This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D2628
Council Implementing Decision (EU) 2025/2628 of 18 December 2025 on the Union Resettlement and Humanitarian Admission Plan (2026-2027)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2628 ón gComhairle an 18 Nollaig 2025 maidir le Plean an Aontais um Athlonnú agus um Ligean Isteach ar Fhoras Daonnúil (2026-2027)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2628 ón gComhairle an 18 Nollaig 2025 maidir le Plean an Aontais um Athlonnú agus um Ligean Isteach ar Fhoras Daonnúil (2026-2027)
ST/16273/2025/INIT
IO L, 2025/2628, 22.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2628/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2628 |
22.12.2025 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2628 ÓN gCOMHAIRLE
an 18 Nollaig 2025
maidir le Plean an Aontais um Athlonnú agus um Ligean Isteach ar Fhoras Daonnúil (2026-2027)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1350 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena mbunaítear Creat an Aontais um Athlonnú agus um Ligean Isteach ar Fhoras Daonnúil, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1147 (1), agus go háirithe Airteagal 8(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Rialachán (AE) 2024/1350, ar bhonn togra ón gCoimisiún, tá an Chomhairle le Plean 2 bhliain an Aontais um Athlonnú agus um Ligean Isteach ar Fhoras Daonnúil (‘Plean an Aontais’) a ghlacadh sa bhliain roimh an tréimhse 2 bhliain ina bhfuil sé le cur chun feidhme. Is gá, dá bhrí sin, Plean an Aontais le haghaidh na mblianta 2026 agus 2027 a bhunú, d’fhonn rannchuidiú le haghaidh a thabhairt ar riachtanais dhomhanda maidir le hathlonnú agus ligean isteach ar fhoras daonnúil. |
|
(2) |
Ba cheart aird chuí a thabhairt i bPlean an Aontais ar Riachtanais Réamh-mheasta maidir le hAthlonnú Domhanda arna sainaithint ag Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (UNHCR). Measann UNHCR go mbeidh athlonnú de dhíth ar thart ar 2,5 milliún dídeanaí in 2026 ar fud an domhain. Ba cheart a chur san áireamh i bPlean an Aontais freisin na tosaíochtaí a shainaithin UNHCR agus a réamh-mheastacháin maidir leis na réigiúin agus na tríú tíortha óna bhfuiltear ag súil go dtarlóidh athlonnú agus ligean isteach ar fhoras daonnúil go príomha. |
|
(3) |
Ba cheart a leagan amach i bPlean an Aontais líon iomlán na ndaoine a bhfuil sé d’aidhm ag na Ballstáit a ligean isteach le linn na tréimhse cur chun feidhme. Leis an sprioc sin, tugtar aird chuí ar thoradh chruinnithe an Choiste Ardleibhéil um Athlonnú agus um Ligean Isteach ar Fhoras Daonnúil (‘an Coiste Ardleibhéil’) an 7 Samhain 2024 agus an 17 Márta 2025, chomh maith leis na tásca deonacha a thug na Ballstáit ag cruinnithe an Choiste Ardleibhéil, agus tásca nithiúla ina dhiaidh sin maidir lena ngealltanais, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1350. |
|
(4) |
Measfar rannchuidithe deonacha na mBallstát a bheith ag brath ar an gcumas oibríochtúil éifeachtach atá ag na Ballstáit a gcláir a chur chun feidhme, ar acmhainneacht a gcóras glactha náisiúnta agus ar an tacaíocht atá ar fáil ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (‘an Ghníomhaireacht’), ó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus eagraíochtaí sochaí sibhialta agus ó chomhpháirtithe ábhartha eile, chomh maith le breithnithe náisiúnta polaitiúla nó airgeadais ábhartha eile. |
|
(5) |
Chun na réigiúin agus na tíortha ónar cheart ligean isteach a dhéanamh a shonrú, cuirtear san áireamh i bPlean an Aontais an plé a rinneadh ag cruinnithe an Choiste Ardleibhéil. Ar bhonn an phlé sin, cuirtear san áireamh i bPlean an Aontais an saineolas a d’fhorbair na Ballstáit agus gníomhaithe eile a raibh baint acu le sé scéim ad hoc um athlonnú agus um ligean isteach ar fhoras daonnúil a chur chun feidhme, ar scéimeanna iad ar thacaigh cistiú ón Aontas leo ó bhí 2015 ann. Cuirtear san áireamh sa Phlean freisin an bonneagar oibríochtúil atá ann cheana, amhail na Sásraí Idirthurais Éigeandála, Saoráid na Gníomhaireachta um Thacaíocht Athlonnaithe sa Tuirc agus tionscnaimh chomhchosúla a d’fhéadfaí a reáchtáil ar bhonn píolótach le linn na tréimhse cur chun feidhme, agus an tIonad Idirthurais Éigeandála sa Rómáin, a bhfuil ról ríthábhachtach acu uile maidir le bonn taca a chur faoi oibríochtaí athlonnaithe agus ligean isteach ar fhoras daonnúil na mBallstát. |
|
(6) |
