|
(2)
|
i Roinn ‘A. Daoine’, cuirtear na hiontrálacha comhfreagracha seo a leanas in ionad iontrálacha 12, 20, 28. 36, 40, 42, 43 agus 44:
|
|
Ainm
|
Faisnéis aitheantais
|
Cúiseanna
|
Dáta an liostaithe
|
|
‘12.
|
Justin BITAKWIRA
|
ar a dtugtar freisin Bihona-Hayi
Post: freagrach as an Wazalendo in Kivu Theas
Dáta breithe: 5.12.1960
Áit bhreithe: Lemera, Poblacht Dhaonlathach an Chongó
Náisiúntacht: Poblacht Dhaonlathach an Chongó
Inscne: fireann
Feidhm nó gairm: polaiteoir, iar-aire náisiúnta agus uachtarán na Comhghuaillíochta don Phoblacht agus don Chomhfhios Náisiúnta (Alliance for the Republic and National Consciousness)
|
Is polaiteoir Congólach, iar-Aire Rialtais agus comhalta den pháirtí polaitiúil “Union for the Congolese Nation” é Justin Bitakwira. I mí Feabhra 2025, cheap an tUachtarán Tshisekedi é le bheith freagrach as Wazalendo in Kivu Theas sa Pharlaimint Náisiúnta.
Ina óráidí poiblí, spreag sé foréigean agus chothaigh sé idirdhealú agus naimhdeas arís agus arís eile i leith phobal Banyamulenge, pobal ar ar díríodh agus ar a ndearna grúpaí armtha ionsaí.
Cuireann na hóráidí agus na scéalta gríosaitheacha sin leis an gcoinbhleacht agus leis an bhforéigean i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó, go háirithe sa réigiún Hauts-Plateaux, ceantar dar dual coinbhleachtaí idirphobail.
Ina theannta sin, tá Justin Bitakwira freagrach as an gcoinbhleacht armtha, as an éagobhsaíocht agus as an neamhshláine a choinneáil ar bun i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó.
|
8.12.2022
|
|
20.
|
Charles SEMATAMA
|
ar a dtugtar freisin: Sebanyana
Feidhm/grád: Ceannasaí, Ceannaire míleata Twirwaneho
Dáta breithe: 1975
Áit bhreithe: Sráidbhaile Kalunyo, timpeall cheantair Kamombo, Kivu Theas, Poblacht Dhaonlathach an Chongó
Náisiúntacht: Poblacht Dhaonlathach an Chongó
Inscne: fireann
|
Is iar-oifigeach d’fhórsaí armtha an Chongó (FARDC) é Charles Sematama agus tá post ceannaireachta aige mar Cheannasaí agus Cheannaire Míleata Twirwaneho, grúpa armtha neamhrialtasach atá ag feidhmiú in Kivu Theas agus a mhaíonn go ndéanann sé ionadaíocht do Phobal Banyamulenge.
Coinníonn Twirwaneho an choinbhleacht armtha, an éagobhsaíocht agus an éiginnteacht ar bun i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó agus tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha chearta an duine sa tír sin, go háirithe trí earcaíocht dheonach nó éigeantach leanaí chun páirt ghníomhach a ghlacadh i gcogaíocht, in ionsaithe ar shibhialtaigh agus ar fhórsaí armtha an Chongó (FARDC), agus as maruithe, mar shampla ionsaithe ar shibhialtaigh i sráidbhaile Mikenge i mí na Samhna 2021 inar maraíodh seisear ar a laghad.
Ina theannta sin, bhí baint dhíreach ag Charles Sematama le seisiúin bholscaireachta chomh maith le hearcaíocht éigeantach agus úsáid leanaí, lena n-áirítear mar thionlacaithe armtha.
Mar gheall ar a ról ceannasach in Twirwaneho agus ar a bhaint dhíreach le hearcaíocht éigeantach agus úsáid leanaí, tá baint ag Charles Sematama, dá bhrí sin, le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh arb ionann iad agus sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha chearta an duine i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó. Ina theannta sin, tá sé freagrach as an gcoinbhleacht armtha, an éagobhsaíocht agus an neamhshláine a choinneáil ar bun i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó.
|
28.7.2023
|
|
28.
|
Justin Gacheri MUSANGA
|
ar a dtugtar freisin Gaceri MUSANGA, CS BRAVO SIERRA, BRAVO THREE
Feidhm/grád: Briogáidire-Ghinearál Ghluaiseacht an 23 Márta / Arm Réabhlóideach an Chongó (M23/ARC), Ceannasaí Chrios Cosanta an Iarthuaiscirt
Áit bhreithe: Masisi, Poblacht Dhaonlathach an Chongó
Inscne: fireann
Athair: Erasto Ntibaturana (gnáthcheannaire Hutu in Busumba)
|
Tá ról ceannasach mar Bhriogáidire-Ghinearál ag Justin Gacheri Musanga in M23/ARC, grúpa armtha neamhrialtasach atá ag oibriú in Oirthear Phoblacht Dhaonlathach an Chongó.
