This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D2630
Commission Decision (EU) 2025/2630 of 16 December 2025 on the application of Article 106(2) of the Treaty on the Functioning of the European Union to State aid in the form of public service compensation granted to certain undertakings entrusted with the operation of services of general economic interest and repealing Decision 2012/21/EU
Cinneadh (AE) 2025/2630 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2025 maidir le hAirteagal 106(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm maidir le Státchabhair i bhfoirm cúiteamh seirbhíse poiblí arna thabhairt do ghnóthais áirithe a bhfuil de chúram orthu seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne a oibriú agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2012/21/AE
Cinneadh (AE) 2025/2630 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2025 maidir le hAirteagal 106(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm maidir le Státchabhair i bhfoirm cúiteamh seirbhíse poiblí arna thabhairt do ghnóthais áirithe a bhfuil de chúram orthu seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne a oibriú agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2012/21/AE
C/2025/8820
IO L, 2025/2630, 19.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2630/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2630 |
19.12.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/2630 ÓN gCOIMISIÚN
an 16 Nollaig 2025
maidir le hAirteagal 106(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm maidir le Státchabhair i bhfoirm cúiteamh seirbhíse poiblí arna thabhairt do ghnóthais áirithe a bhfuil de chúram orthu seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne a oibriú agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2012/21/AE
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 106(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Gan dochar d’Airteagal 93, 106 agus 107 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (an Conradh), ceanglaítear ar an Aontas, le hAirteagal 14 den Chonradh, a chuid cumhachtaí a úsáid ar bhealach a áiritheoidh go n-oibreoidh seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (SLEG) ar bhonn prionsabail agus coinníollacha a chumasaíonn dóibh a misin a chomhlíonadh. |
|
(2) |
Chun gur féidir SLEG a oibriú ar bhonn prionsabal agus faoi choinníollacha a chumasaíonn dóibh a misin a chomhlíonadh, d’fhéadfadh tacaíocht airgeadais ón Stát a bheith riachtanach dóibh chun roinnt de na costais shonracha nó na costais shonracha ar fad a eascraíonn as na hoibleagáidí seirbhíse poiblí. I gcomhréir le hAirteagal 345 den Chonradh, ní bhaineann sé le hábhar i dtaca leis na SLEG sin cé acu ag gnóthais phoiblí nó ag gnóthais phríobháideach atá siad á n-oibriú. |
|
(3) |
Leagtar amach in Airteagal 106(2) den Chonradh go bhfuil gnóthais a gcuirtear ar a n-iontaoibh SLEG a oibriú nó seirbhísí de chineál monaplachta fioscaí, go bhfuil siad faoi réir na rialacha sa Chonradh, go háirithe na rialacha iomaíochta, sa mhéad nach gcuirfear bac, le dlí ná le gníomh, ar fheidhmíocht na gcúraimí arna gcur ar iontaoibh na ngnóthas i leith chur chun feidhme na rialacha sin. Mar sin féin, níor cheart go ndéanfadh sé seo difear d'fhorbairt na trádála a oiread agus go mbeadh sé contrártha le leasanna an Aontais. |
|
(4) |
Dhearbhaigh an Chúirt Bhreithiúnais, ina breithiúnas in Altmark (1), nach bhfuil státchabhair i gceist le cúiteamh as seirbhís phoiblí de réir bhrí Airteagal 107 den Chonradh ar choinníoll go gcomhlíonfar ceithre chritéar charnacha. Ar an gcéad dul síos, ní mór oibleagáidí seirbhíse poiblí a bheith le comhlíonadh ag an ngnóthas is faighteoir i ndáiríre, agus ní mór na hoibleagáidí a bheith sainithe go soiléir. Ar an dara dul síos, ní mór na paraiméadair ar ar a mbonn sin a ríomhfar an cúiteamh a bhunú roimh ré ar bhealach trédhearcach agus oibiachtúil. Ar an tríú dul síos, ní mór gan níos mó cúitimh a thabhairt ná an méid is gá chun cuid de na costais nó na costais uile arna dtabhú i gcomhlíonadh na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí a chumhdach, agus na fáltais ábhartha agus brabús réasúnta á gcur san áireamh. Ar an gceathrú dul síos, i gcás nach roghnaítear an gnóthas atá le hoibleagáidí seirbhíse poiblí a chomhlíonadh, i gcás sonrach, de bhun nós imeachta soláthair phoiblí lena bhféadfar an tairgeoir a roghnú a bheadh in ann na seirbhísí sin a sholáthair ar an gcostas is lú don chomhphobal, ní mór leibhéal an chúitimh a ríomh ar bhonn anailís na gcostas a thabhódh gnóthas tipiciúil atá dea-eagraithe agus a ndéantar na hacmhainní ábhartha a chur ar fáil dóibh ar bhonn leordhóthanach. |
|
(5) |
I gcás nach gcomhlíonfar na ceithre chritéar sin agus go gcomhlíonfar na coinníollacha ginearálta le haghaidh chur i bhfeidhm Airteagal 107(1) den Chonradh, státchabhair is ea an cúiteamh as seirbhís phoiblí agus is faoi réir Airteagail 93, 106, 107 agus 108 den Chonradh a bheidh an cúiteamh sin. |
|
(6) |
Sa bhreis ar an gCinneadh sin, tá trí ionstraim ábhartha maidir le cur i bhfeidhm na rialacha státchabhrach maidir le cúiteamh a dheonaítear chun SLEG a sholáthar:
|
|
(7) |
I gCinneadh 2012/21/AE ón gCoimisiún (5) sonraítear brí agus réim na heisceachta de bhun Airteagal 106(2) den Chonradh agus leagtar amach rialacha atá ceaptha chun faireachán éifeachtach a chumasú ar chomhlíonadh na gcritéar a leagtar amach san fhoráil sin. I bhfianaise na taithí a fuarthas ó chur i bhfeidhm Chinneadh 2012/21/AE, na n-athruithe sna dálaí eacnamaíocha, go háirithe i ndáil leis an ngéarchéim thithíochta, chomh maith le forbairtí sa mhargadh, is ga athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha dá bhforáiltear sa Chinneadh sin. |
|
(8) |
Dá bhrí sin ba cheart Cinneadh 2012/21/AE a aisghairm agus a ionadú leis an gCinneadh seo lena leagtar síos na coinníollacha faoina bhfuil státchabhair i bhfoirm cúitimh as SLEG díolmhaithe ón gceanglas maidir le réamhfhógra a thabhairt de bhun Airteagal 108(3) den Chonradh inar féidir a mheas go bhfuil sé comhoiriúnach le hAirteagal 106(2) den Chonradh. |
|
(9) |
Ní fhéadfar a mheas go bhfuil státchabhair i bhfoirm cúitimh as seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta comhoiriúnach ach amháin má dheonaítear í chun soláthar na SLEG a áirithiú dá dtagraítear in Airteagal 106(2) den Chonradh. Is léir ón gcásdlí (6), in éagmais rialacha earnála an Aontais ar an ábhar sin, go bhfuil corrlach leathan lánroghnach ag na Ballstáit maidir le seirbhísí a shainiú a arbh fhéidir iad a aicmiú mar SLEG. Dá bhrí sin, is é cúram an Choimisiúin a áirithiú nach bhfuil aon earráid shoiléir ann a mhéid a bhaineann le sainmhíniú na SLEG. |
|
(10) |
Ar choinníoll go gcomhlíonfar coinníollacha áirithe, maidir le méideanna teoranta cúitimh a dheonófar do ghnóthais a gcuirfear ar a n-iontaoibh SLEG a sholáthar, ní dhéanfaidh sé sin a oiread sin difir d’fhorbairt na trádála agus na hiomaíochta agus a bheadh contrártha le leasanna an Aontais. Chun faighteoir na cabhrach a shainaithint sa Chinneadh seo, ba cheart feidhm a bheith ag an gcoincheap an ‘gnóthas aonair’ de réir an tsainmhínithe in Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) 2023/2832 ón gCoimisiún (7). Dá bhrí sin, níor cheart fógra maidir le státchabhair a bheith ag teastáil le haghaidh cúiteamh atá faoi bhun méid cúitimh bliantúil atá sonraithe, ar choinníoll go gcomhlíonfar ceanglais áirithe. Is iomchuí freisin an tairseach chúitimh ghinearálta sin a mhéadú i bhfianaise an bhoilscithe a tharla ó glacadh Cinneadh 2012/21/AE. |
|
(11) |
Is féidir seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a chur ar iontaoibh gnóthais agus d’fhéadfadh sé cúiteamh a fháil suas go dtí an tairseach chúitimh ghinearálta le haghaidh na SLEG uile a chuirtear ar a iontaoibh. Is amhlaidh atá i gcás ina gcuireann roinnt Ballstát SLEG ar iontaoibh gnóthais i gcomhpháirt nó go leithleach. Dá bhrí sin, ba cheart an gnóthas iontaoibhe sin a bheith in ann cúiteamh a fháil suas go dtí an tairseach ghinearálta ó gach Ballstát iontaoibhe ina soláthraítear an tseirbhís. |
|
(12) |
