Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025D2418

Cinneadh (AE) 2025/2418 ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2025 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, sa Choiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, maidir le méid agus módúlachtaí ranníocaíocht airgeadais na Ríochta Aontaithe le córais faisnéise iompair de bhóthar áirithe arna mbainistiú ag an Aontas agus an leasú ar Chinneadh Uimh. 1/2022 ón gCoiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar

ST/13207/2025/INIT

IO L, 2025/2418, 1.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2418/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2418/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2418

1.12.2025

CINNEADH (AE) 2025/2418 ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Deireadh Fómhair 2025

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, sa Choiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, maidir le méid agus módúlachtaí ranníocaíocht airgeadais na Ríochta Aontaithe le córais faisnéise iompair de bhóthar áirithe arna mbainistiú ag an Aontas agus an leasú ar Chinneadh Uimh. 1/2022 ón gCoiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (‘an Comhaontú Trádála agus Comhair’), thug an tAontas i gcrích é le Cinneadh (AE) 2021/689 ón gComhairle (1) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021.

(2)

Le hIarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, soláthraítear roinnt cásanna ina bhfuil an Coiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar, arna bhunú faoi Airteagal 8(1), pointe (o), den Chomhaontú sin (‘an Coiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar’), le cinneadh a dhéanamh maidir leis na módúlachtaí malartaithe faisnéise idir údaráis inniúla gach Páirtí i ndáil le hiompar earraí de bhóthar faoin gComhaontú Trádála agus Comhair.

(3)

Foráiltear le Roinn 2, Cuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair do chóras malartaithe faisnéise maidir le tiománaithe a phostú in iompar de bhóthar, trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI), ar córas de chuid an Aontais é. Is é an Coimisiún a bhainistíonn IMI, agus leagtar síos módúlachtaí teicniúla an mhalartaithe faisnéise sin i gCinneadh Uimh. 1/2022 ón gCoiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar (2). Íocadh ranníocaíocht na Ríochta Aontaithe le costais forbartha an mhodúil dearbhaithe postála iompar de bhóthar de chuid IMI in 2022, i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Chinneadh Uimh. 1/2022 ón gCoiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar.

(4)

Foráiltear le hAirteagal 14, Roinn 1, Cuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair go bhfuil gach Páirtí le faisnéis a mhalartú, inter alia, maidir le sáruithe tromchúiseacha arna ndéanamh ag oibreoirí sa Pháirtí eile. Úsáidtear an Clár Eorpach de Ghnóthais Iompair de Bhóthar (ERRU), arna bhainistiú ag an gCoimisiún Eorpach, don mhalartú faisnéise sin agus tá na módúlachtaí de faoi réir seasamh ar leithligh ón Aontas a leagtar síos i gCinneadh (AE) 2025/2417 ón gComhairle (3) . Rannchuidigh an Ríocht Aontaithe le costais forbartha ERRU mar Bhallstát den Aontas.

(5)

Foráiltear le hAirteagal 714 den Chomhaontú Trádála agus Comhair go mbeidh rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i gcláir agus i ngníomhaíochtaí an Aontais nó i gcodanna díobh faoi réir ranníocaíocht airgeadais bhliantúil freisin.

(6)

Cé go mbaineann módúlachtaí teicniúla an mhalartaithe faisnéise go sonrach le gach córas faisnéise agus, dá bhrí sin, go leagtar síos iad i gcinntí ar leith ón gCoiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar, is iomchuí, i bhfianaise na méideanna teoranta lena mbaineann agus na nósanna imeachta riaracháin is gá chun íocaíochtaí a phróiseáil, ranníocaíocht airgeadais bhliantúil aonair ón Ríocht Aontaithe a bhunú as a rannpháirtíocht i gcórais faisnéise iompair de bhóthar áirithe arna mbainistiú ag an gCoimisiún faoi chuimsiú an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair.

