt éileamh nó oibleagáidí a thiontú ina nglanéileamh aonair, lena n-áirítear socruithe glanluachála socraíochta faoina ndéanfar, i gcás ina dtarlóidh ócáid forfheidhmithe (pé sainmhíniú a thugtar air sin nó pé áit a sainmhínítear é), oibleagáidí na bpáirtithe a luathú sa chaoi go mbeidh siad dlite láithreach bonn nó a fhoirceannadh, agus i gceachtar den dá chás, go ndéanfar iad a thiontú ina nglanéileamh aonair nó go ndéanfar glanéileamh aonair a chur ina n-ionad, lena n-áirítear ‘forálacha maidir le glanluacháil socraíochta’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (n)(i), de Threoir 2002/47/CE agus ‘glanluacháil’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (k), de Threoir 98/26/CE;

(77)

ciallaíonn ‘socrú fritháirimh’ socrú faoinar féidir dhá éileamh nó níos mó nó dhá oibleagáid nó níos mó atá dlite idir an gnóthas faoi réiteach agus contrapháirtí a fhritháireamh in aghaidh a chéile;

(78)

ciallaíonn ‘conarthaí airgeadais’ conarthaí airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (100), de Threoir 2014/59/AE;

(79)

ciallaíonn ‘beart coiscthe géarchéime’ an feidhmiú cumhachtaí chun gnóthas a threorú chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh nó na baic ar in-aisghabhálacht faoi Airteagal 6(5) den Treoir seo, an feidhmiú cumhachtaí chun aghaidh a thabhairt ar bhaic ar inréiteacht nó chun na baic sin a bhaint faoi Airteagal 15 nó 16 den Treoir seo, cur i bhfeidhm aon bheart faoi Airteagal 137, Airteagal 138(3) agus (5), Airteagal 139(3) agus Airteagal 140 de Threoir 2009/138/CE, agus cur i bhfeidhm beart coisctheach faoi Airteagal 141 de Threoir 2009/138/CE;

(80)

ciallaíonn ‘beart bainistíochta géarchéime’ gníomhaíocht réitigh, ceapadh bainisteora speisialta faoi Airteagal 44 nó ceapadh duine faoi Airteagal 54(1);

(81)

ciallaíonn ‘údarás náisiúnta macrastuamachta ainmnithe’ an t-údarás a bhfuil sé de chúram air an beartas macrastuamachta a sheoladh dá dtagraítear i Moladh B1 de Mholadh an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach an 22 Nollaig 2011 maidir le sainordú macrastuamachta na n-údarás náisiúnta (BERS/2011/3);

(82)

ciallaíonn ‘margadh rialáilte’ margadh rialáilte mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (21), de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16).

(83)

ciallaíonn ‘institiúid creidmheasa’ institiúid creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17);

(84)

ciallaíonn ‘gnólacht infheistíochta’ gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (2), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(85)

ciallaíonn ‘gnóthas beag neamhchasta’ gnóthas beag neamhchasta mar a shainmhínítear in Airteagal 13, pointe (10a), de Threoir 2009/138/CE;

(86)

ciallaíonn ‘soláthraí seirbhísí fíor-riachtanacha’ eintiteas a sholáthraíonn earraí nó seirbhísí, amhail seirbhísí TF, fóntais agus cíos, seirbhísiú agus cothabháil áitribh, a bhfuil gá leo chun feidhmiú leanúnach oibríochtaí gnóthais árachais nó athárachais a choinneáil ar bun, nó a bhfuil gá leo chun leanúnachas an chumhdaigh árachais a áirithiú, agus ar cuid den ghrúpa céanna ina bhfuil an gnóthas sin é;

(87)

ciallaíonn ‘foghnóthas’ foghnóthas mar a shainmhínítear in Airteagal 13, pointe (16), de Threoir 2009/138/CE;

(88)

ciallaíonn ‘foghnóthas de chuid an Aontais’ gnóthas árachais nó athárachais a bhfuil a cheannoifig aige i mBallstát agus ar foghnóthas de ghnóthas árachais nó athárachais tríú tír nó de mháthairghnóthas tríú tír é;

(89)

ciallaíonn ‘brainse’ brainse mar a shainmhínítear in Airteagal 13, pointe (11), de Threoir 2009/138/CE;

(90)

ciallaíonn ‘comhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta’ comhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (43), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35 ón gCoimisiún (18);

(91)

ciallaíonn ‘ilchuideachta airgeadais’ ilchuideachta airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (14), de Threoir 2002/87/CE.

Airteagal 3

Údaráis réitigh agus aireachtaí inniúla a ainmniú

1.   Ainmneoidh gach Ballstát údarás réitigh amháin nó, go heisceachtúil, níos mó ná údarás réitigh amháin a bhfuil sé de chumhacht acu na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm agus na cumhachtaí réitigh a fheidhmiú.

2.   Is iad na bainc cheannais náisiúnta, na haireachtaí inniúla, na húdaráis riaracháin phoiblí nó údaráis a bhfuil cumhachtaí riaracháin phoiblí de chúram orthu a bheidh sna húdaráis réitigh.

3.   I gcás ina gcuirfear feidhmeanna eile, lena n-áirítear feidhmeanna maoirseachta, de chúram ar údarás réitigh, cuirfear socruithe struchtúracha leordhóthanacha i bhfeidhm chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint idir na feidhmeanna arna gcur de chúram ar an údarás réitigh de bhun na Treorach seo agus na feidhmeanna maoirseachta nó na feidhmeanna eile, gan dochar don mhalartú faisnéise agus oibleagáidí comhair a cheanglaítear faoi mhír 6.

Áiritheoidh na Ballstáit go n-áiritheofar leis na socruithe sin neamhspleáchas oibríochtúil éifeachtach, lena n-áirítear go mbeidh baill foirne, línte tuairiscithe agus próisis chinnteoireachta ar leithligh ag an údarás réitigh le haghaidh na bhfeidhmeanna sin nach ionann iad agus aon fheidhm mhaoirseachta nó aon fheidhm eile atá acu.

4.   Leis na ceanglais a leagtar síos i mír 3, ní choiscfear:

(a)

línte tuairiscithe a bheith ag teacht le chéile ar an leibhéal is airde nó ar leibhéal na bainistíochta sinsearaí d’eagraíocht lena gcomhchuimsítear feidhmeanna nó údaráis dhifriúla;

(b)

foireann a bheith á comhroinnt, faoi choinníollacha réamhshainithe, idir an fheidhm réitigh agus feidhmeanna eile, lena n-áirítear feidhmeanna maoirseachta, chun freastal ar ualach oibre atá ard go sealadach, nó ionas go mbeidh an t-údarás réitigh in ann leas a bhaint as saineolas na mball foirne comhroinnte.

5.   Glacfaidh na húdaráis réitigh rialacha inmheánacha agus poibleoidh siad iad chun coinbhleachtaí leasa a chosc i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i míreanna 3 agus 4, lena n-áirítear rialacha maidir le rúndacht ghairmiúil agus malartú faisnéise idir na réimsí feidhme difriúla.

6.   Éileoidh na Ballstáit go n-oibreoidh údaráis a bheidh ag feidhmiú na bhfeidhmeanna maoirseachta agus réitigh agus daoine a bheidh ag feidhmiú na bhfeidhmeanna sin ar a son i ndlúthchomhar lena chéile nuair a bheidh cinntí réitigh á n-ullmhú, á bpleanáil agus á gcur i bhfeidhm, i gcás inar eintitis ar leithligh iad an t-údarás réitigh agus an t-údarás maoirseachta araon agus i gcás ina gcuirtear na feidhmeanna i gcrích san eintiteas céanna.

7.   Ainmneoidh gach Ballstát aon aireacht amháin mar an aireacht inniúil faoin Treoir seo. I gcás inarb ábhartha, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear sásra comhordúcháin iomchuí i bhfeidhm le haireachtaí eile lena mbaineann.

8.   I gcás nach ionann an t-údarás réitigh i mBallstát agus an aireacht inniúil, cuirfidh an t-údarás réitigh an aireacht inniúil ar an eolas faoi na cinntí a ghlactar de bhun na Treorach seo gan moill mhíchuí agus, mura leagtar síos a mhalairt sa dlí náisiúnta, ní chuirfidh sé chun feidhme aon chinneadh a mbeidh tionchar fioscach díreach aige gan formheas na haireachta inniúla sin a bheith faighte aige.

9.   I gcás ina n-ainmneoidh Ballstát níos mó ná údarás réitigh amháin, tabharfaidh sé fógra a bheidh réasúnaithe go hiomlán don Choimisiún agus do EIOPA faoin gcúis a ndearna sé é sin agus leithdháilfidh sé feidhmeanna agus freagrachtaí go soiléir idir na húdaráis sin, áiritheoidh sé go mbeidh comhordú leormhaith eatarthu agus ainmneoidh sé údarás aonair mar údarás teagmhála chun críoch comhair agus comhordaithe le húdaráis ábhartha na mBallstát eile.

10.   Cuirfidh na Ballstáit EIOPA ar an eolas faoin údarás náisiúnta nó faoi na húdaráis náisiúnta a ainmneofar mar údaráis réitigh agus, i gcás inarb ábhartha, faoin údarás teagmhála agus a gcuid feidhmeanna agus freagrachtaí sonracha. Foilseoidh EIOPA liosta de na húdaráis réitigh agus de na húdaráis teagmhála sin.

11.   Gan dochar d’Airteagal 67, féadfaidh na Ballstáit teorainn a chur le dliteanas an údaráis réitigh, an údaráis maoirseachta agus a bhfoirne faoi seach i gcomhréir leis an dlí náisiúnta maidir lena ngníomhartha agus lena neamhghníomhartha le linn dóibh a gcuid feidhmeanna faoin Treoir seo a chomhlíonadh.

TEIDEAL II

AN tULLMHÚCHÁN

CAIBIDIL I

Pleanáil réamhghabhálach téarnaimh agus pleanáil réitigh

Roinn 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 4

Oibleagáidí simplithe do ghnóthais áirithe

1.   Agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag cliseadh gnóthais árachais nó athárachais á chur san áireamh, mar gheall ar chineál a ghnó, a struchtúr scairshealbhóireachta, a fhoirm dhlíthiúil, a phróifíl riosca, a mhéid agus a stádas dlíthiúil, a idirnascthacht le gnóthais rialáilte eile nó leis an gcóras airgeadais i gcoitinne, raon feidhme agus castacht a ghníomhaíochtaí, agus cé acu is dócha nó nach dócha go mbeadh tionchar mór diúltach ag cliseadh an ghnóthais agus an foirceannadh a dhéanfaí air ina dhiaidh sin de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta ar mhargaí airgeadais, ar ghnóthais eile, ar shealbhóirí polasaí, ar dhálaí cistiúcháin, nó ar an ngeilleagar níos leithne, áiritheoidh na Ballstáit go gcinnfidh údaráis mhaoirseachta agus údaráis réitigh cé acu is féidir nó nach féidir oibleagáidí simplithe a chur i bhfeidhm le haghaidh gnóthais árachais agus athárachais agus grúpaí áirithe i dtaca leis na nithe seo a leanas:

(a)

ábhar agus mionsonraí na bpleananna réamhghabhálacha téarnaimh dá bhforáiltear in Airteagail 5 go 8 agus ábhar agus mionsonraí na bpleananna réitigh dá bhforáiltear in Airteagail 9 go 12;

(b)

an dáta faoina dtarraingeofar suas na chéad phleananna réamhghabhálacha téarnaimh agus na chéad phleananna réitigh agus an mhinicíocht chun pleananna réamhghabhálacha téarnaimh agus pleananna réitigh a nuashonrú, ar minicíocht í a d’fhéadfadh a bheith níos ísle ná an mhinicíocht dá bhforáiltear in Airteagail 5(4), Airteagal 7(3), Airteagal 9(5) agus Airteagal 11(3);

(c)

ábhar agus leibhéal mionsonraithe na faisnéise a éilítear ó ghnóthais de bhun Airteagal 5(6), Airteagal 7(3), Airteagal 10(2) agus Airteagal 12(1);

(d)

leibhéal mionsonraithe an mheasúnaithe ar inréiteacht dá bhforáiltear in Airteagail 13 agus 14.

2.   Déanfaidh EIOPA, faoin 29 Iúil 2027, treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 chun tuilleadh mionsonraithe faoi na critéir dá dtagraítear i mír 1, an chuid réamhráiteach, den Airteagal seo, a shonrú.

3.   Cuirfidh na Ballstáit ceangal ar na húdaráis mhaoirseachta nó ar na húdaráis réitigh, de réir mar is infheidhme, an fhaisnéis seo a leanas ar fad a sholáthar do EIOPA ar bhonn bliantúil agus i dtaca le gach Ballstát ar leithligh:

(a)

líon na ngnóthas árachais agus athárachais agus na ngrúpaí atá faoi réir pleanáil réamhghabhálach téarnaimh agus pleanáil réitigh de bhun Airteagail 5, 7, 9 agus 10;

(b)

líon na ngnóthas árachais agus athárachais agus na ngrúpaí atá faoi réir na n-oibleagáidí simplithe amhail dá dtagraítear i mír 1;

(c)

faisnéis chainníochtúil maidir le cur i bhfeidhm na gcritéar dá dtagraítear i mír 1, an chuid réamhráiteach;

(d)

tuairisc ar na hoibleagáidí simplithe a chuirtear i bhfeidhm ar bhonn na gcritéar dá dtagraítear i mír 1, an chuid réamhráiteach, i gcomparáid leis na hoibleagáidí iomlána, mar aon leis an méid ceanglas caipitil, préimheanna, forálacha teicniúla agus sócmhainní, arna dtomhas mar chéatadáin den mhéid iomlán ceanglas caipitil, préimheanna, forálacha teicniúla agus sócmhainní de chuid ghnóthais árachais agus athárachais na mBallstát nó na ngrúpaí ar fad faoi seach, de réir mar is infheidhme.

4.   Nochtfaidh EIOPA go poiblí, ar bhonn bliantúil agus i gcás gach Ballstáit ar leithligh, an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3, pointí (a) go (d), in éineacht le measúnú ar aon difríochtaí maidir le cur chun feidhme mhír 1 ar an leibhéal náisiúnta.

Roinn 2

Pleanáil réamhghabhálach téarnaimh

Airteagal 5

Pleananna réamhghabhálacha téarnaimh

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh gnóthais árachais agus athárachais nach cuid de ghrúpa iad atá faoi réir pleanáil réamhghabhálach téarnaimh de bhun Airteagal 7 agus a chomhlíonann na critéir a leagtar síos i mír 2 nó 3 den Airteagal seo, plean réamhghabhálach téarnaimh a tharraingt suas agus a choimeád cothrom le dáta. Beidh bearta sa phlean réamhghabhálach téarnaimh sin a bheidh le glacadh ag an ngnóthas lena mbaineann chun a staid airgeadais a athbhunú i gcás ina bhfuil meath suntasach tagtha ar an staid sin.

Measfar gur cuid den chóras rialachais de réir bhrí Airteagal 41 de Threoir 2009/138/CE é pleananna réamhghabhálacha téarnaimh a tharraingt suas, a choimeád cothrom le dáta agus a chur i bhfeidhm.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an t-údarás maoirseachta ceanglais pleanála réamhghabhálaí téarnaimh i bhfeidhm ar ghnóthais árachais agus athárachais ar bhonn a méide, a samhla gnó, a bpróifíle riosca, a n-idirnascthachta agus a n-inionadaitheachta, a dtábhachta do gheilleagar na mBallstát ina n-oibríonn siad, agus a ngníomhaíochtaí trasteorann, go háirithe gníomhaíochtaí suntasacha trasteorann.

Áiritheoidh údaráis mhaoirseachta go mbeidh ar a laghad 60 % de mhargadh árachais agus athárachais saoil an Bhallstáit agus ar a laghad 60 % de mhargadh árachais agus athárachais an Bhallstáit nach árachas saoil é - an sciar den mhargadh árachais saoil bunaithe ar ollfhorálacha teicniúla agus an sciar den mhargadh árachais nach árachas saoil é bunaithe ar ollphréimheanna i scríbhinn - faoi réir ceanglais pleanála réamhghabhálaí téarnaimh de bhun an Airteagail seo.

Agus leibhéal cumhdaigh an mhargaidh dá dtagraítear sa dara fomhír á ríomh, féadfar gnóthais fochuideachta árachais nó athárachais de chuid grúpa a chur san áireamh i gcás ina bhfuil na gnóthais fochuideachta árachais nó athárachais sin ina gcuid de ghrúpa a bhfuil plean réamhghabhálach grúpa téarnaimh á tharraingt suas agus á choinneáil ar bun ag an máthairghnóthas deiridh lena aghaidh.

3.   Aon ghnóthas árachais nó athárachais atá faoi réir plean réitigh, beidh sé faoi réir ceanglais pleanála réamhghabhálaí téarnaimh.

Ní bheidh gnóthais bheaga neamhchasta faoi réir ceanglais pleanála réamhghabhálaí téarnaimh, ach amháin i gcás ina measfaidh údarás maoirseachta go bhfuil riosca ar leith ag baint le gnóthas mar sin ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach.

4.   Áiritheoidh na húdaráis mhaoirseachta go ndéanfaidh gnóthais árachais agus athárachais a bpleananna réamhghabhálacha téarnaimh a thabhairt cothrom le dáta gach 2 bhliain ar a laghad, agus in aon chás:

(a)

tar éis athrú ar struchtúr dlíthiúil nó eagraíochtúil an ghnóthais, ar a ghnó nó ar a staid airgeadais, a bhféadfadh tionchar ábharach a bheith aige ar an bplean réamhghabhálach téarnaimh, nó a d’éileodh athrú ábharach a dhéanamh ar an bplean sin;

(b)

i gcás inar féidir a thuar go bhféadfadh éifeacht ábharach a bheith ag athrú ábharach ar staid airgeadais an ghnóthais ar éifeachtacht an phlean réamhghabhálaigh téarnaimh, nó a d’éileodh ar shlí eile go ndéanfaí athbhreithniú ar an bplean sin.

5.   Níor cheart glacadh leis sna pleananna réamhghabhálacha téarnaimh go mbeidh rochtain ar thacaíocht airgeadais phoiblí urghnách ná go bhfaighfear tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách.

6.   Ceanglóidh na Ballstáit go mbeidh gach ceann de na nithe seo a leanas i bpleananna réamhghabhálacha téarnaimh:

(a)

achoimre ar phríomhghnéithe an phlean, lena n-áirítear athruithe ábharacha a rinneadh ar an bplean is déanaí a cuireadh isteach;

(b)

tuairisc ar an ngnóthas nó ar an ngrúpa, lena n-áirítear achoimre ar aon athruithe ábharacha ón iarraidh dheireanach a cuireadh an plean isteach;

(c)

creat táscairí dá dtagraítear i mír 8;

(d)

tuairisc maidir leis an gcaoi a ndearnadh an plean réamhghabhálach téarnaimh a tharraingt suas, an chaoi a dtabharfar cothrom le dáta é agus an chaoi a gcuirfear i bhfeidhm é;

(e)

raon beart ceartaitheach;

(f)

straitéis cumarsáide.

(g)

i gcás inar sháraigh an gnóthas an Ceanglas maidir le Caipiteal Sócmhainneachta a leagtar síos i dTeideal I, Caibidil VI, Roinn 4, de Threoir 2009/138/CE agus inar chuir sé plean téarnaimh isteach i gcomhréir le hAirteagal 138(2) de Threoir 2009/138/CE tráth éigin le 10 mbliana anuas, an plean téarnaimh sin chomh maith le measúnú ar na bearta a rinneadh chun go gcomhlíonfadh an gnóthas an Ceanglas maidir le Caipiteal Sócmhainneachta arís.

7.   Ceanglóidh na Ballstáit go ndéanfaidh gnóthais árachais agus athárachais measúnú ar inchreidteacht agus indéantacht a bpleananna réamhghabhálacha téarnaimh, go háirithe an creat táscairí dá dtagraítear i mír 8 agus na bearta ceartaitheacha, in aghaidh raon cásanna de dhianstrus maicreacnamaíoch agus airgeadais atá ábhartha d’imthosca sonracha an ghnóthais árachais nó athárachais, lena n-áirítear imeachtaí ar fud an chórais, imeachtaí struis neamhghnácha ar dócha go ndéanfaidís difear ábharach don phróifíl sócmhainní agus dliteanas, agus teaglaim d’imeachtaí struis den sórt sin.

8.   Ceanglóidh na Ballstáit go mbeidh ar ghnóthais árachais agus athárachais a áirithiú go bhfuil creat de tháscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla ina bpleananna réamhghabhálacha téarnaimh lena sainaithnítear na pointí nuair ba cheart bearta ceartaitheacha a bhreithniú nó a dhéanamh. Féadfar critéir a bhaineann le, inter alia, caipiteal, leachtacht, cáilíocht sócmhainní, brabúsacht, dálaí margaidh, dálaí maicreacnamaíocha agus imeachtaí oibríochtúla a áireamh sna táscairí sin. Áireofar sna táscairí a bhaineann le staid an chuntais caipitil, ar a laghad, aon sárú ar an gCeanglas maidir le Caipiteal Sócmhainneachta a leagtar síos i dTeideal I, Caibidil VI, Roinn 4, de Threoir 2009/138/CE.

Ceanglóidh na Ballstáit go mbeidh beart ceartaitheach iomchuí ag an ngnóthas lena mbaineann i gcomhréir leis an bplean réamhghabhálach téarnaimh mar thoradh ar aon sárú ar an gCeanglas um Chaipiteal Sócmhainneachta.

Ceanglóidh na Ballstáit go n-áiritheoidh na húdaráis mhaoirseachta go gcuirfidh gnóthais árachais agus athárachais socruithe iomchuí i bhfeidhm chun faireachán tráthrialta a dhéanamh ar na táscairí dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

9.   Gnóthas árachais nó athárachais a chinneann beart ceartaitheach a áirítear ina phlean réamhghabhálach téarnaimh a dhéanamh, nó a chinneann gan an beart ceartaitheach sin a dhéanamh cé go bhfuil táscaire dá dtagraítear i mír 8, an chéad fhomhír, comhlíonta, tabharfaidh sé fógra don údarás maoirseachta faoin gcinneadh sin gan mhoill.

10.   Déanfaidh comhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta de chuid gnóthais árachais nó athárachais dá dtagraítear i mír 1 an plean réamhghabhálach téarnaimh a mheasúnú agus a fhormheas sula gcuirfear faoi bhráid an údaráis maoirseachta é lena athbhreithniú.

11.   Déanfaidh EIOPA, faoin 29 Eanáir 2027, treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 lena sonraítear a thuilleadh an méid seo a leanas:

(a)

i gcomhar leis an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach, an raon cásanna dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo;

(b)

na táscairí cáilíochta agus cainníochtúla dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo.

12.   Ullmhóidh EIOPA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar a thuilleadh:

(a)

na critéir, go háirithe maidir le gníomhaíocht trasteorann, dá dtagraítear i mír 2, an chéad fhomhír;

(b)

na modhanna atá le húsáid agus na sciartha den mhargadh dá dtagraítear i mír 2, an dara fomhír agus an tríú fomhír, á gcinneadh;

(c)

an fhaisnéis atá le háireamh ag gnóthas árachais nó athárachais sa phlean réamhghabhálach téarnaimh, lena n-áirítear na bearta ceartaitheacha dá dtagraítear i mír 6, pointe (e), agus a gcur chun feidhme.

Cuirfidh EIOPA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Iúil 2026.

Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

Airteagal 6

Athbhreithniú agus measúnú arna dhéanamh ag na húdaráis mhaoirseachta ar phleananna réamhghabhálacha téarnaimh

1.   Laistigh de 9 mí ó chuirtear isteach gach plean réamhghabhálach téarnaimh, déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta athbhreithniú ar an bplean sin agus déanfaidh siad measúnú ar a mhéid a chomhlíontar sa phlean na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5, agus na nithe seo a leanas ar fad:

(a)

cé acu atá nó nach bhfuil seans réasúnta ann go gcoinneoidh nó go n-athbhunóidh cur chun feidhme na socruithe atá beartaithe sa phlean inmharthanacht agus staid airgeadais an ghnóthais árachais nó athárachais laistigh de thréimhse ama iomchuí;

(b)

cé acu atá nó nach bhfuil seans réasúnta ann go gcuirfear chun feidhme an plean agus na roghanna sonracha sa phlean go tapa agus go héifeachtach i gcásanna ina bhfuil strus airgeadais;

(c)

cé acu atá nó nach bhfuil seans réasúnta ann go seachnófar leis an bplean agus na roghanna sonracha sa phlean aon éifeacht mhór dhíobhálach ar an gcóras airgeadais a mhéid is mó agus is féidir, lena n-áirítear i gcásanna a spreagfadh gnóthais eile árachais agus athárachais chun pleananna réamhghabhálacha téarnaimh a chur chun feidhme laistigh den tréimhse chéanna.

2.   Déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta na pleananna réamhghabhálacha téarnaimh ar fad a bheidh faighte acu a sholáthar do na húdaráis réitigh. Féadfaidh na húdaráis réitigh scrúdú a dhéanamh ar an bplean réamhghabhálach téarnaimh chun aon ghníomhaíocht sa phlean réamhghabhálach téarnaimh a shainaithint a d’fhéadfadh tionchar díobhálach a imirt ar inréiteacht na ngnóthas árachais nó athárachais lena mbaineann agus chun moltaí a dhéanamh don údarás maoirseachta maidir leis na hábhair sin, laistigh den tréimhse a leagtar amach i mír 1.

3.   I gcás ina gcuireann gnóthas árachais nó athárachais gníomhaíochtaí suntasacha trasteorann i gcrích, soláthróidh an t-údarás maoirseachta baile an plean réamhghabhálach téarnaimh don údarás maoirseachta óstach, arna iarraidh sin ag an údarás maoirseachta óstach sin. Féadfaidh an t-údarás maoirseachta óstach scrúdú a dhéanamh ar an bplean réamhghabhálach téarnaimh chun aon ghníomhaíocht sa phlean réamhghabhálach téarnaimh a shainaithint a d’fhéadfadh tionchar díobhálach a imirt ar shealbhóirí polasaí, ar an bhfíorgheilleagar nó ar chobhsaíocht airgeadais ina Bhallstát agus chun moltaí a dhéanamh don údarás maoirseachta baile maidir leis na hábhair sin. Tabharfaidh an t-údarás maoirseachta baile freagra réasúnaithe maidir lena chinneadh na moltaí a leanúint nó gan iad a leanúint. I gcás nach gcuireann an t-údarás maoirseachta baile moltaí an údaráis maoirseachta óstaigh san áireamh i gceart, féadfaidh an t-údarás maoirseachta óstach an t-ábhar a tharchur chuig EIOPA i gcomhréir le hAirteagal 31(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

4.   Údaráis mhaoirseachta a thagann ar an gconclúid, tar éis dóibh measúnú a dhéanamh ar an bplean réamhghabhálach téarnaimh, go bhfuil easnaimh ábhartha sa phlean sin nó go bhfuil baic ábharacha ann ar a chur chun feidhme, tabharfaidh siad fógra don ghnóthas árachais nó athárachais lena mbaineann faoi ábhar a measúnaithe agus cuirfidh siad ceangal ar an ngnóthas lena mbaineann plean athbhreithnithe a chur isteach, laistigh de 2 mhí, lena léireofar cén dóigh a dtugtar aghaidh ar na heasnaimh nó ar na baic sin. Ar iarraidh ón ngnóthas lena mbaineann, féadfar síneadh aon mhí amháin a chur leis an tréimhse 2 mhí sin i gcás ina gcomhaontaíonn an t-údarás maoirseachta amhlaidh.

Sula gcuirfidh sé de cheangal ar ghnóthas árachais nó athárachais plean réamhghabhálach téarnaimh a chur isteach arís, tabharfaidh an t-údarás maoirseachta an deis don ghnóthas a thuairim a chur in iúl maidir leis an gceanglas sin.

An t-údarás maoirseachta a thugann faoi deara nár tugadh aghaidh ar na heasnaimh agus na baic go leordhóthanach sa phlean athbhreithnithe, féadfaidh sé a ordú don ghnóthas athruithe sonracha a dhéanamh ar an bplean.

5.   I gcás nach gcuireann an gnóthas árachais nó athárachais plean réamhghabhálach téarnaimh athbhreithnithe isteach, nó i gcás ina dtagann an t-údarás maoirseachta ar an gconclúid nach ndéantar na heasnaimh nó na baic a sainaithníodh ina mheasúnú bunaidh a réiteach go leordhóthanach sa phlean réamhghabhálach téarnaimh athbhreithnithe, agus i gcás nach féidir na heasnaimh nó na baic sin a réiteach go leordhóthanach le hordú chun athruithe sonracha a dhéanamh ar an bplean, ceanglóidh an t-údarás maoirseachta ar an ngnóthas athruithe a shainaithint laistigh de thréimhse réasúnach a d’fhéadfadh an gnóthas a dhéanamh ar a ghnó chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh sa phlean réamhghabhálach téarnaimh nó ar na baic maidir le cur chun feidhme an phlean sin.

I gcás nach sainaithníonn an gnóthas árachais nó athárachais na hathruithe sin laistigh den tréimhse arna socrú ag an údarás maoirseachta, nó i gcás ina gcinneann an t-údarás maoirseachta nach dtabharfaí aghaidh ar na heasnaimh nó na baic go leordhóthanach leis na gníomhaíochtaí arna moladh ag an ngnóthas, féadfaidh an t-údarás maoirseachta cinneadh réasúnaithe a dhéanamh a ordú don ghnóthas aon bheart a dhéanamh a mheasann an t-údarás maoirseachta is gá agus is comhréireach, agus aird á tabhairt ar a thromchúisí atá na heasnaimh agus na baic mar aon le héifeacht na mbeart ar ghnó an ghnóthais.

Tabharfar fógra i scríbhinn don ghnóthas árachais nó athárachais faoin gcinneadh seo, ar cinneadh é a bheidh faoi réir ceart achomhairc.

Airteagal 7

Pleananna réamhghabhálacha grúpa téarnaimh

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de chumhacht ag an maoirseoir grúpa a cheangal ar mháthairghnóthas deiridh grúpa plean réamhghabhálach grúpa téarnaimh a tharraingt suas agus a chur faoi bhráid an mhaoirseora grúpa.

Plean réamhghabhálach grúpa téarnaimh ar a bhfuil an máthairghnóthas deiridh i gceannas a bheidh sna pleananna réamhghabhálacha grúpa téarnaimh. Sainaithneofar sa phlean réamhghabhálach grúpa téarnaimh gníomhaíochtaí ceartaitheacha a bhféadfadh gá a bheith lena gcur chun feidhme ar leibhéal an mháthairghnóthais deiridh sin agus ar leibhéal a fhoghnóthas aonair chun a staid airgeadais a athbhunú i gcás ina bhfuil meath suntasach tagtha ar an staid sin.

Forchuirfidh an maoirseoir grúpa an ceanglas dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar bhonn na gcritéar dá dtagraítear in Airteagal 5(2) nó (3), de réir mar is infheidhme.

2.   Beidh bearta ceartaitheacha sa phlean réamhghabhálach grúpa téarnaimh chun cobhsaíocht an ghrúpa, nó chun cobhsaíocht aon ghnóthais árachais nó athárachais de chuid an ghrúpa, a bhaint amach, nuair atá an grúpa nó aon cheann de ghnóthais árachais nó athárachais an ghrúpa i riocht anáis, chun aghaidh a thabhairt ar chúiseanna an anáis sin nó chun iad a bhaint, agus chun staid airgeadais an ghrúpa nó an ghnóthais ar cuid den ghrúpa é a athbhunú, agus an tráth céanna staid airgeadais ghrúpeintiteas eile a chur san áireamh.

Beidh socruithe sa phlean réamhghabhálach grúpa téarnaimh chun comhordú agus comhsheasmhacht beart comhréireach a thógfar ar leibhéal an ghrúpa agus na ngrúpeintiteas a áirithiú.

3.   Déanfar an plean réamhghabhálach grúpa téarnaimh, agus aon phlean arna tharraingt suas le haghaidh fhoghnóthais árachais nó athárachais aonair, a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 5(5) go (8), agus déanfar iad a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagal 5(4).

I gcomhréir le hAirteagal 5(8), an triú fomhír, cuirfear socruithe iomchuí i bhfeidhm chun faireachán tráthrialta a dhéanamh ar na táscairí.

Sainaithneofar sa phlean réamhghabhálach grúpa téarnaimh cé acu atá bacainní ar chur chun feidhme na mbeart ceartaitheach laistigh den ghrúpa nó nach bhfuil, lena n-áirítear ar leibhéal na n-eintiteas aonair a chumhdaítear leis an bplean, agus cé acu atá baic phraiticiúla nó dhlíthiúla shuntasacha ar chistí dílse a aistriú go pras nó ar dhliteanais nó sócmhainní a aisíoc laistigh den ghrúpa nó nach bhfuil.

4.   Féadfaidh na húdaráis mhaoirseachta ceangal a chur ar fhoghnóthais árachais nó athárachais nó ar na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (c) agus (d), pleananna réamhghabhálacha téarnaimh a tharraingt suas agus a chur isteach i gcás nach ann do phlean réamhghabhálach grúpa téarnaimh.

5.   I gcás ina measfaidh an t-údarás maoirseachta lena mbaineann nach bhfuil eintiteas á chur san áireamh go leordhóthanach ag an bplean réamhghabhálach grúpa téarnaimh i bhfianaise thábhacht an eintitis i dtrácht sa Bhallstát lena mbaineann agus i bhfianaise na n-oibleagáidí a bhfuil gnóthais inchomparáide sa Bhallstát sin faoina réir, féadfaidh sé a iarraidh ar an maoirseoir grúpa, ar bhonn tuairim réasúnaithe, a cheangal ar an máthairghnóthas deiridh, nó ar an gcuideachta sealbhaíochta árachais atá i gceannas ar an ngrúpa, plean réamhghabhálach grúpa téarnaimh athbhreithnithe a chur isteach agus na hábhair imní a chuir an t-údarás maoirseachta lena mbaineann in iúl á gcur san áireamh. I gcás ina bhfuil plean réamhghabhálach grúpa téarnaimh athbhreithnithe curtha isteach measfaidh an t-údarás maoirseachta lena mbaineann nach dtugann an plean athbhreithnithe sin aghaidh go leordhóthanach ar na hábhair imní atá aige, féadfaidh sé a cheangal ar na foghnóthais árachais nó athárachais nó ar na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (c) agus (d), lena mbaineann, plean réamhghabhálach téarnaimh a tharraingt suas agus a chur isteach. Sa chás sin, cuirfidh an t-údarás maoirseachta tuairim réasúnaithe ar fáil don mhaoirseoir grúpa maidir leis an measúnú sin. Ina dhiaidh sin, cuirfidh sé an plean réamhghabhálach téarnaimh ar fáil don mhaoirseoir grúpa.

6.   Déanfaidh an maoirseoir grúpa, ar choinníoll go gcomhlíonfar na ceanglais rúndachta a leagtar síos in Airteagal 66, na pleananna réamhghabhálacha grúpa téarnaimh a tharchur chuig:

(a)

EIOPA;

(b)

na húdaráis mhaoirseachta ábhartha atá ina gcomhaltaí de choláiste na maoirseoirí dá dtagraítear in Airteagal 248(3) de Threoir 2009/138/CE nó atá rannpháirteach ann;

(c)

an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal;

(d)

údaráis réitigh na bhfoghnóthas.

(e)

i gcás inar ilchuideachta airgeadais é an grúpa nó inar cuid d’ilchuideachta airgeadais é, an t-údarás réitigh ábhartha arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 3 de Threoir 2014/59/AE, agus an t-údarás inniúil mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (40), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

7.   Comhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta an eintitis a bhfuil an plean réamhghabhálach grúpa téarnaimh de bhun mhír 1 nó an plean réamhghabhálach téarnaimh de bhun mhír 4 nó mír 5 á tharraingt suas aige, déanfaidh sé an plean lena mbaineann a mheasúnú agus a fhormheas sula gcuirfidh sé faoi bhráid an mhaoirseora grúpa nó an údaráis maoirseachta é, de réir mar is iomchuí, lena athbhreithniú.

8.   Agus pleananna réamhghabhálacha téarnaimh á dtarraingt suas, féadfaidh foghnóthas de chuid an Aontais aon phlean grúpa maidir le téarnamh réamhghabhálach arna tharraingt suas ag na gnóthais árachais nó athárachais tríú tír nó ag na máthairghnóthais tríú tír ar foghnóthas díobh é a chur san áireamh, i gcás inarb infheidhme.

Airteagal 8

Athbhreithniú agus measúnú arna dhéanamh ag an maoirseoir grúpa ar phleananna réamhghabhálacha grúpa téarnaimh

1.   Tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis mhaoirseachta ábhartha atá ina gcomhaltaí de choláiste na maoirseoirí nó atá rannpháirteach i gcoláiste na maoirseoirí dá dtagraítear in Airteagal 248(3) de Threoir 2009/138/CE, déanfaidh an maoirseoir grúpa athbhreithniú ar an bplean réamhghabhálach grúpa téarnaimh agus déanfaidh sé measúnú ar a mhéid a chomhlíontar sa phlean sin na ceanglais agus na critéir a leagtar síos in Airteagal 7. Déanfar an measúnú sin i gcomhréir leis an nós imeachta a bhunaítear in Airteagal 6 agus san an Airteagal seo agus laistigh den tréimhse a leagtar síos in Airteagal 6(1) agus cuirfear san áireamh ann an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na bearta ceartaitheacha ar shealbhóirí polasaí, ar an bhfíorgheilleagar agus ar chobhsaíocht airgeadais sna Ballstáit go léir ina n-oibríonn an grúpa.

2.   Féachfaidh an maoirseoir grúpa le teacht ar chinneadh comhpháirteach, dá dtagraítear in Airteagal 17 den Treoir seo, laistigh de choláiste na maoirseoirí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 248 de Threoir 2009/138/CE, maidir le:

(a)

athbhreithniú agus measúnú ar an bplean réamhghabhálach grúpa téarnaimh;

(b)

cibé acu atá nó nach bhfuil plean réamhghabhálach téarnaimh ar bhonn aonair le tarraingt suas le haghaidh gnóthais árachais agus athárachais ar cuid den ghrúpa iad, i gcomhréir le hAirteagal 7(4) nó (5) den Treoir seo;

(c)

cur i bhfeidhm na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 6(4) agus (5) den Treoir seo.

Roinn 3

Pleanáil réitigh

Airteagal 9

Pleananna réitigh

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis réitigh, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an údarás maoirseachta, plean réitigh a tharraingt suas le haghaidh gach gnóthais árachais nó athárachais nach cuid de ghrúpa é atá faoi réir pleanáil réitigh de bhun Airteagal 10 agus Airteagal 11, agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i mír 2 den Airteagal seo. Déanfar foráil sa phlean réitigh maidir leis na gníomhaíochtaí réitigh a fhéadfaidh an t-údarás réitigh a dhéanamh i gcás ina gcomhlíonfaidh an gnóthas árachais nó athárachais na coinníollacha maidir le réiteach dá dtagraítear in Airteagal 19(1) nó Airteagal 20(3).

2.   Déanfaidh na húdaráis réitigh pleananna réitigh a tharraingt suas le haghaidh gnóthais árachais agus athárachais a measann siad ina leith gur dóchúla, i gcomparáid le gnóthais eile faoina sainchúram, go mbeadh an ghníomhaíocht réitigh chun leasa an phobail dá dtagraítear in Airteagal 19(5) i gcás ina gclisfeadh ar an ngnóthas lena mbaineann, nó a measann na húdaráis ina leith go bhfuil feidhm chriticiúil acu. Cuirfear san áireamh sa mheasúnuithe sin, ar a laghad, an gá atá le cuspóirí réitigh a bhaint amach agus méid, samhail ghnó, próifíl riosca, idirnascthacht, inionadaitheacht an ghnóthais agus go háirithe a ghníomhaíocht trasteorann.

Ar bhonn na measúnuithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, áiritheoidh na húdaráis réitigh go mbeidh ar a laghad 40 % de mhargadh árachais agus athárachais saoil an Bhallstáit agus ar a laghad 40 % de mhargadh árachais agus athárachais an Bhallstáit nach árachas saoil é – an sciar den mhargadh árachais saoil bunaithe ar ollfhorálacha teicniúla agus an sciar den mhargadh árachais nach árachas saoil é bunaithe ar ollphréimheanna i scríbhinn – faoi réir cheanglais na pleanála réitigh. Agus leibhéal cumhdaigh an mhargaidh á ríomh, féadfar foghnóthais grúpa a chur san áireamh i gcás ina bhfuil na foghnóthais sin cumhdaithe sa phlean réitigh grúpa.

Ní bheidh gnóthais bheaga neamhchasta faoi réir cheanglais na pleanála réitigh, ach amháin i gcás ina measfaidh an t-údarás réitigh go bhfuil riosca ar leith ag baint le gnóthas mar sin ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach.

3.   I gcás ina gcuireann an gnóthas árachais nó athárachais lena mbaineann gníomhaíochtaí suntasacha trasteorann i gcrích, soláthróidh na húdaráis réitigh bhaile an dréachtphlean réitigh do na húdaráis mhaoirseachta nó réitigh óstacha. Féadfaidh na húdaráis mhaoirseachta nó réitigh óstacha scrúdú a dhéanamh ar an dréachtphlean réitigh chun aon ghníomhaíocht sa dréachtphlean réitigh a shainaithint a d’fhéadfadh tionchar díobhálach a imirt ar shealbhóirí polasaí, ar an bhfíorgheilleagar nó ar chobhsaíocht airgeadais ina mBallstát agus chun moltaí a dhéanamh don údarás réitigh baile maidir leis na hábhair sin. Tabharfaidh an t-údarás réitigh baile freagra réasúnaithe maidir lena chinneadh na moltaí a leanúint nó gan iad a leanúint. I gcás nach gcuireann an t-údarás réitigh baile moltaí an údaráis maoirseachta óstaigh nó réitigh óstaigh san áireamh i gceart, féadfaidh an t-údarás maoirseachta nó réitigh óstach an t-ábhar a tharchur chuig EIOPA i gcomhréir le hAirteagal 31(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

4.   Agus na roghanna á sonrú le haghaidh cur i bhfeidhm uirlisí agus cumhachtaí réitigh, cuirfear san áireamh i bpleananna réitigh cásanna réitigh ábhartha, lena n-áirítear an cás inar cliseadh neamhghnách é cliseadh an ghnóthais árachais nó athárachais agus an cás ina dtarlaíonn sé tráth éagobhsaíochta airgeadais níos leithne nó tráth teagmhas sistéamach.

