Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025H05635

Moladh ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2025 lena bhformhuinítear plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta na Gearmáine agus lena gceadaítear don Ghearmáin imeacht ó uasrátaí fáis glanchaiteachaisarna leagan síos ag an gComhairle faoi Rialachán (AE) 2024/1263 (An clásal éalaithe náisiúnta a ghníomhachtú)

ST/13308/2025/INIT

IO C, C/2025/5635, 22.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5635/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5635/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/5635

22.10.2025

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

an 10 Deireadh Fómhair 2025

lena bhformhuinítear plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta na Gearmáine agus lena gceadaítear don Ghearmáin imeacht ó uasrátaí fáis glanchaiteachaisarna leagan síos ag an gComhairle faoi Rialachán (AE) 2024/1263 (An clásal éalaithe náisiúnta a ghníomhachtú)

(C/2025/5635)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 121 de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1263, agus go háirithe Airteagail 17 agus 26 de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

BREITHNITHE GINEARÁLTA

(1)

Tháinig creat rialachais eacnamaíoch athchóirithe de chuid an Aontais i bhfeidhm an 30 Aibreán 2024. Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach (1), mar aon le Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (2), agus le Treoir 2011/85/AE leasaithe ón gComhairle maidir le ceanglais le haghaidh chreataí buiséadacha na mBallstát (3), is croíghnéithe de chreat rialachais eacnamaíoch athchóirithe an Aontais iad. Is é is aidhm don chreat airgeadas poiblí atá fónta inbhuanaithe, fás inbhuanaithe cuimsitheach agus athléimneacht a chur chun cinn trí athchóirithe agus infheistíochtaí, agus easnaimh iomarcacha rialtais a chosc. Cuirtear úinéireacht náisiúnta chun cinn ann agus béim níos mó á leagan ar an meántéarma; ina theannta sin, féachtar ann leis na rialacha a fhorfheidhmiú ar bhealach níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí.

(2)

Na pleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta a chuireann na Ballstáit faoi bhráid na Comhairle agus an Choimisiúin, tá siad i gcroílár an chreata nua rialachais eacnamaíoch. Bainfear dhá chuspóir amach leis na pleananna: (i) a áirithiú, inter alia faoi dheireadh na tréimhse coigeartúcháin, go mbeidh an t-ollfhiachas rialtais ar chonair anuas inchreidte, nó go bhfanfaidh sé ar leibhéil stuama, agus go dtabharfar agus go gcoinneofar an t-easnamh rialtais faoi bhun luach tagartha 3 % d’olltáirgeacht intíre (OTI), agus (ii) a áirithiú go ndéanfar athchóirithe agus infheistíochtaí lena bhfreagrófar ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus lena dtabharfar aghaidh ar thosaíochtaí coiteanna an Aontais. Chuige sin, ba cheart go gcuirfí i láthair i ngach plean gealltanas meántéarmach maidir le huasrátaí fáis glanchaiteachais (4), lena mbunaítear go héifeachtach srian buiséadach ar feadh ré an phlean, lena gcumhdaítear 4 nó 5 bliana (ag brath ar ghnáth-théarma an reachtais i mBallstát). Ina theannta sin, ní mór míniú a thabhairt sa phlean ar an gcaoi a n-áiritheoidh an Ballstát go ndéanfar athchóirithe agus infheistíochtaí lena bhfreagrófar ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, go háirithe sna moltaí tírshonracha (lena n-áirítear na moltaí sin a bhaineann leis an nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, más infheidhme), agus ar an gcaoi a dtabharfaidh an Ballstát aghaidh ar thosaíochtaí coiteanna an Aontais. Tréimhse 4 bliana a chumhdaítear leis an tréimhse le haghaidh coigeartú fioscach, a bhféadfar síneadh suas le 3 bliana a chur léi má thugann an Ballstát gealltanas tacar athchóirithe agus infheistíochtaí ábhartha a sholáthar lena gcomhlíontar na critéir a leagtar amach in Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2024/1263.

(3)

Tar éis an plean a thíolacadh, déanfaidh an Coimisiún measúnú i dtaobh cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann sé ceanglais Rialachán (AE) 2024/1263.

(4)

Déanfaidh an Chomhairle, ar mholadh a fháil ón gCoimisiún, moladh a ghlacadh ansin ina leagtar síos uasrátaí fáis glanchaiteachais an Bhallstáit lena mbaineann agus, i gcás inarb infheidhme, déanfaidh sí an tsraith gealltanas athchóirithe agus infheistíochtaí atá ina mbonn taca le síneadh a cuireadh leis an tréimhse coigeartaithe fhioscaigh a fhormhuiniú.

(5)

Foráiltear do sholúbthacht sa chreat agus na rialacha á gcur i bhfeidhm i gcásanna eisceachtúla nach bhfuil smacht ag na Ballstáit orthu agus a bhfuil tionchar mór acu ar an airgeadas poiblí, i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2024/1263. Sa chás sin, arna iarraidh sin do Bhallstát agus ar mholadh ón gCoimisiún bunaithe ar a chuid anailíse, féadfaidh an Chomhairle, laistigh de 4 seachtaine ón moladh ón gCoimisiún, moladh a ghlacadh lena gceadófar do Bhallstát imeacht óna uasrátaí fáis glanchaiteachais arna leagan síos ag an gComhairle (i) i gcás imthosca eisceachtúla nach bhfuil smacht ag an mBallstát sin orthu, agus (ii) i gcás ina bhfuil tionchar mór ag na himthosca sin ar airgeadas poiblí an Bhallstáit lena mbaineann, agus (iii) ar choinníoll nach gcuirfear inbhuanaitheacht fhioscach i mbaol sa mheántéarma mar gheall ar an diall sin. Sonróidh an Chomhairle teorainn ama le haghaidh an diallta sin.

NA BREITHNITHE MAIDIR LE PLEAN FIOSCACH-STRUCHTÚRACH MEÁNTÉARMACH NÁISIÚNTA NA GEARMÁINE

(6)

An 17 Iúil 2025, chuir an Ghearmáin a plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta faoi bhráid na Comhairle agus an Choimisiúin. Rinneadh an tíolacadh tar éis síneadh a chur leis an sprioc-am a leagtar amach in Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2024/1263, mar a comhaontaíodh leis an gCoimisiún i bhfianaise na gcúiseanna a sholáthair an Ghearmáin. Comhaontaíodh go ndeonófaí an síneadh toisc go raibh a thromlach parlaiminteach caillte ag an rialtas náisiúnta a bhí ann roimhe sin agus gur fógraíodh toghcháin pharlaiminteacha don 23 Feabhra 2025, as ar eascair roinnt seachtainí de chaibidlíocht comhghuaillíochta, as ar tháinig comhaontú comhghuaillíochta an 9 Aibreán 2025 agus bunú rialtais nua an 6 Bealtaine 2025.

An próiseas sular cuireadh an plean isteach

(7)

Chun bonn a chur faoin idirphlé as a dtiocfaidh tíolacadh pleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta, sheol an Coimisiún an 17 Meitheamh 2025, i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2024/1263, a réamhthreoraíocht ina raibh an chonair thagartha (5) chuig an nGearmáin. D’fhoilsigh an Coimisiún an chonair thagartha an 24 Iúil 2025 (6). Tá an chonair thagartha rioscabhunaithe agus áiritheofar léi, faoi dheireadh na tréimhse coigeartaithe fhioscaigh agus in éagmais bearta buiséadacha breise tar éis na tréimhse coigeartúcháin, go mbeidh an t-ollfhiachas rialtais ar chonair anuas inchreidte nó go bhfanfaidh sé ar leibhéil stuama sa mheántéarma, agus go dtabharfar an t-easnamh rialtais ghinearálta faoi bhun 3 % de OTI i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin agus go gcoinneofar é faoi bhun an luacha tagartha sin sa mheántéarma. Sainmhínítear an meántéarma mar an tréimhse 10 mbliana tar éis dheireadh na tréimhse coigeartúcháin. I gcomhréir le hAirteagail 7 agus 8 de Rialachán (AE) 2024/1263, tá an chonair thagartha comhsheasmhach freisin leis an gcoimirce inbhuanaitheachta fiachais agus leis an gcoimirce athléimneachta easnaimh.

Bunaithe ar thoimhdí an Choimisiúin agus ag glacadh leis go mbeidh tréimhse choigeartúcháin 7 mbliana ann, leagtar amach sa chonair thagartha a sholáthraítear don Ghearmáin nár cheart go dtiocfadh méadú níos mó ná na luachanna dá bhforáiltear i dTábla 1 ar an nglanchaiteachas. Comhfhreagraíonn an méid sin do mheánfhás glanchaiteachais 1,8 % in aghaidh na bliana le linn na tréimhse coigeartúcháin 7 mbliana (2025-2031) agus do mheánfhás glanchaiteachais 1,7 % in aghaidh na bliana le linn na tréimhse 5 bliana a chumhdaítear leis an bplean (2025-2029). 5 bliana (2025-2029) atá i gceist leis an bplean sin, seachas na 4 bliana is gnách a bheith ann, toisc, i bhfianaise na dtoghchán cónaidhme a bhí ar siúl go heisceachtúil i mí Feabhra 2025, go mbeidh an rialtas cónaidhme atá ann faoi láthair freagrach as cúig dhlí buiséid a ullmhú seachas ceithre cinn.

Tábla 1: Conair thagartha arna soláthar ag an gCoimisiún don Ghearmáin an 17 Meitheamh 2025

 

2025

2026

2027

2028

2029

2030

2031

Meán 2025–2029

Meán 2025–2031

Fás uasta glanchaiteachais (bliantúil, %)

1,8

1,6

1,7

1,8

1,9

1,9

1,9

1,7

1,8

Foinse: Ríomhanna an Choimisiúin.

(8)

I gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2024/1263, chuaigh an Ghearmáin agus an Coimisiún i mbun idirphlé teicniúil i mí an Mheithimh agus i mí Iúil 2025. Dhírigh an t-idirphlé ar uasrátaí fáis glanchaiteachais atá beartaithe ag an nGearmáin agus ar a toimhdí bunúsacha chomh maith leis an tacar gealltanas athchóirithe agus infheistíochta atá beartaithe chun tacú le síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin, lena n-áirítear athchóirithe lena gcumasaítear infheistíochtaí agus bearta lena ndírítear ar shimpliú, éifeachtúlacht agus feabhsú an tsoláthair saothair. San idirphlé, rinne an Ghearmáin agus an Coimisiún plé freisin ar sheachadadh beartaithe na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí lena bhfreagrófar ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus thosaíochtaí coiteanna an Aontais, is é sin aistriú cóir digiteach agus glas, an athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch, an tslándáil fuinnimh agus neartú na gcumas cosanta.

(9)

I mí Iúil 2025, i gcomhréir le hAirteagal 11(3) agus Airteagal 36(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2024/1263, de réir faisnéis a sholáthair an Ghearmáin ina plean, chuaigh an Ghearmáin i mbun próiseas comhairliúcháin le comhpháirtithe sóisialta agus le húdaráis réigiúnacha.

(10)

Thug an Chomhairle Cobhsaíochta, comhchomhlacht de chuid Chónaidhm na Gearmáine agus na Länder, tuairim (7) uaithi maidir leis an réamhaisnéis mhaicreacnamaíoch agus maidir leis na toimhdí maicreacnamaíocha atá mar bhonn taca le huasrátaí ilbhliantúla fáis glanchaiteachais. Ar an iomlán, measadh go raibh an chonair chaiteachais sa phlean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta i gcomhréir le rialacha an Aontais agus go dtacaíonn sí leis an bhfás eacnamaíoch. Thug an Chomhairle Cobhsaíochta dá haire nach bhféadfaí measúnú iontaofa a dhéanamh go dtí go ndéanfaí athbhreithniú ar an réamh-mheastachán náisiúnta i mí Dheireadh Fómhair 2025 agus leag sí béim ar a thábhachtaí atá sé bearta feabhsaithe fáis, smacht caiteachais agus athchóirithe struchtúracha a chur chun feidhme chun na spriocanna a bhaint amach.

(11)

Cuireadh an plean faoi bhráid na Parlaiminte an 20 agus an 21 Iúil 2025 trí na coistí parlaiminteacha ábhartha.

Próisis ghaolmhara eile

(12)

An 15 Deireadh Fómhair 2024, chuir an Ghearmáin isteach a Dréachtphlean Buiséadach le haghaidh 2025. Ghlac an Coimisiún tuairim maidir leis an Dréachtphlean Buiséadach sin an 26 Samhain 2024 (8). I bhfianaise forbairtí polaitiúla sa Ghearmáin, níor vótáil an pharlaimint náisiúnta ar dhréachtbhuiséad 2025, ar ar a bhonn a ghlac an Coimisiún a thuairim, ná níor fhormheas an pharlaimint náisiúnta é ná níor tháinig sé i bhfeidhm. Tar éis na dtoghchán cónaidhme, d’ullmhaigh an rialtas cónaidhme dréachtbhuiséad athbhreithnithe do 2025 agus bhí sé le glacadh ag an bparlaimint náisiúnta go déanach i mí Mheán Fómhair 2025. Thairis sin, ghlac an rialtas cónaidhme dréachtdlí buiséid 2026 an 30 Iúil 2025, tar éis an plean a chur isteach. Tá coinne leis go nglacfaidh an pharlaimint náisiúnta é go luath i mí na Nollag 2025. Meastar go gcuirfidh an Ghearmáin a Dréachtphlean Buiséadach le haghaidh 2026 isteach faoin 15 Deireadh Fómhair 2025.

(13)

An 24 Aibreán 2025, d’iarr an Ghearmáin go ndéanfaí an clásal éalaithe náisiúnta a ghníomhachtú chun freastal ar chaiteachas cosanta níos airde, i gcomhréir le hAirteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2024/1263 agus tar éis Theachtaireacht (C(2025)2000 final) ón gCoimisiún an 19 Márta 2025. Dá bhrí sin, cuireadh an iarraidh sin isteach sular cuireadh isteach an plean fioscach-struchtúrach meántéarmach. Rinne an Coimisiún measúnú ar an iarraidh ar an gclásal éalaithe náisiúnta a ghníomhachtú an tráth céanna leis an measúnú ar an bplean fioscach-struchtúrach meántéarmach. Dá bhrí sin, cuirtear san áireamh sa mheasúnú ar an bplean gníomhachtú an chlásail éalaithe náisiúnta, go háirithe i ndáil le tionchar na coimirce inbhuanaitheachta fiachais agus na coimirce athléimneachta easnaimh.

