This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025H02782
Council Recommendation of 13 May 2025 on the economic policy of the euro area
Moladh ón gComhairle an 13 Bealtaine 2025 maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro
Moladh ón gComhairle an 13 Bealtaine 2025 maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro
ST/6754/2025/INIT
IO C, C/2025/2782, 22.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2782/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/2782 |
22.5.2025 |
MOLADH ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Bealtaine 2025
maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro
(C/2025/2782)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 136 i gcomhar le hAirteagal 121(2) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 3(3)(a) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú (2), agus go háirithe Airteagal 6(1) de,
Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Beartas Eacnamaíoch,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 4 Samhain 2024, d’eisigh an Grúpa Euro, i bhformáid chuimsitheach, ráiteas maidir le hiomaíochas Gheilleagar na hEorpa (‘an ráiteas ón nGrúpa Euro’), inar leag sé béim ar an ngá atá le gníomhaíocht phráinneach chun aghaidh a thabhairt, trí infheistíocht uaillmhianach agus athchóirithe struchtúracha, ar tháirgiúlacht, nuálaíocht agus iomaíochas an Aontais atá tite ar gcúl. Chuir an Chomhairle Eorpach leis an nglao sin ar ghníomhaíocht ina dhiaidh sin, agus d’eisigh sí Dearbhú Bhúdaipeist i ndáil leis an gComhaontú Nua maidir le hIomaíochas na hEorpa an 8 Samhain 2024 (‘an dearbhú ón gComhairle Eorpach’). Tá an ráiteas ón nGrúpa Euro agus an dearbhú ón gComhairle Eorpach i gcomhréir le conclúidí ginearálta na tuarascála dar teideal The future of European competitiveness [Todhchaí iomaíochas na hEorpa] (‘tuarascáil Draghi’), agus na tuarascála dar teideal Much more than a market [Margadh Thar an gCoitiantacht] (‘tuarascáil Letta’), agus léirítear iontu comhthuiscint ar na dúshláin agus ar na deiseanna atá roimh gheilleagar an Aontais. Tugtar léargas iontu ar chur chun feidhme an Chreata Rialachais Eacnamaíoch nua (‘an creat’), tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1263, Rialachán (AE) 2024/1264 (3) ón gComhairle agus Treoir (AE) 2024/1265 (4) ón gComhairle an 30 Aibreán 2024. Tá sé d’aidhm ag an gcreat inbhuanaitheacht fiachais phoiblí a áirithiú agus fás inbhuanaithe cuimsitheach a chur chun cinn trí athchóirithe agus infheistíochtaí tosaíochta. Sna pleananna meántéarmacha a chuir na Ballstáit isteach faoin gcreat go dtí seo, leagtar béim ar athchóirithe agus ar infheistíochtaí arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar an iomaíochas. Sa mholadh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro, mar chuid den Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch, tugtar measúnú ar an mbeartas maicreacnamaíoch don limistéar euro, lena n-áirítear maidir le gnéithe fioscacha agus neamhfhioscacha araon. Trí bhéim a leagan ar na príomhdhúshláin mhacrastruchtúracha, agus na príomhdhúshláin institiúideacha, chomh maith leis na tosaíochtaí agus na moltaí atá dírithe go comhchoiteann ar an limistéar euro ina iomláine agus ar a Bhallstáit, cuirtear ardán ar fáil leis an Moladh seo le haghaidh plé beartais maidir le réimsí leasa choitinn Bhallstáit an limistéir euro. |
|
(2) |
Léirigh an limistéar euro athléimneacht mhaicreacnamaíoch agus shóisialta shuntasach, agus frithbhoilsciú tapa á shárú aige agus an tionchar is lú is féidir aige sin ar an bhfostaíocht. Ina theannta sin, chuir cumas an limistéir euro turraingí a sheasamh agus téarnamh, mar a chonacthas ina fhreagairt ar COVID-19 agus ar na géarchéimeanna fuinnimh, leis an toradh dearfach sin. Is é is cúis leis an athléimneacht sin, den chuid is mó, freagairt thráthúil chinntitheach chomhpháirteach bheartais ón Aontas, lena n-áirítear ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE) agus ó na Ballstáit, rud a chuidigh leis an ngeilleagar a mhaolú nuair a bhí géarchéimeanna móra ann. I ndáil leis sin, leis an staid fhioscach fhónta i roinnt Ballstát in 2019, le gníomhachtú tapa chlásal éalaithe ginearálta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis, agus le hionstraimí nua an Aontais, mar shampla NextGenerationEU agus SURE, in éineacht leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (‘CAI’), cuireadh spás fioscach ríthábhachtach ar fáil don limistéar euro, rud a d’fhág gurbh fhéidir freagairt fhioscach éifeachtach a thabhairt. Cuireadh le hathléimneacht an limistéir euro de bharr an chlaochlaithe struchtúraigh a rinneadh air le 10 mbliana anuas freisin. Tá na margaí saothair tar éis éirí níos solúbtha, agus léirigh córais airgeadais go bhfuil siad níos láidre ná mar a bhí siad le linn na géarchéime domhanda airgeadais. Sa tréimhse tar éis COVID-19, bhain an tomhaltas príobháideach tairbhe as margadh saothair láidir agus bearta tacaíochta beartais, cé gur fhan an ráta coigiltis ard. Neartaíodh infheistíocht phoiblí leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le cistí eile an Aontais. Ní raibh an infheistíocht phríobháideach chomh dinimiciúil céanna, go háirithe ó bhí 2022 ann i gcomhthéacs dálaí airgeadais níos doichte agus éiginnteacht mhaicreacnamaíoch dhomhanda fhorleathan. Idir an dá linn, bhí rannchuidiú na nglan-onnmhairí le fás OTI beagán dearfach mar gheall ar dhinimic lag allmhairí agus, le tamall beag anuas, bhí tionchar ag ilroinnt agus srianta trádála atá ag dul i méid ar onnmhairí. As seo amach, tar éis 0,4 % in 2023, meastar go bhfanfaidh fíorfhás OTI íseal ag thart ar 0,8 % in 2024 ach go dtiocfaidh méadú go 1,3 % air in 2025 agus 1,6 % in 2026. Le tomhaltas príobháideach níos láidre, meastar go gcuirfear dlús leis an ngníomhaíocht in 2025 agus 2026 de dhroim méaduithe ar fhíorphá agus fás fostaíochta atá leanúnach ach atá níos moille. Sa 2 bhliain amach romhainn, meastar go dtiocfaidh méadú níos mó de réir a chéile ar an infheistíocht iomlán le tacaíocht ó infheistíocht phríobháideach agus ó infheistíocht phoiblí láidir ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, agus meastar go dtacóidh méadú ar an éileamh seachtrach le honnmhairí. |