(7)

Le Cinneadh Uimh. 1/2022 ón gCoiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar, déantar foráil maidir le rannchuidiú sonrach na Ríochta Aontaithe le IMI, is gá, dá bhrí sin, é a leasú.

(8)

Chun feidhmiú cuí Theideal I de Cheannteideal a Trí de Chuid a Dó den Chomhaontú Trádála agus Comhair a áirithiú, ba cheart don Choiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar, dá bhrí sin, an ranníocaíocht bhliantúil atá le híoc ag an Ríocht Aontaithe le córais faisnéise iompair de bhóthar áirithe arna mbainistiú ag an Aontas a bhunú.

(9)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar a bhunú, ós rud é go mbeidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar an Aontas.

(10)

Ba cheart seasamh an Aontais sa Choiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gCoiste sin atá i gceangal leis an gCinneadh seo,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, sa Choiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar, arna bhunú le hAirteagal 8(1), pointe (o), den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (‘an Coiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar’), a mhéid a bhaineann le méid agus módúlachtaí ranníocaíocht airgeadais na Ríochta Aontaithe le córais faisnéise iompair de bhóthar áirithe arna mbainistiú ag an Aontas agus an leasú ar Chinneadh Uimh. 1/2022 ón gCoiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar, leagtar amach é sa dréachtchinneadh ón gCoiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 27 Deireadh Fómhair 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. JENSEN


(1)  Cinneadh (AE) 2021/689 ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe (IO L 149, 30.4.2021, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/689/oj).

(2)  Cinneadh Uimh. 1/2022 ón gCoiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile an 21 Samhain 2022 maidir leis na sonraíochtaí teicniúla agus nós imeachta a bhaineann leis an úsáid a bhaineann an Ríocht Aontaithe as Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI), rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe sa chomhar riaracháin faoi Airteagal 6 de Roinn 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair agus méid agus módúlachtaí na ranníocaíochta airgeadais atá le déanamh ag an Ríocht Aontaithe le buiséad ginearálta an Aontais i ndáil leis an gcostas a ghintear ón úsáid a bhaineann sí as IMI (IO L 75, 14.3.2023, lch. 26, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/578/oj).

(3)  Cinneadh (AE) 2025/2417 ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2025 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, maidir le cláir leictreonacha náisiúnta um ghnóthais iompair de bhóthar agus na módúlachtaí chun faisnéis atá sna cláir sin a mhalartú (IO L, 2025/2417, 1.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2417/oj).


DRÉACHT

CINNEADH UIMH. …/2025 ÓN gCOISTE SPEISIALAITHE UM IOMPAR DE BHÓTHAR ARNA BHUNÚ AG AN gCOMHAONTÚ TRÁDÁLA AGUS COMHAIR IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS AN COMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH, DE PHÁIRT, AGUS RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN, DEN PHÁIRT EILE

an …

maidir le méid agus módúlachtaí ranníocaíocht airgeadais na Ríochta Aontaithe le córais faisnéise iompair de bhóthar áirithe arna mbainistiú ag an Aontas agus an leasú ar Chinneadh Uimh. 1/2022 ón gCoiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar

TÁ AN COISTE SPEISIALAITHE UM IOMPAR DE BHÓTHAR,

Ag féachaint don Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (1) (‘an Comhaontú Trádála agus Comhair’), agus go háirithe pointe (c) d’Airteagal 468(5) agus Airteagal 7(6) de Roinn 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hIarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, déantar foráil maidir le roinnt cásanna ina bhfuil an Coiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar le cinneadh a dhéanamh maidir leis na módúlachtaí malartaithe faisnéise idir údaráis inniúla gach Páirtí i ndáil le hiompar earraí de bhóthar faoin gComhaontú Trádála agus Comhair.