Coinníonn M23/ARC an choinbhleacht armtha, an éagobhsaíocht agus an neamhshláine ar bun i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó, go háirithe trí fhoréigean a ghríosú. Ina theannta sin, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear maruithe agus ionsaithe agus foréigean gnéasach in aghaidh sibhialtach, chomh maith le hearcú leanaí.
Mar gheall ar a ról ceannasach in M23/ARC, bíonn baint ag Justin Gacheri Musanga, dá bhrí sin, le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó, ar sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha iad ar chearta an duine. Ina theannta sin, tá sé freagrach as an gcoinbhleacht armtha, an éagobhsaíocht agus an neamhshláine a choinneáil ar bun i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó.
|
26.7.2024
|
|
36.
|
Bertrand BISIMWA
|
Feidhm/grád: Ceannaire (Uachtarán) ar bhrainse polaitiúil “Mouvement du 23 mars” [Gluaiseacht an 23 Márta] (M23)
Dáta breithe: 8.9.1972
Áit bhreithe: Bukavu, Poblacht Dhaonlathach an Chongó
Náisiúntacht: Congólach
Inscne: fireann
|
Tá ról ceannasach ag Bertrand Bisimwa mar Uachtarán ar Ghluaiseacht an 23 Márta (M23), gluaiseacht armtha neamhrialtasach.
Coinníonn M23 an choinbhleacht armtha, an éagobhsaíocht agus an neamhshláine ar bun i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó, go háirithe trí fhoréigean a ghríosú agus trí riarachán comhthreomhar a imscaradh in Oirthear Phoblacht Dhaonlathach an Chongó, ar sárú é ar iomláine chríochach Phoblacht Dhaonlathach an Chongó. Ina theannta sin, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear maruithe agus ionsaithe agus foréigean gnéasach in aghaidh sibhialtach, chomh maith le hearcú leanaí.
Mar gheall ar a ról ceannasach in M23, bíonn baint ag Bertrand Bisimwa le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó, ar sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha iad ar chearta an duine. Tá sé freagrach freisin as an gcoinbhleacht armtha, an éagobhsaíocht agus an neamhshláine a choinneáil ar bun i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó, go háirithe trí rannchuidiú le riaracháin chomhthreomhara a insealbhú in Oirthear Phoblacht Dhaonlathach an Chongó.
|
17.3.2025
|
|
40.
|
Eugène NKUBITO
|
Feidhm/grád: Ceannasaí ar an tríú Rannóg (Maor-Ghinearál) d’Fhórsa Cosanta Ruanda (RDF)
Inscne: fireann
Náisiúntacht: Ruandach
Uimhir seirbhíse RDF: 218
|
Ó mhí an Mheithimh 2023 i leith, tá ról ceannasach ag an Maor-Ghinearál Eugène Nkubito mar Cheannasaí ar an tríú Rannóg d’Fhórsa Cosanta Ruanda (RDF), arna imscaradh in oirthear Phoblacht Dhaonlathach an Chongó agus i gcúige Kivu Thuaidh go sonrach.
Tá sé mar chuspóir ag RDF i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó oibríochtaí Ghluaiseacht an 23 Márta/Arm Réabhlóideach an Chongó (M23/ARC), grúpa armtha neamhrialtasach atá ag feidhmiú in Oirthear Phoblacht Dhaonlathach an Chongó, a threisiú trí thrúpaí agus ábhar a chur ar fáil.
Is sárú ar iomláine chríochach Phoblacht Dhaonlathach an Chongó é RDF a bheith ar a críoch agus coinníonn sé an choinbhleacht armtha, an éagobhsaíocht agus an neamhshláine ar bun sa réigiún. Tá sé freagrach freisin as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear pionós comhchoiteann, agus cothaíonn sé sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine arna ndéanamh ag comhaltaí de M23.
Mar gheall ar a ról ceannasach sa tríú Rannóg de RDF atá imscartha in oirthear Phoblacht Dhaonlathach an Chongó, tá Eugène Nkubito freagrach as an gcoinbhleacht armtha, an éagobhsaíocht agus an neamhshláine a chothú sa réigiún.
|
17.3.2025
|
|
42.
|
Jean-Bosco NZABONIMPA MUPENZI
|
Feidhm/grád: Ionadaí Airgeadais AFC/M23 in Kivu Theas
Áit bhreithe: Rubaya, Masisi, Kivu Thuaidh
Náisiúntacht: Congólach
Inscne: fireann
Eintitis chomhlachaithe: Gluaiseacht an 23 Márta/Arm Réabhlóideach an Chongó (M23/ARC)
|
Is é Jean-Bosco Nzabonimpa Mupenzi an tIonadaí Airgeadais in Kivu Theas de chuid Ghluaiseacht an 23 Márta/Arm Réabhlóideach an Chongó (M23/ARC) atá ag feidhmiú i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC). Ó mhí Eanáir 2024 i leith, d’oibrigh sé i gcúige Kivu Thuaidh sular ceapadh é i bpost nua in Kivu Theas i mí an Mhárta 2025.