|
(3) |
Tháinig méadú mór ar an mboilsciú ceannlíne tar éis na géarchéime fuinnimh go dtí leibhéil arda (arb é 10,6 % an buaicphointe a bhí ann i mí Dheireadh Fómhair 2022 le haghaidh mheán an limistéir euro), ach meastar go dtiocfaidh laghdú go 2,1 % air in 2025 agus go dtiocfaidh laghdú breise go 1,9 % air in 2026. Idir an dá linn tháinig laghdú freisin ar dhifreálacha boilscithe sa limistéar euro, difreálacha a leathnaigh in 2022, agus meastar go bhfanfaidh siad gar do na meáin stairiúla. Is teist é an próiseas frithbhoilscithe den chuid is mó ar leachtú na bhfórsaí eisginiúla as ar eascair méaduithe móra ar phraghsanna fuinnimh, bia agus seirbhísí le 3 bliana anuas. Léiríonn sé freisin an tionchar a bhí ag na gníomhaíochtaí beartais cinntitheacha a rinne BCE. Mar fhreagairt ar an mborradh tosaigh ar an mboilsciú, chuir BCE sraith méaduithe ar rátaí úis chun feidhme arb é is aidhm dóibh ionchais bhoilscithe a choinneáil seasmhach agus chun smacht a choinneáil ar phraghsanna, agus ag an am céanna tosú ar a phunanna sócmhainní a laghdú. Ní raibh beartas airgeadaíochta chomh teoranta céanna le déanaí d’fhonn a áirithiú go mbainfeadh cobhsú inbhuanaithe leis an mboilsciú agus go mbainfeadh sé amach an sprioc mheántéarmach 2 % arna socrú ag BCE. |
|
(4) |
D’fhan na margaí saothair láidir in 2024 d’ainneoin gníomhaíocht eacnamaíoch a bheith lagaithe. Tháinig méadú 3 mhilliún ar an bhfostaíocht sa limistéar euro idir deireadh 2022 agus lár 2024 agus shroich an líon post an líon is airde riamh. Bhí fás láidir san fhostaíocht ar fud aoisghrúpaí, inscne agus leibhéal na gnóthachtála oideachais. Tháinig méadú freisin ar rannpháirtíocht an lucht saothair, a bhí ag an leibhéal ab airde riamh in 2024, cé go bhfuil dúshláin fós ann, go háirithe do mhná, oibrithe óga agus scothaosta, Romaigh agus daoine faoi mhíchumas. Ach oiread le roinnt mhaith geilleagair shárfhorbartha eile, bhain an limistéar euro tairbhe as insreabhadh mór imirce, lena n-áirítear ón Úcráin agus ó limistéir eile, rud a chuir leis an soláthar saothair agus a chuidigh le ganntanais saothair agus scileanna a laghdú i dtionscail agus i dtíortha áirithe. I mí Dheireadh Fómhair 2024 cobhsaíodh ráta dífhostaíochta an limistéir euro ag thart ar 6,3 %, an ráta is ísle riamh. Le déanaí, ní raibh an méadú céanna le feiceáil i gcás ganntanas saothair agus scileanna de bharr daonra níos lú in aois oibre agus éileamh ar scileanna nua, rud a d’éirigh níos measa mar gheall ar an téarnamh tapa ón gcúlú eacnamaíoch a bhí ann de dheasca na paindéime. Mar sin féin, tá ganntanais mhóra lucht saothair fós ann i roinnt mhaith tionscal. Chuir brabúis chorparáideacha láidre, agus dinimicí an chláir chomhardaithe le héileamh láidir ar shaothar. Le déanaí, tháinig laghdú ar sciar na ngnólachtaí a dhearbhaíonn go gcuireann an saothar teorainn lena dtáirgeadh agus ar an ráta folúntais poist óna mbuaicphointí stairiúla, cé go bhfuil siad fós ard agus os cionn na leibhéal a bhí ann roimh an bpaindéim. |
|
(5) |
In 2023 agus 2024, tháinig méadú ar phá ainmniúil mar gheall ar thimpeallacht ardbhoilscithe agus margadh saothair docht. Sa dara ráithe de 2024, tháinig méadú 4,5 % ar chúiteamh ainmniúil in aghaidh an fhostaí (meán an limistéir euro) i gcomparáid leis an tréimhse chéanna in 2023, ráta atá beagán níos ísle ná an ráta a bhí ann in 2023. I réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún, measadh go dtiocfadh fás láidir ar phá ainmniúil in 2024, agus meastar go maolóidh sé in 2025. I dtaca le fíorphá, ar tháinig laghdú air in 2022 agus sa chéad leath de 2023, thosaigh sé ag téarnamh sa tríú ráithe de 2023. Leis an méadú a tháinig ar an sciar brabúis le blianta beaga anuas agus an laghdú air ina dhiaidh sin, tugtar le fios go bhfuil méaduithe ar phá á n-ionsú ag gnólachtaí trí chorrlaigh bhrabúis a laghdú seachas praghsanna a ardú. Is léiriú é an téarnamh leanúnach de réir a chéile i bhfíorphá den chuid is mó ar dhinimic na coinbhéirseachta agus is cosúil go bhfuil na hionchais reatha maidir le fás pá ainmniúil agus táirgiúlachta ag teacht le filleadh ar an sprioc bhoilscithe mheántéarmach de 2 %. Tacaíodh le hioncam ag bun an dáilte ioncaim le haistrithe rialtais agus le méaduithe ar phá íosta araon le bliain anuas. Mar sin féin, tá gá le hiarrachtaí breise chun pá leordhóthanach agus poist ardcháilíochta a chur chun cinn, ós rud é nach bhfuil baol na bochtaineachta ach beagán níos ísle ná mar a bhí in 2019 agus go bhfuil anás airgeadais teaghlach fós ard tar éis méadú le linn na géarchéime fuinnimh, i gcás na dteaghlach is ísle ioncam agus na dteaghlach íseal-mheánioncaim araon. |
|
(6) |
