Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025H1099

Moladh (AE) 2025/1099 ón gCoimisiún an 21 Bealtaine 2025 maidir leis an sainmhíniú ar fhiontair mheánchaipitlithe (mid-cap) bheaga

C/2025/3500

IO L, 2025/1099, 28.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2025/1099/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2025/1099/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1099

28.5.2025

MOLADH (AE) 2025/1099 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Bealtaine 2025

maidir leis an sainmhíniú ar fhiontair mheánchaipitlithe (mid-cap) bheaga

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sna Treoirlínte Polaitiúla (1) fógraíodh go raibh sé ar intinn ag an gCoimisiún nua catagóir nua de chuideachtaí meánchaipitlithe beaga a thabhairt isteach agus measúnú a dhéanamh ar an rialáil atá ann cheana, agus a bhfuil feidhm aici maidir le cuideachtaí móra, féachaint an bhfuil sí ina hualach rómhór, an bhfuil sí díréireach nó an gcuireann sí bac ar fhorbairt iomaíoch na gcuideachtaí móra. Sa Teachtaireacht uaidh dar teideal ‘Compás Iomaíochais don Aontas Eorpach’ (2), gheall an Coimisiún sainmhíniú nua ar chuideachtaí meánchaipitlithe beaga a mholadh chun rialáil chomhréireach atá in oiriúint do mhéid na gcuideachtaí a áirithiú. Trí chatagóir nua cuideachta den sórt sin a chruthú, ceann atá níos mó ná FBManna ach níos lú ná cuideachtaí móra, a chruthú, bainfidh na mílte cuideachtaí san Aontas tairbhe as bearta saincheaptha.

(2)

I dTeachtaireacht an Choimisiúin maidir le ‘Pacáiste Fóirithinte do FBManna’ (3), chuir an Coimisiún líon mór gníomhaíochtaí chun cinn lena gcumhdaítear ceithre phríomhréimse: rudaí a dhéanamh níos éasca d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), feabhas a chur ar an rochtain atá acu ar mhaoiniú agus ar lucht saothair oilte, agus tacú leo ar feadh a saolré gnó. Agus é mar aidhm aige faoiseamh gearrthéarmach a sholáthar, borradh a chur faoin iomaíochas fadtéarmach agus faoin athléimneacht fhadtéarmach, agus timpeallacht ghnó atá cothrom agus fabhrach do FBManna a chur chun cinn, is é is cuspóir dó ligean do FBManna dul san iomaíocht agus fás. Dá bhrí sin, tá an Coimisiún tiomanta do riachtanais na gcuideachtaí a bhfuil na huasteorainneacha sa sainmhíniú ar FBManna a leagtar amach i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (4), ró-íseal dóibh de thoradh fáis, chomh maith le riachtanais an raoin níos leithne d’fhiontair mheánchaipitlithe bheaga, agus tá sé tiomanta do shainmhíniú comhchuibhithe a fhorbairt le haghaidh na bhfiontar sin.

(3)

Leis an ‘Study to map, measure and portray the EU mid-cap landscape’  (5) [Staidéar chun tírdhreach na bhfiontar meánchaipitlithe san Aontas a mhapáil, a thomhas agus a léiriú] léiríodh go bhfuil idirdhealú soiléir ann idir an deighleog ghnó arb í na fiontair mheánchaipitlithe í agus na FBManna, ach idir í agus earnáil na bhfiontar mór freisin. Cé go mbíonn fiontair mheánchaipitlithe níos láidre, cé gurb iondúil dóibh fás níos tapa, cé gur nuálaí iad agus cé gur fearr a dhéileálann siad leis an digitiú ná mar a dhéanann FBManna, bíonn dúshláin áirithe den chineál céanna rompu amhail an t-ualach riaracháin nó easpa fostaithe oilte. Ar an taobh eile, má chuirtear i gcomparáid le fiontair mhóra iad, feictear go mbíonn moill orthu i bpríomhréimsí feidhmíochta. Tá gá le sainmhíniú den sórt sin freisin chun feabhas a chur ar an gcomhsheasmhacht sna bearta beartais lena dtugtar aghaidh ar riachtanais shonracha na bhfiontar meánchaipitlithe beag. Is iomchuí, dá bhrí sin, sainmhíniú foirmiúil a fhorbairt ar fhiontair mheánchaipitlithe bheaga ar leibhéal an Aontais trína bhféadfaí an bealach a réiteach i gcomhair bearta beartais lena ndíreofar ar an deighleog shonrach ghnó sin de chuideachtaí.

(4)

Tá sainmhíniú ar fhiontair mheánchaipitlithe bheaga in úsáid cheana féin faoin Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine (6) agus faoin Treoir maidir le Maoiniú Riosca (7), chun críche teipeanna margaidh sainaitheanta a bhféadfaí aghaidh a thabhairt orthu trí thacaíocht airgeadais phoiblí spriocdhírithe ó acmhainní náisiúnta. Is é is cuspóir don sainmhíniú ginearálta maidir le Fiontair Mheánchaipitlithe Bheaga, gan aithris a dhéanamh ar an sainmhíniú a úsáidtear sna rialacha maidir le Státchabhair per se, ach a bheith mar bhonn do thacaíocht bheartais spriocdhírithe a d’fhéadfadh cabhrú le cuideachtaí scálú a dhéanamh in earnálacha ábhartha agus tábhachtacha. Tá an sainmhíniú maidir le Fiontair Mheánchaipitlithe Bheaga sa Mholadh seo gan dochar do na tairseacha a mheastar a bheith iomchuí i gcomhthéacs na Státchabhrach.