(2)

Foráiltear le Roinn 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair do chóras malartaithe faisnéise maidir le tiománaithe a phostú in iompar de bhóthar, trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI), ar córas de chuid an Aontais é. Is é an Coimisiún Eorpach a bhainistíonn an córas sin, agus leagtar síos módúlachtaí teicniúla an mhalartaithe faisnéise sin i gCinneadh Uimh. 1/2022 ón gCoiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar (2). Íocadh ranníocaíocht na Ríochta Aontaithe le costais forbartha an mhodúil dearbhaithe postála iompar de bhóthar de chuid IMI in 2022, i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Chinneadh Uimh. 1/2022 ón gCoiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar.

(3)

Foráiltear le hAirteagal 14 de Roinn 1 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair go bhfuil na Páirtithe le faisnéis a mhalartú, inter alia, maidir le sáruithe tromchúiseacha arna ndéanamh ag oibreoirí sa Pháirtí eile. Leagtar síos módúlachtaí teicniúla an mhalartaithe faisnéise sin i gCinneadh Uimh. …/2025 ón gCoiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar (3). Úsáidtear an Clár Eorpach de Ghnóthais Iompair de Bhóthar (ERRU), arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach, chun na críche sin. Rannchuidigh an Ríocht Aontaithe le costais forbartha ERRU mar Bhallstát den Aontas.

(4)

Foráiltear le hAirteagal 714 den Chomhaontú Trádála agus Comhair go bhfuil rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i gcláir agus i ngníomhaíochtaí an Aontais nó i gcodanna díobh le bheith faoi réir ranníocaíocht airgeadais bhliantúil freisin.

(5)

Cé go mbaineann módúlachtaí teicniúla an mhalartaithe faisnéise go sonrach le gach córas faisnéise agus, dá bhrí sin, go leagtar síos iad i gcinntí ar leith ón gCoiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar, is iomchuí, i bhfianaise na méideanna teoranta lena mbaineann agus na nósanna imeachta riaracháin is gá chun íocaíochtaí a phróiseáil, ranníocaíocht airgeadais bhliantúil aonair ón Ríocht Aontaithe a bhunú as a rannpháirtíocht i gcórais faisnéise iompair de bhóthar arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach faoi chuimsiú an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair.

(6)

Le Cinneadh Uimh. 1/2022 ón gCoiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar, déantar foráil maidir le rannchuidiú sonrach na Ríochta Aontaithe le IMI, is gá, dá bhrí sin, é a leasú.

(7)

Chun feidhmiú cuí Theideal I de Cheannteideal a Trí den Chomhaontú Trádála agus Comhair a áirithiú, ba cheart don Choiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar, dá bhrí sin, an ranníocaíocht bhliantúil atá le híoc ag an Ríocht Aontaithe le córais faisnéise iompair de bhóthar arna mbainistiú ag an Aontas a bhunú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuspóir

Leagtar síos leis an gCinneadh seo méid agus módúlachtaí ranníocaíocht airgeadais na Ríochta Aontaithe le córais faisnéise atá á mbainistiú ag an Aontas i réimse an iompair de bhóthar.

Airteagal 2

Raon feidhme

Is é atá sa ranníocaíocht a leagtar amach in Airteagal 3 ranníocaíocht airgeadais bhliantúil na Ríochta Aontaithe leis an méid seo a leanas:

modúl Dearbhaithe Postála Iompar de Bhóthar Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI); agus

an Clár Eorpach de Ghnóthais Iompair de Bhóthar (ERRU).

Airteagal 3

Méid agus módúlachtaí ranníocaíocht airgeadais na Ríochta Aontaithe

1.   Ranníocfaidh an Ríocht Aontaithe go bliantúil le costais na gcóras faisnéise a liostaítear in Airteagal 2. Beidh feidhm ag an ranníocaíocht bhliantúil ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh. Is éard a bheidh ann:

ranníocaíocht oibríochta agus chothabhála; agus

táille rannpháirtíochta chun rochtain a fháil ar ERRU. 4 % den ranníocaíocht oibríochtúil bhliantúil a bheidh sa táille rannpháirtíochta agus ní bheidh sí faoi réir coigeartuithe cúlghabhálacha.