Tá saincheisteanna struchtúracha seanbhunaithe ag an limistéar euro, a bhfuil tionchar acu ar a iomaíochas. Ina measc seo tá táirgiúlacht mharbhánta, bacainní sa mhargadh inmheánach, infheistíocht phríobháideach neamhleor, nuálaíocht theoranta agus scaipeadh teoranta teicneolaíochtaí digiteacha, praghsanna fuinnimh arda, agus ualach riaracháin. D’éirigh fás tháirgiúlacht na bhfachtóirí uile – méadrach táirgiúlachta lena gcuirtear deireadh leis an méadú ar fhostaíocht agus ar chaipiteal – marbhánta le blianta beaga anuas, níos mó ná i bpiar-réigiúin idirnáisiúnta eile ar nós na Stát Aontaithe. Is ábhar imní é an staid sin maidir le cumas an limistéir euro iomaíochas a choinneáil ar bun i dtimpeallacht dhomhanda ina dtarlaíonn athruithe teicneolaíocha go tapa. Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, tá gá le cur chuige ilghnéitheach. Áirítear leis an gcur chuige sin dlús a chur leis an nuálaíocht agus ardteicneolaíochtaí agus ardbhonneagair dhigiteacha lena mbaineann astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle a fhorbairt, lena n-áirítear trí choigeartú samhlacha gnó a spreagadh agus trí dhul i ngleic le ganntanais scileanna agus feabhas a chur ar rochtain ar bhonneagar digiteach freisin, i gcás inar gá. Ina theannta sin, beidh sé ríthábhachtach i gcónaí an nuálaíocht a scaipeadh ar fud tionscal agus gnólachtaí, scileanna sa lucht saothair a mhéadú, go háirithe scileanna glasa agus digiteacha, an t-ualach riaracháin a laghdú, tráth a bheifear ag cloí leis na cuspóirí beartais agus a mbeidh caighdeáin an Chomhshocraithe Ghlais á gcosaint ag an am céanna. Chomh maith leis sin, tá sé ríthábhachtach an margadh inmheánach a dhoimhniú, trí bhacainní a bhaint, agus rialacha an mhargaidh inmheánach a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú i gceart, go háirithe trí mhargaí caipitil an Aontais a chomhtháthú, chun borradh a chur faoi iomaíochas an limistéir euro. Ina theannta sin, laghdaítear iomaíochas costais roinnt tionscal de dheasca praghsanna fuinnimh a bheith níos airde ná piaraí idirnáisiúnta. Fágann sé sin go bhfuil gnólachtaí faoi mhíbhuntáiste, go háirithe tionscail dianfhuinnimh a bhíonn ag brath ar ola agus ar ghás. |
|
(7) |
Seasann an tAontas amach ar an leibhéal domhanda i dtéarmaí taighde bunúsach (nó buntaighde), tá leibhéil inchomparáide chaiteachais phoiblí aige ar thaighde agus forbairt i gcomparáid lena iomaitheoirí, ach tá moill air sa taighde feidhmeach agus ó thaobh torthaí taighde a thiontú ina dtáirgí indíolta, go háirithe sa nuálaíocht dhigiteach ardteicneolaíochta. Tá sé ríthábhachtach nach dtitfidh an limistéar euro ná an tAontas chun deiridh ar mhórgheilleagair eile i dtreochtaí nuálaíochta atá ann faoi láthair, lena n-áirítear an t-aistriú glas, an digitiú, an intleacht shaorga (IS), leathsheoltóirí agus an ríomhaireacht chandamach, an spás agus an bhith-theicneolaíocht. Ós rud é go bhfuil níos mó tábhachta ag baint leo, tá sé ríthábhachtach acmhainneachtaí i dteicneolaíochtaí digiteacha straitéiseacha a fhorbairt, agus láidreachtaí an Aontais a shaothrú, chun seasamh an Aontais mar cheannródaí domhanda na teicneolaíochta, a cheannasacht agus a athléimneacht theicneolaíoch a threisiú agus chun neamhspleáchas straitéiseach oscailte an Aontais a choinneáil ar bun. Ina theannta sin, is féidir le bacainní ar shoghluaisteacht an eolais agus na tallainne ar fud thíortha na hEorpa bac a chur ar ghnóthú iomlán acmhainneacht an Aontais sa nuálaíocht, sa táirgiúlacht agus san iomaíochas. Chun borradh a chur faoin táirgiúlacht, is gá dlús a chur faoin nuálaíocht agus cur leis an infheistíocht sa taighde agus san fhorbairt, go háirithe infheistíocht ón earnáil phríobháideach, lena n-áirítear trí infheistíochtaí poiblí taighde agus forbartha spriocdhírithe agus dea-chalabraithe lenar féidir iarrachtaí príobháideacha taighde agus forbartha a ghiaráil. Tá infheistíocht i gcaipiteal daonna ríthábhachtach anois, de réir mar a théann geilleagair i ngleic le brúnna na n-athruithe tapa teicneolaíocha agus déimeagrafacha. Cé go bhfuil feabhas ag teacht ar ghnóthachtáil oideachais threasaigh san Eoraip ar an iomlán, tá an meath ar fheidhmíocht bunscileanna i measc daoine óga ina ábhar imní agus tá dul chun cinn i bhfad rótheoranta déanta maidir le rannpháirtíocht daoine fásta san fhoghlaim, rud a chuireann bac ar thorthaí oideachais agus ar fhás táirgiúlachta go luath amach anseo. Thairis sin, éilíonn an t-aistriú dúbailte i dtreo an digitithe agus an ghlasaithe go bhforbrófar scileanna nua, idir bhunscileanna agus scileanna níos forbartha agus speisialaithe. Ní mór aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin go léir le tionscnaimh oideachais agus oiliúna spriocdhírithe ar feadh na saolré iomláine. Trí thosaíocht a thabhairt don oideachas, don oiliúint agus d’fhorbairt scileanna, is féidir leis an Aontas borradh a chur faoin nuálaíocht, faoin táirgiúlacht agus faoin iomaíochas. |
|
(8) |