(14)

Bunaíodh an choimirce inbhuanaitheachta fiachais agus an choimirce athléimneachta easnaimh (Airteagail 7 agus 8 de Rialachán (AE) 2024/1263) chun a áirithiú go gcuirfidh na Ballstáit coigeartú fioscach íosta chun feidhme agus d’fhéadfaidís a bheith níos déine ná mar a cheanglaítear leis an gcur chuige atá bunaithe ar an inbhuanaitheacht. Ní chuirtear na coimircí sin san áireamh le linn thréimhse ghníomhachtaithe an chlásail éalaithe náisiúnta. Áirithítear leis an gcur chuige sin go gcuirfear coinníoll inbhuanaitheachta an chlásail éalaithe náisiúnta i bhfeidhm go cothrom maidir leis na Ballstáit uile.

(15)

An 8 Iúil 2025, chuir an Chomhairle sraith moltaí tírshonracha faoi bhráid na Gearmáine i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh (9).

ACHOIMRE AR AN bPLEAN AGUS MEASÚNÚ AN CHOIMISIÚIN AIR SIN

(16)

I gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2024/1263, rinne an Coimisiún measúnú ar an bplean mar a leanas:

Comhthéacs: an staid agus an t-ionchas maicreacnamaíoch agus fioscach

(17)

Tháinig laghdú 0,5 % ar ghníomhaíocht eacnamaíoch sa Ghearmáin in 2024, mar gheall ar laghdú ar onnmhairí agus ar infheistíocht. (10) De réir Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún, a foilsíodh i mí na Bealtaine 2025, meastar go n-éireoidh an geilleagar marbhánta in 2025, ós rud é go ndéantar an téarnamh ar thomhaltas príobháideach agus ar infheistíocht a fhritháireamh den chuid is mó le tionchar diúltach na nglan-onnmhairí. In 2026, meastar go dtiocfaidh méadú 1,1 % ar fhíor-OTI, le tacaíocht ó onnmhairí atá ag méadú arís agus fás leanúnach ar thomhaltas príobháideach agus infheistíocht phríobháideach. Le linn na tréimhse réamhaisnéise (i.e. 2025–2026), meastar go dtiocfaidh laghdú beag ar fhás ionchasach OTI sa Ghearmáin ó 0,5 % in 2024 go 0,3 % in 2025 agus in 2026, arna spreagadh go príomha ag laghdú daonrú in aois oibre, laghdú leanúnach ar na huaireanta d’fhostaithe in aghaidh an fhostaí, agus fás íseal tháirgiúlacht na bhfachtóirí uile. Ba é 3,4 % an ráta dífhostaíochta in 2024, agus is é réamh-mheastachán an Choimisiúin gurb é 3,6 % an ráta a bheidh ann in 2025 agus 3,3 % a bheidh ann in 2026. Réamh-mheastar go dtiocfaidh laghdú ar an mboilsciú (mar a shainmhínítear leis an díbhoilsceoir OTI) ó 3,1 % in 2024 go 2,4 % in 2025 agus 2,2 % in 2026. Ní raibh na beartais a bhí beartaithe ag an rialtas chun borradh a chur faoin gcaiteachas bonneagair agus cosanta mionsonraithe go leor fós le cur san áireamh i Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún faoina scoithdháta. Tugtar le fios sna heisiúintí sonraí agus sna forbairtí beartais ó foilsíodh Réamhaisnéis an Earraigh go bhféadfadh an fás eacnamaíoch in 2025 agus 2026 chomh maith leis an díbhoilsceoir OTI le haghaidh 2025 a bheith níos airde ná mar a bhí coinne leis leis san earrach.

(18)

Maidir le forbairtí fioscacha, ba é 2,8 % de OTI easnamh rialtais ghinearálta na Gearmáine in 2024. (11) De réir Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún, tá coinne leis go bhfanfaidh sé cobhsaí den chuid is mó ag 2,7 % de OTI in 2025 agus, ar an mbonn nach mbeidh aon athrú beartais ann, go dtiocfaidh méadú air go 2,9 % in 2026. 62,5 % de OTI a bhí san ollfhiachas rialtais ag deireadh 2024. De réir Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún, réamh-mheastar go dtiocfaidh méadú air go 63,8 % de OTI i ndeireadh 2025 agus go 64,7 % i ndeireadh 2026. Ní chuirtear san áireamh sna réamhaisnéisí sin fógraí beartais níos déanaí a luadh sa phlean meántéarmach, toisc gur cuireadh isteach é tar éis scoithdháta do Réamhaisnéis an Earraigh. An 24 Meitheamh agus an 30 Iúil 2025, ghlac rialtas cónaidhme na Gearmáine na buiséid chónaidhme le haghaidh 2025 agus 2026. Léirítear sna buiséid méadú ar chaiteachas agus easnamh in 2025 agus 2026 i gcomparáid le Réamhaisnéisí an Earraigh 2025 ón gCoimisiún.

Uasrátaí fáis glanchaiteachais agus na príomhthoimhdí maicreacnamaíocha sa phlean

(19)

Le plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta na Gearmáine, cumhdaítear an tréimhse 2025–2029 agus cuirtear coigeartú fioscach thar 7 mbliana i láthair ann (2025-2031).

(20)

Tá an fhaisnéis a cheanglaítear le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2024/1263 sa phlean, cé is moite d’fhaisnéis mhionsonraithe maidir le conair thagartha an Choimisiúin a cheanglaítear le hAirteagal 13, pointe (b), agus faisnéis maidir le dliteanais intuigthe agus theagmhasacha a cheanglaítear le hAirteagal 13, pointe (g), de Rialachán (AE) 2024/1263.

(21)

Tá gealltanas sa phlean go gcloífear leis na huasrátaí fáis glanchaiteachais a léirítear i dTábla 2, agus gníomhachtú an chlásail éalaithe náisiúnta á chur san áireamh, is é sin gan na ceanglais a eascraíonn as na coimircí (féach an chuid íochtarach de Thábla 2), a chomhfhreagraíonn do mheánfhás glanchaiteachais uasta 2,9 % thar na blianta 2025–2029. An meánfhás glanchaiteachais arna thuairisciú sa phlean le haghaidh na tréimhse coigeartúcháin (2025-2031), is airde é ná an chonair thagartha arna tarchur ag an gCoimisiún an 17 Meitheamh 2025. Tá measúnú an Choimisiúin bunaithe ar na huasrátaí fáis glanchaiteachais gan na ceanglais a eascraíonn as na coimircí. Ina theannta sin, tugann an Ghearmáin gealltanas maidir le sraith athchóirithe agus infheistíochtaí d’fhonn síneadh 7 mbliana a chur leis an tréimhse choigeartúcháin (2025–2031), tréimhse ar lena linn a bheartaítear go mbeidh meánfhás uasta glanchaiteachais 2,8 % ann.

Tábla 2: Fás glanchaiteachais uasta i bplean na Gearmáine

leis an gcoimirce inbhuanaitheachta fiachais agus leis an gcoimirce athléimneachta easnaimh agus gan iad

(rátaí fáis bliantúla agus carnacha in %, i dtéarmaí ainmniúla)

 

Síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin

 

 

2024

2025

2026

2027

2028

2029

2030

2031

Meánfhás i rith thréimhse bhailíochta an phlean 2025–2029

Meánfhás i rith na tréimhse coigeartúcháin 2025–2031

Lena n-áirítear tionchar na coimirce inbhuanaitheachta fiachais agus na coimirce athléimneachta easnaimh

Bliantúil

4,0

3,1

3,0

2,7

2,1

2,0

2,4

2,4

2,6

2,5

Carnach (*1)

 

3,1

6,2

9,0

11,3

13,5

16,3

19,1

n.b.

n.b.

Glan ar thionchar na coimirce inbhuanaitheachta fiachais agus na coimirce athléimneachta easnaimh (*2)

Bliantúil

4,0

4,4

4,5

2,3

1,7

1,6

2,7

2,7

2,9

2,8

Carnach (*1)

 

4,4

9,0

11,5

13,3

15,2

18,3

21,5

n.b.

n.b.

Foinse: Plean fioscach-struchtúrach meántéarmach na Gearmáine agus ríomhanna an Choimisiúin.

Impleachtaí ghealltanais ghlanchaiteachais an phlean maidir le hollfhiachas rialtais

(22)

Má thagann uasrátaí fáis glanchaiteachais ar tugadh gealltanas fúthu sa phlean (féach Tábla 2, an chuid íochtarach) agus na toimhdí foluiteacha chun cinn, thiocfadh méadú de réir a chéile ar ollfhiachas rialtais, de réir an phlean, ó 62,5 % de OTI ag deireadh 2024 go 64,4 % de OTI ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin (2031), mar a léirítear i dTábla 3. Tar éis na tréimhse coigeartúcháin, i.e. sa mheántéarma, réamh-mheastar go dtiocfaidh laghdú ar an ollfhiachas rialtais, agus go sroichfidh sé 56,5 % de OTI in 2041.

Tábla 3: Forbairtí maidir le hollfhiachas rialtais agus comhardú rialtais ghinearálta i bplean na Gearmáine

 

2024

2025

2026

2027

2028

2029

2030

2031

2041

Fiachas rialtais (% de OTI)

62,5

63,9

65,5

66,5

66,9

66,5

65,5

64,4

56,5

Comhardú rialtais (% de OTI)

-2,7

-3,3

-3,8

-3,2

-2,5

-1,8

-1,4

-1,1

-1,1

Foinse: Plean fioscach-struchtúrach meántéarmach na Gearmáine.

De réir an phlean, chuirfí an cóimheas idir fiachas rialtais ghinearálta agus OTI ar chonair anuas faoi dheireadh na tréimhse coigeartúcháin (2031). Tá sin inchreidte ós rud é, bunaithe ar thoimhdí an phlean, go réamh-mheastar go dtiocfaidh laghdú ar an bhfiachas i gcaitheamh na 10 mbliana tar éis na tréimhse coigeartúcháin faoi na tástálacha struis cinnteachaíocha uile in Anailís an Choimisiúin ar Inbhuanaitheacht an Fhiachais, agus go léiríonn na réamh-mheastacháin stocastacha go bhfuil dóchúlacht leordhóthanach ann go dtiocfadh laghdú ar an bhfiachas.

Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus ar thoimhdí maicreacnamaíocha an phlean, tá na huasrátaí fáis glanchaiteachais a chuirtear chun tosaigh sa phlean comhsheasmhach leis an gceanglas maidir leis an bhfiachas mar a leagtar amach in Airteagal 6, pointe (a), agus in Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2024/1263.

Impleachtaí ghealltanais ghlanchaiteachais an phlean maidir le comhardú an rialtais ghinearálta

(23)

Bunaithe ar uasrátaí fáis glanchaiteachais agus toimhdí an phlean, thiocfadh laghdú ar an easnamh rialtais ghinearálta ó 2,7 % de OTI in 2024 go 1,8 % de OTI in 2029 agus go 1,1 % de OTI ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin (2031). Dá bhrí sin, de réir an phlean, ní sháródh an comhardú rialtais ghinearálta an luach tagartha 3 % de OTI ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin (2031), cé go réamh-mheastar go sáróidh sé an luach sin i mblianta tosaigh an phlean.

Ina theannta sin, sna 10 mbliana tar éis na tréimhse coigeartúcháin (i.e. go dtí 2041), ní sháródh an t-easnamh rialtais 3 % de OTI. Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus toimhdí maicreacnamaíocha an phlean, tá na huasrátaí fáis glanchaiteachais a chuirtear chun tosaigh sa phlean comhsheasmhach leis an gceanglas maidir leis an easnamh mar a leagtar amach in Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2024/1263.

Próifíl ama an choigeartaithe fhioscaigh

(24)

Déantar próifíl ama an choigeartaithe fhioscaigh, arna tomhas mar an t-athrú bliantúil ar an bpríomhchomhardú struchtúrach, a shiarchoinneáil ó 2025–2026 go 2027–2031, i gcomparáid leis an gconair líneach dá dtagraítear mar riail faoi Airteagal 6, pointe (c), de Rialachán (AE) 2024/1263. Beartaítear leis an bplean beartais fhorleathnaitheacha in 2025–2026 arna spreagadh ag caiteachas méadaithe (féach aithris 27), agus comhdhlúthú suntasach thar 2027–2029. Tá sé beartaithe leis an staid fhioscach fhorleathnaitheach tosaigh sna chéad bhlianta den phlean tacú le gníomhaíocht agus infheistíocht tar éis 2 bhliain d’fhás diúltach fíor-OTI. Ar an iomlán, tá uasrátaí fáis glanchaiteachais thar thréimhse 5 bliana an phlean comhsheasmhach leis an gclásal coimirce maidir le siarchoinneáil a chosc a leagtar amach in Airteagal 6, pointe (c), de Rialachán (AE) 2024/1263, toisc go bhfuil an iarracht choigeartaithe fhioscaigh thar thréimhse an phlean (2025–2029) comhréireach leis an iarracht iomlán thar an tréimhse choigeartúcháin iomlán (2025–2031).