Na hospidéil agus na gnóthais atá i mbun seirbhísí sóisialta, lena n-áirítear nuair a eagraítear iad mar eintitis neamhbhrabúis (8), a dtugtar cúraimí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne ar iontaoibh dóibh, tá saintréithe sonracha a bhaineann leo nár mhór a chur san áireamh. Go háirithe, ba cheart a chur san áireamh gurb amhlaidh, faoi na dálaí eacnamaíocha atá ann faoi láthair, is féidir go mbeidh méid cabhrach a sháraíonn an tairseach chúitimh ghinearálta a leagtar amach sa Chinneadh ag teastáil ó sheirbhísí sóisialta chun na costais seirbhíse poiblí a chúiteamh agus ní gá go mbeidh baol níos mó ann go ndéanfar saobhadh ar an iomaíocht mar thoradh ar mhéid níos mó cúitimh le haghaidh seirbhísí sóisialta. Dá réir sin, ba cheart do ghnóthais atá i gceannas ar sheirbhísí sóisialta tairbhiú freisin den díolúine ó fhógra dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, fiú má sháraíonn méid an chúitimh a gheobhaidh siad an tairseach chúitimh ghinearálta. Ba cheart feidhm a bheith ag an díolúine ó fhógra a thabhairt chomh maith i gcás ospidéil ina soláthraítear cúram leighis, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, seirbhísí éigeandála agus seirbhísí coimhdeacha a bhfuil baint dhíreach acu le príomhghníomhaíochtaí an ospidéil, go háirithe i réimse an taighde leighis. Chun tairbhiú den díolúine ó fhógra, ba cheart seirbhísí sóisialta a shainiú go soiléir agus ba cheart aghaidh a thabhairt ar riachtanais shóisialta leo a mhéid a bhaineann le sláinte agus cúram fadtéarmach, cúram leanaí, rochtain ar an margadh saothair agus ath-imeascadh sa mhargadh saothar agus cúram agus cuimsiú sóisialta grúpaí leochaileacha. Áirítear leis sin seirbhísí lena dtacaítear maireachtáil neamhspleách agus cuimsiú pobail daoine faoi mhíchumas, mar shampla cúnamh pearsanta, ionaid le haghaidh maireachtáil neamhspleách, seirbhísí teicneolaíochta cúnta, seirbhísí athshlánaithe agus slánaithe. |
|
(13) |
Ar na cúiseanna céanna, cúiteamh as soláthar SLEG do shaoránaigh faoi mhíbhuntáiste nó grúpaí nach bhfuil na buntáistí sóisialta céanna acu atá ag grúpaí eile, lena n-áirítear daoine atá gan dídean, nach bhfuil in ann rochtain a fháil ar thithíocht faoi dhálaí an mhargaidh mar gheall ar shrianta sócmhainneachta, féadfar an cúiteamh sin a dhíolmhú ón gceanglas fógra fiú má sháraíonn sé an tairseach chúitimh ghinearálta. Leis an gcúiteamh as seirbhísí tithíochta sóisialta lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, ba cheart é a bheith indéanta costais infheistíochta chun foirgnimh nua a thógáil, i measc nithe eile, a chumhdach, lena n-áirítear árasáin nó foirgnimh atá ann cheana chun iad a chlaochlú nó a athchóiriú, árasáin nó foirgnimh atá ann cheana a fháil chun iad a claochlú nó a athchóiriú, árasáin nó foirgnimh atá ann cheana (nó eilimintí aonair foirgnimh (9) díobh) a chlaochlú nó a athchóiriú, na costais a bhaineann le comhlíonadh riachtanas inrochtaineachta do sheanóirí nó do dhaoine faoi mhíchumas agus le comhlíonadh caighdeán comhshaoil a áirithiú agus na costais leis an oiriúnú don athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide, lena n-áirítear athléimneacht uisce, chomh maith le costais oibriúcháin, i gcás inar gá chun an tseirbhís a oibriú. |
|
(14) |
Ó glacadh Cinneadh 2012/21/AE, is saincheist shuntasach í an inacmhainneacht tithíochta i roinnt mhaith Ballstát, rud a dhéanann difear ní hamháin do theaghlaigh faoi mhíbhuntáiste ná do ghrúpaí nach bhfuil na buntáistí sóisialta céanna acu atá ag grúpaí eile ach do na grúpaí ard-mheánioncaim freisin, agus tá méadú ag teacht ar an líon daoine a bhfuil deacrachtaí acu tithíocht ardcháilíochta a fháil ar phraghas inacmhainne. D’fhéadfadh fadhbanna tithíochta a bheith an-ghéar in áiteanna áirithe amhail cathracha móra turasóireachta ardéilimh, moil uirbeacha agus eacnamaíocha atá ag fás go tapa, na réigiúin iargúlta is forimeallaí agus is scoite. Dá bhrí sin, is gá bearta a dhéanamh chun infhaighteacht tithíochta a mhéadú, trí bhíthin tithíocht ar cíos nó úinéireacht tí, ar phraghsanna inacmhainne chun an brú sna margaí tithíochta áitiúla a laghdú. Chun tionscnaimh phoiblí a thacaíonn leis an tithíocht inacmhainne a éascú, is iomchuí coinníollacha sonracha a bhunú chun SLEG a dhíolmhú ón gceanglas fógra faoi Airteagal 108(3) den Chonradh. |
|
(15) |
Cé gur féidir le teaghlaigh faoi mhíbhuntáiste nó grúpaí ar beag na buntáistí sóisialta atá acu, lena n-áirítear daoine gan dídean, tairbhe a bhaint as SLEG maidir le tithíocht shóisialta, féadfar sciar teoranta de theaghlaigh nach bhfuil faoi mhíbhuntáiste a áireamh sna SLEG sin freisin chun comhchruinnithe spásúla bochtaineachta a chosc. |
|
(16) |
Nuair is gá do na Ballstáit tithíocht a chur ar fáil do theaghlaigh nach bhfuil faoi mhíbhuntáiste den chuid is mó, is féidir leo SLEG maidir le tithíocht inacmhainne a chur ar bun a théann chun tairbhe go príomha do theaghlaigh nach bhfuil in ann rochtain a fháil ar thithíocht ar phraghsanna inacmhainne mar gheall ar na dálaí sna margaí ábhartha ach nach bhfuil faoi mhíbhuntáiste. Mar sin féin, d’fhéadfadh sciar de na teaghlaigh faoi mhíbhuntáiste a bheith san áireamh fós i SLEG maidir le tithíocht inacmhainne. Ba cheart tairbhithe SLEG maidir le tithíocht inacmhainne a chinneadh trí ioncam teaghlaigh a chur san áireamh go príomha i gcomparáid le praghsanna an mhargaidh tithíochta, in éineacht le tosca eile, más ga. Mar shampla, d’fhéadfaí an gá atá le tithíocht inacmhainne a laghdú i gcás ina bhfuil baill de theaghlaigh ina n-úinéirí nó ina gcomhúinéirí réadmhaoine cónaithe. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann tosaíocht a thabhairt freisin do thithíocht inacmhainne a chur ar fáil do dhaoine ar dócha go mbeidh deacrachtaí acu rochtain a fháil ar na margaí tithíochta, lena n-áirítear, mar shampla, daoine a bhfuil ról sochaíoch fíor-riachtanach acu, daoine faoi mhíchumas, seanóirí nó mic léinn, nó tuismitheoirí aonair. |
|
(17) |
Ina theannta sin, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann comharsanachtaí cuimsitheacha a chur chun cinn le samhlacha tithíochta amhail an Bauhaus Eorpach Nua (10) ina bhfuil tús áite ag rochtain ar thithíocht fhóirdheonaithe ar bhonn spriocanna maidir le meascán sóisialta, agus samhlacha ina gcomhcheanglaítear tithíocht fhóirdheonaithe (tithíocht shóisialta nó inacmhainne) agus tithíocht mhargaidh, agus tríd an timpeallacht tithíochta agus comharsanachtaí a dhéanamh inrochtana chun daoine faoi mhíchumas a chuimsiú. |
|
(18) |
Chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim thithíochta ar bhealach éifeachtach, d’fhéadfadh sé go mbeadh méid cabhrach os cionn na tairsí cúitimh ginearálta sa Chinneadh seo ag teastáil ó SLEG maidir le tithíocht inacmhainne chun na costais seirbhíse poiblí a chúiteamh. Go deimhin, chun an bhearna idir an soláthar agus an t-éileamh a dhúnadh sna deich mbliana amach romhainn, measann an Coimisiún Eorpach (11) go mbeidh ar an Eoraip thart ar 650 000 teaghais a chur in aghaidh na bliana leis an 1,6 milliún teaghais atá tógtha faoi láthair. Chosnódh seachadadh na n-aonad tithíochta breise sin thart ar EUR 153 bhilliún in aghaidh na bliana. Ní gá rioscaí saofa móra a bheith i gceist le hinfheistíochtaí móra i dtithíocht inacmhainne. Dá réir sin, cúiteamh as soláthar seirbhísí tithíochta inacmhainne lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta do theaghlaigh nach bhfuil in ann rochtain a fháil ar thithíocht inacmhainne, ba cheart an cúiteamh sin a dhíolmhú ón gceanglas fógra fiú má sháraíonn sé an tairseach chúitimh ghinearálta, ar choinníoll go gcuirfear coimircí leordhóthanacha, de réir mar a leagtar síos sa Chinneadh seo agus san Iarscríbhinn a ghabhann leis i bhfeidhm chun saobhadh iomaíochta a theorannú. |
|
(19) |
Níor cheart cur isteach míchuí ar ghnáth-dhálaí an mhargaidh a bheith mar thoradh ar chúiteamh as soláthar seirbhísí tithíochta inacmhainne lena ngabhann leas eacnamaíoch, rud a d’fhéadfadh infheistíocht phríobháideach a bhrú amach le plódú agus iomaíocht a shaobhadh ar leibhéal suntasach. Ag an am céanna, tá sé tábhachtach go leanfaidh na teaghlaigh is leochailí de thairbhe a bhaint as seirbhísí tithíochta sóisialta lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta. Dá bhrí sin, agus SLEG á ndearadh ag na Ballstáit maidir le tithíocht shóisialta agus inacmhainne, ba cheart dóibh tacar ceanglas sonrach a chomhlíonadh. |