Teastaíonn dálaí tacaíochta ó ghnólachtaí an Aontais chun barainneachtaí scála a éascú agus chun a bhfás agus a méadú a chothú agus chun go n-éireoidh leo sna margaí domhanda. Léirítear i suirbhéanna gur minic a théann castacht na timpeallachta rialála agus oibleagáidí tuairiscithe carnacha agus rialacha casta cánach i bhfeidhm ar chinntí infheistíochta gnólachtaí agus ar ionchais leathnaithe gnólachtaí sa limistéar euro agus san Aontas. Bíonn tionchar ag teannas geopholaitiúil, baol na hilroinnte geografaí, srianta trádála agus ábhair imní maidir leis an tslándáil eacnamaíoch, ar an rochtain ar amhábhair agus ar theicneolaíochtaí criticiúla, ar fhás na gcuideachtaí sin freisin. Trí dhlús a chur leis an aistriú chuig geilleagar níos ciorclaí, chuideofaí le dul i ngleic le ganntanas na n-amhábhar criticiúil, agus d’fhéadfaí iomaíochas thionscal na hEorpa a neartú a thuilleadh trí infheistíocht a chothú le comhpháirtithe idirnáisiúnta an Aontais ag an am céanna, lena n-áirítear trí thionscnamh na Tairsí Domhanda agus trí chur chuige Fhoireann na hEorpa. Chun acmhainní a shlógadh d’earnálacha a léiríonn acmhainneacht d’fhás ard táirgiúlachta, is gá deireadh a chur le scrogaill ar chaipiteal agus ar athdháileadh lucht saothair. Sa mhargadh fuinnimh, tá sé ríthábhachtach idirnaisc eangaí leordhóthanacha chostéifeachtacha a fhorbairt agus úsáid éifeachtúil a bhaint as na nasic sin atá ann cheana, go háirithe idirnaisc thrasteorann, chun táirgeoirí agus tomhaltóirí a nascadh thar limistéir gheografacha leathana. Ina theannta sin, chun go mbeifear in ann freagairt don éileamh, chun ról na solúbthachta a mhéadú agus chun rannchuidiú le costais fuinnimh a laghdú, tá sé ríthábhachtach éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú agus teicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle a imscaradh agus a úsáid, trí phobail fuinnimh freisin. Is féidir tacú le gníomhaíocht ghnó agus le hinfheistíocht trí dheireadh a chur le hualach riaracháin nach bhfuil gá leis agus tríd an bpróiseas deonaithe ceadanna a shimpliú agus borradh a chur faoi. Cuidíonn athchóirithe struchtúracha, mar shampla na hathchóirithe sin a fhaigheann tacaíocht ó chistí an Aontais atá sna pleananna fioscacha-struchtúracha meántéarmacha, le hiomaíochas na mBallstát a threisiú. Le fás agus forbairt inbhuanaithe chuimsitheach, cabhraítear le héagothromaíochtaí idir réigiúin na hEorpa a laghdú agus le cóineasú sóisialta aníos a chothú. Mar sin féin, tá acmhainneacht iomlán an mhargaidh inmheánaigh, breis agus 30 bliain tar éis a bhunaithe, fós tearcshaothraithe. D’fhéadfaí beartais chun táirgiúlacht a fheabhsú ar an leibhéal náisiúnta a shainaithint, a chur in ord tosaíochta agus a chomhordú ar bhealach níos fearr. Níl Boird Náisiúnta Táirgiúlachta bunaithe ag na Ballstáit uile chun na críche sin ná níor bhain siad úsáid éifeachtach as acmhainneacht na mBord Náisiúnta Táirgiúlachta sin a bunaíodh. Trí chóineasú rialála agus comhtháthú eacnamaíoch a threisiú, d’fhéadfaí borradh a chur faoin infheistíocht phríobháideach, faoin táirgiúlacht agus faoin acmhainneacht nuálach, chomh maith le héagsúlú agus slándáil na slabhraí soláthair le haghaidh ghnólachtaísan Aontas. Ina theannta sin, beidh ar an Aontas dul i ngleic go cúramach leis na comhbhabhtálacha a d’fhéadfadh a bheith ann idir páirt bhreise a ghlacadh sa trádáil oscailte agus an tslándáil eacnamaíoch a neartú, ar thaobh amháin, agus spriocanna an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan a bhaint amach agus, ag an am céanna, cothrom iomaíochta domhanda a áirithiú trí ionstraimí cosanta trádála a úsáid a thuilleadh in aghaidh cleachtas trádála éagórach, ar an taobh eile. Chuige sin, tá gá le cur chuige comhordaithe agus comhlántacht bheartais ar leibhéal na mBallstát agus ar leibhéal an Aontais araon. |
|
(9) |
Tá cuid mhór coigilteas á dhéanamh sa limistéar euro. Má dhírítear iad ar infheistíochtaí táirgiúla trí mhargaí caipitil, is féidir leo tacaíocht mhór mhaoiniúcháin a sholáthar do na haistriú glas agus don aistriú digiteach, rud a chuideoidh leis an mbearna iomaíochais a dhúnadh. Braitheann cion mór de ghnólachtaí an limistéir euro ar an earnáil baincéireachta mar fhoinse maoiniúcháin, ach le blianta beaga anuas, mar gheall ar dhálaí dochta maoiniúcháin atá bunaithe ar bhainc, tá sé níos deacra infheistíocht a dhéanamh. Mar sin féin, tá laghdú ag teacht ar chostas an chreidmheasa ar ghnólachtaí, rud atá ag teacht leis an laghdú ar rátaí beartais. Níl caipiteal fiontair ná maoiniú neamhbhainc, go háirithe le haghaidh gnólachtaí nuálacha, ar fáil ar an leibhéal céanna agus atá sna Stáit Aontaithe. Cé gur féidir ról a bheith ag infheistíocht phoiblí, le tacaíocht ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ó chistí eile de chuid an Aontais, beidh cuid mhór maoinithe phríobháidigh de dhíth chun dul i ngleic leis an dúshlán a bhaineann le hiomaíochas an limistéir euro a fheabhsú, agus tacú le hinfheistíocht ghlas agus dhigiteach ag an am céanna. Beidh ról tábhachtach ag margaí caipitil atá oscailte, comhtháite agus dea-fheidhmiúil chun tacú le sreabhadh na n-infheistíochtaí príobháideacha sa nuálaíocht agus chun maoiniú leordhóthanach a chur ar fáil chun teacht leis an dúshlán infheistíochta sin. Le hAontas Coigiltis agus Infheistíochta Eorpach, mar a mholtar i dTuarascálacha Letta agus Draghi, d’fhéadfaí earnálacha airgeadais agus baincéireachta iomaíocha dea-fheidhmiúla a chur chun cinn, feabhas a chur ar iomaíochas, agus cuidiú le saibhreas ollmhór na gcoigilteas príobháideach a ghiaráil chun go leor maoiniúcháin a chur ar fáil do dheiseanna infheistíochta. Ar an iomlán, d’fhéadfadh sé sin rannchuidiú le maoiniú níos éasca don nuálaíocht, don dícharbónú tionsclaíoch agus don aistriú glas agus don aistriú digiteach. Mar sin féin, dá méadófaí comhthiomsú na dtionscadal in-infheistithe sa limistéar euro, bheadh gá freisin le comhtháthú níos doimhne ar mhargaí earraí agus seirbhísí, agus le simpliú rialála. Sa ráiteas ón nGrúpa Euro, d’athdhearbhaigh an Grúpa Euro go bhfuil rún daingean aige an tAontas Baincéireachta a chomhlánú i gcomhréir leis an ráiteas ón nGrúpa Euro i bhformáid chuimsitheach an 16 Meitheamh 2022. |