Is grúpa armtha reibiliúnach é M23 atá freagrach as an gcoinbhleacht armtha atá ann faoi láthair. Ina theannta sin, coinníonn sé an choinbhleacht armtha, an éagobhsaíocht agus an neamhshláine sa réigiún ar bun, mar aon leis na sáruithe agus na mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine arna ndéanamh ag comhaltaí de M23, lena n-áirítear maruithe agus ionsaithe agus foréigean gnéasach in aghaidh sibhialtach, chomh maith le hearcú leanaí.
Tugann Jean-Bosco Nzabonimpa Mupenzi tacaíocht don ghrúpa armtha M23, go háirithe trí bhainistiú roinn Airgeadais agus Táirgthe M23 a áirithiú, chomh maith le páirt a ghlacadh in oiliúint earcach nua.
Mar gheall ar a ról ceannasach in M23, bíonn baint ag Jean-Bosco Nzabonimpa Mupenzi le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó, ar sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha iad ar chearta an duine. Ina theannta sin, tá sé freagrach as an gcoinbhleacht armtha, an éagobhsaíocht agus an neamhshláine a choinneáil ar bun i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó.
|
17.3.2025
|
|
43.
|
Francis KAMANZI
|
Feidhm/grád: Ard-Stiúrthóir ar Ghníomhaireacht Chomharchumainn Ruanda, iarPhríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Bhord Mianach, Peitriliam agus Gáis Ruanda (RMB)
Náisiúntacht: Ruandach
Inscne: fireann
|
Bhí ról ceannasach ag Francis Kamanzi mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar an mBord um Mianaigh, Peitriliam agus Gáis Ruanda (RMB) ó mhí Feabhra 2024 go mí Iúil 2025, nuair a ceapadh é ina Ard-Stiúrthóir ar Ghníomhaireacht Chomharchumainn Ruanda. Is faoi fhreagracht na hAireachta Trádála agus Tionscail atá Gníomhaireacht Chomharchumainn Ruanda. Ceann de na príomhfhreagrachtaí atá ar Ghníomhaireacht Chomharchumainn Ruanda is ea rialáil agus maoirseacht a dhéanamh ar eagraíochtaí comhair. Ina measc, oibríonn 141 comharchumann in earnáil na mianadóireachta, príomhearnáil saothraithe ioncaim onnmhairiúcháin Ruanda. Dá bhrí sin, tá baint fós ag Francis Kamanzi le saothrú nó trádáil acmhainní nádúrtha.
Leantar de mhianraí a shaothrú i limistéir mhianadóireachta atá faoi rialú Ghluaiseacht an 23 Márta (M23) agus de gháinneáil a dhéanamh orthu go Ruanda ar mhaithe le Alliance Fleuve Congo/M23 agus geilleagar Ruanda araon, áit a ndéantar na mianraí coinbhleachta sin a mheascadh le táirgeadh Ruanda.
Mar gheall ar an ról ceannasach a bhí aige in RMB agus a ról mar Ard-Stiúrthóir ar Ghníomhaireacht Chomharchumainn Ruanda, tá Francis Kamanzi freagrach as leas a bhaint as an gcoinbhleacht armtha, an éagobhsaíocht nó an neamhshláine i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó, lena n-áirítear trí shaothrú aindleathach nó trádáil aindleathach acmhainní nádúrtha.
|
17.3.2025
|
|
44.
|
Joseph MUSANGA BAHATI
|
ar a dtugtar freisin
“Erasto”; “Bahati Erasto”; “Coirnéal Erasto”; “Coirnéal Bahati Musanga”
Feidhm/grád: Gobharnóir Kivu Thuaidh
Dáta breithe: 18.8.1978
Áit bhreithe: Bashali-Mokoto (Busumba)
Náisiúntacht: Congólach
Inscne: fireann
Eintitis chomhlachaithe: Gluaiseacht an 23 Márta/Alliance Fleuve Congo (M23/AFC)
|
Is duine sinsearach é Joseph Musanga Bahati i struchtúr ghrúpa reibiliúnach Ghluaiseacht an 23 Márta (M23) agus laistigh de Alliance Fleuve Congo. Bhí sé ina Cheann Airgeadais ar M23 ar feadh roinnt blianta.
I mí Feabhra 2025, ainmníodh é mar ghobharnóir ar Kivu Thuaidh mar chuid den “riarachán” neamhdhleathach nua a d’fhorchuir M23 agus ar sárú é ar cheannasacht an Chongó.
Is sárú ar iomláine chríochach Phoblacht Dhaonlathach an Chongó é riarachán comhthreomhar a imscaradh i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó. Coinníonn sé an choinbhleacht armtha, an éagobhsaíocht agus an neamhshláine ar bun sa réigiún freisin, chomh maith leis na mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine agus na sáruithe tromchúiseacha a rinne comhaltaí de M23.
Mar gheall ar a ról ceannasach in M23, bíonn baint ag Joseph Musanga Bahati le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó ar sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha iad ar chearta an duine. Ina theannta sin, tá sé freagrach as an gcoinbhleacht armtha, an éagobhsaíocht agus an neamhshláine a choinneáil ar bun i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó.
|
17.3.2025’
|
|