This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D2323
Commission Implementing Decision (EU) 2025/2323 of 11 November 2025 pursuant to Article 11 of Regulation (EU) 2024/1351 of the European Parliament and of the Council
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2323 ón gCoimisiún an 11 Samhain 2025 de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2323 ón gCoimisiún an 11 Samhain 2025 de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
C/2025/7099
IO L, 2025/2323, 14.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2323/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2323 |
14.11.2025 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2323 ÓN gCOIMISIÚN
an 11 Samhain 2025
de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1147 agus (AE) 2021/1060 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 11 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Faoi Rialachán (AE) 2024/1351, gach bliain tá an Coimisiún leis na Ballstáit atá faoi bhrú imirce, atá i mbaol brú imirce nó a bhfuil aghaidh á tabhairt acu ar staid shuntasach imirce le cinneadh. Faoin 15 Deireadh Fómhair 2025, agus gach bliain ina dhiaidh sin, tá an Coimisiún leis an Tuarascáil Bhliantúil Eorpach ar Thearmann agus Imirce a ghlacadh agus cinneadh a ghlacadh lena gcinnfear na Ballstáit sin. |
|
(2) |
Chun a chinneadh an bhfuil Ballstát ar leith faoi bhrú imirce nó i mbaol brú imirce, nó an bhfuil aghaidh á tabhairt aige ar staid shuntasach imirce, tá measúnú déanta ag an gCoimisiún bunaithe ar an Tuarascáil Bhliantúil Eorpach ar Thearmann agus Imirce (2) agus ar na gnéithe a liostaítear in Airteagail 9 agus 10 den Rialachán sin. Chun na críche sin, d’fhorbair an Coimisiún modheolaíocht lena meastar go bhfuil brú i gcoibhneas le cruthú oibleagáidí díréireacha i mBallstát, agus staid fhoriomlán na himirce san Aontas á cur san áireamh. Pléadh an mhodheolaíocht sin go mion leis na Ballstáit. Chun a chinneadh cad is oibleagáidí díréireacha ann, cuireann an mhodheolaíocht staid gach Ballstáit i gcomparáid leis an staid fhoriomlán san Aontas (3). |
|
(3) |
Sa mheasúnú, meastar tréimhse 12 mhí, ón 1 Iúil 2024 go dtí an 30 Meitheamh 2025 chun na Ballstáit atá faoi bhrú imirce agus na Ballstáit atá i mbaol brú imirce a shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2024/1351, agus tá an sainmhíniú ar ‘brú imirce’ in Airteagal 2(24) den Rialachán sin. I gcomhréir leis an sainmhíniú ar ‘staid shuntasach imirce’ in Airteagal 2(25) de Rialachán (AE) 2024/1351, chun éifeacht charnach an lín bhliantúil náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát atá ag teacht isteach faoi láthair agus a tháinig isteach roimhe sin a chur san áireamh, breithnítear sa mheasúnú ar staid shuntasach imirce an tréimhse idir an 1 Iúil 2020 agus an 30 Meitheamh 2025. |
|
(4) |
Le linn na tréimhse tuairiscithe ón 1 Iúil 2024 go dtí an 30 Meitheamh 2025, tháinig laghdú 35 % ar thrasnuithe teorann neamhdhleathacha ag teorainn sheachtrach an Aontais, rud a léiríonn go bhfuil feabhas ag teacht ar staid fhoriomlán na himirce san Aontas i gcónaí. Tá iarratais ar chosaint idirnáisiúnta agus gluaiseachtaí neamhúdaraithe ag laghdú freisin, faoi 21 % agus 25 % faoi seach, treocht chobhsaí a tugadh faoi deara cheana féin ó bhí 2024 ann. |
|
(5) |