(5)

I roinnt Ballstát, amhail an Fhrainc agus an Ghearmáin (8), táthar tar éis sainmhínithe a thabhairt isteach cheana féin ar chuideachtaí nach cuideachtaí beaga ná meánmhéide iad, ach nach fiontair mhóra iad ach oiread. Ag gníomhú de réir loighic mhargadh aonair an Aontais gan teorainneacha inmheánacha, chuideofaí le cothrom iomaíochta a áirithiú maidir leis an gcaoi a gcaitear le fiontair ar fud an Aontais ach sraith choiteann critéar a úsáid agus tagairt á déanamh do na fiontair mheánchaipitlithe bheaga.

(6)

Bíonn an-chuid idirghníomhaíochta idir bearta náisiúnta agus bearta an Aontais lena gcabhraítear le fiontair mheánchaipitlithe bheaga, mar shampla i dtaca le Cistí Struchtúracha nó le cúrsaí taighde. Is gá, dá bhrí sin, cásanna a sheachaint ina ndíríonn an tAontas a chuid gníomhaíochtaí ar chatagóir ar leith fiontar agus ina ndíríonn na Ballstáit a gcuid gníomhaíochtaí ar chatagóir eile. Is gá a mholadh freisin go mbainfeadh an Coimisiún, na Ballstáit, an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus an Ciste Eorpach Infheistíochta (CEI) úsáid as sainmhíniú coiteann chun feabhas a chur ar chomhleanúnachas agus ar éifeachtacht na mbeartas atá dírithe ar fhiontair mheánchaipitlithe bheaga. Is gá úsáid a bhaint as sainmhíniú coiteann freisin chun maolú a dhéanamh ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le saobhadh iomaíochta.

(7)

Tá sainmhíniú ar fhiontair mheánchaipitlithe bheaga ar fáil cheana in Airteagal 2, pointe (103e) de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún (9) agus sna Treoirlínte ón gCoimisiún maidir le Státchabhair chun infheistíochtaí um maoiniú riosca a chur chun cinn (10). Meastar go bhfuil sé tábhachtach cur leis an taithí agus saineolas a fuarthas agus tacaíocht don deighleog fiontar shonrach sin á príomhshruthú a thuilleadh. Mar sin féin, sa chomhthéacs eacnamaíoch atá ann faoi láthair, chun tacú níos fearr le huas-scálú fiontar agus chun líon níos mó cuideachtaí a chumhdach, ba cheart fiontair atá trí oiread níos mó ná FBManna a chumhdach leis an sainmhíniú (11).

(8)

Measadh go raibh údar cuí leis an mbéim ar fhiontair mheánchaipitlithe bheaga ó tharla gur sainaithníodh an ‘bhearna leachtachta’ mar theip mhargaidh i measúnú tionchair 2014 ar an Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘Treoirlínte maidir le státchabhair chun infheistíochtaí um maoiniú riosca a chur chun cinn’ (12), ar teip mhargaidh í lena ndéantar difear ní hamháin do FBManna le linn a gcéimeanna luatha síolchaipitil agus nuathionscanta ach le linn a gcéimeanna fairsingithe agus fáis ina dhiaidh sin freisin. Leis an tuarascáil, soiléiríodh go bhféadfadh sé a bheith amhlaidh i gcásanna áirithe go mbeadh fiontair mheánchaipitlithe bheaga ag tabhairt aghaidh ar an gcliseadh margaidh céanna agus a dhéanann FBManna sa mhéid go bhfuil siad fós ag céim an fháis.

(9)

Chun ligean d’fhiontair scálú amach gan stró as an deighleog FBM agus isteach i ndeighleog na bhfiontar meánchaipitlithe beag, tá sé tábhachtach go mbeidh na prionsabail chéanna ina mbunsraith do na sainmhínithe ar FBManna agus ar fhiontair mheánchaipitlithe bheaga araon, agus nach mbeidh aon fhorluí idir an dá shainmhíniú. Is gá a shuíomh cad is fiontair mheánchaipitlithe bheaga ann freisin chun comhsheasmhacht sna beartais éagsúla a áirithiú agus chun cuidiú leis an aistriú a dhéanamh níos rianúla le haghaidh cuideachtaí a fhásann as an sainmhíniú ar FBM.

(10)

I gcomhréir le hAirteagail 54, 101 agus 102 CFAE, meastar fiontar a bheith ina eintiteas ar bith, gan beann ar a fhoirm dhlíthiúil, atá i mbun gníomhaíochtaí eacnamaíocha, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí nó comhlachais a bhíonn gníomhach go tráthrialta i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha.