|
(20) |
Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann inacmhainneacht tithíochta a thomhas le táscairí éagsúla cóimheas idir cíos agus ioncam (12), cóimheas idir íocaíocht mhorgáiste agus ioncam (13), cóimheas idir praghas agus ioncam (14), an ráta ró-ualaigh maidir le costas tithíochta nó na blianta ioncaim atá ag teastáil chun teach a cheannach (15). Ba cheart do na Ballstáit luachanna tagarmhairc na dtáscairí sin lena sainaithneofar cásanna nach mbeifear in ann rochtain a fháil ar thithíocht inacmhainne, ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, a shocrú. Ba cheart costais fuinnimh a chur san áireamh agus inacmhainneacht á cinneadh . Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann a léiriú go bhfuil sainaithint na riachtanas tithíochta inacmhainne bunaithe ar na táscairí sin. |
|
(21) |
I bprionsabal, ba cheart cúiteamh as SLEG maidir le tithíocht inacmhainne a bheith dírithe ar chostais infheistíochta chun foirgnimh nua a thógáil, lena n-áirítear árasáin nó foirgnimh atá ann cheana a fháil chun iad a chlaochlú nó a athchóiriú, árasáin nó foirgnimh atá ann cheana (nó eilimintí aonair foirgnimh díobh) a chlaochlú nó a athchóiriú nó, ceanglais inrochtaineachta do sheanóirí nó do dhaoine faoi mhíchumas a chomhlíonadh, caighdeáin chomhshaoil a chomhlíonadh agus an t-oiriúnú don athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide lena n-áirítear athléimneacht uisce. I gcás inar gá chun an tseirbhís a oibriú, féadfar na costais oibriúcháin a áireamh leis an gcúiteamh sin freisin. |
|
(22) |
Chun mí-úsáid tithíochta inacmhainne a sheachaint, mar shampla le haghaidh áit chónaithe thánaisteach nó cíosanna gearrthéarmacha, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go n-úsáidfear an tithíocht agus go bhfanfaidh sí á húsáid chun na críche cirte. |
|
(23) |
Ní mór praghsanna ar SLEG maidir le tithíocht inacmhainne a bheith i raon lena n-áirithítear an inacmhainneacht tithíochta agus gan dul thar an gcuspóir sin chun saobhadh míchuí ar an iomaíocht a chosc. Féadfaidh na Ballstáit costais fuinnimh agus speansas eile a bhaineann le tithíocht a chur san áireamh freisin agus praghsanna ar thithíocht inacmhainne á gcinneadh acu chun an t-ualach airgeadais iomlán ar theaghlaigh a chur san áireamh. |
|
(24) |
Chun a áirithiú go gcuirfear SLEG maidir le tithíocht shóisialta agus inacmhainne in oiriúint do riachtanais teaghlach, ba cheart do na Ballstáit íoschritéir cháilíochta agus inrochtaineachta a chur i bhfeidhm maidir leis na seirbhísí sin. Ar na critéir sin tá, mar shampla, inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine scothaosta, athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide, achar dromchla íosta, téamh agus fuarú, aeráil, feidhmíocht fuinnimh, saoráidí sláintíochta agus soláthar uisce, cobhsaíocht tógála foirgneamh agus sábháilteacht i leith dóiteán, agus ullmhacht leathanbhanda an fhoirgnimh. Féadfaidh na Ballstáit inrochtaineacht iompair inacmhainne chuig seirbhísí fíor-riachtanacha amhail cúram sláinte, oideachas agus seirbhísí airgeadais a chur san áireamh freisin agus suíomhanna le haghaidh na dtionscadal tithíochta sóisialta agus inacmhainne á gcinneadh acu. |
|
(25) |
Chun iomaíocht a chaomhnú i ndeighleog an mhargaidh tithíochta inacmhainne, ba cheart SLEG maidir le tithíocht inacmhainne a bheith oscailte ar théarmaí comhionanna do na rannpháirtithe uile sa mhargadh atá in ann seirbhísí den sórt sin a sholáthar. |
|
(26) |
Ba cheart foirgnimh tithíochta sóisialta nó inacmhainne arna bhfóirdheonú laistigh de SLEG a bheith sannta i gcónaí chun tithíocht shóisialta nó inacmhainne a sholáthar ar feadh tréimhse fada a dóthain, 20 bliain ar a laghad, chun amhantraíocht a chosc. San am céanna, in imthosca sonracha a bhfuil údar cuí leo, amhail cóiríocht shealadach a sholáthar i gcás adhaimsire agus teagmhais aeráide nó tubaistí nádúrtha eile, scéimeanna cabhrach oibríochtúla nó scéimeanna infheistíochta a bhfuil tacaíocht phoiblí íseal acu, d’fhéadfadh údar a bheith le scéimeanna a bhfuil tréimhse níos giorra leo. Ina theannta sin, tá údar maith le soláthraithe tithíochta sóisialta agus inacmhainne lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a bhfuil a ngníomhaíochtaí teoranta go bunúsach do sholáthar na SLEG sin a dhíolmhú ón oibleagáid sin íostréimhse 20 bliain a urramú, b’fhéidir le hioncaim tráchtála bhliantúla nach mó ná 5 % den ioncam bliantúil iomlán le linn na tréimhse iontaoibhe, ar féidir a mheas go bhfuil sí coimhdeach leis an tseirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, agus a bhfuil oibleagáid dhlíthiúil orthu a mbrabúis uile a ath-infheistiú i soláthar na seirbhíse sin. Is é is cuspóir don díolúine sin cead a thabhairt do na soláthraithe SLEG maidir le tithíocht sin aonaid tithíochta sóisialta nó inacmhainne a dhíol, chun ath-infheistiú i dtithíocht shóisialta nó inacmhainne a oireann níos fearr don ócáid nuair is cosúil gur gá sin. Agus an díolúine sin á cur i bhfeidhm acu, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go leanfaidh an t-ioncam tráchtála de bheith coimhdeach, mar shampla le seiceálacha randamacha, go háirithe i gcás ina mbeidh amhras faoi mhí-úsáid. |
|
(27) |
Is éard is táirge íocshláinte criticiúil ann táirge íocshláinte a ndéantar díobháil thromchúiseach d’othair nó a bhfuil riosca ann go ndéanfaí díobháil thromchúiseach dóibh mar thoradh ar sholáthar neamh-leordhóthanach an táirge sin. D’fhéadfadh rioscaí agus laigí a bheith ag baint le slabhra soláthair táirgí íocshláinte criticiúla áirithe, rud a d’fhéadfadh soláthar leanúnach táirgí íocshláinte criticiúla d’othair san Aontas a chur i mbaol, go háirithe i gcásanna géarchéime, amhail paindéim. D’fhéadfadh rioscaí agus laigí den sórt sin a bheith ina n-údar le hidirghabháil phoiblí spriocdhírithe, lena n-áirítear cistiú, go háirithe in acmhainneachtaí monaraíochta le haghaidh táirgí íocshláinte criticiúla, a substaintí gníomhacha agus príomhábhair ionchuir eile. I gcás ina sainaithneofar cliseadh margaidh maidir le slándáil soláthair táirge íocshláinte chriticiúil ar leith ar leibhéal an Aontais nó ar leibhéal Ballstáit amháin nó níos mó le measúnú leochaileachta cuimsitheach, ba cheart na Ballstáit uile lena mbaineann nó cuid díobh a bheith in ann rogha a dhéanamh oibleagáidí seirbhíse poiblí sonracha a chur ar iontaoibh oibreoirí chun slándáil an tsoláthair le haghaidh táirgí íocshláinte criticiúla den sórt sin a fheabhsú. Dá bhrí sin, ba cheart cúiteamh as seirbhísí táirgí íocshláinte criticiúla lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta faoin tairseach chúitimh ghinearálta a dhíolmhú ón gceanglas fógra de bhun Airteagal 108(3) den Chonradh. |
|
(28) |
Tá Airteagal 93 den Chonradh ina lex specialis i ndáil le hAirteagal 106(2) den Chonradh. Leagtar síos in Airteagal 93 na rialacha is infheidhme maidir le cúiteamh seirbhíse poiblí san earnáil iompair de thalamh. A mhéid a bhaineann le hiompar paisinéirí, cuirtear Airteagal 93 chun feidhme le Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), lena leagtar síos na rialacha is infheidhme maidir le cúiteamh as oibleagáidí seirbhíse poiblí a bhaineann le trácht paisinéirí poiblí. Is faoi na Ballstáit atá sé Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 a chur i bhfeidhm maidir le trácht paisinéirí d’uiscebhealach intíre. Déantar le Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 an cúiteamh ar fad san earnáil iompair de thalamh a chomhlíonann coinníollacha an Rialacháin sin a dhíolmhú ón gceanglas réamhfhógra a thabhairt de bhun Airteagal 108(3) den Chonradh. A mhéid a bhaineann le hiompar lastais, sa Teachtaireacht ón gCoimisiún, Treoirlínte maidir le státchabhair le haghaidh iompar de thalamh agus iompar ilmhódach, lena leagtar síos na coinníollacha faoinar féidir a chinneadh go bhfuil státchabhair ar aisíocaíocht as comhlíonadh oibleagáidí áirithe ar gné dhílis de choincheap na seirbhíse poiblí in earnáil an iompair lastais iarnróid í comhoiriúnach don mhargadh inmheánach faoi Airteagal 93 den Chonradh, tugtar léirmhíniú ar an Airteagal sin. I gcomhréir leis an mbreithiúnas in Altmark, ní féidir a dhearbhú go bhfuil cúiteamh in earnáil an iompair de thalamh nach gcomhlíonann forálacha Airteagal 93 den Chonradh comhoiriúnach leis an gConradh ar bhonn Airteagal 106(2) den Chonradh, nó ar bhonn aon fhoráil eile den Chonradh. Dá réir sin, níor cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo maidir le hearnáil an iompair de thalamh. |