Le linn na tréimhse tuairiscithe ón 1 Iúil 2024 go dtí an 30 Meitheamh 2025, bunaithe ar an Tuarascáil Bhliantúil Eorpach ar Thearmann agus Imirce agus ar na gnéithe a liostaítear in Airteagail 9 agus 10 de Rialachán (AE) 2024/1351, nuair a dhéantar na sonraí ábhartha cainníochtúla agus cáilíochtúla agus an fhaisnéis ábhartha chainníochtúil agus cháilíochtúil uile a chomhiomlánú agus a mheasúnú i ndáil leis an staid fhoriomlán san Aontas, is é conclúid an mheasúnaithe go bhfuil an Ghréig agus an Chipir faoi bhrú imirce. Is é conclúid an mheasúnaithe freisin go bhfuil an Iodáil agus an Spáinn faoi bhrú imirce toisc gur tháinig líon mór daoine isteach mar gheall ar dhíbhordálacha tar éis oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála. |
|
(6) |
Le linn na tréimhse tuairiscithe ón 1 Iúil 2024 go dtí an 30 Meitheamh 2025, sa Ghréig, cé gur fhan treochtaí cobhsaí ar an iomlán i gcomparáid leis an tréimhse 12 mhí roimhe sin, bhí oibleagáidí díréireacha ar an tír i ndáil leis an staid fhoriomlán san Aontas, go háirithe mar gheall ar líon na dtrasnuithe teorann neamhdhleathacha agus na n-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta. Is sa Ghréig a taifeadadh an líon is airde trasnuithe teorann neamhdhleathacha i gcoibhneas lena hOlltáirgeacht Intíre (OTI) agus lena daonra. Ina theannta sin, fuair an Ghréig an líon is airde iarratas ar leibhéal an Aontais i gcoibhneas lena OTI agus lena daonra agus i dtéarmaí coibhneasta ba í an Ballstát ar bharr an liosta maidir le cinntí lena ndeonaítear cosaint idirnáisiúnta freisin, agus ba í an dara Ballstát í maidir le heisiúint orduithe chun imeachta, ach ní rabhthas in ann ach sciar beag daoine a sheoladh ar ais le linn na tréimhse faoi anailís. |
|
(7) |
Le linn na tréimhse tuairiscithe ón 1 Iúil 2024 go dtí an 30 Meitheamh 2025, tháinig feabhas ar an staid imirce agus tearmainn sa Chipir i gcomparáid leis an tréimhse roimhe sin, ach bhí oibleagáidí díréireacha fós uirthi i ndáil leis an staid fhoriomlán san Aontas, go háirithe mar gheall ar thrasnuithe teorann neamhdhleathacha, iarratais ar chosaint idirnáisiúnta agus clárúcháin le haghaidh cosaint shealadach. D’ainneoin gur tháinig laghdú suntasach ar thrasnuithe teorann neamhdhleathacha, chuir líon na ndaoine a tháinig isteach brú ar chóras tearmainn agus imirce na Cipire, i gcoibhneas lena OTI agus lena daonra. I dtéarmaí coibhneasta, bhí an Chipir ar an dara faighteoir is airde d’iarratais ar chosaint idirnáisiúnta sa tréimhse faoi anailís agus fuair sí líon suntasach clárúchán nua le haghaidh cosaint shealadach freisin i gcomparáid lena OTI agus lena daonra. Thairis sin, cé gur fhan líon na náisiúnach tríú tír ar ordaíodh dóibh imeacht cobhsaí, cuireadh dhá oiread náisiúnach tríú tír ar ais tar éis ordú chun imeachta i gcomparáid leis an tréimhse roimhe sin. |
|
(8) |
Díbhordáladh líon ard daoine san Iodáil tar éis oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála le linn na tréimhse tuairiscithe ón 1 Iúil 2024 go dtí an 30 Meitheamh 2025. Bhí sciar agus dearbhlíon na ndaoine a tháinig isteach mar gheall ar dhíbhordálacha athfhillteacha tar éis oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála ar scála de mhéid agus gur chruthaigh siad oibleagáidí díréireacha i gcomparáid leis an staid fhoriomlán san Aontas. Is san Iodáil a díbhordáladh thart ar 40 % den líon iomlán daoine a díbhordáladh san Aontas. |