(11)

Meastar gurb é an critéar maidir le líon foirne (an ‘critéar maidir le líon foirne’) an critéar is tábhachtaí agus ba cheart é a urramú mar an príomhchritéar. Mar sin féin, is gá critéir airgeadais chomhlántacha a thabhairt isteach chun fiontair a eisiamh ón sainmhíniú, ar fiontair iad ag a bhfuil scála oibríochtaí airgeadais thar a bheith ard, arna dtomhas de réir a láimhdeachais, agus ag a bhfuil sócmhainní thar a bheith ard, arna dtomhas de réir a gclár comhardaithe. Ní bheadh sé inmhianaithe láimhdeachas a úsáid mar an t-aon chritéar airgeadais amháin ó tharla go mbíonn figiúirí láimhdeachais níos airde ag fiontair san earnáil trádála agus dáileacháin, mar thoradh ar chineál a ngníomhaíochtaí, ná mar a bhíonn ag fiontair sa tionscal déantúsaíochta. Dá bhrí sin, níor cheart an critéar láimhdeachais a chomhcheangal le hiomlán an chláir chomhardaithe, ar critéar é lena léirítear rachmas foriomlán gnó, agus níor cheart fiontar a eisiamh ón sainmhíniú ar fhiontair mheánchaipitlithe bheaga, ach amháin más airde ná na huasteorainneacha iad a láimhdeachas agus a chlár comhardaithe araon.

(12)

Is gá go mbeidh na huasteorainneacha airgeadais agus na huasteorainneacha foirne ina dteorainneacha uasta. Féadfaidh na Ballstáit, BEI agus CEI uasteorainneacha a shocrú is ísle ná uasteorainneacha an Aontais a leagtar amach i bpointe 2 den Iarscríbhinn, más mian leo a mbearta a dhíriú ar dheighleog shonrach na bhfiontar meánchaipitlithe beag. Ar mhaithe le simpliú riaracháin, féadfaidh na Ballstáit, BEI agus CEI an líon foirne a úsáid mar an t-aon chritéar amháin chun a mbeartais a chur chun feidhme, de réir mar is iomchuí, agus gan dochar do rialacha dlí an Aontais maidir le dlí na hiomaíochta agus Státchabhair.

(13)

Chun tuiscint níos fearr a fháil ar staid eacnamaíoch na bhfiontar meánchaipitlithe beag agus chun go mbainfí den chatagóir sin grúpaí fiontar a bhféadfadh a gcumhacht eacnamaíoch a bheith níos mó ná cumhacht eacnamaíoch na bhfíorfhiontar meánchaipitlithe beag, ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir cineálacha éagsúla fiontar, ag brath ar cé acu atá nó nach bhfuil siad uathrialaitheach, ar cé acu atá nó nach bhfuil sealúchais acu nach bhfuil suíomh rialaithe i gceist leo (fiontair chomhpháirtíochta), nó ar cé acu atá nó nach bhfuil siad nasctha le fiontair eile. Maidir leis an teorainn a leagtar amach i Moladh 2003/361/CE, ina sonraítear sealúchas 25 % mar theorainn ar faoina bun a mheasfar fiontar a bheith uathrialaitheach, ba cheart í a choinneáil ar bun freisin don sainmhíniú ar fhiontair mheánchaipitlithe bheaga.

(14)

Chun éascaíocht a dhéanamh ar fhiontar a scálú as an deighleog FBM, ar mhaoiniú cothromais na bhfiontar meánchaipitlithe beag, agus ar an bhforbairt tuaithe agus áitiúil, ba cheart a mheas go bhfuil fiontair uathrialaitheach d’ainneoin sealúchais 25 % nó níos mó a bheith ag catagóirí áirithe infheisteoirí sna fiontair, ar infheisteoirí iad a bhfuil ról dearfach acu i maoiniú agus i gcruthú gnó. Ba cheart feidhm a bheith aige sin freisin maidir le hinfheistíochtaí ar fiú suas le EUR 5 000 000 iad a dhéanann ‘aingil ghnó’ (daoine aonair nó grúpaí daoine aonair atá gníomhach go tráthrialta i réimse na hinfheistíochta caipitil fiontair) mar gheall ar an taithí bainistíochta gnó, na scileanna agus na teagmhálacha a thugann siad don fhiontraí i gcomparáid le hinfheisteoirí caipitil fiontair eile. Lena n-infheistíocht chothromais comhlánaítear gníomhaíocht infheisteoirí caipitil fiontair freisin.

(15)

Chun go gcaomhnófaí cumas na bhfiontar nuálach chun cistiú a thiomsú ó chistí infheistíochta malartacha, amhail cistí caipitil fiontair nó cothromais phríobháidigh, chun a n-oibríochtaí nó a bhfás a mhaoiniú, níor cheart na heintitis sin a bheith cáilithe mar fhiontair nasctha chun an líon foirne agus na huasteorainneacha airgeadais a leagtar amach sa Mholadh seo a ríomh. Chun na cleachtais mhargaidh reatha a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh i bhfiontair nuálacha trí chistí caipitil fiontair nó cistí cothromais phríobháidigh a chur san áireamh, i gcás ina gcoinníonn na fiontair agus an ciste infheistíochta malartach, agus a bhainisteoir, taifid chuntasaíochta ar leithligh agus i gcás ina bhfuil straitéis infheistíochta réamhshainithe ag an gciste infheistíochta malartach chun imeacht as an bhfiontar, lena n-áirítear trína luach a réadú tríd an bhfiontar a dhíol nó trí mhodhanna eile, is iomchuí a shonrú nár cheart eintitis den sórt sin a bheith cáilithe mar fhiontair nasctha.

