This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D2610
Council Decision (EU) 2025/2610 of 12 December 2025 on amendments to the Monetary Agreement between the European Union and the Principality of Andorra and to the Monetary Agreement between the European Union and the Republic of San Marino
Cinneadh (AE) 2025/2610 ón gComhairle an 12 Nollaig 2025 maidir le leasuithe ar an gComhaontú Airgeadaíochta idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Andóra, agus ar an gComhaontú Airgeadaíochta idir an tAontas Eorpach agus Poblacht San Mairíne
Cinneadh (AE) 2025/2610 ón gComhairle an 12 Nollaig 2025 maidir le leasuithe ar an gComhaontú Airgeadaíochta idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Andóra, agus ar an gComhaontú Airgeadaíochta idir an tAontas Eorpach agus Poblacht San Mairíne
ST/15265/2025/INIT
IO L, 2025/2610, 17.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2610/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2610 |
17.12.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/2610 ÓN gCOMHAIRLE
an 12 Nollaig 2025
maidir le leasuithe ar an gComhaontú Airgeadaíochta idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Andóra, agus ar an gComhaontú Airgeadaíochta idir an tAontas Eorpach agus Poblacht San Mairíne
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 219(3) de,
Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún,
Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá inniúlacht eisiach ag an Aontas maidir leis an dlí airgeadaíochta ón dáta a tugadh isteach an euro. |
|
(2) |
Tá an Chomhairle leis na socruithe maidir le leasú a dhéanamh ar chomhaontuithe a bhaineann le cúrsaí airgeadaíochta nó cúrsaí córais mhalairte eachtraí a chinneadh. |
|
(3) |
Síníodh an Comhaontú Airgeadaíochta idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Andóra (2) agus an Comhaontú Airgeadaíochta idir an tAontas Eorpach agus Poblacht San Mairíne (3) (‘na Comhaontuithe Airgeadaíochta’) an 30 Meitheamh 2011 agus an 27 Márta 2012, faoi seach. |
|
(4) |
Tar éis bailchríoch a chur ar an gcaibidlíocht i mí na Nollag 2023, tá coinne leis go síneoidh an tAontas an Comhaontú lena mbunaítear comhlachas idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Andóra agus Poblacht San Mairíne, faoi seach (‘an Comhaontú Comhlachais’). Faoin gComhaontú Comhlachais agus Creat-Phrótacal 3 a ghabhann leis maidir le seirbhísí airgeadais, glacfaidh Andóra agus San Mairíne páirt, ar bhonn forásach, sa mhargadh aonair le haghaidh seirbhísí airgeadais. Dá bhrí sin, ba cheart d’Andóra agus do Shan Mairíne acquis an Aontais agus reachtaíocht nua maidir le sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac, agus maidir le seirbhísí airgeadais, a thrasuí. |
|
(5) |
Sna Comhaontuithe Airgeadaíochta agus sa Chomhaontú Comhlachais, déantar foráil maidir le cur chun feidhme ghníomhartha dlí de chuid an Aontais ag Andóra agus San Mairíne. Liostaítear na gníomhartha dlí sin de chuid an Aontais sna hIarscríbhinní a ghabhann leis na Comhaontuithe Airgeadaíochta agus a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais. |
|
(6) |
Is ionann na gníomhartha dlí de chuid an Aontais maidir le sciúradh airgid a chomhrac agus na gníomhartha maidir le maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac, atá le cur chun feidhme de bhun na gComhaontuithe Airgeadaíochta agus an Chomhaontaithe Comhlachais. Os a choinne sin, níl ach forluí páirteach idir na gníomhartha dlí de chuid an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais. Na gníomhartha dlí de chuid an Aontais is infheidhme faoi na Comhaontuithe Airgeadaíochta, baineann siad go príomha le dlí baincéireachta agus airgeadais a bhfuil baint aige le maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí airgeadais is ábhartha le haghaidh an euro, ach tagann na gníomhartha dlí uile de chuid an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais faoi raon feidhme an Chomhaontaithe Comhlachais. |
|
(7) |