|
(10) |
Mar thoradh ar ghéarchéimeanna a bhí ann le déanaí agus ar an bhfreagairt bheartais ba ghá, tháinig méadú ar leibhéil fiachais rialtais agus ar easnaimh shuntasacha i roinnt Ballstát sa limistéar euro. Dúshlán don inbhuanaitheacht fhioscach do na blianta atá le teacht is ea an oidhreacht sin, mar aon leis na costais a bhaineann le haosú atá ag méadú. Beidh ar lucht ceaptha beartas maoláin fhioscacha a chruthú agus infheistíocht a dhéanamh in aistriú cothrom glas agus digiteach, in athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch, lena n-áirítear Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, sa tslándáil fuinnimh agus, i gcás inar gá, cumais chosanta a fhorbairt. Chun an chothromaíocht sin a bhaint amach, is gá tosaíocht chúramach a thabhairt do chaiteachais rialtais agus beartais a chomhordú chun a áirithiú gur féidir tacú leis na hinfheistíochtaí is gá chun fás eacnamaíoch inbhuanaithe agus cuimsitheach a bhaint amach agus chun athléimneacht a fheabhsú. Cuirfidh beartais fhioscacha stuama le meascán cothrom beartais, agus beidh ról lárnach ag an gcobhsaíocht airgeadais maidir le bunchlocha eacnamaíocha an limistéir euro a threisiú agus an seasamh atá aige sa gheilleagar domhanda a dhaingniú. I dtaca leis an gcreat rialachais eacnamaíoch nua, agus go háirithe úsáid fhás an ghlanchaiteachais mar tháscaire oibriúcháin aonair i gcur chun feidhme an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis, meastar go bhfeabhsóidh sé ról na gcobhsaitheoirí uathoibríocha sa limistéar euro. |
|
(11) |
Tar éis an buaicphointe a bhaint amach sa chéad ráithe de 2021, tá an meánchóimheas idir fiachas rialtais agus OTI i gcás Bhallstáit an limistéir euro ag laghdú, agus shroich sé 88,9 % de OTI ag deireadh 2023. Tá an cóimheas fiachais comhiomlán le hardú beagán in 2024/2025, go 89,6 % de OTI. Tá an méadú réamh-mheasta sin ag teacht le costais seirbhísithe fiachais níos airde in éineacht le moilliú ar fhás OTI ainmniúil mar gheall ar bhoilsciú atá ag titim, agus tá easnaimh phríomhúla arda fós ag cur isteach ar dhinimic fiachais. An tráth céanna, meastar go dtiocfaidh méadú ar fhiachas in 2024/2025 mar thoradh ar choigeartuithe sreabhaidh i leith stoic. Tá cóimheasa fiachais phoiblí éagsúil ó thír go tír: faoi dheireadh 2025, meastar go mbeidh cóimheas idir fiachas agus OTI níos ísle ag formhór na mBallstát ná mar a bhí in 2020. Mar sin féin, bheadh cóimheasa fiachais os cionn 60 % fós ag 11 Bhallstát sa limistéar euro, agus bheadh 5 Bhallstát os cionn 100 % i gcónaí. Ós rud é go bhfuil fiachas an limistéir euro fós os cionn na leibhéal a bhí ann roimh an bpaindéim agus go bhfuil dúshláin inbhuanaitheachta fós ann ar fud roinnt mhaith Ballstát, tá gá le straitéisí marthanacha, difreáilte, de réir a chéile agus réalaíocha chun fiachas a laghdú i gcomhréir leis an gcreat nua rialachais eacnamaíoch chun inbhuanaitheacht fiachais a áirithiú agus chun maoláin fhioscacha a atógáil. An tráth céanna, trí athchóirithe agus infheistíochtaí, dhéanfaí fás OTI a neartú, rud a chuirfeadh leis an inbhuanaitheacht fhioscach freisin. Meastar go mbeidh an staid fhioscach sa limistéar euro crapthach in 2024, is é sin 0,5 % de OTI, agus meastar go mbeidh sí beagán crapthach in 2025, is é sin díreach os cionn 0,25 % de OTI. Le cur chun feidhme cuí an chreata fhioscaigh nua, bheadh an staid fhioscach sa limistéar euro beagán crapthach in 2026 freisin. Tar éis na méaduithe láidre le blianta beaga anuas, is iomchuí é sin a dhéanamh sa limistéar euro, cé go bhfuil difríochtaí móra ann ó Bhallstát go chéile, go háirithe nuair a chuirtear a riochtaí buiséadacha san áireamh. I bhfianaise an ghá atá ann an inbhuanaitheacht fhioscach a fheabhsú a thuilleadh, agus leanúint de thacaíocht a thabhairt don phróiseas frithbhoilscithe leanúnach, tá gá le beartais stuama. Le comhdhlúthú fioscach difreáilte a dhéantar de réir a chéile, mar aon le hathchóirithe agus infheistíochtaí, chomh maith le hinfhaighteacht na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta agus chistí eile an Aontais, déanfar an fás eacnamaíoch a chosaint agus borradh a chur faoin bhfás a d’fhéadfadh a bheith sa limistéar euro. |
|
(12) |
Tá sé ríthábhachtach an t-airgeadas poiblí a neartú chun go mbeifear in ann aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna a bheidh ann amach anseo agus chun go n-áiritheofar inbhuanaitheacht chórais na bpinsean, an chúraim sláinte agus an chúraim fhadtéarmaigh. Tuartar go dtiocfaidh méadú ar chostas an chaiteachais a bhaineann le haois, agus beidh éagsúlachtaí móra ann ó Bhallstát go chéile, go háirithe mar gheall ar chostais phinsin atá ag ardú, chomh maith le costais cúraim sláinte agus cúraim fhadtéarmaigh. Tá dúshláin ag baint leis an gcoigeartú is gá ar airgeadas poiblí, rud a léiríonn gur gá ioncam agus caiteachas a bhainistiú go cúramach. Sa limistéar euro, tá an t-ioncam poiblí fós seasta, ar an meán, ag thart ar 45,6 % de OTI le 20 bliain anuas, agus tháinig borradh faoi chaiteachas le linn na géarchéime airgeadais agus phaindéim COVID-19. Meastar go dtiocfaidh méadú ar an gcóimheas ioncaim in 2024, i ngeall ar amhantair ó ioncam cánach agus ó ranníocaíochtaí sóisialta atá nasctha le margadh saothair láidir, agus meastar go dtiocfaidh méadú breise air in 2025, arna spreagadh le bearta ioncaim lánroghnacha. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh comhdhéanamh an ioncaim ó cháin atá ann faoi láthair optamach i gcónaí agus tá an ding cánach saothair sa limistéar euro sách ard i gcomparáid le geilleagair shárfhorbartha eile. Tá sé sin ábhartha go háirithe i gcomhthéacs an ghá le rannpháirtíocht sa mhargadh saothair a uasmhéadú i margadh saothair láidir, mar a bhfuil ganntanas lucht saothair ina ábhar imní. Bheadh sé tairbhiúil an t-ualach cánach a aistriú ó chánachas saothair go cánacha eile a bhféadfadh tionchar níos lú a bheith acu ar an bhfás agus nach bhfuil chomh saobhach céanna, mar shampla cánachas maoine nó cánacha comhshaoil. D’fhéadfadh athbhreithnithe spriocdhírithe ar dhreasachtaí i gcórais chánach agus sochar, chomh maith le beartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair agus soláthar oideachais agus cúraim luath-óige agus cúraim fhadtéarmaigh atá ar ardchaighdeán agus inacmhainne cuidiú le ganntanais lucht saothair a mhaolú agus sruth ioncaim cobhsaí a choinneáil ag an am céanna, rud a thacódh leis an gcoigeartú is gá ar an airgeadas poiblí. Trí bhearta lena dtugtar aghaidh ar phleanáil ionsaitheach cánach, ar sheachaint cánach agus ar imghabháil cánach is féidir córais chánach a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos córa, agus ag an am céanna tacaíocht a thabhairt don téarnamh agus ioncaim a mhéadú. Cé gur tháinig laghdú ar an gcóimheas iomlán idir caiteachas agus OTI ó bhí 2021 ann, tá sé fós ard i gcomparáid leis na leibhéil a bhí ann roimh COVID. Réamh-mheastar go gcobhsóidh an cóimheas caiteachais ag thart ar 49,6 % de OTI in 2024/2025, ós rud é go ndéanfaí na srianta ar chaiteachas reatha príomhúil a bhaineann le cur chun feidhme chreat fioscach nua an Aontais a fhritháireamh le húschaiteachas níos airde. |
|
(13) |
Léirigh córas airgeadais an limistéir euro go bhfuil sé láidir, i gcomhthéacs rátaí úis atá ag méadú go tapa, agus tá timpeallacht mhaicreacnamaíoch neamhchinnte os a chomhair anois, timpeallacht ina bhfuil éileamh laghdaithe ar iasachtaí agus leochaileachtaí in earnáil na réadmhaoine i roinnt Ballstát. Le blianta beaga anuas, chuidigh brabúsacht chorparáideach láidir le gnólachtaí a bhfiacha a sheirbhísiú d’ainneoin dálaí maoiniúcháin níos déine. Mar sin féin, d’fhéadfadh fás eacnamaíoch lag agus costais saothair atá ag dul i méid leochaileachtaí a mhéadú i roinnt earnálacha. Go sonrach, tá laghdú mór tagtha ar phraghsanna maoine tráchtála, rud a ardaíonn imní faoi sheirbhísiú fiachais, agus tá forbairtí praghsanna cónaithe an-éagsúil ó Bhallstát go chéile. Bhí creat stuamachta láidir ina thacú le hathléimneacht earnáil na baincéireachta, lena n-áirítear ceanglais chaipitil níos airde agus cur i bhfeidhm beart atá bunaithe ar iasachtaí. Tá iasachtaí neamhthuillmheacha fós íseal ach tá comharthaí meatha le feiceáil in earnáil na réadmhaoine. Tá leochaileachtaí os comhair na hearnála airgeadais neamhbhainc atá ag fás freisin i gcás ina bhfuil neamhréireanna leachtachta gan mhaolú agus ina bhfuil giaráil iomarcach., D’fhéadfadh na leochaileachtaí coigeartuithe praghais a mhéadú i gcás ceartú tobann ar an margadh, |
MOLANN SÍ, LEIS SEO, gur cheart do Bhallstáit an limistéir euro gníomhaíocht a dhéanamh, ina n-aonar, lena n-áirítear trína bPleananna Téarnaimh agus Athléimneachta a chur chun feidhme, agus laistigh den Ghrúpa Euro ar bhonn comhchoiteann, sa tréimhse 2025–2026 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
1. Iomaíochas
Táirgiúlacht a chothú mar ábhar práinne trí ath-leithdháileadh acmhainní i dtreo earnálacha ardtáirgiúlachta agus earnálacha a bhfuil ardacmhainneacht táirgiúlachta acu a éascú, trí fheidhmiú feabhsaithe agus trí mhargaí earraí agus seirbhísí a chomhtháthú a thuilleadh agus trí athchóirithe struchtúracha. Aghaidh a thabhairt ar ilroinnt na n-éiceachóras nuálaíochta agus a gcumas nuálaíochtaí ceannródaíocha a ghiniúint a neartú, lena n-áirítear i dteicneolaíochtaí agus bonneagair dhigiteacha cheannródaíocha astaíochtaí nialasacha agus ísle, agus glacadh teicneolaíochtaí nua digiteacha astaíochtaí nialasacha agus ísle agus gníomhaíochtaí nuálacha a ardú ar bhonn níos leithne. Caiteachas gnólachtaí ar thaighde feidhmeach agus ar nuálaíocht agus an t-aistriú chuig táirgí indíolta a spreagadh. Beartais a shaothrú chun glacadh réiteach digiteach agus ardteicneolaíochta i ngnólachtaí a spreagadh. Feabhas a chur ar éifeachtúlacht gnólachtaí agus ar a gcumas an scála is fearr is féidir a bhaint amach, go háirithe tríd an margadh inmheánach a dhoimhniú. Feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó trí ualach riaracháin agus castacht rialála nach bhfuil gá leo a laghdú agus trí bhacainní infheistíochta a bhaint, agus na cuspóirí beartais á gcaomhnú ag an am céanna. A áirithiú go ndíreofar beartas tionsclaíoch go héifeachtach ar earnálacha agus ar theicneolaíochtaí straitéiseacha, ag áirithiú ag an am céanna go ndéantar tacaíocht phoiblí a chomhordú ar leibhéal an Aontais agus nach ndéantar an cothrom iomaíochta sa mhargadh inmheánach a shaobhadh, agus go gcuirfidh sé go héifeachtach le hiomaíochas an limistéir euro agus lena uathriail straitéiseach oscailte. Fiontraíocht agus cruthú gnólachtaí nua a spreagadh.