(16)

Chun cúrsaí a shimpliú, ba cheart do na Ballstáit agus d’fhiontair úsáid a bhaint as na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 22 de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) agus fiontair nasctha á sainiú acu, a mhéid atá na coinníollacha sin oiriúnach chun críocha an Mholta seo. Chun infheistíocht chothromais i bhfiontair mheánchaipitlithe bheaga a dhreasú, ba cheart a thoimhdiú nach bhfuil tionchar ceannasach ar an bhfiontar atá i gceist ó thaobh cineálacha áirithe infheisteoirí, i gcás nach bhfuil baint dhíreach ná indíreach acu le bainistiú an ghnó, i gcomhréir le forálacha faoi Airteagal 2(15) de Threoir 2013/34/AE.

(17)

Ba cheart, i gcás inarb ábhartha, go gcuirfí san áireamh freisin caidrimh idir fiontair a théann trí dhaoine nádúrtha, d’fhonn a áirithiú, maidir leis na buntáistí a fhabhraíonn d’fhiontair mheánchaipitlithe bheaga ó rialacha nó ó bhearta éagsúla, nach rachaidh siad chun tairbhe ach do na fiontair sin ag a bhfuil fíorghá leo. Chun íos-teorainn dhocht a chur leis an scrúdú a dhéantar ar na cásanna sin, ba cheart an scrúdú a dhéantar ar chaidrimh den sórt sin a theorannú don mhargadh ábhartha nó do mhargaí cóngaracha – agus tagairt á déanamh don Fhógra ón gCoimisiún maidir leis an sainmhíniú ar mhargadh ábhartha chun críocha dhlí iomaíochta an Chomhphobail (14).

(18)

Chun idirdhealuithe treallacha idir comhlachtaí poiblí éagsúla an Bhallstáit a sheachaint, agus i bhfianaise an ghá atá le deimhneacht dhlíthiúil, is gá a dheimhniú nach fiontar meánchaipitlithe beag é fiontar a bhfuil 25 % nó níos mó dá chaipiteal nó dá chearta vótála á rialú ag comhlacht poiblí.

(19)

Chun an t-ualach riaracháin ar fhiontair a laghdú, agus chun an láimhseáil riaracháin ar chásanna a bhfuil aicmiú mar fhiontar meánchaipitlithe beag ag teastáil ina leith a shimpliú agus a bhrostú, ba cheart a cheadú d’fhiontair dearbhuithe sollúnta a úsáid chun roinnt dá saintréithe a dheimhniú.

(20)

Is gá comhdhéanamh an lín foirne a ríomh go mion chun a mheas cé acu atá nó nach bhfuil fiontar ina fhiontar meánchaipitlithe beag. Chun forbairt na gairmoiliúna a chur chun cinn, is gá neamhaird a thabhairt ar na printísigh agus ar na mic léinn a bhfuil conradh gairmoiliúna acu agus an líon foirne á ríomh. Ar an gcaoi chéanna, níor cheart tréimhsí saoire máithreachais ná tréimhsí saoire tuismitheora a chomhaireamh agus an líon foirne á ríomh.

(21)

Maidir leis na cineálacha éagsúla fiontair, cibé acu fiontar uathrialaitheach, fiontar comhpháirtíochta nó fiontar nasctha iad, a shainmhínítear de réir a gcaidrimh le fiontair eile agus de réir a rannpháirtíochta i bhfiontair eile, comhfhreagraíonn siad do chéimeanna comhtháthaithe atá éagsúil go hoibiachtúil. Is iomchuí, dá bhrí sin, a mholadh nósanna imeachta ar leith a chur i bhfeidhm maidir le gach ceann de na cineálacha fiontair sin le linn ríomh a dhéanamh ar na cainníochtaí lena léirítear a ngníomhaíochtaí agus a neart eacnamaíoch.

(22)

Chun a áirithiú go gcoinneoidh an Coimisiún ar bun taifead ar úsáid an tsainmhínithe ar fhiontair mheánchaipitlithe bheaga dá bhforáiltear sa Mholadh seo nó taifead ar aon tagairt don sainmhíniú sin, ba cheart a iarraidh ar na Ballstáit, ar BEI agus ar CEI an Coimisiún a chur ar an eolas faoi úsáid nó tagairt den sórt sin.

(23)

Chun go dtáirgfeadh an Coimisiún staidreamh ina gcuirtear an sainmhíniú sin san áireamh, ba ghá faisnéis a bhailiú maidir le critéir mhéide bhreise (láimhdeachas, iomlán an chláir chomhardaithe). Chun suirbhéanna breise a sheachaint agus chun an t-ualach ar fhiontair a theorannú, ba cheart rochtain inbhuanaithe a thabhairt d’údaráis staidrimh náisiúnta ar fhoinsí riaracháin ábhartha sna Ballstáit,

AG MOLADH AN MHÉID SEO A LEANAS:

1.

Baineann an Moladh seo leis an sainmhíniú ar fhiontair mheánchaipitlithe bheaga a úsáidtear i mbeartais an Aontais agus a chuirtear i bhfeidhm laistigh den Aontas agus den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.

2.

