This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D2336
Council Decision (EU) 2025/2336 of 7 November 2025 on the position to be taken on behalf of the European Union at the ninth session of the Meeting of the Parties to the Agreement on the Conservation of African-Eurasian Migratory Waterbirds, as regards an amendment to Table 1 of Annex 3 to the Agreement
Cinneadh (AE) 2025/2336 ón gComhairle an 7 Samhain 2025 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an naoú seisiún de Chruinniú na bPáirtithe sa Chomhaontú maidir le hÉin Uisce Imirceacha Afracacha-Eoráiseacha a Chaomhnú, a mhéid a bhaineann le leasú ar Thábla 1 in Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gComhaontú
Cinneadh (AE) 2025/2336 ón gComhairle an 7 Samhain 2025 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an naoú seisiún de Chruinniú na bPáirtithe sa Chomhaontú maidir le hÉin Uisce Imirceacha Afracacha-Eoráiseacha a Chaomhnú, a mhéid a bhaineann le leasú ar Thábla 1 in Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gComhaontú
ST/14228/2025/INIT
IO L, 2025/2336, 18.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2336/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2336 |
18.11.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/2336 ÓN gCOMHAIRLE
an 7 Samhain 2025
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an naoú seisiún de Chruinniú na bPáirtithe sa Chomhaontú maidir le hÉin Uisce Imirceacha Afracacha-Eoráiseacha a Chaomhnú, a mhéid a bhaineann le leasú ar Thábla 1 in Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gComhaontú
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rinneadh an Comhaontú maidir le hÉin Uisce Imirceacha Afracacha-Eoráiseacha a Chaomhnú (1) (‘an Comhaontú’) a fhormheas thar ceann an Aontais Eorpaigh le Cinneadh 2006/871/CE ón gComhairle (2), agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Samhain 1999. |
|
(2) |
De bhun Airteagal X, mír 5, den Chomhaontú, féadfaidh Cruinniú na bPáirtithe leasuithe a ghlacadh ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú. |
|
(3) |
Le linn an naoú seisiún dá chuid, atá le bheith ar siúl ón 11 go dtí an 14 Samhain 2025, táthar ag súil go nglacfar i gCruinniú na bPáirtithe sa Chomhaontú (‘Cruinniú na bPáirtithe’) rún maidir le leasuithe a ghlacadh ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú. Dá nglacfaí an leasú atá beartaithe ar Thábla 1 in Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gComhaontú maidir leis an speiceas an Fheadóg Ghlas (Pluvialis squatarola squatarola), bheadh gá le leasú ar Threoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Dá bhrí sin, tá an leasú atá beartaithe lasmuigh de raon feidhme leasuithe a fhéadfaidh an Coimisiún a fhormheas de bhun Airteagal 3(1) de Chinneadh 2006/871/CE i gcomhar le hAirteagal 3(3) de. |
|
(4) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag Cruinniú na bPáirtithe a bhunú a mhéid a bhaineann leis an leasú atá beartaithe ar Thábla 1 in Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gComhaontú a bhaineann leis an bhFeadóg Ghlas, ós rud é go mbeidh an leasú sin ina cheangal ar an Aontas agus gur féidir go n-imreoidh sé tionchar cinntitheach ar ábhar dhlí an Aontais, eadhon Treoir 2009/147/CE. |
|
(5) |
Maidir leis an leasú atá beartaithe ar Thábla 1 in Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gComhaontú, a chuir an Ríocht Aontaithe isteach agus a leagtar amach i nDréachtrún 9.1 de Chruinniú na bPáirtithe a bhaineann leis an bhFeadóg Ghlas, ba cheart é a fhormheas thar ceann an Aontais, mar go gcuideoidh sé le leibhéal níos airde cosanta a bhaint amach do phobail an speicis sin, atá ag meath. Mar sin féin, i gcomhréir le hAirteagal 3(4) de Chinneadh 2006/871/CE, ba cheart don Choimisiún forchoimeádas a chur isteach i ndáil leis an leasú atá beartaithe, ós rud é go mbeadh leasú ar Threoir 2009/147/CE ag teastáil, rud nach mbeadh indéanta laistigh de 90 lá ón dáta a ghlacfar Rún 9.1 i gCruinniú na bPáirtithe é, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an naoú seisiún de Chruinniú na bPáirtithe sa Chomhaontú maidir le hÉin Uisce Imirceacha Afracacha-Eoráiseacha a Chaomhnú (‘an Comhaontú’) formheas a dhéanamh ar an leasú ar Thábla 1 in Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gComhaontú, a chuir an Ríocht Aontaithe isteach agus a leagtar amach i Rún 9.1. den naoú seisiún de Chruinniú na bPáirtithe sa Chomhaontú, a bhaineann leis an bhFeadóg Ghlas (Pluvialis squatarola squatarola).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Samhain 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BJERRE
(1) IO L 345, 8.12.2006, lch. 26, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2006/871/oj.
(2) Cinneadh (AE) 2006/871/CE ón gComhairle an 18 Iúil 2005 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, an Chomhaontaithe maidir le hÉin Uisce Imirceacha Afracacha-Eoráiseacha a Chaomhnú (IO L 345, 8.12.2006, lch. 24, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2006/871/oj).
(3) Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/147/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2336/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)