Aontas Coigiltis agus Infheistíochta Eorpach a fhorbairt go tapa trí earnálacha airgeadais agus baincéireachta atá iomaíoch agus a fheidhmíonn go maith a chur chun cinn, chun tacú le fás agus le hinfheistíochtaí agus chun iomaíochas a fheabhsú. An tAontas Baincéireachta a thabhairt chun críche trí leanúint den obair ar na gnéithe uile de atá fós gan réiteach, i gcomhréir leis an ráiteas i bhformáid chuimsitheach ón nGrúpa Euro i mí an Mheithimh 2022, agus bailchríoch a chur ar an athchóiriú ar an gcreat bainistithe géarchéime agus árachais taiscí. Dul chun cinn a dhéanamh ar na bearta i bplean gníomhaíochta Aontas na Margaí Caipitil 2020 nach ndearnadh fós agus a áirithiú go gcuirfear na bearta a comhaontaíodh cheana chun feidhme go pras, agus dul chun cinn a dhéanamh ar na bearta a sainaithníodh sa ráiteas ón nGrúpa Euro i mí an Mhárta 2024 maidir le todhchaí Aontas na Margaí Caipitil, chun margaí caipitil Eorpacha doimhne, dea-fheidhmiúla agus comhtháite a chur ar fáil ar mhaithe le tomhaltóirí agus gnólachtaí. Feabhas a chur ar an rochtain ar chistiú iomchuí le haghaidh gnólachtaí chun fás agus infheistíocht a dhéanamh, go háirithe FBManna nuálacha, chomh maith le rochtain na saoránach ar rogha níos mó féidearthachtaí infheistíochta ar mhargaí caipitil do shaoránaigh. Tacaíocht an Aontais a ghiaráil trí ionstraimí airgeadais spriocdhírithe chun feabhas a chur ar an rochtain ar chaipiteal do FBManna, go háirithe ar mhaithe leis an nuálaíocht agus leis an leathnú, agus ar an gcaoi sin tionchar an chistithe ón Aontas a uasmhéadú. Caipiteal fiontair a shlógadh — go háirithe le haghaidh gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú — trí bhíthin margaí caipitil Eorpacha dea-fheidhmiúla agus comhtháite chun coigilteas agus caipiteal riosca a threorú, laistigh agus lasmuigh den Aontas araon.
Uas-sciliú agus athsciliú an lucht saothair agus poist ardcháilíochta a chur chun cinn d’fhonn táirgiúlacht a mhéadú, go háirithe i gcomhthéacs an athraithe dhéimeagrafaigh, agus tacú le haistriú cothrom, glas agus digiteach. Rannpháirtíocht sa mhargadh saothair a mhéadú a thuilleadh, lena n-áirítear trí bheartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair a fheabhsú. Feabhas a chur ar bheartais oideachais agus oiliúna, lena n-áirítear beartais maidir don ghairmoideachas agus gairmoiliúint, chun feabhas a chur ar thorthaí oideachais agus chun meaitseáil níos fearr a áirithiú idir éileamh ar scileanna agus soláthar scileanna.
Infheistíocht inláimhsithe agus dholáimhsithe a chur chun cinn i dteicneolaíochtaí criticiúla, i mbonneagair agus i réimsí tosaíochtaí coiteanna, mar shampla an t-aistriú digiteach agus an t-aistriú glas, slándáil fuinnimh agus méadú na gcumas cosanta a chur chun cinn trí chaipiteal príobháideach a shlógadh agus an infheistíocht phoiblí is gá a áirithiú, agus saobhadh an mhargaidh inmheánaigh á sheachaint ag an am céanna. Infheistíocht sa taighde agus san fhorbairt (T&F) a spreagadh, go háirithe trí chaiteachas na hearnála príobháidí a éascú trí chreatdálaí feabhsaithe le haghaidh infheistíochta, trí athchóirithe struchtúracha a chur chun feidhme agus trí fheabhas a chur ar chomhordú an chistithe phoiblí, lena n-áirítear ar leibhéal an Aontais. Leanúint de Phleananna Téarnaimh agus Athléimneachta a chur chun feidhme go pras agus leas iomlán a bhaint as cláir an bheartais comhtháthaithe. Éifeachtacht na gníomhaíochta beartais a fheabhsú arb é is aidhm di táirgiúlacht a ardú trína áirithiú go ndéanfar bearta a shainaithint, a chomhordú agus a chur in ord tosaíochta ar bhealach leordhóthanach, lena n-áirítear trí bhíthin rialachas feabhsaithe, rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach, agus trí úsáid níos éifeachtaí a bhaint as na Boird Náisiúnta Táirgiúlachta.