2.   I gcás na chéad bhliana, íocfar an ranníocaíocht bhliantúil laistigh de 20 lá ó dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. I gcás na mblianta ina dhiaidh sin, íocfar faoin 30 Meitheamh den bhliain roimhe sin í. Beidh méid na ranníocaíochta socraithe ag EUR 114 305,10 don chéad bhliain agus déanfar é a athbhreithniú i gcomhréir le forbairt an Innéacs Eorpaigh Praghsanna do Thomhaltóirí (IEPT) gach bliain ina dhiaidh sin. Cuirfidh an Coimisiún Eorpach an méid athbhreithnithe in iúl don Ríocht Aontaithe i scríbhinn.

3.   Chun an ranníocaíocht airgeadais do na blianta ina dhiaidh sin a ríomh, is éard atá sa ranníocaíocht oibriúcháin agus chothabhála tosaigh ranníocaíocht oibríochtúil agus chothabhála EUR 91 541,58 le haghaidh IMI agus ranníocaíocht oibríochtúil agus chothabhála EUR 21 888 le haghaidh ERRU.

4.   Íocfar an ranníocaíocht dá dtagraítear i mír 2 in euro le cuntas bainc an Choimisiúin atá ainmnithe in euro agus a luaitear sa nóta dochair.

Airteagal 4

Leasú ar Chinneadh Uimh. 1/2022 ón gCoiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5 de Chinneadh Uimh. 1/2022 ón gCoiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar:

‘Rannchuideoidh an Ríocht Aontaithe go bliantúil le costais oibríochtúla agus chothabhála IMI sa chreat a leagtar amach i gCinneadh Uimh. …/2025 ón gCoiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar (*1).

(*1)  Cinneadh Uimh. …/2025 ón gCoiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, an … maidir le méid agus módúlachtaí ranníocaíocht airgeadais na Ríochta Aontaithe le córais faisnéise iompair de bhóthar áirithe arna mbainistiú ag an Aontas agus an leasú ar Chinneadh Uimh. 1/2022 ón gCoiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar (IO AE L, …, ELI: …).’."

Airteagal 5

Athruithe substaintiúla ar chostais oibríochtaí agus chothabhála

I gcás athrú mór ar chostais fhoriomlána cheann de na córais faisnéise a liostaítear in Airteagal 2, mar gheall ar oiriúnuithe teicneolaíochta nó ar chúiseanna eile, glacfaidh an Coiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar cinneadh nua maidir le ranníocaíocht airgeadais na Ríochta Aontaithe, arna iarraidh sin do dhuine de Chomhchathaoirligh an Choiste.

Airteagal 6

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a ghlactha.

Arna dhéanamh i/in/sa …, …

Thar Ceann an Choiste Speisialaithe um

Iompar de Bhóthar

Na Comhchathaoirligh


(1)   IO AE L 149, 30.4.2021, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2021/689(1)/oj.

(2)  Cinneadh Uimh. 1/2022 ón gCoiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile an 21 Samhain 2022 maidir leis na sonraíochtaí teicniúla agus nós imeachta a bhaineann leis an úsáid a bhaineann an Ríocht Aontaithe as Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI) , rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe sa chomhar riaracháin faoi Airteagal 6 de Roinn 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair agus méid agus módúlachtaí na ranníocaíochta airgeadais atá le déanamh ag an Ríocht Aontaithe le buiséad ginearálta an Aontais i ndáil leis an gcostas a ghintear ón úsáid a bhaineann sí as IMI (IO AE L 75, 14.3.2023, lch. 26, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/578/oj).

(3)  Cinneadh Uimh. …/2025 ón gCoiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus an Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, an … maidir le cláir leictreonacha náisiúnta um ghnóthais iompair de bhóthar, agus na módúlachtaí chun faisnéis atá sna cláir sin a mhalartú (IO AE L, …, ELI: …).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2418/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top