|
(29) |
Murab ionann agus earnáil an iompair de thalamh, tá earnáil an mhuiriompair agus earnáil an aeriompair faoi réir Airteagal 106(2) den Chonradh. Tá rialacha áirithe is infheidhme maidir le cúiteamh as seirbhís phoiblí in earnáil an aeriompair agus in earnáil an mhuiriompair le fáil i Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) agus i Rialachán (CEE) Uimh. 3577/92 ón gComhairle (18). Mar sin féin, murab ionann agus Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007, ní bhaineann na Rialacháin sin le comhoiriúnacht eilimintí na Státchabhrach a d'fhéadfadh a bheith ann agus ní fhoráiltear leo díolúine ón oibleagáid réamhfhógra a thabhairt de bhun Airteagal 108(3) den Chonradh. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo maidir le cúiteamh as seirbhís phoiblí in earnáil an aeriompair agus in earnáil an mhuiriompair ar choinníoll go gcomhlíonann an cúiteamh den sórt sin na rialacha earnála a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 agus Rialachán (CEE) Uimh. 3577/92 i gcás inarb infheidhme, chomh maith leis na coinníollacha a leagtar amach sa Chinneadh seo. |
|
(30) |
I gcásanna sonracha maidir le cúiteamh as seirbhís phoiblí le haghaidh naisc aeir nó naisc mhuirí le hoileáin agus le haghaidh aerfoirt agus calafoirt ar seirbhísí iad lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 106(2) den Chonradh seo, is iomchuí tairseacha a sholáthar bunaithe ar an meánlíon bliantúil paisinéirí. Ina theannta sin, nuair atá trácht lasta i measc na nasc muirí leis na hoileáin, is iomchuí tairseacha a sholáthar bunaithe ar an meánmhéid bliantúil lasta atá le bunú ar bhonn an chóimheas thipiciúil idir líon na bpaisinéirí agus toilleadh na bhfeithiclí. Comhfhreagraíonn na tairseacha den sórt do réaltacht eacnamaíoch na ngníomhaíochtaí sin agus do shaintréithe na seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta. Thairis sin, ar bhonn na taithí a fuarthas faoi Threoirlínte Eitlíochta 2014 (19), is minic nach mbíonn aerfoirt a bhfuil trácht paisinéirí bliantúil os cionn 200 000 paisinéir acu brabúsach. Chun freagairt don réaltacht eacnamaíoch sin, is iomchuí an tairseach paisinéirí a socraíodh le Cinneadh 2012/21/AE a mhéadú ó 200 000 paisinéir go 500 000 paisinéir. Ar deireadh, agus ról na gcalafort agus go háirithe calafoirt le haghaidh na réigiúin oileánda agus na réigiúin is forimeallaí, á chur san áireamh á chur san áireamh, mar a chuirtear i dtábhacht sa Straitéis Eorpach um Chalafoirt, ba cheart an tairseach atá ann faoi láthair a mhéadú ó 300 000 paisinéir go 400 000 paisinéir. Ba cheart calafoirt sna réigiúin is forimeallaí tairbhiú den díolúine ón gceanglas fógra gan beann ar an trácht bliantúil paisinéirí nó lasta, de bharr an róil ríthábhachtaigh atá acu maidir le nascacht mar gheall ar a bhfad geografach ó mhórthír an Bhallstáit. |
|
(31) |
An méid a dhéanann beart cúiteach ar leith difear do thrádáil agus d’iomaíocht, braitheann sé ar fhad foriomlán thréimhse iontaoibhe na seirbhíse lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta agus ní hamháin ar an meánmhéid cúitimh a fhaightear gach bliain agus ar an earnáil ábhartha. Ach amháin má bhíonn údar le tréimhse níos faide mar gheall ar an ngá atá le hinfheistíocht shuntasach, mar shampla i réimse na tithíochta sóisialta nó inacmhainne, réimse inar gnáth infheistíochtaí a amúchadh ar feadh os cionn 20 bliain, ba cheart cur i bhfeidhm an Chinnidh seo a bheith teoranta do thréimhsí iontaoibhe nach faide ná 10 mbliana. |
|
(32) |
Chun go mbeidh feidhm ag Airteagal 106(2) den Chonradh, ní mór oibriú seirbhíse sonraí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a bheith curtha ag an mBallstát ar iontaoibh an ghnóthais i dtrácht. |
|
(33) |
Chun a áirithiú go gcomhlíonfar na critéir a leagtar amach in Airteagal 106(2) den Chonradh, is gá coinníollacha agus riachtanais níos beaichte a leagan síos agus ní mór na coinníollacha agus riachtanais sin a chomhlíonadh i leith oibriú na seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a bheith curtha ar iontaoibh. Ní féidir méid an chúitimh a ríomh agus a iniúchadh i gceart ach amháin má leagtar amach na hoibleagáidí seirbhíse poiblí atá ar na gnóthais agus aon oibleagáid atá ar an Stát go soiléir in acht amháin nó níos mó atá ó na húdaráis phoiblí inniúla sa Bhallstát lena mbaineann. D’fhéadfadh foirm na hionstraime a bheith éagsúil ó Bhallstát go chéile ach ba cheart a shonrú ann, ar a laghad, cé na gnóthais lena mbaineann, cén t-ábhar beacht agus cén fad a bhaineann léi agus, i gcás inarb iomchuí, cén chríoch a bhaineann leis na hoibleagáidí seirbhíse poiblí atá á bhforchur, an bhfuil deonú aon chirt eisiach nó aon chirt speisialta i gceist agus ba cheart tuairisc a bheith ann ar an sásra cúitimh agus ar na paraiméadair a mbaintear úsáid astu chun an cúiteamh a ríomh agus chun aon róchúiteamh a sheachaint nó a fháil ar ais. |
|
(34) |
Chun saobhadh iomaíochta gan údar a sheachaint, níor cheart an cúiteamh a bheith níos mó ná an méid is gá chun na glanchostais arna dtabhú ag an ngnóthas agus é i mbun na seirbhíse a chumhdach, lena n-áirítear brabús réasúnta. |
|
(35) |
An glanchostas atá le cur san áireamh, ba cheart é a ríomh mar an difríocht idir an costas arna thabhú in oibriú na seirbhíse lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta agus an t-ioncam arna shaothrú ón tseirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta nó, de rogha air sin, mar an difríocht idir an glanchostas a bhaineann le bheith ag oibriú leis an oibleagáid seirbhíse poiblí agus an glanchostas nó an brabús a bhaineann le bheith ag oibriú gan an oibleagáid seirbhíse poiblí. Go háirithe, má bhíonn laghdú ar an ioncam mar thoradh ar an oibleagáid seirbhíse poiblí, mar shampla de bharr taraifí rialáilte, ach nach ndéanfaidh an laghdú sin difear do na costais, ba cheart an deis a bheith ann an glanchostas arna thabhú i gcomhlíonadh na hoibleagáide seirbhíse poiblí a chinntiú ar bhonn an ioncaim tharscaoilte. Chun saobhadh iomaíochta gan údar a sheachaint, gach ioncam arna shaothrú ó sheirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, is é sin le rá, aon ioncam nach mbeadh faighte ag an soláthraí i gcás nár cuireadh an oibleagáid ar a iontaoibh, ba cheart an t-ioncam sin a chur san áireamh chun méid an chúitimh a ríomh. Má bhíonn cearta speisialta nó cearta eisiacha ag an ngnóthas a bhfuil nasc acu le gníomhaíochtaí, seachas an tseirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta dá ndeonaítear an chabhair, ar gníomhaíochtaí iad lena ngintear brabúis de bhreis ar bhrabús réasúnta nó má thairbhíonn an gnóthas de bhuntáistí eile a dheonaíonn an Stát, ba cheart na brabúis nó na tairbhí sin a chur san áireamh ina ioncam, gan beann ar a n-aicmiú chun críocha Airteagal 107 den Chonradh. |
|
(36) |
Chun tras-fhóirdheonú is féidir a bheith ann a rialú, i gcás ina ndéanfaidh gnóthas gníomhaíochtaí a thagann laistigh de raon feidhme SLEG áirithe nó roinnt SLEG agus lasmuigh de, ba cheart a léiriú ar leithligh sna cuntais inmheánacha na costais agus na hadmhálacha a bhaineann leis na SLEG uile agus iad siúd a bhaineann le seirbhísí eile, chomh maith leis na paraiméadair chun costais agus ioncaim a shannadh. |
|
(37) |
Cúiteamh de bhreis ar an méid is gá chun na glanchostais a thabhaíonn an gnóthas lena mbaineann a chumhdach agus an tseirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta á oibriú aige, ba cheart státchabhair neamhréireacha cheart a aisíoc leis an Stát agus an t-ús a ghabhann léi a bheith sa chúiteamh sin. Maidir le cúiteamh a dheonaítear chun SLEG a oibriú ach a úsáideann an gnóthas lena mbaineann chun bheith ag oibriú ar mhargadh eile chun críoch seachas na críocha a shonraítear sa ghníomh iontaoibhe, níl gá leis an gcúiteamh sin chun an SLEG a oibriú agus, dá bhrí sin, d’fhéadfadh státchabhair neamhréireach ba cheart a aisíoc leis an Stát agus an t-ús a ghabhann léi a bheith i gceist leis sin freisin. |