Tábla 4: Forbairtí maidir le comhardú príomha struchtúrach i bplean na Gearmáine

 

2024

2025

2026

2027

2028

2029

2030

2031

Príomhchomhardú struchtúrach (% de OTI)

-0,9

-1,3

-1,8

-1,2

-0,3

0,5

0,8

1,1

Athrú ar an bpríomhchomhardú struchtúrach (pointí céatadáin)

0,3

-0,4

-0,5

0,6

0,9

0,8

0,3

0,3

Foinse: Plean fioscach-struchtúrach meántéarmach na Gearmáine

Breithnithe sonracha maidir le cur i bhfeidhm na coimirce athléimneachta easnaimh agus na coimirce inbhuanaitheachta fiachais i gcás na Gearmáine le linn ghníomhachtú an chlásail éalaithe náisiúnta

(25)

De réir Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2024/1263, leanfar den choigeartú fioscach, i gcás inar gá, go dtí go sroichfidh an Ballstát lena mbaineann leibhéal easnaimh lena soláthraítear corrlach coiteann athléimneachta 1,5 % de OTI i dtéarmaí struchtúracha i gcoibhneas le luach tagartha easnaimh de 3 % de OTI (coimirce athléimneachta easnaimh). De réir Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2024/1263, is gá an cóimheas fiachais réamh-mheasta a laghdú faoi mheánmhéid bliantúil íosta 0,5 pointe céatadáin fad a fhanfaidh an cóimheas idir fiachas agus OTI idir 60 % agus 90 % (coimirce inbhuanaitheachta fiachais).

Má chomhlíontar coinníollacha gníomhachtaithe an chlásail éalaithe náisiúnta, agus ar feadh fhad an ghníomhachtaithe sin, ba cheart an tsolúbthacht cheadaithe a ríomh glan ar thionchar an dá choimirce sin chun cóir chomhionann a áirithiú i measc na mBallstát. Dá bhrí sin, san imthoisc shonrach sin, ba cheart an measúnú ar an bplean fioscach-struchtúrach meántéarmach agus an measúnú ar an iarraidh ar ghníomhachtú an chlásail éalaithe náisiúnta a dhéanamh ar bhealach comhtháite. Go háirithe, i bhfianaise ghníomhachtú an chlásail éalaithe náisiúnta, ní gá a fhíorú an bhfuil plean meántéarmach na Gearmáine comhsheasmhach leis na coimircí don tréimhse 2025–2028 a chumhdaítear leis an gclásal éalaithe náisiúnta. Don chuid eile den tréimhse choigeartúcháin (2029–2031), ós rud é nach mbeidh feidhm ag an gclásal éalaithe náisiúnta a thuilleadh, is gá a fhíorú an n-urramaíonn plean fioscach-struchtúrach meántéarmach na Gearmáine na coimircí.

An ceanglas a leagtar amach in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2024/1263 maidir leis an gcoimirce athléimneachta easnaimh, arb é is aidhm dó corrlach coiteann a sholáthar i gcoibhneas leis an luach tagartha easnaimh 3 % de OTI, tá feidhm aige maidir leis an nGearmáin ó 2029 ar aghaidh. In 2029, 2030 agus 2031, i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) 2024/1263, níor cheart, dá bhrí sin, an coigeartú bliantúil ar an bpríomhchomhardú struchtúrach a bhfuil coinne leis sa phlean meántéarmach a bheith níos lú ná 0,25 % de OTI má tá coinne leis go bhfanfaidh an t-easnamh struchtúrach os cionn 1,5 % de OTI sa bhliain roimhe sin, chun corrlach coiteann athléimneachta 1,5 % de OTI a bhaint amach i dtéarmaí struchtúracha. Is mó ná 0,25 % de OTI in 2029, 2030 agus 2031 an coigeartú fioscach a eascraíonn as gealltanais bheartais agus toimhdí an phlean. Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus toimhdí maicreacnamaíocha an phlean, tá na huasrátaí fáis glanchaiteachais a chuirtear chun tosaigh sa phlean comhsheasmhach leis an gcoimirce athléimneachta easnaimh don tréimhse 2029–2031.

I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) 2024/1263, ós rud é go mbeidh an t-ollfhiachas rialtais os cionn 60 % de OTI (ach faoi bhun 90 % de OTI) i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin de réir an phlean, ní mór an cóimheas fiachais a laghdú 0,5 pointe céatadáin ar a laghad ar an meán in aghaidh na bliana go dtí go dtitfidh sé faoi bhun 60 %. Ríomhtar an meánlaghdú thar an tréimhse 2029–2031 agus 0,8 pointe céatadáin atá i gceist leis. Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus toimhdí maicreacnamaíocha an phlean, tá na huasrátaí fáis glanchaiteachais a chuirtear chun tosaigh sa phlean comhsheasmhach leis an gcoimirce inbhuanaitheachta fiachais don tréimhse 2029–2031.

Toimhdí maicreacnamaíocha an phlean

(26)

Tá an plean bunaithe ar shraith toimhdí atá éagsúil leis na toimhdí ón gCoimisiún atá ina mbonn taca leis an gconair thagartha a tarchuireadh chuig an nGearmáin an 17 Meitheamh 2025 (féach Tábla 5). Go háirithe, úsáidtear toimhdí éagsúla sa phlean don seasamh tosaigh in 2024, don fhás a d’fhéadfadh a bheith ann, don fhíor-OTI agus don díbhoilsceoir OTI, trí shonraí níos déanaí a chur san áireamh. Is gá measúnú cúramach a dhéanamh ar na héagsúlachtaí sin, go háirithe ós rud é gur airde an meánfhás glanchaiteachais uasta sa phlean ná an meánfhás glanchaiteachais uasta sa chonair thagartha. Liostaítear thíos na difríochtaí idir na toimhdí a bhfuil an tionchar is mó acu ar an meánfhás glanchaiteachais, mar aon le measúnú ar gach difríocht arna breithniú ina haonar.

Úsáidtear fás aschuir féideartha rianúil sa phlean le linn na tréimhse 2024–2041, rud a fhágann go bhfuil meánaschur féideartha níos airde le linn na tréimhse coigeartúcháin sa phlean i gcomparáid le toimhdí an Choimisiúin agus, dá bhrí sin, cuireann sé le meánfhás glanchaiteachais níos airde. An fhéidearthacht sraith níos cobhsaí maidir le fás a d’fhéadfadh a bheith ann a úsáid, tá an fhéidearthacht sin i gcomhréir le hAirteagal 36(1), pointe (f), de Rialachán (AE) 2024/1263, ar choinníoll go bhfuil an fás carnach thar an tréimhse réamh-mheasta (i.e. suas le 2041) i gcomhréir tríd is tríd le toimhdí an Choimisiúin agus go bhfuil údar cuí leis an gcur i bhfeidhm de bharr argóintí eacnamaíocha, rud is amhlaidh sa phlean. Sa phlean, tá údar le cur i bhfeidhm an réitigh fáis a d’fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar éiginnteacht níos airde sa mheastachán mar gheall ar shuaití seachtracha maicreacnamaíocha a tharla le déanaí. Dá réir sin, meastar go bhfuil údar cuí leis an toimhde sin. Luaitear sa phlean gur dócha go gcuirfidh pacáiste spreagtha fhioscaigh na Gearmáine (arna spreagadh go príomha ag a Ciste Speisialta nua um Bonneagar agus Aeráidneodracht) borradh breise faoin ngníomhaíocht eacnamaíoch sna blianta ina dhiaidh sin tríd an infheistíocht bhreise phoiblí agus phríobháideach a bhfuil coinne léi.

Tábla 5: Príomhthoimhdí i bplean na Gearmáine

 

Síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin

 

 

2024

2025

2026

2027

2028

2029

2030

2031

Meánfhás i rith thréimhse bhailíochta an phlean 2025–2029

Meánfhás i rith na tréimhse coigeartúcháin 2025–2031

Fás OTI féideartha (%)

0,5

0,9

0,9

0,9

0,9

0,9

0,9

0,9

0,9

0,9

Boilsciú (fás díbhoilsceora OTI) (%)

3,1

2,7

2,6

2,6

2,6

2,5

2,5

2,4

2,6

2,6

Foinse: Plean fioscach-struchtúrach meántéarmach na Gearmáine agus ríomhanna an Choimisiúin.

Glactar leis sa phlean go mbeidh luachanna an díbhoilsceora OTI beagán níos airde le haghaidh 2025 agus 2026 i gcomparáid le toimhdí an Choimisiúin. Rannchuidíonn na díbhoilsceoirí níos airde le meánfhás glanchaiteachais níos airde thar an tréimhse choigeartúcháin sa phlean. Is é an t-údar leis an difríocht 0,3 pointe céatadáin idir an díbhoilsceoir OTI in 2025 i dtoimhdí an Choimisiúin agus an díbhoilsceoir OTI sa phlean sonraí níos déanaí don chéad ráithe de 2025 nár áiríodh i dtoimhdí an Choimisiúin. (12) Is féidir údar a thabhairt leis an difríocht 0,4 pointe céatadáin i ndíbhoilsceoirí OTI le haghaidh 2026 mar gheall ar éifeachtaí praghais an teannais sa trádáil dhomhanda agus an méadú nach beag a bhfuil coinne leis ar chaiteachas poiblí. I dteannta a chéile, tugann na hargóintí sin údar cuí leis an diall sin i ndíbhoilsceoirí maidir le figiúirí an Choimisiúin.

Níl tionchar mór ag an easnamh ceannlíne nuashonraithe in 2024 a áirítear sa phlean ar an meánfhás glanchaiteachais i gcomparáid le toimhdí an Choimisiúin. Tugtar le tuiscint leis sin gurb iad na difríochtaí i dtoimhdí, ar féidir glacadh leo ar an iomlán, an míniú atá ar an difríocht idir na huasrátaí fáis glanchaiteachais sa phlean agus na huasrátaí fáis glanchaiteachais sa chonair thagartha, i gcomhréir le hAirteagal 13, pointe (b), de Rialachán (AE) 2024/1263. Ar an iomlán, tá meánfhás glanchaiteachais sa phlean níos airde ná an chonair thagartha mar gheall ar an difríocht idir na toimhdí nuair a chuirtear le chéile iad.

Cuirfidh an Coimisiún an measúnú thuas ar thoimhdí an phlean san áireamh i measúnuithe amach anseo ar chomhlíontacht leis na huasrátaí fáis glanchaiteachais.

Straitéis fhioscach an phlean

(27)

De réir straitéis fhioscach tháscach an phlean, soláthrófar na gealltanais maidir le glanchaiteachas trí straitéis atá dírithe ar fhás a shaothrú a bheidh bunaithe ar infheistíochtaí poiblí, ar athchóirithe struchtúracha agus ar chomhdhlúthú de réir a chéile. Tá conair sa phlean ina bhfuil coigeartú iarchurtha, a bhfuil seasamh beartais leathnaitheach aige in 2025 agus 2026. Is é caiteachas níos airde atá dírithe ar infheistíocht is cúis, go leibhéal suntasach, leis an leathnú sin (féach Tábla 6), lena dtugtar aghaidh ar fhás eacnamaíoch marbhánta agus ar thearcinfheistíocht, agus atá maoinithe go mór ag Ciste Speisialta nuachruthaithe um Bonneagar agus Aeráidneodracht. Leis an gCiste Speisialta, caomhnaítear caiteachas atá dírithe ar infheistíocht mar nach gceadaítear caiteachas sa Chiste Speisialta ach amháin nuair is mó ná deich faoin gcéad dá chaiteachas iomlán (glan ar idirbhearta airgeadais agus míreanna áirithe a bhaineann le cosaint) an caiteachas infheistíochta a dhéantar sa chroíbhuiséad cónaidhme. Tar éis an leathnaithe fhioscaigh, déanfar iarrachtaí comhdhlúthaithe nach beag in 2027, 2028 agus 2029. Tá an straitéis chomhdhlúthaithe ag brath ar ioncam níos airde a ghineadh trí bhearta spreagtha fáis mar shampla costais maorlathais a laghdú 25 % trí dhigitiú agus simpliú dlíthiúil, trí bhearnaí maoiniúcháin a dhúnadh i réimse an mhéadaithe agus an chaipitil nuálaíochta, agus trí sholáthar oibrithe oilte a leathnú trí dhreasachtaí chun rannpháirtíocht i margadh an tsaothair a mhéadú agus trí phróisis inimirce níos fearr a bheith ann. Ó thaobh an chaiteachais de, tuairiscítear sa phlean meántéarmach go bhfuil sé ar intinn ag an rialtas athbhreithniú agus cuíchóiriú athfhillteach a dhéanamh ar na fóirdheontais agus na cláir chistiúcháin uile, sochair shóisialta a chomhdhlúthú, agus an fhoireann in aireachtaí agus sa riarachán parlaiminte náisiúnta a laghdú 8 % ar a laghad faoi 2029. Tá sonraíocht na rún sin agus na mbeart beartais atá le glacadh le deimhniú nó le coigeartú agus le cainníochtú sna buiséid bhliantúla.

Tacar gealltanas athchóirithe agus infheistíochta sa phlean chun bheith mar bhonn taca le síneadh leis an tréimhse coigeartaithe fhioscaigh

(28)

Sa phlean, tugann an Ghearmáin gealltanas i leith sraith athchóirithe agus infheistíochtaí, arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar an bhfás a d’fhéadfadh a bheith ann agus ar an inbhuanaitheacht fhioscach, chun tacú le síneadh a chur leis an tréimhse coigeartaithe fhioscaigh ó 4 bliana go 7 mbliana.

An tsraith athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca le síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin, tá sí comhdhéanta de dhá ghealltanas ó Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta na Gearmáine chomh maith le 15 athchóiriú agus infheistíocht nua. Áirítear leis sin na bearta seo a leanas (féach freisin Iarscríbhinn II):

Meitheal Cónaidhme-Länder le haghaidh riarachán poiblí éifeachtúil: Is gealltanas é an beart faoin bplean téarnaimh agus athléimneachta (beart 6.2.1) chun rialachas a dhéanamh níos éifeachtaí agus chun comhordú níos fearr a dhéanamh ar nósanna imeachta pleanála agus ceadaithe ar leibhéal na Cónaidhme agus ar leibhéal na Länder. Is é atá sa chéad dá chéim tuarascálacha ar dhul chun cinn ón meitheal a fhoilsiú faoi 2021 agus 2022, faoi seach. Leis an tríú céim, ba cheart 80 % ar a laghad de na bearta ón dara tuarascáil ar dhul chun cinn a chur chun feidhme faoi R1 2025.