Ní ghlacfar leis sna pleananna réitigh go mbeidh aon tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách ann seachas, i gcás ina bhfuil a leithéid ar fáil, scéimeanna ráthaíochta árachais nó aon socrú maoiniúcháin eile a úsáid.

5.   Déanfaidh na húdaráis réitigh athbhreithniú ar na pleananna réitigh agus, i gcás inar gá, tabharfaidh siad cothrom le dáta iad gach 2 bhliain ar a laghad, agus in aon chás:

(a)

tar éis aon athrú ábharach ar struchtúr dlíthiúil nó eagraíochtúil an ghnóthais árachais nó athárachais nó ar a ghnó nó a staid airgeadais a d’fhéadfadh difear ábharach a dhéanamh d’éifeachtacht an phlean nó ar shlí eile a d’éileodh athbhreithniú ar an bplean réitigh;

(b)

i gcás inar féidir a thuar go bhféadfadh éifeacht ábharach a bheith ag athrú ábharach ar staid airgeadais an ghnóthais árachais nó athárachais ar éifeachtacht an phlean réitigh, nó a d’éileodh ar shlí eile go ndéanfaí athbhreithniú ar an bplean sin.

Aon imeacht a fhágann gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar an bplean réitigh nó é a thabhairt cothrom le dáta, cuirfidh gnóthais árachais agus athárachais agus údaráis mhaoirseachta in iúl do na húdaráis réitigh é.

6.   Gan dochar d’Airteagal 4, leagfar amach sna pleananna réitigh roghanna chun na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm maidir leis an ngnóthas árachais nó athárachais agus chun cumhachtaí réitigh a fheidhmiú ina leith. Áireofar na nithe seo a leanas ar fad sna pleananna réitigh, agus iad cainníochtaithe nuair is iomchuí agus nuair is féidir:

(a)

achoimre ar phríomhghnéithe an phlean;

(b)

achoimre ar na hathruithe ábharacha ar an ngnóthas a tharla ó comhdaíodh an fhaisnéis is déanaí faoin réiteach;

(c)

léiriú ar conas a d’fhéadfaí feidhmeanna criticiúla agus príomhlínte gnó a dheighilt go dlíthiúil agus go heacnamaíoch, a mhéid is gá, ó fheidhmeanna eile chun leanúnachas a áirithiú ar chliseadh an ghnóthais;

(d)

sainaithint na sócmhainní sin a mbeifí ag súil leis go gcáileoidís mar chomhthaobhacht;

(e)

meastachán ar an tréimhse ama chun gach gné ábharach den phlean a fhorghníomhú;

(f)

tuairisc mhionsonraithe ar an measúnú ar inréiteacht, lena n-áirítear an measúnú ar indéantacht agus inchreidteacht an fhoirceanta faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 13;

(g)

tuairisc ar aon bheart a cheanglaítear de bhun Airteagal 15 chun aghaidh a thabhairt ar bhaic ar inréiteacht arna sainaithint mar thoradh ar an measúnú arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 13 nó chun na baic sin a bhaint;

(h)

míniú ar an dóigh a bhféadfaí roghanna réitigh a mhaoiniú gan an toimhde go mbeadh aon tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách ann seachas, i gcás ina bhfuil a leithéid ar fáil, scéimeanna ráthaíochta árachais nó aon socrú maoiniúcháin eile a úsáid;

(i)

tuairisc mhionsonraithe ar na straitéisí réitigh difriúla a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm i bhfianaise na gcásanna difriúla a d’fhéadfadh a bheith ann agus na n-amscálaí is infheidhme;

(j)

tuairisc ar idirthuilleamaíochtaí criticiúla;

(k)

anailís ar thionchar an phlean réitigh ar fhostaithe an ghnóthais, lena n-áirítear measúnú ar aon chostas gaolmhar, agus tuairisc ar na nósanna imeachta atá beartaithe chun dul i gcomhairle leis an bhfoireann le linn an phróisis réitigh, agus na córais náisiúnta le haghaidh idirphlé leis na comhpháirtithe sóisialta á gcur san áireamh i gcás inarb infheidhme;

(l)

plean chun cumarsáid a dhéanamh leis na meáin agus leis an bpobal;

(m)

tuairisc ar na hoibríochtaí agus na córais fhíor-riachtanacha chun feidhmiú leanúnach phróisis oibríochta an ghnóthais a choinneáil ar bun;

(n)

i gcás inarb infheidhme, aon tuairim arna léiriú ag an ngnóthas i ndáil leis an bplean réitigh.

Nochtfar an achoimre ar phríomhghnéithe an phlean don ghnóthas árachais nó athárachais.

7.   Déanfaidh an t-údarás réitigh na pleananna réitigh agus aon athrú orthu sin a tharchur chuig na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann.

8.   Déanfaidh EIOPA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt lena sonraítear a thuilleadh ábhar an phlean réitigh.

Cuirfidh EIOPA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Iúil 2026.

Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

9.   Déanfaidh EIOPA, faoin 29 Eanáir 2027, treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 lena sonraítear a thuilleadh na critéir maidir le sainaithint na bhfeidhmeanna criticiúla.

Airteagal 10

Pleananna réitigh grúpa

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chumhacht ag údaráis réitigh ar ghrúpleibhéal pleananna réitigh grúpa a tharraingt suas le haghaidh grúpaí atá faoi réir pleanáil réitigh ar bhonn na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 9(2).

2.   Déanfar sa phlean réitigh grúpa:

(a)

na gníomhaíochtaí réitigh a leagan amach a ghlacfar i leith gach eintitis ina mbeidh gá le bearta chun leanúnachas na bhfeidhmeanna criticiúla a áirithiú;

(b)

scrúdú a dhéanamh ar a mhéid a d’fhéadfaí na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm agus na cumhachtaí réitigh a fheidhmiú ar bhealach comhordaithe agus aon bhac féideartha ar réiteach comhordaithe a shainaithint;

(c)

i gcás ina gcuimsítear i ngrúpa eintitis a corpraíodh i dtríú tíortha, socruithe iomchuí a shainaithint le haghaidh comhar agus comhordú le húdaráis ábhartha na dtríú tíortha sin chomh maith leis na himpleachtaí maidir le réiteach laistigh den Aontas;

(d)

na bearta a shainaithint, lena n-airítear deighilt dhlíthiúil agus eacnamaíoch feidhmeanna nó línte gnó ar leith, is gá chun réiteach grúpa a éascú, agus idirthuilleamaíochtaí inghrúpa á gcur san áireamh;

(e)

foinsí cistiúcháin atá ar fáil a shainaithint chun na gníomhaíochtaí réitigh grúpa a mhaoiniú agus, i gcás ina mbeadh gá le scéimeanna ráthaíochta árachais nó le haon socrú maoiniúcháin a úsáid, prionsabail a leagan amach chun freagracht as an maoiniú sin a chomhroinnt idir foinsí cistiúcháin i mBallstáit dhifriúla, gan glacadh leis go mbeidh aon tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách ann;

(f)

na gnéithe a leagtar síos in Airteagal 9(6) a áireamh.

3.   Déanfaidh an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal pleananna réitigh grúpa agus aon athruithe orthu a tharchur chuig na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann agus, i gcás inar ilchuideachta airgeadais é an grúpa, nó inar cuid d’ilchuideachta airgeadais é, chuig an údarás réitigh ábhartha arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 3 de Threoir 2014/59/AE agus chuig an údarás inniúil mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (40), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

4.   Féadfaidh na húdaráis réitigh pleananna réitigh a tharraingt suas le haghaidh foghnóthais árachais nó athárachais nó le haghaidh na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (c) agus (d), i gcás nach ann d’aon phlean réitigh grúpa.

5.   Agus pleananna réitigh á dtarraingt suas acu, féadfaidh údaráis réitigh d’fhoghnóthais de chuid an Aontais an straitéis réitigh arna saothrú ag na húdaráis tríú tír lena mbaineann a chur san áireamh le haghaidh na ngrúpaí a bhfuil na húdaráis réitigh sin freagrach astu.

Má mheasann an t-údarás réitigh go bhfuil an straitéis réitigh sin inchreidte agus indéanta, féadfaidh sé an straitéis réitigh sin agus na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith aici ar an bhfoghnóthas de chuid an Aontais lena mbaineann a léiriú go hiomchuí ina phlean réitigh. Ní chuirfidh sé sin gnóthú na gcuspóirí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 18 i mbaol.

6.   Forbróidh EIOPA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar ábhar na bpleananna réitigh grúpa, agus an éagsúlacht samhlacha gnó atá ag grúpaí sa mhargadh inmheánach á cur san áireamh.

Cuirfidh EIOPA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Iúil 2026.

Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

Airteagal 11

Ceanglais agus nós imeachta i leith pleananna réitigh grúpa

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh na máthairghnóthais deiridh faoi bhráid an údaráis réitigh ar ghrúpleibhéal an fhaisnéis sin is féidir a cheangal faoi Airteagal 12. Bainfidh an fhaisnéis sin le máthairghnóthas deiridh agus a mhéid is gá le gach ceann de na grúpeintitis lena n-áirítear na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e).

Ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais rúndachta a leagtar síos sa Treoir seo, déanfaidh an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal an fhaisnéis ábhartha arna soláthar i gcomhréir leis an mír seo a tharchur chuig:

(a)

EIOPA;

(b)

na húdaráis réitigh atá ina gcomhaltaí den choláiste réitigh;

(c)

na húdaráis mhaoirseachta ábhartha atá ina gcomhaltaí de choláiste na maoirseoirí nó atá rannpháirteach ann dá dtagraítear in Airteagal 248(3) de Threoir 2009/138/CE nó atá rannpháirteach ann.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis réitigh ar ghrúpleibhéal, i gcoláistí réitigh, agus iad ag gníomhú go comhpháirteach leis na húdaráis réitigh dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, pointe (b), agus tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann ar comhaltaí iad de choláiste na maoirseoirí nó atá rannpháirteach sa choláiste sin dá dtagraítear in Airteagal 248(3) de Threoir 2009/138/CE, pleananna réitigh grúpa a tharraingt suas agus a choinneáil ar bun. Féadfaidh údaráis réitigh ar ghrúpleibhéal, más mian leo, agus faoi réir na gceanglas rúndachta a leagtar síos in Airteagal 80 den Treoir seo a chomhlíonadh, deis a thabhairt d’údaráis réitigh tríú tír na ndlínsí ina bhfuil foghnóthais árachais nó athárachais nó cuideachtaí sealbhaíochta árachais nó brainsí móra bunaithe ag an ngrúpa a bheith páirteach i dtarraingt suas na bpleananna réitigh grúpa agus i gcoinneáil ar bun na bpleananna réitigh grúpa, mar a shainmhínítear de bhun Airteagal 248(8) de Threoir 2009/138/CE.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar pleananna réitigh grúpa a athbhreithniú, agus i gcás inarb iomchuí, a thabhairt cothrom le dáta gach 2 bhliain, ar a laghad, agus in aon chás:

(a)

tar éis aon athrú ar an struchtúr dlíthiúil nó eagraíochtúil, ar an ngnó, nó ar staid airgeadais an ghrúpa lena n-áirítear aon ghrúpeintiteas, a bhféadfadh éifeacht ábharach a bheith aige ar an bplean nó a d’fhéadfadh athrú a éileamh ar an bplean;

(b)

i gcás inar féidir a thuar go bhféadfadh éifeacht ábharach a bheith ag athrú ábharach ar staid airgeadais an ghrúpa ar éifeachtacht an phlean réitigh, nó a d’éileodh ar shlí eile go ndéanfaí athbhreithniú ar an bplean sin.

4.   Glacfar an plean réitigh grúpa i bhfoirm cinneadh comhpháirteach, dá dtagraítear in Airteagal 17, den údarás réitigh ar ghrúpleibhéal agus d’údaráis réitigh na bhfoghnóthas árachais nó athárachais agus de na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e).

Airteagal 12

Faisnéis chun críche pleananna réitigh agus comhair an ghnóthais árachais nó athárachais

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil an chumhacht ag údaráis réitigh ceangal a chur ar ghnóthais árachais agus athárachais nó ar an máthairghnóthas deiridh, de réir mar is infheidhme:

(a)

comhoibriú a mhéid is gá agus pleananna réitigh nó pleananna réitigh grúpa á dtarraingt suas;

(b)

an fhaisnéis go léir a sholáthar, go díreach nó tríd an údarás maoirseachta, a bhfuil gá léi chun pleananna réitigh nó pleananna réitigh grúpa a tharraingt suas agus a chur chun feidhme.

2.   Comhoibreoidh údaráis mhaoirseachta sna Ballstáit lena mbaineann le húdaráis réitigh chun a fhíorú an bhfuil cuid den fhaisnéis nó an fhaisnéis go léir dá dtagraítear i mír 1 ar fáil cheana féin agus déanfaidh siad an fhaisnéis sin a sholáthar do na húdaráis réitigh sin. Gheobhaidh na húdaráis réitigh an fhaisnéis sin go léir a bhfuil fáil uirthi ó na húdaráis mhaoirseachta sula n-iarrfaidh siad faisnéis ó ghnóthais árachais agus athárachais.

3.   Forbróidh EIOPA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun nósanna imeachta a shonrú mar aon le tacar íosta foirmeacha caighdeánacha agus teimpléad chun faisnéis faoin Airteagal seo a sholáthar, agus chun ábhar na faisnéise sin a shonrú.

Cuirfidh EIOPA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Iúil 2026.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

CAIBIDIL II

Inréiteacht

Airteagal 13

Measúnú ar inréiteacht

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis réitigh, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an údarás maoirseachta, measúnú ar a mhéid is féidir gnóthais árachais agus athárachais nach cuid de ghrúpa iad a réiteach gan glacadh leis go mbeadh aon tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách ann seachas, i gcás ina bhfuil a leithéid ar fáil agus infheidhme, scéimeanna ráthaíochta árachais nó aon socrú maoiniúcháin a úsáid.

Measfar gur féidir gnóthas árachais nó athárachais a réiteach i gcás ina bhfuil sé indéanta agus inchreidte an gnóthas sin a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta, nó don údarás réitigh an gnóthas sin a réiteach trí uirlisí réitigh a chur i bhfeidhm agus cumhachtaí réitigh a fheidhmiú.

2.   I gcás ina gcinnfidh údarás réitigh go bhféadfadh gá a bheith le gníomhaíocht réitigh ar mhaithe le leas an phobail toisc nach gcomhlíonfadh foirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta na cuspóirí réitigh a mhéid céanna, rachaidh sé ar aghaidh go dtí na céimeanna leantacha seo a leanas:

(a)

gníomhaíocht réitigh tosaíochta is iomchuí a roghnú chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach i bhfianaise struchtúr agus shamhail ghnó an ghnóthais árachais nó athárachais;

(b)

a mheas an bhfuil sé indéanta an ghníomhaíocht réitigh a roghnaíodh a chur i bhfeidhm go héifeachtach laistigh de thréimhse ama iomchuí agus baic a d’fhéadfadh a bheith ar a cur chun feidhme a shainaithint;

(c)

inchreidteacht na gníomhaíochta réitigh a roghnaíodh a mheasúnú, agus aird á tabhairt ar thionchar dóchúil an réitigh ar chórais airgeadais nó fíorgheilleagair na mBallstát nó an Aontais agus ar chosaint comhleasa sealbhóirí polasaí, tairbhithe agus éilitheoirí, d’fhonn leanúnachas feidhmeanna criticiúla a dhéanann an gnóthas árachais nó athárachais a áirithiú.

3.   Déanfaidh údaráis réitigh an measúnú ar inréiteacht dá dtagraítear i mír 1 an tráth céanna a dhéanfar an plean réitigh a tharraingt suas agus a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagal 9, agus chun na gcríoch sin. Agus an measúnú dá dtagraítear i mír 1 á dhéanamh acu, scrúdóidh na húdaráis réitigh, ar a laghad, na gnéithe inréiteachta a shonraítear san Iarscríbhinn.

4.   Chun críocha an mheasúnaithe ar inréiteacht, féadfaidh údaráis réitigh a iarraidh ar ghnóthais árachais nó athárachais an fhaisnéis uile is gá a sholáthar.

5.   Déanfaidh EIOPA, faoin 29 Eanáir 2027, treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 chun ábhair agus critéir bhreise a shonrú chun measúnú a dhéanamh ar inréiteacht gnóthas nó grúpaí árachais agus athárachais dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo agus in Airteagal 14 den Treoir seo.

Airteagal 14

Measúnú ar inréiteacht le haghaidh grúpaí

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis réitigh ar ghrúpleibhéal, mar aon le húdaráis réitigh na bhfoghnóthas, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an maoirseoir grúpa agus le húdaráis mhaoirseachta na bhfoghnóthas sin, measúnú ar a mhéid is féidir grúpaí a réiteach gan glacadh leis go mbeadh aon tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách ann seachas, i gcás ina bhfuil a leithéid ar fáil agus infheidhme, scéimeanna ráthaíochta árachais nó aon socrú maoiniúcháin a úsáid.

2.   Measfar gur féidir grúpa a réiteach i gcás ina bhfuil sé indéanta agus inchreidte ag na húdaráis réitigh grúpeintitis a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta nó an grúpa sin a réiteach trí na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm agus na cumhachtaí réitigh a fheidhmiú maidir le grúpeintitis i gcás inar féidir iad a dheighilt go héasca agus go tráthúil, nó ar aon mhodh eile dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta.

Cuirfidh na coláistí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 70 an measúnú ar inréiteacht grúpa san áireamh agus a bhfeidhmeanna á gcur i gcrích acu.

3.   I gcás ina gcinnfidh údarás réitigh go bhféadfadh gá a bheith le gníomhaíocht réitigh ar mhaithe le leas an phobail toisc nach gcomhlíonfadh foirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta na cuspóirí réitigh a mhéid céanna, rachaidh sé ar aghaidh go dtí na céimeanna leantacha seo a leanas:

(a)

gníomhaíochtaí réitigh tosaíochta is iomchuí a roghnú chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach i bhfianaise struchtúr agus shamhail ghnó an ghrúpa;

(b)

a mheas an bhfuil sé indéanta an ghníomhaíocht réitigh a roghnaíodh a chur i bhfeidhm go héifeachtach laistigh de thréimhse ama iomchuí agus baic a d’fhéadfadh a bheith ar a cur chun feidhme a shainaithint;

(c)

inchreidteacht na gníomhaíochta réitigh a roghnaíodh a mheasúnú, agus aird á tabhairt ar thionchar dóchúil an réitigh ar chórais airgeadais nó fíorgheilleagair na mBallstát nó an Aontais agus ar chosaint comhleasa sealbhóirí polasaí, tairbhithe agus éilitheoirí, d’fhonn leanúnachas feidhmeanna criticiúla a dhéanann an gnóthas árachais nó athárachais a áirithiú.

4.   Déanfaidh údaráis réitigh ar ghrúpleibhéal an measúnú inréiteachta ar ghrúpaí an tráth céanna a dhéanfar na pleananna réitigh grúpa a tharraingt suas agus a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagal 10, agus chun na gcríoch sin. Déanfar an measúnú faoin nós imeachta cinnteoireachta a leagtar síos in Airteagal 11. Agus an measúnú dá dtagraítear i mír 1 á dhéanamh acu, scrúdóidh na húdaráis réitigh ar ghrúpleibhéal na gnéithe inréiteachta a shonraítear san Iarscríbhinn, agus sin ar a laghad.

5.   Chun críocha an mheasúnaithe ar inréiteacht, féadfaidh an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal iarraidh ar na grúpeintitis an fhaisnéis uile is gá a sholáthar.

Airteagal 15

Cumhacht chun aghaidh a thabhairt ar bhaic ar inréiteacht nó chun iad a bhaint

1.   I gcás ina léirítear leis an measúnú a chuirtear i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 13 nó 14 go bhfuil baic shubstainteacha ann ar inréiteacht gnóthais árachais nó athárachais, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh an t-údarás réitigh fógra i scríbhinn faoi sin don ghnóthas árachais nó athárachais sin agus don údarás maoirseachta lena mbaineann.

2.   An ceanglas a bhíonn ar údaráis réitigh pleananna réitigh a tharraingt suas agus an ceanglas a bhíonn ar na húdaráis réitigh ábhartha cinneadh comhpháirteach a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 17 maidir le pleananna réitigh grúpa dá dtagraítear in Airteagal 9(1) agus Airteagal 11(4) faoi seach, cuirfear ar fionraí iad tar éis an fhógra dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo go dtí go nglacfaidh an t-údarás réitigh leis na bearta chun na baic shubstainteacha ar inréiteacht a bhaint de bhun mhír 3 den Airteagal seo nó go dtí go ndéanfar cinneadh ina leith de bhun mhír 4 den Airteagal seo.

3.   Laistigh de 4 mhí ón dáta a gheofar fógra dá dtagraítear i mír 1, molfaidh an gnóthas árachais nó athárachais bearta féideartha don údarás réitigh chun aghaidh a thabhairt ar na baic shubstainteacha a shainaithnítear san fhógra nó chun iad a bhaint.

Cuirfear san áireamh san amlíne faoina gcuirfear chun feidhme na bearta sin arna moladh ag an ngnóthas na cúiseanna atá leis na baic shubstainteacha.

Déanfaidh an t-údarás réitigh, tar éis dul i gcomhairle leis an údarás maoirseachta, measúnú ar cé acu a thugtar aghaidh go héifeachtach, leis na bearta sin, ar an mbac substainteach nó nach dtugtar, nó cé acu a bhaintear na baic shubstainteacha nó nach mbaintear.

4.   Údaráis réitigh a thugann faoi deara nach ndéanann na bearta arna moladh ag an ngnóthas árachais nó athárachais i gcomhréir le mír 3 laghdú éifeachtach ar an mbac lena mbaineann, ná nach ndéanann siad an bac sin a bhaint, cuirfidh siad de cheangal, go díreach, nó go hindíreach tríd an údarás maoirseachta, ar an ngnóthas árachais nó athárachais aon cheann de na bearta malartacha a leagtar amach i mír 5 a ghlacadh, agus fógra faoi na bearta sin a thabhairt i scríbhinn don ghnóthas sin, ar gnóthas é a mholfaidh plean chun na ceanglais sin a chomhlíonadh laistigh de mhí amháin tar éis dó an fógra sin a fháil.

Agus bearta malartacha á sainaithint ag údaráis réitigh, léireoidh siad cad ina thaobh nach mbeadh na bearta a mhol an gnóthas árachais nó athárachais in ann na baic ar inréiteacht a bhaint agus an dóigh a bhfuil na bearta malartacha a moladh comhréireach chun na baic sin a bhaint. Cuirfidh údaráis réitigh san áireamh an éifeacht a bheidh ag na bearta ar ghnó an ghnóthais árachais nó athárachais, ar a chobhsaíocht agus ar a chumas rannchuidiú leis an ngeilleagar.

5.   Chun críocha mhír 4, beidh sé de chumhacht ag údaráis réitigh aon cheann de na bearta malartacha seo a leanas, ar a laghad, a dhéanamh:

(a)

ceangal a chur ar an ngnóthas árachais nó athárachais athbhreithniú a dhéanamh ar aon chomhaontú airgeadais inghrúpa nó athbhreithniú a dhéanamh ar aon chomhaontú airgeadais inghrúpa a bheith in easnamh, nó comhaontuithe seirbhíse a tharraingt suas, bídís sin ina gcomhaontuithe inghrúpa nó le tríú páirtithe;

(b)

ceangal a chur ar an ngnóthas árachais nó athárachais a neamhchosaintí uasta aonair agus comhiomlána a theorannú;

(c)

ceanglais faisnéise shonracha nó thráthrialta bhreise atá ábhartha chun críoch réitigh a fhorchur;

(d)

ceangal a chur ar an ngnóthas árachais nó athárachais sócmhainní sonracha a dhífheistiú nó dliteanais a athstruchtúrú;

(e)

ceangal a chur ar an ngnóthas árachais nó athárachais gníomhaíochtaí sonracha atá ann cheana nó atá beartaithe a theorannú nó scor díobh;

(f)

srian nó toirmeasc a chur ar fhorbairt línte gnó nua nó línte gnó atá ann cheana nó díol táirgí nua nó táirgí atá ann cheana;

(g)

ceangal a chur ar an ngnóthas árachais nó athárachais an straitéis athárachais a athrú;

(h)

athruithe ar struchtúir dhlíthiúla nó oibríochta an ghnóthais árachais nó athárachais nó aon ghrúpeintitis, atá á rialú aige go díreach nó go hindíreach, a cheangal ionas go laghdófar castacht chun a áirithiú go bhféadfar na feidhmeanna criticiúla a dheighilt go dlíthiúil agus go hoibríochtúil ó fheidhmeanna eile trí na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm;

(i)

ceangal a chur ar an ngnóthas árachais nó athárachais nó ar mháthairghnóthas máthairchuideachta sealbhaíochta árachais i mBallstát nó máthairchuideachta sealbhaíochta árachais de chuid an Aontais a chur ar bun;

(j)

i gcás ina bhfuil an gnóthas árachais nó athárachais ina fhoghnóthas de chuideachta sealbhaíochta árachais atá ag plé le gníomhaíochtaí measctha, ceangal a chur ar an gcuideachta sealbhaíochta árachais atá ag plé le gníomhaíochtaí measctha cuideachta sealbhaíochta airgeadais ar leith a chur ar bun chun an gnóthas árachais nó athárachais a rialú, i gcás inar gá chun réiteach an ghnóthais árachais nó athárachais a éascú agus chun tionchar díobhálach chur i bhfeidhm na n-uirlisí réitigh agus fheidhmiú na gcumhachtaí réitigh a sheachaint ar an gcuid neamhairgeadais den ghrúpa.

6.   Sula ndéanfar aon bheart malartach dá dtagraítear i mír 5 a shainaithint, déanfaidh an t-údarás réitigh, tar éis dul i gcomhairle leis an údarás maoirseachta, breithniú cuí ar an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith ag an mbeart sin ar fhóntacht agus cobhsaíocht ghnó leanúnach an ghnóthais árachais agus athárachais áirithe sin agus ar an margadh inmheánach.

7.   Maidir le fógra nó le cinneadh arna dhéanamh de bhun mhír 1 nó 4:

(a)

áireofar ann na cúiseanna leis an measúnú nó leis an gcinneadh i gceist;

(b)

beidh sé faoi réir ceart achomhairc.

Thairis sin, léireofar an dóigh a gcomhlíonann cinneadh a rinneadh de bhun mhír 4 an ceanglas maidir le cur i bhfeidhm comhréireach a leagtar síos i mír 4, an dara fomhír.

8.   Eiseoidh EIOPA treoirlínte, faoin 29 Iúil 2027, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 chun tuilleadh sonraí ar na bearta dá bhforáiltear i mír 5 den Airteagal seo a shonrú, mar aon leis na himthosca ina bhféadfar gach beart a chur i bhfeidhm.

Airteagal 16

Cumhacht chun aghaidh a thabhairt ar bhaic ar inréiteacht nó chun iad a bhaint: láimhseáil grúpa

1.   Déanfaidh údarás réitigh ar ghrúpleibhéal, mar aon le húdaráis réitigh na bhfoghnóthas, tar éis dóibh dul i gcomhairle le coláiste na maoirseoirí a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 248 de Threoir 2009/138/CE, breithniú ar an measúnú dá dtagraítear in Airteagal 14 laistigh den choláiste réitigh agus déanfaidh siad gach gníomh réasúnach chun cinneadh comhpháirteach a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 17 maidir le cur i bhfeidhm na mbeart a shainaithnítear i gcomhréir le hAirteagal 15(4) i ndáil leis na grúpeintitis ábhartha go léir.

2.   Déanfaidh an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal, i gcomhar leis an maoirseoir grúpa agus le EIOPA, i gcomhréir le hAirteagal 25(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010, tuarascáil a ullmhú agus a chur faoi bhráid an mháthairghnóthais deiridh agus faoi bhráid údaráis réitigh na bhfochuideachtaí, agus tabharfaidh siadsan an tuarascáil sin do na foghnóthais atá laistigh dá sainchúram. Ullmhófar an tuarascáil tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis mhaoirseachta, agus déanfar anailís inti ar na baic shuntasacha ar chur i bhfeidhm éifeachtach na n-uirlisí réitigh agus ar fheidhmiú éifeachtach na gcumhachtaí réitigh i dtaca leis an ngrúpa. Molfar sa tuarascáil aon bheart comhréireach agus spriocdhírithe is gá nó is iomchuí, dar leis an údarás réitigh ar ghrúpleibhéal, chun na baic sin a bhaint, agus tionchar na mbeart sin ar shamhail ghnó an ghrúpa á chur san áireamh.

3.   Laistigh de 4 mhí tar éis dó an tuarascáil a fháil, féadfaidh an máthairghnóthas deiridh barúlacha a chur isteach agus bearta malartacha a mholadh don údarás réitigh ar ghrúpleibhéal chun aghaidh a thabhairt ar na baic atá sainaitheanta sa tuarascáil nó chun na baic sin a bhaint.

Déanfaidh an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal, tar éis dul i gcomhairle leis an údarás maoirseachta, measúnú ar cé acu a thugtar aghaidh go héifeachtach, leis na bearta sin, ar na baic shubstainteacha nó nach dtugtar, nó cé acu a bhaintear na baic shubstainteacha nó nach mbaintear.

4.   Cuirfidh an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal aon bheart a mholfaidh an máthairghnóthas deiridh in iúl do na húdaráis ar comhaltaí iad den choláiste réitigh nó atá rannpháirteach sa choláiste réitigh. Tar éis don údarás réitigh ar ghrúpleibhéal agus d’údaráis réitigh na bhfoghnóthas dul i gcomhairle leis na húdaráis mhaoirseachta, déanfaidh siad gach a bhfuil ar a gcumas chun cinneadh comhpháirteach a dhéanamh, dá dtagraítear in Airteagal 17, laistigh den choláiste réitigh maidir le baic shubstainteacha a shainaithint, agus, i gcás inar gá, maidir leis an measúnú ar na bearta arna moladh ag an máthairghnóthas deiridh agus leis na bearta arna gceangal ag na húdaráis chun aghaidh a thabhairt ar na baic nó chun na baic a bhaint. Agus an méid sin á dhéanamh acu, cuirfidh siad san áireamh an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na bearta i ngach Ballstát ina n-oibríonn an grúpa.

CAIBIDIL III

Cinntí comhpháirteacha

Airteagal 17

Cinntí comhpháirteacha

1.   Féachfaidh maoirseoirí grúpa, údaráis mhaoirseachta, údaráis réitigh ar ghrúpleibhéal agus údaráis réitigh leis na cinntí comhpháirteacha a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 8(2), Airteagal 11(4) agus Airteagal 16(4), de réir mar is infheidhme, laistigh de 4 mhí ón dáta:

(a)

a tharchuirfidh an maoirseoir grúpa an plean réamhghabhálach grúpa téarnaimh i gcomhréir le hAirteagal 7(6);

(b)

a tharchuirfidh an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 11(1), an dara fomhír;

(c)

a chuirfidh an máthairghnóthas deiridh a chuid barúlacha isteach nó an togra maidir le haon bheart malartach nó ar dhul in éag na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 16(3), cibé acu is luaithe.

Féadfaidh EIOPA, arna iarraidh sin ag údarás maoirseachta nó údarás réitigh, cúnamh a thabhairt do na maoirseoirí grúpa, na húdaráis mhaoirseachta, na húdaráis réitigh ar ghrúpleibhéal agus na húdaráis réitigh cinneadh comhpháirteach a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 31(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

2.   Mura ndéanfar cinneadh comhpháirteach laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, an fhoclaíocht réamhráiteach, maidir le haon cheann de na hábhair seo a leanas, déanfaidh an maoirseoir grúpa nó an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal, de réir mar is infheidhme, a chinneadh féin maidir leis na hábhair sin:

(a)

athbhreithniú agus measúnú ar an bplean réamhghabhálach grúpa téarnaimh;

(b)

aon bheart a cheanglaítear ar an máthairghnóthas deiridh a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 6(4) agus (5);

(c)

an plean réitigh grúpa;

(d)

na bearta dá dtagraítear in Airteagal 16.

Beidh réasún iomlán leis an gcinneadh a dhéanfaidh an maoirseoir grúpa nó an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal, de réir mar is infheidhme, agus cuirfear san áireamh ann tuairimí agus agúis na n-údarás maoirseachta nó na n-údarás réitigh eile, de réir mar is infheidhme, a cuireadh in iúl le linn na tréimhse dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, an fhoclaíocht réamhráiteach. Tabharfar an cinneadh don mháthairghnóthas deiridh agus do na húdaráis eile lena mbaineann.

3.   Mura ndéanfar cinneadh comhpháirteach, laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, an fhoclaíocht réamhráiteach, idir na húdaráis mhaoirseachta nó na húdaráis réitigh maidir le haon cheann de na hábhair seo a leanas, déanfaidh gach údarás maoirseachta nó údarás réitigh, de réir mar is infheidhme, d’fhoghnóthas a chinneadh féin.

(a)

cé acu atá plean réamhghabhálach téarnaimh ar bhonn aonair le tarraingt suas i gcomhair na ngnóthas árachais nó athárachais faoina dhlínse dá dtagraítear in Airteagal 8(2) nó nach bhfuil;

(b)

cur i bhfeidhm na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 6(4) agus (5), ar leibhéal na bhfoghnóthas;

(c)

sainaithint na mbac substainteach, agus i gcás inar gá, measúnú a dhéanamh ar na bearta arna moladh ag an máthairghnóthas deiridh agus ar na bearta arna n-éileamh ag na húdaráis chun aghaidh a thabhairt ar na baic dá dtagraítear in Airteagal 16(1) nó chun iad a bhaint.

4.   Mura ndéanfaidh na húdaráis réitigh cinneadh comhpháirteach maidir le plean réitigh grúpa a ghlacadh, dá dtagraítear in Airteagal 11(4), laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, an fhoclaíocht réamhráiteach, den Airteagal seo, déanfaidh gach údarás réitigh atá freagrach as foghnóthas a chinneadh féin agus déanfaidh sé plean réitigh a tharraingt suas agus a choimeád cothrom le dáta le haghaidh na n-eintiteas faoina dhlínse. Tabharfaidh gach údarás réitigh fógra faoina chinneadh do chomhaltaí eile an choláiste réitigh.

5.   Beidh réasún iomlán le gach ceann de na cinntí a dhéanfaidh na húdaráis mhaoirseachta nó réitigh i gcomhréir le mír 3 nó 4 agus cuirfear san áireamh iontu tuairimí agus agúis na n-údarás maoirseachta eile, na n-údarás réitigh eile, na maoirseoirí grúpa eile nó na n-údarás réiteach ar ghrúpleibhéal eile, de réir mar is infheidhme.

6.   Féadfaidh na húdaráis mhaoirseachta nó na húdaráis réitigh nach n-easaontaíonn le cinneadh dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 cinneadh comhpháirteach a dhéanamh maidir le plean réamhghabhálach grúpa téarnaimh nó plean réitigh grúpa lena gcumhdaítear grúpeintitis faoina ndlínse.

7.   I gcás inar chuir, faoi dheireadh na tréimhse dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, an fhoclaíocht réamhráiteach, aon cheann de na húdaráis mhaoirseachta nó na húdaráis réitigh lena mbaineann ábhar faoi bhráid EIOPA i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010, déanfaidh an maoirseoir grúpa, an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal, an t-údarás maoirseachta nó an t-údarás réitigh lena mbaineann, de réir mar is infheidhme, a chinneadh a chur siar faoi mhíreanna 2, 3 agus 4 den Airteagal seo, fanfaidh sé ar aon chinneadh a d’fhéadfadh EIOPA a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 19(3) den Rialachán sin, agus déanfaidh sé a chinneadh i gcomhréir le cinneadh EIOPA. Measfar gurb é an tréimhse dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, an fhoclaíocht réamhráiteach, den Airteagal seo, an chéim idir-réitigh dá dtagraítear in Airteagal 19(2) den Rialachán sin. Déanfaidh EIOPA an cinneadh laistigh d’aon mhí amháin. Ní chuirfear an t-ábhar faoi bhráid EIOPA tar éis dheireadh na tréimhse dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, an fhoclaíocht réamhráiteach, ná tar éis cinneadh comhpháirteach a dhéanamh. Mura mbeidh cinneadh ag EIOPA laistigh d’aon mhí amháin tar éis an tarchur a dhéanamh go EIOPA, beidh feidhm ag cinneadh an mhaoirseora grúpa, an údaráis réitigh ar ghrúpleibhéal, an údaráis maoirseachta nó an údaráis réitigh don ghrúpa nó don fhoghnóthas ar leibhéal aonair, de réir mar is infheidhme.

8.   Déanfar na cinntí comhpháirteacha dá dtagraítear in Airteagal 8(2), Airteagal 11(4), Airteagal 16(4) agus mír 6 den Airteagal seo agus na cinntí dá dtagraítear i míreanna 2, 3 agus 4 den Airteagal seo a aithint mar chinntí dochloíte agus cuirfidh na húdaráis mhaoirseachta nó na húdaráis réitigh sna Ballstáit lena mbaineann i bhfeidhm iad.

9.   I gcás ina ndéantar cinntí comhpháirteacha de bhun Airteagal 11(4) agus, i leith pleananna réitigh grúpa, de bhun mhír 6 den Airteagal seo agus i gcás ina measann údarás réitigh go gcuireann ábhar easaontais maidir le pleananna réitigh grúpa isteach ar fhreagrachtaí fioscacha a Bhallstáit, cuirfidh an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal tús le hathmheasúnú ar an bplean réitigh grúpa.

TEIDEAL III

RÚN

CAIBIDIL I

Cuspóirí réitigh, coinníollacha maidir le réiteach agus prionsabail ghinearálta

Airteagal 18

Cuspóirí réitigh

1.   Áiritheoidh na Ballstáit maidir le húdaráis réitigh, agus uirlisí réitigh á gcur i bhfeidhm acu agus cumhachtaí réitigh á bhfeidhmiú acu, go dtabharfaidh siad aird ar na cuspóirí réitigh a liostaítear i mír 2, agus go roghnóidh siad na huirlisí agus na cumhachtaí is fearr lena mbainfear amach na cuspóirí is ábhartha in imthosca an cháis.

2.   Is iad seo a leanas na cuspóirí réitigh:

(a)

comhleas sealbhóirí polasaí, tairbhithe agus éilitheoirí a chosaint;

(b)

cobhsaíocht airgeadais a choinneáil ar bun, trí thógálacht a chosc agus trí smacht margaidh a choinneáil ar bun go háirithe;

(c)

leanúnachas na bhfeidhmeanna criticiúla a áirithiú;

(d)

cistí poiblí a chosaint trí spleáchas ar thacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a íoslaghdú.

Agus an cuspóir réitigh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c), á shaothrú, roghnóidh na húdaráis réitigh na cineálacha cur chuige sin i ndáil leis na feidhmeanna criticiúla is fearr a chaomhnóidh leanúnachas an chumhdaigh árachais do na sealbhóirí polasaí.

Agus an cuspóir réitigh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (d), á shaothrú, tabharfaidh na húdaráis réitigh tosaíocht, a mhéid is féidir, d’úsáid foinsí maoiniúcháin seachas buiséad na mBallstát, lena n-áirítear socruithe maoiniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 81 agus scéimeanna ráthaíochta árachais, i gcás ina mbeidh siad ar fáil chun na críche sin faoin dlí is infheidhme.

Áiritheoidh na Ballstáit maidir leis na húdaráis réitigh, agus na cuspóirí réitigh á saothrú acu, go bhféachfaidh siad le costas an réitigh a íoslaghdú agus le scriosadh luacha a sheachaint mura gá sin chun na cuspóirí réitigh sin a bhaint amach.

3.   Tá an tábhacht chéanna ag baint leis na cuspóirí réitigh, agus áiritheoidh na Ballstáit go gcoimeádfaidh údaráis réitigh ar mheá cothrom iad, de réir mar is iomchuí, ag féachaint do chineál agus imthosca gach cáis.

Airteagal 19

Coinníollacha maidir le réiteach

1.   Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh na húdaráis réitigh beart réitigh i ndáil le gnóthas árachais nó athárachais ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a)

cinneann an t-údarás maoirseachta, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás réitigh, nó cinneann an t-údarás réitigh, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás maoirseachta, go bhfuil ag cliseadh ar an ngnóthas árachais nó athárachais nó gur dócha go gclisfidh air;

(b)

níl aon ionchas réasúnach ann go gcuirfeadh aon bheart malartach ón earnáil phríobháideach nó aon ghníomh maoirseachta, lena n-áirítear bearta coisctheacha agus ceartaitheacha, cosc le cliseadh an ghnóthais laistigh de thréimhse ama réasúnach;

(c)

is gá gníomhaíocht réitigh a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail.

2.   I gcás ina ndéanfaidh údarás réitigh gníomhaíocht réitigh agus go dtí go bhfoirceannfar an ghníomhaíocht réitigh sin, ní ghlacfaidh an t-údarás maoirseachta bearta maidir leis an ngnóthas faoi réiteach, ach amháin má aontaíonn an t-údarás réitigh leis na bearta sin.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na huirlisí is gá ag na húdaráis réitigh, go háirithe rochtain leordhóthanach ar aon fhaisnéis ábhartha, chun an cinneadh a dhéanamh faoi mhír 1, pointe (a), tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an údarás maoirseachta. Cuirfidh an t-údarás maoirseachta ar fáil gan mhoill don údarás réitigh aon fhaisnéis ábhartha a n-iarrann an t-údarás réitigh air chun go mbeidh sé in ann a mheasúnú a dhéanamh.