|
(38) |
Níor cheart brabús an tsoláthraí seirbhíse nach mó ná an ráta babhtála ábhartha móide 100 bonnphointe a mheas mar bhrabús míréasúnta. Sa chomhthéacs sin, meastar gur ráta toraidh iomchuí é an ráta babhtála ábhartha le haghaidh infheistíocht atá saor ó riosca. Is é an aidhm do phréimh 100 bonnphointe, inter alia, cúiteamh a dhéanamh ar an riosca neamhleachtacha a bhaineann le caipiteal a sholáthar, caipiteal a úsáidtear chun an tseirbhís a oibriú le linn na tréimhse cúraim. |
|
(39) |
I gcásanna nach bhfuil leibhéal substaintiúil riosca tráchtála ar an soláthraí seirbhíse, mar shampla toisc go ndéantar na costais a thabhaíonn sé in oibriú na seirbhíse a chúiteamh go hiomlán, níor cheart brabúis a sháraíonn tagarmharc an ráta babhtála ábhartha móide 100 bonnphointe a mheas mar bhrabús réasúnta. |
|
(40) |
I gcás nach iomchuí an ráta toraidh ar chaipiteal a úsáid, mar gheall ar imthosca sonracha, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann brath ar tháscairí eile lena dtugtar an leibhéal brabúis le fios chun an brabús réasúnta a chinneadh , amhail an meántoradh ar chothromas, an toradh ar chaipiteal a úsáidtear, an toradh ar shócmhainní nó an toradh ar dhíolacháin. |
|
(41) |
Agus cad is brabús réasúnta ann á chinneadh ag na Ballstáit, ba cheart iad a bheith in ann critéir dhreasachta a thabhairt isteach a bhaineann, go háirithe, le cáilíocht na seirbhíse a sholáthraítear agus le gnóthachain in éifeachtúlacht tháirgiúil. Níor cheart do na gnóthachain éifeachtúlachta cáilíocht na seirbhíse a laghdú. Mar shampla, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann spriocanna a bhaineann le héifeachtúlacht táirgiúlachta a bhunú sa ghníomh iontaoibhe sa tslí go mbeidh leibhéal an chúitimh ag brath ar a mhéid a éiríonn le baint amach na spriocanna. Is féidir a fhoráil leis an ngníomh iontaoibhe, dá mba rud é nach n-éireodh leis an ngnóthas na cuspóirí a bhaint amach, go laghdófaí an cúiteamh trí mhodh ríofa arna shonrú sa ghníomh iontaoibhe a chur i bhfeidhm, agus i gcás ina n-éireodh leis an ngnóthas níos mó ná na spriocanna a bhaint amach, d’fhéadfaí an cúiteamh a mhéadú trí mhodh ríofa arna shonrú sa ghníomh iontaoibhe a chur i bhfeidhm. Ba cheart aon luaíocht atá nasctha le gnóthachain éifeachtúlachta táirgiúla a shocrú ar leibhéal lena bhfágfaí go mbeifí in ann na gnóthachain sin a chomhroinnt idir an gnóthas agus an Ballstát agus/nó na húsáideoirí ar bhealach cothrom. |
|
(42) |
Ar bhonn na taithí a fuarthas ó chur i bhfeidhm Chinneadh 2012/21/AE, ba cheart an oibleagáid maidir le rialuithe ex post a bheith ar róchúiteamh a choigeartú freisin chun an t-ualach riaracháin ar na Ballstáit a laghdú. Dá bhrí sin, ba cheart a minicíocht a laghdú agus na Ballstáit a dhíolmhú ó na rialuithe sin nuair a shocrófar an cúiteamh roimh ré ar bhonn plean gnó inchreidte. Thairis sin, i gcás ina mbeidh gníomhaíocht sholáthraí an SLEG sin teoranta go bunúsach do sholáthar an SLEG sin, agus b’fhéidir ioncaim thráchtála bhliantúla nach mó ná 5 % den ioncam bliantúil iomlán ina cuid de sin e linn na tréimhse iontaoibhe ar féidir a mheas go bhfuil siad coimhdeach leis an SLEG, agus ina mbeidh oibleagáid dhlíthiúil ar an soláthraí a bhrabúis uile a ath-infheistiú sa SLEG sin, beidh teorainn leis an riosca go ndéanfar saobhadh míchuí maidir le róchúiteamh féideartha. Sa chás sin, níor cheart gá a bheith le seiceálacha ex post a dhéanamh ach oiread chun a fhíorú nach ndearnadh róchúiteamh. Mar sin féin, agus an díolúine sin á cur i bhfeidhm acu, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go leanfaidh an t-ioncam tráchtála de bheith coimhdeach, mar shampla le seiceálacha randamacha, go háirithe i gcás ina mbeidh amhras faoi mhí-úsáid. |
|
(43) |
Chun an t-ualach riaracháin a laghdú, ba cheart deireadh a chur leis na hoibleagáidí tuairiscithe arna bhforchur le Cinneadh 2012/21/AE. Ar an gcaoi chéanna, chun an cás a shimpliú, ba cheart deireadh a chur freisin leis an oibleagáid tagairt a dhéanamh don Chinneadh sa ghníomh iontaoibhe. Chun leibhéal leordhóthanach trédhearcachta a choinneáil ar bun maidir leis an gcúiteamh a dheonaítear le haghaidh seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, ba cheart na hoibleagáidí trédhearcachta i leagtar síos i gCinneadh 2012/21/AE a choigeartú. A mhéid a bhaineann le foilsiú faisnéise maidir le dámhachtainí cabhrach aonair, is iomchuí tairseacha a shocrú a bhféadfar a mheas gur foilsiú comhréireach an foilsiú sin os a gcionn agus méid na cabhrach á chur san áireamh. |
|
(44) |
Leis an díolúine ón gceanglas réamhfhógra a thabhairt le haghaidh seirbhísí áirithe lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, níor cheart a chur as an áireamh go bhféadfadh na Ballstáit fógra a thabhairt maidir le beart cabhrach sonrach. I gcás ina dtabharfar réamhfhógra den sórt sin, nó má dhéanann an Coimisiún measúnú ar an gcomhoiriúnacht a bhaineann le beart cabhrach sonrach i ndiaidh gearáin nó ex officio, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar cé acu a comhlíonadh na coinníollacha ábhartha, nó nár comhlíonadh. Murab amhlaidh atá an cás, ba cheart an beart a mheasúnú i gcomhréir leis na prionsabail sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an gcreat le haghaidh státchabhrach i bhfoirm cúitimh as seirbhís phoiblí (20). |
|
(45) |
Ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo gan dochar d’fhorálacha Threoir 2006/111/CE ón gCoimisiún (21). |
|
(46) |
Ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo gan dochar d’fhorálacha an Aontais i réimse na hiomaíochta, go háirithe Airteagal 101 agus Airteagal 102 den Chonradh. |
|
(47) |
Ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo gan dochar d’fhorálacha an Aontais i réimse an tsoláthair phoiblí. |
|
(48) |
Ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo gan dochar d’fhorálacha níos déine maidir le hoibleagáidí seirbhíse poiblí atá i reachtaíocht earnála an Aontais. |
|
(49) |
Ba cheart scéimeanna cabhrach a cuireadh i bhfeidhm i gcomhréir le Cinneadh 2012/21/AE roimh theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo leanúint de bheith comhoiriúnach don mhargadh inmheánach agus de bheith díolmhaithe ón gceanglas fógra go ceann tréimhse 2 bhliain eile. Ba cheart a mheas go bhfuil cabhair a cuireadh i bhfeidhm roimh theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo nár tugadh i gcomhréir le Cinneadh 2012/21/AE ach a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos sa Chinneadh seo comhoiriúnach don mhargadh inmheánach agus díolmhaithe ón gceanglas fógra. Ós rud é go dtugtar isteach coinníollacha nua leis an gCinneadh seo, atá teoranta maidir leis an éifeacht atá acu, le haghaidh SLEG sóisialta, de mhaolú air sin, agus chun tairbhí na SLEG sin atá ann cheana a chosaint, agus an poitéinseal teoranta go ndéanfar saobhadh ar an iomaíocht maidir leis na SLEG sin á chur san áireamh chomh maith, ba cheart scéim cabhrach nó cabhair aonair le haghaidh aon SLEG sóisialta a cuireadh chun feidhme roimh theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo a bhí comhoiriúnach don mhargadh inmheánach agus díolmhaithe ón gceanglas fógra leanúint de bheith comhoiriúnach don mhargadh inmheánach go dtí deireadh thréimhse an ghnímh iontaoibhe. |
|
(50) |
Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an gCinneadh seo de réir mar is gá agus an taithí a fuarthas le cur chun feidhme an Chinnidh seo á cur san áireamh. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
Maidir le státchabhair i bhfoirm cúitimh as seirbhís phoiblí a dheonaítear do ghnóthais áirithe a gcuirtear ar a n-iontaoibh seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a oibriú, leagtar amach sa Chinneadh seo na coinníollacha faoina bhfuil an státchabhair sin comhoiriúnach don mhargadh inmheánach agus díolmhaithe ón gceanglas fógra a thabhairt a leagtar síos in Airteagal 108(3) den Chonradh. Chun gur féidir faighteoir na cabhrach a shainaithint sa Chinneadh seo, tá feidhm a bheith ag an gcoincheap an ‘gnóthas aonair’ de réir an tsainmhínithe in Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) 2023/2832 ón gCoimisiún.