Iarrtar ar na Ballstáit, ar an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus ar an gCiste Eorpach Infheistíochta (CEI) na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

an sainmhíniú a leagtar amach san Iarscríbhinn a úsáid agus na cláir atá acu lena ndírítear ar fhiontair mheánchaipitlithe bheaga á gcur chun feidhme;

(b)

na bearta is gá a dhéanamh chun úsáid a bhaint as an aicme méide a leagtar amach i bpointe 2 den Iarscríbhinn, go háirithe i gcás ina mbaineann sé le faireachán a dhéanamh ar an úsáid a bhaineann siad as ionstraimí airgeadais de chuid an Aontais.

3.

Ba cheart a mheas gur uasluachanna iad na huasteorainneacha a leagtar amach i bpointe 2 den Iarscríbhinn. Féadfaidh na Ballstáit, BEI agus CEI uasteorainneacha níos ísle a chur i bhfeidhm. Tá an rogha acu freisin critéar líon na bhfostaithe a chur i bhfeidhm mar an t-aon chritéar amháin chun cuid dá mbeartais a chur chun feidhme, de réir mar is iomchuí, agus gan dochar do rialacha dhlí an Aontais maidir le dlí na hiomaíochta agus Státchabhair.

4.

Ba cheart an staidreamh arna tháirgeadh ag an gCoimisiún a chur i láthair agus úsáid á baint as an sainmhíniú ar fhiontair mheánchaipitlithe bheaga a leagtar amach san Iarscríbhinn. Chun staidreamh Eorpach inchomparáide a tháirgeadh agus an t-ualach freagartha á íoslaghdú san am céanna, iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ag údaráis náisiúnta staidrimh ar fhoinsí sonraí riaracháin ábhartha.

5.

Maidir le reachtaíocht an Aontais nó cláir de chuid an Aontais atá le leasú nó le glacadh agus ina bhfuil an téarma ‘fiontar meánchaipitlithe beag’, nó ina ndírítear fócas ar fhiontair atá ag teacht leis na sonraíochtaí a leagtar amach san Iarscríbhinn, ba cheart tagairt a dhéanamh iontu don sainmhíniú a leagtar amach sa Mholadh seo.

6.

Mar bheart idirthréimhseach, ar mhaithe leis na fiontair a measadh a bheith ina bhfiontair mheánchaipitlithe bheaga nuair a glacadh na cláir sin, ba cheart leanúint de chur chun feidhme chláir an Aontais atá ann faoi láthair agus ina dtagraítear d’fhiontair mheánchaipitlithe bheaga. Níor cheart go ndéanfaí difear do ghealltanais atá ceangailteach ó thaobh dlí de agus a rinne an Coimisiún ar bhonn na gclár sin.

7.

Moltar gur trí úsáid a bhaint as an sainmhíniú a leagtar amach san Iarscríbhinn a dhéanfaí aon leasú ar an sainmhíniú ar fhiontair mheánchaipitlithe bheaga laistigh de na cláir.

8.

Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an tsainmhínithe a leagtar amach san Iarscríbhinn faoin 31 Bealtaine 2030 chun taithí a fuarthas agus forbairtí eacnamaíocha san Aontas a chur san áireamh.

9.

Agus athbhreithniú á dhéanamh ar an sainmhíniú i gcomhréir le pointe 8, ba cheart don Choimisiún a áirithiú nach bhfuil aon fhorluí ann leis na fiontair bheaga agus mheánmhéide a leagtar amach i Moladh 2003/361/CE.

10.

Is chuig na Ballstáit, BEI agus CEI a dhírítear an Moladh seo.

11.

Iarrtar ar na Ballstáit, ar BEI agus ar CEI an Coimisiún a chur ar an eolas faoin 31 Nollaig 2026 maidir le haon bheart atá déanta acu chun éifeacht a thabhairt don Mholadh seo.

12.

Iarrtar ar na Ballstáit, ar BEI agus ar CEI freisin an Coimisiún a chur ar an eolas gan moill mhíchuí faoi aon bheart a dhéanann siad lena dtagraítear don sainmhíniú ar fhiontair mheánchaipitlithe bheaga atá san Iarscríbhinn, lena gcóipeáiltear foclaíocht an tsainmhínithe sin, nó lena n-úsáidtear an sainmhíniú sin ar shlí eile.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Bealtaine 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

Stéphane SÉJOURNÉ

Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin


(1)  TREOIRLÍNTE POLAITIÚLA I gCOMHAIR AN CHÉAD CHOIMISIÚIN EORPAIGH EILE 2024–2029.

(2)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Compás Iomaíochais don Aontas Eorpach, COM(2025) 30 final, https://commission.europa.eu/document/download/10017eb1-4722-4333-add2-e0ed18105a34_en.

(3)  Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Pacáiste Fóirithinte do FBManna, COM(2023) 535 final an 12 Meán Fómhair 2023.

(4)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir leis an sainmhíniú ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2003) 1422) (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2003/361/oj).

(5)  An Coimisiún Eorpach, An Ard-Stiúrthóireacht um an Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus FBManna, Dachs, B., Siedschlag, I., Yan, W. et al., Study to map, measure and portray the EU mid-cap landscape – Final report [Staidéar chun tírdhreach na bhfiontar meánchaipitlithe san Aontas a mhapáil, a thomhas agus a léiriú – Tuarascáil chríochnaitheach], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2022, https://data.europa.eu/doi/10.2873/546623.

(6)   https://eur-lex.europa.eu/EN/legal-content/summary/general-block-exemption-regulation.html.

(7)   https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=uriserv%3AOJ.C_.2021.508.01.0001.01.ENG&toc=OJ%3AC%3A2021%3A508%3ATOC.