Dírítear i bPlean an Aontais ar réigiúin agus tíortha feadh na bpríomhbhealaí imirce chuig an Aontas, d’fhonn feabhas a chur ar an spás cosanta feadh na mbealaí sin. Tá sé sin i gcomhréir freisin leis an gcur chuige bealach-bhunaithe a chuireann UNHCR agus an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce chun cinn go comhpháirteach. |
|
(7) |
Aithnítear i bPlean an Aontais freisin an ról atá ag naisc shóisialta léirithe nó ag saintréithe eile lenar féidir imeascadh sa Bhallstát a éascú, lena n-áirítear scileanna iomchuí teanga nó cónaí sa Bhallstát sin roimhe sin. Dá bhrí sin, tá na Ballstáit fós in ann cinneadh a dhéanamh tús áite a thabhairt d’iarrthóirí ag a bhfuil na naisc shóisialta sin léirithe acu nó ag a bhfuil saintréithe eile. |
|
(8) |
De bhun Rialachán (AE) 2024/1350, tá Creat an Aontais um Athlonnú agus um Ligean Isteach ar Fhoras Daonnúil le rannchuidiú le comhpháirtíochtaí an Aontais le tríú tíortha a neartú i réigiúin ina bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth ar líon mór daoine iontu a easáitíodh. Chuir an Coiste Ardleibhéil i dtábhacht freisin go bhfuil athlonnú agus ligean isteach ar fhoras daonnúil le rannchuidiú le comhpháirtíochtaí saincheaptha comhthairbheacha le tríú tíortha ábhartha ar an leibhéal déthaobhach, réigiúnach, iltaobhach agus idirnáisiúnta a neartú a thuilleadh. Dá bhrí sin, tá sé d’aidhm ag Plean an Aontais tacú le tíortha óstacha a bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag an Aontas nó ag a Bhallstáit leo chun cuspóirí leathana maidir le bainistiú imirce a bhaint amach, i gcomhréir leis an gcur chuige cuimsitheach a leagtar amach sa Chomhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann, go háirithe Rialachán (AE) 2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), agus i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus le dlí an Aontais agus ar bhonn lánurraim a thabhairt do chearta an duine. |
|
(9) |
I gcás inar gá de bharr imthosca nua, de bhun Rialachán (AE) 2024/1350, tá an Cinneadh seo le leasú chun go gcuimseofaí ann rannchuidithe nua nó rannchuidithe le réigiúin nua nó le tríú tíortha nua a thugann lánurraim, ar bhonn deonach, do na tásca a rinne na Ballstáit ag an gCoiste Ardleibhéil trí rannchuidithe atá ann cheana a ath-leithdháileadh. |
|
(10) |
Chun tacú le cur chun feidhme Phlean an Aontais, moltar don Choimisiún agus do na Ballstáit úsáid a bhaint as comhlachtaí comhairleacha straitéiseacha agus comhordúcháin atá ann cheana, lena n-áirítear Meitheal na Comhairle um Ghnéithe Seachtracha de Thearmann agus Imirce. Ba cheart do na comhlachtaí comhairleacha sin an plé a dhéantar ag cruinnithe an Choiste Ardleibhéil a chomhlánú agus cur leis an bplé sin. Moltar do na Ballstáit úsáid a bhaint as na fóraim uile atá ar fáil chun iarrachtaí a chomhordú le comhpháirtithe straitéiseacha idirnáisiúnta eile, lena n-áirítear tíortha atá comhlachaithe le limistéar Schengen, amhail na Comhairliúcháin maidir le hAthlonnú agus Bealaí Comhlántacha. |
|
(11) |
De bhun Rialachán (AE) 2024/1350, chun faireachán leordhóthanach ar chur chun feidhme an Chinnidh seo a áirithiú, tá na Ballstáit le faisnéis agus sonraí leordhóthanacha agus tráthúla a sholáthar don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht, go háirithe sna fóraim thráthrialta (e.g. an Coiste Ardleibhéil, an Grúpa Saineolaithe um Athlonnú, nó Líonra na Gníomhaireachta um Athlonnú agus um Ligean Isteach ar Fhoras Daonnúil), lena n-áirítear maidir le líon na náisiúnach tríú tír nó na ndaoine gan stát a ligtear isteach ar chríoch na mBallstát, an cineál ligean isteach (athlonnú, ligean isteach ar fhoras daonnúil, ligean isteach éigeandála) agus an tír ónar tharla ligean isteach. |
|
(12) |
I gcomhréir le hAirteagal 4 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá fógra tugtha ag Éirinn, le litir an 27 Meitheamh 2024, gur mian léi Rialachán (AE) 2024/1350 a ghlacadh agus a bheith faoina cheangal. Deimhníodh an rannpháirtíocht sin le Cinneadh (AE) 2024/2093 (3) ón gCoimisiún. Dá bhrí sin, tá Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo. |
|
(13) |
I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Rannchuidiú an Aontais leis na Riachtanais maidir le hAthlonnú Domhanda (2026-2027)
1. Tá suas le 10 430 i gceist le líon iomlán na náisiúnach tríú tír nó na ndaoine gan stát atá le ligean isteach ar chríoch na mBallstát faoi Phlean an Aontais um Athlonnú agus um Ligean Isteach ar Fhoras Daonnúil (‘Plean an Aontais’).
2. Leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo rannpháirtíocht na mBallstát agus a rannchuidiú le líon iomlán na ndaoine atá le ligean isteach agus an sciar de na daoine atá le bheith faoi réir athlonnaithe, ligean isteach ar fhoras daonnúil agus ligean isteach éigeandála.
Airteagal 2
Sonraíochtaí na réigiún óna ndéanfar athlonnú agus ligean isteach ar fhoras daonnúil
Déanfar ligean isteach i gcríoch na mBallstát faoi Phlean an Aontais ó na réigiúin seo a leanas:
|
(a) |
tíortha feadh na bpríomhbhealaí imirce chuig an Aontas trí bhealaí na Meánmhara agus an Atlantaigh, d’fhonn rochtain ar bhealaí sábháilte agus dlíthiúla i bpríomhréigiúin idirthurais a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil cosaint de dhíth orthu, d’fhonn tacú le cur chun feidhme chur chuige an bhealaigh iomláin, agus d’fhonn rannchuidiú le hacmhainneacht na dtíortha sin, lena n-áirítear trí fheabhas a chur ar dhálaí glactha agus dálaí cosanta idirnáisiúnta; |
|
(b) |
tíortha i gCríocha Mheiriceá, agus béim ar leith á leagan ar Mheiriceá Láir agus ar Mheiriceá Laidineach, go háirithe i bhfianaise na nasc soch-chultúrtha a d’fhéadfadh imeascadh na ndaoine sin a ligtear isteach san Aontas i gcomhréir leis an bPlean a chothú; |
|
(c) |
tíortha a bhfuil idirphlé comhoibritheach curtha ar bun ag an Aontas, nó ag a Bhallstáit, leo nó a bhfuil dul chun cinn á dhéanamh acu i dtreo cuspóirí níos leithne maidir le bainistiú imirce agus cosaint idirnáisiúnta a bhaint amach. |
Airteagal 3
Faireachán agus bailiú sonraí
1. De bhun Airteagal 15, mír 2. de Rialachán (AE) 2024/1350, soláthróidh na Ballstáit faisnéis leormhaith agus thráthúil don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na rannchuidithe deonacha a shainítear i bPlean an Aontais, lena n-áirítear ar an méid a leanas:
|
(a) |
líon na náisiúnach tríú tír nó na ndaoine gan stát arna ligean isteach ag na Ballstáit i gcomhréir le Plean an Aontais le linn an tréimhse thagartha; |
|
(b) |
sonrú ar an gcineál ligin isteach (athlonnú, ligean isteach ar fhoras daonnúil nó ligean isteach éigeandála); |
|
(c) |
sonrú ar an tír nach de chuid an Aontais í ónar tharla ligean isteach. |
2. Beidh na sonraí agus an fhaisnéis a bhaileoidh an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht ar bhonn rialta bunaithe ar chreat comhchoiteann agus ar tháscairí comhchoiteanna.
Airteagal 4
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Nollaig 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BJERRE
(1) IO L, 2024/1350, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1350/oj.
(2) Rialachán (AE) 2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bainistiú tearmainn agus imirce, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1147 agus (AE) 2021/1060 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 (IO L, 2024/1351, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1351/oj).
(3) Cinneadh (AE) 2024/2093 an 31 Iúil 2024 lena ndeimhnítear rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2024/1350 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Creat an Aontais um Athlonnú agus um Ligean Isteach ar Fhoras Daonnúil (IO L, 2024/2093, 2.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2093/oj).
IARSCRÍBHINN
Rannchuidithe na mBallstát le Plean an Aontais um Athlonnú agus um Ligean Isteach ar Fhoras Daonnúil (2026-2027)
|
|
Athlonnú |
Ligean isteach ar fhoras daonnúil |
Ligean isteach éigeandála (*1) |
Iomlán |
|
An Bhulgáir |
120 |
|
Suas le 20 |
120 |
|
An Fhrainc |
1 200 |
|
|
1 200 |
|
Éire |
1 200 |
100 |
|
1 300 |
|
An Iodáil |
800 |
2 000 |
|
2 800 |
|
Málta |
10 |
|
|
10 |
|
An Ísiltír |
1 400 |
|
Suas le 40 |
1 400 |
|
An Rómáin |
300 |
|
|
300 |
|
An Spáinn |
2 400 |
|
|
2 400 |
|
An tSualainn |
900 |
|
|
900 |
|
Iomlán |
8 330 |
2 100 |
|
10 430 |
(*1) San áireamh laistigh den rannchuidiú le haghaidh athlonnú
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2628/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)