Airteagal 2
Raon feidhme
1. Tá feidhm ag an díolúine ón gceanglas réamhfhógra a thabhairt a leagtar síos in Airteagal 108(3) den Chonradh a leagtar amach sa Chinneadh seo maidir le státchabhair i bhfoirm cúitimh as seirbhís phoiblí, a dheonaítear do ghnóthais a gcuirtear ar a n-iontaoibh seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a oibriú dá dtagraítear in Airteagal 106(2) den Chonradh, a thagann faoi cheann amháin de na catagóirí seo a leanas:
|
(a) |
cúiteamh nach mó ná EUR 20 milliún in aghaidh na bliana chun seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a sholáthar i réimsí seachas iompar agus bonneagar iompair, lena n-áirítear seirbhísí sóisialta nach dtagraítear dóibh i bpointe (c) agus táirgí íocshláinte criticiúla; |
|
(b) |
cúiteamh as seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta atá á soláthar ag ospidéil a sholáthraíonn cúram leighis, lena n-áirítear seirbhísí éigeandála i gcás inarb infheidhme; mar sin féin, ní chuirtear cosc ar chur i bhfeidhm na míre seo le saothrú gníomhaíochtaí coimhdeacha a bhfuil baint dhíreach acu leis na príomhghníomhaíochtaí, go háirithe i réimse an taighde; |
|
(c) |
cúiteamh as soláthar SLEG lena bhfreastalaítear ar riachtanais shóisialta a mhéid a bhaineann le sláinte agus cúram fadtéarmach, cúram leanaí, rochtain ar mhargadh an tsaothair agus ath-imeascadh ann agus cúram agus cuimsiú sóisialta grúpaí leochaileacha lena n-áirítear inrochtaineacht agus seirbhísí cúnta teicneolaíochta le haghaidh daoine faoi mhíchumas; |
|
(d) |
cúiteamh as soláthar SLEG maidir le tithíocht shóisialta i gcás ina gcomhlíonann seirbhísí tithíochta sóisialta na ceanglais a leagtar amach san Iarscríbhinn; |
|
(e) |
cúiteamh as soláthar SLEG maidir le tithíocht inacmhainne i gcás ina gcomhlíonann seirbhísí tithíochta inacmhainne na ceanglais a leagtar amach san Iarscríbhinn; |
|
(f) |
cúiteamh as soláthar SLEG a mhéid a bhaineann le naisc aeir nó naisc mhuirí le hoileáin nach raibh meántrácht bliantúil os cionn 300 000 paisinéir orthu le linn an 2 bhliain airgeadais roimh an mbliain a sannadh an SLEG, agus nuair atá trácht lasta ar na naisc mhuirí le hoileáin, is é 75 000 méadar líneach lastais (22) atá i gceist; |
|
(g) |
cúiteamh as SLEG a sholáthar a mhéid a bhaineann le haerfoirt agus calafoirt, i gcás nach mó an trácht bliantúil iontu ná 500 000 paisinéir i gcás aerfort agus 400 000 i gcás calafort le linn an 2 bhliain airgeadais sular sannadh an tseirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, nó a mhéid a bhaineann le calafoirt atá lonnaithe sna réigiúin is forimeallaí gan beann ar an meántrácht bliantúil a bhíonn orthu. |
2. I gcás ina n-athróidh méid an chúitimh dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), thar fhad na tréimhse iontaoibhe, ríomhfar an méid bliantúil mar mheánmhéid na suimeanna bliantúla cúitimh a bhfuil coinne leo le linn na tréimhse iontaoibhe.
Tá feidhm ag an tairseach bhliantúil dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), in aghaidh na seirbhíse lena ngabhann leas eacnamaíoch ar cuireadh ar iontaoibh gnóthais í. I gcás iontaoibh chomhpháirteach nó aonair i roinnt Ballstát, beidh feidhm ag an tairseach chúitimh maidir le gach Ballstát ina soláthraítear an tseirbhís.
3. Beidh feidhm ag an gCinneadh seo i gcás ina gcuirtear oibriú na seirbhíse lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta ar iontaoibh an ghnóthais ar feadh tréimhse nach dtéann thar thréimhse 10 mbliana. I gcás ina sáraíonn an tréimhse iontaoibhe 10 mbliana, ní bheidh feidhm ag forálacha an Chinnidh seo ach sa mhéid atá gá le hinfheistíocht shuntasach ón soláthraí seirbhíse, infheistíocht nach mór a bheith amúchta thar thréimhse níos faide i gcomhréir le prionsabail chuntasaíochta a bhfuil glactha leo go ginearálta.
4. I gcás ina scoirfear de chomhlíonadh na gcoinníollacha maidir le cur i bhfeidhm an Chinnidh seo le linn na tréimhse iontaoibhe, tabharfar fógra faoin gcabhair i gcomhréir le hAirteagal 108(3) den Chonradh.
5. I réimse an aeriompair agus an mhuiriompair, ní bheidh feidhm ag an gCinneadh seo ach amháin maidir le státchabhair i bhfoirm cúitimh as seirbhís phoiblí, a dheonaítear do ghnóthais a gcuirtear ar a n-iontaoibh seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a oibriú dá dtagraítear in Airteagal 106(2) den Chonradh, a chomhlíonann Rialachán (CE) 1008/2008 agus Rialachán (CEE) 3577/92, faoi seach, i gcás inarb infheidhme.
6. Ní bheidh feidhm ag an gCinneadh seo maidir le státchabhair i bhfoirm cúitimh as seirbhís phoiblí a dheonaítear do ghnóthais i réimse an iompair de thalamh.
Airteagal 3
Comhoiriúnacht agus díolúine ó fhógra
Beidh státchabhair i bhfoirm cúitimh as seirbhís phoiblí a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos sa Chinneadh seo comhoiriúnach don mhargadh inmheánach agus beidh sí díolmhaithe ón oibleagáid maidir le réamhfhógra de bhun Airteagal 108(3) den Chonradh ar choinníoll go gcomhlíonfaidh an státchabhair na ceanglais a eascraíonn as an gConradh nó as reachtaíocht earnála ábhartha an Aontais.
Airteagal 4
Iontaoibh
Cuirfear oibriú na seirbhíse lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta ar iontaoibh an ghnóthais lena mbaineann trí ghníomh amháin nó níos mó, a bhféadfaidh gach Ballstát a fhoirm a chinneadh . Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa ghníomh nó sna gníomhartha, go háirithe:
|
(a) |
ábhar agus fad na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí; |
|
(b) |
an gnóthas agus, i gcás inarb infheidhme, an chríoch lena mbaineann; |
|
(c) |
cineál aon chirt eisiach nó speisialta a shannfaidh an t-údarás deonúcháin don ghnóthas; |
|
(d) |
tuairisc ar an sásra cúitimh agus ar na paraiméadair lena ríomhtar, lena rialaítear agus lena athbhreithnítear an cúiteamh; |
|
(e) |
na socruithe chun aon róchúiteamh a sheachaint agus a aisghabháil. |
Airteagal 5
Cúiteamh
1. Ní bheidh méid an chúitimh níos mó ná an méid is gá chun na glanchostais arna dtabhú trí chomhlíonadh na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí a chumhdach, lena n-airítear brabús réasúnta.
2. Is féidir an glanchostas a ríomh mar an difríocht idir na costais a leagtar amach i mír 3 agus na hioncaim a leagtar amach i mír 4. De rogha air sin, d’fhéadfaí é a ríomh mar an difríocht idir an glanchostas le haghaidh an ghnóthais a bhaineann le bheith ag oibriú leis an oibleagáid seirbhíse poiblí agus an glanchostas ar an ngnóthas céanna nó a bhrabús a oibríonn gan an oibleagáid seirbhíse poiblí.