4.   Measfar go bhfuil ag cliseadh ar ghnóthas árachais nó athárachais nó gur dócha go gclisfidh air in aon cheann de na himthosca seo a leanas:

(a)

sáraíonn an gnóthas árachais nó athárachais an tÍoscheanglas Caipitil dá dtagraítear i dTeideal I, Caibidil VI, Roinn 5, de Threoir 2009/138/CE, sin nó is dócha go bhfuil an tÍoscheanglas sin á shárú aige, agus níl aon ionchas réasúnach ann go n-athbhunófar an chomhlíontacht;

(b)

níl na coinníollacha le haghaidh údaraithe á gcomhlíonadh ag an ngnóthas árachais nó athárachais a thuilleadh nó cliseann go mór air maidir lena chuid oibleagáidí faoi na dlíthe agus na rialacháin a bhfuil sé faoina réir, nó tá gnéithe oibiachtúla ann chun tacú leis go gclisfidh go mór ar an ngnóthas, go luath amach anseo, maidir lena chuid oibleagáidí ar bhealach a thabharfadh údar le tarraingt siar an údaraithe;

(c)

tá sócmhainní an ghnóthais árachais nó athárachais níos lú ná dliteanais an ghnóthais, nó tá gnéithe oibiachtúla ann chun bonn a chur faoin gcinneadh gurb amhlaidh a bheidh sé go gairid amach anseo;

(d)

níl an gnóthas árachais nó athárachais in ann a fhiacha nó a dhliteanais eile a íoc, lena n-áirítear íocaíochtaí le sealbhóirí polasaí nó tairbhithe polasaí, de réir mar a bheidh siad dlite, nó tá gnéithe oibiachtúla ann chun tacú le cinneadh go mbeidh an gnóthas, go luath amach anseo, i staid mar sin;

(e)

tá gá le tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách.

5.   Chun críocha mhír 1, pointe (c), beidh gníomhaíocht réitigh chun leasa an phobail i gcás inar gá an ghníomhaíocht sin chun ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí réitigh a bhaint amach agus go bhfuil sí comhréireach le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí sin agus i gcás nach gcomhlíonfadh foirceannadh an ghnóthais faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, lena n-áirítear úsáid a bhaint as scéimeanna ráthaíochta árachais is infheidhme maidir leis an ngnóthas sin má chomhlíontar na coinníollacha a bhaineann le gnáthimeachtaí dócmhainneachta, na cuspóirí sin a mhéid céanna.

Airteagal 20

Coinníollacha i gcomhair réitigh maidir le máthairghnóthais agus cuideachtaí sealbhaíochta

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na húdaráis réitigh gníomhaíocht réitigh a dhéanamh i ndáil le haon cheann de na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e), i gcás ina gcomhlíonann an t-eintiteas sin na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19(1), mutatis mutandis.

2.   I gcás ina bhfuil foghnóthais árachais nó athárachais de chuideachta sealbhaíochta árachais atá ag plé le gníomhaíochtaí measctha i seilbh dhíreach nó indíreach cuideachta sealbhaíochta árachais idirmheánach, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar gníomhaíochtaí réitigh chun críocha réiteach grúpa i leith na cuideachta sealbhaíochta árachais idirmheánaí, agus nach ndéanfar gníomhaíochtaí réitigh chun críocha réiteach grúpa i leith na cuideachta sealbhaíochta árachais atá ag plé le gníomhaíochtaí measctha.

3.   Faoi réir mhír 2, féadfaidh údaráis réitigh gníomhaíocht réitigh a dhéanamh maidir le haon cheann de na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (c) go (e), fiú mura gcomhlíonann na heintitis sin na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo, i gcás ina mbeidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a)

comhlíonann ceann amháin nó níos mó de na foghnóthais árachais nó athárachais na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19(1);

(b)

tá sócmhainní agus dliteanais na bhfoghnóthas árachais nó athárachais de chineál a fhágann go gcuirfeadh cliseadh na bhfoghnóthas sin gnóthas árachais nó athárachais eile de chuid an ghrúpa nó an ghrúpa ina iomláine i mbaol, nó de chineál a fhágann go gceanglaítear le dlí dócmhainneachta an Bhallstáit go ndéanfar na grúpaí sin a láimhseáil ina n-iomláine;

(c)

tá gá le gníomhaíocht réitigh maidir leis na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (c) go (e) chun foghnóthas árachais nó athárachais a réiteach nó chun an grúpa a réiteach ina iomláine.

Airteagal 21

Imeachtaí i leith gnóthais nach bhfuil faoi réir gníomhaíocht réitigh

Maidir leis na gnóthais árachais nó athárachais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19(1), pointí (a) agus (b), ach nach gcomhlíonann an coinníoll a leagtar síos in Airteagal 19(1), pointe (c), áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh siad faoi réir imeachtaí foirceanta mar a shainmhínítear in Airteagal 268(1), pointe (d), de Threoir 2009/138/CE, nó faoi réir imeachtaí eile faoin dlí náisiúnta arna n-oscailt ag na húdaráis inniúla agus a ndéanann na húdaráis inniúla faireachán orthu mar a shainmhínítear in Airteagal 268(1), pointe (a), de Threoir 2009/138/CE, lena n-áirithítear imeacht ordúil ón margadh.

Airteagal 22

Prionsabail ghinearálta lena rialaítear réiteach

1.   Áiritheoidh na Ballstáit maidir leis na húdaráis réitigh, agus uirlisí réitigh á gcur i bhfeidhm acu agus cumhachtaí réitigh á bhfeidhmiú acu, go ndéanfaidh siad gach beart is iomchuí chun a áirithiú go ndéanfar an ghníomhaíocht réitigh i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:

(a)

is iad scairshealbhóirí an ghnóthais faoi réiteach a iompróidh na chéad chaillteanais;

(b)

is iad creidiúnaithe an ghnóthais faoi réiteach a iompróidh na caillteanais a bheidh ann i ndiaidh na scairshealbhóirí, i gcomhréir le hord tosaíochta a n-éileamh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite sa Treoir seo;

(c)

déanfar ionadú ar an gcomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta agus ar bhainistíocht shinsearach an ghnóthais faoi réiteach, ach amháin i gcás ina meastar gur gá an comhlacht sin nó an bhainistíocht shinsearach a choinneáil, go hiomlán nó go páirteach, chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach;

(d)

cuirfidh an comhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta agus bainistíocht shinsearach an ghnóthais atá faoi réiteach gach cúnamh is gá ar fáil chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach;

(e)

cuirfear daoine nádúrtha agus daoine dlítheanacha faoi dhliteanas, faoin dlí sibhialta nó faoin dlí coiriúil, as a bhfreagracht maidir le cliseadh an ghnóthais faoi réiteach;

(f)

ach amháin i gcás ina bhforáiltear a mhalairt sa Treoir seo, láimhseálfar go cothrom creidiúnaithe ón aicme chéanna;

(g)

ní thabhóidh aon scairshealbhóir ná creidiúnaí caillteanais is mó ná mar a thabhóidís dá ndéanfaí an gnóthas árachais nó athárachais a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta i gcomhréir leis na coimircí in Airteagail 55 go 57;

(h)

déantar gníomhaíocht réitigh i gcomhréir le coimircí na Treorach seo.

2.   I gcás inar cuid de ghrúpa é an gnóthas árachais nó athárachais, cuirfidh na húdaráis réitigh uirlisí réitigh i bhfeidhm agus feidhmeoidh siad cumhachtaí réitigh ar bhealach lena n-íoslaghdófar an méid seo a leanas, sna tíortha ina n-oibríonn an grúpa go háirithe:

(a)

an tionchar ar ghrúpeintitis eile agus ar an ngrúpa ina iomláine;

(b)

na héifeachtaí díobhálacha ar shealbhóirí polasaí, ar an bhfíorgheilleagar agus ar chobhsaíocht airgeadais san Aontas agus sna Ballstáit.

3.   Agus uirlisí réitigh á gcur i bhfeidhm agus cumhachtaí réitigh á bhfeidhmiú acu, áiritheoidh na Ballstáit go gcloífidh siad le creat Státchabhrach an Aontais.

4.   I gcás ina gcuirtear uirlisí réitigh i bhfeidhm, measfar an t-eintiteas a gcuirtear na huirlisí sin i bhfeidhm ina leith a bheith faoi réir imeachtaí féimheachta nó imeachtaí analógacha dócmhainneachta chun críocha Airteagal 5(1) de Threoir 2001/23/CE ón gComhairle (19).

5.   Nuair a bheidh uirlisí réitigh á gcur i bhfeidhm agus cumhachtaí réitigh á bhfeidhmiú, cuirfidh údaráis réitigh ionadaithe fostaithe an ghnóthais lena mbaineann ar an eolas agus rachaidh siad i gcomhairle leo i gcás inarb iomchuí.

6.   Cuirfidh na húdaráis réitigh uirlisí réitigh i bhfeidhm agus feidhmeoidh siad cumhachtaí réitigh gan dochar do na forálacha maidir le hionadaíocht na bhfostaithe i gcomhlachtaí bainistíochta amhail dá bhforáiltear leis an dlí náisiúnta nó le cleachtas.

CAIBIDIL II

Luacháil

Airteagal 23

Luacháil chun críocha réitigh

1.   I dtaca le gníomhaíochtaí réitigh a bheidh le déanamh, áiritheoidh na húdaráis réitigh gur ar bhonn luacháil lena n-áiritheofar measúnú cothrom, stuama agus réadúil ar shócmhainní, ar dhliteanais, ar chearta agus ar oibleagáidí eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e) a dhéanfar iad.

2.   Sula gcuirfidh an t-údarás réitigh eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), faoi réiteach, áiritheoidh sé go ndéanfar luacháil tosaigh chun a chinneadh ar comhlíonadh na coinníollacha maidir le réiteach faoi Airteagal 19(1) nó Airteagal 20(3).

3.   Tar éis don údarás réitigh cinneadh a dhéanamh eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), a chur faoi réiteach, áiritheoidh sé go ndéanfar an dara luacháil chun na gcríoch seo a leanas:

(a)

faisnéis a bhailiú le haghaidh an chinnidh faoin ngníomhaíocht réitigh iomchuí atá le déanamh;

(b)

a áirithiú go n-aithneofar go hiomlán aon chaillteanas de chuid an eintitis sin tráth a chuirfear na huirlisí réitigh i bhfeidhm;

(c)

faisnéis a bhailiú le haghaidh an chinnidh faoi mhéid an chealaithe nó an chaolaithe i dtaca le hionstraimí úinéireachta;

(d)

faisnéis a bhailiú le haghaidh an chinnidh faoi mhéid na díluachála nó an chomhshó i dtaca le haon dliteanais neamhurraithe, lena n-áirítear ionstraimí fiachais;

(e)

i gcás ina gcuirtear an uirlis gnóthais idirlinne i bhfeidhm, faisnéis a bhailiú le haghaidh an chinnidh faoi na sócmhainní, na dliteanais, na cearta agus na hoibleagáidí nó na hionstraimí úinéireachta a fhéadfar a aistriú chuig an ngnóthas idirlinne agus faisnéis a bhailiú le haghaidh an chinnidh faoi luach aon chomaoine a fhéadfar a íoc leis an ngnóthas faoi réiteach nó, i gcás inarb ábhartha, le húinéirí na n-ionstraimí úinéireachta;

(f)

i gcás ina gcuirtear an uirlis díolta gnó i bhfeidhm, faisnéis a bhailiú le haghaidh an chinnidh faoi na sócmhainní, na dliteanais, na cearta agus na hoibleagáidí nó faoi na hionstraimí úinéireachta a fhéadfar a aistriú chuig an tríú páirtí is ceannaitheoir agus faisnéis a bhailiú a chuirfidh bonn eolais faoi thuiscint an údaráis réitigh ar a bhfuil i gceist le téarmaí tráchtála chun críocha Airteagal 31.

4.   Beidh an luacháil dá dtagraítear i mír 3 comhsheasmhach le hAirteagal 75 de Threoir 2009/138/CE. Mar sin féin, féadfar an luacháil sin a choigeartú, i gcás inarb iomchuí, chun a léiriú nach gcomhlíontar an toimhde go saothraíonn an gnóthas a ghnó mar ghnóthas leantach, agus chun na himthosca sonracha a bhaineann le húsáid uirlisí réitigh a léiriú.

5.   Ní fhéadfaidh na luachálacha dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 a bheith faoi réir achomharc i gcomhréir le hAirteagal 67 ach amháin in éineacht leis an gcinneadh faoi uirlis réitigh a chur i bhfeidhm nó faoi chumhacht réitigh a fheidhmiú.

Airteagal 24

Ceanglais maidir le luacháil

1.   Maidir leis na luachálacha dá dtagraítear in Airteagal 23, áiritheoidh na Ballstáit gur aon cheann díobh seo a leanas a dhéanfaidh iad:

(a)

duine atá neamhspleách ar aon údarás poiblí agus ar an eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e);

(b)

an t-údarás réitigh, i gcás nach féidir le duine dá dtagraítear i bpointe (a) iad a dhéanamh.

2.   Measfar na luachálacha dá dtagraítear in Airteagal 23 a bheith cinntitheach i gcás ina ndearna duine dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), den Airteagal seo iad agus ina gcomhlíontar na ceanglais uile a leagtar síos i míreanna 3 go 5 den Airteagal seo.

3.   Gan dochar do chreat Státchabhrach an Aontais, beidh luacháil chinntitheach bunaithe ar thoimhdí stuama agus ní thoimhdeofar inti aon tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a d’fhéadfadh a bheith ann ón tráth a dhéantar gníomhaíocht réitigh.

4.   Forlíonfar luacháil chinntitheach leis an bhfaisnéis seo a leanas arna sealbhú ag an eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e):

(a)

ráiteas airgeadais nuashonraithe agus luacháil eacnamaíoch nuashonraithe, i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE, maidir leis an eintiteas;

(b)

tuarascáil maidir le staid airgeadais an eintitis, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, meastóireacht a dhéanfaidh feidhm achtúireach neamhspleách ar fhorálacha teicniúla an eintitis dá dtagraítear i dTeideal I, Caibidil VI, Roinn 2, de Threoir 2009/138/CE;

(c)

aon fhaisnéis bhreise maidir le luachanna margaidh agus cuntasaíochta na sócmhainní, na bhforálacha teicniúla dá dtagraítear i dTeideal I, Caibidil VI, Roinn 2, de Threoir 2009/138/CE, agus na ndliteanas eile de chuid an eintitis.

5.   Tabharfar le fios i luacháil chinntitheach foroinnt na gcreidiúnaithe in aicmí i gcomhréir lena leibhéal tosaíochta faoin dlí dócmhainneachta is infheidhme. Sa luacháil chinntitheach freisin, beidh meastachán ar an gcaoi a mbeifí ag súil go ndéanfaí gach aicme scairshealbhóirí agus creidiúnaithe a láimhseáil dá ndéanfaí an t-eintiteas lena mbaineann a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta.

Ní dhéanfaidh an meastachán dá dtagraítear sa chéad fhomhír dochar don luacháil dá dtagraítear in Airteagal 56.

6.   Ullmhóidh EIOPA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar:

(a)

na himthosca ina measfar go bhfuil duine neamhspleách ar an údarás réitigh agus ar an eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e) araon, chun críocha mhír 1 den Airteagal seo;

(b)

na modheolaíochtaí a úsáidfear chun measúnú a dhéanamh ar luach shócmhainní agus dhliteanais an ghnóthais árachais nó athárachais i gcomhthéacs réitigh;

(c)

an chaoi a ndéanfar na luachálacha a scaradh faoi Airteagail 23 agus 56 den Treoir seo.

Cuirfidh EIOPA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Iúil 2027.

Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

Airteagal 25

Luachálacha sealadacha agus críochnaitheacha

1.   Measfar gur luachálacha sealadacha iad luachálacha dá dtagraítear in Airteagal 23 nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 24(2).

Sna luachálacha sealadacha beidh maolán i leith caillteanas breise mar aon le húdar iomchuí leis an maolán sin.

2.   Údaráis réitigh a dhéanfaidh gníomhaíocht réitigh ar bhonn luacháil shealadach, áiritheoidh siad go ndéanfar luacháil chinntitheach a luaithe is indéanta.

Maidir leis an luacháil chinntitheach dá dtagraítear sa chéad fhomhír, áiritheoidh na húdaráis réitigh sin:

(a)

gur féidir aitheantas iomlán a thabhairt d’aon chaillteanais de chuid an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), ina leabhair;

(b)

go gcuirfidh sí bonn eolais faoi chinneadh éilimh ó chreidiúnaithe a aisiompú nó luach na comaoine íoctha a mhéadú, i gcomhréir le mír 3.

3.   I gcás ina mbeidh meastachán na luachála cinntithí ar ghlanluach sócmhainní an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), níos airde ná meastachán na luachála sealadaí ar ghlanluach sócmhainní an eintitis sin, féadfaidh an t-údarás réitigh:

(a)

an luach atá ar éilimh na gcreidiúnaithe a ndéantar difear dóibh agus a bhfuil díluacháil nó athstruchtúrú déanta orthu a mhéadú;

(b)

ceangal a chur ar ghnóthas idirlinne íocaíocht bhreise comaoine i ndáil leis na sócmhainní, na dliteanais, na cearta agus na hoibleagáidí a dhéanamh leis an ngnóthas faoi réiteach nó, de réir mar a bheidh, le húinéirí na n-ionstraimí úinéireachta.

4.   Déanfaidh EIOPA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun go sonrófar, chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, an mhodheolaíocht a úsáidfear chun an maolán maidir le caillteanais bhreise atá le háireamh i luachálacha sealadacha a ríomh.

Cuirfidh EIOPA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Iúil 2027.

Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

CAIBIDIL III

Uirlisí réitigh

Roinn 1

Prionsabail ghinearálta

Airteagal 26

Prionsabail ghinearálta maidir le huirlisí réitigh

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cumhachtaí is gá ag na húdaráis réitigh chun na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm ar eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), a chomhlíonann na coinníollacha le haghaidh réitigh dá dtagraítear in Airteagal 19(1) nó Airteagal 20(3).

2.   I gcás ina gcinnfidh údarás réitigh uirlis réitigh a chur i bhfeidhm ar eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), agus go mbeadh caillteanais le hiompar ag creidiúnaithe de thoradh na gníomhaíochta réitigh sin, ag sealbhóirí polasaí go háirithe, nó go ndéanfaí a n-éilimh a athstruchtúrú nó a chomhshó, feidhmeoidh an t-údarás réitigh an chumhacht ionstraimí caipitil agus dliteanais incháilithe a dhíluacháil nó a chomhshó i gcomhréir le hAirteagal 35 go díreach sula gcuirfear an uirlis réitigh i bhfeidhm nó go comhuaineach leis an gcur i bhfeidhm sin.

Aon fháltais, arna nginiúint tar éis aisghabháil aon speansas réasúnach arna dtabhú go cuí i dtaca le húsáid na n-uirlisí réitigh nó feidhmiú cumhachtaí réitigh mar thoradh ar aon uirlis réitigh a chur i bhfeidhm i gcomhréir le mír 5, cúiteofar leo ar dtús sealbhóirí polasaí agus creidiúnaithe eile an eintitis a mhéid a dhíluachálfar a n-éilimh gan cúiteamh iomlán a bheith déanta ina leith.

Ní fhéadfar comhshó na ndliteanas incháilithe ina n-ionstraimí caipitil a chur i bhfeidhm maidir le héilimh árachais ach amháin i gcásanna ina dtugann an t-údarás réitigh údar nach féidir na cuspóirí réitigh a bhaint amach trí uirlisí réitigh eile, nó go mbeadh cosaint níos fearr do shealbhóirí polasaí mar thoradh ar chomhshó éileamh árachais i gcomparáid le húsáid aon uirlise réitigh eile agus le díluacháil a n-éileamh.

3.   Is iad seo a leanas na huirlisí réitigh:

(a)

an uirlis um leachtú sócmhainneach;

(b)

an uirlis díolta gnó;

(c)

an uirlis gnóthais idirlinne;

(d)

an uirlis deighilte sócmhainní agus dliteanas;

(e)

an uirlis díluachála nó chomhshó.

Féadfaidh na húdaráis réitigh na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm ina n-aonar nó in aon teaglaim, cé is moite den uirlis deighilte sócmhainní agus dliteanas, nach gcuirfear i bhfeidhm ach i dteaglaim le huirlis réitigh eile.

4.   I gcás nach n-úsáidtear ach an uirlis díolta gnó agus an uirlis gnóthais idirlinne, agus i gcás nach n-úsáidtear na huirlisí sin ach chun cuid de shócmhainní, de chearta nó de dhliteanais an ghnóthais faoi réiteach a aistriú, déanfar an gnóthas árachais nó athárachais iarmharach nó eintiteas iarmharach dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e), agus ónar aistríodh na sócmhainní, na cearta nó na dliteanais, a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta. Déanfar an foirceannadh sin laistigh de thréimhse ama réasúnta, ag féachaint d’aon ghá go ndéanfadh an gnóthas árachais nó athárachais iarmharach nó eintiteas iarmharach sin dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e), seirbhísí nó tacaíocht a chur ar fáil de bhun Airteagal 45 chun é a chur ar a chumas don fhaighteoir na gníomhaíochtaí nó na seirbhísí arna bhfáil de bhua an aistrithe sin a fheidhmiú, agus d’aon chúis eile a bhfuil gá leanúint leis an ngnóthas árachais nó athárachais iarmharach nó eintiteas iarmharach dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e), chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach nó chun na prionsabail a leagtar síos in Airteagal 22 a chomhlíonadh.

5.   Féadfaidh an t-údarás réitigh agus aon socrú maoiniúcháin atá ag gníomhú de bhun Airteagal 81 nó an t-údarás réitigh thar ceann aon socrú maoiniúcháin aon speansais réasúnta a aisghabháil arna dtabhú go cuí i dtaca le cur i bhfeidhm na n-uirlisí réitigh nó feidhmiú na gcumhachtaí réitigh ar cheann amháin nó níos mó de na bealaí a leanas:

(a)

mar asbhaint as aon chomaoin a bheidh íoctha ag faighteoir leis an ngnóthas faoi réiteach nó, de réir mar a bheidh, le húinéirí na scaireanna nó na n-ionstraimí úinéireachta eile;

(b)

ón ngnóthas faoi réiteach, mar chreidiúnaí fabhraithe;

(c)

ó aon fháltas a ghintear de thoradh fhoirceannadh ghníomhaíochtaí an ghnóthais idirlinne, an ghléis bainistíochta sócmhainní agus dliteanas nó an ghnóthais árachais nó athárachais atá i mbun leachtaithe shócmhainnigh, mar chreidiúnaí fabhraithe.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit maidir le rialacha an dlí dócmhainneachta náisiúnta a bhaineann le hin-neamhnitheacht nó le neamh-infhorfheidhmitheacht na ngníomhartha dlíthiúla a dhéanfadh dochar do chreidiúnaithe, nach mbeidh feidhm leo i leith sócmhainní, cearta nó dliteanais a aistriú ó ghnóthas faoi réiteach chuig eintiteas eile de bhua uirlis réitigh a chur i bhfeidhm nó cumhacht réitigh a fheidhmiú.

7.   Féadfaidh na Ballstáit uirlisí agus cumhachtaí breise infheidhmithe a thabhairt do na húdaráis réitigh i gcás ina gcomhlíonann eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), na coinníollacha maidir le réiteach dá dtagraítear in Airteagal 19(1) nó Airteagal 20(3), ar choinníoll:

(a)

nach bhfuil na huirlisí agus na cumhachtaí breise sin ina mbacainní ar réiteach grúpa éifeachtach nuair a chuirtear iad i bhfeidhm ar ghrúpa trasteorann; agus

(b)

go bhfuil na huirlisí agus na cumhachtaí sin comhsheasmhach leis na cuspóirí réitigh agus leis na prionsabail ghinearálta lena rialaítear réiteach a leagtar síos in Airteagal 22.

8.   Áiritheoidh na Ballstáit, a mhéid nach bhfuil aon cheann de na huirlisí réitigh infheidhme maidir le heintiteas faoi raon feidhme Airteagal 1(1) de thoradh a foirme dlí sonraí maidir le gnóthas frithpháirteach nó comharchumann, go mbeidh na cumhachtaí ag na húdaráis réitigh is gá chun uirlisí atá chomh cosúil agus is féidir leis na huirlisí a liostaítear i mír 3 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear i dtéarmaí a n-éifeachtaí.

Roinn 2

An uirlis um leachtú sócmhainneach

Airteagal 27

An uirlis um leachtú sócmhainneach

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chumhacht ag na húdaráis réitigh an gnóthas faoi réiteach a chur faoi nós imeachta um leachtú sócmhainneach chun gníomhaíochtaí an ghnóthais sin a fhoirceannadh, agus chun toirmeasc a chur ar an ngnóthas faoi réiteach gnó árachais agus athárachais nua a fhrithghealladh.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina ndéanfaidh an t-údarás maoirseachta an t-údarú a tharraingt siar, go gcomhlíonfaidh an gnóthas árachais nó athárachais ar ar cuireadh an uirlis um leachtú sócmhainneach i bhfeidhm an tÍoscheanglas Caipitil a leagtar síos i dTeideal I, Caibidil VI, Roinn 5, de Threoir 2009/138/CE díreach tar éis chur i bhfeidhm na huirlise sin.

3.   I gcás ina ndéanfaidh an t-údarás maoirseachta údarú a tharraingt siar, áiritheoidh na Ballstáit go leanfaidh an gnóthas árachais nó athárachais faoin uirlis um leachtú sócmhainneach de bheith faoi réir rialacha agus chuspóirí ginearálta na maoirseachta árachais a leagtar amach i dTeideal I, Caibidil III, de Threoir 2009/138/CE, go dtí go bhfoirceannfar a ghníomhaíochtaí i gcomhréir le mír 8 den Airteagal seo.

4.   Áiritheoidh na húdaráis réitigh go mbeidh gnóthas árachais nó athárachais faoi réiteach atá i mbun leachtaithe shócmhainnigh in ann foireann a choinneáil a bhfuil oiliúint leordhóthanach uirthi agus atá inniúil lena áirithiú go leanfar ar aghaidh go hordúil lena ghníomhaíochtaí árachais i mbun an leachtaithe shócmhainnigh go dtí go ndéanfar é a leachtú.

5.   Déanfaidh na húdaráis réitigh faireachán, i ndlúthchomhar leis na húdaráis mhaoirseachta, ar an sreabhadh airgid, chomh maith le costais agus caiteachais gnóthais árachais nó athárachais faoi réiteach chun a luach agus a indíoltacht a chaomhnú.

6.   Déanfaidh na húdaráis réitigh measúnú, i ndlúthchomhar leis na húdaráis mhaoirseachta, ar na hathruithe atá beartaithe ar chomhdhéanamh na sócmhainní, déanfaidh siad dlúthfhaireachán ar shocruithe athárachais agus éileoidh siad, ar bhonn ráithiúil ar a laghad, athbhreithnithe achtúireacha neamhspleácha ar na forálacha teicniúla agus ar na cúlchistí teicniúla.

7.   Agus an uirlis um leachtú sócmhainneach á cur i bhfeidhm, féadfaidh na húdaráis réitigh srian nó toirmeasc a chur ar aon luach saothair cothromais agus ionstraimí a láimhseáiltear mar chothromas, lena n-áirítear íocaíochtaí díbhinne, agus féadfaidh siad srian nó toirmeasc a chur ar aon íocaíocht luacha saothair inathraithe agus sochair phinsin lánroghnacha.

8.   Déanfaidh na húdaráis réitigh cinneadh nach mór gnóthas faoi réiteach atá i mbun leachtaithe shócmhainnigh a fhoirceannadh in aon cheann de na cásanna seo a leanas, cibé acu is túisce:

(a)

díolfar sócmhainní, cearta nó dliteanais ar fad an ghnóthais faoi réiteach atá i mbun leachtaithe shócmhainnigh, nó nach mór iad ar fad, le ceannaitheoir tríú páirtí;

(b)

déanfar sócmhainní an ghnóthais faoi réiteach atá i mbun leachtaithe shócmhainnigh a fhoirceannadh go hiomlán agus déanfar a dhliteanais a urscaoileadh go hiomlán.

9.   I gcás ina n-úsáidtear an uirlis um leachtú sócmhainneach agus i gcás ina dtagann glanluach sócmhainní an ghnóthais faoi réiteach i mbun leachtaithe shócmhainnigh le bheith diúltach, déanfaidh an t-údarás réitigh measúnú ar cheart an gnóthas a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta nó ar cheart uirlis eile réitigh a chur i bhfeidhm.

I gcás nach gcomhlíonfar an tÍoscheanglas Caipitil a leagtar síos i dTeideal I, Caibidil VI, Roinn 5, de Threoir 2009/138/CE, déanfaidh an t-údarás réitigh measúnú, i ndlúthchomhar leis an údarás maoirseachta, ar cheart an gnóthas a fhoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, nó ar cheart uirlis eile réitigh a chur i bhfeidhm.

Roinn 3

An uirlis deighilte sócmhainní agus dliteanas, an uirlis díolta gnó, agus an uirlis gnóthais idirlinne

Airteagal 28

Prionsabail maidir le cur i bhfeidhm na huirlise deighilte sócmhainní agus dliteanas, na huirlise díolta gnó, agus na huirlise gnóthais idirlinne

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de chumhacht ag na húdaráis réitigh, faoi réir Airteagal 31(5) agus (6) agus Airteagal 67, an uirlis deighilte sócmhainní agus dliteanas, an uirlis díolta gnó agus an uirlis gnóthais idirlinne a úsáid gan toiliú scairshealbhóirí an ghnóthais faoi réiteach ná toiliú aon tríú páirtí a fháil, cé is moite den cheannaitheoir nó den ghnóthas idirlinne, agus gan aon cheanglas nós imeachta faoi dhlí na gcuideachtaí nó faoi dhlí na n-urrús a chomhlíonadh, seachas na ceanglais sin a leagtar síos in Airteagal 29.

2.   Faoi réir Airteagal 26(2) agus (5), is iad na daoine seo a leanas a bhainfidh tairbhe as aon chomaoin a íocann an ceannaitheoir nó an gnóthas idirlinne:

(a)

úinéirí na scaireanna nó na n-ionstraimí úinéireachta eile, i gcás ina ndearnadh na scaireanna sin nó na hionstraimí úinéireachta eile sin a d’eisigh an gnóthas faoi réiteach a aistriú ó shealbhóirí na scaireanna sin nó na n-ionstraimí sin chuig an gceannaitheoir nó chuig an ngnóthas idirlinne;

(b)

an gnóthas faoi réiteach, i gcás ina ndearnadh cuid de shócmhainní nó de dhliteanais an ghnóthais faoi réiteach, nó iad ar fad, a aistriú chuig an gceannaitheoir nó chuig an ngnóthas idirlinne.

3.   Faoi réir Airteagal 26(2) agus (5), bainfidh an gnóthas faoi réiteach tairbhe as aon chomaoin arna híoc ag gléas bainistíochta sócmhainní agus dliteanas dá dtagraítear in Airteagal 30(2) i ndáil leis na sócmhainní, na cearta nó na dliteanais arna bhfáil go díreach ón ngnóthas faoi réiteach. Féadfar comaoin a íoc i bhfoirm fiachais arna eisiúint ag an ngléas bainistíochta sócmhainní agus dliteanas.

4.   Aistrithe a dhéanfar trí úsáid a bhaint as an uirlis deighilte sócmhainní agus dliteanas, an uirlis díolta gnó nó an uirlis gnóthais idirlinne, beidh siad faoi réir na gcoimircí dá dtagraítear i dTeideal III, Caibidil V.

5.   Féadfaidh na húdaráis réitigh úsáid a bhaint as an uirlis deighilte sócmhainní agus dliteanas, an uirlis díolta gnó agus an uirlis gnóthais idirlinne níos mó ná aon uair amháin chun aistrithe forlíontacha a dhéanamh i gcás inar gá sin chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh ceannaitheoir nó gnóthas idirlinne dá dtagraítear i mír 1 leanúint de chearta ballraíochta agus rochtana a fheidhmiú, i gcás inarb ábhartha, i dtaca le córais íocaíochta, imréitigh agus socraíochta, le stocmhalartáin, agus le scéimeanna ráthaíochta árachais de chuid an ghnóthais faoi réiteach, ar choinníoll go gcomhlíonann an ceannaitheoir nó an gnóthas idirlinne na critéir bhallraíochta agus rannpháirtíochta chun páirt a ghlacadh sna córais sin.

I gcásanna nach gcomhlíontar na critéir go léir a liostaítear sa chéad fhomhír, áiritheoidh na Ballstáit, i gcás inarb ábhartha:

(a)

nach ndiúltófar ballraíocht ná rannpháirtíocht i gcórais íocaíochta, imréitigh agus socraíochta, i stocmhalartáin ná i scéimeanna ráthaíochta árachais ar an bhforas nach bhfuil rátáil ó ghníomhaireacht rátála creidmheasa ag an gceannaitheoir ná ag an ngnóthas idirlinne, nó nach bhfuil an rátáil sin i gcomhréir leis na leibhéil rátála is gá chun rochtain a fháil ar na córais sin;

(b)

i gcás nach gcomhlíonann an ceannaitheoir ná an gnóthas idirlinne critéir bhallraíochta nó rannpháirtíochta córas íocaíochta, imréitigh nó socraíochta, stocmhalartáin nó scéim ráthaíochta árachais, go bhfeidhmeofar na cearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar feadh tréimhse a shonróidh na húdaráis réitigh, nach faide ná 24 mhí, agus ar féidir í a athnuachan ar iarratas ón gceannaitheoir nó ón ngnóthas idirlinne chuig an údarás réitigh.

7.   Gan dochar do Theideal III, Caibidil V, maidir le scairshealbhóirí nó creidiúnaithe an ghnóthais faoi réiteach nó tríú páirtithe eile nach n-aistrítear a sócmhainní, a gcearta ná a ndliteanais trí úsáid a bhaint as an uirlis deighilte sócmhainní agus dliteanas, an uirlis díolta gnó nó an uirlis gnóthais idirlinne, ní bheidh aon cheart ná éileamh acu ar na sócmhainní, ar na cearta ná ar na dliteanais a aistrítear nó maidir leo, nó ní bheidh aon cheart ná éileamh acu ar an gcomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta nó bainistíocht shinsearach an ghnóthais idirlinne ná ar shócmhainní agus dliteanais an ghléis bainistíochta nó maidir leo.

Airteagal 29

Ceanglais nós imeachta maidir le díolacháin ghnó, sócmhainní, ceart nó dliteanas i gcás réitigh

1.   Faoi réir mhír 3, i gcás ina bhféachfaidh na húdaráis réitigh leis an uirlis díolta gnó a chur i bhfeidhm, nó i gcás ina ndíolfaidh siad gnóthas idirlinne, nó a shócmhainní, a chearta nó a dhliteanais, an gnóthas faoi réiteach, an gnóthas idirlinne nó na sócmhainní, cearta, dliteanais, scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile lena mbaineann, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar iad a mhargú i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i mír 2. Féadfar comhthiomsuithe ceart, sócmhainní, agus dliteanas a mhargú ar leithligh.

2.   Gan dochar do chreat Státchabhrach an Aontais, comhlíonfaidh an margú dá dtagraítear i mír 1 na ceanglais seo a leanas:

(a)

beidh sé chomh trédhearcach agus is féidir agus ní thabharfaidh sé bréagléiriú is ábharach ar shócmhainní, cearta, dliteanais, scaireanna ná ionstraimí úinéireachta eile an ghnóthais nó an ghnóthais idirlinne a bhfuil sé beartaithe ag údarás réitigh iad a aistriú;

(b)

ní thabharfar buntáiste míchuí do cheannaitheoirí a d’fhéadfadh a bheith ann nó ní dhéanfar idirdhealú eatarthu;

(c)

beidh sé saor ó aon choinbhleacht leasa;

(d)

ní thabharfar buntáiste éagórach do cheannaitheoir ionchais;

(e)

cuirfear san áireamh an gá atá le gníomhaíocht réitigh thapa a dhéanamh;

(f)

beidh sé dírithe ar an bpraghas díolacháin is airde is féidir a fháil ar na scaireanna nó na hionstraimí úinéireachta eile, na sócmhainní, na cearta nó na dliteanais lena mbaineann.

Ní chuirfidh na ceanglais sin cosc ar údaráis réitigh ceannaitheoirí áirithe a d’fhéadfadh a bheith ann a lorg.

Aon nochtadh poiblí ar mhargú eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), nó ar mhargú an ghnóthais idirlinne a cheanglófaí murach an nochtadh poiblí i gcomhréir le hAirteagal 17(1) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, féadfar é a mhoilliú i gcomhréir le hAirteagal 17(4) nó (5) den Rialachán sin.

3.   Féadfaidh na húdaráis réitigh cinneadh réasúnaithe a ghlacadh gan an ceanglas maidir le díolachán a mhargú a chomhlíonadh má chinneann siad gur dócha go mbainfí an bonn ó cheann amháin nó níos mó de na cuspóirí réitigh ach na ceanglais a leagtar síos i mír 2 a chomhlíonadh.

Airteagal 30

An uirlis deighilte sócmhainní agus dliteanas

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chumhacht ag na húdaráis réitigh sócmhainní, cearta nó dliteanais gnóthais faoi réiteach nó gnóthais idirlinne a aistriú chuig gléas bainistíochta sócmhainní agus dliteanas amháin nó níos mó.

2.   Chun críocha na huirlise deighilte sócmhainní agus dliteanas, beidh an gléas bainistíochta sócmhainní agus dliteanas ina dhuine dlítheanach:

(a)

atá faoi úinéireacht iomlán nó páirteach údarás poiblí amháin nó níos mó lena bhféadfaí an t-údarás réitigh a chuimsiú agus atá faoi rialú an údaráis réitigh; agus

(b)

a cruthaíodh chun na sócmhainní, cearta agus dliteanais ar fad nó cuid díobh atá ag gnóthas amháin nó níos mó ná gnóthas amháin faoi réiteach nó gnóthas idirlinne a fháil.

3.   Bainisteoidh an gléas bainistíochta sócmhainní agus dliteanas na punanna a aistríodh chuige d’fhonn an luach is mó is féidir a bhaint astu trí na punanna sin a dhíol nó trí fhoirceannadh ordúil.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar na ceanglais seo a leanas agus gléas bainistíochta sócmhainní agus dliteanas á oibriú:

(a)

beidh doiciméid bhunreachtúla an ghléis bainistíochta sócmhainní agus dliteanas formheasta ag an údarás réitigh lena mbaineann;

(b)

déanfaidh an t-údarás réitigh lena mbaineann comhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta an ghléis a cheapadh nó a fhormheas, faoi réir struchtúr úinéireachta an ghléis sócmhainní agus dliteanas;

(c)

déanfaidh an t-údarás réitigh lena mbaineann luach saothair bhaill an chomhlachta riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta a fhormheas agus sonróidh sé a bhfreagrachtaí;

(d)

déanfaidh an t-údarás réitigh lena mbaineann straitéis agus próifíl riosca an ghléis bainistíochta sócmhainní agus dliteanas a fhormheas.

5.   Féadfaidh na húdaráis réitigh an chumhacht a shonraítear i mír 1 a fheidhmiú chun sócmhainní, cearta nó dliteanais a aistriú i gcomhar le huirlisí réitigh eile agus i gcás ina dtarlaíonn aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

ciallóidh staid an mhargaidh áirithe i gcás na sócmhainní, na gceart nó na ndliteanas sin go bhféadfadh tionchar díobhálach a bheith ag foirceannadh na sócmhainní, na gceart nó na ndliteanas sin, de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta, ar mhargadh airgeadais amháin nó níos mó;

(b)

beidh gá le haistriú mar sin chun úsáid na huirlise um leachtú sócmhainneach a éascú nó chun feidhmiú cuí an ghnóthais faoi réiteach nó gnóthas idirlinne a áirithiú;

(c)

beidh gá le haistriú mar sin chun na fáltais is mó is féidir a fháil as an leachtú.

6.   Agus an uirlis deighilte sócmhainní agus dliteanas á cur i bhfeidhm, cinnfidh na húdaráis réitigh, i gcomhréir le hAirteagal 23 agus i gcomhréir le creat Státchabhrach an Aontais, an chomaoin dá ndéanfar sócmhainní, cearta agus dliteanais a aistriú chuig an ngléas bainistíochta sócmhainní agus dliteanas. D’fhéadfadh luach ainmniúil nó luach diúltach a bheith ag an gcomaoin.

7.   I gcás inar chuir na húdaráis réitigh an uirlis gnóthais idirlinne i bhfeidhm, féadfaidh gléasanna bainistíochta sócmhainní agus dliteanas sócmhainní, cearta nó dliteanais a fháil ón ngnóthas idirlinne, tar éis chur i bhfeidhm an ghnóthais idirlinne.

8.   Féadfaidh na húdaráis réitigh sócmhainní, cearta nó dliteanais a aistriú ón ngnóthas faoi réiteach chuig ceann amháin nó níos mó de na gléasanna bainistíochta sócmhainní agus dliteanas níos mó ná uair amháin agus féadfaidh siad sócmhainní, cearta nó dliteanais a aistriú ó cheann amháin nó níos mó de na gléasanna bainistíochta sócmhainní agus dliteanas chuig an ngnóthas faoi réiteach in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

luafar go sainráite san ionstraim lena ndearnadh an t-aistriú go bhféadfaí na sócmhainní, na cearta nó na dliteanais a aistriú ar ais;

(b)

ní thiocfaidh na sócmhainní, na cearta ná na dliteanais faoi réim na n-aicmí, ná ní chomhlíonann siad na coinníollacha chun aistriú a dhéanamh ar chearta, sócmhainní nó dliteanais arna sonrú san ionstraim lena ndearnadh an t-aistriú.