|
(9) |
Le linn na tréimhse tuairiscithe ón 1 Iúil 2024 go dtí an 30 Meitheamh 2025, tháinig líon mór daoine isteach sa Spáinn mar gheall ar dhíbhordálacha athfhillteacha tar éis oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, ar scála de mhéid agus gur chruthaigh siad oibleagáidí díréireacha i gcomparáid leis an staid fhoriomlán san Aontas. Is sa Spáinn a díbhordáladh thart ar 40 % den líon iomlán daoine a díbhordáladh san Aontas freisin. |
|
(10) |
Le linn na tréimhse tuairiscithe ón 1 Iúil 2024 go dtí an 30 Meitheamh 2025, bunaithe ar thorthaí na Tuarascála Bliantúla Eorpaí ar Thearmann agus Imirce agus ar na gnéithe a liostaítear in Airteagail 9 agus 10 de Rialachán (AE) 2024/1351, nuair a dhéantar na sonraí ábhartha cainníochtúla agus cáilíochtúla agus an fhaisnéis ábhartha chainníochtúil agus cháilíochtúil uile a mheas agus a mheasúnú i ndáil leis an staid fhoriomlán san Aontas, sainaithnítear go bhfuil an Bheilg, an Bhulgáir, an Ghearmáin, an Eastóin, Éire, an Fhrainc, an Chróit, an Laitvia, an Liotuáin, an Ísiltír, an Pholainn agus an Fhionlainn i mbaol brú imirce. |
|
(11) |
Lean an Bhulgáir agus an Chróit, mar Bhallstáit na chéad iontrála san Aontas, de bheith neamhchosanta go háirithe ar luaineachtaí ar líon na n-imirceach neamhrialta trí bhealaí na mBalcán Thiar agus na Meánmhara Thoir. Méadú suntasach ar líon na n-imirceach neamhrialta le linn na bliana, is rud é sin a bhféadfadh sé a bheith mar thoradh air go ndéanfadh oibleagáidí díréireacha difear do na córais náisiúnta imirce agus tearmainn, atá faoi bhrú cheana féin. Le linn na tréimhse tuairiscithe ón 1 Iúil 2024 go dtí an 30 Meitheamh 2025, cé gur thaifead an Bhulgáir laghdú ar an líon iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i gcomparáid leis an tréimhse roimhe sin, chláraigh sí líon suntasach iarratas ar chosaint idirnáisiúnta fós, ar iarratais iad an cúigiú cuid díobh arna dtaisceadh ag mionaoisigh neamhthionlactha, rud a fhágann gurb í an Bhulgáir an dara Ballstát is mó i dtéarmaí coibhneasta a fuair iarratais ó mhionaoisigh neamhthionlactha ar leibhéal an Aontais. Chláraigh an Bhulgáir líon ard seasta clárúcháin le haghaidh cosaint shealadach freisin i gcoibhneas leis an sciar de OTI agus den daonra. Le linn na tréimhse tuairiscithe ón 1 Iúil 2024 go dtí an 30 Meitheamh 2025, bhí tionchar ag trasnuithe teorann neamhdhleathacha agus diúltuithe cead isteach ar an gCróit, agus chláraigh sí 76 % de na daoine uile a tháinig isteach ar bhealach na mBalcán Thiar, an dara líon is airde de thrasnuithe teorann neamhdhleathacha ar leibhéal an Aontais i gcoibhneas le OTI agus daonra, agus bhí an líon is airde diúltuithe cead isteach san Aontas i dtéarmaí coibhneasta aici. |
|
(12) |
Thaifead roinnt Ballstát líon ard gluaiseachtaí neamhúdaraithe, rud a chuir brú ar leith ar a gcórais tearmainn, imirce agus glactha. Tugtar aghaidh ar na dúshláin a bhaineann le gluaiseachtaí neamhúdaraithe den sórt sin trí aitheantas a thabhairt don fhéidearthacht fritháirimh freagrachta a chur i bhfeidhm ar na cásanna sin mar chuid de na rannchuidithe dlúthpháirtíochta. Le linn na tréimhse tuairiscithe ón 1 Iúil 2024 go dtí an 30 Meitheamh 2025, is chuig an nGearmáin a chuaigh líon suntasach gluaiseachtaí