3. Na costais go léir a thabhófar agus an tseirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta á hoibriú, is iad sin na costais a bheidh le cur san áireamh. Ríomhfar iad ar bhonn na bprionsabal cuntasaíochta costála seo a leanas a bhfuil glactha leo go ginearálta:
|
(a) |
i gás nach mbainfidh gníomhaíochtaí an ghnóthais ach le seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, féadfar a chostais go léir a chur san áireamh; |
|
(b) |
i gcás ina ndéanfaidh an gnóthas gníomhaíochtaí nach dtagann faoi raon feidhme na seirbhíse lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, ní chuirfear ach na costais a bhaineann leis an tseirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta san áireamh; |
|
(c) |
na costais a leithdháilfear ar an tseirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, féadfar leo sin na costais dhíreacha uile a thabhófar in oibriú na seirbhíse lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a chumhdach chomh maith le ranníocaíocht iomchuí leis na costais choiteanna idir an tseirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta agus gníomhaíochtaí eile araon; |
|
(d) |
féadfar na costais a bhaineann le hinfheistithe, lena n-áirítear bonneagar, a chur san áireamh nuair is gá le haghaidh oibriú na seirbhíse lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta. |
4. San ioncam atá le cur san áireamh beidh an t-ioncam ar fad a shaothrófar ón tseirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta ar a laghad, cibé acu a aicmítear an t-ioncam mar státchabhair de réir bhrí Airteagal 107 den Chonradh nó nach n-aicmítear. I gcás ina mbíonn cearta speisialta nó cearta eisiacha ag an ngnóthas a bhfuil nasc acu le gníomhaíochtaí, seachas an tseirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta dá ndeonaítear an chabhair, ar gníomhaíochtaí iad lena ngintear brabúis de bhreis ar bhrabús réasúnta nó má thairbhíonn an gnóthas de bhuntáistí eile a dheonaíonn an Stát, cuirfear na brabúis nó na tairbhí sin san áireamh ina ioncam, gan beann ar a n-aicmiú chun críocha Airteagal 107 den Chonradh. Maidir leis na brabúis a fhabhraíonn ó ghníomhaíochtaí a thagann lasmuigh de raon feidhme na seirbhíse i dtrácht lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann cinneadh a dhéanamh go sannfar na brabúis sin go hiomlán nó go páirteach do mhaoiniú na seirbhíse lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta.
5. I gcás ina ndéanfaidh gnóthas gníomhaíochtaí a thagann laistigh de raon feidhme SLEG áirithe nó roinnt SLEG agus lasmuigh de/díobh, léireofar ar leithligh sna cuntais inmheánacha na costais agus na hadmhálacha a bhaineann leis na SLEG uile agus iad siúd a bhaineann le seirbhísí eile, chomh maith leis na paraiméadair chun costais agus ioncaim a shannadh. Cumhdófar na costais dhíreacha, ranníocaíocht iomchuí leis na costais chomhchoiteanna agus toradh leordhóthanach ar chaipiteal leis na costais atá nasctha le haon ghníomhaíocht a thagann lasmuigh de raon feidhme na seirbhíse lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta. Ní dheonófar aon chúiteamh i leith costais atá nasctha le gníomhaíochtaí a thagann lasmuigh de raon feidhme na seirbhíse lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta.
6. Ceanglóidh na Ballstáit ar an ngnóthas lena mbaineann aon róchúiteamh atá faighte aige a aisíoc.
Airteagal 6
Brabús réasúnta
1. Chun críocha an Chinnidh seo, ciallaíonn ‘brabús réasúnta’ an ráta toraidh ar chaipiteal a bheadh ag teastáil ó ghnóthas tipiciúil agus breithniú á dhéanamh aige féachaint ar cheart dó an tseirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a sholáthar ar feadh na tréimhse iontaoibhe ar fad nó nár cheart, agus an leibhéal riosca á chur san áireamh aige. Ciallaíonn ‘ráta toraidh ar chaipiteal’ an ráta toraidh inmheánach a thabhaíonn an gnóthas ar a chaipiteal atá infheistithe thar fhad na tréimhse iontaoibhe. Braitheann an leibhéal riosca ar an earnáil lena mbaineann, cineál na seirbhíse agus saintréithe an chúitimh.
2. Agus cad is brabús réasúnta ann á chinneadh ag na Ballstáit, féadfaidh siad critéir dhreasachta a thabhairt isteach a bhaineann, go háirithe, le cáilíocht na seirbhíse arna soláthar agus le gnóthachain in éifeachtúlacht tháirgiúil. Ní laghdóidh na gnóthachain éifeachtúlachta cáilíocht na seirbhíse arna soláthar. Socrófar aon luaíocht a bheidh nasctha le gnóthachain éifeachtúlachta táirgiúla ar leibhéal lena bhfágfar go mbeifear in ann na gnóthachain sin a chomhroinnt idir an gnóthas agus an Ballstát agus/nó na húsáideoirí go cothrom.
3. In aon chás, ráta toraidh ar chaipiteal nach mó é ná an ráta babhtála móide biseach 100 bonnphointe, measfar é a bheith réasúnta chun críocha an Chinnidh seo. Is é an ráta babhtála ábhartha a bheidh ann an ráta babhtála lena ngabhann aibíocht agus airgeadra a chomhfhreagraíonn d’fhad agus d’airgeadra an ghnímh iontaoibhe. I gcás nach mbeidh soláthar an SLEG nasctha le riosca suntasach tráchtála conartha, go háirithe i gcás ina ndéanfar an glanchostas arna thabhú trí sholáthar na seirbhíse lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a chúiteamh ex post ina iomláine, go bunúsach, ní féidir an brabús réasúnta a bheith níos mó ná an ráta babhtála ábhartha móide biseach 100 bonnphointe.
4. I gcás nach iomchuí an ráta toraidh ar chaipiteal a úsáid, in imthosca sonracha, féadfaidh na Ballstáit brath ar tháscairí eile a thugann leibhéal an bhrabúis le fios seachas an ráta toraidh ar chaipiteal chun an brabús réasúnta a chinneadh , amhail an meántoradh ar chothromas, an toradh ar chaipiteal a úsáidtear, an toradh ar shócmhainní nó an toradh ar dhíolacháin. Ciallaíonn an ‘toradh’ tuilleamh roimh ús agus roimh chánacha sa bhliain sin. Ríomhtar an meántoradh trí úsáid a bhaint as an bhfachtóir lascaine thar ré an chonartha mar a shonraítear leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hathbhreithniú an mhodha chun na rátaí tagartha agus lascaine a shocrú (23). Cibé táscaire a roghnófar, beidh an Ballstát in ann fianaise a chur ar fáil don Choimisiún, arna iarraidh sin dó, a chruthóidh nach sáraíonn an brabús an méid a bheadh ag teastáil ó ghnóthas tipiciúil agus breithniú a dhéanamh aige féachaint ar cheart dó an tseirbhís a sholáthar nó nár cheart, mar shampla trí thagairtí do thorthaí a baineadh amach ar chonarthaí comhchosúla arna dtabhairt faoi choinníollacha iomaíocha a sholáthar.
Airteagal 7
Róchúiteamh a rialú
1. Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar aon chúiteamh a dheonófar le haghaidh seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta na ceanglais a leagtar síos sa Chinneadh seo, agus go háirithe nach bhfaighidh an gnóthas cúiteamh atá os cionn an mhéid arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 5. Arna iarraidh sin don Choimisiún, soláthróidh na Ballstáit fianaise ar chomhlíonadh dó. Chun na críche sin, déanfaidh na Ballstáit seiceálacha tráthrialta, gach 5 bliana ar a laghad, le linn na tréimhse iontaoibh agus ag deireadh na tréimhse sin.
2. I gcás ina mbeidh leibhéal seasta cúitimh bunaithe ag an mBallstát le haghaidh SLEG, ar leibhéal é lena dtuartar agus lena n-ionchorpraítear go leordhóthanach na gnóthachain éifeachtúlachta is féidir coinne a bheith leis go ndéanfaidh an soláthraí seirbhíse le linn na tréimhse iontaoibhe iad, ar bhonn leithdháileadh ceart costas agus ioncam agus ar bhonn ionchais réasúnta, ní dhéantar an tseiceáil róchúitimh ach chun a fhíorú go bhfuil an leibhéal brabúis ar a bhfuil an soláthraí ina theideal i gcomhréir leis an ngníomh iontaoibhe réasúnta ó pheirspictíocht ex ante.
3. I gcás ina mbeidh gníomhaíocht sholáthraí an SLEG teoranta go bunúsach do sholáthar an SLEG sin, agus ioncaim bhliantúla i gceist nach mó ná 5 % de na hioncaim bhliantúla iomlána le linn na tréimhse iontaoibhe agus go bhfuil oibleagáid dhlíthiúil air a bhrabúis uile a ath-infheistiú sa tseirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, ní gá seiceálacha ex post a dhéanamh chun a fhíorú nach bhfuil róchúiteamh ann. Agus an díolúine sin á cur i bhfeidhm, áiritheoidh na Ballstáit go leanfaidh an t-ioncam tráchtála de bheith coimhdeach le soláthar na seirbhíse lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta.
4. I gcás ina mbeidh cúiteamh faighte ag gnóthas de bhreis ar an méid a cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 5, ceanglóidh an Ballstát lena mbaineann ar an ngnóthas lena mbaineann aon róchúiteamh atá faighte aige a aisíoc. Má dhéantar foráil maidir le híocaíochtaí cúitimh amach anseo le hiontaoibh SLEG leanúnach, déanfar na paraiméadair chun an cúiteamh a ríomh a thabhairt cothrom le dáta le haghaidh na todhchaí agus, i gcás nach mó méid an róchúitimh ná 10 % de mhéid an mheánchúitimh bhliantúil, féadfar an róchúiteamh sin a bhaint as an gcéad íocaíocht cúitimh eile.