An tAcht um Fhuinneamh Gaoithe amach ón gCósta: Is gealltanas é an beart faoin bplean téarnaimh agus athléimneachta (beart 7.1.5) chun na dálaí a chruthú chun dlús a chur le cur in úsáid tuirbíní gaoithe amach ón gcósta. In R1 2023, tháinig an tAcht um Fhuinneamh Gaoithe Amach ón gCósta i bhfeidhm agus, ar an gcaoi sin, laghdaíodh bacainní ar fhorbairt fuinnimh in-athnuaite agus an bhonneagair eangaí is gá trí na nósanna imeachta pleanála agus ceadaithe le haghaidh tionscadail ábhartha a shimpliú.

Oibríochtú an Chiste Speisialta um Bonneagar agus Aeráidneodracht: Is é is aidhm don athchóiriú an creat airgeadais a neartú chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha infheistíochta poiblí le haghaidh bonneagar náisiúnta. Tar éis an Ciste Speisialta um Bonneagar agus Aeráidneodracht a chruthú, ba cheart reachtaíocht lena mbunaítear na rialacha maidir leis an gcaoi a gcaithfear na cistí, go háirithe an critéar breisíochta le haghaidh infheistíochta, a theacht i bhfeidhm faoi R3 2025.

Liúntas taighde chun tacú le T&F: Is é is aidhm don bheart seo gníomhaíochtaí gnó T&F a neartú trí dhreasachtaí fioscacha. Is éard atá i gceist leis an athchóiriú dlí a ghlacadh chun bonn cánach agus caiteachas incháilithe an liúntais taighde a leathnú faoi R1 2026.

Laghdú ar an ualach riaracháin: Is é is aidhm don bheart seo ualaí maorlathacha ar ghnólachtaí, ar shaoránaigh agus ar riarachán a laghdú. Déanfar bearta feabhais a chuachadh i ndlíthe chun an t-ualach riaracháin a laghdú. Tá coinne leis go nglacfar reachtaíocht faoi R4 2027.

An dlí soláthair a shimpliú do na Fórsaí Armtha: Féachann an beart seo le rómhaorlathas a laghdú agus infheistíocht a chumasú trí dhlí soláthair na bhFórsaí Armtha Cónaidhme a shimpliú tríd an raon feidhme a leathnú le haghaidh nósanna imeachta soláthair simplithe, dlús a chur le nósanna imeachta agus iad a dhigitiú. Faoi R2 2026, tá coinne leis go dtiocfaidh reachtaíocht i bhfeidhm.

An dlí soláthair a shimpliú: Cosúil leis an mbeart roimhe seo, is é is aidhm don athchóiriú seo rómhaorlathas a laghdú agus infheistíocht a chumasú tríd an dlí soláthair a shimpliú tríd an raon feidhme a leathnú le haghaidh nósanna imeachta soláthair simplithe, dlús a chur le nósanna imeachta agus iad a dhigitiú. Faoi R2 2026, tá coinne leis go dtiocfaidh reachtaíocht i bhfeidhm.

Fostaíocht a éascú tar éis aois scoir a bhaint amach: Is é is aidhm don bheart sin feabhas a chur ar an soláthar saothair trí dheireadh a chur le dídhreasachtaí chun leanúint den obair tar éis na gnáthaoise scoir. Is é atá i gceist leis an athchóiriú deireadh a chur leis an toirmeasc ar réamhfhostaíocht (toirmeasc ar fhostaithe conradh sealadach a thairiscint, gan cúis oibiachtúil, d’oibrithe a bhí fostaithe roimhe sin) chun filleadh sealadach ar mhargadh an tsaothair a éascú tar éis dóibh aois scoir a bhaint amach faoi R2 2026.

Ionad ilfhreastail digiteach do náisiúnaigh tríú tír cháilithe: Is é is aidhm don bheart seo feabhas a chur ar an soláthar saothair trí imirce ardcháilithe a éascú. Is é atá i gceist leis an athchóiriú tús a chur le hardán lárnach TF do ghairmithe eachtracha a mheastar a bheith oibríochtúil faoi R4 2029.

Deiseanna oibre a leathnú do chónaitheoirí sealadacha: Is é is aidhm don bheart seo feabhas a chur ar an soláthar saothair trí rannpháirtíocht dídeanaithe sa mhargadh saothair a mhéadú. Is é atá i gceist leis an athchóiriú toirmisc ar oibriú do dhídeanaithe a laghdú go 3 mhí ar a mhéad tríd an reachtaíocht ábhartha a athrú faoi R4 2028.

An cháin tobac a leathnú: Is é is aidhm don bheart seo ioncam cánach a chosaint agus cosaint sláinte poiblí a neartú. Is é atá i gceist leis an athchóiriú dlí a ghlacadh chun síneadh a chur leis an tsamhail chánach tobac faoi R4 2026.

Infheistíocht tithíochta a éascú (‘Housing Turbo’ (Dlús a Chur le Tithíocht a Thógáil)): Is é is aidhm don bheart sin infheistíocht tithíochta a mhéadú trí rialacháin maidir le tógáil tithíochta a shimpliú. Is é atá i gceist leis an athchóiriú an reachtaíocht maidir le tógáil tithíochta a shimpliú trí dhíolúintí sealadacha rialacha, pleanáil níos solúbtha, rialacháin speisialta leathnaithe, agus treoirlínte níos soiléire maidir le coinbhleacht torainn faoi R1 2026.

Ciste caipitil fiontair le tacaíocht rialtais a chur ar bun: Is é is aidhm don bheart seo feabhas a chur ar rochtain ar mhaoiniú do ghnólachtaí nuathionscanta trí chaipiteal ó infheisteoirí institiúideacha a shlógadh. Is éard atá i gceist leis an athchóiriú tús a chur le tiomsú airgid do ‘Ciste fáis II’ atá dírithe ar infheisteoirí institiúideacha, agus an rialtas ina infheisteoir ancaire, faoi R4 2026.

Tuarascáil ar fhóirdheontais rialtais: Is é is aidhm don bheart seo ceapadh beartas fioscach a éascú trí éifeachtúlacht agus éifeachtacht na bhfóirdheontas a léiriú. Is é atá i gceist leis an athchóiriú dhá thuarascáil fóirdheontais cónaidhme a fhoilsiú ina ndéantar anailís ar thionchar na gclár fóirdheonaithe de réir na dtreoirlínte beartais fóirdheontais faoi R4 2025 agus R3 2027.

Athbhreithnithe caiteachais: Is é is aidhm don bheart seo bonn eolais a chur faoi cheapadh beartas fioscach trí réimsí ina bhféadfaí coigilteas costais a dhéanamh a shainaithint agus trí chaiteachas atá ann cheana a athailíniú le tosaíochtaí caiteachais nua. Díreoidh an chéad athbhreithniú caiteachais (arb é an 12ú athbhreithniú caiteachais arna dhéanamh ag an Aireacht Airgeadais) ar bhuiséadú ar bhonn feidhmíochta a fheabhsú. Foilseofar é faoi R4 2025. Déanfar scrúdú sna hathbhreithnithe caiteachais atá le teacht (dhá cheann ar a laghad) ar phríomhréimsí beartais, lena n-áirítear bearta atá ann cheana, cláir thacaíochta, agus seirbhísí reachtúla chomh maith le hábhair thrasearnálacha a chuimsíonn méid iomlán an bhuiséid. Foilseofar iad faoi R4 2028 agus R4 2029 ar a dhéanaí. Trí dhíriú ar aidhmeanna agus ar thionchair an chaiteachais cónaidhme, réitíonn athbhreithnithe caiteachais an bealach do bhainistiú buiséid feabhsaithe atá dírithe ar spriocanna agus ar thorthaí. Cuirfear conclúidí agus moltaí na n-athbhreithnithe caiteachais i bhfeidhm sa phróiseas pleanála buiséid.

Feabhas a chur ar na dálaí le haghaidh infheistíochtaí fuinnimh gheoiteirmigh: Is é is aidhm don bheart seo deireadh a chur le bacainní ar infheistíocht tríd an rialachán maidir le hinfheistíochtaí fuinnimh gheoiteirmigh a shimpliú. Is é atá i gceist leis an athchóiriú nósanna imeachta údarúcháin a shimpliú trí Acht um Dhlús a Chur le Fuinneamh Geoiteirmeach faoi R2 2026.

Feabhas a chur ar na dálaí le haghaidh infheistíochtaí hidrigine: Is é is aidhm don bheart seo deireadh a chur le bacainní ar infheistíocht tríd an rialachán maidir le hinfheistíochtaí hidrigine a shimpliú. Is é atá i gceist leis an athchóiriú pleanáil, ceadú agus nósanna imeachta soláthair gaolmhara a shimpliú trí Acht um Dhlús a Chur le Hidrigin faoi R3 2026.

(29)

I gcomhréir le hAirteagal 14(3) de Rialachán (AE) 2024/1263, tá gach athchóiriú agus infheistíocht atá mar bhonn taca le síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin mionsonraithe, tús-ualaithe, faoi cheangal ama agus infhíoraithe go leordhóthanach.

(30)

Gealltanais an phlean téarnaimh agus athléimneachta atá mar bhonn taca leis an síneadh, tá athchóirithe agus infheistíochtaí móra iontu atá dírithe ar fheabhas a chur ar an inbhuanaitheacht fhioscach agus ar acmhainneacht fáis an gheilleagair a fheabhsú. Ina theannta sin, tugann an Ghearmáin gealltanas leanúint den iarracht tabhairt faoin athchóiriú le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an bplean fioscach-struchtúrach meántéarmach agus na leibhéil infheistíochta a mhaoinítear go náisiúnta, a baineadh amach le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta, a choinneáil ar bun (féach thíos, Tábla 6). Déanfar faireachán ar na gealltanais le linn chur chun feidhme an phlean. Dá réir sin, is féidir gealltanais faoin bplean téarnaimh agus athléimneachta a chur san áireamh maidir le síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin dá bhforáiltear le hAirteagal 36(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2024/1263.

(31)

Leis an tsraith athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca leis an síneadh, meastar go gcuirfear feabhas ar acmhainneacht fáis agus athléimneachta gheilleagar na Gearmáine ar bhealach inbhuanaithe mar a cheanglaítear le hAirteagal 14(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2024/1263. Meastar sa phlean go mbeidh tionchar dearfach eacnamaíoch ag an bpacáiste de thart ar 1,0 % de OTI 2029 in 2029. Rinneadh an meastachán sin trí úsáid a bhaint as samhlacha cothromaíochta ginearálta stocastacha dinimiciúla an Choimisiúin (QUEST III). Eascraíonn an chuid is mó de na héifeachtaí fáis as trí bheart:

Meastar go rannchuideoidh oibríochtú an Chiste Speisialta um Bonneagar agus Aeráidneodracht le sciar níos airde infheistíochta, a mheastar go méadóidh sé OTI thar thréimhse an phlean. Tá an meastachán i gcomhréir leis an anailís a sholáthraítear i Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún maidir le héifeachtaí maicreacnamaíocha an Chiste Speisialta um Bonneagar agus Aeráidneodracht.

Leis na dlíthe maidir leis an ualach riaracháin a laghdú agus leis an simpliú ar an dlí soláthair, tá coinne leis go bhfeabhsófar éifeachtúlacht agus go gcruthófar gnóthachain táirgiúlachta. Bíonn brabúsacht níos airde ag gnólachtaí mar thoradh ar an laghdú ar fhorchostais. Tá sé sin i gcomhréir le meastacháin fhoilsithe ar na héifeachtaí a bhaineann le laghdú ar an ualach riaracháin (13). Is cosúil go bhfuil an baol go dtiocfaidh laghdú ar an bhfostaíocht fhoriomlán íseal toisc go bhfuil margadh saothair na Gearmáine docht.

Leis na bearta chun imirce oilte a éascú agus deiseanna oibre a leathnú do dhídeanaithe, meastar go gcuirfear feabhas ar an soláthar saothair agus, ar an gcaoi sin, ar an bhfás. Tá na meastacháin sin bunaithe ar chásanna ó dhá staidéar ar ghluaiseachtaí imirce, a ndearna Institiúid Kiel ceann acu arna iarraidh sin don Aireacht Geilleagair. (14)

Ar an iomlán, meastar go gcuirfidh an plean feabhas ar acmhainneacht fáis agus athléimneachta an gheilleagair trí aghaidh a thabhairt ar laigí a sainaithníodh roimhe seo mar shampla easpa infheistíochta agus laghdú ar an soláthar saothair.

(32)

An tacar athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca leis an síneadh, meastar go mbeidh sé ina thaca freisin don inbhuanaitheacht fhioscach mar a cheanglaítear le hAirteagal 14(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2024/1263. Measann an rialtas go mbeidh éifeacht fhioscach dar méid 0,2 % de OTI ainmniúil in aghaidh na bliana ag an tacar athchóirithe agus infheistíochtaí, a rachaidh suas, trí bhíthin carnadh, go 1,0 % de OTI ainmniúil 2024 le linn na tréimhse idir 2025-2029. Is trí éifeachtaí indíreacha den chuid is mó (0,9 %) a dhéantar é sin, rud a léiríonn an bhéim ar athchóirithe a chuireann leis an bhfás. Leis an síneadh leis an gcáin tobac, méadófar an t-ioncam cánach. Ina theannta sin, cuideoidh athbhreithnithe caiteachais agus athbhreithniú fóirdheontais le feabhas a chur ar cháilíocht an airgeadais phoiblí.

(33)

Leis an tacar athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca leis an síneadh, tugtar aghaidh ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais mar a cheanglaítear le hAirteagal 14(2), pointe (c) de Rialachán (AE) 2024/1263. Meastar go rannchuideoidh an chuid is mó de na bearta leis an athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch, i gcomhréir le prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Thairis sin, na dlíthe chun dlús a chur le hinfheistíocht fuinnimh gheoiteirmigh agus hidrigine, rannchuidíonn siad le haistriú cothrom glas agus digiteach chomh maith le slándáil fuinnimh a áirithiú in éineacht leis an Acht um Fhuinneamh Gaoithe Amach ón gCósta. Le simpliú an dlí soláthair agus úsáid teicneolaíochtaí digiteacha i bpróisis soláthair le haghaidh na bhFórsaí Armtha, tugtar aghaidh ar fhorbairt na gcumas cosanta.