I gceachtar de na cásanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), féadfar an t-aistriú ar ais a dhéanamh le linn aon tréimhse, agus beidh sé i gcomhréir le haon choinníoll eile arna lua san ionstraim sin le haghaidh an chuspóra ábhartha.

Maidir le haon sócmhainn, ceart nó dliteanas a aistríodh, beidh sé d’oibleagáid ar an ngnóthas faoi réiteach iad a thógáil ar ais i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, pointí (a) agus (b).

9.   Le cuspóirí gléas bainistíochta sócmhainní agus dliteanas, ní thabharfar le tuiscint aon dualgas ná freagracht ar scairshealbhóirí ná ar chreidiúnaithe an ghnóthais faoi réiteach. Ní bheidh baill an chomhlachta riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta ná baill na bainistíochta sinsearaí de chuid an ghléis bainistíochta sócmhainní agus dliteanas faoi dhliteanas na scairshealbhóirí ná na gcreidiúnaithe sin i leith gníomhartha nó neamhghníomhartha agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu, ach amháin i gcás ina raibh baint ag mórfhaillí nó mí-iompar tromchúiseach faoin dlí náisiúnta ag gníomhartha nó neamhghníomhartha den sórt sin lena ndearnadh difear díreach do chearta na scairshealbhóirí nó na gcreidiúnaithe sin.

Féadfaidh na Ballstáit teorainn bhreise a chur le dliteanas gléas bainistíochta sócmhainní agus dliteanas, agus le dliteanas bhaill a chomhlachta riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta nó le baill a bhainistíochta sinsearaí i leith gníomhartha agus neamhghníomhartha agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu.

Airteagal 31

An uirlis díolta gnó

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de chumhacht ag údaráis réitigh an méid seo a leanas a aistriú chuig ceannaitheoir nach gnóthas idirlinne é:

(a)

scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile arna n-eisiúint ag gnóthas faoi réiteach;

(b)

na sócmhainní, na cearta nó na dliteanais ar fad, nó aon chuid díobh, atá ag gnóthas faoi réiteach.

2.   Is ar théarmaí tráchtála a dhéanfar aistriú a dhéantar de bhun mhír 1, ag féachaint do na himthosca agus i gcomhréir le creat Státchabhrach an Aontais.

Déanfaidh na húdaráis réitigh gach beart réasúnta chun téarmaí tráchtála a aimsiú le haghaidh an aistrithe atá comhsheasmhach leis an luacháil a rinneadh de réir Airteagal 23, ag féachaint d’imthosca an cháis.

3.   Maidir leis na haistrithe a cuireadh i gcrích, féadfaidh na húdaráis réitigh iad a chur ar ais, le toiliú an cheannaitheora, i gcás ina bhfágann imthosca an cháis go bhfuil bonn cirt leis sin a dhéanamh. Maidir le haon scair a aistríodh nó ionstraimí úinéireachta eile, nó sócmhainní, cearta nó dliteanais, beidh oibleagáid ar an ngnóthas faoi réiteach nó ar na húinéirí bunaidh iad a thógáil ar ais.

4.   Nuair a dhéantar aistriú dá dtagraítear i mír 1, ceanglófar ar cheannaitheoirí an t-údarú iomchuí a bheith acu chun an gnó a fhaigheann siad a dhéanamh. Áiritheoidh na húdaráis mhaoirseachta go ndéanfar aon iarratas ar an údarú sin a bhreithniú, in éineacht leis an aistriú, go tráthúil.

5.   De mhaolú ar Airteagal 57 go 62 de Threoir 2009/138/CE, i gcás ina dtiocfaidh éadáil sealúchais cháilithigh nó méadú ar shealúchas cáilitheach dá dtagraítear in Airteagal 57(1) de Threoir 2009/138/CE as aistriú na scaireanna nó na n-ionstraimí úinéireachta de bhua uirlis díolta gnó a chur i bhfeidhm, déanfaidh údarás maoirseachta an ghnóthais árachais nó athárachais sin an measúnú a cheanglaítear faoi na hAirteagail sin ar mhodh tráthúil nach gcuireann moill ar chur i bhfeidhm na huirlise díolta gnó nó nach gcuireann cosc leis an ngníomhaíocht réitigh na cuspóirí réitigh a bhaint amach.

6.   I gcás nach mbeidh an measúnú dá dtagraítear i mír 5 curtha i gcrích ag an údarás maoirseachta ó dháta an aistrithe, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a)

beidh éifeacht dhlíthiúil láithreach ag an aistriú sin de scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile chuig an bhfaighteoir;

(b)

le linn na tréimhse measúnaithe agus le linn aon tréimhse dífheistithe dá bhforáiltear i bpointe (f), cuirfear cearta vótála an fhaighteora, a ghabhann le scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile mar sin, ar fionraí agus déanfar iad a dhílsiú san údarás réitigh amháin, agus ní bheidh aon oibleagáid ar an údarás sin aon chearta vótála mar sin a fheidhmiú agus ní bheidh sé faoi aon dliteanas i ndáil leis na cearta vótála sin a fheidhmiú nó gan iad a fheidhmiú;

(c)

le linn na tréimhse measúnaithe agus le linn aon tréimhse dífheistithe dá bhforáiltear i bpointe (f), ní bheidh feidhm ag na pionóis ná na bearta eile maidir le sárú na gceanglas a bhaineann le sealúchais cháilitheacha a fháil nó a dhiúscairt mar a leagtar síos in Airteagal 62 de Threoir 2009/138/CE i ndáil leis an aistriú sin de scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile;

(d)

nuair a bheidh measúnú an údaráis meastóireachta i gcrích, tabharfaidh an t-údarás maoirseachta fógra i scríbhinn don údarás réitigh agus don fhaighteoir go pras, faoi cé acu a fhormheasann sé an t-aistriú sin de scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile chuig an bhfaighteoir nó, i gcomhréir le hAirteagal 58(4) de Threoir 2009/138/CE, a chuireann sé ina aghaidh;

(e)

i gcás ina ndéanann an t-údarás maoirseachta an t-aistriú sin de scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile chuig an bhfaighteoir a fhormheas, measfar go mbeidh na cearta vótála a ghabhann leis na scaireanna nó na hionstraimí úinéireachta eile sin dílsithe go hiomlán san fhaighteoir a luaithe a gheobhaidh an t-údarás réitigh agus an faighteoir fógra formheasa den sórt sin ón údarás maoirseachta;

(f)

i gcás ina gcuireann an t-údarás maoirseachta in aghaidh an aistrithe sin de scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile chuig an bhfaighteoir:

(i)

fanfaidh na cearta vótála a ghabhann leis na scaireanna nó na hionstraimí úinéireachta eile sin faoi mar a fhoráiltear i bpointe (b) i lánfheidhm agus i lán-éifeacht;

(ii)

féadfaidh an t-údarás réitigh a cheangal ar an bhfaighteoir na scaireanna nó na hionstraimí úinéireachta eile sin a dhífheistiú laistigh de thréimhse dífheistithe arna cinneadh ag an údarás réitigh tar éis dó dálaí an mhargaidh san am a chur san áireamh;

(iii)

i gcás nach gcomhlíonann an faighteoir an iarraidh dá bhforáiltear i bpointe (ii), féadfaidh an t-údarás maoirseachta pionóis a fhorchur, le toiliú ón údarás réitigh, ar an bhfaighteoir, mar aon le bearta eile maidir le sárú na gceanglas a bhaineann le sealúchais cháilitheacha a fháil nó a dhiúscairt mar a leagtar síos in Airteagal 62 de Threoir 2009/138/CE.

7.   Chun cearta an cheannaitheora a fheidhmiú chun seirbhísí a chur ar fáil nó chun é féin a bhunú i mBallstát eile i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE, measfar gur comharba leanúnach den ghnóthas faoi réiteach é an ceannaitheoir, agus féadfaidh an ceannaitheoir aon cheart a fheidhmiú, ar cheart é a bhíodh á fheidhmiú ag an ngnóthas faoi réiteach, i dtaca leis na sócmhainní, na cearta nó na dliteanais a aistríodh.

Airteagal 32

An uirlis gnóthais idirlinne

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de chumhacht ag údaráis réitigh an méid seo a leanas a aistriú chuig gnóthas idirlinne:

(a)

na scaireanna nó na hionstraimí úinéireachta eile arna n-eisiúint ag gnóthas amháin nó níos mó atá faoi réiteach;

(b)

na sócmhainní, na cearta nó na dliteanais uile, nó aon chuid díobh, atá ag gnóthas amháin nó níos mó atá faoi réiteach.

2.   Is é a bheidh sa ghnóthas idirlinne duine dlítheanach a chomhlíonann na ceanglais uile seo a leanas:

(a)

tá sé faoi úinéireacht iomlán nó pháirteach údarás poiblí amháin nó níos mó lena bhféadfaí an t-údarás réitigh nó i gcás inarb infheidhme, an scéim ráthaíochta árachais a áireamh, agus tá sé faoi stiúir an údaráis réitigh;

(b)

cruthaítear é chun cuid de na scaireanna nó na hionstraimí úinéireachta eile arna n-eisiúint ag gnóthas faoi réiteach, nó iad go léir, nó cuid de shócmhainní, cearta agus dliteanais gnóthais amháin nó níos mó atá faoi réiteach, nó iad go léir, a fháil agus a choinneáil i seilbh d’fhonn na cuspóirí réitigh a bhaint amach agus an gnóthas faoi réiteach.

3.   Agus an uirlis gnóthais idirlinne á cur i bhfeidhm, áiritheoidh údaráis réitigh nach mó luach iomlán na ndliteanas a aistríodh chuig an ngnóthas idirlinne ná luach iomlán na gceart agus na sócmhainní a aistríodh ón ngnóthas idirlinne faoi réiteach.

4.   Tar éis do na húdaráis réitigh an uirlis gnóthais idirlinne a chur i bhfeidhm, féadfaidh siad na haistrithe a cuireadh i gcrích a chur ar ais, i gcás ina bhfágfaidh na himthosca go bhfuil bonn cirt leis sin a dhéanamh, agus maidir le haon sócmhainn, ceart nó dliteanas a aistríodh, nó scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile, beidh sé d’oibleagáid ar an ngnóthas faoi réiteach nó ar na húinéirí bunaidh iad a thógáil ar ais, i gcás ina bhfágfaidh imthosca an cháis go bhfuil bonn cirt leis sin a dhéanamh, in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

luafar go sainráite san ionstraim lena ndearnadh an t-aistriú go bhféadfaí na scaireanna sonracha nó na hionstraimí úinéireachta eile, na sócmhainní, na cearta nó na dliteanais a aistriú ar ais;

(b)

ní thiocfaidh na scaireanna sonracha nó na hionstraimí úinéireachta eile, na sócmhainní, na cearta nó na dliteanais faoi réim na n-aicmí, nó ní chomhlíonann siad na coinníollacha chun aistriú a dhéanamh ar scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile, sócmhainní, cearta nó dliteanais arna sonrú san ionstraim lena ndearnadh an t-aistriú.

Féadfar aistriú ar ais dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dhéanamh laistigh d’aon tréimhse, agus comhlíonfaidh sé aon choinníoll eile a luaitear san ionstraim lena ndearnadh an t-aistriú.

5.   Tar éis an uirlis gnóthais idirlinne a chur i bhfeidhm, féadfaidh na húdaráis réitigh scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile, nó sócmhainní, cearta nó dliteanais a aistriú ón ngnóthas idirlinne chuig ceannaitheoir tríú páirtí.

6.   Measfar gur comharba leanúnach den ghnóthas faoi réiteach é an gnóthas idirlinne, agus go bhféadfaidh sé aon cheart a fheidhmiú a bhíodh á fheidhmiú ag an ngnóthas faoi réiteach i dtaca leis na sócmhainní, na cearta nó na dliteanais a aistríodh.

7.   Ní thabharfar le tuiscint le cuspóirí an ghnóthais idirlinne go bhfuil aon dualgas ná freagracht ar scairshealbhóirí ná ar chreidiúnaithe an ghnóthais faoi réiteach. Ní bheidh baill an chomhlachta riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta ná bainistíocht shinsearach an ghnóthais idirlinne faoi aon dliteanas i leith na scairshealbhóirí nó na gcreidiúnaithe sin maidir le gníomhartha nó le neamhghníomhartha agus a ndualgais á gcomhlíonadh, ach amháin i gcás ina raibh baint ag mórfhaillí nó mí-iompar tromchúiseach faoin dlí náisiúnta ag gníomhartha nó neamhghníomhartha den sórt sin lena ndearnadh difear díreach do chearta na scairshealbhóirí nó na gcreidiúnaithe sin.

Féadfaidh na Ballstáit teorainn bhreise a chur le dliteanas gnóthais idirlinne agus le dliteanas a chomhlachta riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta nó le dliteanas a bhainistíochta sinsearaí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta i leith gníomhartha agus neamhghníomhartha le linn dóibh a ndualgais a chomhlíonadh.

Airteagal 33

Oibriú an ghnóthais idirlinne

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go n-urramófar na ceanglais seo a leanas agus gnóthas idirlinne á oibriú:

(a)

beidh doiciméid bhunreachtúla an ghnóthais idirlinne formheasta ag an údarás réitigh;

(b)

faoi réir struchtúr úinéireachta an ghnóthais idirlinne, déanfaidh an t-údarás réitigh comhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta an ghnóthais idirlinne a cheapadh nó a fhormheas;

(c)

déanfaidh an t-údarás réitigh luach saothair bhaill an chomhlachta riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta a fhormheas agus cinnfidh sé a gcuid freagrachtaí;

(d)

déanfaidh an t-údarás réitigh straitéis agus próifíl riosca an ghnóthais idirlinne a fhormheas;

(e)

tabharfar údarú don ghnóthas idirlinne i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE agus beidh an t-údarú is gá aige de réir an dlí náisiúnta is infheidhme chun na gníomhaíochtaí nó na seirbhísí a fhaigheann sí a chur i gcrích de bhua aistrithe a dhéantar de bhun Airteagal 42 den Treoir seo;

(f)

comhlíonfaidh an gnóthas idirlinne ceanglais Threoir 2009/138/CE agus beidh sé faoi réir maoirseachta i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE;

(g)

oibreofar an gnóthas idirlinne i gcomhréir le creat Státchabhrach an Aontais agus féadfaidh an t-údarás réitigh srianta ar a cuid oibríochtaí a shonrú dá réir.

D’ainneoin na bhforálacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (e) agus (f), agus i gcás inar gá chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach, féadfar gnóthas idirlinne a bhunú agus a údarú gan Treoir 2009/138/CE a chomhlíonadh ar feadh tréimhse ghairid ag tús a oibrithe. Chuige sin, cuirfidh an t-údarás réitigh iarratas ina leith sin faoi bhráid an údaráis maoirseachta. I gcás ina gcinneann an t-údarás maoirseachta an t-údarú sin a bhronnadh, léireoidh sé an tréimhse dá ndéanfar an gnóthas idirlinne a tharscaoileadh ó cheanglais Threoir 2009/138/CE a chomhlíonadh. Ní bheidh an tréimhse sin níos faide ná 24 mhí.

2.   Faoi réir aon srian arna fhorchur le rialacha iomaíochta an Aontais nó le rialacha iomaíochta náisiúnta, déanfaidh bainistíocht an ghnóthais idirlinne an gnóthas idirlinne a fheidhmiú chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach agus chun an gnóthas faoi réiteach nó na sócmhainní, cearta nó dliteanais aistrithe a dhíol le ceannaitheoir amháin nó níos mó de chuid na hearnála príobháidí a luaithe a bheidh dálaí an mhargaidh iomchuí.

3.   Cinnfidh na húdaráis réitigh nach gnóthas idirlinne a thuilleadh eintiteas in aon cheann de na cásanna seo a leanas, cibé acu is túisce a tharlaíonn:

(a)

cumascfaidh an gnóthas idirlinne le heintiteas eile;

(b)

scoirfidh an gnóthas idirlinne de cheanglais Airteagal 32(2) a chomhlíonadh;

(c)

díolfar sócmhainní, cearta nó dliteanais uile an ghnóthais idirlinne, nó nach mór iad uile, le ceannaitheoir tríú páirtí;

(d)

déanfar sócmhainní an ghnóthais idirlinne a fhoirceannadh go hiomlán agus déanfar a chuid dliteanas a urscaoileadh go hiomlán.

4.   Faoi réir Airteagal 26(2) agus (5), bainfidh scairshealbhóirí an ghnóthais idirlinne tairbhe as aon fháltas arna ghiniúint de thoradh ar oibriú an ghnóthais idirlinne a fhoirceannadh.

Airteagal 34

Aistriú chuig scéimeanna ráthaíochta árachais

1.   De mhaolú ar Airteagail 32 agus 33, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go sannfar dualgais agus cearta gnóthais idirlinne do scéim ráthaíochta árachais iomchuí. Agus leasanna sealbhóirí polasaí, leanúnachas caidrimh árachais agus socrú éileamh á n-áirithiú, agus á áirithiú freisin go bhfuil cuspóirí na Treorach seo á gcomhlíonadh go leordhóthanach fós, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir leis na nithe seo a leanas a aistriú chuig scéim ráthaíochta árachais den sórt sin:

(a)

na scaireanna nó na hionstraimí úinéireachta eile arna n-eisiúint ag gnóthas amháin nó níos mó atá faoi réiteach; nó

(b)

na sócmhainní, na cearta nó na dliteanais uile, nó aon chuid díobh, atá ag gnóthas amháin nó níos mó faoi réiteach.

Áiritheoidh na húdaráis réitigh nach mó luach iomlán na ndliteanas a aistríodh chuig an scéim ráthaíochta árachais ná luach iomlán na gceart agus na sócmhainní a aistríodh ón ngnóthas faoi réiteach.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go n-urramóidh scéim ráthaíochta árachais dá sanntar dualgais agus cearta gnóthais idirlinne na ceanglais seo a leanas:

(a)

d’fhormheas an t-údarás réitigh doiciméid bhunreachtúla an ghnóthais idirlinne;

(b)

déanfaidh an t-údarás réitigh luach saothair bhaill an chomhlachta riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta a fhormheas agus cinnfidh sé a gcuid freagrachtaí;

(c)

ní dhéanfaidh an gnóthas idirlinne conarthaí árachais nua a thabhairt i gcrích ná ní dhéanfaidh sé conarthaí árachais atá ann cheana a athrú ar shlí a d’fhéadfadh éilimh árachais i gcoinne an ghnóthais idirlinne a mhéadú;

(d)

tá an scéim ráthaíochta árachais faoi réir rialacha agus cuspóirí ginearálta na maoirseachta árachais chun leibhéal leordhóthanach cosanta do shealbhóirí polasaí a áirithiú.

Ní bheidh feidhm ag pointe (b) den chéad fhomhír maidir le scéim ráthaíochta árachais dá sanntar dualgais agus cearta gnóthais idirlinne má dhéantar aon sócmhainní, cearta, dliteanais nó cearta úinéireachta a aistrítear a leithscaradh ó shócmhainní, cearta agus dliteanais eile na scéime ráthaíochta árachais agus mura n-íoctar luach saothair ó na sócmhainní aistrithe.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cistiú scéime ráthaíochta árachais dá sanntar dualgais agus cearta gnóthais idirlinne leordhóthanach chun leanúint de chaidrimh árachais agus chun socrú éileamh árachais a ráthú.

Roinn 4

An uirlis díluachála nó chomhshó

Airteagal 35

Cuspóir agus raon feidhme na huirlise díluachála nó comhshó

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na húdaráis réitigh an uirlis díluachála nó chomhshó a chur i bhfeidhm chun na cuspóirí réitigh a chomhlíonadh chun críocha aon cheann de na cuspóirí seo a leanas:

(a)

eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), a athchaipitliú, ar gnóthas nó eintiteas é a chomhlíonann na coinníollacha maidir le réiteach dá dtagraítear in Airteagal 19(1) agus in Airteagal 20(3) a mhéid is leor sin chun an uirlis um leachtú sócmhainneach a chur i bhfeidhm agus chun a údarú a choinneáil ar bun faoi Threoir 2009/138/CE;

(b)

chun laghdú nó comhshó go cothromas a dhéanamh ar phríomhshuim na n-éileamh, lena n-áirítear éilimh árachais, nó na n-ionstraimí fiachais a aistríodh:

(i)

chuig gnóthas idirlinne; nó

(ii)

faoin uirlis deighilte sócmhainní agus dliteanas nó faoin uirlis díolta gnó.

Nuair a bheidh an uirlis díluachála nó chomhshó á cur i bhfeidhm ar éilimh árachais, féadfaidh na húdaráis réitigh athstruchtúrú a dhéanamh freisin ar théarmaí na gconarthaí árachais gaolmhara chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach ar bhealach níos éifeachtaí. Agus an méid sin á dhéanamh acu, cuirfidh na húdaráis réitigh san áireamh an tionchar ar chomhleas na sealbhóirí polasaí.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcinnfidh na húdaráis réitigh an méid atá ionstraimí caipitil, ionstraimí fiachais agus dliteanais incháilithe eile le díluacháil nó le comhshó chun na críocha a leagtar amach i mír 1 ar bhonn na luachála arna déanamh i gcomhréir le hAirteagal 23.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh údaráis réitigh an uirlis díluachála nó chomhshó a chur i bhfeidhm ar dhliteanais uile na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), agus a bhfoirm dhlíthiúil reatha á coinneáil ar bun nó athrú ar a bhfoirm dhlíthiúil a bhreithniú i gcás inar gá sin.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar an uirlis díluachála nó chomhshó a chur i bhfeidhm ar ionstraimí uile caipitil agus ar dhliteanais uile eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), ar gnóthas nó eintiteas é nach ndéantar a eisiamh ó raon feidhme na huirlise sin de bhun mhíreanna 5 go 8 den Airteagal seo.

5.   Ní dhéanfaidh na húdaráis réitigh na cumhachtaí díluachála nó comhshó a chur i bhfeidhm i ndáil leis na dliteanais seo a leanas, bídís á rialú le dlí Ballstáit nó le dlí tríú tír:

(a)

dliteanais urraithe;

(b)

dliteanais i leith institiúidí creidmheasa, gnólachtaí infheistíochta agus gnóthais árachais nó athárachais, cé is moite d’eintitis atá ina gcuid den ghrúpa céanna, eintitis is lú aibíocht bunaidh ná 7 lá;

(c)

dliteanais is lú aibíocht iarmhair ná 7 lá agus atá dlite do chórais nó d’oibreoirí córas atá ainmnithe i gcomhréir le Treoir 98/26/CE nó dá rannpháirtithe agus a eascraíonn ó rannpháirtíocht i gcóras den chineál sin, nó do CCPanna arna n-údarú san Aontas de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus CCPanna tríú tír arna n-aithint ag an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (ESMA), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20), de bhun Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(d)

dliteanas i leith aon cheann díobh seo a leanas:

(i)

fostaí, maidir le tuarastal fabhraithe, sochair phinsin nó luach saothair socraithe eile, seachas comhpháirt athraitheach an luacha saothair nach bhfuil rialáilte le comhaontú cómhargála;

(ii)

creidiúnaí tráchtála nó trádála a eascraíonn as earraí nó seirbhísí a sholáthar d’eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), amhail seirbhísí TF, fóntais agus cíos, seirbhísiú agus cothabháil áitribh, a bhfuil gá leo chun feidhmiú leanúnach gníomhaíochtaí an eintitis sin a chothabháil, nó a bhfuil gá leo chun leanúnachas an chumhdaigh árachais a áirithiú;

(iii)

údaráis chánach agus údaráis slándála sóisialta, ar choinníoll go mbeidh tosaíocht ag na dliteanais sin faoin dlí is infheidhme;

(iv)

scéimeanna ráthaíochta árachais a eascraíonn as ranníocaíochtaí atá dlite i gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta is infheidhme;

(e)

dliteanais a eascraíonn as árachas éigeantach i gcoinne dliteanas sibhialta i ndáil le húsáid mótarfheithiclí i gcomhréir le Treoir 2009/103/CE.

6.   Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil nach gcuirfidh na húdaráis réitigh an uirlis díluachála nó chomhshó i bhfeidhm maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

dliteanais a eascraíonn as éilimh árachais reatha agus éilimh árachais amach anseo atá cumhdaithe ag sócmhainní i gcomhréir le hAirteagal 275(1), pointe (a), de Threoir 2009/138/CE;

(b)

dliteanais a eascraíonn as conarthaí príobháideacha árachais sláinte nó conarthaí príobháideacha árachais cúraim fhadtéarmaigh a sholáthraítear mar mhalairt ar chumhdach éigeantach sláinte nó cúraim fhadtéarmaigh a chuirtear ar fáil leis an gcóras reachtúil slándála sóisialta; ní bheidh feidhm ag an eisiamh ach amháin maidir leis an gcuid sin den dliteanas lena mbaineann a chuirtear in ionad na comhpháirte éigeantaí den chóras slándála sóisialta reachtúil.

7.   Le mír 5, pointe (a), agus mír 6, pointe (a), ní chuirfear cosc ar údaráis réitigh, i gcás inarb iomchuí, an uirlis díluachála nó chomhshó a chur i bhfeidhm maidir le haon chuid de dhliteanas urraithe nó de dhliteanas a bhfuil comhthaobhacht geallta ina leith ar mó a luach ná luach na sócmhainní, an ghealltáin, an liain nó na comhthaobhachta a bhfuil sé urraithe ina choinne ná maidir le haon chuid de na dliteanais dá dtagraítear i mír 6, pointe (a), a sháraíonn luach na sócmhainní a iontráladh sa chlár speisialta dá dtagraítear in Airteagal 276(1) de Threoir 2009/138/CE.

8.   In imthosca eisceachtúla, nuair a chuirtear an uirlis díluachála nó chomhshó i bhfeidhm, féadfaidh údaráis réitigh dliteanais áirithe a eisiamh nó a eisiamh i bpáirt ó chur i bhfeidhm na huirlise díluachála nó comhshó más rud é:

(a)

nach féidir an dliteanas sin a dhíluacháil ná a chomhshó laistigh de thréimhse réasúnta ama d’ainneoin iarrachtaí ionraice an údaráis réitigh;

(b)

go mbeidh géarghá leis an eisiamh agus go mbeidh sé comhréireach chun gur féidir leanúnachas na bhfeidhmeanna criticiúla agus na bpríomhlínte gnó a áirithiú ar shlí a fhágfaidh gur féidir leis an ngnóthas faoi réiteach leanúint d’oibríochtaí, seirbhísí agus idirbhearta tábhachtacha;

(c)

go bhfuil géarghá leis an eisiamh agus go bhfuil sé comhréireach lena áirithiú nach n-eascróidh éifeacht ghabhála fhorleathan as, ar bhealach a d’fhéadfadh suaitheadh tromchúiseach a chruthú i ngeilleagar Ballstáit nó i ngeilleagar an Aontais;

(d)

mar gheall ar chur i bhfeidhm na huirlise díluachála nó comhshó maidir leis na dliteanais sin, go ndéanfaí an luach a scriosadh sa chaoi is go mbeadh na caillteanais arna n-iompar ag creidiúnaithe eile níos airde ná mar a bheidís dá ndéanfaí na dliteanais sin a eisiamh ó chur i bhfeidhm na huirlise díluachála nó comhshó; nó

(e)

go bhfuil an t-eisiamh fíor-riachtanach agus comhréireach chun a áirithiú go gcúiteofar tríú páirtithe as a ngortuithe pearsanta agus as damáiste a chumhdaítear le conarthaí árachais a bhaineann le dliteanais tríú páirtí i gcás ina bhfuil conarthaí den sórt sin éigeantach faoin dlí is infheidhme.

9.   Cuirfidh na húdaráis réitigh san áireamh, i gcás ina gcuirfear an uirlis díluachála nó chomhshó i bhfeidhm, go gcomhlíonann na conarthaí árachais a ndearnadh a dtéarmaí a athstruchtúrú de bhun mhír 1, an dara fomhír, na híosleibhéil cumhdaigh éigeantacha faoin dlí is infheidhme tar éis athstruchtúrú a dhéanamh ar an gconradh.

Airteagal 36

Láimhseáil scairshealbhóirí nuair a chuirtear an uirlis díluachála nó chomhshó i bhfeidhm

1.   Agus an uirlis díluachála nó chomhshó á cur i bhfeidhm acu, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis réitigh ceann amháin nó an dá cheann de na gníomhaíochtaí seo a leanas i ndáil le scairshealbhóirí:

(a)

scaireanna atá ann cheana nó ionstraimí úinéireachta eile a chealú, nó iad a aistriú chuig creidiúnaithe ar comhshódh a n-éilimh;

(b)

ar choinníoll go léirítear sa luacháil a dhéantar faoi Airteagal 23 go bhfuil glanluach deimhneach ag an ngnóthas faoi réiteach, líon na scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile atá i seilbh faoi láthair a chaolú trí ionstraimí caipitil ábhartha nó ionstraimí fiachais ábhartha a d’eisigh an gnóthas faoi réiteach, nó dliteanais incháilithe eile de chuid an ghnóthais faoi réiteach a chomhshó ina scaireanna nó ina n-ionstraimí úinéireachta eile, de bhun chur i bhfeidhm na huirlise díluachála nó comhshó.

Maidir le pointe (b) den chéad fhomhír, déanfar an comhshó ar ráta comhshó lena gcaolófar go mór líon na scaireanna nó na n-ionstraimí úinéireachta eile atá i seilbh faoi láthair.

2.   Nuair a mheastar cé acu gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 atá le déanamh, tabharfaidh na húdaráis réitigh aird ar an méid seo a leanas:

(a)

an luacháil a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 23;

(b)

an méid atá míreanna Leibhéal 1 le laghdú agus atá ionstraimí caipitil ábhartha le díluacháil nó le comhshó de réir mheasúnú an údaráis réitigh, de bhun Airteagal 38(1).

3.   De mhaolú ar Airteagail 57 go 62 de Threoir 2009/138/CE, i gcás ina dtiocfaidh éadáil sealúchais cháilithigh nó méadú ar shealúchas cáilitheach dá dtagraítear in Airteagal 57(1) den Treoir sin, de thoradh ionstraimí caipitil, ionstraimí fiachais a d’eisigh an gnóthas faoi réiteach, nó dliteanais incháilithe eile de chuid an ghnóthais faoi réiteach a chomhshó, déanfaidh údaráis mhaoirseachta an measúnú dá dtagraítear faoi na hAirteagail sin go tráthúil nach gcuireann moill ar chomhshó na n-ionstraimí caipitil nó nach gcuireann cosc leis an ngníomhaíocht réitigh na cuspóirí réitigh ábhartha a bhaint amach.

4.   I gcás nach gcuireann údarás maoirseachta an ghnóthais sin an measúnú a cheanglaítear faoi mhír 3 i gcrích faoin dáta a dhéanfar na hionstraimí caipitil a chomhshó, beidh feidhm ag Airteagal 31(6) maidir le haon éadáil sealúchais cháilithigh nó méadú ar shealúchas cáilitheach arna dhéanamh ag faighteoir de thoradh ionstraimí caipitil a chomhshó.

Airteagal 37

Ráta comhshó an fhiachais go dtí cothromas

Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina gcuireann na húdaráis réitigh an uirlis díluachála nó chomhshó i bhfeidhm agus i gcás ina bhfeidhmíonn siad na cumhachtaí a shonraítear in Airteagal 42(1), pointe (h), go bhféadfaidh na húdaráis réitigh ráta comhshó difriúil a chur i bhfeidhm ar aicmí difriúla ionstraimí caipitil agus dliteanas i gcomhréir le ceann amháin nó an dá cheann de na prionsabail seo a leanas:

(a)

leis an ráta comhshó léirítear cúiteamh iomchuí don chreidiúnaí a ndéantar difear dó as aon chaillteanas arna thabhú de bhun fheidhmiú na gcumhachtaí díluachála nó comhshó;

(b)

an ráta comhshó is infheidhme maidir le dliteanais a mheastar a bheith ina ndliteanais shinsearacha faoin dlí dócmhainneachta is infheidhme, is airde é ná an ráta comhshó is infheidhme maidir le dliteanais fho-ordaithe.

Airteagal 38

Forálacha breise lena rialaítear an uirlis díluachála nó chomhshó

1.   Cuirfidh na húdaráis réitigh an uirlis díluachála nó chomhshó i bhfeidhm i gcomhréir le tosaíocht na n-éileamh is infheidhme faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, ar mhodh a thabharfaidh na torthaí seo a leanas.

(a)

déanfar míreanna Leibhéal 1 a laghdú ar dtús i gcomhréir leis na caillteanais agus lena mhéid is féidir de réir a n-acmhainneachta, agus déanfaidh an t-údarás réitigh ceann amháin nó an dá cheann de na gníomhaíochtaí a shonraítear in Airteagal 36(1) i ndáil le sealbhóirí ionstraimí Leibhéal 1;

(b)

déanfar príomhshuim ionstraimí Leibhéal 2 a dhíluacháil nó a chomhshó ina n-ionstraimí Leibhéal 1, nó déanfar iad a dhíluacháil agus a chomhshó, a mhéid is gá chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach nó a mhéid is féidir de réir acmhainneacht na n-ionstraimí caipitil ábhartha, cibé acu is ísle;

(c)

déanfar príomhshuim ionstraimí Leibhéal 3 a dhíluacháil nó a chomhshó ina n-ionstraimí Leibhéal 1, nó déanfar iad a dhíluacháil agus a chomhshó, a mhéid is gá chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach nó a mhéid is féidir de réir acmhainneacht na n-ionstraimí caipitil ábhartha, cibé acu is ísle;

(d)

maidir le príomhshuim na coda eile de na dliteanais incháilithe, nó an méid atá fós le híoc, i gcomhréir leis an ordlathas éileamh i ngnáthimeachtaí dócmhainneachta, lena n-áirítear rangú éileamh árachais dá bhforáiltear in Airteagal 275(1) de Threoir 2009/138/CE, déanfar í a dhíluacháil nó a chomhshó ina n-ionstraimí Leibhéal 1 nó déanfar iad a dhíluacháil agus a chomhshó, a mhéid is gá chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach.

I gcás ina bhfaighfear amach maidir le leibhéal na díluachála arna bhunú ar an luacháil shealadach dá dtagraítear in Airteagal 25 gurb airde leibhéal na díluachála ná na ceanglais nuair a dhéantar é a mheasúnú de réir na luachála cinntithí dá dtagraítear in Airteagal 24(2), féadfar sásra díluachála a chur i bhfeidhm chun creidiúnaithe a aisíoc agus, ina dhiaidh sin, a mhéid is gá, chun scairshealbhóirí a aisíoc.

Agus cinneadh á dhéanamh faoi cibé acu ba cheart dliteanais a dhíluacháil nó ba cheart iad a chomhshó ina chothromas, ní dhéanfaidh údaráis réitigh aicme dliteanas amháin a chomhshó, fad nach ndéanfar aicme dliteanas atá ina haicme íochtarach a chomhshó ina cothromas ná a dhíluacháil.

Áiritheoidh na Ballstáit gurb ísle an rangú tosaíochta a bheidh ar gach éileamh a thagann ó mhíreanna cistí dílse, i ndlíthe náisiúnta lena rialaítear gnáthimeachtaí dócmhainneachta, ná aon éileamh nach de thoradh míreanna cistí dílse é. Chun críocha na fomhíre seo, a mhéid nach n-aithnítear ionstraim ach go páirteach mar mhíreanna cistí dílse, déanfar an ionstraim iomlán a láimhseáil mar éileamh ar de thoradh míreanna cistí dílse é agus rangófar níos ísle í ná aon éileamh nach de thoradh míreanna cistí dílse é.

2.   I gcás ina ndéanfar príomhshuim ionstraime caipitil ábhartha nó príomhshuim ionstraime fiachais nó dliteanais incháilithe a dhíluacháil, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a)

is laghdú buan a bheidh sa laghdú a dhéanfar de thoradh chur i bhfeidhm na huirlise díluachála nó comhshó, faoi réir aon uasluacháil i gcomhréir leis an sásra aisíocaíochta dá dtagraítear i mír 1;

(b)

ní fhanfaidh aon dliteanas do shealbhóir na hionstraime caipitil ábhartha, na hionstraime fiachais nó aon dliteanais incháilithe eile faoi mhéid sin na hionstraime a díluacháladh, nó i dtaca leis, cé is moite d’aon dliteanas a fabhraíodh cheana, agus aon dliteanas i leith damáiste a d’fhéadfadh tarlú de bhíthin achomhairc in aghaidh dhlíthiúlacht fheidhmiú na gcumhachtaí díluachála;

(c)

ní íocfar aon chúiteamh le haon sealbhóir de chuid na hionstraime caipitil ábhartha, na hionstraime fiachais nó dliteanais incháilithe eile seachas cúiteamh i gcomhréir le mír 3.

3.   Ionas go ndéanfar na hionstraimí caipitil, na hionstraimí fiachais, nó dliteanais incháilithe eile lena mbaineann a chomhshó i gcomhréir le mír 1, pointí (b) agus (c), féadfaidh údaráis réitigh a cheangal ar eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), ionstraimí Leibhéal 1 a eisiúint chuig sealbhóirí na n-ionstraimí caipitil, na n-ionstraimí fiachais nó dliteanas incháilithe eile lena mbaineann.

Féadfar na hionstraimí caipitil, na hionstraimí fiachais ná na dliteanais incháilithe eile lena mbaineann a chomhshó ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

is é an gnóthas árachais nó athárachais, an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e), nó an máthairghnóthas a dhéanfaidh ionstraimí Leibhéal 1 a eisiúint, le comhaontú an údaráis réitigh ábhartha;

(b)

eiseofar ionstraimí Leibhéal 1 sula ndéanfaidh an t-eintiteas sin dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e),scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile a eisiúint chun críocha cistí dílse a chur ar fáil ag an Stát nó ag eintiteas de chuid an rialtais;

(c)

déanfar ionstraimí Leibhéal 1 a dhámhachtain agus a aistriú gan mhoill tar éis fheidhmiú na cumhachta comhshó;

(d)

an ráta comhshó lena gcinntear líon ionstraimí Leibhéal 1 a chuirtear ar fáil maidir le gach ionstraim chaipitil ábhartha, le gach ionstraim fiachais ábhartha nó le gach dliteanas incháilithe eile, comhlíonfaidh sé Airteagal 37.

4.   Chun ionstraimí Leibhéal 1 a chur ar fáil i gcomhréir le mír 3, féadfaidh an t-údarás réitigh a cheangal ar eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), an réamh-údarú atá riachtanach a choinneáil i gcónaí chun líon ábhartha ionstraimí Leibhéal 1 a eisiúint.

Airteagal 39

Tionchar díluachála nó comhshó

1.   I gcás ina bhfuil an uirlis díluachála nó chomhshó á cur i bhfeidhm ag údarás réitigh agus ina bhfuil na cumhachtaí díluachála agus comhshó á bhfeidhmiú aige i gcomhréir le hAirteagal 35(1) agus le hAirteagal 42(1), pointí (f) go (j), áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag an laghdú ar an bpríomhshuim nó ar an méid gan íoc atá dlite, ag an gcomhshó nó ag an gcealú, agus go mbeidh an méid sin ina cheangal láithreach ar an ngnóthas faoi réiteach agus ar na creidiúnaithe agus na scairshealbhóirí a ndéantar difear dóibh.

2.   Cuirfidh an t-údarás réitigh na cúraimí uile riaracháin agus nós imeachta is gá i gcrích nó déanfaidh sé a cheangal iad a chur i gcrích chun éifeacht a thabhairt do chur i bhfeidhm na huirlise díluachála nó comhshó, lena n-áirítear:

(a)

gach clár lena mbaineann a leasú;

(b)

scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile nó ionstraimí fiachais a dhíliostú nó a bhaint ó thrádáil;

(c)

scaireanna nua nó ionstraimí úinéireachta eile a liostú nó a ligean chun a dtrádála;

(d)

aon ionstraim fiachais a bhfuil díluacháil déanta orthu a athliostú nó a athligean isteach chun a dtrádála, gan a bheith de dhualgas orthu réamheolaire a eisiúint de réir mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21).

3.   I gcás ina laghdaíonn údarás réitigh príomhshuim dliteanais, nó an méid atá fós le híoc i leith dliteanais, go nialas trí bhíthin na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 42(1), pointe (g), láimhseálfar an dliteanas sin agus aon oibleagáid nó éileamh a eascraíonn maidir leis an dliteanas, nach raibh tabhaithe tráth a bhí an chumhacht sin á feidhmiú, mar urscaoilte chun na gcríoch uile agus ní bheidh sé inchruthaithe in aon imeacht eile ina dhiaidh sin maidir leis an ngnóthas faoi réiteach nó aon eintiteas comharba in aon fhoirceannadh ina dhiaidh sin.

4.   I gcás ina laghdaíonn údarás réitigh príomhshuim dliteanais, nó an méid atá fós le híoc i leith dliteanais, i bpáirt ach ní go hiomlán, trí bhíthin na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 42(1), pointe (g):

(a)

déanfar an dliteanas a urscaoileadh suas go dtí an méid a laghdaíodh;

(b)

beidh feidhm ag an ionstraim lena mbaineann nó ag an gcomhaontú lenar cruthaíodh an dliteanas bunaidh fós maidir leis an bpríomhshuim atá fágtha, nó maidir leis an méid atá fós le híoc i leith an dliteanais, faoi réir aon mhodhnú ar mhéid an úis a bheidh iníoctha chun laghdú na príomhshuime a léiriú, agus faoi réir aon mhodhnú eile ar na téarmaí a d’fhéadfadh an t-údarás réitigh a dhéanamh trí bhíthin na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 42(1), pointe (l).