Na Comhaontuithe Airgeadaíochta agus an Comhaontú Comhlachais, tá cuspóirí éagsúla agus bunúis dlí éagsúla acu. Is é Airteagal 219(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) bunús dlí na gComhaontuithe Airgeadaíochta, faoina bhfeidhmíonn an Chomhairle, agus ionadaíocht á déanamh aici ar na Ballstáit a bhfuil an euro tugtha isteach acu mar airgeadra náisiúnta, agus ar na Ballstáit sin amháin, de réir riail réamhshocraithe an tromlaigh cháilithe ar mholadh ón gCoimisiún agus tar éis di dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach. Tá an Comhaontú Comhlachais bunaithe ar Airteagal 218 CFAE faoina bhfuil an Chomhairle – agus ionadaíocht á déanamh aici ar na Ballstáit uile, – in ann cinneadh a ghlacadh maidir leis an gComhaontú Comhlachais a thabhairt i gcrích, agus toiliú faighte aici ó Pharlaimint na hEorpa. Dá bhrí sin, tá na Comhaontuithe Airgeadaíochta neamhspleách ar an gComhaontú Comhlachais, agus ní féidir iad a chomhtháthú leis. |
|
(8) |
Ba cheart sásra a bhunú chun aghaidh a thabhairt ar fhorluí páirteach dualgas comhionann faoi na Comhaontuithe Airgeadaíochta agus an Comhaontú Comhlachais agus chun idirghníomhú rianúil eatarthu a áirithiú. Is é atá i gceist le réiteach inmharthana simplí leasú a dhéanamh ar na Comhaontuithe Airgeadaíochta. |
|
(9) |
Ba cheart clásail a chur isteach sna Comhaontuithe Airgeadaíochta lena ndéantar foráil maidir leis na gníomhartha dlí nua uile de chuid an Aontais i dtaca le sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac, agus na gníomhartha dlí nua uile de chuid an Aontais maidir le baincéireacht agus airgeadas is ábhartha le haghaidh an euro a ionchorprú sa Chomhaontú Comhlachais a luaithe a bheidh na gníomhartha dlí sin de chuid an Aontais infheidhme faoin gComhaontú Comhlachais. Ba cheart an measúnú ar chur chun feidhme na ngníomhartha dlí sin de chuid an Aontais, cibé acu a glacadh iad san am atá caite nó a ghlacfar iad san am atá le teacht, agus iad mar chuid den Chomhaontú Comhlachais, a dhéanamh faoi chuimsiú an Chomhaontaithe Comhlachais, agus d’fhéadfadh sé a bheith ábhartha maidir le cur i bhfeidhm na gComhaontuithe Airgeadaíochta. |
|
(10) |
Cur chun feidhme na ngníomhartha dlí de chuid an Aontais a bhaineann le dlí airgeadaíochta, ba cheart é a rialú leis na Comhaontuithe Airgeadaíochta ar bhonn eisiach. |
|
(11) |
Ba cheart clásail a chur isteach sna Comhaontuithe Airgeadaíochta chun neamhspleáchas na gComhaontuithe Airgeadaíochta agus an Chomhaontaithe Comhlachais a áirithiú. |
|
(12) |
Na gníomhartha dlí de chuid an Aontais maidir le baincéireacht agus airgeadas is ábhartha le haghaidh an euro, agus na gníomhartha dlí de chuid an Aontais maidir le sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac ar cuid den Chomhaontú Comhlachais anois iad, ba cheart iad a ionchorprú sna Comhaontuithe Airgeadaíochta go huathoibríoch má chuirtear an Comhaontú Comhlachais ar fionraí go páirteach nó go hiomlán, nó má fhoirceanntar é, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Féachfaidh an Coimisiún leis na leasuithe seo a leanas ar an gComhaontú Airgeadaíochta idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Andóra agus ar an gComhaontú Airgeadaíochta idir an tAontas Eorpach agus Poblacht San Mairíne (‘na Comhaontuithe Airgeadaíochta’) a chaibidil:
|
(a) |
clásail a chur isteach sna Comhaontuithe Airgeadaíochta lena mbeidh na gníomhartha dlí nua uile de chuid an Aontais maidir le dlí baincéireachta agus airgeadais is ábhartha le haghaidh an euro, agus na gníomhartha dlí nua uile de chuid an Aontais maidir le sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac, mar chuid den iarscríbhinn is infheidhme a ghabhann leis an gComhaontú lena mbunaítear comhlachas idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Andóra agus Poblacht San Mairíne, faoi seach, (‘an Comhaontú Comhlachais’) ar bhonn eisiach a luaithe a thiocfaidh na gníomhartha dlí sin de chuid an Aontais i bhfeidhm faoin gComhaontú Comhlachais; ba cheart a shoiléiriú leis na clásail sin freisin, má ghlactar nó má leasaítear gníomh dlí de chuid an Aontais atá ábhartha do chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe Airgeadaíochta ábhartha sula dtiocfaidh Creat-Phrótacal 3 a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais maidir le seirbhísí airgeadais chun bheith infheidhme, go gcuirfear an gníomh isteach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú Airgeadaíochta agus go n-aistreofar chuig an iarscríbhinn ábhartha a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais é a luaithe a thiocfaidh gníomh dlí de chuid an Aontais den sórt sin chun bheith infheidhme faoin gComhaontú Comhlachais; |