(34)

Leis an tacar athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca faoin síneadh, tugtar aghaidh ar na moltaí tírshonracha ábhartha (15) arna n-eisiúint mar chuid den Seimeastar Eorpach mar a cheanglaítear le hAirteagal 14(2), pointe (d), de Rialachán (AE) 2024/1263. Go háirithe, leis an tsraith athchóirithe agus infheistíochta atá mar bhonn taca le síneadh, tugtar aghaidh ar mholtaí tírshonracha a bhaineann leis an méid seo a leanas:

moltaí fioscach-struchtúracha trí athchóirithe lena gcumasaítear infheistíocht phoiblí lena n-áirítear oibríochtú an Chiste Speisialta um Bonneagar agus Aeráidneodracht agus simpliú an dlí soláthair chomh maith le síneadh a chur leis an gcáin tobac, athbhreithnithe caiteachais agus an tuarascáil ar fhóirdheontais rialtais;

moltaí maidir le claochlú an gheilleagair tríd an liúntas taighde a leathnú chun tacú le T&F, an t-ualach riaracháin a laghdú lena n-áirítear déanamh amhlaidh trí theicneolaíochtaí digiteacha a úsáid, trí infheistíocht tithíochta a éascú agus trí chiste caipitil fiontair le tacaíocht rialtais a bhunú;

moladh maidir leis an aistriú glas chun an spleáchas foriomlán ar bhreoslaí iontaise allmhairithe a laghdú agus ról an fhuinnimh in-athnuaite sa chóras fuinnimh a éascú trí fheabhas a chur ar na dálaí le haghaidh infheistíochtaí fuinnimh gaoithe amach ón gcósta, fuinnimh gheoiteirmigh agus hidrigine, chomh maith le leictriú agus solúbthacht;

moladh maidir leis an margadh saothair trí fhostaíocht a éascú tar éis dóibh an aois scoir a bhaint amach, ionad ilfhreastail digiteach do náisiúnaigh tríú tír cháilithe agus deiseanna oibre a leathnú do chónaitheoirí sealadacha.

(35)

Áirithítear leis an bplean go gcoinneofar ar bun leibhéal foriomlán beartaithe na hinfheistíochta poiblí a mhaoinítear go náisiúnta arna réadú ar an meán i gcaitheamh na tréimhse a chumhdaítear leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta, mar a cheanglaítear le hAirteagal 14(2), pointe (e), de Rialachán (AE) 2024/1263.

Tábla 6: Infheistíocht phoiblí a mhaoinítear go náisiúnta sa phlean (% de OTI)

Meánleibhéal thar an tréimhse a chumhdaítear leis an bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta (2021-2026) (*3)

2025

2026

2027

2028

2029

An meán i gcaitheamh thréimhse an phlean

2,9

3,3

3,5

3,5

3,7

3,8

3,5

Foinse: Plean fioscach-struchtúrach meántéarmach na Gearmáine.

(36)

Ar deireadh, maidir leis an tsraith gealltanas um athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca le síneadh, is féidir a mheas go bhfuil siad comhsheasmhach leis na gealltanais sa Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta agus sa Chomhaontú Comhpháirtíochta a comhaontaíodh faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil mar a cheanglaítear le hAirteagal 14(4) de Rialachán (AE) 2024/1263.

(37)

Mar chonclúid, maidir leis an tsraith athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca le síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin, meastar go gcomhlíonann siad na critéir in Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2024/1263, nuair a chuirtear le chéile iad. Mar thoradh air sin, is féidir síneadh ó 4 bliana go 7 mbliana a chur leis an tréimhse choigeartúcháin, mar a chuirtear chun tosaigh sa phlean.

Rúin infheistíochta agus athchóirithe eile sa phlean a fhreagraíonn ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus lena dtugtar aghaidh ar thosaíochtaí coiteanna an Aontais

(38)

Sa bhreis ar an tacar athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca le síneadh leis an tréimhse choigeartúcháin, déantar cur síos sa phlean ar rúin bheartais a bhaineann le hathchóirithe agus infheistíochtaí eile chun na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh a fhreagairt, go háirithe na moltaí tírshonracha, agus chun aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais. Áirítear 35 athchóiriú agus infheistíocht sa phlean, agus faigheann ceithre cinn díobh tacaíocht airgeadais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Tá athchóirithe agus infheistíochtaí an phlean bunaithe go páirteach ar dhoiciméad straitéise rialtais atá ann cheana (‘Freagracht don Ghearmáin, Comhaontú Comhghuaillíochta idir CDU, CSU agus SPD, an 21ú Tréimhse Reachtach’). (16)

(39)

Maidir leis an tosaíocht choiteann arb é atá ann aistriú cóir glas agus digiteach, lena n-áirítear na cuspóirí aeráide a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119, déantar foráil sa phlean maidir le bearta oiliúna, mar shampla, maidir le hoiliúint a dhigitiú agus rannpháirtíocht dhigiteach foghlaimeoirí a spreagadh. Ina theannta sin, áirítear sa phlean athchóirithe agus infheistíochtaí arb é is aidhm dóibh líonraí digiteacha a leathnú trí leas sáraitheach poiblí a chinneadh maidir le leathnú líonra agus trí phleanáil agus formheas a shimpliú. Ina theannta sin, is é is aidhm don phlean rochtain ar cheartas a fheabhsú trí nósanna imeachta ar líne a thabhairt isteach sa cheartas sibhialta chomh maith le nósanna imeachta nótaire a shimpliú trí nós imeachta fíordheimhnithe dhigitigh a thabhairt isteach le haghaidh nótairí agus gníomhais eile. Áirítear sa phlean freisin comhchaighdeáin dhigiteacha a ghlacadh don riarachán poiblí chun rochtain aonfhoirmeach saor ó bhacainní ar sheirbhísí riaracháin a áirithiú (a áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta), agus dlí chun an comhrac in aghaidh na hoibre neamhdhearbhaithe a nuachóiriú agus a dhigitiú.

Tugtar tuairisc sa phlean freisin ar bhearta chun tógáil gléasraí cumhachta inseolta, forbairt, tiontú agus tógáil nua líonraí teasa aeráidneodracha (a áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta) a spreagadh chomh maith le leathnú spriocdhírithe na líonraí leictreachais. Thairis sin, tá pacáiste beart sa phlean arb é is aidhm dóibh comhpháirteanna cánach de phraghsanna leictreachais do thomhaltóirí tráchtála a laghdú agus rannpháirtíocht Stáit níos mó i gcostais líonra a áirithiú chun rannchuidiú leis an iomaíochas agus leis an leictriú, feabhas a chur ar an timpeallacht rialála le haghaidh gabháil agus stóráil carbóin/gabháil agus úsáid carbóin, agus leanúint den chistiú le haghaidh téamh agus athchóirithe d’fhoirgnimh éifeachtúla (a áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta) chomh maith le méadú ar chistiú cónaidhme le haghaidh líonraí téimh éifeachtúla agus aeráidneodracha. Déantar foráil sa phlean maidir le hathshlánú an ghréasáin iarnróid trí chonairí ardfheidhmíochta a uasghrádú. Chun rialachas agus pleanáil infheistíochta fadtéarmaí san iarnród a neartú, tugtar isteach leis an bplean an ‘Infraplan’ mar uirlis chistiúcháin cheangailteach lena dtugtar tús áite do thionscadail a bheidh ann amach anseo. Cuirfear an leictrea-shoghluaisteacht chun cinn trí dhreasachtaí cánach, díolúintí ó cháin ghluaisteáin, tacaíocht spriocdhírithe do theaghlaigh ar ioncam íseal, agus infheistíocht i mbonneagar luchtaithe agus i soghluaisteacht lasta astaíochtaí nialasacha (a áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta). Ar deireadh, tacaíonn an plean leis an nuálaíocht agus leis an dul chun cinn teicneolaíoch trí thosaíocht a thabhairt do chistiú taighde faoin gclár oibre ardteicneolaíochta, agus béim á leagan ar phríomhtheicneolaíochtaí mar shampla IS, an bhiteicneolaíocht agus réitigh aeráide, agus trí naisc níos láidre a chothú idir an taighde agus an tionsclaíocht. Tá sé beartaithe leis na bearta sin agus bearta eile sa phlean rannchuidiú le cur chun feidhme mholtaí tírshonracha 2025 maidir le scileanna, gairmoideachas agus gairmoiliúint agus foghlaim aosach, riarachán poiblí, bonneagar digiteach, digitiú an riaracháin phoiblí agus na seirbhísí poiblí, éifeachtúlacht fuinnimh, iompar, fuinneamh in-athnuaite, bonneagar agus líonraí fuinnimh agus taighde agus nuálaíocht.

(40)

Maidir le tosaíocht choiteann na hathléimneachta sóisialta agus eacnamaíche, lena n-áirítear Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, áirítear sa phlean athchóirithe agus infheistíochtaí arb é is aidhm dóibh dreasachtaí fostaíochta a fheabhsú agus dlús a chur le comhtháthú mhargadh an tsaothair tríd an tacaíocht bhunúsach ioncaim (Grundsicherung) do chuardaitheoirí poist a athstruchtúrú. Meastar go gcuirfidh Coimisiún um athchóiriú ar an stát leasa moltaí i láthair maidir le nuachóiriú an chórais leasa shóisialta agus a riaracháin agus maorlathas a laghdú sa chóras sin agus ina riarachán. Chun dreasachtaí a mhéadú chun fostaíocht shochrach a leathnú, déantar foráil sa phlean maidir le díolúintí cánach a thabhairt isteach le haghaidh forlíontaí ragoibre. Thairis sin, déantar foráil sa phlean freisin maidir le bearta le haghaidh cothromais tríd an oideachas mar shampla tacaíocht spriocdhírithe a chur ar fáil do scoileanna ina bhfuil cion ard daltaí atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta, tacaíocht bhreise d’oideachas agus cúram na luath-óige i limistéir faoi mhíbhuntáiste agus dóibh siúd a dhíríonn ar fhorbairt teanga leanaí a chur chun cinn chomh maith le feabhas a chur ar an mbonneagar d’oideachas agus cúram luath-óige ar fad. Ina theannta sin, déantar foráil sa phlean maidir le beart oiliúna uas-scilithe agus athscilithe, mar shampla, chun feabhas a chur ar an ngairmoiliúint, ar an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil, maidir le hoiliúint a dhigitiú agus tacaíocht d’oiliúint ar an láthair oibre. Chun deiseanna oideachais a fheabhsú, leathnaítear leis an bplean an clár infheistíochta le haghaidh cúram scoile lae iomláin. Ina theannta sin, cuirfear dlús le nósanna imeachta bonneagair trí dhlí nós imeachta comhchuibhithe. Mar chéim eile chun maorlathas a laghdú, tabharfar isteach athbhreithnithe ar fheabhsú próiseas chun na constaicí is mó i nósanna imeachta riaracháin a shainaithint agus chun aghaidh a thabhairt orthu. Ní mór sochair shóisialta a ailíniú agus a dhigitiú ar bhealach níos fearr chun rochtain a shimpliú agus chun maorlathas a laghdú. Is é is aidhm don phlean costais leictreachais a laghdú trí fhaoiseamh cánach agus trí chómhaoiniú cónaidhme táillí eangaí, nithe a thacóidh leis an leictriú. Tacófar le coigilteas príobháideach fadtéarmach trí phinsean luaththosaithe a thabhairt isteach do leanaí. Déantar foráil sa phlean maidir le daoine féinfhostaithe nua a áireamh sa chóras pinsin reachtúil arb é is aidhm dó slándáil seanaoise a neartú. Tá sé d’aidhm aige freisin an soláthar saothair a mhéadú trí dhreasachtaí cánach a chur ar fáil d’obair tar éis na haoise scoir. Cuirfear feabhas ar an rochtain ar chúram trí chóras cúraim phríomhúil, athchóiriú ar sheirbhísí éigeandála agus tarrthála, agus athstruchtúrú ospidéil, agus is é is aidhm d’athchóiriú ar chúram fadtéarmach an inbhuanaitheacht a áirithiú agus an t-ualach ar rannchuiditheoirí a laghdú. Tá nuachóiriú le déanamh ar an ngréasán iarnróid trí chonairí a athshlánú ar bhealach spriocdhírithe. Spreagfar infheistíocht ghnó trí dhímheas luathaithe a thabhairt isteach arís agus trí rátaí cánach corparáide a laghdú. Leathnófar an rochtain ar mhaoiniú trí mhaoiniú a fheabhsú d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus do ghnólachtaí nuathionscanta.

Ar deireadh, tugtar tacaíocht sa phlean do nuálaíocht trí thosaíocht a thabhairt don taighde ar phríomhtheicneolaíochtaí mar shampla IS, an bhith-theicneolaíocht agus an teicneolaíocht aeráide. Tá sé beartaithe leis na bearta sin agus bearta eile sa phlean rannchuidiú le cur chun feidhme mholtaí tírshonracha 2025 maidir leis an mbeartas cánachais, an timpeallacht ghnó, na córais phinsin agus an t-aosú gníomhach, riarachán poiblí, feidhmiú an mhargaidh saothair, scileanna, gairmoideachas agus gairmoiliúint agus foghlaim aosach, oideachas, bonneagar agus líonraí fuinnimh, taighde agus nuálaíocht agus iompar. Tá sé beartaithe leis na bearta sa phlean freisin cuidiú le hinacmhainneacht tithíochta a fheabhsú trí dhíriú ar an soláthar tithíochta a mhéadú.

(41)

Maidir le tosaíocht choiteann na slándála fuinnimh, áirítear sa phlean athchóirithe agus infheistíochtaí lena mbeartaítear athléimneacht agus solúbthacht an chórais fuinnimh a fheabhsú. Tugtar tuairisc sa phlean ar bhearta chun tógáil gléasraí cumhachta inseolta, chomh maith le forbairt, tiontú agus tógáil nua líonraí teasa aeráidneodracha a spreagadh (a áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta). Áirítear sa phlean freisin bearta maidir le líonraí agus stóráil a chur chun úsáide ar bhealach spriocdhírithe agus soláimhsithe don chóras, bearta atá beartaithe chun leathnú na heangaí a ailíniú leis an éileamh ar leictreachas agus le giniúint in-athnuaite. Tá sé beartaithe leis na bearta sin agus bearta eile sa phlean rannchuidiú le cur chun feidhme mholtaí tírshonracha 2025 maidir le fuinneamh in-athnuaite, bonneagar agus líonraí fuinnimh, éifeachtúlacht fuinnimh agus iompar.