Airteagal 40

Díluacháil nó comhshó dliteanas a eascraíonn as díorthaigh

1.   Áiritheoidh na Ballstáit nach bhfeidhmeoidh údaráis réitigh na cumhachtaí díluachála ná comhshó maidir le dliteanas a eascraíonn as díorthach ach tráth a ghlantar na díorthaigh amháin, nó ina dhiaidh sin. Tráth a théitear faoi réiteach, beidh sé de chumhacht ag údaráis réitigh conradh díorthaigh ar bith a fhoirceannadh agus a ghlanadh chun na críche sin. I gcás ina ndearnadh dliteanas díorthaigh a eisiamh ó chur i bhfeidhm na huirlise díluachála nó comhshó faoi Airteagal 35(8), ní bheidh oibleagáid ar údaráis réitigh an conradh díorthaigh a fhoirceannadh ná a ghlanadh.

2.   I gcás ina bhfuil idirbhearta díorthaigh faoi réir comhaontú glanluachála, cinnfidh an t-údarás réitigh nó luachálaí neamhspleách, mar chuid den luacháil faoi Airteagal 23, an dliteanas a eascraíonn as na hidirbhearta sin ar bhonn glan i gcomhréir le téarmaí an chomhaontaithe glanluachála.

3.   Cinnfidh údaráis réitigh luach na ndliteanas a eascraíonn as díorthaigh i gcomhréir leis an méid seo a leanas uile:

(a)

modheolaíochtaí iomchuí chun luach aicmí díorthach a chinneadh, lena n-áirítear idirbhearta atá faoi réir comhaontuithe glanluachála;

(b)

prionsabail chun an pointe ábhartha ama a bhunú inar cheart luach staid díorthaigh a bhunú;

(c)

modheolaíochtaí iomchuí chun an dochar a dhéanfaí don luach de thoradh ar ghlanadh agus díorthaigh i gcás díluacháil nó comhshó díorthach a chur i gcomparáid le méid na gcaillteanas a d’iompródh díorthaigh i gcás díluacháil nó comhshó díorthach.

4.   Forbróidh EIOPA, tar éis dó dul i gcomhairle le ESMA, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar na modheolaíochtaí agus na prionsabail a leagtar síos i mír 3 maidir le luacháil dliteanas a eascraíonn as díorthaigh. Maidir le hidirbhearta díorthaigh atá faoi réir comhaontú glanluachála, cuirfidh EIOPA an mhodheolaíocht glanta a leagtar amach sa chomhaontú glanluachála san áireamh.

Cuirfidh EIOPA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Iúil 2027.

Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

Airteagal 41

Constaicí nós imeachta maidir le díluacháil nó comhshó a bhaint

1.   I gcás ina gcuirfear an uirlis díluachála nó chomhshó i bhfeidhm, agus i gcás inarb infheidhme, ceanglóidh na Ballstáit ar na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), líon leordhóthanach scairchaipitil údaraithe nó ionstraimí eile Leibhéal 1 a choinneáil ar bun i gcónaí chun a áirithiú nach gcuirfear cosc leis na gnóthais agus leis na heintitis sin scaireanna nua leordhóthanacha nó ionstraimí úinéireachta eile a eisiúint lena áirithiú gur féidir comhshó éifeachtach dliteanas i scaireanna nó in ionstraimí úinéireachta eile a chur i bhfeidhm go héifeachtach.

Déanfaidh na húdaráis réitigh measúnú ar chomhlíontacht leis an gceanglas a leagtar síos sa chéad fhomhír i gcomhthéacs fhorbairt agus chothabháil na bpleananna réitigh i gcomhréir le hAirteagail 9 agus 10.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh aon bhac nós imeachta ar dhliteanais a chomhshó ina scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile, atá ann de bhua a n-ionstraimí corpraithe nó a reachtanna, lena n-áirítear cearta réamhghabhála do scairshealbhóirí nó ceanglais maidir le toiliú scairshealbhóirí a fháil i leith méadú ar chaipiteal.

CAIBIDIL IV

Cumhachtaí réitigh

Airteagal 42

Cumhachtaí ginearálta

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cumhachtaí uile is gá ag na húdaráis réitigh chun uirlisí réitigh a chur i bhfeidhm ar na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), agus a chomhlíonann na coinníollacha maidir le réiteach a leagtar síos in Airteagal 19(1) nó 20(3), de réir mar is infheidhme. Go háirithe, beidh na cumhachtaí réitigh seo a leanas ag údaráis réitigh, cumhachtaí a fhéadfaidh siad a fheidhmiú ina n-aonair nó i dteaglaim ar bith:

(a)

an chumhacht chun a cheangal ar aon duine aon fhaisnéis a sholáthar a bheidh de dhíth ar an údarás réitigh chun cinneadh a dhéanamh maidir le gníomhaíocht réitigh agus í a ullmhú, lena n-áirítear nuashonruithe agus forlíontaí maidir le faisnéis arna cur ar fáil sna pleananna réitigh agus lena n-áirítear faisnéis atá le soláthar trí chigireachtaí ar an láithreán;

(b)

an chumhacht chun stiúir a ghlacadh ar ghnóthas faoi réiteach agus chun na cearta agus na cumhachtaí uile a thugtar do na scairshealbhóirí, úinéirí eile agus comhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta an ghnóthais faoi réiteach a fheidhmiú;

(c)

an chumhacht toirmeasc a chur ar ghnó árachais nó athárachais nua a fhrithghealladh agus gnóthas a chur faoi réiteach i nós imeachta um leachtú sócmhainneach ordúil agus a ghníomhaíochtaí a fhoirceannadh;

(d)

an chumhacht gnóthas idirlinne a údarú arna bhunú agus arna údarú gan Treoir 2009/138/CE a chomhlíonadh le linn na tréimhse giorra dá dtagraítear in Airteagal 33(1), an dara fomhír, den Treoir seo, chun gnó árachais nó athárachais nua a fhrithghealladh, nó chun gnó atá ann cheana a athnuachan;

(e)

an chumhacht chun scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile a d’eisigh gnóthas faoi réiteach a aistriú;

(f)

an chumhacht chun cearta, sócmhainní nó dliteanais gnóthais faoi réiteach a aistriú chuig eintiteas eile, le toiliú an eintitis sin;

(g)

an chumhacht chun éilimh árachais a athstruchtúrú nó príomhshuim nó méid gan íoc atá dlite i ndáil le hionstraimí fiachais agus le dliteanais incháilithe, lena n-áirítear éilimh árachais, gnóthais faoi réiteach a laghdú, lena n-áirítear an phríomhshuim nó an méid sin a laghdú go nialas;

(h)

an chumhacht chun ionstraimí fiachais agus dliteanais incháilithe, lena n-áirítear éilimh árachais, gnóthais faoi réiteach a chomhshó mar ghnáthscaireanna nó mar ionstraimí úinéireachta eile eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), de mháthairghnóthas ábhartha nó de ghnóthas idirlinne ar chucu a aistrítear sócmhainní, cearta nó dliteanais an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e);

(i)

an chumhacht chun ionstraimí fiachais a d’eisigh gnóthas faoi réiteach a chealú, cé is moite de dhliteanais urraithe faoi réir Airteagal 35(5);

(j)

an chumhacht chun laghdú a dhéanamh, lena n-áirítear laghdú go nialas, ar mhéid ainmniúil scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile de chuid gnóthas faoi réiteach agus na scaireanna sin nó ionstraimí úinéireachta eile a chealú;

(k)

an chumhacht chun a cheangal ar ghnóthas faoi réiteach nó ar mháthairghnóthas ábhartha scaireanna nua nó ionstraimí úinéireachta eile nó ionstraimí caipitil eile a eisiúint, lena n-áirítear scaireanna tosaíochta agus ionstraimí in-chomhshóite teagmhasacha;

(l)

an chumhacht chun aibíocht na n-ionstraimí fiachais agus na ndliteanas incháilithe eile a d’eisigh gnóthas faoi réiteach a leasú nó a athrú nó chun an méid úis atá iníoctha faoi na hionstraimí sin agus dliteanais incháilithe eile a leasú, nó an dáta a thagann an t-ús chun bheith iníoctha a leasú, lena n-áirítear tríd an íocaíocht a chur ar fionraí ar feadh tréimhse shealadach;

(m)

an chumhacht chun conarthaí airgeadais nó díorthaigh a dhúnadh agus a fhoirceannadh;

(n)

an chumhacht chun comhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta agus bainistíocht shinsearach gnóthais faoi réiteach a bhaint nó a ionadú;

(o)

an chumhacht chun a cheangal ar an údarás maoirseachta ceannaitheoir sealúchais cháilithigh a mheasúnú go tráthúil de mhaolú ar na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 58 de Threoir 2009/138/CE;

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na bearta arna ndéanamh ag an údarás maoirseachta a fhoirceannadh, sa chás go gcuirfí bac ar uirlisí réitigh a úsáid dá leanfaí leo.

3.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun a áirithiú, le linn na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm agus cumhachtaí réitigh a fheidhmiú, nach mbeidh na húdaráis réitigh faoi réir aon cheann de na ceanglais seo a leanas a mbeadh feidhm acu ar shlí eile de bhua an dlí náisiúnta nó conartha nó ar shlí eile:

(a)

faoi réir Airteagal 3(8) agus Airteagal 67(1), ceanglais maidir le formheas nó toiliú a fháil ó aon duine poiblí nó príobháideach, lena n-áirítear na scairshealbhóirí, na creidiúnaithe nó sealbhóirí polasaí an ghnóthais faoi réiteach;

(b)

roimh fheidhmiú na cumhachta, ceanglais nós imeachta maidir le fógra a thabhairt d’aon duine, lena n-áirítear aon cheanglas maidir le haon fhógra nó réamheolaire a fhoilsiú nó maidir le haon doiciméad a chomhdú nó a chlárú le haon údarás eile.

Tá pointe (b) den chéad fhomhír gan dochar do na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 63 agus 65 agus d’aon cheanglas fógra faoi chreat Státchabhrach an Aontais.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit, a mhéid nach bhfuil aon cheann de na cumhachtaí a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo infheidhme maidir le heintiteas faoi raon feidhme Airteagal 1(1) de thoradh a fhoirme dlí sonraí maidir le gnóthas frithpháirteach nó comharchumann, go mbeidh cumhachtaí ag na húdaráis réitigh atá chomh cosúil agus is féidir leo sin a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo, lena n-áirítear i dtéarmaí a n-éifeachtaí.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit, le linn do na húdaráis réitigh na cumhachtaí a leagtar síos i mír 4 a fheidhmiú, go bhfuil na coimircí dá bhforáiltear i gCaibidil V den Treoir seo, nó coimircí a bhfuil an éifeacht chéanna leo, á gcur i bhfeidhm maidir leis na daoine dá ndéantar difear, lena n-áirítear scairshealbhóirí, creidiúnaithe, sealbhóirí polasaí agus contrapháirtithe.

Airteagal 43

Cumhachtaí coimhdeacha

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chumhacht ag na húdaráis réitigh, agus cumhacht réitigh á feidhmiú acu, gach ceann díobh seo a leanas a dhéanamh:

(a)

faoi réir Airteagal 60, foráil a dhéanamh maidir le haistriú a dhéanamh saor ó aon dliteanas nó eire lena ndéantar difear do na hionstraimí airgeadais, do na cearta, do na sócmhainní nó do na dliteanais arna n-aistriú;

(b)

cearta a bhaint chun scaireanna breise nó ionstraimí úinéireachta eile a fháil;

(c)

a cheangal ar an údarás lena mbaineann an ligean isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte nó liostú oifigiúil ionstraimí airgeadais a scor nó a chur ar fionraí de bhun Threoir 2001/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22);

(d)

foráil a dhéanamh maidir leis an bhfaighteoir a láimhseáil amhail agus dá mba é an gnóthas faoi réiteach é chun críocha aon chirt nó oibleagáide de chuid an ghnóthais faoi réiteach, nó aon ghníomhaíochta arna déanamh aige, lena n-áirítear, faoi réir fheidhmiú na huirlise díolta gnó agus na huirlise gnóthais idirlinne dá dtagraítear in Airteagail 31 agus 32, chun críocha aon chirt nó oibleagáide a bhaineann le rannpháirtíocht i mbonneagar margaidh;

(e)

a cheangal ar an ngnóthas faoi réiteach nó ar an bhfaighteoir faisnéis agus cúnamh a sholáthar dá chéile;

(f)

téarmaí conartha ar páirtí ann an gnóthas faoi réiteach a chealú nó a mhodhnú nó faighteoir a chur ina ionad mar pháirtí;

(g)

aon cheart athárachais lena gcumhdaítear éilimh árachais nó athárachais aistrithe a aistriú gan toiliú an ghnóthais athárachais i gcás ina n-aistríonn an t-údarás réitigh sócmhainní agus dliteanais a bhaineann le cearta athárachais sin an ghnóthais faoi réiteach go hiomlán nó go páirteach chuig eintiteas eile.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), aon cheart cúitimh a sholáthraítear i gcomhréir leis an Treoir seo, ní mheasfar gur dliteanas ná eire é.

2.   Feidhmeoidh na húdaráis réitigh na cumhachtaí a shonraítear i mír 1 i gcás ina measann siad go mbeidh an feidhmiú sin iomchuí chun a áirithiú go mbeidh gníomhaíocht réitigh éifeachtach nó chun cuspóir réitigh amháin nó níos mó a bhaint amach.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit maidir le húdaráis réitigh a fheidhmíonn cumhacht réitigh go mbeidh an chumhacht acu foráil a dhéanamh maidir leis na socruithe leanúnachais is gá chun a áirithiú go mbeidh an ghníomhaíocht réitigh éifeachtach agus, i gcás inarb ábhartha, chun a áirithiú go bhféadfaidh an faighteoir an gnó arna aistriú a oibriú. Áireofar leis na socruithe leanúnachais sin, go háirithe:

(a)

leanúnachas na gconarthaí arna ndéanamh ag an ngnóthas faoi réiteach, ionas go ngabhfaidh an faighteoir cearta agus dliteanais an ghnóthais faoi réiteach air féin, ar cearta agus dliteanais iad a bhaineann le haon ionstraim airgeadais, ceart, sócmhainn nó dliteanas arna haistriú nó arna aistriú agus go gcuirfear in ionad an ghnóthais faoi réiteach é, go sainráite nó go hintuigthe sna doiciméid chonarthacha ábhartha uile;

(b)

an faighteoir a chur in ionad an ghnóthais faoi réiteach in aon imeacht dlí a bhaineann le haon ionstraim airgeadais, ceart, sócmhainn nó dliteanas arna haistriú nó arna aistriú.

4.   Ní dhéanfaidh na cumhachtaí dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (d), agus i mír 3, pointe (b), difear don méid seo a leanas:

(a)

ceart fostaí de chuid an ghnóthais faoi réiteach conradh fostaíochta a fhoirceannadh;

(b)

faoi réir Airteagal 49, 50 agus 51, aon cheart de chuid páirtí i gconradh cearta a fheidhmiú faoin gconradh, lena n-áirítear an ceart foirceanta, i gcás ina bhfuiltear i dteideal déanamh amhlaidh i gcomhréir le téarmaí an chonartha de bhua gníomh nó neamhghníomh arna dhéanamh ag an ngnóthas faoi réiteach roimh an aistriú ábhartha, nó ag an bhfaighteoir tar éis thabhairt i gcrích an aistrithe lena mbaineann.

Airteagal 44

Bainistíocht speisialta

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na húdaráis réitigh bainisteoir speisialta a cheapadh in ionad chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta an ghnóthais faoi réiteach. Áiritheoidh na Ballstáit chomh maith go bhfuil na cáilíochtaí, an cumas agus an t-eolas ag an mbainisteoir speisialta chun a chuid nó a cuid feidhmeanna a chomhlíonadh. Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go bhféadfaidh údarás réitigh roinnt bainisteoirí speisialta a cheapadh.

2.   Beidh cumhachtaí uile scairshealbhóirí agus chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta an ghnóthais faoi réiteach ag an mbainisteoir speisialta. Déanfaidh an bainisteoir speisialta na cumhachtaí sin a fheidhmiú faoi rialú an údaráis réitigh. Féadfaidh an t-údarás réitigh teorainn a chur le gníomhaíochtaí an bhainisteora speisialta nó toiliú a éileamh roimh ré do ghníomhartha áirithe.

Maidir leis an gceapachán dá dtagraítear i mír 1 agus na téarmaí agus coinníollacha a ghabhann leis an gceapachán sin, déanfaidh an t-údarás réitigh iad a phoibliú.

3.   Beidh dualgas reachtúil ar an mbainisteoir speisialta gach beart is gá a dhéanamh chun na cuspóirí réitigh a chur chun cinn agus beidh dualgas air gníomhaíochtaí réitigh a rinne an t-údarás réitigh a chur chun feidhme. I gcás neamhréireachta nó coinbhleachta le haon dualgas bainistíochta eile atá leagtha síos i reachtanna an ghnóthais nó sa dlí náisiúnta, beidh sáraíocht ag an dualgas reachtúil sin ar an dualgas eile sin.

4.   Ceanglóidh na Ballstáit go ndéanfaidh an bainisteoir speisialta tuarascálacha a tharraingt suas le haghaidh an údaráis réitigh a cheap é ní í ar eatraimh thráthrialta arna leagan amach ag an údarás réitigh agus ag tús agus deireadh théarma a shainordaithe nó a sainordaithe. Beidh tuairisc mhionsonraithe sna tuarascálacha sin ar riocht airgeadais an ghnóthais faoi réiteach agus sonrófar na cúiseanna a bheidh leis na bearta a dhéanfar.

5.   Ní cheapfar an bainisteoir speisialta ar feadh tréimhse níos faide ná bliain amháin. Féadfar an tréimhse sin a athnuachan má chinneann an t-údarás réitigh go bhfuil na coinníollacha chun bainisteoir speisialta a cheapadh fós á gcomhlíonadh.

6.   Féadfaidh an t-údarás réitigh an bainisteoir speisialta a chur as oifig am ar bith.

Airteagal 45

Cumhachtaí a bhaineann le soláthar seirbhísí oibríochtúla agus saoráidí

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chumhacht ag na húdaráis réitigh a cheangal ar ghnóthas faoi réiteach, nó ar aon cheann dá ghrúpeintitis, aon seirbhís oibríochtúil nó saoráid is gá a sholáthar le go mbeidh faighteoir in ann an gnó a aistrítear chuige a oibriú go héifeachtach, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil an gnóthas faoi réiteach nó grúpeintiteas ábhartha tar éis dul i mbun gnáthimeachtaí dócmhainneachta.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cumhachtaí is gá ag údaráis réitigh chun a áirithiú gur féidir le soláthraí seirbhísí fíor-riachtanacha leanúint de na hearraí agus na seirbhísí a sholáthraítear, go díreach nó go hindíreach, do ghnóthas faoi réiteach a sholáthar tar éis gníomhaíocht réitigh a dhéanamh sna cásanna seo a leanas:

(a)

tá sócmhainní an tsoláthraí seirbhísí fíor-riachtanacha níos lú ná dliteanais an tsoláthraí, nó tá gnéithe oibiachtúla ann chun bonn a chur faoin gcinneadh gurb amhlaidh a bheidh sé go luath amach anseo; nó

(b)

níl an soláthraí seirbhísí fíor-riachtanacha in ann a fhiacha nó a dhliteanais eile a íoc de réir mar a bheidh siad dlite, nó tá gnéithe oibiachtúla ann chun tacú le cinneadh go mbeidh an soláthraí seirbhísí fíor-riachtanach, go luath amach anseo, sa staid sin.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chumhacht ag a n-údaráis réitigh chun oibleagáidí a fhorfheidhmiú, ar oibleagáidí iad arna bhforchur, de bhun mhír 1, ar ghrúpeintitis arna mbunú ina gcríoch ag údaráis réitigh arna mbunú i mBallstáit eile.

4.   Is ar na téarmaí seo a leanas a bheidh na seirbhísí oibríochtúla agus na saoráidí arna soláthar i gcomhréir le míreanna 1 agus 3:

(a)

i gcás ina ndéantar na seirbhísí oibríochtúla agus na saoráidí a sholáthar don ghnóthas faoi réiteach faoi chomhaontú go díreach sula ndéantar an ghníomhaíocht réitigh agus ar feadh ré an chomhaontaithe sin, ar na téarmaí céanna;

(b)

i gcás nach ann d’aon chomhaontú nó i gcás ina n-éagtar an comhaontú, ar théarmaí réasúnacha.

Airteagal 46

Cumhacht a bheith ag Ballstáit eile chun bearta bainistíochta géarchéime a fhorfheidhmiú

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina ndéantar sócmhainní a áireamh le haistriú scaireanna, ionstraimí úinéireachta eile, nó sócmhainní, ceart nó dliteanas, ar sócmhainní iad atá lonnaithe i mBallstát cé is moite de Bhallstát an údaráis réitigh nó i gcás ina n-áirítear cearta nó dliteanais faoi dhlí Ballstáit cé is moite de Stát an údaráis réitigh, go mbeidh éifeacht leis an aistriú i ndlí an Bhallstáit eile sin nó faoina dhlí.

2.   Soláthróidh na Ballstáit an cúnamh réasúnach uile don údarás réitigh a mbeidh an t-aistriú déanta aige nó a bhfuil sé beartaithe aige é a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar na scaireanna nó na hionstraimí úinéireachta eile nó na sócmhainní, na cearta nó na dliteanais a aistriú chuig an bhfaighteoir i gcomhréir le haon cheanglas is infheidhme den dlí náisiúnta.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit maidir le scairshealbhóirí, le creidiúnaithe agus le tríú páirtithe dá ndéantar difear le haistriú scaireanna, ionstraimí úinéireachta eile, sócmhainní, ceart nó dliteanas dá dtagraítear i mír 1, nach mbeidh siad i dteideal an t-aistriú a chosc, agóid a dhéanamh ina choinne nó é a chur i leataobh faoi aon fhoráil de dhlí an Bhallstáit ina bhfuil na sócmhainní lonnaithe nó den dlí lena rialáiltear na scaireanna, na hionstraimí úinéireachta eile, na cearta nó na dliteanais.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go laghdófar príomhshuim na n-ionstraimí caipitil, na n-ionstraimí fiachais nó na ndliteanas incháilithe eile, nó go ndéanfar dliteanais nó ionstraimí den sórt sin a chomhshó, i gcomhréir le feidhmiú cumhachtaí díluachála nó comhshó ag údarás réitigh de chuid Ballstáit eile ar ghnóthas faoi réiteach, más rud é, maidir leis na dliteanais nó na hionstraimí ábhartha:

(a)

go rialáiltear iad le dlí an Bhallstáit seachas Ballstát an údaráis réitigh a d’fheidhmigh na cumhachtaí díluachála nó comhshó;

(b)

go bhfuil siad dlite do chreidiúnaithe atá lonnaithe sa Bhallstát seachas Ballstát an údaráis réitigh a d’fheidhmigh na cumhachtaí díluachála nó comhshó.

5.   Na scairshealbhóirí agus na creidiúnaithe a ndéanann feidhmiú na gcumhachtaí díluachála nó comhshó dá dtagraítear i mír 4 difear dóibh, áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh siad i dteideal agóid a dhéanamh i gcoinne an laghdaithe ar phríomhshuim na hionstraime nó an dliteanais nó i gcoinne an chomhshó, de réir mar a bheidh, faoi aon fhoráil de dhlí an Bhallstáit cé is moite de Bhallstát an údaráis réitigh a d’fheidhmigh na cumhachtaí díluachála nó comhshó.

6.   Áiritheoidh gach Ballstát go gcinnfear an méid seo a leanas uile i gcomhréir le dlí Bhallstát an údaráis réitigh:

(a)

ceart scairshealbhóirí, creidiúnaithe agus tríú páirtithe agóid a dhéanamh, trí bhíthin achomharc faoi mar a leagtar síos in Airteagal 67, i gcoinne aistriú scaireanna, ionstraimí úinéireachta eile, sócmhainní, ceart nó dliteanas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo;

(b)

ceart creidiúnaithe agóid a dhéanamh, trí bhíthin achomharc faoi mar a leagtar síos in Airteagal 67, i gcoinne an laghdaithe ar phríomhshuim, nó i gcoinne comhshó, ionstraime nó dliteanais a chumhdaítear le mír 4, pointe (a) nó (b), den Airteagal seo;

(c)

na coimircí le haghaidh aistrithe páirteacha, dá dtagraítear i gCaibidil V, i ndáil leis na sócmhainní, na cearta nó na dliteanais dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 47

Cumhacht i leith sócmhainní, cearta, dliteanais, scaireanna agus ionstraimí úinéireachta eile atá lonnaithe i dtríú tíortha nó atá á rialú faoi dhlí na dtíortha sin

1.   Déanfaidh na Ballstáit foráil, i gcásanna ina mbaineann gníomhaíocht le gníomhaíocht réitigh, ar gníomhaíocht í arna déanamh i leith sócmhainní atá lonnaithe i dtríú tír nó scaireanna, ionstraimí úinéireachta eile, cearta nó dliteanais arna rialáil le dlí tríú tír, go bhféadfaidh na húdaráis réitigh an méid seo a leanas a cheangal:

(a)

an duine a chuireann smacht i bhfeidhm ar an ngnóthas faoi réiteach agus ar an bhfaighteoir, déanfaidh sé gach beart is gá chun a áirithiú go mbeidh éifeacht leis an ngníomhaíocht réitigh;

(b)

an duine a chuireann smacht i bhfeidhm ar an ngnóthas faoi réiteach, coinneoidh sé na scaireanna, na hionstraimí úinéireachta eile, na sócmhainní nó na cearta nó déanfaidh sé na dliteanais a urscaoileadh thar ceann an fhaighteora go dtí go dtagann an ghníomhaíocht réitigh chun bheith éifeachtach;

(c)

speansais réasúnacha an fhaighteora, arna dtabhú go cuí agus aon ghníomhaíocht a cheanglaítear faoi phointí (a) agus (b) á déanamh, déanfar iad a íoc in aon cheann de na bealaí dá dtagraítear in Airteagal 26(5).

2.   Chun gníomhaíocht fhéideartha de bhun mhír 1 den Airteagal seo a éascú, ceanglóidh na Ballstáit ar eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), téarmaí conarthacha a áireamh sna comhaontuithe gaolmhara faoina n-aithníonn scairshealbhóirí, creidiúnaithe nó páirtithe sa chomhaontú lena gcruthaítear an dliteanas go bhféadfadh an dliteanas a bheith faoi réir cumhachtaí díluachála nó comhshó agus a chomhaontú go mbeidh siad faoi cheangal ag aon laghdú ar an bpríomhshuim nó ar an méid gan íoc atá dlite, ag comhshó nó ag cealú a chuirfear i gcrích trí fheidhmiú na gcumhachtaí sin ag údarás réitigh.

Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na húdaráis réitigh a cheangal ar eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), tuairim dhlíthiúil réasúnaithe ó shaineolaí dlíthiúil neamhspleách a thabhairt do na húdaráis réitigh sin lena ndeimhnítear in-fhorfheidhmitheacht dhlíthiúil agus éifeachtacht na dtéarmaí conarthacha sin.

3.   I gcás ina measann an t-údarás réitigh, d’ainneoin na mbeart uile is gá arna ndéanamh ag an duine a chuireann smacht i bhfeidhm ar an ngnóthas faoi réiteach i gcomhréir le mír 1, pointe (a), gur caolseans go dtiocfaidh an ghníomhaíocht réitigh chun bheith éifeachtach i ndáil le sócmhainní áirithe atá lonnaithe i dtríú tír nó le scaireanna áirithe, ionstraimí úinéireachta eile, cearta nó dliteanais a rialaítear faoi dhlí tríú tír, ní rachaidh an t-údarás réitigh ar aghaidh leis an ngníomhaíocht réitigh. I gcás inar ordaigh an t-údarás réitigh an ghníomhaíocht réitigh cheana, beidh an t-ordú sin ar neamhní i ndáil leis na sócmhainní, leis na scaireanna, leis na hionstraimí úinéireachta, leis na cearta nó leis na dliteanais lena mbaineann.

Airteagal 48

Téarmaí conartha áirithe a eisiamh

1.   Beart coiscthe géarchéime nó beart bainistíochta géarchéime arna dhéanamh i ndáil le heintiteas, lena n-áirítear le tarlú aon teagmhas atá nasctha go díreach le cur i bhfeidhm birt mar sin, ní mheasfar, per se, faoi chonradh arna dhéanamh ag an eintiteas lena mbaineann, gur teagmhas forfheidhmiúcháin de réir bhrí Threoir 2002/47/CE é nó gur imeachtaí dócmhainneachta de réir bhrí Threoir 98/26/CE é, ar choinníoll go leanfar de na hoibleagáidí substainteacha faoin gconradh sin, lena n-áirítear oibleagáidí íocaíochta agus seachadta agus soláthar comhthaobhachta, a chomhlíonadh.

Ina theannta sin, ní mheasfar, per se, gur teagmhas forfheidhmiúcháin de réir bhrí Threoir 2002/47/CE nó imeachtaí dócmhainneachta de réir bhrí Threoir 98/26/CE é beart coiscthe géarchéime nó beart bainistíochta géarchéime faoi chonradh arna dhéanamh ag:

(a)

foghnóthas, i gcás ina ráthaíonn an máthairghnóthas nó grúpeintiteas ar bith na hoibleagáidí faoin gconradh sin nó ina dtacaíonn an máthairghnóthas nó grúpeintiteas ar bith leis na hoibleagáidí sin; nó

(b)

aon ghrúpeintiteas, i gcás ina bhfuil forálacha trasmhainneachtana sa chonradh.

2.   I gcás ina n-aithnítear imeachtaí réitigh tríú tír de bhun Airteagal 76, nó in éagmais an aitheantais sin i gcás ina gcinneann údarás réitigh amhlaidh, beart bainistíochta géarchéime a bheidh in imeachtaí réitigh tríú tír chun críocha an Airteagail seo.

3.   Ar choinníoll go leantar de na hoibleagáidí substainteacha faoin gconradh a chomhlíonadh, lena n-áirítear oibleagáidí íocaíochta agus seachadta, agus soláthar comhthaobhachta, le beart coiscthe géarchéime nó le beart bainistíochta géarchéime, lena n-áirítear le haon teagmhas atá nasctha go díreach le cur i bhfeidhm an bhirt sin, ní bheidh aon duine in ann, per se:

(a)

aon chearta foirceanta, fionraíochta, modhnaithe, glanluachála nó fritháirimh a fheidhmiú, lena n-áirítear i ndáil le conradh arna dhéanamh ag:

(i)

foghnóthas, i gcás ina ráthaíonn grúpeintiteas oibleagáidí faoin gconradh nó i gcás ina dtacaíonn sé leo ar shlí eile;

(ii)

aon ghrúpeintiteas, i gcás ina bhfuil forálacha trasmhainneachtana sa chonradh;

(b)

seilbh a fháil nó ceannas a fheidhmiú ar aon mhaoin, nó aon urrús a fhorfheidhmiú thar mhaoin, aon cheann de na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), lena mbaineann nó ar aon ghrúpeintiteas i ndáil le conradh ina bhfuil forálacha trasmhainneachtana;

(c)

difear a dhéanamh d’aon cheart conarthach de chuid aon cheann de na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), lena mbaineann nó d’aon ghrúpeintiteas i ndáil le conradh ina bhfuil forálacha trasmhainneachtana.

4.   Ní dhéanfaidh míreanna 1, 2 agus 3 difear do cheart duine gníomhaíocht dá dtagraítear i mír 3, pointe (a), (b) nó (c), a dhéanamh i gcás ina n-eascraíonn an ceart sin de bhua teagmhais seachas an beart coiscthe géarchéime, an beart bainistíochta géarchéime nó de bhua aon teagmhais atá nasctha go díreach le cur i bhfeidhm an bhirt sin.

5.   I gcás fionraíochta nó sriain faoi Airteagal 49 nó 50, ní neamhchomhlíontacht oibleagáide conarthaí a bheidh ann chun críocha mhíreanna 1 agus 3 den Airteagal seo agus Airteagal 51(1).

6.   Measfar gur forálacha sainordaitheacha sáraitheacha a bheidh sna forálacha san Airteagal seo de réir bhrí Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23).

Airteagal 49

Cumhacht oibleagáidí áirithe a chur ar fionraí

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chumhacht ag na húdaráis réitigh aon oibleagáid íocaíochta nó seachadta a chur ar fionraí, de bhun aon chonradh ar páirtí ann an gnóthas faoi réiteach, ón tráth a fhoilsítear fógra faoin bhfionraíocht i gcomhréir le hAirteagal 65(3) go meán oíche i mBallstát an údaráis réitigh de chuid an ghnóthais faoi réiteach i ndeireadh an lae gnó tar éis an fhoilseacháin sin.

2.   I gcás ina mbeadh oibleagáid íocaíochta nó seachadta dlite le linn na tréimhse fionraí dá dtagraítear i mír 1, beidh sí dlite go díreach ar dhul in éag thréimhse na fionraí.

3.   Maidir le hoibleagáidí íocaíochta nó seachadta faoi chonradh atá ar ghnóthas faoi réiteach, i gcás ina bhfionraítear iad i gcomhréir le mír 1, cuirfear oibleagáidí íocaíochta nó seachadta chontrapháirtithe an ghnóthais faoi réiteach atá faoin gconradh sin ar fionraí le haghaidh na tréimhse céanna.

4.   Ní bheidh feidhm ag aon fhionraíocht a dhéanfar faoi mhír 1 i leith oibleagáidí íocaíochta agus seachadta is dlite dóibh seo a leanas:

(a)

córais agus oibreoirí córas arna n-ainmniú i gcomhréir le Treoir 98/26/CE;

(b)

CCPanna arna n-údarú san Aontas de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus CCPanna tríú tír arna n-aithint ag ESMA de bhun Airteagal 25 den Rialachán sin;

5.   Agus cumhacht á feidhmiú faoin Airteagal seo, féachfaidh na húdaráis réitigh don tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag feidhmiú na cumhachta sin.

Déanfaidh na húdaráis réitigh raon na cumhachta sin a shocrú de réir imthosca gach aon cháis.

Airteagal 50

Cumhacht chun teorainn a chur le leasanna urrúis a fhorfheidhmiú

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chumhacht ag na húdaráis réitigh creidiúnaithe urraithe de chuid gnóthais faoi réiteach a shrianadh ó leasanna urrúis a fhorfheidhmiú i ndáil le haon sócmhainn de chuid an ghnóthais sin faoi réiteach ón tráth a fhoilseofar fógra maidir leis an srian i gcomhréir le hAirteagal 65(3) go meán oíche i mBallstát údarás réitigh an ghnóthais faoi réiteach i ndeireadh an lae gnó tar éis an fhoilseacháin sin.

2.   Ní bheidh feidhm ag aon srian faoi mhír 1 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

leas urrúis córas nó oibreoirí córas a ainmneofar chun críocha Threoir 98/26/CE;

(b)

CCPanna arna n-údarú san Aontas de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus CCPanna tríú tír arna n-aithint ag ESMA de bhun Airteagal 25 den Rialachán sin.

3.   I gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 62, áiritheoidh na húdaráis réitigh go mbeidh aon srian arna fhorchur de bhun na cumhachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo comhsheasmhach le haghaidh na ngrúpeintiteas uile a ndéantar gníomhaíocht réitigh i ndáil leo.

Airteagal 51

Cumhacht chun cearta chun foirceanta a chur ar fionraí go sealadach

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chumhacht ag na húdaráis réitigh cearta chun foirceanta aon pháirtí i gconradh le gnóthas faoi réiteach a chur ar fionraí ón tráth a fhoilseofar an fógra i gcomhréir le hAirteagal 65(3) go meán oíche i mBallstát údarás réitigh an ghnóthais faoi réiteach i ndeireadh an lae gnó tar éis an fhoilseacháin sin, ar choinníoll go leantar de na hoibleagáidí íocaíochta agus seachadta a chomhlíonadh agus de chomhthaobhacht a sholáthar.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chumhacht ag na húdaráis réitigh cearta chun foirceanta aon pháirtí i gconradh le foghnóthas de chuid gnóthais faoi réiteach a chur ar fionraí i gcás ina bhfuil feidhm ag aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

ráthóidh an gnóthas faoi réiteach na hoibleagáidí faoin gconradh sin nó tacóidh sé leo ar shlí eile;

(b)

ní bheidh na cearta chun foirceanta faoin gconradh sin bunaithe ach amháin ar dhócmhainneacht nó ar staid airgeadais an ghnóthais faoi réiteach;

(c)

i gcás aistriú cumhachta a feidhmíodh nó a fhéadfar a fheidhmiú i ndáil leis an ngnóthas faoi réiteach:

(i)

beidh sócmhainní agus dliteanais uile an fhoghnóthais a bhaineann leis an gconradh sin aistrithe chuig an bhfaighteoir nó féadfar iad a aistriú chuige agus beidh siad gafa ag an bhfaighteoir air féin nó féadfaidh sé iad a ghabháil air féin; nó

(ii)

soláthróidh an t-údarás réitigh cosaint leordhóthanach ar aon bhealach eile le haghaidh na n-oibleagáidí sin.

Beidh éifeacht le fionraíocht na gceart chun foirceanta ón tráth a fhoilseofar an fógra i gcomhréir le hAirteagal 65(3) go meán oíche sa Bhallstát ina bhfuil foghnóthas an ghnóthais faoi réiteach bunaithe an lá gnó tar éis an fhoilseacháin sin.

3.   Ní bheidh feidhm ag aon fhionraíocht faoi mhír 1 nó 2 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

córais agus oibreoirí córas arna n-ainmniú chun críocha Threoir 98/26/CE; nó

(b)

CCPanna arna n-údarú san Aontas de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus CCPanna tríú tír arna n-aithint ag ESMA de bhun Airteagal 25 den Rialachán sin.

4.   Féadfaidh duine ceart chun foirceanta a fheidhmiú faoi chonradh roimh dheireadh na tréimhse dá dtagraítear i mír 1 nó 2 i gcás ina bhfaigheann an duine sin fógra ón údarás réitigh ina ndeirtear an méid a leanas maidir leis na cearta agus leis na dliteanais arna gcumhdach leis an gconradh:

(a)

nach n-aistreofar iad chuig eintiteas eile; nó

(b)

nach mbeidh siad faoi réir díluachála nó comhshó i gcomhréir le hAirteagal 35(1), pointe (a).

5.   I gcás ina bhfeidhmíonn údarás réitigh an chumhacht a shonraítear i mír 1 nó 2 den Airteagal seo chun cearta chun foirceanta a chur ar fionraí, agus i gcás nach mbeidh aon fhógra tugtha de bhun mhír 4 den Airteagal seo, féadfar na cearta foirceanta sin a fheidhmiú ar dhul in éag na tréimhse fionraí, faoi réir Airteagal 48, mar a leanas:

(a)

i gcás ina mbeidh na cearta agus na dliteanais arna gcumhdach faoin gconradh aistrithe chuig eintiteas eile, ní fhéadfaidh contrapháirtí na cearta chun foirceanta sin a fheidhmiú i gcomhréir le téarmaí an chonartha sin ach amháin i gcás aon teagmhas forfheidhmiúcháin leanúnach nó iardain de chuid an fhaighteora;

(b)

i gcás ina bhfanann na cearta agus na dliteanais arna gcumhdach leis an gconradh leis an ngnóthas faoi réiteach agus mura mbeidh an uirlis díluachála nó chomhshó curtha i bhfeidhm ag an údarás réitigh ar an gconradh sin chun na críche a leagtar síos in Airteagal 35(1), pointe (a), féadfaidh contrapháirtí cearta chun foirceanta a fheidhmiú i gcomhréir le téarmaí an chonartha sin ar dhul in éag fionraíochta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 52

Aitheantas conarthach a thabhairt do chumhachtaí um bac réitigh

1.   Ceanglóidh na Ballstáit ar eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), téarmaí a áireamh in aon chonradh airgeadais a dhéanfaidh siad agus atá faoi rialú dlíthe tríú tír, ar téarmaí iad lena n-aithníonn na páirtithe go bhféadfadh an conradh airgeadais a bheith faoi réir fheidhmiú cumhachtaí an údaráis réitigh cearta agus oibleagáidí a chur ar fionraí nó a shrianadh de réir Airteagail 49, 50 agus 51 agus go bhfuil siad faoi cheangal cheanglais Airteagal 48.

2.   Féadfaidh na Ballstáit a cheangal chomh maith go n-áiritheoidh máthairghnóthais deiridh go ndéanfaidh a bhfoghnóthais tríú tír ar eintitis iad dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), téarmaí a áireamh ina gcuid conarthaí airgeadais dá dtagraítear i mír 1, ar téarmaí iad lena n-eisiafar gur foras bailí le haghaidh luathfhoirceanta, fionraíochta, modhnaithe, glanluachála, feidhmiú cearta fritháirimh, nó forfheidhmiú leasanna urrúis i ndáil leis na conarthaí sin, feidhmiú chumhacht an údaráis réitigh cearta agus oibleagáidí an mháthairghnóthais deiridh a chur ar fionraí nó a shrianadh, i gcomhréir le mír 1.

3.   Beidh feidhm ag mír 1 maidir le haon chonradh airgeadais:

(a)

ar conradh é lena gcruthaítear oibleagáid nua nó lena leasaítear go suntasach oibleagáid atá ann cheana tar éis theacht i bhfeidhm na bhforálacha arna nglacadh ar an leibhéal náisiúnta chun an tAirteagal seo a thrasuí;

(b)

ar conradh é lena bhforáiltear d’fheidhmiú ceart chun foirceanta amháin nó níos mó, nó d’fheidhmiú cearta chun leasanna urrúis a fhorfheidhmiú a mbeadh feidhm ag Airteagail 48, 49, 50 nó 51 ina leith dá mbeadh an conradh airgeadais á rialú ag dlíthe Ballstáit.

4.   I gcás nach n-áiríonn eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), ina chonarthaí airgeadais na téarmaí conarthacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ní chuirfidh sin cosc leis an údarás réitigh na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagail 48, 49, 50 nó 51 a chur i bhfeidhm maidir leis na conarthaí airgeadais sin.

5.   Forbróidh EIOPA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun inneachar na dtéarmaí conarthacha dá dtagraítear i mír 1 a shonrú, agus samhlacha gnó difriúla na n-eintiteas dá dtagraítear inti á gcur san áireamh.