|
(b) |
clásail a chur isteach sna Comhaontuithe Airgeadaíochta lena n-áirithítear gur faoi chuimsiú an Chomhaontaithe Comhlachais a dhéanfar an measúnú ar chur chun feidhme na ngníomhartha dlí uile de chuid an Aontais maidir le dlí baincéireachta agus airgeadais is ábhartha le haghaidh an euro, agus na ngníomhartha dlí uile de chuid an Aontais maidir le sciúradh airgid nó maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac, cibé acu a glacadh iad san am atá caite nó a ghlacfar iad san am atá le teacht, a luaithe a bheidh siad mar chuid den iarscríbhinn ábhartha a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais; |
|
(c) |
clásail a chur isteach sa Chomhaontú Airgeadaíochta lena marcáiltear go soiléir mar ghníomhartha atá ábhartha maidir le cur i bhfeidhm na gComhaontuithe Airgeadaíochta na gníomhartha dlí de chuid an Aontais maidir le dlí baincéireachta agus airgeadais is ábhartha le haghaidh an euro, agus gníomhartha dlí uile an Aontais maidir le sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac a liostaítear sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais, ionas gur féidir an measúnú ar chur chun feidhme na ngníomhartha dlí de chuid an Aontais sin in Andóra agus i San Mairíne a dhéanamh an tráth céanna faoin gComhaontú Comhlachais chun críocha na gComhaontuithe Airgeadaíochta; |
|
(d) |
clásail a chur isteach sna Comhaontuithe Airgeadaíochta lena ndéantar na gníomhartha dlí nua uile de chuid an Aontais maidir dlí baincéireachta agus airgeadais is ábhartha le haghaidh an euro, agus na gníomhartha dlí nua uile de chuid an Aontais maidir le sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac, a ionchorprú go huathoibríoch sna hIarscríbhinní a ghabhann leis na Comhaontuithe Airgeadaíochta, agus iad mar chuid den Chomhaontú Comhlachais, agus measúnú a dhéanamh ar a gcur chun feidhme faoi chuimsiú na gComhaontuithe Airgeadaíochta má chuirtear an Comhaontú Comhlachais ar fionraí go páirteach nó go hiomlán, nó má fhoirceanntar é; |
|
(e) |
clásail a chur isteach sna Comhaontuithe Airgeadaíochta lena n-áirithítear go ndéanfar gníomhartha dlí an Aontais a bhaineann le dlí airgeadaíochta, a rialú leis na Comhaontuithe Airgeadaíochta ar bhonn eisiach; |
Cuirfidh an Coimisiún Andóra agus San Mairíne ar an eolas maidir leis an ngá atá le leasú a dhéanamh ar na Comhaontuithe Airgeadaíochta, agus léireoidh sé go bhfuil an tAontas ullamh chun an leasú sin a dhéanamh.
Airteagal 2
1. Tugtar de chumhacht don Choimisiún na leasuithe dá dtagraítear in Airteagal 1 ar an gComhaontú Airgeadaíochta idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Andóra a chaibidil, a shíniú agus a thabhairt i gcrích i gceithre theanga: Catalóinis, Fraincis, Béarla agus Spáinnis. Beidh an téacs chomh barántúil céanna i ngach ceann de na teangacha sin.
2. Tugtar de chumhacht don Choimisiún na leasuithe dá dtagraítear in Airteagal 1 ar an gComhaontú Airgeadaíochta idir an tAontas Eorpach agus Poblacht San Mairíne a chaibidil, a shíniú agus a thabhairt i gcrích i mBéarla.
3. Beidh an Banc Ceannais Eorpach comhlachaithe go hiomlán leis an gcaibidlíocht dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a mhéid a bhaineann sí lena réimse inniúlachta.
4. Cuirfidh an Coimisiún na dréachtleasuithe ar na Comhaontuithe Airgeadaíochta faoi bhráid an Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais (CEA) chun a thuairim a fháil uaidh ina leith.
5. Beidh an Coimisiún i dteideal na leasuithe ar na Comhaontuithe Airgeadaíochta a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais, mura bhfuil CEA den tuairim gur cheart na leasuithe ar na Comhaontuithe a chur faoi bhráid na Comhairle.
Airteagal 3
Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Nollaig 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
S. LOSE
(1) IO C, C/2024/4418, 8.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4418/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2610/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)