Airteagal 8
Trédhearcacht
1. Áiritheoidh na Ballstáit, ón 1 Eanáir 2028, go gclárófar an fhaisnéis maidir le cabhair os cionn EUR 1 mhilliún in aghaidh an ghnóthais agus in aghaidh an SLEG le linn na tréimhse iontaoibhe, i gclár lárnach ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais. Cuimseoidh an fhaisnéis sa chlár lárnach céannacht an tairbhí, an bunús dlí náisiúnta, méid an chúitimh, dáta an deonaithe, fad ama na hiontaoibhe, an t-údarás deonúcháin, an ionstraim chabhrach, agus an earnáil lena mbaineann ar bhonn na hainmníochta staidrimh do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha san Aontas Eorpach (‘aicmiú NACE’). Cuirfear an clár lárnach ar bun ar bhealach a fhágfaidh go mbeidh rochtain éasca ag an bpobal ar an bhfaisnéis agus, an tráth céanna, a áiritheoidh go gcomhlíonfar rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí, lena n-áirítear trí iontrálacha sonracha a anaithnidiú i gcás inar gá.
2. Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis a leagtar amach i mír 1 a chlárú sa chlár lárnach maidir le cabhair a dheonaíonn aon údarás laistigh den Bhallstát lena mbaineann laistigh de 20 lá oibre tar éis dheonú na cabhrach. Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun cruinneas na sonraí atá sa chlár lárnach a áirithiú.
3. Coinneoidh na Ballstáit taifid ar an bhfaisnéis chláraithe maidir le cabhair a dheonófar go ceann 10 mbliana ón dáta a deonaíodh an chabhair.
4. Arna iarraidh sin don Choimisiún, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann ar fáil don Choimisiún, laistigh de 20 lá oibre nó laistigh de thréimhse is faide a leagfar amach san iarraidh, gach faisnéis is gá, dar leis an gCoimisiún, chun measúnú a dhéanamh an bhfuil coinníollacha an Chinnidh seo comhlíonta.
Airteagal 9
Forálacha idirthréimhseacha
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo maidir leis an gcabhair aonair agus leis na scéimeanna cabhrach seo a leanas:
|
(a) |
aon scéim cabhrach a tháinig i bhfeidhm roimh theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo a bhí comhoiriúnach don mhargadh inmheánach agus díolmhaithe ón gceanglas fógra i gcomhréir le Cinneadh 2012/21/AE, leanfaidh sí de bheith comhoiriúnach don mhargadh inmheánach agus díolmhaithe ón gceanglas fógra ar feadh tréimhse 2 bhliain eile ó theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo; |
|
(b) |
aon scéim cabhrach nó cabhair aonair le haghaidh SLEG shóisialta a tháinig i bhfeidhm roimh theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo a bhí comhoiriúnach don mhargadh inmheánach agus díolmhaithe ón gceanglas fógra i gcomhréir le Cinneadh 2012/21/AE, leanfaidh siad de bheith comhoiriúnach don mhargadh inmheánach go dtí deireadh thréimhse an ghnímh iontaoibhe; |
|
(c) |
aon scéim cabhrach nó cabhair aonair a tháinig i bhfeidhm roimh theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo nach raibh comhoiriúnach don mhargadh inmheánach agus nach raibh díolmhaithe ón gceanglas fógra i gcomhréir le Cinneadh 2012/21/AE ach a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos sa Chinneadh seo, go háirithe na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 2(3), measfar iad a bheith comhoiriúnach don mhargadh inmheánach agus díolmhaithe ón gceanglas maidir le réamhfhógra. |
Airteagal 10
Aisghairm
Déantar Cinneadh 2012/21/AE a aisghairm leis seo.
Airteagal 11
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 16 Nollaig 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) Cás C-280/00 Altmark Trans agus Regierungspräsidium Magdeburg v Nahverkehrsgesellschaft, ECLI:EU:C:2003:415.
(2) Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm rialacha státchabhrach an Aontais Eorpaigh maidir le cúiteamh a dheonaítear chun seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ghinearálta a sholáthar, IO C 8, 11.1.2012, lch. 4.
(3) Rialachán (AE) 2023/2832 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2023 maidir le hAirteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm ar chabhair de minimis arna deonú do ghnóthais a sholáthraíonn seirbhísí ar lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (IO L, 2023/2832, 15.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2832/oj).
(4) Teachtaireacht ón gCoimisiún, Creat an Aontais Eorpaigh maidir le státchabhair i bhfoirm cúitimh as seirbhís phoiblí, IO C 8, 11.1.2012, lch. 15.
(5) Cinneadh 2012/21/AE ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2011 maidir le hAirteagal 106(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm i ndáil le Státchabhair i bhfoirm cúitimh seirbhíse poiblí a dheonaítear do ghnóthais áirithe a bhfuil de chúram orthu seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a oibriú (IO L 7, 11.1.2012, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2012/21(1)/oj).
(6) Cás C-280/00 Altmark Trans agus Regierungspräsidium Magdeburg v Nahverkehrsgesellschaft, ECLI:EU:C:2003:415.
(7) Rialachán (AE) 2023/2832 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2023 maidir le hAirteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm ar chabhair de minimis arna deonú do ghnóthais a sholáthraíonn seirbhísí ar lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (IO L, 2023/2832, 15.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2832/oj).
(8) An sainmhíniú ar ‘eintiteas neamhbhrabúsach’ a leagtar amach i Rialachán (AE) 2023/2832 le hAirteagail 107 agus 108 den Chonradh a chur i bhfeidhm, is infheidhme é freisin i gcomhthéacs chur chun feidhme an Chinnidh seo.
(9) I gcomhréir le hAirteagal 2 (17) de Threoir (AE) 2024/1275 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 2024/1275, 8.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1275/oj), ciallaíonn ‘eilimint foirgnimh’ córas teicniúil foirgnimh nó eilimint den imchlúdach foirgnimh. i gcomhréir le hAirteagal 2(6) den Treoir sin, ciallaíonn an téarma ‘córas teicniúil foirgnimh’ an trealamh teicniúil a bhíonn i bhfoirgneamh nó in aonad foirgnimh i gcomhair téamh spáis, fuarú spáis, aerála, uisce te tí, soilsiú ionsuite, uathoibriú agus rialú foirgnimh, giniúint fuinnimh in-athnuaite agus stóráil fuinnimh ar an láthair, nó meascán den dá rud, lena n-áirítear na córais siúd a úsáideann fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite. I gcomhréir le hAirteagal 2(15) den Treoir sin, ciallaíonn ‘imchlúdach foirgnimh’ eilimintí comhtháite foirgnimh a thagann idir an taobh istigh agus an timpeallacht lasmuigh.
(10) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – an Bauhaus Eorpach Nua – ón bhfís chuig an gcur chun feidhme (COM(2025)1026) agus togra le haghaidh moladh ón gComhairle maidir leis an Bauhaus Eorpach Nua (COM(2025)1027).
(11) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – an Plean Eorpach um Thithíocht Inacmhainne (COM(2025)1025).
(12) An cion d’ollioncam míosúil teaghlaigh a úsáidtear chun an cíos a íoc.
(13) An sciar d’ollioncam míosúil teaghlaigh a bhfuil gá leis chun na meáníocaíochtaí míosúla morgáiste a chumhdach.
(14) An cóimheas idir praghsanna airmheánacha tithe agus ioncam airmheánach bliantúil an teaghlaigh i limistéar ar leith.
(15) Líon na mblianta d’ollioncam teaghlaigh a theastaíonn chun teach tipiciúil a cheannach ar phraghsanna reatha an mhargaidh.
(16) Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d’iarnród agus de bhóthar agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1191/69 agus Rialachán (CEE) Uimh. 1107/70 ón gComhairle (IO L 315, 3.12.2007, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2007/1370/oj).
(17) Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal (IO L 293, 31.10.2008, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1008/oj).
(18) Rialachán (CEE) Uimh. 3577/92 ón gComhairle an 7 Nollaig 1992 lena ndéantar prionsabal na saoirse chun seirbhísí a sholáthar a chur i bhfeidhm ar iompar muirí laistigh de na Ballstáit (cabatáiste muirí) (IO L 364, 12.12.1992, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1992/3577/oj).
(19) Teachtaireacht ón gCoimisiún — Treoirlínte maidir le Státchabhair d’aerfoirt agus d’aerlínte (IO C 99, 4.4.2014, lch. 3).
(20) Teachtaireacht ón gCoimisiún – Creat an Aontais Eorpaigh maidir le Státchabhair i bhfoirm cúiteamh seirbhíse poiblí (IO C 8, 11.1.2012, lch. 15).
(21) Treoir 2006/111/CE ón gCoimisiún an 16 Samhain 2006 maidir le trédhearcacht an chaidrimh airgeadais idir na Ballstáit agus gnóthais phoiblí agus chomh maith leis sin maidir le trédhearcacht airgeadais laistigh de ghnóthais áirithe (IO L 318, 17.11.2006, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/111/oj).
(22) Tagraíonn ‘méadair líneacha lasta’ don mhéid bliantúil feithiclí lasta tráchtála agus leantóirí neamhthionlactha a iompraítear, arna thomhas i méadair lána. Is éard is méadar lána ann méadar amháin d’fhad ar dheic na feithicle atá lána amháin ar leithead.
(23) Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hathbhreithniú ar an modh chun na rátaí tagartha agus lascaine a shocrú (IO C 14, 19.1.2008, lch. 6).
IARSCRÍBHINN
|
1. |
Chun críocha an Chinnidh seo, comhlíonfaidh tithíocht shóisialta mar SLEG na ceanglais seo a leanas:
|
|
2. |
Chun críocha an Chinnidh seo, comhlíonfaidh tithíocht inacmhainne mar SLEG na ceanglais seo a leanas:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2630/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)