neamhúdaraithe iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta laistigh den Aontas, rud a d’fhág go raibh líon mór iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ann, rud a raibh tionchar aige ar a córas tearmainn agus glactha; is measa rudaí fós ní hamháin mar gheall go n-óstálann sí an líon is airde tairbhithe cosanta sealadaí san Aontas ach mar gheall ar líon an-ard iarratas ar chosaint idirnáisiúnta le 10 mbliana anuas freisin. Ina theannta sin, is chuig an bhFrainc a chuaigh líon an-ard gluaiseachtaí neamhúdaraithe iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta laistigh den Aontas freisin agus bhí uirthi aghaidh a thabhairt ar líon méadaitheach trasnuithe teorann neamhdhleathacha ag imeacht i dtreo na Ríochta Aontaithe, rud a raibh tionchar aige ar a córas náisiúnta tearmainn agus glactha. Bhí tionchar ag gluaiseachtaí neamhúdaraithe iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta ar an Ísiltír agus ar an mBeilg freisin, rud a chuir brú ar na córais ghlactha. Fuair Éire líon ard leanúnach iarratas ar chosaint idirnáisiúnta freisin agus tagann sciar suntasach daoine isteach sa tír go neamhrialta agus iad ag teacht isteach thar theorainn talún na Ríochta Aontaithe den chuid is mó. Bhí tionchar aige sin, agus ag an líon suntasach daoine a tháinig isteach agus a bhí ag tairbhiú de chosaint shealadach, ar an gcóras náisiúnta tearmainn agus glactha. |
|
(13) |
Leanann bagairtí hibrideacha a bhaineann le hionstraimiú na himirce ag an Rúis agus ag an mBealarúis de rioscaí tromchúiseacha imirce agus slándála a tharraingt anuas ag teorainn thoir an Aontais, go háirithe san Eastóin, sa Laitvia, sa Liotuáin, sa Pholainn agus san Fhionlainn. Mar fhreagairt ar iarrachtaí leanúnacha státurraithe chun an imirce a ionstraimiú, neartaigh an Eastóin bearta bainistithe teorainneacha ag an teorainn leis an Rúis; d’fheabhsaigh an Laitvia agus an Liotuáin bearta faireachais ag a dteorainn leis an mBealarúis; bhunaigh an Pholainn crios maolánach feadh a teorann agus cuireann sí teorainn shealadach leis an gceart chun iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta ag an teorainn sin, cé is moite de ghrúpaí leochaileacha; dhún an Fhionlainn a pointí trasnaithe leis an Rúis. Mar sin féin, d’fhéadfadh iarrachtaí breise ón Rúis agus ón mBealarúis an imirce a ionstraimiú brú breise a chur ar chórais cosanta teorann náisiúnta, rud a d’fhéadfadh oibleagáidí díréireacha a bheith mar thoradh air. |
|
(14) |
Bunaithe ar an Tuarascáil Bhliantúil Eorpach ar Thearmann agus Imirce agus ar na gnéithe a liostaítear in Airteagail 9 agus 10 de Rialachán (AE) 2024/1351, mar gheall ar éifeacht charnach na sonraí cainníochtúla agus cáilíochtúla agus na faisnéise cainníochtúla agus cáilíochtúla arna gcomhiomlánú agus arna measúnú le linn na tréimhse 5 bliana ón 1 Iúil 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2025, is é conclúid an mheasúnaithe go bhfuil aghaidh á tabhairt ag an mBulgáir, an tSeicia, an Eastóin, an Chróit, an Ostair agus an Pholainn ar staid shuntasach imirce. |
|
(15) |
Sa Bhulgáir, le 5 bliana anuas, agus go háirithe ó bhí 2022 ann, i gcoibhneas leis an sciar de OTI agus den daonra, chuir insreabhadh na gclárúchán le haghaidh cosaint shealadach, mar aon le líon coibhneasta ard iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, brú ar an gcóras, go háirithe ós rud é gur eisigh an Bhulgáir líon suntasach cinntí dearfacha agus diúltuithe a chruthaigh ualach mór ar an gcóras um fhilleadh. |
