Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025D2613

Cinneadh (CBES) 2025/2613 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 10 Nollaig 2025 maidir le ceapadh Cheann Misin Mhisean Cúnaimh an Aontais Eorpaigh um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha sa Libia (EUBAM na Libia) (EUBAM na Libia/2/2025)

ST/16309/2025/INIT

IO L, 2025/2613, 23.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2613/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2613/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2613

23.12.2025

CINNEADH (CBES) 2025/2613 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA

an 10 Nollaig 2025

maidir le ceapadh Cheann Misin Mhisean Cúnaimh an Aontais Eorpaigh um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha sa Libia (EUBAM na Libia) (EUBAM na Libia/2/2025)

TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38, an tríú mír, de,

Ag féachaint do Chinneadh 2013/233/CBES ón gComhairle an 22 Bealtaine 2013 maidir le Misean Cúnaimh an Aontais Eorpaigh um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha sa Libia (EUBAM Libya) (1), agus go háirithe Airteagal 9(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 9(1) de Chinneadh 2013/233/CBES, údaraítear an Coiste Polaitiúil agus Slándála, i gcomhréir le hAirteagal 38, an tríú mír, den Chonradh, na cinntí ábhartha a ghlacadh chun rialú polaitiúil agus treoir straitéiseach Mhisean Cúnaimh an Aontais Eorpaigh um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha sa Libia (EUBAM Libya) a fheidhmiú, lena n-áirítear an cinneadh Ceann Misin a cheapadh ar thogra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’).

(2)

An 8 Nollaig 2023, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2023/2784 (2), lena gceaptar Jan VYČÍTAL mar Cheann Misin EUBAM Libya ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 30 Meitheamh 2025.

(3)

An 25 Meitheamh 2025, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2025/1326 (3), lena gcuirtear síneadh le sainordú Jan VYČÍTAL mar Cheann Misin EUBAM Libya ón 1 Iúil 2025 go dtí an 31 Nollaig 2025.

(4)

An 24 Samhain 2025, mhol an tArdionadaí go gceapfaí Frederik PETERSEN ina Cheann Misin ar EUBAM Libya ón 1 Eanáir 2026 go dtí an 31 Nollaig 2026.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart cinneadh a dhéanamh maidir le Frederik PETERSEN a cheapadh mar Cheann Misin EUBAM Libya ón 1 Eanáir 2026 go dtí an 31 Nollaig 2026,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar Frederik PETERSEN mar Cheann Misin Mhisean Cúnaimh an Aontais Eorpaigh um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha sa Libia (EUBAM Libya) ón 1 Eanáir 2026 go dtí an 31 Nollaig 2026.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Nollaig 2025.

Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála

An Cathaoirleach

D. PRONK


(1)   IO L 138, 24.5.2013, lch. 15, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2013/233(1)/oj.

(2)  Cinneadh ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála (CBES) 2023/2784 an 8 Nollaig 2023 maidir le ceapadh Cheann Misin Mhisean Cúnaimh an Aontais Eorpaigh um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha sa Libia (EUBAM na Libia) (EUBAM na Libia/2/2023) (IO L, 2023/2784, 11.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2784/oj).

(3)  Cinneadh (CBES) 2025/1326 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 25 Meitheamh 2025 lena gcuirtear síneadh le sainordú Cheann Misin Mhisean Cúnaimh an Aontais Eorpaigh um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha sa Libia (EUBAM na Libia) (EUBAM na Libia/1/2025) (IO L, 2025/1326, 4.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1326/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2613/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top