Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025D2484

Cinneadh (AE) 2025/2484 ón gComhairle an 10 Iúil 2023 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát, agus cur i bhfeidhm sealadach Prótacail lena leasaítear an Comhaontú Eitlíochta Eora-Mheánmhara idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite don Aontas Eorpach a chur san áireamh

ST/9318/2023/INIT

IO L, 2025/2484, 10.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2484/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2484/oj

Related international agreement
European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2484

10.12.2025

CINNEADH (AE) 2025/2484 ÓN gCOMHAIRLE

an 10 Iúil 2023

maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát, agus cur i bhfeidhm sealadach Prótacail lena leasaítear an Comhaontú Eitlíochta Eora-Mheánmhara idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite don Aontas Eorpach a chur san áireamh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2), an chéad fhomhír de, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,

Ag féachaint d’Ionstraim Aontachais na Cróite, agus go háirithe d’Airteagal 6(2), an dara fomhír, de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Síníodh an Comhaontú Eitlíochta Eora-Mheánmhara idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile (1) (‘an Comhaontú’), an 12 Nollaig 2006 agus tháinig sé i bhfeidhm an 19 Márta 2018. Leasaíodh an Comhaontú chun aontachas Phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine leis an Aontas Eorpach (2) a chur san áireamh.

(2)

Síníodh an Conradh maidir le hAontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach (3) sa Bhruiséil an 9 Nollaig 2011 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 2013.

(3)

An 14 Meán Fómhair 2012, d’údaraigh an Chomhairle don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht leis na tríú tíortha lena mbaineann i bhfianaise aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas.

(4)

Tugadh an chaibidlíocht maidir leis an bPrótacal lena leasaítear an Comhaontú Eitlíochta Eora-Mheánmhara idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh (‘an Prótacal’) i gcrích go rathúil agus cuireadh inisealacha leis an bPrótacal an 23 Nollaig 2022.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, an Prótacal a shíniú thar ceann an Aontais agus a Bhallstát, agus a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de, go dtí go gcríochnófar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údaraítear leis seo, thar ceann an Aontais agus a Bhallstát, síniú an Phrótacail lena leasaítear an Comhaontú Eitlíochta Eora-Mheánmhara idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite (4) leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh (‘an Prótacal’), faoi réir thabhairt i gcrích an Phrótacail.

Airteagal 2

Leis seo, údaraítear d’Uachtarán na Comhairle an duine/na daoine a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige/acu an Prótacal a shíniú thar ceann an Aontais agus a Bhallstát.

Airteagal 3

Cuirfear an Prótacal i bhfeidhm ar bhonn sealadach le héifeacht ón dáta a shíneoidh na páirtithe é, i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Iúil 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. NAVARRO RÍOS


(1)   IO L 386, 29.12.2006, lch. 57.

(2)  Prótacal lena leasaítear an Comhaontú Eura-Meánmhara Eitlíochta idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh (IO L 200, 27.7.2012, lch. 25).

(3)   IO L 112, 24.4.2012, lch. 10.

(4)  Foilsítear téacs an Phrótacail in IO L, 2025/2485, 10.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2025/2485/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2484/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top