|
(16) |
Agus measúnú á dhéanamh ar an staid sa Chróit le 5 bliana anuas, agus i ndáil leis an staid fhoriomlán san Aontas, bhí tionchar mór ag an mbrú ar an gcóras um fhilleadh i gcoibhneas lena sciar de OTI agus den daonra ar acmhainneachtaí na Cróite anuas ar na hoibleagáidí ag a teorainn sheachtrach, go háirithe ós rud é gur eisigh an Chróit líon mór diúltuithe cead isteach i dtéarmaí coibhneasta agus go raibh líon coibhneasta ard trasnuithe teorann neamhdhleathacha ann le déanaí mar gheall ar an méadú ar ghníomhaíochtaí smuigleála imirceach sa réigiún. |
|
(17) |
Tar éis an chogadh foghach leanúnach atá an Rúis a chur ar an Úcráin agus an ghéaraithe ar na hionsaithe ar an Úcráin, tá 4,3 milliún duine ag tairbhiú de chosaint shealadach san Aontas amhail an 30 Meitheamh 2025. Ó thús an chogaidh, tá an Pholainn agus an tSeicia i measc na mBallstát a thaifead an líon is airde clárúchán cosanta sealadaí san Aontas i gcoibhneas lena OTI agus lena ndaonra. Chuir sé sin brú suntasach ar chórais imirce, tearmainn agus bainistithe teorainneacha na mBallstát sin le blianta beaga anuas ó bhí 2022 ann agus chruthaigh sé dúshláin um imeascadh. Thaifead an Eastóin líon ard clárúchán cosanta sealadaí i gcoibhneas lena OTI agus lena daonra mar aon le líon suntasach coibhneasta iarratas ar chosaint idirnáisiúnta as ar tháinig líon ard cinntí dearfacha le 5 bliana anuas. |
|
(18) |
Le linn na tréimhse 5 bliana ón 1 Iúil 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2025, fuair an Ostair líon ard iarratas ar chosaint idirnáisiúnta. Cé go bhfuil laghdú tagtha ar an líon sin, bhí tionchar carnach ag líon foriomlán na n-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, agus ag an líon cinntí dearfacha a tháinig astu, sa tréimhse 5 bliana ar acmhainneacht an chórais imirce, glactha agus tearmainn san Ostair. |
|
(19) |
Ba cheart rochtain a bheith ag na Ballstáit a chinntear leis an gCinneadh seo mar Bhallstáit atá faoi bhrú imirce ar an gComhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil arna bhunú leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 57 de Rialachán (AE) 2024/1351 agus ba cheart dóibh an Coimisiún agus an Chomhairle a chur ar an eolas de bhun Airteagal 58(1) den Rialachán sin i gcás ina bhfuil sé beartaithe acu úsáid a bhaint as an gComhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil, lena n-áirítear faisnéis maidir le cineál agus leibhéal na mbeart dlúthpháirtíochta is gá. I gcás nach mbaineann na Ballstáit atá faoi bhrú imirce úsáid as an gComhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil nó nach dtugann siad fógra gur gá é a úsáid, féadfaidh siad a iarraidh go ndéanfaí a rannchuidithe geallta leis an gComhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil a asbhaint go hiomlán nó go páirteach i gcomhréir le hAirteagal 61 de Rialachán (AE) 2024/1351. |
|
(20) |
Na Ballstáit a chinntear leis an gCinneadh seo mar Bhallstáit atá i mbaol brú imirce, ba cheart rochtain tosaíochta a bheith acu ar Bhuanbhosca Uirlisí Tacaíochta an Aontais Eorpaigh don Imirce a leagtar amach in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2024/1351. |