2. Athléimneacht
Imeascadh grúpaí faoi ghannionadaíocht i margadh an tsaothair a éascú, go háirithe mná, daoine óga, seanóirí, daoine ar bheagán oiliúna chomh maith le daoine faoi mhíchumas, agus daoine le cúlra imirceach. Bacainní ar rannpháirtíocht an lucht saothair a bhaint, lena n-áirítear trí fheabhas a chur ar an rochtain ar oideachas agus cúram na luath-óige agus ar chúram fadtéarmach agus ar cháilíocht an oideachais agus an chúraim sin. Bearta a dhéanamh chun feabhas a chur ar dhrochdhálaí oibre agus chun imirce dhleathach bhainistithe náisiúnach tríú tír i ngairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe a éascú, i gcomhlántacht le soghluaisteacht chothrom an lucht saothair agus leas á bhaint as soláthar saothair agus scileanna atá san Aontas.
I gcomhréir le cleachtais náisiúnta agus ról na gcomhpháirtithe sóisialta á urramú ag an am céanna, na dálaí lena dtacaítear le fás inbhuanaithe pá agus táirgiúlachta a neartú, go háirithe le haghaidh saothraithe ar ioncam íseal agus ar mheánioncam. Ba cheart a chur san áireamh leis an margáil faoi phá dinimic iomaíochais choibhneasta gach Ballstáit agus níor cheart di bheith ina cúis le héagsúlachtaí marthanacha san iomaíochas laistigh den limistéar euro. Rannpháirtíocht éifeachtach na gcomhpháirtithe sóisialta i gceapadh beartas a áirithiú agus an t-idirphlé sóisialta a neartú. Sábháilteacht agus sláinte ceirde a chur chun cinn ar fud na dtionscal. Agus teicneolaíochtaí nua á gcur chun feidhme, cur chuige a ghlacadh atá dírithe ar an duine.
Dreasachtaí chun bheith ag obair a neartú tríd an ualach cánach a aistriú ón saothar, lena n-áirítear trí athchóirithe spriocdhírithe ar chórais chánach agus sochair. Gníomhaíocht a dhéanamh chun an bhochtaineacht a chomhrac trí chórais leordhóthanacha agus inbhuanaithe cosanta sóisialta agus cuimsithe shóisialta a choimirciú agus a neartú, lena n-áirítear rochtain ar thithíocht inacmhainne agus inbhuanaithe a fheabhsú.
Straitéis chuimsitheach uile-Aontais a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun straitéisí náisiúnta le haghaidh leictriú éifeachtach agus an aistrithe ghlais a chomhlánú agus a thabhairt le chéile, lena n-áirítear trí mhéadú géar ar tháirgeadh agus ar úsáid fuinnimh in-athnuaite agus trí chiorruithe breise ar úsáid breoslaí iontaise allmhairithe. Go sonrach, tá idirnaisc eangaí leordhóthanacha, costéifeachtacha agus éifeachtúla, go háirithe idirnaisc thrasteorann, ríthábhachtach chun táirgeoirí agus tomhaltóirí a nascadh ar fud limistéir gheografacha fhairsinge. Dlús a chur leis na hiarrachtaí ar fheabhas a chur ar an ullmhacht d’fhorbairtí díobhálacha, lena n-áirítear an t-athrú aeráide agus rioscaí a bhaineann leis an dúlra agus rioscaí geopholaitiúla, go háirithe sna réigiúin is mó neamhchosanta ar rioscaí den sórt sin.
3. Cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch agus airgeadais
Chun comhlíonadh an chreata fhioscaigh nua a áirithiú ar mhaithe le feabhas a chur ar inbhuanaitheacht fiachais agus fás eacnamaíoch inbhuanaithe a chur chun cinn, a áirithiú nach sáróidh fás glanchaiteachais bliantúil i ngach Ballstát an t-uasmhéid a mhol an Chomhairle. Ba cheart coigeartuithe fioscacha atá difreáilte go hiomchuí a bheith mar thoradh air sin agus, in 2025 agus 2026, ba cheart staid fhioscach fhoriomlán an limistéir euro a bheith beagán crapthach dá thoradh.
Agus straitéisí fioscacha á gcinneadh, feabhas a chur ar cháilíocht agus ar éifeachtúlacht na mbeart caiteachais agus ioncaim. Seachaint agus imghabháil cánach a laghdú, pleanáil ionsaitheach cánach a chomhrac, agus straitéisí fioscacha a ailíniú le cuspóirí beartais, mar shampla an t-ualach cánach a atreorú ón lucht saothair chuig boinn chánach nach bhfuil chomh saobhach céanna.
Faireachán a dhéanamh ar rioscaí don chobhsaíocht macrairgeadais a bhaineann le cáilíocht sócmhainní, athphraghsáil sócmhainní, lena n-áirítear rioscaí a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol, agus an bosca uirlisí rialála don earnáil idirghabhála airgeadais neamhbhainc a neartú, de réir mar is iomchuí chun rioscaí sainaitheanta a bhainistiú agus a mhaolú.
Agus céimeanna breise á dtabhairt chun an tAontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta (AEA) a dhoimhniú, na ceachtanna a foghlaimíodh ó cheapadh agus ó chur chun feidhme fhreagairt chuimsitheach bheartais eacnamaíoch an Aontais ar ghéarchéim COVID-19 a bhreithniú. Leanúint de dhul chun cinn a dhéanamh maidir leis an Aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta a dhoimhniú agus lán-urraim á tabhairt do mhargadh inmheánach an Aontais agus é sin a dhéanamh ar bhealach oscailte agus trédhearcach i leith na mBallstát nach bhfuil sa limistéar euro. Leanúint de ról idirnáisiúnta an euro a neartú agus tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh san obair ar euro digiteach.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Bealtaine 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. DOMAŃSKI
(1) IO L, 2024/1263, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj.
(2) IO L 306, 23.11.2011, lch. 25, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/1176/oj.
(3) Rialachán (AE) 2024/1264 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (IO L, 2024/1264, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1264/oj).
(4) Treoir (AE) 2024/1265 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Treoir 2011/85/AE maidir le ceanglais ar chreataí buiséadacha na mBallstát (IO L, 2024/1265, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1265/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2782/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)