(8)  Sa Fhrainc, is mar ‘Entreprises de Taille Intermédiaire’ a dhéantar catagóiriú ar chuideachtaí ina bhfostaítear líon foirne idir 250 agus 4 999 duine (https://www.insee.fr/fr/metadonnees/definition/c2034). Sa Ghearmáin is faoin ainm ‘Mittlere Unternehmen’ a chumhdaítear cuideachtaí ina bhfostaítear líon foirne idir 50 agus 499 duine(Deutschland - Institut für Mittelstandsforschung Bonn (ifm-bonn.org)) agus is minic ann a úsáidtear an téarma ‘Mittelstand’ chun cumhdach a dhéanamh ar chuideachtaí nach iondúil iad a shainmhíniú de réir líon na bhfostaithe iontu, ach de réir luachanna comhroinnte amhail neamhspleáchas, aontacht úinéireachta agus bainistíochta (https://www.kfw.de).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/651/oj).

(10)  Teachtaireacht ón gCoimisiún – Treoirlínte maidir le Státchabhair chun infheistíochtaí um maoiniú riosca a chur chun cinn, C/2021/8712 (IO C 508, 16.12.2021, lch. 1).

(11)  Mar a shainmhínítear iad i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún.

(12)  Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin, Measúnú Tionchair a ghabhann leis an doiciméad, Teachtaireacht ón gCoimisiún, Treoirlínte maidir le Státchabhair chun infheistíochtaí um maoiniú riosca a chur chun cinn, SWD (2014) 6.

(13)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/34/oj).

(14)   IO C 372, 9.12.1997, lch. 5.


IARSCRÍBHINN

Sainmhíniú ar fhiontair mheánchaipitlithe (mid-cap) bheaga

1.   

Fiontar

Meastar gur fiontar atá in aon eintiteas atá ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch, is cuma cén fhoirm dhlíthiúil atá aige. Áirítear leis sin comhpháirtíochtaí nó comhlachais a ghabhann do ghníomhaíocht eacnamaíoch thráthrialta.

2.   

Líon foirne agus uasteorainneacha airgeadais

Tá catagóir na bhfiontar meánchaipitlithe beag comhdhéanta d’fhiontair nach fiontair bheaga agus mheánmhéide iad i gcomhréir le Moladh 2003/361/CE, ina bhfostaítear líon is lú ná 750 duine, agus ag a bhfuil láimhdeachas bliantúil nach mó ná EUR 150 milliún nó ag a bhfuil clár comhordaithe bliantúil iomlán nach mó ná EUR 129 mhilliún.

3.   

Cineálacha fiontar a chuirtear san áireamh agus líon foirne agus méideanna airgeadais á ríomh.

3.1.   

Is éard is ‘fiontar uathrialaitheach’ ann aon fhiontar nach n-aicmítear mar fhiontar comhpháirtíochta de réir bhrí phointe 3.2 ná mar fhiontar nasctha de réir bhrí phointe 3.5.

3.2.   

Is éard is ‘fiontair chomhpháirtíochta’ ann na fiontair uile nach n-aicmítear mar fhiontair nasctha de réir bhrí phointe 3.4 agus i gcás ina sealbhaíonn fiontar amháin (fiontar réamhtheachtach), cibé acu go haonarach nó i gcomhpháirt le fiontar nasctha amháin nó níos mó de réir bhrí phointe 3.5, 25 % nó níos mó den chaipiteal nó de na cearta vótála de chuid fiontar eile (fiontar iartheachtach).

3.3.   

Ach amháin sna cásanna a leagtar amach i bpointe 3.4, ní mheastar fiontar a bheith ina fhiontar meánchaipitlithe beag má tá 25 % nó níos mó dá chaipiteal nó dá chearta vótála faoi rialú díreach nó indíreach ag comhlacht poiblí amháin nó níos mó, i gcomhpháirt nó go haonarach.

3.4.   

De mhaolú ar phointe 3.2, féadfar fiontar a rangú mar fhiontar uathrialaitheach, agus dá bhrí sin mar fhiontar nach bhfuil aon fhiontar comhpháirtíochta aige, fiú amháin má bhíonn 25 % nó níos mó dá chaipiteal nó dá chearta vótála i seilbh na n-infheisteoirí seo a leanas, ar choinníoll nach bhfuil na hinfheisteoirí sin nasctha, de réir bhrí phointe 3.5, cibé acu go haonarach nó i gcomhpháirt leis an bhfiontar i gceist:

(a)

corparáidí infheistíochta poiblí, cistí caipitil fiontair nó cothromais phríobháidigh, daoine aonair nó grúpaí daoine aonair a bhfuil gníomhaíocht thráthrialta maidir le hinfheistíocht caipitil fiontair acu agus a infheistíonn caipiteal cothromais i ngnólachtaí neamhluaite (‘aingil ghnó’), ar choinníoll go bhfuil infheistíocht iomlán na n-aingeal gnó sin san fhiontar céanna níos lú ná EUR 5 000 000;

(b)

ollscoileanna nó ionaid taighde neamhbhrabúis;

(c)

infheisteoirí institiúideacha, lena n-áirítear cistí forbraíochta réigiúnaí;

(d)

údaráis áitiúla uathrialaitheacha ag a bhfuil buiséad bliantúil is lú ná EUR 10 milliún agus ina bhfuil líon is lú ná 5 000 áitritheoir.