(42)

Maidir le tosaíocht choiteann na gcumas cosanta, áirítear sa phlean athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca le síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin (féach aithris 32).

(43)

Ina theannta sin, áirítear sa phlean bearta beartais eile a théann níos faide ná tosaíochtaí coiteanna an Aontais, lena n-áirítear comhshocrú idir an chónaidhm agus Länder chun dlús a chur le nósanna imeachta pleanála agus ceadaithe, síneadh a chur leis na rialacha chun uasteorainn a chur leis an ualach rialála foriomlán, agus an Chomhairle Náisiúnta um Rialú Rialála a neartú arb é is aidhm di maoirseacht ar thionchair rialála a fheabhsú.

(44)

Cuirtear faisnéis ar fáil sa phlean maidir leis an gcomhsheasmhacht agus, i gcás inarb iomchuí, an chomhlántacht le plean téarnaimh agus athléimneachta na Gearmáine. Áirítear sa phlean bearta ón bplean téarnaimh agus athléimneachta cuir i gcás forbairt, tiontú agus tógáil nua líonraí teasa aeráidneodrachta agus leanúint den chistiú le haghaidh téimh agus athchóiriú d’fhoirgnimh éifeachtúla. Ina theannta sin, áirítear leis an bplean an leictrea-shoghluaisteacht a chur chun cinn trí dhreasachtaí cánach, díolúintí ó cháin ghluaisteáin, tacaíocht spriocdhírithe do theaghlaigh ar ioncam íseal, agus infheistíocht i mbonneagar luchtaithe agus i soghluaisteacht lasta astaíochtaí nialasacha. Ar deireadh, tá glacadh comhchaighdeán digiteach don riarachán poiblí ann chun rochtain aonfhoirmeach agus saor ó bhacainní ar sheirbhísí riaracháin a áirithiú.

(45)

Tugtar forléargas sa phlean ar riachtanais infheistíochta poiblí na Gearmáine a bhaineann le tosaíochtaí coiteanna an Aontais. Chun tacú le haistriú cothrom glas agus digiteach, luaitear sa phlean go bhfuil gá le hinfheistíochtaí substaintiúla san fhuinneamh in-athnuaite, in eangacha leictreachais, in éifeachtúlacht fuinnimh, i mbonneagar hidrigine, i dteicneolaíochtaí glan-nialasachta, agus i nuachóiriú digiteach na seirbhísí poiblí. Chun athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch a fheabhsú, tá gá le hinfheistíocht chun spleáchais straitéiseacha a laghdú, borradh a chur faoin taighde agus faoin nuálaíocht, agus iomaíochas a neartú, go háirithe trí thacaíocht a thabhairt do phríomhtheicneolaíochtaí mar shampla an mhicrileictreonaic, IS, an ríomhaireacht chandamach agus an bhith-theicneolaíocht. Chun slándáil fuinnimh a áirithiú, feictear d’údaráis na Gearmáine go bhfuil riachtanais infheistíochta ann maidir le bonneagar allmhairiúcháin gáis nádúrtha leachtaithe (GNL) agus gléasraí cumhachta gáis solúbtha íseal-astaíochta, atá beartaithe chun tacú leis an aistriú agus chun spleáchas ar sholáthróirí aonair a laghdú. Chun cumais chosanta a fhorbairt, déantar foráil sa phlean maidir le hinfheistíocht nach beag chun bearnaí trealaimh a dhúnadh, ullmhacht an Bundeswehr a neartú, agus gealltanais ECAT a chomhlíonadh, le tacaíocht ó chiste speisialta an Bundeswehr agus caiteachas leanúnach níos airde ar chosaint.

AN CLÁSAL ÉALAITHE NÁISIÚNTA A GHNÍOMHACHTÚ

(46)

Thug na Cinn Stáit nó Rialtais, nuair a tháinig siad le chéile in Versailles an 10 agus an 11 Márta 2022, gealltanas go ndéanfaí cumais chosanta Eorpacha a neartú i bhfianaise fhogha mhíleata na Rúise faoin Úcráin. Athdhearbhaíodh na haidhmeanna sin sa Chompás Straitéiseach um Shlándáil agus Cosaint. Sna Conclúidí ón gComhairle Eorpach maidir le cosaint na hEorpa an 6 Márta 2025, chuir sí in iúl gur díol sásaimh di an rún atá ag an gCoimisiún a mholadh go ndéanfaí an clásal éalaithe náisiúnta faoin gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis a ghníomhachtú, ar bhealach comhordaithe, mar bheart láithreach.

(47)

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Márta 2025 (17), d’iarr sé ar na Ballstáit ar fad úsáid a bhaint as an tsolúbthacht dá bhforáiltear leis an gclásal éalaithe náisiúnta ar bhealach comhordaithe d’fhonn an tionchar ar chumais chosanta an Aontais a uasmhéadú. Is é is aidhm don tsolúbthacht sin an t-aistriú chuig leibhéil níos airde caiteachais cosanta a éascú ar bhonn buan. De réir na Teachtaireachta sin, dá ndéanfaí an clásal éalaithe náisiúnta a ghníomhachtú, cheadófaí do na Ballstáit imeacht ó na huasrátaí fáis glanchaiteachais arna leagan síos ag an gComhairle agus na pleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha á bhformhuiniú acu, nó agus na conairí ceartaitheacha á mbunú acu faoin nós imeachta um easnamh iomarcach, a mhéid atá údar leis an diall sin mar gheall ar mhéadú ar chaiteachas cosanta i gcoibhneas leis an mbliain tagartha, agus a mhéid nach rachaidh an barrachas bliantúil le linn 2028 thar 1,5 % de OTI. Bheadh aon mhéadú thar an méid sin faoi réir na ngnáthmheasúnuithe ar chomhlíontacht. Tá gá leis an uasmhéid sin chun a áirithiú nach gcuirfear inbhuanaitheacht fhioscach i mbaol agus, an tráth céanna, chun go mbeidh na Ballstáit ar fad in ann tairbhiú den tsolúbthacht agus iad ag bogadh i dtreo leibhéal níos airde caiteachais cosanta. Cinnfear na méideanna beachta nuair a bheidh sonraí olltoraidh ar fáil, chun a áirithiú nach n-úsáidfear an tsolúbthacht bhreise ach amháin chun na críche atá beartaithe di.

(48)

An 24 Aibreán 2025, chuir an Ghearmáin iarraidh faoi bhráid na Comhairle agus an Choimisiúin chun an clásal éalaithe náisiúnta faoi Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2024/1263 a ghníomhachtú.

(49)

Ina hiarraidh, leagann an Ghearmáin amach, i gcomhthéacs teannas geopholaitiúil méadaithe, gur dúshlán eiseach don Aontas é cogadh foghach leanúnach na Rúise ar an Úcráin agus an bhagairt ar shlándáil na hEorpa a bhaineann leis, ar dúshlán é a dteastaíonn méadú mór ar chaiteachas cosanta chun dul i ngleic leis. Is imthoisc eisceachtúil é sin nach bhfuil smacht ag na Ballstáit uirthi.

(50)

1,0 % de OTI a bhí sa chaiteachas iomlán rialtais ghinearálta ar chosaint (Rannán 02 Aicmiú Fheidhmeanna an Rialtais (COFOG)) sa Ghearmáin in 2021, 1,0 % a bhí ann in 2022 agus 1,1 % de OTI a bhí ann in 2023 (Tábla 7). Bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthraítear sa phlean meántéarmach, caitheann an Ghearmáin 1,2 % agus 1,5 % de OTI ar an gcosaint in 2024 agus 2025 faoi seach. Ina theannta sin, tá sé beartaithe ag an nGearmáin a caiteachas cosanta a mhéadú go mór i dtreo sprioc ECAT agus an caiteachas cosanta méadaithe a choinneáil ar bun le linn an reachtais atá ann faoi láthair. Dá bhrí sin, tá tionchar mór ag an méadú ar chaiteachas cosanta ar airgeadas poiblí na Gearmáine.

Tábla 7: Caiteachas cosanta iomlán sa Ghearmáin

 

2021 a

2022 a

2023 a

2024 b

2025 b

Caiteachas cosanta iomlán rialtais ghinearálta (% de OTI)

1,0

1,0

1,1

1,2

1,5

Foinse: (a) Eurostat; (b) Faisnéis a thug an Ghearmáin don Chomhairle agus don Choimisiún.

(51)

Measann an Ghearmáin go mbeidh an méadú ar chaiteachas cosanta iomlán mar chóimheas le OTI ó 2021 go 2025 thart ar 0,5 pointe céatadáin agus, dá bhrí sin, go rannchuideoidh sé leis an gcomhardú rialtais a laghdú agus le fiachas rialtais a mhéadú.

(52)

Agus gach ní eile mar a chéile, beidh fiachas rialtais níos airde agus easnamh níos airde faoi dheireadh na tréimhse a chumhdaítear leis an gclásal éalaithe náisiúnta mar thoradh ar mhéadú ar chaiteachas i gcaitheamh na tréimhse sin. Le réamh-mheastacháin tháscacha arna ndéanamh ag an gCoimisiún agus ar bhonn na toimhde go gcuirfear an méadú iomlán ar chaiteachas rialtais a cheadaítear leis an gclásal éalaithe náisiúnta i bhfeidhm ar bhonn líneach faoi 2028, tugtar le fios go mbeadh an cóimheas idir easnamh agus OTI in 2028 2,5 pointe céatadáin níos airde agus go mbeadh an cóimheas idir fiachas agus OTI in 2028 4,8 pointe céatadáin níos airde ná mar a bheidís dá dtiocfadh méadú ar ghlanchaiteachas i gcomhréir le réamhthreoraíocht an Choimisiúin. Chuige sin, is dócha go mbeadh gá le coigeartú fioscach breise tar éis thréimhse ghníomhachtaithe an chlásail éalaithe náisiúnta chun ceanglais an chreata fhioscaigh a chomhlíonadh (18), lena n-áirítear é sin a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfear nó go bhfanfaidh an cóimheas fiachais ar chonair anuas inchreidte faoi dheireadh na tréimhse coigeartúcháin nó go bhfanfaidh sé ar leibhéil stuama faoi bhun 60 % de OTI agus go dtabharfaidh sé agus go gcoinneoidh sé an t-easnamh rialtais faoi bhun 3 % de OTI sa mheántéarma. Aithníonn an Ghearmáin go bhféadfadh, amach anseo, go mbeadh gá le beartais chun inbhuanaitheacht fhioscach agus comhlíonadh na rialacha fioscacha a chaomhnú sa mheántéarma mar gheall ar chaiteachas cosanta atá níos airde ó thaobh struchtúir de. Leis an méadú teoranta réamh-mheasta ar leibhéil easnaimh agus fiachais arb é an clásal éalaithe náisiúnta is cúis leis, mar aon le gealltanas na Gearmáine an coigeartú is gá a chur chun feidhme chun ceanglais uile an chreata fhioscaigh a chomhlíonadh sa chéad bhabhta pleananna eile, áirithítear go gcaomhnófar an inbhuanaitheacht fhioscach sa mheántéarma.

(53)

Déanann na húdaráis staidrimh náisiúnta agus Eurostat sonraí maidir le caiteachas cosanta rialtais ghinearálta a thiomsú agus a eisiúint, de réir COFOG idirnáisiúnta faoi chuimsiú Chóras Eorpach na gCuntas Náisiúnta (CCE 2010). Is iomchuí na sonraí sin a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar thionchar an chaiteachais cosanta ar easnamh rialtais, ar fhiachas rialtais agus ar ghlanchaiteachas rialtais, agus ar choincheapa gaolmhara. Is é Eurostat, agus é ag obair i ndlúthchomhar leis na húdaráis staidrimh náisiúnta, a bhunóidh próiseas bailithe sonraí. Ba cheart catagóirí COFOG maidir le cosaint a bheith mar thúsphointe leis sin a dhéanamh, agus ina theannta sin ba cheart sainmhíniú ECAT a chur san áireamh agus an fhéidearthacht a bheith ann i gcónaí aghaidh a thabhairt ar neamhréireanna a d’fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar dhifríochtaí sna córais tuairiscithe bhliantúil faoi seach. Ní mór an próiseas bailithe sonraí a ailíniú le sprioc-amanna tuairiscithe an nós imeachta um easnamh iomarcach.

(54)

Thairis sin, i gcás roinnt de na conarthaí le haghaidh trealamh míleata a shíneofar le linn thréimhse ghníomhachtaithe an chlásail éalaithe náisiúnta, d’fhéadfadh sé nach ndéanfaí an trealamh a sheachadadh go dtí céim níos déanaí, rud a d’fhágfadh nach n-imreofaí tionchar ar an airgeadas poiblí go dtí go mbeidh tréimhse ghníomhachtaithe an chlásail caite. Chun an cás sin a chumhdach, ba cheart feidhm a bheith ag an tsolúbthacht a dheonaítear faoin gclásal éalaithe náisiúnta freisin maidir le caiteachas cosanta a bhaineann leis an seachadadh níos déanaí sin, ar choinníoll go síneofar na conarthaí comhfhreagracha le linn thréimhse ghníomhachtaithe an chlásail agus go bhfanfaidh an caiteachas cosanta moillithe sin laistigh den uasteorainn fhoriomlán thuasluaite.