Cuirfidh EIOPA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Iúil 2027.

Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

Airteagal 53

Cumhacht chun cearta fuascailte a chur ar fionraí go sealadach

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chumhacht ag údaráis réitigh cearta fuascailte sealbhóirí polasaí a shrianadh nó a chur ar fionraí go sealadach i ndáil le conarthaí árachais saoil a scríobh an gnóthas faoi réiteach, ar choinníoll go leanfar de na hoibleagáidí substainteacha faoi na conarthaí, agus go háirithe oibleagáidí íocaíochta chun leasa sealbhóirí polasaí, tairbhithe nó daoine díobhálaithe, a fheidhmiú.

2.   Ní bhainfear úsáid as an gcumhacht dá dtagraítear i mír 1 ach amháin cibé fad is gá chun cur i bhfeidhm uirlis réitigh amháin nó níos mó a éascú. Beidh an chumhacht sin bailí ar feadh na tréimhse a shonrófar san fhógra fionraí a fhoilseofar i gcomhréir le hAirteagal 65(3).

Airteagal 54

Feidhmiú na gcumhachtaí réitigh

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na húdaráis réitigh in ann ceannas a fheidhmiú ar an ngnóthas faoi réiteach chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

gníomhaíochtaí agus seirbhísí an ghnóthais faoi réiteach a oibriú agus a sheoladh le cumhachtaí uile a chuid scairshealbhóirí agus an chomhlachta riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta;

(b)

sócmhainní agus maoin an ghnóthais faoi réiteach a bhainistiú agus a dhiúscairt.

Féadfaidh an t-údarás réitigh an ceannas dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fheidhmiú go díreach nó féadfaidh duine nó daoine arna gceapadh ag an údarás réitigh déanamh amhlaidh go hindíreach. Áiritheoidh na Ballstáit maidir le cearta vótála arna dtabhairt le scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile de chuid an ghnóthais faoi réiteach nach bhféadfar iad a fheidhmiú le linn na tréimhse réitigh.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit maidir leis na húdaráis réitigh, faoi réir an chirt chun achomhairc dá dtagraítear in Airteagal 67, go mbeidh siad in ann gníomhaíocht réitigh a dhéanamh trí ord feidhmiúcháin i gcomhréir le hinniúlachtaí agus nósanna imeachta riaracháin náisiúnta, gan smacht a chur i bhfeidhm ar an ngnóthas atá faoi réiteach.

3.   Cinnfidh na húdaráis réitigh i ngach cás ar leith an iomchuí an ghníomhaíocht réitigh a dhéanamh trí na modhanna a shonraítear i mír 1 nó i mír 2 nó nach iomchuí, agus aird á tabhairt ar na cuspóirí réitigh agus ar na prionsabail ghinearálta lena rialáiltear an réiteach a leagtar síos in Airteagal 22, ar imthosca sonracha an ghnóthais faoi réiteach atá i gceist agus ar an ngá atá le réiteach éifeachtach grúpaí trasteorann a éascú.

4.   Ní mheasfar gur scáthstiúrthóirí ná stiúrthóirí de facto faoin dlí náisiúnta iad na húdaráis réitigh.

CAIBIDIL V

Coimircí

Airteagal 55

Láimhseáil scairshealbhóirí, sealbhóirí polasaí, tairbhithe, éilitheoirí, agus creidiúnaithe eile i gcás aistrithe páirteacha agus chur i bhfeidhm na huirlise díluachála nó comhshó

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás inar cuireadh uirlis réitigh amháin nó níos mó i bhfeidhm, seachas i gcás a bhfuil tuairisc air i mír 2 den Airteagal seo, agus i gcás nach n-aistríonn na húdaráis réitigh ach codanna de chearta, de shócmhainní agus de dhliteanais an ghnóthais faoi réiteach, gurb éard a gheobhaidh na scairshealbhóirí, na sealbhóirí polasaí, na tairbhithe, na héilitheoirí agus na creidiúnaithe eile, nár aistríodh a n-éilimh, mar shásamh ar a n-éilimh an méid céanna ar a laghad a gheobhaidís dá ndéanfaí an gnóthas faoi réiteach a fhoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta an tráth a rinneadh an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 64.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás inar cuireadh uirlis réitigh amháin nó níos mó i bhfeidhm agus i gcás ina gcuireann na húdaráis réitigh an uirlis díluachála nó chomhshó i bhfeidhm, maidir leis na scairshealbhóirí, na sealbhóirí polasaí, na tairbhithe, na héilitheoirí agus na creidiúnaithe eile a ndearnadh a n-éilimh a dhíluacháil nó a chomhshó ina gcothromas, nach dtabhóidh siad caillteanais is mó ná na caillteanais a thabhóidís dá ndéanfaí an gnóthas faoi réiteach a fhoirceannadh láithreach faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta an tráth a rinneadh an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 64.

Airteagal 56

Luacháil ar dhifríocht sa láimhseáil

1.   Chun a mheasúnú an ndéanfaí scairshealbhóirí, sealbhóirí polasaí, tairbhithe, éilitheoirí agus creidiúnaithe eile, a láimhseáil ar bhealach níos fearr dá rachadh an gnóthas faoi réiteach faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh duine neamhspleách luacháil a luaithe is féidir tar éis an ghníomhaíocht réitigh nó na gníomhaíochtaí réitigh a dhéanamh. Beidh an luacháil sin éagsúil leis an luacháil arna déanamh faoi Airteagal 23.

2.   Leis an luacháil dá dtagraítear i mír 1, cinnfear:

(a)

an chaoi a láimhseálfaí scairshealbhóirí, sealbhóirí polasaí, tairbhithe, éilitheoirí, creidiúnaithe eile nó na scéimeanna ráthaíochta árachais ábhartha dá rachadh an gnóthas faoi réiteach, ar ina leith a rinneadh an ghníomhaíocht réitigh nó na gníomhaíochtaí réitigh, i mbun gnáthimeachtaí dócmhainneachta an tráth a rinneadh an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 64;

(b)

láimhseáil iarbhír scairshealbhóirí, sealbhóirí polasaí, tairbhithe, éilitheoirí agus creidiúnaithe eile agus an gnóthas faoi réiteach á réiteach;

(c)

an bhfuil nó nach bhfuil aon difríocht ann idir an láimhseáil dá dtagraítear i bpointe (a) agus an láimhseáil dá dtagraítear i bpointe (b).

3.   Leis an luacháil:

(a)

glacfar leis go rachadh an gnóthas faoi réiteach, ar ina leith a dhéanfaí an ghníomhaíocht réitigh nó na gníomhaíochtaí réitigh, i mbun gnáthimeachtaí dócmhainneachta an tráth a rinneadh an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 64;

(b)

glacfar leis nach mbeidh éifeacht tugtha don ghníomhaíocht réitigh ná do na gníomhaíochtaí réitigh;

(c)

cuirfear san áireamh meastachán atá réasúnta ó thaobh na tráchtála de ar chostais athsholáthair, lena n-áirítear táillí bróicéireachta agus scoir, na bpolasaithe a ceannaíodh cheana le haghaidh cohóirt iomchuí sealbhóirí polasaí an tráth a rinneadh an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 64;

(d)

tabharfar neamhaird ar aon soláthar i leith tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách don ghnóthas faoi réiteach.

4.   Ceapfaidh EIOPA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an mhodheolaíocht lena ndéantar an luacháil dá dtagraítear san Airteagal seo a shonrú, go háirithe an mhodheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a láimhseálfaí scairshealbhóirí, sealbhóirí polasaí, tairbhithe, éilitheoirí agus creidiúnaithe eile dá rachadh an gnóthas faoi réiteach i mbun imeachtaí dócmhainneachta an tráth a rinneadh an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 64, mar aon leis an modheolaíocht chun meastachán a dhéanamh ar na costais athsholáthair.

Cuirfidh EIOPA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Iúil 2027.

Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

Airteagal 57

Coimirce le haghaidh scairshealbhóirí, sealbhóirí polasaí, tairbhithe, éilitheoirí nó creidiúnaithe eile

Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina gcinnfear leis an luacháil arna déanamh faoi Airteagal 56 gur mó na caillteanais a thabhaigh aon scairshealbhóir, sealbhóir polasaí, tairbhí, éilitheoir nó creidiúnaí eile dá dtagraítear in Airteagal 55, nó, i gcás inarb ábhartha, sa scéim ráthaíochta árachais i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, ná na caillteanais a thabhódh sé i gcás foirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, go mbeidh sé i dteideal íocaíocht na difríochta.

Airteagal 58

Coimirce le haghaidh contrapháirtithe in aistrithe páirteacha

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na socruithe seo a leanas agus na contrapháirtithe sna socruithe seo a leanas a chosaint go hiomchuí:

(a)

socruithe slándála, faoina bhfuil leas iarbhír nó teagmhasach ag duine, trí bhíthin urrúis, sna sócmhainní nó sna cearta atá faoi réir aistriú, gan beann ar pé acu a urraítear an leas sin le sócmhainní sonracha nó le cearta sonracha nó trí bhíthin muirear comhlúthach nó socrú comhchosúil;

(b)

socruithe comhthaobhachta airgeadais aistrithe teidil faoina soláthraítear comhthaobhacht chun feidhmiú oibleagáidí sonraithe a urrú nó a chumhdach trí aistriú úinéireachta iomláine sócmhainní ó sholáthraí na comhthaobhachta chuig an nglacadóir comhthaobhachta, ar théarmaí lena ndéantar foráil maidir le haistriú sócmhainní arna dhéanamh ag an nglacadóir comhthaobhachta i gcás ina gcomhlíontar na hoibleagáidí sonraithe sin;

(c)

socruithe fritháirimh faoina bhféadfar dhá éileamh nó níos mó nó dhá oibleagáid nó níos mó is dlite idir an gnóthas faoi réiteach agus contrapháirtí a fhritháireamh in aghaidh a chéile;

(d)

socruithe glanluachála;

(e)

polasaithe aonadnasctha nó punanna imfhálaithe eile;

(f)

comhaontuithe athárachais;

(g)

socruithe airgeadais struchtúrtha, lena n-áirítear urrúsuithe agus ionstraimí arna n-úsáid chun críoch fálaithe atá mar chuid lárnach den chomhthiomsú cumhdaigh agus a urraítear de réir an dlí náisiúnta agus lena mbaineann deonú agus sealbhú urrúis arna dhéanamh ag páirtí sa socrú nó ag iontaobhaí, ag gníomhaire nó ag ainmní.

An fhoirm chosanta is iomchuí le haghaidh aicmí na socruithe a shonraítear sa chéad fhomhír, pointí (a) go (g), roghnófar iad i gcomhréir le hAirteagail 59 go 62.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag na cosaintí a shonraítear i mír 1 sna himthosca seo a leanas:

(a)

aistríonn údarás réitigh roinnt de na sócmhainní, de na cearta nó de na dliteanais de chuid gnóthais faoi réiteach chuig eintiteas eile, ach ní aistríonn sé iad uile chuige, nó, i gcur i bhfeidhm uirlise réitigh, ó ghnóthas idirlinne nó ó ghléas bainistíochta sócmhainní agus dliteanas chuig duine eile;

(b)

feidhmeoidh údarás réitigh na cumhachtaí a shonraítear in Airteagal 43(1), pointe (f).

3.   Beidh feidhm ag an gceanglas faoi mhír 1 gan beann ar an líon páirtithe atá páirteach sna socruithe agus ar pé acu an amhlaidh, maidir leis na socruithe:

(a)

a chruthaítear le conradh, le hiontaobhais nó ar mhodhanna eile iad, nó a eascraíonn siad go huathoibríoch le hoibriú an dlí;

(b)

a eascraíonn siad faoi dhlí Ballstáit eile nó tríú tír nó a rialáiltear iad go hiomlán nó go páirteach le dlí Ballstáit eile nó tríú tír.

Airteagal 59

Cosaint le haghaidh socruithe comhthaobhachta airgeadais aistrithe teidil, socruithe fritháirimh, socruithe glanluachála, agus comhaontuithe athárachais

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cosaint iomchuí ann le haghaidh socruithe comhthaobhachta airgeadais aistrithe teidil, socruithe fritháirimh agus glanluachála, agus comhaontuithe athárachais chun cosc a chur le haistriú roinnt de na cearta agus de na dliteanais, seachas iad uile, ar cearta agus dliteanais iad a chosnaítear faoi shocrú comhthaobhachta airgeadais aistrithe teidil, faoi shocrú fritháirimh, faoi shocrú glanluachála nó faoi chomhaontú athárachais idir an gnóthas faoi réiteach agus duine eile mar aon le modhnú nó foirceannadh na gceart agus na ndliteanas a chosnaítear faoin socrú comhthaobhachta airgeadais aistrithe teidil sin, faoi shocrú fritháirimh nó faoi shocrú glanluachála nó faoi chomhaontú athárachais trí chumhachtaí coimhdeacha a úsáid.

Chun críocha na chéad fhomhíre, láimhseálfar cearta agus dliteanais mar chearta agus dliteanais faoi chosaint faoi shocrú comhthaobhachta airgeadais aistritheteidil, faoi shocrú fritháirimh, socrú glanluachála faoi chomhaontú athárachais ina bhfuil na páirtithe sa socrú nó sa chomhaontú i dteideal na cearta agus na dliteanais sin a fhritháireamh nó a ghlanluacháil.

2.   D’ainneoin mhír 1, i gcás inar gá chun cosaint níos fearr a thabhairt do shealbhóirí polasaí trína áirithiú go gcomhlíonfar i gcónaí, leis na polasaithe árachais a aistrítear, ceanglais dlí ábhartha i ndáil le híosleibhéil éigeantacha chumhdaigh faoin dlí náisiúnta is infheidhme, féadfaidh na húdaráis réitigh na punanna sin conarthaí atá mar chuid de shocruithe agus comhaontuithe dá dtagraítear i mír 1 a aistriú gan sócmhainní, cearta agus dliteanais eile atá mar chuid de na socruithe agus comhaontuithe céanna a aistriú, agus féadfaidh siad na sócmhainní, na cearta agus na dliteanais eile sin a aistriú, a mhodhnú nó a fhoirceannadh gan punanna conarthaí a aistriú.

Airteagal 60

Cosaint i gcomhair socruithe urrúis

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cosaint iomchuí ann i gcomhair dliteanais arna n-urrú faoi shocrú slándála chun ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas a chosc:

(a)

aistriú sócmhainní a bhfuil an dliteanas arna urrú ina gcoinne, mura ndéantar dliteanas agus sochar an urrúis a aistriú freisin;

(b)

aistriú dliteanais urraithe mura ndéantar sochar an urrúis a aistriú freisin;

(c)

aistriú shochar an urrúis mura ndéantar an dliteanas urraithe a aistriú freisin;

(d)

modhnú nó foirceannadh socrú urrúis trí úsáid cumhachtaí coimhdeacha, i gcás inarb é an éifeacht a bheidh leis an modhnú sin nó leis an bhfoirceannadh sin go scoirfeadh an dliteanas de bheith urraithe.

2.   D’ainneoin mhír 1, i gcás inar gá chun cosaint níos fearr a thabhairt do shealbhóirí polasaí trína áirithiú go gcomhlíonfar i gcónaí, leis na polasaithe árachais a aistrítear, ceanglais dlí ábhartha i ndáil le híosleibhéil éigeantacha chumhdaigh faoin dlí náisiúnta is infheidhme, féadfaidh údaráis réitigh na punanna sin conarthaí atá mar chuid de shocruithe a luaitear i mír 1 a aistriú gan sócmhainní, cearta agus dliteanais eile atá mar chuid de na socruithe céanna a aistriú, agus féadfaidh siad na sócmhainní, na cearta agus na dliteanais eile sin a aistriú, a mhodhnú nó a fhoirceannadh gan punanna conarthaí a aistriú.

Airteagal 61

Cosaint i gcomhair socruithe airgeadais struchtúrtha agus i gcomhair punanna imfhálaithe eile

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil cosaint iomchuí ann i gcomhair socruithe airgeadais struchtúrtha nó i gcomhair punanna imfhálaithe eile, lena n-áirítear socruithe dá dtagraítear in Airteagal 58(1), pointí (e) agus (g), chun ceachtar díobh seo a leanas a chosc:

(a)

aistriú roinnt de na sócmhainní, de na cearta agus de na dliteanais, ach gan iad uile a aistriú, a chomhdhéanann socrú airgeadais struchtúrtha, nó atá mar chuid de, nó punanna imfhálaithe eile, lena n-áirítear na socruithe dá dtagraítear in Airteagal 58(1), pointí (e) agus (g), ar páirtí ann an gnóthas faoi réiteach;

(b)

foirceannadh nó modhnú a dhéanamh trí chumhachtaí coimhdeacha a úsáid, ar shócmhainní, ar chearta agus ar dhliteanais a chomhdhéanann socrú airgeadais struchtúrtha, nó atá mar chuid de, nó punanna imfhálaithe eile, lena n-áirítear socruithe dá dtagraítear in Airteagal 58(1), pointí (e) agus (g), ar páirtí ann an gnóthas faoi réiteach.

2.   D’ainneoin mhír 1, i gcás inar gá sin chun na cuspóirí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 18 a bhaint amach ar bhealach níos fearr agus go háirithe chun cosaint níos fearr a áirithiú do shealbhóirí polasaí, féadfaidh na húdaráis réitigh sócmhainní, cearta nó dliteanais atá ina gcuid den socrú céanna a aistriú, a mhodhnú nó a fhoirceannadh.

Airteagal 62

Aistrithe páirteacha: córais um thrádáil, imréiteach agus socraíocht a chosaint

1.   Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh cur i bhfeidhm uirlise réitigh, difear d’oibriú na gcóras ná rialacha na gcóras a chumhdaítear le Treoir 98/26/CE, i gcás ina ndéanann an t-údarás réitigh ceachtar den dá rud seo a leanas:

(a)

aistríonn sé roinnt de na sócmhainní, de na cearta nó de na dliteanais de chuid gnóthais faoi réiteach chuig eintiteas eile, ach ní aistríonn sé iad uile chuige;

(b)

úsáideann sé na cumhachtaí coimhdeacha dá dtagraítear in Airteagal 43 chun téarmaí conartha ar páirtí ann an gnóthas faoi réiteach a chealú nó a leasú nó chun faighteoir a chur ina ionad mar pháirtí.

2.   Maidir le haistriú, cealú nó leasú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ní dhéanfar leo:

(a)

ordú aistrithe a chúlghairm de shárú ar Airteagal 5 de Threoir 98/26/CE;

(b)

in-fhorfheidhmitheacht orduithe aistrithe agus glanluachála a cheanglaítear le hAirteagail 3 agus 5 de Threoir 98/26/CE, úsáid cistí, urrús nó saoráidí creidmheasa a cheanglaítear le hAirteagal 4 den Treoir sin nó cosaint an urrúis chomhthaobhachta a cheanglaítear le hAirteagal 9 den Treoir sin a mhodhnú nó a chur ar neamhní.

CAIBIDIL VI

Oibleagáidí nós imeachta

Airteagal 63

Ceanglais maidir le fógra a thabhairt

1.   Ceanglóidh na Ballstáit ar chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), fógra a thabhairt don údarás maoirseachta i gcás ina measann na comhlachtaí sin go bhfuil ag cliseadh ar an eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), nó gur dócha go gclisfear air, de réir na brí a shonraítear in Airteagal 19(4).

2.   Cuirfidh na húdaráis mhaoirseachta na húdaráis réitigh lena mbaineann ar an eolas faoi na nithe seo a leanas:

(a)

aon fhógra a fhaightear faoi mhír 1 den Airteagal seo, faoi Airteagal 136, Airteagal 138(1) agus Airteagal 139(1) de Threoir 2009/138/CE;

(b)

aon ghníomhaíocht a cheanglaíonn an t-údarás maoirseachta ar an eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), a dhéanamh de bhun fheidhmiú na gcumhachtaí atá aige faoi Airteagal 15 nó 16 den Treoir seo, agus faoi Airteagal 136a, Airteagal 137, Airteagal 138(3) agus (5), Airteagal 139(3), agus Airteagail 140, 141 agus 144 de Threoir 2009/138/CE;

(c)

aon síneadh ar an tréimhse aisghabhála de bhun Airteagal 138(4) de Threoir 2009/138/CE.

Cuirfidh na húdaráis mhaoirseachta ar fáil do na húdaráis réitigh freisin cóip den phlean téarnaimh a chuir an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), den Treoir seo isteach, de bhun Airteagal 138(2) de Threoir 2009/138/CE, cóip den scéim airgeadais a chuir an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), den Treoir seo isteach, de bhun Airteagal 139(2) de Threoir 2009/138/CE agus tuairim na n-údarás maoirseachta maidir leis na doiciméid sin, de réir mar is infheidhme.

3.   Údarás maoirseachta nó údarás réitigh a chinneann go gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointí (a) agus (b), i ndáil le heintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), cuirfidh sé an cinneadh sin in iúl do na húdaráis seo a leanas gan mhoill, más éagsúil:

(a)

an t-údarás réitigh don eintiteas sin;

(b)

an t-údarás maoirseachta don eintiteas sin;

(c)

údarás maoirseachta aon Bhallstáit ina ndéanann an t-eintiteas sin gníomhaíochtaí suntasacha trasteorann;

(d)

údarás réitigh aon Bhallstáit ina ndéanann an t-eintiteas sin gníomhaíochtaí suntasacha trasteorann;

(e)

an scéim ráthaíochta árachais lena bhfuil an t-eintiteas sin cleamhnaithe, i gcás inarb infheidhme agus i gcás inar gá ionas go bhféadfar feidhmeanna na scéime ráthaíochta árachais a urscaoileadh;

(f)

i gcás inarb infheidhme, an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal;

(g)

an aireacht inniúil;

(h)

i gcás inarb infheidhme, an maoirseoir grúpa;

(i)

an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach agus an t-údarás náisiúnta macrastuamachta ainmnithe;

(j)

i gcás inar cuid d’ilchuideachta airgeadais é an t-eintiteas, an t-údarás réitigh ábhartha arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 3 de Threoir 2014/59/AE agus an t-údarás inniúil ábhartha de réir bhrí Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24) agus Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

Airteagal 64

Cinneadh an údaráis réitigh

1.   Tar éis dó teachtaireacht a fháil ón údarás maoirseachta de bhun Airteagal 63(3), nó ar a thionscnamh féin, cinnfidh an t-údarás réitigh cé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh coinníollacha Airteagal 19(1) nó Airteagal 20(3) maidir leis an eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), i gceist.

2.   Maidir le cinneadh gníomhaíocht réitigh a dhéanamh nó gan í a dhéanamh i ndáil le heintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), beidh na cúiseanna leis an gcinneadh sin sa chinneadh.

I gcás ina ndéanfar cinneadh gníomhaíocht réitigh a dhéanamh, beidh an fhaisnéis seo a leanas san áireamh sa chinneadh freisin: an ghníomhaíocht réitigh, agus, i gcás inarb iomchuí, an cinneadh iarratas a dhéanamh ar fhoirceannadh, riarthóir a cheapadh nó aon bheart eile faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta is infheidhme nó faoi bhearta réitigh eile, faoi réir Airteagal 26(7), faoin dlí náisiúnta.

Airteagal 65

Oibleagáidí nós imeachta na n-údarás réitigh

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, a luaithe is féidir le réasún tar éis gníomhaíocht réitigh a dhéanamh, go gcomhlíonfaidh na húdaráis réitigh na ceanglais a leagtar síos i míreanna 2 agus 3.

2.   Tabharfaidh na húdaráis réitigh fógra don ghnóthas faoi réiteach agus do na húdaráis seo a leanas, murab ionann iad, maidir leis an ngníomhaíocht réitigh dá dtagraítear i mír 1:

(a)

an t-údarás maoirseachta le haghaidh an ghnóthais faoi réiteach;

(b)

údarás maoirseachta aon bhrainse den ghnóthas faoi réiteach;

(c)

banc ceannais an Bhallstáit ina bhfuil an gnóthas faoi réiteach bunaithe;

(d)

i gcás inarb infheidhme, an scéim ráthaíochta árachais lena bhfuil an gnóthas faoi réiteach cleamhnaithe;

(e)

i gcás inarb infheidhme, an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal;

(f)

an aireacht inniúil;

(g)

i gcás inarb infheidhme, an t-údarás maoirseachta grúpa;

(h)

an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach agus an t-údarás náisiúnta macrastuamachta ainmnithe;

(i)

an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach, EIOPA, ESMA agus ÚBE;

(j)

i gcás inar institiúid mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (b), de Threoir 98/26/CE an gnóthas faoi réiteach, oibreoirí na gcóras ina bhfuil sí rannpháirteach.

(k)

i gcás inar cuid d’ilchuideachta airgeadais é an gnóthas faoi réiteach, an t-údarás réitigh ábhartha arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 3 de Threoir 2014/59/AE agus an t-údarás inniúil ábhartha de réir bhrí Threoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

3.   Foilseoidh an t-údarás réitigh cóip den ordú nó den ionstraim lena ndéantar an ghníomhaíocht réitigh, nó áiritheoidh sé go bhfoilseofar í, nó fógra lena ndéantar achoimre ar éifeachtaí na gníomhaíochta réitigh, lena n-áirítear na héifeachtaí ar shealbhóirí polasaí agus, i gcás inarb infheidhme, téarmaí agus tréimhse na fionraí nó an tsriain dá dtagraítear in Airteagail 49, 50 agus 51, trí na modhanna seo a leanas:

(a)

ar a shuíomh gréasáin oifigiúil;

(b)

ar shuíomh gréasáin an údaráis maoirseachta, murab ionann é agus suíomh gréasáin an údaráis réitigh, agus ar shuíomh gréasáin EIOPA;

(c)

ar shuíomh gréasáin an ghnóthais faoi réiteach;

(d)

i gcás ina ligtear na scaireanna, ionstraimí úinéireachta eile nó ionstraimí fiachais de chuid an ghnóthais faoi réiteach isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, na modhanna arna n-úsáid chun faisnéis rialáilte a nochtadh i dtaca leis an ngnóthas faoi réiteach i gcomhréir le hAirteagal 21(1) de Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25).

4.   I gcás nach ligtear na scaireanna, na hionstraimí úinéireachta nó na hionstraimí fiachais isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, áiritheoidh an t-údarás réitigh go ndéantar na doiciméid lena soláthraítear cruthúnas ar na hionstraimí dá dtagraítear i mír 3 a sheoladh chuig na scairshealbhóirí agus na creidiúnaithe de chuid an ghnóthais faoi réiteach a aithnítear trí chláir nó bunachair sonraí an ghnóthais faoi réiteach agus atá ar fáil don údarás réitigh.

Airteagal 66

Rúndacht

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ceanglais na rúndachta gairmiúla ina gceangal ar na daoine, na húdaráis agus na comhlachtaí seo a leanas agus nach nochtfaidh aon cheann díobh aon fhaisnéis rúnda:

(a)

údaráis réitigh;

(b)

údaráis mhaoirseachta agus EIOPA;

(c)

aireachtaí inniúla;

(d)

bainisteoirí speisialta arna gceapadh i gcomhréir le hAirteagal 44 den Treoir seo;

(e)

faighteoirí féideartha a ndearna na húdaráis mhaoirseachta teagmháil leo nó atá iarrtha ag na húdaráis réitigh, gan beann ar cé acu a rinneadh an teagmháil nó an tsirtheoireacht sin mar ullmhúchán leis an uirlis díolta gnó a úsáid nó nach ndearnadh, agus gan beann ar cé acu a bhí éadáil mar thoradh ar an tsirtheoireacht nó nach raibh;

(f)

iniúchóirí, cuntasóirí, comhairleoirí dlí agus gairmiúla, luachálaithe agus saineolaithe eile atá á bhfostú go díreach nó go hindíreach ag na húdaráis réitigh, ag na húdaráis mhaoirseachta, ag na haireachtaí inniúla nó ag na faighteoirí féideartha dá dtagraítear i bpointe (e);

(g)

comhlachtaí a riarann scéimeanna ráthaíochta árachais;

(h)

an comhlacht atá i gceannas ar na socruithe maoiniúcháin;

(i)

bainc cheannais agus údaráis eile atá rannpháirteach sa phróiseas réitigh;

(j)

gnóthas idirlinne nó gléas bainistíochta sócmhainní agus dliteanas;

(k)

aon duine eile a sholáthraíonn nó a sholáthair seirbhísí go díreach nó go hindíreach, go buan nó go hócáideach, do dhaoine dá dtagraítear i bpointí (a) go (j);

(l)

an bhainistíocht shinsearach, comhaltaí den chomhlacht riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta, agus fostaithe de chuid na gcomhlachtaí nó na n-eintiteas dá dtagraítear i bpointí (a) go (j), roimh an gceapachán, lena linn agus ina dhiaidh.

(m)

an t-údarás réitigh ábhartha arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 3 de Threoir 2014/59/AE agus an t-údarás inniúil de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

2.   Gan dochar do ghinearáltacht na gceanglas faoi mhír 1, áiritheoidh na Ballstáit go dtoirmiscfear na daoine dá dtagraítear i mír 1 faisnéis rúnda a fhaightear le linn a ngníomhaíochtaí gairmiúla a nochtadh nó faisnéis a nochtadh d’aon duine nó d’aon údarás ar faisnéis í a fhaightear ó údarás maoirseachta nó ó údarás réitigh i dtaca le feidhmeanna an údaráis sin, ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)

déantar an nochtadh i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna faoin Treoir seo;

(b)

déantar an nochtadh i bhfoirm achomair nó chomhchoiteann sa chaoi nach féidir na heintitis aonair dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), a shainaithint;

(c)

déantar an nochtadh le toiliú sainráite roimh ré ón údarás nó ón eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), a sholáthair an fhaisnéis.

Áiritheoidh na Ballstáit maidir leis na daoine dá dtagraítear i mír 1, go ndéanfaidh siad measúnú ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag nochtadh faisnéise ar leas an phobail i ndáil le beartas airgeadais, airgeadaíochta nó eacnamaíoch, ar leasanna tráchtála daoine nádúrtha agus dlítheanacha, ar chuspóirí cigireachtaí, ar imscrúduithe agus ar iniúchtaí.

An nós imeachta chun measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí dá dtagraítear sa dara fomhír, áireofar leis measúnú sonrach ar na héifeachtaí atá le haon nochtadh ábhar agus mionsonraí pleananna réamhghabhálacha téarnaimh agus pleananna réitigh dá dtagraítear in Airteagail 5, 7, 9, 10 agus 12 agus toradh aon mheasúnaithe arna dhéanamh faoi Airteagail 6, 8 agus 13.

Áiritheoidh na Ballstáit, maidir le haon duine nó eintiteas dá dtagraítear i mír 1, go mbeidh sé faoi réir dliteanas sibhialta i gcás sárú ar an Airteagal seo.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rialacha inmheánacha i bhfeidhm ag na daoine dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (b), (c), (g), (i) agus (j), chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais rúndachta a leagtar síos i míreanna 1 agus 2, lena n-áirítear rialacha chun rúndacht faisnéise a áirithiú idir daoine a bhfuil baint dhíreach acu leis an bpróiseas réitigh.

4.   Ní chuirfear le míreanna 1 go 3 den Airteagal seo cosc leo seo a leanas:

(a)

fostaithe agus saineolaithe na gcomhlachtaí nó na n-eintiteas dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) go (i), maidir le faisnéis a roinnt eatarthu féin laistigh de gach comhlacht nó eintiteas;

(b)

údaráis réitigh agus údaráis mhaoirseachta, lena n-áirítear a bhfostaithe agus a saineolaithe, maidir le faisnéis a roinnt lena chéile agus le húdaráis réitigh eile de chuid an Aontais, údaráis mhaoirseachta eile de chuid an Aontais, aireachtaí inniúla, bainc cheannais, scéimeanna ráthaíochta árachais, údaráis atá freagrach as gnáthimeachtaí dócmhainneachta, údaráis atá freagrach as cobhsaíocht an chórais airgeadais sna Ballstáit a chothabháil trí rialacha macrastuamachta a úsáid, daoine a gcuirtear de chúram orthu iniúchadh reachtúil a dhéanamh ar chuntais, EIOPA, nó, faoi réir Airteagal 80, údaráis tríú tír a chomhlíonann feidhmeanna atá coibhéiseach le feidhmeanna na n-údarás réitigh, nó, faoi réir ceanglais dhiana rúndachta, le faighteoir féideartha chun gníomhaíocht réitigh a phleanáil nó a chur i gcrích;

(c)

malartú faisnéise idir údaráis réitigh agus údaráis chánach sa Bhallstát céanna a mhéid a cheadaítear an malartú sin leis an dlí náisiúnta; i gcás ina dtionscnaíonn an fhaisnéis sin i mBallstát eile, ní dhéanfar í a mhalartú ach amháin le toiliú sainráite an údaráis as ar tháinig an fhaisnéis.

5.   Féadfaidh na Ballstáit malartú faisnéise le haon cheann díobh seo a leanas a údarú:

(a)

faoi réir diancheanglais rúndachta, aon duine eile i gcás inar gá chun pleanáil a dhéanamh nó gníomhaíocht réitigh a dhéanamh;

(b)

coistí fiosrúcháin parlaiminteacha ina mBallstát, cúirteanna iniúchóirí ina mBallstát agus eintitis eile atá i gceannas ar fhiosrúcháin ina mBallstát, faoi choinníollacha iomchuí;

(c)

údaráis náisiúnta atá freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar chórais íocaíochta, na húdaráis atá freagrach as gnáthimeachtaí dócmhainneachta, na húdaráis ar a gcuirtear an cúram poiblí maoirseacht a dhéanamh ar eintitis earnála airgeadais eile, na húdaráis atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar mhargaí airgeadais, ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta agus na cigirí a ghníomhaíonn thar a gceann, na húdaráis de chuid na mBallstát atá freagrach as cobhsaíocht an chórais airgeadais a choinneáil ar bun i mBallstáit trí rialacha macrastuamachta a úsáid, na húdaráis atá freagrach as cobhsaíocht an chórais airgeadais a chosaint, agus na daoine a gcuirtear de chúram orthu iniúchtaí reachtúla a dhéanamh.

6.   Beidh míreanna 1 go 5 gan dochar don dlí náisiúnta maidir le nochtadh faisnéise chun críoch imeachtaí dlíthiúla i gcásanna coiriúla nó sibhialta.

7.   Eiseoidh EIOPA, faoin 29 Eanáir 2027, treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 chun an chaoi ar cheart faisnéis a sholáthar i bhfoirm achoimre nó chomhchoiteann a shonrú chun críocha mhír 2, pointe (b), den Airteagal seo.

CAIBIDIL VII

Ceart chun achomhairc agus eisiamh gníomhaíochtaí eile

Airteagal 67

Formheas breithiúnach ex-ante agus cearta chun agóid a dhéanamh i gcoinne cinntí

1.   Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go mbeidh cinneadh chun beart coiscthe géarchéime nó beart bainistíochta géarchéime a dhéanamh faoi réir formheas breithiúnach ex-ante, ar choinníoll, i leith cinneadh chun beart bainistíochta géarchéime a dhéanamh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, gur nós imeachta gasta a bheidh sa nós imeachta a bhaineann leis an iarratas ar fhormheas agus gur breithniú gasta a bheidh i mbreithniú na cúirte.

2.   Déanfaidh na Ballstáit foráil sa dlí náisiúnta maidir le ceart achomhairc i gcoinne cinneadh chun beart coiscthe géarchéime a dhéanamh nó cinneadh chun aon chumhacht a fheidhmiú, seachas beart bainistíochta géarchéime, faoin Treoir seo.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an ceart ag na daoine uile a ndéantar difear dóibh le cinneadh beart bainistíochta géarchéime a dhéanamh, go mbeidh an ceart acu achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh sin.

Áiritheoidh na Ballstáit gur athbhreithniú gasta a bheidh san athbhreithniú ar bheart bainistíochta géarchéime agus go n-úsáidfidh na cúirteanna náisiúnta na measúnuithe eacnamaíocha ar na fíorais arna ndéanamh ag an údarás réitigh mar bhonn lena measúnú féin.

4.   Beidh an ceart chun achomhairc dá dtagraítear i mír 3 faoi réir na gceangal seo a leanas:

(a)

agus achomharc á thaisceadh, ní bheidh aon fhionraí uathoibríoch i gceist le héifeachtaí an chinnidh a bhfuiltear ag agóid ina choinne;

(b)

beidh cinneadh an údaráis réitigh infhorfheidhmithe láithreach agus dá thoradh sin beidh toimhde infhrisnéise ann gur i gcoinne leas an phobail a bheadh sé an forfheidhmiú a chur ar fionraí.

I gcás inar gá chun leasanna tríú páirtithe a chosaint, ar tríú páirtithe iad a ghníomhaíonn de mheon macánta agus a fuair scaireanna, ionstraimí úinéireachta eile, sócmhainní, cearta nó dliteanais de chuid gnóthas faoi réiteach de bhua úsáid uirlisí réitigh nó feidhmiú cumhachtaí réitigh ag údarás réitigh, le neamhniú cinnidh de chuid údarás réitigh, ní dhéanfar difear d’aon ghníomh riaracháin nó idirbheart iardain arna dhéanamh ag an údarás réitigh lena mbaineann, ar gníomhartha nó idirbhearta iad a bhí bunaithe ar an gcinneadh arna neamhniú. Sa chás sin, beidh leigheasanna ar chinneadh nó ar ghníomhaíocht éagórach de chuid na n-údarás réitigh teoranta do chúiteamh as an gcaillteanas a bhain don iarratasóir de dheasca an chinnidh nó an ghnímh a cuireadh ar neamhní.

Airteagal 68

Srianta ar imeachtaí eile

1.   Gan dochar d’Airteagal 64(2), an dara fomhír, áiritheoidh na Ballstáit i ndáil le gnóthas faoi réiteach nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), ar cinneadh ina leith gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le réiteach dá dtagraítear in Airteagal 19(1) nó in Airteagal 20(3), nach gcuirfear tús le gnáthimeachtaí dócmhainneachta ach amháin ar thionscnamh an údaráis réitigh agus nach ndéanfar cinneadh lena gcuirfear eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta ach le toiliú an údaráis réitigh.

2.   Chun críocha mhír 1, áiritheoidh na Ballstáit:

(a)

go dtabharfar fógra gan mhoill d’údaráis mhaoirseachta agus d’údaráis réitigh faoi aon iarratas ar ghnáthimeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh i ndáil le heintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil an gnóthas nó an t-eintiteas sin faoi réiteach nó cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh cinneadh go poiblí i gcomhréir le hAirteagal 65(3) agus (4);

(b)

nach gcinntear an t-iarratas ar ghnáthimeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh ach amháin má tá na fógraí dá dtagraítear i bpointe (a) déanta agus má tharlaíonn ceachtar díobh seo a leanas:

(i)

tá fógra tugtha ag an údarás réitigh do na húdaráis atá freagrach as gnáthimeachtaí dócmhainneachta nach mbeartaíonn sé aon ghníomhaíocht réitigh a dhéanamh i ndáil leis an eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e);

(ii)

tá tréimhse 7 lá dar tús an dáta a rinneadh na fógraí dá dtagraítear i bpointe (a) tar éis dul in éag.

3.   Gan dochar d’aon srian ar fhorfheidhmiú leasanna urrúis arna fhorchur de bhun Airteagal 50, áiritheoidh na Ballstáit, más gá chun uirlisí réitigh a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus na cumhachtaí réitigh a fheidhmiú go héifeachtach, go bhféadfaidh na húdaráis réitigh iarraidh ar chúirt bac a chur, ar feadh tréimhse iomchuí i gcomhréir leis an gcuspóir atá á shaothrú, le haon ghníomhaíocht nó imeacht breithiúnach inar páirtí gnóthas faoi réiteach nó ina dtagann gnóthas chun bheith ina pháirtí.

TEIDEAL IV

RÉITEACH GRÚPA TRASTEORANN

Airteagal 69

Prionsabail ghinearálta maidir leis an gcinnteoireacht a bhfuil baint ag níos mó ná Ballstát amháin léi

Áiritheoidh na Ballstáit, agus cinntí nó gníomhaíochtaí á ndéanamh acu de bhun na Treorach seo a bhféadfadh tionchar a bheith acu i mBallstát amháin nó níos mó ná sin, go dtabharfaidh a n-údaráis aird ar na prionsabail ghinearálta seo a leanas:

(a)

agus gníomhaíocht réitigh á déanamh, is éifeachtúil an chinnteoireacht agus coinnítear na costais réitigh a ísle is féidir;

(b)

déantar cinntí agus gníomhaíochtaí go tráthúil agus ar bhonn práinne nuair is gá;

(c)

comhoibríonn údaráis réitigh, údaráis mhaoirseachta agus údaráis eile le chéile lena áirithiú go ndéantar cinntí agus gníomhaíocht ar bhealach comhordaithe éifeachtúil;

(d)

sainítear go soiléir róil agus freagrachtaí na n-údarás ábhartha laistigh de gach Ballstát;

(e)

tugtar aird chuí ar na leasanna, ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag cinntí, gníomhaíochtaí nó neamhghníomhaíochtaí agus éifeachtaí diúltacha ar shealbhóirí polasaí, cobhsaíocht airgeadais, acmhainní fioscacha, scéimeanna ráthaíochta árachais, socruithe maoiniúcháin agus éifeachtaí diúltacha eacnamaíocha agus sóisialta i ngach Ballstát ina n-oibríonn an máthairghnóthas deiridh agus a fhoghnóthais nó ina ndéanann siad gníomhaíochtaí suntasacha trasteorann;

(f)

tugtar aird chuí ar na cuspóirí arb éard atá iontu leasanna na mBallstát éagsúil lena mbaineann a chothromú agus dochar éagothrom do leasanna Ballstát ar leith a sheachaint, nó cosaint éagothrom na leasanna sin a sheachaint;

(g)

déanann na húdaráis réitigh, agus gníomhaíochtaí réitigh á ndéanamh acu, na pleananna réitigh grúpa a chur san áireamh agus a leanúint mura measann na húdaráis réitigh, agus imthosca an cháis á gcur san áireamh, go mbainfear amach na cuspóirí réitigh ar bhealach níos éifeachtúla trí ghníomhaíochtaí a dhéanamh nach ndéantar foráil dóibh sna pleananna réitigh;

(h)

is trédhearcach cinneadh nó gníomhaíocht atá beartaithe aon uair is dócha go mbeidh impleachtaí ag an gcinneadh nó ag an ngníomhaíocht sin ar na sealbhóirí polasaí, an fíorgheilleagar, cobhsaíocht airgeadais, acmhainní fioscacha, agus, i gcás inarb ábhartha, scéimeanna ráthaíochta árachais agus socruithe maoiniúcháin aon Bhallstáit lena mbaineann.