3.5.   

Is éard is ‘fiontair nasctha’ ann fiontair a bhfuil aon cheann de na caidrimh seo a leanas eatarthu:

(a)

sealbhaíonn fiontar an tromlach de na cearta vótála scairshealbhóirí nó comhaltaí atá i bhfiontar eile;

(b)

tá sé de cheart ag fiontar formhór de na comhaltaí den chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta de chuid fiontar eile a cheapadh nó a chur as oifig;

(c)

tá sé de cheart ag fiontar tionchar ceannasach a imirt ar fhiontar eile de bhun conradh a dhéantar leis an bhfiontar sin nó de bhun foráil ina mheabhrán comhlachais nó ina airteagail chomhlachais;

(d)

déanann fiontar, ar scairshealbhóir nó comhalta fiontair eile é, rialú ina aonar, de bhun comhaontú le scairshealbhóirí nó comhaltaí eile de chuid an fhiontair sin, ar thromlach de na cearta vótála scairshealbhóirí nó comhaltaí atá san fhiontar sin.

Tá toimhde ann nach ann do thionchar ceannasach mura bhfuil baint dhíreach ná indíreach ag na hinfheisteoirí dá dtagraítear i bpointe 3.4 le bainistiú an fhiontair i gceist, gan dochar dá gcearta mar scairshealbhóirí.

3.5.1.   

Fiontair ag a bhfuil aon cheann de na caidrimh a leagtar amach i bpointe 3.5 thuas trí fhiontar amháin eile nó níos mó, nó aon cheann de na hinfheisteoirí a luaitear i bpointe 3.4, meastar iad a bheith nasctha freisin.

3.5.2.   

Fiontair ag a bhfuil ceann amháin nó ceann eile de na caidrimh a leagtar amach i bpointe 3.5 thuas trí dhuine nádúrtha nó trí ghrúpa de dhaoine nádúrtha ag gníomhú i gcomhpháirt, meastar gur fiontair nasctha iad chomh maith má thugann siad faoina ngníomhaíocht nó faoi chuid dá ngníomhaíocht sa mhargadh ábhartha céanna nó i margaí cóngaracha. Chun críocha an phointe seo, ciallaíonn ‘margadh cóngarach’ an margadh do tháirge nó do sheirbhís atá go díreach réamhtheachtach nó iartheachtach ón margadh ábhartha.

Féadfaidh fiontair dearbhú stádais a dhéanamh mar fhiontar uathrialaitheach, mar fhiontar comhpháirtíochta nó mar fhiontar nasctha, agus na sonraí maidir leis na huasteorainneacha a leagtar amach i bpointe 2 á gcur san áireamh.

3.5.3.   

I gcás ina mbeidh ciste infheistíochta malartach, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (a), de Threoir 2011/61/AE (1), tar éis infheistiú i bhfiontar, níor cheart na heintitis seo a leanas a mheas mar ‘fhiontair nasctha’ chun críocha phointe 3.5.:

(a)

an fiontar sin agus an ciste infheistíochta malartach sin;

(b)

an fiontar sin agus bainisteoir an chiste infheistíochta mhalartaigh sin;

(c)

an fiontar sin agus fiontar eile inar infheistigh an ciste infheistíochta malartach sin.

Tá feidhm ag an gcéad fhomhír ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

go gcoinníonn an ciste infheistíochta malartach agus a bhainisteoir, agus na fiontair lena mbaineann, taifid chuntasaíochta ar leithligh;

(b)

go mbíonn straitéis infheistíochta réamhshainithe ag an gciste infheistíochta malartach agus ag a bhainisteoir chun imeacht ón bhfiontar nó ó na fiontair lena mbaineann, lena n-áirítear trína luach a réadú tríd an bhfiontar a dhíol nó trí mhodhanna eile.

4.   

Féadfar an dearbhú a dhéanamh fiú amháin má scaiptear an caipiteal ar bhealach a fhágann nach féidir an sealbhóir a chinneadh go beacht, agus sa chás sin féadfaidh an fiontar a dhearbhú de mheon macánta gur féidir leis a thoimhdiú go dlisteanach nach bhfuil 25 % nó níos mó ná sin de faoi úinéireacht ag fiontar amháin nó ag fiontair nasctha le chéile i gcomhpháirt. Déantar dearbhuithe den sórt sin gan dochar do na seiceálacha agus do na himscrúduithe dá bhforáiltear i rialacha náisiúnta nó i rialacha an Aontais. Sonraí a úsáidtear don líon foirne agus do na méideanna airgeadais agus don tréimhse thagartha.

4.1.   

Is iad na sonraí nach mór a chur i bhfeidhm maidir leis an líon foirne agus leis na méideanna airgeadais na sonraí a bhaineann leis an tréimhse chuntasaíochta fhormheasta is déanaí agus a ríomhtar ar bhonn bliantúil. Cuirtear san áireamh ón dáta a dhúntar na cuntais iad. Déantar an méid a roghnaítear don láimhdeachas a ríomh gan cáin bhreisluacha ná cánacha indíreacha eile a chur san áireamh.

4.2.   