(55)

An caiteachas a mhaoinítear le hiasachtaí a chuirtear ar fáil leis an ionstraim nua um Ghníomhaíocht Slándála don Eoraip (SAFE) chun an tionscal cosanta Eorpach a threisiú, thairbheodh sé go huathoibríoch den tsolúbthacht thuasluaite. Chuige sin, an caiteachas ar fad a bhaineann le cosaint a dhéanfar faoi ionstraim SAFE faoi na catagóirí ‘táirgí cosanta’ agus ‘táirgí eile chun críche cosanta’ mar a shainmhínítear sa togra le haghaidh Rialachán lena mbunaítear Ionstraim SAFE, dhéanfadh na Ballstáit é sin a thuairisciú do Eurostat.

(56)

Ní mhodhnaítear leis an moladh sin na sainmhínithe ar easnamh rialtais, ar fhiachas rialtais agus ar ghlanchaiteachas rialtais, agus ar choincheapa gaolmhara. Ní mór don Ghearmáin sonraí bunaithe ar na coincheapa sin a thiomsú agus a thuairisciú i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2024/1263, (CE) Uimh. 479/2009 agus (AE) Uimh. 549/2013.

Conclúid mheasúnú an Choimisiúin ar phlean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta na Gearmáine

(57)

Ar an iomlán, i bhfianaise ghníomhachtú an chlásail éalaithe náisiúnta, tá an Coimisiún den tuairim go gcomhlíonann plean na Gearmáine ceanglais Rialachán (AE) 2024/1263.

CONCLÚID FHORIOMLÁN NA COMHAIRLE MAIDIR LE PLEAN FIOSCACH-STRUCHTÚRACH MEÁNTÉARMACH NÁISIÚNTA NA GEARMÁINE

(58)

Is díol sásaimh don Chomhairle plean fioscach-struchtúrach meántéarmach na Gearmáine agus measann sí go gcabhródh a chur chun feidhme iomlán le hairgeadas poiblí fónta a áirithiú agus le inbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí chomh maith le fás inbhuanaithe cuimsitheach a chur chun cinn.

(59)

Tugann an Chomhairle dá haire measúnú an Choimisiúin ar an bplean. Mar sin féin, iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún a mheasúnú ar phleananna a chuirfear faoina bráid amach anseo a thíolacadh i ndoiciméad ar leithligh nach ionann é agus an doiciméad ina leagtar síos na moltaí ón gCoimisiún le haghaidh moltaí ón gComhairle.

(60)

Tugann an Chomhairle dá haire measúnú an Choimisiúin ar an gconair ghlanchaiteachais agus na príomhthoimhdí maicreacnamaíocha sa phlean, lena n-áirítear i ndáil leis an treoir a thug an Coimisiún roimh ré, chomh maith leis na himpleachtaí a bhaineann le conair ghlanchaiteachais an phlean i ndáil le heasnamh agus fiachas rialtais. Tugann an Chomhairle dá haire go measann an Coimisiún go bhfuil údar cuí ar an iomlán leis na toimhdí maicreacnamaíocha agus fioscacha, cé go bhfuil siad éagsúil i gcásanna áirithe le toimhdí an Choimisiúin de bharr sonraí maicreacnamaíocha agus fioscacha nuashonraithe a bheith á gcur san áireamh, agus go bhfuil argóintí eacnamaíocha fónta mar bhonn taca leo. Tugann an Chomhairle dá haire straitéis fhioscach leathan an phlean agus na rioscaí don ionchas, a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar theacht chun cinn an cháis mhaicreacnamaíoch a thuartar sa phlean agus na dtoimhdí is bonn leis sin agus ar sheachadadh chonair ghlanchaiteachais an phlean. Tugann an Chomhairle dá haire freisin go bhféadfadh rioscaí geopholaitiúla brú a chur ar chaiteachas cosanta.

(61)

Tá an Chomhairle ag súil go mbeidh an Ghearmáin réidh chun a straitéis fhioscach a choigeartú de réir mar is gá chun a conair ghlanchaiteachais a áirithiú. Tá rún daingean ag an gComhairle dlúthfhaireachán a dhéanamh ar fhorbairtí eacnamaíocha agus fioscacha, lena n-áirítear iad siúd is bonn leis an gcás a thuartar sa phlean.

(62)

Measann an Chomhairle go bhfuil gá le tuilleadh plé chun teacht ar chomhthuiscint maidir leis na himpleachtaí bliantúla faireachais a bhaineann leis na rátaí fáis carnacha glanchaiteachais in am don chéad bhabhta eile den fhaireachas fioscach.

(63)

Formhuiníonn an Chomhairle na gealltanais athchóirithe agus infheistíochta a thíolaic an Ghearmáin ina plean meántéarmach atá mar bhonn taca faoi shíneadh na tréimhse coigeartúcháin agus is díol sásaimh di na hiarrachtaí chun an tionchar ar an bhfás agus ar an inbhuanaitheacht fhioscach a chainníochtú. Aontaíonn an Chomhairle leis an gCoimisiún go dtugann an tacar athchóirithe agus infheistíochta a thíolaic an Ghearmáin údar le síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin ó 4 bliana go 7 mbliana. Tugann an Chomhairle dá haire measúnú an Choimisiúin go gcomhlíonann an tacar athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca leis an síneadh critéir Airteagal 14 ina n-iomláine, agus foráil idirthréimhseach Airteagal 36(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2024/1263 á cur san áireamh freisin. Tugann an Chomhairle dá haire measúnú an Choimisiúin go meastar go gcuirfidh na gealltanais maidir le hathchóiriú agus infheistíocht feabhas ar acmhainneacht fáis agus athléimneacht an gheilleagair ar bhealach inbhuanaithe agus go dtacóidh siad leis an inbhuanaitheacht fhioscach. Molann an Chomhairle don Ghearmáin na gealltanais athchóirithe agus infheistíochta a chur chun feidhme ina n-iomláine chun síneadh na tréimhse coigeartúcháin a chaomhnú.

(64)

Tugann an Chomhairle dá haire an tuairisc ón gCoimisiún ar na riachtanais agus na rúin i ndáil le hathchóirithe agus infheistíochtaí, sa bhreis ar an measúnú ar an tacar athchóirithe agus gealltanas infheistíochta atá mar bhonn taca le síneadh leis an tréimhse choigeartúcháin, a fhreagraíonn ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, agus leagann sí béim ar a thábhachtaí atá sé a áirithiú go gcuirfear na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí sin i gcrích. Déanfaidh an Chomhairle, ar bhonn tuarascálacha a thíolacfaidh an Coimisiún, measúnú ar na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí sin agus déanfaidh sí faireachán ar a gcur chun feidhme faoi chuimsiú an tSeimeastair Eorpaigh.

(65)

Tá an Chomhairle ag tnúth leis na tuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn ón nGearmáin ina mbeidh, go háirithe, faisnéis faoin dul chun cinn i gcur chun feidhme na conaire glanchaiteachais mar a leag an Chomhairle síos í, agus faoin dul chun cinn i gcur chun feidhme athchóirithe agus infheistíochtaí i gcoitinne i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, chomh maith leis an dul chun cinn i gcur chun feidhme an tacair athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca le síneadh leis an tréimhse choigeartúcháin.

(66)

I gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1263, ba cheart don Chomhairle na huasrátaí fáis glanchaiteachais, ar tugadh gealltanas fúthu sa phlean, a mholadh don Ghearmáin, agus ba cheart an tsraith athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca le síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin go 7 mbliana a fhormhuiniú.

AG MOLADH LEIS SEO:

1.

le linn na tréimhse 2025-2029, go n-áiritheoidh an Ghearmáin nach sáróidh an fás glanchaiteachais na huasmhéideanna arna mbunú in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Moladh seo;

2.

le linn na tréimhse 2025 go 2028, go gceadófar don Ghearmáin imeacht ó na huasrátaí fáis glanchaiteachais mar a leagtar amach le pointe 1 den Mholadh seo agus iad a shárú a mhéid gur fíor an méid seo a leanas:

a)

nach mó an glanchaiteachas atá de bhreis ar na huasrátaí fáis sin ná an méadú ar chaiteachas cosanta in % de OTI ó bhí 2021 ann; agus

b)

nach mó an diall atá de bhreis ar na huasrátaí fáis glanchaiteachais ná 1,5 % de OTI;

3.

sna blianta tar éis 2028, go mbeidh cead fós ag an nGearmáin imeacht ó na huasrátaí fáis glanchaiteachais mar a leagtar amach le Moladh ón gComhairle i gcomhréir le hAirteagail 17 nó 19 de Rialachán (AE) 2024/1263, agus na huasrátaí sin a shárú, a mhéid a bhaineann an glanchaiteachas atá de bhreis ar na huasrátaí fáis sin le seachadtaí trealaimh mhíleata ar síníodh conradh ina leith roimh dheireadh 2028 agus a mhéid a fhanann an glanchaiteachas sin laistigh den uasteorainn fhoriomlán thuasluaite;

4.

i gcomhréir le hAirteagal 22(7) de Rialachán (AE) 2024/1263, nach ndéanfar na dialltaí ó na huasrátaí fáis glanchaiteachais arna leagan síos ag an gComhairle agus a cheadaítear leis an Moladh seo, a thaifeadadh mar dhochair i gcuntas rialaithe na Gearmáine;

5.

chun a áirithiú go ndéanfar an caiteachas breise a thaifeadadh i gceart, go n-áireoidh an Ghearmáin sonraí iarbhír agus sonraí beartaithe maidir le caiteachas cosanta iomlán (rannán 02 de COFOG), lena n-áirítear infheistíocht chosanta (rannán 02 P.51 de COFOG), agus caiteachas arna mhaoiniú le hiasachtaí SAFE nach gcumhdaítear in COFOG-02:

a)

le haghaidh na mblianta T-4, T-3, T-2 agus T-1 (sa chás inarb í bliain T an bhliain atá ann faoi láthair), sa tuairisciú don Choimisiún (Eurostat) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 479/2009 ón gComhairle;

b)

le haghaidh na mblianta 2021 go bliain T (an bhliain atá ann faoi láthair), i bpleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta agus i dtuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn i gcomhréir le hAirteagal 11(1), Airteagal 15, agus Airteagal 21(1) de Rialachán (AE) 2024/1263;

c)

le haghaidh na mblianta T (an bhliain atá ann faoi láthair) agus T+1, i ndréachtphleananna buiséadacha i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 473/2013;

6.

go gcuirfidh an Ghearmáin sraith athchóirithe agus infheistíochtaí chun feidhme atá mar bhonn taca le síneadh na tréimhse coigeartaithe fhioscaigh go 7 mbliana, mar a bhunaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Moladh seo, faoi na sprioc-amanna a léirítear.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 10 Deireadh Fómhair 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

S. LOSE


(1)  Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle (IO L, 2024/1263, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (IO L 209, 2.8.1997, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1997/1467/2024-04-30).

(3)  Treoir 2011/85/AE ón gComhairle an 8 Samhain 2011 maidir le ceanglais le haghaidh chreataí buiséadacha na mBallstát (IO L 306, 23.11.2011, lch. 41, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2011/85/2024-04-30).

(4)  Glanchaiteachas mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2024/1263 é, is é sin caiteachas rialtais atá glan (i) ar chaiteachas úis, (ii) ar bhearta lánroghnacha ioncaim, (iii) ar chaiteachas ar chláir an Aontais arna meaitseáil go hiomlán le hioncam ó chistí an Aontais, (iv) ar chaiteachas náisiúnta ar chómhaoiniú clár arna gcistiú ag an Aontas, (v) ar ghnéithe timthriallacha den chaiteachas ar shochar dífhostaíochta, agus (vi) ar bhearta aonuaire agus bearta sealadacha eile.

(5)  Sa réamhthreoraíocht a tarchuireadh chuig na Ballstáit agus chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais tá conairí nach gcuirtear síneadh leis an tréimhse choigeartúcháin iontu agus conairí ina gcuirtear síneadh léi (lena gcumhdaítear tréimhsí 4 bliana agus 7 mbliana, faoi seach). Áirítear ann freisin na príomhchoinníollacha tosaigh agus na toimhdí bunúsacha a úsáidtear i gcreat réamh-mheastacháin fiachais rialtais mheántéarmaigh an Choimisiúin Eorpaigh. Ríomhadh an chonair thagartha ar bhonn na modheolaíochta a thuairiscítear i dTuarascáil Faireacháin an Choimisiúin ar Inbhuanaitheacht Fiachais 2023 (https://economy-finance.ec.europa.eu/publications/debt-sustainability-monitor-2023_ga). Is ar Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún Eorpach agus ar a síneadh meántéarmach suas le 2034 atá sí bunaithe, agus tá fás fadtéarmach OTI agus na costais aosaithe i gcomhréir le Tuarascáil chomhpháirteach 2024 ar an Aosú ón gCoimisiún agus ón gComhairle (https://economy-finance.ec.europa.eu/publications/2024-ageing-report-economic-and-budgetary-projections-eu-member-states-2022-2070_ga).

(6)   https://economy-finance.ec.europa.eu/economic-and-fiscal-governance/national-medium-term-fiscal-structural-plans_en#Germany.

(7)  San áireamh i bplean na Gearmáine, lch. 106 ar lean., https://economy-finance.ec.europa.eu/document/download/07601136-78f2-41dc-a188-4a5127acdb9c_en?filename=2025-08-19_MTFSP_Final_EN_BF_a.pdf.

(8)  An Tuairim ón gCoimisiún maidir le Dréachtphlean Buiséadach na Gearmáine, 26.11.2024, C(2024)9051 final.

(9)  Moladh ón gComhairle maidir le beartais eacnamaíocha, shóisialta, fostaíochta, struchtúracha agus bhuiséadacha na Gearmáine, 8.7.2025.

(10)  Rinne Oifig Staidrimh Cónaidhme na Gearmáine (DESTATIS) athbhreithniú ar shonraí le haghaidh táscairí maicreacnamaíocha ábhartha, mar shampla figiúirí OTI ó 2008 go 2024. Tá torthaí an athbhreithnithe ar fáil ar https://www.destatis.de/DE/Presse/Pressemitteilungen/2025/07/PD25_278_811.html.

(11)  Foinse: Eurostat.

(*1)  Ríomhtar na rátaí fáis carnacha faoi threoir na bonnbhliana 2024.

(*2)  Is é 2025–2028 tréimhse ghníomhachtaithe an chlásail éalaithe náisiúnta.