Airteagal 70

Coláistí réitigh

1.   Bunóidh údaráis réitigh ar ghrúpleibhéal coláistí réitigh chun na cúraimí dá dtagraítear in Airteagail 10, 11, 14, 16, 73 agus 74 a dhéanamh, agus, i gcás inarb iomchuí, chun comhar agus comhordú le húdaráis réitigh tríú tír a áirithiú.

Go háirithe, soláthróidh na coláistí réitigh creat le haghaidh an údaráis réitigh ar ghrúpleibhéal, na n-údarás réitigh eile agus, i gcás inarb iomchuí, na n-údarás maoirseachta agus na maoirseoirí grúpa lena mbaineann chun na cúraimí seo a leanas a dhéanamh:

(a)

faisnéis a mhalartú, ar faisnéis í atá ábhartha maidir le forbairt pleananna réitigh grúpa agus feidhmiú cumhachtaí réitigh i ndáil le grúpaí;

(b)

pleananna réitigh grúpa a fhorbairt;

(c)

inréiteacht grúpaí a mheas de bhun Airteagal 14;

(d)

cumhachtaí a fheidhmiú chun aghaidh a thabhairt ar bhaic ar inréiteacht grúpaí de bhun Airteagal 16 nó chun iad a bhaint;

(e)

cinneadh a dhéanamh maidir leis an ngá atá le grúpscéim réitigh dá dtagraítear in Airteagal 73 nó 74 a bhunú;

(f)

teacht ar chomhaontú maidir le grúpscéim réitigh arna moladh i gcomhréir le hAirteagal 73 nó 74;

(g)

an chumarsáid phoiblí maidir le straitéisí agus scéimeanna réitigh grúpa a chomhordú;

(h)

úsáid aon scéime ráthaíochta árachais nó aon socraithe maoiniúcháin a chomhordú.

Ina theannta sin, féadfar coláistí réitigh a úsáid mar fhóram chun aon saincheist a bhaineann le réiteach grúpa trasteorann a phlé.

2.   Is iad seo a leanas a bheidh ina gcomhaltaí den choláiste réitigh:

(a)

an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal;

(b)

údaráis réitigh gach Ballstáit ina bhfuil foghnóthas bunaithe atá faoi chumhdach ag maoirseacht ghrúpa;

(c)

údaráis réitigh na mBallstát ina bhfuil máthairghnóthas gnóthais amháin nó níos mó den ghrúpa bunaithe, grúpa ar eintiteas é dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (d) nó (e);

(d)

maoirseoir grúpa agus údaráis mhaoirseachta na mBallstát ina bhfuil an t-údarás réitigh ina chomhalta den choláiste réitigh;

(e)

na haireachtaí inniúla, i gcás nach iad na haireachtaí inniúla iad na húdaráis réitigh ar comhaltaí den choláiste réitigh iad;

(f)

i gcás inarb ábhartha, an t-údarás atá freagrach as an scéim ráthaíochta árachais de chuid Ballstáit, i gcás inar comhalta den choláiste réitigh é údarás réitigh an Bhallstáit sin;

(g)

EIOPA, faoi réir an dara fomhír;

(h)

na húdaráis réitigh sna Ballstáit ina ndéanann gnóthais árachais nó athárachais an ghrúpa gníomhaíochtaí suntasacha trasteorann.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (g), rannchuideoidh EIOPA le feidhmiú éifeachtúil, éifeachtach agus comhsheasmhach na gcoláistí réitigh agus le cóineasú ar fud na gcoláistí réitigh a chur chun cinn agus faireachán a dhéanamh orthu. Tabharfar cuireadh do EIOPA freastal ar chruinnithe an choláiste réitigh chun na críche sin. Ní bheidh aon cheart vótála ag EIOPA.

Chun críocha na chéad fhomhíre, phointe (h), beidh rannpháirtíocht na n-údarás réitigh teoranta do chuspóirí malartaithe éifeachtúil faisnéise a bhaint amach.

3.   Údaráis réitigh tríú tíortha ina bhfuil foghnóthas árachais nó athárachais nó brainse ag máthairghnóthas nó ag gnóthas atá bunaithe san Aontas, ar foghnóthas nó brainse é a mheasfaí a bheith suntasach dá mbeadh sé lonnaithe san Aontas, féadfar cuireadh a thabhairt dóibh a bheith rannpháirteach sa choláiste réitigh mar bhreathnóirí, ar choinníoll go mbeidh siad faoi réir ceanglais rúndachta atá coibhéiseach, i dtuairim an údaráis réitigh ar ghrúpleibhéal, leo sin a leagtar síos in Airteagal 80.

4.   I gcás inar ilchuideachta airgeadais é an grúpa nó inar cuid d’ilchuideachta airgeadais é, tabharfar cuireadh do na húdaráis lena mbaineann arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 3 de Threoir 2014/59/AE teacht chuig an gcoláiste réitigh mar bhreathnóirí.

5.   Is é an t-údarás réitigh ar ghúpleibhéal a bheidh ina chathaoirleach ar an gcoláiste réitigh. Sa cháil sin, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a)

bunóidh sé socruithe agus nósanna imeachta i scríbhinn le haghaidh fheidhmiú an choláiste réitigh, tar éis dul i gcomhairle le comhaltaí eile an choláiste réitigh;

(b)

comhordóidh sé gníomhaíochtaí uile an choláiste réitigh;

(c)

tionólfaidh sé cruinnithe uile an choláiste réitigh agus déanfaidh sé cathaoirleacht orthu agus coimeádfaidh sé comhaltaí uile an choláiste réitigh go hiomlán ar an eolas roimh ré faoi eagrú chruinnithe an choláiste réitigh, faoi na príomh-shaincheisteanna a bheidh le plé agus faoi na míreanna a bheidh le breithniú;

(d)

tabharfaidh sé fógra do chomhaltaí an choláiste réitigh faoi aon chruinnithe pleanáilte ionas go bhféadfaidh siad rannpháirtíocht iontu a iarraidh;

(e)

déanfaidh sé cinneadh i dtaobh na gcomhaltaí agus na mbreathnóirí a dtabharfar cuireadh dóibh freastal ar chruinnithe áirithe den choláiste réitigh, ar bhonn riachtanas sonrach, agus ábharthacht na saincheiste a bheidh le plé do na comhaltaí agus do na breathnóirí sin á cur san áireamh;

(f)

coimeádfaidh siad comhaltaí uile an choláiste ar an eolas, go tráthúil, faoi chinntí agus torthaí na gcruinnithe sin.

D’ainneoin na chéad fomhíre, pointe (e), beidh na húdaráis réitigh i dteideal a bheith rannpháirteach i gcruinnithe den choláiste réitigh aon uair a bheidh ábhair atá faoi réir na comhchinnteoireachta nó a bhaineann le grúpeintiteas lonnaithe ina mBallstát ar an gclár.

6.   Ní bheidh oibleagáid ar na húdaráis réitigh ar ghrúpleibhéal coláiste réitigh a bhunú má dhéanann grúpaí nó coláistí eile na feidhmeanna céanna agus má chuireann siad na cúraimí céanna a shonraítear i mír 1 i gcrích agus má chomhlíonann siad na coinníollacha agus na nósanna imeachta uile, lena n-áirítear na coinníollacha agus na nósanna imeachta sin lena gcumhdaítear ballraíocht agus rannpháirtíocht i gcoláistí réitigh, a leagtar síos san Airteagal seo agus in Airteagal 72. I gcás mar sin, tuigfear gur tagairt do na grúpaí nó do na coláistí eile sin gach tagairt do choláistí réitigh sa Treoir seo.

7.   Déanfaidh EIOPA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun feidhmiú oibríochtúil na gcoláistí réitigh a shonrú le haghaidh fheidhmiú na gcúraimí dá dtagraítear i mír 1.

Cuirfidh EIOPA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Iúil 2026.

Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

Airteagal 71

Coláistí réitigh Eorpacha

1.   I gcás ina bhfuil foghnóthais de chuid an Aontais, arna mbunú in dhá Bhallstát nó níos mó ná sin, nó dhá bhrainse de chuid an Aontais nó níos mó de ghnóthas tríú tír ag gnóthas árachais nó athárachais nó máthairghnóthas tríú tír a measann dhá Bhallstát nó níos mó ná sin gur brainsí suntasacha iad, féadfaidh údaráis réitigh na mBallstát ina bhfuil na foghnóthais sin de chuid an Aontais bunaithe nó ina bhfuil na brainsí de chuid an Aontais sin de ghnóthas tríú tír lonnaithe, féadfaidh na húdaráis sin coláiste réitigh Eorpach a bhunú.

2.   Déanfaidh an coláiste réitigh Eorpach na feidhmeanna agus na cúraimí a shonraítear in Airteagal 70 i ndáil le foghnóthais de chuid an Aontais agus, a mhéid atá na cúraimí sin ábhartha, i ndáil le brainsí de chuid an Aontais de ghnóthas tríú tír dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus feidhmeoidh sé seachas sin i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos in Airteagal 70.

3.   I gcás nach sealbhaíonn ach máthairghnóthas amháin atá bunaithe i mBallstát foghnóthais uile an Aontais de ghnóthas árachais nó athárachais tríú tír nó de mháthairghnóthas tríú tír, is é údarás réitigh an Bhallstáit ina bhfuil an máthairghnóthas sin bunaithe a bheidh ina chathaoirleach ar an gcoláiste réitigh Eorpach.

I gcás nach mbeidh feidhm ag an gcéad fhomhír, is é údarás réitigh an Bhallstáit ina bhfuil foghnóthas de chuid an Aontais, ar airde luach na sócmhainní cláir chomhardaithe a shealbhaíonn sé, bunaithe, is é an t-údarás réitigh sin a ghníomhóidh mar chathaoirleach ar an gcoláiste réitigh Eorpach.

Airteagal 72

Malartú faisnéise

1.   Faoi réir Airteagal 66, déanfaidh na húdaráis réitigh agus na húdaráis mhaoirseachta an fhaisnéis uile atá ábhartha d’fheidhmiú chúraimí na n-údarás eile faoin Treoir seo a sholáthar dá chéile, arna iarraidh sin dóibh.

2.   Comhordóidh an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal sreabhadh na faisnéise ábhartha uile idir na húdaráis réitigh. Go háirithe, soláthróidh an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal an fhaisnéis ábhartha uile do na húdaráis réitigh i mBallstáit eile go tráthúil chun feidhmiú na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagal 70(1), an dara fomhír, pointí (b) go (h), a éascú.

3.   Ní tharchuirfidh údarás réitigh faisnéis arna soláthar ag údarás maoirseachta nó údarás réitigh tríú tír ach amháin má thoiligh an t-údarás maoirseachta nó an t-údarás réitigh tríú tír sin le tarchur den sórt sin.

Airteagal 73

Réiteach grúpa lena mbaineann foghnóthas de chuid an ghrúpa

1.   Tabharfaidh údarás réitigh fógra faoin bhfaisnéis a liostaítear i mír 2 gan mhoill don údarás réitigh ar ghrúpleibhéal, murab ionann í, don mhaoirseoir grúpa, agus do chomhaltaí an choláiste réitigh lena mbaineann sna cásanna seo a leanas:

(a)

cinneann an t-údarás réitigh go bhfuil ag cliseadh ar ghnóthas árachais nó athárachais ar foghnóthas de ghrúpa é, nó gur dócha go gclisfidh air; nó

(b)

chuir an t-údarás maoirseachta an t-údarás réitigh ar an eolas go bhfuil cinneadh déanta go bhfuil ag cliseadh ar ghnóthas árachais nó athárachais ar foghnóthas de ghrúpa é, nó gur dócha go gclisfidh air; nó

(c)

cinneann údarás réitigh go gcomhlíonann eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), ar foghnóthas de ghrúpa é, na coinníollacha maidir le réiteach a leagtar síos in Airteagal 19(1) nó in Airteagal 20(3).

2.   Is é seo a leanas an fhaisnéis a bhfuil fógra le tabhairt ina leith de bhun mhír 1:

(a)

an cinneadh lena gcinntear go bhfuil ag cliseadh ar an ngnóthas árachais nó athárachais nó gur dócha go gclisfidh air;

(b)

an cinneadh go gcomhlíonann an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), na coinníollacha maidir le réiteach a leagtar síos in Airteagal 19(1) nó in Airteagal 20(3);

(c)

na gníomhaíochtaí réitigh nó na bearta dócmhainneachta a mheasann an t-údarás réitigh a bheith iomchuí don eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e).

3.   Ar an bhfógra dá dtagraítear i mír 1 a fháil, déanfaidh an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal, tar éis dul i gcomhairle le comhaltaí eile an choláiste réitigh lena mbaineann, measúnú ar thionchar dóchúil na ngníomhaíochtaí réitigh nó na mbeart eile a dtugtar fógra fúthu de bhun mhír 2, pointe (c), ar an ngrúpa agus ar ghrúpeintitis i mBallstáit eile, agus ar cibé acu is dócha nó nach dócha, de bharr na ngníomhaíochtaí réitigh nó na mbeart eile, go sásófaí na coinníollacha réitigh dá dtagraítear in Airteagal 19(1) nó in Airteagal 20(3) i ndáil le grúpeintiteas i mBallstát eile.

4.   I gcás ina measann an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal nach dócha, de dheasca na ngníomhaíochtaí réitigh nó na mbeart eile a dtugtar fógra fúthu de bhun mhír 2, pointe (c), go sásófaí na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19(1) nó in Airteagal 20(3) i ndáil le grúpeintiteas i mBallstát eile, féadfaidh an t-údarás réitigh atá freagrach as an eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), na gníomhaíochtaí réitigh nó na bearta eile ar thug sé fógra fúthu a dhéanamh.

5.   I gcás ina measann an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal gur dócha, de bharr na ngníomhaíochtaí réitigh nó na mbeart eile a dtugtar fógra fúthu de bhun mhír 2, pointe (c), go sásófaí na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19(1) nó Airteagal 20(3) i ndáil le grúpeintiteas i mBallstát eile, déanfaidh an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal, tar éis an fógra dá dtagraítear i mír 1 a fháil, grúpscéim réitigh a mholadh laistigh de 5 lá agus cuirfidh sé faoi bhráid an choláiste réitigh í. Féadfar an tréimhse 5 lá a shíneadh le toiliú an údaráis réitigh a thug an fógra.

6.   In éagmais mheasúnú an údaráis réitigh ar ghrúpleibhéal laistigh de 5 lá, nó tréimhse is faide ná sin a comhaontaíodh, tar éis an fógra dá dtagraítear i mír 1 a fháil, féadfaidh an t-údarás réitigh a thug an fógra na gníomhaíochtaí réitigh nó na bearta eile ar thug sé fógra fúthu a dhéanamh.

7.   Déanfaidh an ghrúpscéim réitigh dá dtagraítear i mír 5 an méid seo a leanas:

(a)

na gníomhaíochtaí réitigh a leagan amach ar cheart do na húdaráis réitigh iad a dhéanamh i ndáil leis an máthairghnóthas deiridh nó grúpeintitis áirithe chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach agus chun na prionsabail ghinearálta lena rialaítear réiteach a leagtar síos in Airteagal 22 a chomhlíonadh;

(b)

an chaoi a shonrú ar cheart na gníomhaíochtaí réitigh dá dtagraítear i bpointe (a) a chomhordú;

(c)

plean maoiniúcháin a bhunú lena gcuirtear san áireamh an plean réitigh grúpa agus na prionsabail chun an fhreagracht a roinnt a leagtar amach sa phlean réitigh grúpa sin i gcomhréir le hAirteagal 10(2), pointe (e).

8.   Faoi réir mhír 9, beidh an ghrúpscéim réitigh i bhfoirm cinneadh comhpháirteach de chuid an údaráis réitigh ar ghrúpleibhéal agus na n-údarás réitigh atá freagrach as na foghnóthais arna gcumhdach leis an ngrúpscéim réitigh.

Féadfaidh EIOPA, arna iarraidh sin d’údarás réitigh, cuidiú leis na húdaráis réitigh cinneadh comhpháirteach a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 31(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

9.   I gcás nach n-aontaíonn údarás réitigh leis an ngrúpscéim réitigh arna moladh ag an údarás réitigh ar ghrúpleibhéal nó i gcás ina measann sé, ar mhaithe le comhleas sealbhóirí polasaí, an fhíorgheilleagair agus na cobhsaíochta airgeadais a chosaint, gur gá dó gníomhaíochtaí réitigh neamhspleácha nó bearta eile seachas na bearta sin arna moladh sa ghrúpscéim réitigh a dhéanamh i ndáil le heintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), déanfaidh an t-údarás sin an méid seo a leanas:

(a)

na cúiseanna leis an easaontas nó na cúiseanna a bhaineann le himeacht ón ngrúpscéim réitigh a leagan amach go mion;

(b)

fógra a thabhairt don údarás réitigh ar ghrúpleibhéal agus do na húdaráis réitigh eile arna gcumhdach leis an ngrúpscéim réitigh faoi na cúiseanna dá dtagraítear i bpointe (a);

(c)

an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal agus na húdaráis réitigh eile lena mbaineann an ghrúpscéim réitigh a chur ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí réitigh nó faoi na bearta réitigh a dhéanfaidh sé.

Agus cúiseanna a easaontais á leagan amach aige, déanfaidh an t-údarás réitigh na pleananna réitigh grúpa, an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na gníomhaíochtaí réitigh nó na bearta réitigh a dhéanfaidh sé ar shealbhóirí polasaí, an fíorgheilleagar agus cobhsaíocht airgeadais sna Ballstáit lena mbaineann, mar aon leis an éifeacht a d'fhéadfadh a bheith ag na gníomhaíochtaí réitigh nó na bearta réitigh sin ar chodanna eile den ghrúpa a chur san áireamh.

10.   Féadfaidh na húdaráis réitigh a aontaíonn leis an ngrúpscéim réitigh arna moladh ag an údarás réitigh ar ghrúpleibhéal teacht ar chinneadh comhpháirteach maidir le grúpscéim réitigh lena gcumhdaítear grúpeintitis i mBallstáit na n-údarás réitigh sin agus ní bheidh na húdaráis réitigh a easaontaíonn rannpháirteach sa chinneadh sin.

11.   Aithneofar na cinntí comhpháirteacha dá dtagraítear i míreanna 8 agus 10 agus na gníomhaíochtaí réitigh nó na bearta réitigh a dhéantar i gcomhréir le mír 9 mar chinntí dochloíte agus cuirfidh na húdaráis réitigh sna Ballstáit lena mbaineann i bhfeidhm iad.

12.   Déanfaidh na húdaráis réitigh na gníomhaíochtaí réitigh agus na bearta réitigh uile dá dtagraítear san Airteagal seo gan mhoill, agus aird chuí á tabhairt acu ar phráinn an cháis.

13.   I gcás nach gcuirtear grúpscéim réitigh chun feidhme, comhoibreoidh na húdaráis réitigh go dlúth le chéile laistigh den choláiste réitigh, agus gníomhaíochtaí réitigh á ndéanamh acu i ndáil le haon ghrúpeintiteas, chun straitéis réitigh chomhordaithe a bhaint amach le haghaidh na ngrúpeintiteas uile a bhfuil ag cliseadh orthu nó ar dócha go gclisfidh orthu.

14.   Cuirfidh na húdaráis réitigh a dhéanann aon ghníomhaíocht réitigh i ndáil le haon ghrúpeintiteas comhaltaí an choláiste réitigh ar an eolas go tráthrialta agus go hiomlán faoi na gníomhaíochtaí nó faoi na bearta sin agus faoin dul chun cinn leanúnach ina leith.

Airteagal 74

Réiteach grúpa lena mbaineann máthairghnóthas deiridh

1.   I gcás ina gcinneann údarás réitigh ar ghrúpleibhéal go gcomhlíonann máthairghnóthas deiridh a bhfuil sé freagrach as na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 19(1) nó in Airteagal 20(3), tabharfaidh sé fógra gan mhoill faoin bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 73(2) don mhaoirseoir grúpa agus do na comhaltaí eile de choláiste réitigh an ghrúpa atá i gceist.

Sna gníomhaíochtaí réitigh nó sna bearta dócmhainneachta dá dtagraítear in Airteagal 73(2), pointe (c), féadfar cur chun feidhme grúpscéime réitigh a chur san áireamh, ar grúpscéim arna dréachtú i gcomhréir le hAirteagal 73(7) í in aon cheann de na himthosca seo a leanas:

(a)

is dócha, de bharr na ngníomhaíochtaí réitigh nó na mbeart réitigh ar leibhéal an mháthairghnóthais a dtugtar fógra fúthu i gcomhréir le hAirteagal 73(2), pointe (c), go gcomhlíonfaí na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19(1) nó in Airteagal 20(3) i ndáil le grúpeintiteas i mBallstát eile;

(b)

ní leor gníomhaíochtaí réitigh nó bearta eile ar leibhéal an mháthairghnóthais agus ar an leibhéal sin amháin chun an staid a chobhsú ná ní dócha go mbeidh an toradh is fearr orthu;

(c)

chinn na húdaráis réitigh go gcomhlíonann ceann amháin nó níos mó de na foghnóthais a bhfuil siad freagrach astu na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 19(1) nó in Airteagal 20(3);

(d)

rachaidh gníomhaíochtaí réitigh nó bearta eile ar ghrúpleibhéal chun tairbhe d’fhoghnóthais an ghrúpa ar bhealach a fhágann go bhfuil grúpscéim réitigh iomchuí.

2.   I gcás nach n-áirítear grúpscéim réitigh leis na gníomhaíochtaí nó na bearta arna moladh ag an údarás réitigh ar ghrúpleibhéal, déanfaidh an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal a chinneadh tar éis dul i gcomhairle le comhaltaí an choláiste réitigh.

3.   I gcás ina n-áirítear grúpscéim réitigh leis na gníomhaíochtaí nó na bearta arna moladh ag an údarás réitigh ar ghrúpleibhéal, beidh an ghrúpscéim réitigh i bhfoirm cinneadh comhpháirteach de chuid an údaráis réitigh ar ghrúpleibhéal agus na n-údarás réitigh atá freagrach as na foghnóthais arna gcumhdach ag an ngrúpscéim réitigh.

Féadfaidh EIOPA, arna iarraidh sin d’údarás réitigh, cuidiú leis na húdaráis réitigh cinneadh comhpháirteach a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 31(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

4.   I gcás nach n-aontaíonn údarás réitigh leis an ngrúpscéim réitigh arna moladh ag an údarás réitigh ar ghrúpleibhéal nó i gcás ina n-imíonn sé uaithi, nó ina measann sé, ar mhaithe le cobhsaíocht airgeadais, gur gá dó gníomhaíochtaí réitigh neamhspleácha nó bearta eile seachas na bearta sin arna moladh sa ghrúpscéim réitigh a dhéanamh i ndáil le heintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), déanfaidh an t-údarás sin an méid seo a leanas:

(a)

na cúiseanna leis an easaontas nó na cúiseanna a bhaineann le himeacht ón ngrúpscéim réitigh a leagan amach go mion;

(b)

fógra a thabhairt don údarás réitigh ar ghrúpleibhéal agus do na húdaráis réitigh eile arna gcumhdach leis an ngrúpscéim réitigh faoi na cúiseanna dá dtagraítear i bpointe (a);

(c)

an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal agus na húdaráis réitigh eile arna gcumhdach ag an ngrúpscéim réitigh a chur ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí nó faoi na bearta atá beartaithe acu a dhéanamh.

Agus na cúiseanna atá lena easaontas á leagan amach aige, tabharfaidh an t-údarás réitigh lena mbaineann aird chuí ar na pleananna réitigh grúpa, ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na gníomhaíochtaí réitigh neamhspleácha nó na bearta a dhéanfaidh sé ar chobhsaíocht airgeadais, acmhainní fioscacha, scéimeanna ráthaíochta árachais agus aon shocruithe maoiniúcháin sna Ballstáit lena mbaineann agus ar an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith ag na gníomhaíochtaí réitigh nó na bearta eile ar chodanna eile den ghrúpa.

5.   Féadfaidh údaráis réitigh a aontaíonn leis an ngrúpscéim réitigh arna moladh ag an údarás réitigh ar ghrúpleibhéal teacht ar chinneadh comhpháirteach maidir le grúpscéim réitigh lena gcumhdaítear grúpeintitis ina mBallstáit faoi seach agus ní bheidh na húdaráis réitigh a easaontaíonn rannpháirteach sa chinneadh sin.

6.   Aithneofar an cinneadh comhpháirteach dá dtagraítear i mír 3 nó 5 agus na gníomhaíochtaí réitigh agus na bearta réitigh dá dtagraítear i mír 4 mar chinntí dochloíte agus cuirfidh na húdaráis réitigh i bhfeidhm sna Ballstáit lena mbaineann iad.

7.   Déanfaidh na húdaráis na gníomhaíochtaí réitigh agus na bearta réitigh uile dá dtagraítear i míreanna 1 go 6 gan mhoill, agus aird chuí á tabhairt acu ar phráinn an cháis.

8.   I gcás nach gcuirtear grúpscéim réitigh chun feidhme, comhoibreoidh na húdaráis réitigh go dlúth le chéile laistigh den choláiste réitigh, agus gníomhaíocht réitigh á déanamh acu i ndáil le haon ghrúpeintiteas, chun straitéis réitigh chomhordaithe a bhaint amach le haghaidh na ngrúpeintiteas uile dá ndéantar difear.

9.   Cuirfidh na húdaráis réitigh a dhéanann gníomhaíocht réitigh i ndáil le haon ghrúpeintiteas comhaltaí an choláiste réitigh ar an eolas go tráthrialta agus go hiomlán faoi na gníomhaíochtaí nó faoi na bearta sin agus faoin dul chun cinn leanúnach ina leith.

TEIDEAL V

CAIDREAMH LE TRÍÚ TÍORTHA

Airteagal 75

Comhaontuithe le tríú tíortha

1.   I gcomhréir le hAirteagal 218 CFAE, féadfaidh an Coimisiún moltaí a chur faoi bhráid na Comhairle chun comhaontuithe a chaibidil le tríú tír amháin nó níos mó maidir leis na modhanna comhair idir na húdaráis réitigh agus na húdaráis tríú tír lena mbaineann, lena n-áirítear faisnéis a roinnt i dtaca le pleanáil téarnaimh agus pleanáil réitigh i ndáil le gnóthais árachais agus athárachais, gnóthais árachais agus athárachais tríú tír, agus grúpaí.

2.   Leis na comhaontuithe dá dtagraítear i mír 1, féachfar le próisis agus socruithe a bhunú idir na húdaráis réitigh agus na húdaráis tríú tír lena mbaineann chun comhar a dhéanamh le linn roinnt de na cúraimí nó na cúraimí uile a dhéanamh agus le linn roinnt de na cumhachtaí nó na cumhachtaí uile dá dtagraítear in Airteagal 79 a fheidhmiú.

3.   Féadfaidh na Ballstáit comhaontuithe déthaobhacha a dhéanamh le tríú tír, a mhéid nach bhfuil na comhaontuithe déthaobhacha sin ar neamhréir leis an Teideal seo, maidir leis na hábhair dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 go dtí go dtiocfaidh comhaontú dá dtagraítear i mír 1 i bhfeidhm leis an tríú tír ábhartha.

Airteagal 76

Imeachtaí réitigh tríú tír a aithint agus a fhorfheidhmiú

1.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le himeachtaí réitigh tríú tír mura rud é go mbeidh comhaontú idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 75(1) tagtha i bhfeidhm leis an tríú tír lena mbaineann agus go dtí go dtarlóidh sin. Beidh feidhm aige freisin tar éis do chomhaontú idirnáisiúnta den sórt sin a theacht i bhfeidhm leis an tríú tír lena mbaineann a mhéid nach bhfuil aithint agus forfheidhmiú imeachtaí réitigh tríú tír á rialú ag an gcomhaontú sin.

2.   Cinnfidh an t-údarás réitigh lena mbaineann imeachtaí réitigh tríú tír a bhaineann le foghnóthas de chuid an Aontais nó le brainse de chuid an Aontais de ghnóthas tríú tír a aithint agus a fhorfheidhmiú, ach amháin mar a fhoráiltear dó in Airteagal 77.

Leis an gcinneadh tabharfar aird chuí ar leasanna gach Ballstáit ina n-oibríonn gnóthas árachais nó athárachais tríú tír nó máthairghnóthas, agus go háirithe an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag aithint agus forfheidhmiú na n-imeachtaí réitigh tríú tír ar na codanna eile den ghrúpa agus ar na sealbhóirí polasaí, an fíorgheilleagar agus an chobhsaíocht airgeadais sna Ballstáit sin.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar de chumhacht do na húdaráis réitigh an méid seo a leanas a dhéanamh, ar a laghad:

(a)

na cumhachtaí réitigh a fheidhmiú maidir leis na nithe seo a leanas:

(i)

sócmhainní gnóthais árachais nó athárachais tríú tír nó sócmhainní máthairghnóthais atá lonnaithe ina mBallstát nó arna rialáil le dlí a mBallstáit;

(ii)

cearta nó dliteanais gnóthais árachais nó athárachais tríú tír arna gclárú ag brainse an Aontais de ghnóthas tríú tír ina mBallstát nó arna rialáil le dlí a mBallstáit, nó i gcás ina bhfuil na héilimh i ndáil leis na cearta agus leis na dliteanais sin infhorfheidhmithe ina mBallstát;

(b)

aistriú scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile i bhfoghnóthas de chuid an Aontais arna bhunú sa Bhallstát sin ainmniúcháin a fhoirbhiú, lena n-áirítear a cheangal ar dhuine eile gníomhaíocht a dhéanamh chun an t-aistriú a fhoirbhiú;

(c)

na cumhachtaí in Airteagal 49, 50 nó 51 i ndáil le cearta aon pháirtí i gconradh le heintiteas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a fheidhmiú, i gcás inar gá cumhachtaí den sórt sin chun imeachtaí réitigh tríú tír a fhorfheidhmiú; agus

(d)

bail neamh-infhorfheidhmithe a chur ar aon cheart chun conarthaí a fhoirceannadh nó a luathú, nó chun difear a dhéanamh do chearta conarthacha eintitis dá dtagraítear i mír 2 agus do chearta grúpeintitis eile, i gcás ina dtiocfaidh ceart den sórt sin ó ghníomhaíocht réitigh a rinneadh maidir le gnóthas árachais nó athárachais tríú tír, máthairghnóthas na n-eintiteas sin, nó grúpeintitis eile, cibé acu an é nó nach é an t-údarás réitigh tríú tír féin a dhéanann an ghníomhaíocht de bhun ceanglais dlí nó rialála maidir le socruithe réitigh sa tír sin, ar choinníoll go leantar de bheith ag feidhmiú na n-oibleagáidí substainteacha faoin gconradh, lena n-áirítear oibleagáidí íocaíochta agus seachadta, agus soláthar comhthaobhachta.

4.   Féadfaidh na húdaráis réitigh, i gcás inar gá chun leas an phobail, gníomhaíocht réitigh a dhéanamh i leith máthairghnóthais i gcás ina gcinneann an t-údarás tríú tír ábhartha go gcomhlíonann gnóthas árachais nó athárachais, ar foghnóthas den mháthairghnóthas sin é agus arna chorprú sa tríú tír sin, na coinníollacha réitigh faoi dhlí an tríú tír sin. Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar de chumhacht do na húdaráis réitigh aon chumhacht réitigh a úsáid i leith an mháthairghnóthais sin, agus beidh feidhm ag Airteagal 48.

5.   Beidh aithint agus forfheidhmiú imeachtaí réitigh tríú tír gan dochar d’aon ghnáthimeachtaí dócmhainneachta faoin dlí náisiúnta is infheidhme, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir leis an Treoir seo.

Airteagal 77

Ceart aithint nó forfheidhmiú imeachtaí réitigh tríú tír a dhiúltú

Féadfaidh an t-údarás réitigh diúltú imeachtaí réitigh tríú tír a aithint nó a fhorfheidhmiú de bhun Airteagal 76 má mheasann sé:

(a)

go mbeadh éifeachtaí díobhálacha ag na himeachtaí réitigh tríú tír ar an gcobhsaíocht airgeadais sa Bhallstát ina bhfuil an t-údarás réitigh bunaithe nó go mbeadh éifeachtaí díobhálacha ag na himeachtaí ar an gcobhsaíocht airgeadais i mBallstát eile;

(b)

go bhfuil gá leis an ngníomhaíocht réitigh neamhspleách faoi Airteagal 78 i ndáil le brainse de chuid an Aontais de ghnóthas tríú tír chun ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí réitigh a bhaint amach;

(c)

nach ndéanfaí creidiúnaithe a láimhseáil ar an gcaoi chéanna agus a láimhseálfaí creidiúnaithe tríú tír a bhfuil cearta dlíthiúla comhchosúla acu faoi imeachtaí réitigh baile an tríú tír;

(d)

go mbeadh impleachtaí fioscacha ábharacha ag aithint nó forfheidhmiú imeachtaí réitigh an tríú tír don Bhallstát; nó

(e)

go mbeadh éifeachtaí aitheanta nó forfheidhmithe den sórt sin contrártha don dlí náisiúnta.

Airteagal 78

Réiteach bhrainsí de chuid an Aontais de ghnóthais tríú tír

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cumhachtaí is gá ag na húdaráis réitigh gníomhú i ndáil le brainse de chuid an Aontais de ghnóthas tríú tír nach bhfuil faoi réir aon imeachtaí réitigh tríú tír nó atá faoi réir imeachtaí tríú tír agus go mbeidh feidhm ag ceann amháin de na himthosca dá dtagraítear in Airteagal 77.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag Airteagal 48 maidir le feidhmiú cumhachtaí den sórt sin.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na húdaráis réitigh na cumhachtaí a cheanglaítear i mír 1 a fheidhmiú i gcás ina measann an t-údarás réitigh go bhfuil gá le gníomhaíocht chun leas an phobail agus ina gcomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

ní chomhlíonann brainse an Aontais de ghnóthas tríú tír, nó ní dócha go gcomhlíonfaidh sé, na coinníollacha arna bhforchur leis an dlí náisiúnta maidir lena údarú agus lena oibriú laistigh den Bhallstát sin agus ní dócha go bhféadfaí an brainse a athbhunú le haon ghníomhaíocht de chuid na hearnála príobháidí, le haon ghníomhaíocht mhaoirseachta nó le haon ghníomhaíocht tríú tír nó go bhféadfaí cliseadh a chosc le haon ghníomhaíocht mar sin laistigh de thréimhse ama réasúnach;

(b)

níl an gnóthas árachais nó athárachais tríú tír, i dtuairim an údaráis réitigh, in ann ná níl sé toilteanach, nó is dócha nach mbeidh sé in ann, a oibleagáidí a íoc le creidiúnaithe an Aontais, nó na hoibleagáidí a cruthaíodh nó a cláraíodh tríd an mbrainse a íoc, amhail íocaíochtaí le sealbhóirí polasaí nó tairbhithe, de réir mar a bheidh siad dlite agus tá an t-údarás réitigh sásta nár tionscnaíodh nó nach dtionscnófar aon imeachtaí réitigh ná dócmhainneachta tríú tír i ndáil leis an ngnóthas árachais nó athárachais tríú tír sin laistigh de thréimhse ama réasúnach;

(c)

thionscain an t-údarás tríú tír ábhartha imeachtaí réitigh tríú tír i ndáil leis an ngnóthas árachais nó athárachais tríú tír, nó thug sé fógra don údarás réitigh go mbeartaíonn sé imeacht den sórt sin a thionscnamh.

3.   I gcás ina ndéanann údarás réitigh gníomhaíocht neamhspleách i ndáil le brainse de chuid an Aontais de ghnóthas tríú tír, tabharfaidh sé aird ar na cuspóirí réitigh agus déanfaidh sé an ghníomhaíocht i gcomhréir leis na prionsabail agus ceanglais seo a leanas, a mhéid atá siad ábhartha:

(a)

na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 22;

(b)

na ceanglais a bhaineann le cur i bhfeidhm na n-uirlisí réitigh i dTeideal III, Caibidil II.

Airteagal 79

Comhar le húdaráis tríú tír

1.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le comhar le tríú tír mura rud é go mbeidh comhaontú idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 75(1) tagtha i bhfeidhm leis an tríú tír ábhartha agus go dtí go dtarlóidh sin. Beidh feidhm aige freisin tar éis do chomhaontú idirnáisiúnta den sórt sin a theacht i bhfeidhm a mhéid nach bhfuil ábhar an Airteagail seo á rialú ag an gcomhaontú sin.

2.   Féadfaidh EIOPA creat-socruithe comhair neamhcheangailteacha a thabhairt i gcrích le húdaráis tríú tír ábhartha. Leis na creat-chomhaontuithe comhair bunófar próisis agus socruithe idir na húdaráis rannpháirteacha chun faisnéis a bhfuil gá léi don chomhar a roinnt, chun roinnt de na cúraimí seo a leanas nó iad uile a dhéanamh agus chun roinnt de na cumhachtaí seo a leanas nó iad uile a fheidhmiú i ndáil le gnóthais árachais nó athárachais nó le grúpaí:

(a)

pleananna réitigh a fhorbairt i gcomhréir le hAirteagail 9 go 12 agus le ceanglais chomhchosúla faoi dhlí na dtríú tíortha ábhartha;

(b)

measúnú a dhéanamh ar inréiteacht na ngnóthas árachais agus athárachais agus na ngrúpaí sin, i gcomhréir le hAirteagail 13 agus 14 agus le ceanglais chomhchosúla faoi dhlí na dtríú tíortha ábhartha;

(c)

cumhachtaí a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic le baic ar inréiteacht nó chun iad a bhaint de bhun Airteagail 15 agus 16 agus aon chumhacht chomhchosúil a chur i bhfeidhm faoi dhlí na dtríú tíortha ábhartha;

(d)

bearta coisctheacha a chur i bhfeidhm de bhun Airteagal 141 de Threoir 2009/138/CE agus cumhachtaí comhchosúla a chur i bhfeidhm faoi dhlí na dtríú tíortha ábhartha;

(e)

uirlisí réitigh a chur i bhfeidhm agus cumhachtaí réitigh agus cumhachtaí comhchosúla atá infheidhmithe ag na húdaráis tríú tír ábhartha a fheidhmiú.

3.   Féadfaidh údaráis mhaoirseachta nó údaráis réitigh, i gcás inarb iomchuí, socruithe comhair a chur i gcrích i gcomhréir le creat-socrú EIOPA dá dtagraítear i mír 2 le húdaráis ábhartha tríú tír.

4.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra do EIOPA faoi aon socrú comhair arna thabhairt i gcrích ag na húdaráis réitigh agus ag na húdaráis mhaoirseachta i gcomhréir leis an Airteagal seo.

Airteagal 80

Malartú faisnéise rúnda

1.   Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh na húdaráis réitigh, na húdaráis mhaoirseachta ná na haireachtaí inniúla faisnéis rúnda a mhalartú, lena n-áirítear pleananna réamhghabhálacha téarnaimh, le húdaráis tríú tír ábhartha ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá na húdaráis tríú tír sin faoi réir ceanglais agus caighdeáin maidir le rúndacht ghairmiúil a mheastar, i dtuairim na n-údarás uile lena mbaineann, a bheith ar a laghad coibhéiseach leo sin a fhorchuirtear le hAirteagal 66.

(b)

tá gá leis an bhfaisnéis chun go bhfeidhmeoidh na húdaráis tríú tír ábhartha a bhfeidhmeanna réitigh faoin dlí náisiúnta atá inchomparáide leo sin faoin Treoir seo agus, faoi réir phointe (a), ní úsáidtear chun aon chríche eile í.

Chun críocha phointe (a), a mhéid a bhaineann an malartú faisnéise le sonraí pearsanta, beidh láimhseáil agus tarchur sonraí pearsanta den sórt sin chuig údaráis tríú tír faoi rialú dhlí an Aontais is infheidhme agus an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le cosaint sonraí.

2.   I gcás ina dtiocfaidh faisnéis rúnda ó Bhallstát eile, ní nochtfaidh údaráis réitigh, údaráis mhaoirseachta ná aireachtaí inniúla an fhaisnéis sin le húdaráis ábhartha tríú tír ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

comhaontaíonn údarás ábhartha an Bhallstáit inar tionscnaíodh an fhaisnéis (an t-údarás tionscnaimh) leis an nochtadh sin;

(b)

ní nochtar an fhaisnéis ach amháin chun na gcríoch arna gceadú ag an údarás tionscnaimh.

Airteagal 81

Socruithe maoiniúcháin

1.   Bunóidh gach Ballstát socrú maoiniúcháin amháin nó níos mó chun a áirithiú go mbeidh cistí leordhóthanacha ar fáil don údarás réitigh trí ranníocaíochtaí ex ante nó ranníocaíochtaí ex post nó meascán díobh sin ó ghnóthais árachais agus athárachais atá údaraithe sa Bhallstát sin agus ó bhrainsí de chuid an Aontais de ghnóthais tríú tír atá lonnaithe i gcríoch an Bhallstáit sin chun íocaíocht na difríochta le scairshealbhóirí, sealbhóirí polasaí, tairbhithe, éilitheoirí nó creidiúnaithe eile dá dtagraítear in Airteagal 57 a chumhdach ar a laghad.

Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht socruithe maoiniúcháin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a úsáid freisin chun costais eile a bhaineann le húsáid uirlisí réitigh a chumhdach, a mhéid is gá socruithe maoiniúcháin a úsáid chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach.

Féadfaidh na Ballstáit an struchtúr riaracháin céanna a úsáid dá socruithe maoiniúcháin agus dá scéimeanna ráthaíochta árachais, agus Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle á chur san áireamh (26).

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíontar, le húsáid na socruithe maoiniúcháin, na prionsabail a leagtar síos in Airteagal 22.

3.   I gcás ina n-oibríonn an gnóthas faoi réiteach laistigh den Aontas faoin gceart bunaíochta nó faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, úsáidfear socrú maoiniúcháin ábhartha an Bhallstáit ina bhfuil an gnóthas údaraithe chun cúiteamh a sholáthar do scairshealbhóirí, do shealbhóirí polasaí, do thairbhithe, d’éilitheoirí nó do chreidiúnaithe eile i gcomhréir le hAirteagal 57.

4.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do EIOPA maidir leis na socruithe maoiniúcháin atá bunaithe.

TEIDEAL VI

PIONÓIS

Airteagal 82

Pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile

1.   Gan dochar do chumhachtaí na n-údarás réitigh agus maoirseachta a leagtar síos sa Treoir seo agus i dTreoir 2009/138/CE agus gan dochar do cheart na mBallstát foráil a dhéanamh maidir le pionóis choiriúla agus iad a fhorchur, leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir le pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile is infheidhme i gcás nár comhlíonadh na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo, agus déanfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad.

I gcás ina gcinneann na Ballstáit gan rialacha a leagan síos le haghaidh pionóis riaracháin nó bearta riaracháin eile mar gheall ar sháruithe atá faoi réir an dlí choiriúil náisiúnta, cuirfidh siad forálacha an dlí choiriúil lena mbaineann in iúl don Choimisiún.

Beidh na pionóis riaracháin agus na bearta riaracháin eile dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.   I gcás sárú, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar pionóis riaracháin nó bearta riaracháin eile a chur i bhfeidhm, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa dlí náisiúnta, maidir le comhaltaí den chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta, agus daoine nádúrtha eile atá freagrach as an sárú faoin dlí náisiúnta.

3.   Na cumhachtaí chun pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile dá bhforáiltear sa Treoir seo a fhorchur, déanfar iad a bhronnadh ar údaráis réitigh nó ar údaráis mhaoirseachta, ag brath ar chineál an tsáraithe. Beidh na cumhachtaí uile bailithe faisnéise agus imscrúdúcháin is gá ag údaráis réitigh agus ag údaráis mhaoirseachta chun a bhfeidhmeanna faoi seach a dhéanamh. I bhfeidhmiú a gcumhachtaí chun pionóis riaracháin nó bearta riaracháin eile a fhorchur, rachaidh údaráis réitigh agus údaráis mhaoirseachta i ndlúthchomhar le chéile chun a áirithiú go mbeidh an toradh inmhianaithe ar phionóis riaracháin nó ar bhearta riaracháin eile agus déanfaidh siad a ngníomhaíocht a chomhordú agus iad ag déileáil le cásanna trasteorann.

4.   Feidhmeoidh údaráis réitigh agus údaráis mhaoirseachta a gcumhachtaí riaracháin chun pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile a fhorchur i gcomhréir leis an Treoir seo agus leis an dlí náisiúnta ar aon cheann de na bealaí seo a leanas:

(a)

go díreach;

(b)

i gcomhar le húdaráis eile;

(c)

faoina bhfreagracht trí tharmligean chuig údaráis eile;

(d)

trí iarratas a chur chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cinntí arna ndéanamh ag na húdaráis réitigh agus na húdaráis mhaoirseachta, i gcomhréir leis an Teideal seo, faoi réir ceart achomhairc.

Airteagal 83

Forálacha sonracha maidir le pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile

1.   Áiritheoidh na Ballstáit lena ndlíthe, lena rialacháin agus lena bhforálacha riaracháin go ndéanfar foráil maidir le pionóis riaracháin agus bearta eile riaracháin i leith na gcásanna seo a leanas ar a laghad:

(a)

sárú ar Airteagail 5 nó 7 i gcás nach ndearnadh pleananna réamhghabhálacha téarnaimh agus pleananna réamhghabhálacha grúpa téarnaimh a dhréachtú, a choinneáil ar bun agus a nuashonrú;

(b)

sárú ar Airteagal 12 i gcás nár soláthraíodh an fhaisnéis uile is gá chun pleananna réitigh a fhorbairt;

(c)

sárú ar Airteagal 63(1) i gcás nach ndearna an comhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), fógra a thabhairt don údarás maoirseachta nuair atá ag cliseadh ar an eintiteas sin nó nuair ba dhócha go gclisfeadh air.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit, sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, go n-áireoidh na pionóis riaracháin agus bearta eile riaracháin is féidir a chur i bhfeidhm an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

ráiteas poiblí ina léirítear an duine nádúrtha, an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), máthairghnóthas deiridh nó duine dlítheanach eile atá freagrach as an sárú agus cineál an tsáraithe;

(b)

ordú ina gceanglaítear ar an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach scor den iompraíocht agus staonadh ón iompraíocht sin a dhéanamh an athuair;

(c)

cosc sealadach ar aon chomhalta de chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta nó de bhainistíocht shinsearach an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), nó ar aon duine nádúrtha eile, a chinntear a bheith freagrach, feidhmeanna a fheidhmiú in eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e);

(d)

i gcás duine dlítheanach, fíneálacha riaracháin suas le 10 % de láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh sin sa bhliain ghnó roimhe sin;

(e)

i gcás duine nádúrtha, fíneálacha riaracháin suas le EUR 5 000 000, nó sna Ballstáit nach é an Euro an t-airgeadra oifigiúil iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta ar an 28 Eanáir 2025;

(f)

fíneálacha riaracháin suas le dhá oiread mhéid an tsochair a díorthaíodh ón sárú i gcás inar féidir an sochar sin a chinneadh.

Chun críocha na chéad fomhíre, pointe (d), i gcás inar foghnóthas de mháthairghnóthas é an duine dlítheanach, is éard a bheidh sa láimhdeachas ábhartha an láimhdeachas bliantúil iomlán ag teacht as cuntais chomhdhlúite an mháthairghnóthais deiridh sa bhliain ghnó roimhe sin.

Airteagal 84

Pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile a fhoilsiú

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseoidh údaráis réitigh agus údaráis mhaoirseachta ar a suíomh gréasáin oifigiúil, ar a laghad aon phionóis riaracháin agus aon bhearta riaracháin eile a fhorchuirfidh na húdaráis sin maidir le sárú na bhforálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo i gcás nach raibh pionóis riaracháin den sórt sin nó bearta riaracháin eile faoi réir achomhairc nó ina bhfuil an ceart achomhairc tar éis teacht chun deiridh. Déanfar foilsiú den sórt sin gan moill mhíchuí tar éis an duine nádúrtha nó dlítheanach a chur ar an eolas faoin bpionós riaracháin nó faoi bheart riaracháin eile. San fhoilseachán beidh faisnéis faoi shaghas agus cineál an tsáraithe agus faoi chéannacht an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh ar a bhfuil an pionós riaracháin nó an beart riaracháin eile á fhorchur.

I gcás ina gceadóidh na Ballstáit foilsiú pionós riaracháin agus beart riaracháin eile a bhfuil achomharc ina gcoinne, foilseoidh na húdaráis réitigh agus na húdaráis mhaoirseachta ar a suímh ghréasáin oifigiúla, gan moill mhíchuí, faisnéis maidir le stádas an achomhairc sin agus lena thoradh.

2.   I gcás ina measann an t-údarás réitigh nó an t-údarás maoirseachta go mbeadh foilsiú chéannacht na ndaoine dlítheanacha, nó céannacht nó sonraí pearsanta daoine nádúrtha díréireach mar gheall ar mheasúnú cás ar chás a rinneadh maidir le comhréireacht foilsiú sonraí den sórt sin, nó i gcás ina gcuirfí cobhsaíocht na margaí airgeadais nó imscrúdú atá ar siúl ag an am sin i mbaol le foilsiú den sórt sin, déanfaidh an t-údarás réitigh nó an t-údarás maoirseachta aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

foilsiú an chinnidh lena bhforchuirtear an pionós riaracháin nó bearta riaracháin eile a iarchur go dtí nach ann a thuilleadh do na cúiseanna leis an iarchur sin;

(b)

an cinneadh lena bhforchuirtear an pionós riaracháin nó bearta riaracháin eile a fhoilsiú i ndíth ainm i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, i gcás ina ndéanfaí a áirithiú le foilsiú den sórt sin go dtabharfaí cosaint éifeachtach do na sonraí pearsanta lena mbaineann;

(c)

gan an cinneadh lena bhforchuirtear an pionós riaracháin nó bearta riaracháin eile a fhoilsiú i gcás ina bhfuil an t-údarás réitigh nó an t-údarás maoirseachta den tuairim nach mbeadh foilsiú i gcomhréir le pointe (a) nó (b) leordhóthanach chun ceachtar de na nithe seo a leanas a áirithiú:

(i)

nach gcuirtear cobhsaíocht na margaí airgeadais i mbaol;

(ii)

comhréireacht foilsiú sonraí den sórt sin maidir le bearta a meastar gur mionbhearta iad.

Áiritheoidh údaráis réitigh agus údaráis mhaoirseachta go bhfanfaidh aon fhoilseachán atá i gcomhréir leis an Airteagal seo ar a suíomh gréasáin oifigiúil go ceann tréimhse 5 bliana ar a laghad. Ní dhéanfar sonraí pearsanta atá san fhoilseachán a choinneáil ar shuíomh gréasáin oifigiúil an údaráis réitigh nó an údaráis maoirseachta ach amháin ar feadh na tréimhse is gá de réir na rialacha cosanta sonraí is infheidhme.

Airteagal 85

An bunachar sonraí lárnach a choimeád ar bun ag EIOPA

1.   Faoi réir na gceanglas rúndachta gairmiúla dá dtagraítear in Airteagal 66, cuirfidh na húdaráis réitigh agus na húdaráis mhaoirseachta EIOPA ar an eolas faoi na pionóis riaracháin uile agus faoi na bearta riaracháin eile arna bhforchur acu faoi Airteagal 83 agus faoi stádas an achomhairc sin agus faoina thoradh.

Déanfaidh EIOPA bunachar sonraí lárnach de na pionóis agus na bearta riaracháin eile a thuairisceoidh na húdaráis réitigh dó a choinneáil ar bun agus a choimeád cothrom le dáta, chun é a chur ar a chumas do na húdaráis réitigh sin faisnéis a mhalartú agus chuige sin amháin, agus ní bheidh rochtain ar an mbunachar ach amháin ag na húdaráis réitigh sin.

Déanfaidh EIOPA bunachar sonraí lárnach de na pionóis agus na bearta riaracháin eile a thuairisceoidh na húdaráis mhaoirseachta dó a choinneáil ar bun agus a choimeád cothrom le dáta, chun é a chur ar a chumas do na húdaráis mhaoirseachta sin faisnéis a mhalartú agus chuige sin amháin, agus ní bheidh rochtain ar an mbunachar ach amháin ag na húdaráis mhaoirseachta sin.

2.   Déanfaidh EIOPA leathanach gréasáin a choinneáil ar bun agus a choimeád cothrom le dáta ar a mbeidh an fhaisnéis a leanas nó naisc leis an bhfaisnéis sin:

(a)

na pionóis a fhoilsíonn gach údarás réitigh;

(b)

na pionóis a fhoilsíonn gach údarás maoirseachta faoi Airteagal 84;

(c)

an tréimhse dá bhfoilsíonn gach Ballstát pionóis.

Airteagal 86

Pionóis a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus feidhmiú cumhachtaí maidir le pionóis a fhorchur ag údaráis mhaoirseachta agus ag údaráis réitigh

Áiritheoidh na Ballstáit, agus cinneadh á dhéanamh acu maidir le cineál na bpionós riaracháin nó na mbeart riaracháin eile agus leibhéal na bhfíneálacha riaracháin, go gcuirfidh na húdaráis mhaoirseachta agus na húdaráis réitigh na himthosca ábhartha uile san áireamh, lena n-áirítear i gcás inarb iomchuí:

(a)

tromchúis agus fad an tsáraithe;

(b)

méid freagrachta an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach;

(c)

acmhainn airgeadais an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach;

(d)

méid na mbrabús a ghnóthaigh an duine nádúrtha nó dlítheanach nó méid na gcaillteanas a sheachain sé nó sí, a mhéid is féidir na brabúis nó na caillteanais sin a dhéanamh amach;

(e)

na caillteanais do thríú páirtithe, lena n-áirítear sealbhóirí polasaí, de dheasca an tsáraithe, a mhéid is féidir na caillteanais sin a dhéanamh amach;

(f)

an leibhéal comhair idir an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach agus an t-údarás maoirseachta agus an t-údarás réitigh;

(g)

sáruithe roimhe sin ag an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach.

Chun críocha na chéad fomhíre, pointe (c), áireofar le táscairí acmhainne airgeadais an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh atá freagrach nó ioncam bliantúil an duine nádúrtha atá freagrach.

TEIDEAL VII

LEASUITHE AR THREORACHA 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2007/36/CE, 2014/59/AE, (AE) 2017/1132, AGUS AR RIALACHÁIN (AE) Uimh. 1094/2010, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 806/2014 AGUS (AE) 2017/1129

Airteagal 87

Leasuithe ar Threoir 2002/47/CE

Leasaítear Treoir 2002/47/CE mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

‘6.   Ní bheidh feidhm ag Airteagail 4 go 7 den Treoir seo maidir le haon srian ar fhorfheidhmiú na socruithe comhthaobhachta airgeadais nó aon srian ar éifeacht socraithe comhthaobhachta airgeadais urrús, ar aon ghlanluacháil socraíochta nó ar aon fhoráil fritháirimh arna forchur de bhua Theideal IV, Caibidil V nó VI, de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), nó de bhua Theideal V, Caibidil III, Roinn 3, nó Chaibidil IV de Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), nó de bhua Theideal III, Caibidil III, Roinn 4, nó Caibidil IV de Threoir (AE) 2025/1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3), nó maidir le haon srian den sórt sin arna fhorchur de bhua cumhachtaí comhchosúla i ndlí Ballstáit chun cuidiú le réiteach ordúil aon eintitis dá dtagraítear i mír 2, pointe (d), den Airteagal seo atá faoi réir coimircí ar coibhéiseach iad ar a laghad leo sin a leagtar amach i dTeideal IV, Caibidil VII, de Threoir 2014/59/AE agus i dTeideal V, Caibidil V de Rialachán (AE) 2021/23;

(*1)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh téarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190)."

(*2)  Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le creat le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1095/2010, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 806/2014 agus (AE) 2015/2365 agus Treoracha 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2007/36/CE, 2014/59/AE agus (AE) 2017/1132 (IO L 22, 22.1.2021, lch. 1)."

(*3)  Treoir (AE) 2025/1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2024 lena mbunaítear creat le haghaidh gnóthais árachais agus athárachais a théarnamh agus a réiteach agus lena leasaítear Treoracha 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2007/36/CE, 2014/59/AE agus (AE) 2017/1132 agus Rialacháin (AE) Uimh. 1094/2010, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 806/2014 agus (AE) 2017/1129 (IO L, 2025/1, 8.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2025/1/oj).’;"

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9a:

‘Airteagal 9a

Treoir 2008/48/CE, Treoir 2014/59/AE, Rialachán (AE) 2021/23 agus Treoir (AE) 2025/1

Ní dochar an Treoir seo do Threoir 2008/48/CE, Treoir 2014/59/AE, Rialachán (AE) 2021/23 ná Treoir (AE) 2025/1.’

Airteagal 88

Leasú ar Threoir 2004/25/CE

In Airteagal 4(5) de Threoir 2004/25/CE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

‘Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh feidhm ag Airteagal 5(1) den Treoir seo i gcás ina gcuirfear i bhfeidhm uirlisí, cumhachtaí agus sásraí réitigh dá bhforáiltear i dTeideal IV de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4), i dTeideal V de Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5) nó i dTeideal III de Threoir (AE) 2025/1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6).

Airteagal 89

Leasuithe ar Threoir 2007/36/CE

In Airteagal 1 de Threoir 2007/36/CE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh feidhm ag an Treoir seo i gcás ina gcuirfear i bhfeidhm uirlisí, cumhachtaí agus sásraí réitigh dá bhforáiltear i dTeideal IV de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7), i dTeideal V de Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*8) nó i dTeideal III de Threoir (AE) 2025/1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*9).

Airteagal 90

Leasuithe ar Threoir 2014/59/AE

Leasaítear Treoir 2014/59/AE mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2(1), cuirtear na pointí seo a leanas leis:

‘(110)

ciallaíonn “údarás réitigh árachais” údarás réitigh mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2), pointe (12), de Threoir (AE) 2025/1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*10);

(111)

ciallaíonn “údarás maoirseachta árachais” údarás maoirseachta mar a shainmhínítear in Airteagal 13, pointe (10), de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*11);

(112)

ciallaíonn “ilchuideachta airgeadais” ilchuideachta airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (14), de Threoir 2002/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*12);

(*10)  Treoir (AE) 2025/1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2024 lena mbunaítear creat le haghaidh gnóthais árachais agus athárachais a théarnamh agus a réiteach agus lena leasaítear Treoracha 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2007/36/CE, 2014/59/AE agus (AE) 2017/1132 agus Rialacháin (AE) Uimh. 1094/2010, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 806/2014 agus (AE) 2017/1129 (IO L, 2025/1, 8.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2025/1/oj)."

(*11)  Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le dul i mbun gnó Árachais agus Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1)."

(*12)  Treoir 2002/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le maoirseacht fhorlíontach ar institiúidí creidmheasa, ar ghnóthais árachais agus ar ghnólachtaí infheistíochta in ilchuideachta airgeadais agus lena leasaítear Treoracha 73/239/CEE, 79/267/CEE, 92/49/CEE, 92/96/CEE, 93/6/CEE agus 93/22/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 98/78/CE agus 2000/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 035, 11.2.2003, lch. 1).’;"

(2)

in Airteagal 7(3), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(e)

i gcás inar ilchuideachta airgeadais an grúpa ina iomláine, nó inar cuid d’ilchuideachta airgeadais aon institiúid laistigh den ghrúpa, an t-údarás réitigh árachais agus an t-údarás maoirseachta árachais lena mbaineann.’

;

(3)

in Airteagal 14, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘3.   I gcás ina bhfuil an institiúid, an t-eintiteas nó an grúpa ina n-ilchuideachta airgeadais nó ina gcuid d’ilchuideachta airgeadais, déanfaidh an t-údarás réitigh nó an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal na pleananna réitigh nó na pleananna réitigh grúpa a tharchur freisin chuig an údarás réitigh árachais agus chuig an údarás maoirseachta árachais lena mbaineann.’

;

(4)

in Airteagal 81(3), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(l)

i gcás inar cuid d’ilchuideachta airgeadais an institiúid nó an t-eintiteas, na húdaráis mhaoirseachta árachais agus na húdaráis réitigh árachais lena mbaineann.’

;

(5)

in Airteagal 83(2), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(l)

i gcás inar cuid d’ilchuideachta airgeadais an institiúid faoi réiteach, na húdaráis mhaoirseachta árachais agus na húdaráis réitigh árachais lena mbaineann.’

;

(6)

in Airteagal 84(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(n)

údaráis mhaoirseachta árachais agus údaráis réitigh árachais a chuirtear ar an eolas nó dá dtugtar fógra ar bhonn na caibidle seo.’

;

(7)

in Airteagal 88, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘3a.   I gcás ina bhfuil an institiúid, an t-eintiteas nó an grúpa ina n-ilchuideachta airgeadais nó ina gcuid d’ilchuideachta airgeadais, iarrfar ar na húdaráis réitigh árachais lena mbaineann páirt a ghlacadh sa choláiste réitigh mar bhreathnóirí, ar choinníoll go bhfuil na húdaráis sin faoi réir ceanglais rúndachta atá coibhéiseach, i dtuairim an údaráis réitigh ar ghrúpleibhéal, leo siúd a bhunaítear le hAirteagal 90.’.

Airteagal 91

Leasú ar Threoir (AE) 2017/1132

Leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 84, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh feidhm ag Airteagal 49, Airteagal 58(1), Airteagal 68(1), (2) agus (3), an chéad fhomhír d’Airteagal 70(2), agus Airteagail 72 go 75, 79, 80 agus 81 den Treoir seo i gcás ina gcuirfear i bhfeidhm na huirlisí, na cumhachtaí agus na sásraí réitigh dá bhforáiltear i dTeideal IV de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*13), i dTeideal V de Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*14) nó i dTeideal III de Threoir (AE) 2025/1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*15).

(*13)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh téarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190)."

(*14)  Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le creat le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1095/2010, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 806/2014 agus (AE) 2015/2365 agus Treoracha 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2007/36/CE, 2014/59/AE agus (AE) 2017/1132 (IO L 22, 22.1.2021, lch. 1)."

(*15)  Treoir (AE) 2025/1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2024 lena mbunaítear creat le haghaidh gnóthais árachais agus athárachais a théarnamh agus a réiteach agus lena leasaítear Treoracha 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2007/36/CE, 2014/59/AE agus (AE) 2017/1132 agus Rialacháin (AE) Uimh. 1094/2010, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 806/2014 agus (AE) 2017/1129 (IO L, 2025/1, 8.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2025/1/oj).’;"

(2)

leasaítear Airteagal 86a mar a leanas:

(a)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

tá an chuideachta faoi réir uirlisí, cumhachtaí agus sásraí réitigh dá bhforáiltear i dTeideal IV de Threoir 2014/59/AE, i dTeideal V de Rialachán (AE) 2021/23 nó i dTeideal III de Threoir (AE) 2025/1.’

;

(b)

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

faoi réir bearta coiscthe géarchéime mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (101), de Threoir 2014/59/AE, in Airteagal 2, pointe (48), de Rialachán (AE) 2021/23 nó in Airteagal 2, pointe (79), de Threoir (AE) 2025/1.’

;

(3)

in Airteagal 87, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le cuideachtaí atá faoi réir cur i bhfeidhm uirlisí, cumhachtaí agus sásraí réitigh dá bhforáiltear i dTeideal IV de Threoir 2014/59/AE, i dTeideal V de Rialachán (AE) 2021/23 nó i dTeideal III de Threoir (AE) 2025/1.’

;

(4)

leasaítear Airteagal 120 mar a leanas:

(a)

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

tá an chuideachta faoi réir uirlisí, cumhachtaí agus sásraí réitigh dá bhforáiltear i dTeideal IV de Threoir 2014/59/AE, i dTeideal V de Rialachán (AE) 2021/23 nó i dTeideal III de Threoir (AE) 2025/1.’

;

(b)

i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

faoi réir bearta coiscthe géarchéime mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (101), de Threoir 2014/59/AE, in Airteagal 2, pointe (48), de Rialachán (AE) 2021/23 nó in Airteagal 2, pointe (79), de Threoir (AE) 2025/1.’

;

(5)

leasaítear Airteagal 160a mar a leanas:

(a)

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

tá an chuideachta faoi réir uirlisí, cumhachtaí agus sásraí réitigh dá bhforáiltear i dTeideal IV de Threoir 2014/59/AE, i dTeideal V de Rialachán (AE) 2021/23 nó i dTeideal III de Threoir (AE) 2025/1.’

;

(b)

i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

faoi réir bearta coiscthe géarchéime mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (101), de Threoir 2014/59/AE, in Airteagal 2, pointe (48), de Rialachán (AE) 2021/23 nó in Airteagal 2, pointe (79), de Threoir (AE) 2025/1.’.

Airteagal 92

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 4, pointe (2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

‘(i)

údaráis mhaoirseachta mar a shainmhínítear in Airteagal 13, pointe (10), de Threoir 2009/138/CE, údaráis réitigh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (12), de Threoir (AE) 2025/1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*16), agus údaráis inniúla mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (8), de Threoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*17) agus dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*18);

(*16)  Treoir (AE) 2025/1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2024 lena mbunaítear creat le haghaidh gnóthais árachais agus athárachais a théarnamh agus a réiteach agus lena leasaítear Treoracha 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2007/36/CE, 2014/59/AE agus (AE) 2017/1132 agus Rialacháin (AE) Uimh. 1094/2010, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 806/2014 agus (AE) 2017/1129 (IO L, 2025/1, 8.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2025/1/oj)."

(*17)  Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le gníomhaíochtaí institiúidí um sholáthar pinsean ceirde (IORPanna) agus maoirseacht a dhéanamh ar na hinstitiúidí sin (IO L 354, 23.12.2016, lch. 37)."

(*18)  Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 maidir le dáileadh árachais (IO L 26, 2.2.2016, lch. 19).’;"

(2)

in Airteagal 40(6), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

‘Chun gníomhú faoi raon feidhme Threoir (AE) 2025/1, féadfaidh ionadaí ón údarás réitigh i ngach Ballstát a bheith in éineacht leis an gcomhalta den Bhord Maoirseoirí dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), i gcás inarb iomchuí sin, agus ní bheidh aon vóta ag an ionadaí sin.’.

Airteagal 93

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012

In Airteagal 81(3), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(s)

na húdaráis réitigh a ainmnítear faoi Airteagal 3 de Threoir (AE) 2025/1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*19).

Airteagal 94

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 806/2014

In Airteagal 88 de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

‘6.   Ní chuirfidh an tAirteagal seo cosc ar an mBord, ar an gComhairle, ar an gCoimisiún, ar BCE, ar na húdaráis réitigh náisiúnta ná ar na húdaráis inniúla náisiúnta, lena n-áirítear a bhfostaithe agus a saineolaithe, faisnéis a roinnt lena chéile agus le haireachtaí inniúla, bainc cheannais, scéimeanna ráthaíochta taiscí, scéimeanna cúitimh d’infheisteoirí, údaráis atá freagrach as gnáthimeachtaí dócmhainneachta, údaráis réitigh árachais, údaráis mhaoirseachta árachais, údaráis réitigh agus údaráis inniúla ó Bhallstáit neamh-rannpháirteacha, ÚBE, nó, faoi réir Airteagal 33 den Rialachán seo, údaráis tríú tír a dhéanann feidhmeanna atá coibhéiseach le feidhmeanna údaráis réitigh, nó, faoi réir diancheanglais rúndachta, le ceannaitheoir ionchasach chun gníomhaíocht réitigh a phleanáil nó a dhéanamh.’.

Airteagal 95

Leasú ar Rialachán (AE) 2017/1129

In Airteagal 1(5) de Rialachán (AE) 2017/1129, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

urrúis a thagann as urrúis eile, cistí dílse, nó dliteanais incháilithe a chomhshó nó a mhalartú ag údarás réitigh mar gheall ar fheidhmiú cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 53(2), Airteagal 59(2) nó Airteagal 63(1) nó (2) de Threoir 2014/59/AE nó feidhmiú cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 39(2) nó Airteagal 42(1) nó (2) de Threoir (AE) 2025/1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*20);’.

TEIDEAL VIII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 96

Coiste Réitigh EIOPA

1.   Cruthóidh EIOPA coiste inmheánach buan de bhun Airteagal 41 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 chun cinntí EIOPA dá dtagraítear in Airteagal 44 den Rialachán sin a ullmhú, lena n-áirítear cinntí faoi dhréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus faoi dhréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a bhaineann le cúraimí arna dtabhairt do na húdaráis réitigh i gcomhréir leis an Treoir seo. Beidh an coiste inmheánach sin comhdhéanta de na húdaráis réitigh dá dtagraítear in Airteagal 3 den Treoir seo.

2.   Chun críocha na Treorach seo, comhoibreoidh EIOPA le ÚBE agus le ESMA faoi chuimsiú Chomhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach arna bhunú in Airteagal 54 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

3.   Chun críocha na Treorach seo, áiritheoidh EIOPA go mbeidh deighilt struchtúrach ann idir an coiste réitigh agus feidhmeanna eile dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010. Cuirfidh an coiste réitigh forbairt agus comhordú pleananna réitigh chun cinn agus forbróidh sé modhanna chun eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1) den Treoir seo a bhfuil ag cliseadh orthu a réiteach.

Airteagal 97

Comhar le EIOPA

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhoibreoidh na húdaráis mhaoirseachta agus na húdaráis réitigh le EIOPA chun críocha na Treorach seo i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh na húdaráis mhaoirseachta agus na húdaráis réitigh an fhaisnéis uile is gá, gan mhoill, do EIOPA chun a dhualgais a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

Airteagal 98

Scéimeanna ráthaíochta árachais

Faoin 29 Eanáir 2027, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le EIOPA, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar oiriúnacht na n-íoschaighdeán comhchoiteann do scéimeanna ráthaíochta árachais laistigh den Aontas. Déanfar an méid seo a leanas, ar a laghad, sa tuarascáil sin:

(a)

measúnú a dhéanamh ar staid reatha scéimeanna ráthaíochta árachais sna Ballstáit (leibhéal cumhdaigh, cineálacha árachais a chumhdaítear, truicir);

(b)

roghanna beartais a phlé, lena n-áirítear na roghanna éagsúla beartais ar nós scéimeanna ráthaíochta árachais a úsáid chun leanúint de pholasaithe árachais nó chun iad a leachtú, agus ar an gcaoi sin aird chuí a thabhairt ar na difríochtaí i dtáirgí árachais i mBallstáit éagsúla;

(c)

measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le bunlíne íosta a thabhairt isteach do scéimeanna ráthaíochta árachais ar fud an Aontais agus, i gcás inarb iomchuí, na céimeanna is gá a leagan amach chun bunlíne íosta a thabhairt isteach.

Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 99

Athbhreithniú

Faoin 29 Eanáir 2030, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le EIOPA, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar chur i bhfeidhm na Treorach seo. Déanfar an méid seo a leanas go háirithe sa tuarascáil:

(a)

meastóireacht a dhéanamh ar cibé acu a baineadh amach cuspóirí na Treorach seo nó nár baineadh, agus ar a mhéid a baineadh amach iad, maidir le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus neartú an chórais airgeadais san Aontas i bhfianaise forbairtí sa mhargadh agus forbairtí eacnamaíocha;

(b)

measúnú a dhéanamh ar staid na himeartha maidir le socruithe um maoiniú réitigh;

(c)

measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le sainmhínithe comhchuibhithe íosta ar leibhéal na bpolasaithe cumhdaithe agus na n-éilitheoirí agus na bpolasaithe incháilithe a thabhairt isteach agus, i gcás inarb iomchuí, na céimeanna is gá a leagan amach chun iad a thabhairt isteach;

(d)

anailís a dhéanamh ar an taithí a fuarthas maidir le comhroinnt faisnéise idir údaráis atá inniúil ar mhaoirseacht nó réiteach gnóthas árachais agus athárachais agus institiúidí creidmheasa i gcásanna inar cuid d’ilchuideachta airgeadais an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e);

(e)

measúnú a dhéanamh ar a indéanta atá sé cead a thabhairt d’ilchuideachtaí airgeadais pleananna (réamhghabhálacha) téarnaimh grúpa aonair a dhréachtú don ilchuideachta ina hiomláine, agus ar na réamhchoinníollacha chun é sin a dhéanamh, agus do na húdaráis réitigh pleananna réitigh grúpa aonair a dhréachtú don ilchuideachta airgeadais ina hiomláine;

(f)

anailís a dhéanamh ar na buntáistí a bhaineann le comhchuibhiú breise ar an gcreat bainistithe géarchéime le haghaidh gnóthais árachais agus athárachais.

Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 100

Trasuí

1.   Na bearta is gá chun Airteagail 1 go 91, 96 agus 97 den Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 29 Eanáir 2027. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.

Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón 30 Eanáir 2027.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Cinnfidh na Ballstáit an bealach chun tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 101

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm ag Airteagail 92 go 95 ón 30 Eanáir 2027.

Airteagal 102

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna déanamh in Strasbourg, an 27 Samhain 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

BÓKA J.


(1)   IO C 275, 18.7.2022, lch. 45.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 5 Samhain 2024.

(3)  Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le dul i mbun gnó Árachais agus Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).

(4)  Treoir 2009/103/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le hárachas i gcoinne dliteanas sibhialta i ndáil le húsáid mótarfheithiclí, agus le forfheidhmiú na hoibleagáide chun árachú i gcoinne an dliteanais sin (IO L 263, 7.10.2009, lch. 11).

(5)  Treoir 2002/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le maoirseacht fhorlíontach ar institiúidí creidmheasa, ar ghnóthais árachais agus ar ghnólachtaí infheistíochta in ilchuideachta airgeadais agus lena leasaítear Treoracha 73/239/CEE ón gComhairle, 79/267/CEE ón gComhairle, 92/49/CEE ón gComhairle, 92/96/CEE ón gComhairle, 93/6/CEE ón gComhairle agus 93/22/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 98/78/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus 2000/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 35, 11.2.2003, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO L 173, 12.6.2014, lch. 1).

(8)  Treoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le críochnaitheacht socraíochta i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús (IO L 166, 11.6.1998, lch. 45).

(9)  Treoir 2004/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le tairiscintí táthcheangail (IO L 142, 30.4.2004, lch. 12).

(10)  Treoir 2007/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir le cearta áirithe scairshealbhóirí i gcuideachtaí liostaithe a fheidhmiú (IO L 184, 14.7.2007, lch. 17).

(11)  Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (IO L 169, 30.6.2017, lch. 46).

(12)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh institiúidí creidmheasa agus comhlachtaí infheistíochta a théarnamh agus a réiteach agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).

(13)  Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le creat le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1095/2010, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 806/2014 agus (AE) 2015/2365 agus Treoracha 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2007/36/CE, 2014/59/AE agus (AE) 2017/1132 (IO L 22, 22.1.2021, lch. 1).

(14)  Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).

(15)  Treoir 2002/47/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meitheamh 2002 maidir le socruithe comhthaobhachta airgeadais (IO L 168, 27.6.2002, lch. 43).

(16)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(18)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2014 lena bhforlíontar Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais, agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (IO L 12, 17.1.2015, lch. 1).

(19)  Treoir 2001/23/CE ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le cosaint chearta na bhfostaithe i gcás aistriú gnóthas, gnóthaí nó codanna de ghnóthais nó de ghnóthaí (IO L 82, 22.3.2001, lch. 16).

(20)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

(21)  Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/71/CE (IO L 168, 30.6.2017, lch. 12).

(22)  Treoir 2001/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 maidir le hurrúis a ghlacadh ar liostú oifigiúil stocmhalartáin agus maidir le faisnéis a fhoilseofar faoi na hurrúis sin (IO L 184, 6.7.2001, lch. 1).

(23)  Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (An Róimh I) (IO L 177, 4.7.2008, lch. 6).

(24)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(25)  Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisitheoirí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 390, 31.12.2004, lch. 38).

(26)  Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta (IO L 166, 30.4.2004, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Gnéithe inréiteachta

Agus an measúnú inréiteachta á dhéanamh acu, scrúdóidh na húdaráis réitigh agus na húdaráis réitigh ar ghrúpleibhéal, agus cineál, scála agus castacht an ghnóthais á gcur san áireamh, na gnéithe seo a leanas:

1.

Leanúnachas oibríochtúil

(a)

a mhéid a sainaithníodh na hidirthuilleamaíochtaí ábhartha inmheánacha agus seachtracha, airgeadais agus oibríochtúla uile trí thagairt a dhéanamh do gach seirbhís agus ról ábhartha, lena n-áirítear an fhoireann, agus mapáilte ar eintitis dhlítheanacha, feidhmeanna criticiúla, príomhlínte gnó agus socruithe conarthacha gaolmhara;

(b)

a mhéid atá socruithe oibríochtúla leordhóthanacha i bhfeidhm chun leanúnachas na seirbhísí ábhartha a áirithiú is gá chun feidhmeanna criticiúla a chaomhnú, agus na príomhlínte gnó is gá chun an ghníomhaíocht réitigh a chur chun feidhme go héifeachtach agus aon athstruchtúrú ina dhiaidh sin a dhéanamh, go háirithe trí aistrithe féideartha sócmhainní, ceart nó dliteanas, ról agus foirne a éascú;

(c)

a mhéid a rinneadh measúnú cuimsitheach ar rioscaí don leanúnachas oibríochtúil i gcás réitigh, lena n-áirítear faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil lenar féidir criticiúlacht na seirbhísí ábhartha a shainaithint, lena n-áirítear an tionchar a bheadh ag briseadh nó scor na seirbhísí ábhartha i gcás réitigh agus a n-inionadaitheacht;

(d)

a mhéid a maolaíodh rioscaí don leanúnachas oibríochtúil go héifeachtach agus bearta a bheith ann chun ullmhacht le haghaidh réitigh a fheabhsú, lena n-áirítear maidir le forfheidhmiú socruithe leanúnachais le soláthraithe seachtracha tríú páirtí seirbhísí ábhartha;

2.

Rochtain ar bhonneagair margaí airgeadais

A mhéid atá na próisis agus na socruithe is gá bunaithe ag gnóthais nó ag grúpaí chun rochtain a choinneáil, roimh réiteach, le linn an réitigh agus ina dhiaidh, ar bhonneagair na margaí airgeadais agus ar sheirbhísí íocaíochta, imréitigh, glanta agus cumhdaigh arna soláthar ag idirghabhálaithe.

3.

Indeighilteacht

(a)

a mhéid a rinne gnóthais nó grúpaí foinsí castachta míchuí a shainaithint, a laghdú agus, i gcás inar gá, a bhaint den struchtúr atá acu agus dá gcórais faisnéise, ar foinsí iad a bhfuil riosca ag baint leo do chur chun feidhme na gníomhaíochta réitigh, go háirithe leis an gcuspóir scaradh agus aistriú feidhmeanna criticiúla agus príomhlínte gnó a éascú;

(b)

a mhéid atá aistrí nó ceannaitheoir ar fáil do phunann nó gnó an ghnóthais;

4.

Cumas ionsúcháin caillteanais agus cumas athchaipitilithe

(a)

a mhéid atá cumas ionsúcháin caillteanais agus cumas athchaipitilithe ann agus measúnú a dhéanamh an leor an cumas sin chun an plean réitigh a chur chun feidhme, lena n-áirítear infhaighteacht aon scéimeanna ráthaíochta árachais nó socruithe maoiniúcháin agus an inchreidteacht go mbeidh sealbhóir an chumais ionsúcháin caillteanais in ann caillteanais a iompar;

(b)

a mhéid atá socruithe leordhóthanacha ann chun aitheantas agus éifeachtacht trasteorann gníomhaíochtaí réitigh a áirithiú;

(c)

a mhéid is ann do shocruithe leordhóthanacha rialachais, próisis inmheánacha agus córais faisnéise bainistíochta chun tacú le forghníomhú oibríochtúil na díluachála nó an chomhshó, lena n-áirítear chun tacú le haistriú punann;

5.

Leachtacht agus cistiú i gcás réitigh

(a)

a mhéid a d’fhéadfadh riachtanais leachtachta i gcás réitigh teacht as samhail ghnó an ghnóthais nó an ghrúpa;

(b)

a mhéid atá próisis agus cumais chun (i) meastachán a dhéanamh ar na riachtanais leachtachta agus ar na riachtanais chistiúcháin chun an straitéis réitigh a chur chun feidhme, (ii) an staid leachtachta i réiteach a thuairisciú agus (iii) an chomhthaobhacht atá ar fáil a shainaithint agus a shlógadh ann agus is féidir iad a úsáid chun cistiú a fháil le linn an réitigh agus ina dhiaidh.

6.

Córais faisnéise agus ceanglais sonraí

A mhéid atá córais faisnéise bainistíochta leordhóthanacha, cumais luachála agus bonneagar teicneolaíochta i bhfeidhm ag gnóthais nó ag grúpaí chun an fhaisnéis is gá a sholáthar chun (i) pleananna réitigh a fhorbairt agus a chothabháil, (ii) luacháil chóir, stuama agus réalaíoch a fhorghníomhú agus (iii) gníomhaíochtaí réitigh a chur i bhfeidhm go héifeachtach, agus faoi choinníollacha atá ag athrú go tapa freisin.

7.

Cumarsáid

A mhéid atá pleananna cumarsáide i bhfeidhm ag gnóthais nó grúpaí chun cumarsáid thráthúil, láidir agus chomhsheasmhach a áirithiú leis na geallsealbhóirí ábhartha, agus chun tacú le cur chun feidhme na gníomhaíochta réitigh, chomh maith le socruithe rialachais chun feidhmiú éifeachtach na bpleananna seo a áirithiú.

8.

Rialachas

A mhéid atá próisis láidre rialachais ann lena n-éascaítear ullmhú agus cur chun feidhme na gníomhaíochta réitigh, lena n-áirítear (i) faisnéis ábhartha a sholáthar go tráthúil agus go cruinn ar bhonn tráthrialta agus ad hoc, (ii) formhaoirseacht éifeachtach le linn pleanála réitigh agus le linn géarchéime agus (iii) cinnteoireacht éifeachtúil tráth an réitigh.

9.

Creidiúnacht agus tionchar

(a)

a mhéid a chomhlíonann an ghníomhaíocht réitigh na cuspóirí réitigh agus a mhéid atá sí inchreidte, lena n-áirítear meastóireacht ar na tionchair dhóchúla ar shealbhóir polasaí, ar chreidiúnaithe, ar chontrapháirtithe, agus ar fhostaithe;

(b)

a mhéid is féidir meastóireacht leordhóthanach a dhéanamh ar thionchar réiteach an ghnóthais nó an ghrúpa ar an bhfíorgheilleagar nó ar an gcobhsaíocht airgeadais agus an éifeacht ghabhála a shrianadh, agus gníomhaíochtaí féideartha a d’fhéadfadh údaráis tríú tír a dhéanamh á gcur san áireamh;

(c)

a mhéid atá aon socruithe agus aon mhodhanna ann a d’fhéadfadh réiteach a éascú i gcás grúpaí a bhfuil foghnóthais acu atá bunaithe i ndlínsí éagsúla.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2025/1/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top