Más rud é, an dáta a dhúntar na cuntais, go bhfaigheann fiontar amach gur sháraigh sé an líon foirne nó na huasteorainneacha airgeadais a luaitear i bpointe 2 nó gur thit sé faoina mbun ar bhonn bliantúil, ní bheidh mar thoradh air sin caillteanas nó gnóthú stádais mar fhiontar meánchaipitlithe beag ach amháin má sháraítear na huasteorainneacha sin in imeacht dhá thréimhse chuntasaíochta as a chéile.

4.3.   

I gcás fiontair nuabhunaithe nár formheasadh a gcuntais go fóill, beidh na sonraí atá le cur i bhfeidhm le díorthú ó mheastachán bona fide a rinneadh le linn na bliana airgeadais.

5.   

Líon foirne

5.1.   

Comhfhreagraíonn an líon foirne don líon daoine a d’oibrigh go lánaimseartha laistigh den fhiontar i gceist nó thar a cheann le linn na bliana tagartha iomláine atá á meas (‘aonaid oibre bhliantúla’). Is mar chodáin d’aonaid oibre bhliantúla a chomhairtear obair na ndaoine nár oibrigh i rith na bliana iomláine, obair na ndaoine a d’oibrigh go páirtaimseartha, gan beann ar fhad na tréimhse oibre, agus obair oibrithe séasúracha. Tá an fhoireann comhdhéanta díobh seo a leanas:

(a)

fostaithe;

(b)

daoine atá ag obair don fhiontar, atá faoina réir agus a mheastar a bheith ina bhfostaithe faoin dlí náisiúnta;

(c)

bainisteoirí is úinéirí;

(d)

comhpháirtithe a ghabhann do ghníomhaíocht thráthrialta san fhiontar agus a thairbhíonn de bhuntáistí airgeadais ón bhfiontar.

5.2.   

Ní dhéantar printísigh ná mic léinn a ghabhann do ghairmoiliúint a bhfuil conradh printíseachta nó gairmoiliúna acu a áireamh mar bhaill den fhoireann. Ní chuirtear tréimhsí saoire máithreachais ná tuismitheora san áireamh.

6.   

Na sonraí a bhaineann le fiontar a bhunú

6.1.   

I gcás fiontar uathrialaitheach, cinntear na sonraí, lena n-áirítear an líon foirne, ar bhonn chuntais an fhiontair sin agus orthu sin amháin.

6.2.   

Maidir le fiontar ag a bhfuil fiontair chomhpháirtíochta nó fiontair nasctha dá dtagraítear i bpointe 3, déantar na sonraí a bhaineann leis, an líon foirne san áireamh, a chinneadh ar bhonn na gcuntas agus sonraí eile de chuid an fhiontair nó, sa chás gur ann dóibh, ar bhonn chuntais chomhdhlúite an fhiontair, nó ar bhonn na gcuntas comhdhlúite ina n-áirítear an fiontar trí chomhdhlúthú.

Leis na sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirtear na sonraí a bhaineann le haon fhiontar comhpháirtíochta de chuid an fhiontair i gceist agus atá go díreach réamhtheachtach nó iartheachtach uaidh. Is i gcomhréir leis an gcéatadán úis sa chaipiteal nó sna cearta vótála, cibé acu is mó, a dhéantar comhiomlánú. I gcás tras-sealúchas, bíonn feidhm ag an gcéatadán is airde.

Leis na sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír cuirtear 100 % de na sonraí a bhaineann le haon fhiontar atá nasctha go díreach nó go hindíreach leis an bhfiontar i gceist, i gcás nár cuireadh na sonraí san áireamh cheana le comhdhlúthú sna cuntais.

6.3.   

Chun pointe 6.2 a chur i bhfeidhm, díorthaítear sonraí na bhfiontar comhpháirtíochta den fhiontar i gceist óna gcuntais agus óna gcuid sonraí eile, na cinn chomhdhlúite más ann dóibh. Leo siúd cuirtear 100 % de shonraí na bhfiontar atá nasctha leis na fiontair chomhpháirtíochta sin, ach amháin i gcás inar cuireadh sonraí a gcuntas san áireamh cheana le comhdhlúthú.

Chun pointe 6.2 a chur i bhfeidhm, tá sonraí na bhfiontar atá nasctha leis an bhfiontar i gceist le díorthú óna gcuntas agus óna sonraí eile, na cinn chomhdhlúite más ann dóibh. Leis na sonraí sin cuirtear, pro rata, sonraí aon fhiontair comhpháirtíochta fhéideartha de chuid an fhiontair nasctha sin, ar fiontar go díreach réamhtheachtach nó iartheachtach é, ach amháin sa chás gur cuireadh san áireamh cheana féin iad sna cuntais chomhdhlúite de réir céatadán atá i gcomhréir ar a laghad leis an gcéatadán arna shainaithint faoi phointe 6.2, an dara mhír.

6.4.   

I gcás nach dtaispeántar sna cuntais chomhdhlúite aon sonraí foirne le haghaidh fiontar ar leith, ríomhtar na sonraí foirne sin trí chomhiomlánú a dhéanamh go comhréireach ar na sonraí óna fhiontair chomhpháirtíochta agus trí na sonraí ó na fiontair lena bhfuil an fiontar i gceist nasctha a chur leis an gcomhiomlánú sin.


(1)  Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoracha 2003/41/CE agus 2009/65/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2011/61/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2025/1099/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top