(12)  Tugann sonraí don dara ráithe, a foilsíodh tar éis chur isteach an phlean, údar breise leis an difríocht i ndíbhoilsceoir OTI 2025.

(13)  Féach e.g. Roeger et al (2008): Athchóirithe Struchtúracha san Aontas Eorpach: Anailís bunaithe ar ionsamhlú lena n-úsáidtear samhail QUEST le fás inginiúil, https://ec.europa.eu/economy_finance/publications/pages/publication13531_en.pdf.

(14)  Institut für Weltwirtschaft Kiel (2021): Analyse und Prognose von Migrationsbewegungen, https://www.ifw-kiel.de/fileadmin/Dateiverwaltung/IfW-Publications/fis-import/712bf76b-fed4-4ad6-b827-4a5a04f42a3b-wipo_34.pdf; Destatis: 15. Koordinierte Bevölkerungsvorausberechnung, https://www.destatis.de/DE/Themen/Gesellschaft-Umwelt/Bevoelkerung/Bevoelkerungsvorausberechnung/begleitheft.html.

(15)  Na moltaí tírshonracha a mheastar a bheith ‘ábhartha’, is moltaí iad: (i) dá dtagraítear sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle maidir le formheas an mheasúnaithe ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta le haghaidh bearta a áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta agus (ii) a ghlac an Chomhairle in 2025.

(*3)  Toimhdítear agus glactar leis go mbeidh forluí idir an dá thréimhse. Tá sé beartaithe go mbeidh feidhm ag an gceanglas chun leibhéal na hinfheistíochta a choinneáil ar bun maidir leis na blianta tar éis dheireadh shaolré na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta.

(16)  Verantworung für Deutschland, Koalitionsvertrag zwischen CDU, CSU und SPD, 21. Legislaturperiode, https://www.koalitionsvertrag2025.de/sites/www.koalitionsvertrag2025.de/files/koav_2025.pdf.

(17)  Teachtaireacht (C (2025) 2000 final) ón gCoimisiún an 19 Márta 2025.

(18)  Féach an t-aguisín a ghabhann le Páipéar Institiúideach ECFIN 321: Assessment of the Fiscal Sustainability Condition for Member States Requesting the Activation of the National Escape Clause [Measúnú ar an gCoinníoll maidir le hInbhuanaitheacht Fhioscach le haghaidh na mBallstát a iarrann Gníomhachtú an Chlásail Éalaithe Náisiúnta], ar fáil anseo: https://economy-finance.ec.europa.eu/publications/assessment-fiscal-sustainability-condition-member-states-requesting-activation-national-escape_en.


IARSCRÍBHINN I

Uasrátaí fáis glanchaiteachais

(rátaí fáis bliantúla agus carnacha, i dtéarmaí ainmniúla)

an Ghearmáin

Blianta

2025

2026

2027

2028

2029

Rátaí fáis (%)

Bliantúil

4,4

4,5

2,3

1,7

1,6

Carnach (*1)

4,4

9,0

11,5

13,3

15,2


(*1)  Ríomhtar na rátaí fáis carnacha faoi threoir na bonnbhliana 2024. Baintear úsáid as na rátaí fáis carnacha san fhaireachán bliantúil ar chomhlíonadh ex post sa chuntas rialaithe.


IARSCRÍBHINN II

Sraith athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca le síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin go 7 mbliana

Athchóiriú/infheistíocht

Príomhchuspóir

Tuairisc agus uainiú na bpríomhchéimeanna

Táscaire (Táscairí) faireacháin

Oibríochtú an Chiste Speisialta um Bonneagar agus Aeráidneodracht

(beart nua)

An creat airgeadais a shonrú chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha infheistíochta poiblí le haghaidh bonneagar náisiúnta.

Tar éis an Ciste Speisialta um Bonneagar agus Aeráidneodracht a chruthú, beidh reachtaíocht ann lena mbunófar na rialacha maidir leis an gcaoi a gcaithfear na cistí, go háirithe an critéar breisíochta le haghaidh infheistíochta.

Céim 1: Faoi R3 2025, na dlíthe a ghlacadh chun an Ciste Speisialta um Bonneagar agus Aeráidneodracht a chruthú.

Céim 1: Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta

Liúntas taighde chun tacú le T&F

(beart nua)

Gníomhaíochtaí gnó T&F a neartú trí dhreasachtaí fioscacha.

Céim 1: Faoi R1 2026, dlí a ghlacadh maidir le síneadh a chur leis an mbonn cánach agus caiteachas incháilithe an liúntais taighde.

Céim 1: Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta

Laghdú ar an ualach riaracháin

(beart nua)

Ualaí maorlathacha ar ghnólachtaí, ar shaoránaigh agus ar riarachán a laghdú.

Déanfar bearta feabhais a chuachadh i ndlíthe chun an t-ualach riaracháin a laghdú.

Céim 1: Faoi R4 2027, reachtaíocht a ghlacadh maidir leis an ualach riaracháin a laghdú.

Céim 1: Reachtaíocht a ghlacadh

An dlí soláthair a shimpliú do na Fórsaí Armtha

(beart nua)

Rómhaorlathas a laghdú agus infheistíocht a chumasú tríd an dlí soláthair a shimpliú do na Fórsaí Armtha Cónaidhme.

Céim 1: Faoi R2 2026, dlíthe soláthair a shimpliú do na Fórsaí Armtha tríd an raon feidhme a leathnú le haghaidh nósanna imeachta soláthair simplithe, dlús a chur le nósanna imeachta agus iad a dhigitiú.

Céim 1: Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta

An dlí soláthair a shimpliú

(beart nua)

Rómhaorlathas a laghdú agus infheistíocht a chumasú tríd an dlí soláthair a shimpliú.

Céim 1: Faoi R2 2026, dlíthe soláthair a shimpliú tríd an raon feidhme a leathnú le haghaidh nósanna imeachta soláthair simplithe, dlús a chur le nósanna imeachta agus iad a dhigitiú.

Céim 1: Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta

Fostaíocht a éascú tar éis aois scoir a bhaint amach

(beart nua)

Feabhas a chur ar an soláthar saothair trí dheireadh a chur le dídhreasú chun leanúint den obair tar éis na gnáthaoise scoir.

Céim 1: Faoi R2 2026, deireadh a chur leis an toirmeasc ar réamhfhostaíocht chun filleadh sealadach ar mhargadh an tsaothair tar éis aois scoir a bhaint amach a éascú tríd an reachtaíocht ábhartha a athrú.

Céim 1: Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta

Ionad ilfhreastail digiteach do náisiúnaigh tríú tír cháilithe

(beart nua)

Feabhas a chur ar an soláthar saothair trí imirce ardcháilithe a éascú.

Céim 1: Faoi R4 2029, tús oibríochtúil a chur le hardán lárnach TF do ghairmithe eachtracha.

Céim 1: Tús a chur le hardán poiblí TF ar líne

Deiseanna oibre a leathnú do chónaitheoirí sealadacha

(beart nua)

Feabhas a chur ar an soláthar saothair trí rannpháirtíocht dídeanaithe sa mhargadh saothair a mhéadú.

Céim 1: Faoi R4 2028, toirmisc ar dhídeanaithe a bheith ag obair a laghdú go 3 mhí ar a mhéad tríd an reachtaíocht ábhartha a athrú.

Céim 1: Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta

An cháin tobac a leathnú

(beart nua)

Ioncam cánach a chosaint agus cosaint sláinte poiblí a neartú.

Céim 1: Faoi R4 2026, dlí a ghlacadh chun síneadh a chur leis an tsamhail chánach tobac.

Céim 1: Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta

Infheistíocht tithíochta a éascú (Dlús a Chur le Tithíocht a Thógáil)

(beart nua)

Infheistíocht tithíochta a mhéadú trí rialacháin maidir le tógáil tithíochta a shimpliú.

Céim 1: Faoi R1 2026, an reachtaíocht maidir le tógáil tithíochta a shimpliú trí dhíolúintí sealadacha rialacha, pleanáil níos solúbtha, rialacháin speisialta leathnaithe, agus treoirlínte níos soiléire maidir le coinbhleacht torainn.

Céim 1: Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta

Ciste caipitil fiontair le tacaíocht rialtais a chur ar bun

(beart nua)

Feabhas a chur ar rochtain ar mhaoiniú do ghnólachtaí nuathionscanta trí chaipiteal ó infheisteoirí institiúideacha a shlógadh.

Céim 1: Faoi R4 2026, tús a chur le tiomsú airgid don ‘Ciste fáis II’ atá dírithe ar infheisteoirí institiúideacha, agus an rialtas ina infheisteoir ancaire.

Céim 1: Litir sonraíochta le haghaidh ciste caipitil fiontair

Tuarascáil ar fhóirdheontais rialtais

(beart nua)

Ceapadh beartas fioscach a éascú trí éifeachtúlacht agus éifeachtacht na bhfóirdheontas a léiriú.

Céim 1: Faoi R4 2025, an chéad tuarascáil fóirdheontais cónaidhme a fhoilsiú ina ndéantar anailís ar thionchar na gclár fóirdheonaithe de réir na dtreoirlínte beartais fóirdheontais.

Céim 2: Faoi R3 2027, an dara tuarascáil fóirdheontais cónaidhme a fhoilsiú lena ndéantar anailís ar thionchar na gclár fóirdheonaithe de réir na dtreoirlínte beartais fóirdheontais.

Céim 1: An chéad tuarascáil fóirdheontais a fhoilsiú

Céim 2: An dara tuarascáil fóirdheontais a fhoilsiú

Athbhreithnithe caiteachais

(beart nua)

Bonn eolais a chur faoi cheapadh beartas fioscach trí réimsí ina bhféadfaí coigilteas costais a dhéanamh a shainaithint nó trí chaiteachas atá ann cheana a athailíniú le tosaíochtaí caiteachais nua.

Beidh an chéad athbhreithniú caiteachais (arb é an 12ú athbhreithniú caiteachais ón Aireacht Airgeadais é) dírithe ar bhuiséadú feidhmíochta a fheabhsú. Beidh an chéad dá athbhreithniú caiteachais ar a laghad dírithe ar phríomhréimsí beartais, lena gcumhdaítear bearta atá ann cheana, cláir thacaíochta, agus seirbhísí reachtúla chomh maith le hábhair thrasearnálacha a sainaithníodh laistigh de mhéid iomlán an bhuiséid. Cuirfear conclúidí agus moltaí na n-athbhreithnithe caiteachais i bhfeidhm sa phróiseas pleanála buiséid.

Céim 1: Faoi R4 2025, an chéad athbhreithniú caiteachais a fhoilsiú.

Céim 2: Faoi R4 2028, an dara hathbhreithniú caiteachais a fhoilsiú.

Céim 3: Faoi R4 2029, an tríú hathbhreithniú caiteachais a fhoilsiú. Déanfar an measúnú tráth a fhoilsithe.

Céim 1: An chéad athbhreithniú caiteachais a fhoilsiú.

Céim 2: An dara hathbhreithniú caiteachais a fhoilsiú.

Céim 3: An tríú hathbhreithniú caiteachais a fhoilsiú.

Feabhas a chur ar na dálaí le haghaidh infheistíochtaí fuinnimh gheoiteirmigh

(beart nua)

Deireadh a chur le bacainní ar infheistíocht tríd an rialachán maidir le hinfheistíochtaí fuinnimh gheoiteirmigh a shimpliú.

Céim 1: Faoi R2 2026, nósanna imeachta údarúcháin a shimpliú trí Acht um Dhlús a Chur le Fuinneamh Geoiteirmeach.

Céim 1: Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta

Feabhas a chur ar na dálaí le haghaidh infheistíochtaí hidrigine

(beart nua)

Deireadh a chur le bacainní ar infheistíocht tríd an rialachán maidir le hinfheistíochtaí hidrigine a shimpliú.

Céim 1: Faoi R3 2026, pleanáil, ceadú agus nósanna imeachta soláthair gaolmhara a shimpliú trí Acht um Dhlús a Chur le Hidrigin.

Céim 1: Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta

Meitheal Cónaidhme-Länder le haghaidh riarachán poiblí éifeachtúil (leasú 6.2.1 sa phlean téarnaimh agus athléimneachta)

Rialachas a dhéanamh níos éifeachtaí, níos dírithe ar an todhchaí agus níos fabhraí don nuálaíocht; Nósanna imeachta pleanála agus ceadaithe a chomhordú ar leibhéal na Cónaidhme agus ar leibhéal na Länder.

Cuirtear an mheitheal ar bun chun tuarascálacha ón meitheal a fhoilsiú ina mbeidh moltaí maidir le deontais, pleanáil agus ceadú.

Céim 1: Faoi R2 2021, an chéad tuarascáil ar dhul chun cinn a chríochnú ina mbeidh moladh

Céim 2: Faoi R2 2022, an dara tuarascáil ar dhul chun cinn a chríochnú

Céim 3: Faoi R1 2025, bailchríoch a chur ar 80 % ar a laghad de na bearta ón dara tuarascáil ar dhul chun cinn.

Céim 1: An chéad tuarascáil ar dhul chun cinn a fhoilsiú

Céim 2: An dara tuarascáil ar dhul chun cinn a fhoilsiú.

Céim 3: 80 % de na gníomhaíochtaí sa dara tuarascáil ar dhul chun cinn a chur i gcrích

(céim a ndéantar faireachán uirthi tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta)

An tAcht um Fhuinneamh Gaoithe Amach ón gCósta (leasú 7.1.5. sa phlean téarnaimh agus athléimneachta)

Na dálaí a chruthú chun dlús a chur le cur in úsáid tuirbíní gaoithe amach ón gcósta.

Céim 1: Faoi R1 2023, bacainní ar fhorbairt fuinnimh in-athnuaite agus an bhonneagair eangaí is gá a laghdú trí na nósanna imeachta pleanála agus ceadaithe le haghaidh tionscadail ábhartha a shimpliú.

Céim 1: Teacht i bhfeidhm an Achta um Fhuinneamh Gaoithe Amach ón gCósta

(céim a ndéantar faireachán uirthi tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta)


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5635/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top