|
(21) |
Chun úsáid Bhuanbhosca Uirlisí Tacaíochta an Aontais Eorpaigh don Imirce ag na Ballstáit atá i mbaol brú imirce a éascú, cuirfidh an Coimisiún tacaíocht chistiúcháin ar fáil agus déanfaidh sé comhordú le Gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais ar thosaíocht a d’fhéadfaí a thabhairt do sholáthar tacaíochta oibríochtúla. |
|
(22) |
Na Ballstáit a chinntear leis an gCinneadh seo mar Bhallstáit a bhfuil aghaidh á tabhairt acu ar staid shuntasach imirce, tá siad i dteideal asbhaint iomlán nó pháirteach a rannchuidithe dlúthpháirtíochta a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 62 de Rialachán (AE) 2024/1351. |
|
(23) |
Chun an chothromaíocht idir dlúthpháirtíocht agus comhroinnt chóir na freagrachta a áirithiú agus feidhmiú Rialacháin (AE) 2024/1351 a choimirciú, leagtar síos le hAirteagal 60(3) den Rialachán sin nach gceanglaítear ar na Ballstáit is rannchuiditheoirí a ngealltanais a chur chun feidhme nó fritháirimh freagrachta a chur i bhfeidhm i leith Ballstát is tairbhí i gcás inar shainaithin an Coimisiún easnaimh chórasacha sa Bhallstát sin is tairbhí maidir leis na rialacha freagrachta a leagtar amach i gCuid III de Rialachán (AE) 2024/1351 a bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha diúltacha a eascairt astu d’fheidhmiú an Rialacháin sin. I gCuid III de Rialachán (AE) 2024/1351 leagtar amach, inter alia, oibleagáidí an Bhallstáit atá freagrach as iarratasóirí agus náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát ar cláraíodh a n-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i mBallstát eile nó ar cuireadh in iúl go bhfuil Ballstát eile freagrach ina leith faoi Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) 2024/1358 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a ghabháil ar láimh agus a ghabháil ar ais, lena n-áirítear aistrithe na ndaoine sin a dhéanamh agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha an iarratasóra de réir bhrí Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh mar a leagtar amach in aithris 87 agus in Airteagal 16(3). Tá na rialacha sin leanúnach leis na rialacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus tiocfaidh siad in ionad na rialacha sin óna dteacht i bhfeidhm. |
|
(24) |
An 4 Aibreán 2025, thángthas ar an gconclúid sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa maidir le stádas an bhainistithe imirce ar mhórthír na Gréige (6) gur cheart aistrithe chuig an nGréig a dhéanamh ar an mbealach céanna agus a dhéantar i gcás na mBallstát eile agus i gcomhréir le dlí-eolaíocht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le léirmhíniú Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) Uimh. 604/2013. |
|
(25) |
I mí na Nollag 2022, chuir an Iodáil fáil aistrithe ar fionraí, cé is moite de chásanna athaontaithe teaghlaigh mionaoiseach neamhthionlactha. Chinn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ina breithiúnas an 19 Nollaig 2024 maidir le cásanna uamtha C-185/24 agus C-189/24 (7) nach féidir leis an mBallstát atá ainmnithe mar an Ballstát atá freagrach faoi na critéir a leagtar amach i gCaibidil III de Rialachán (AE) 604/2013 é féin a urscaoileadh go haontaobhach ón bhfreagracht sin. |
|
(26) |
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíonfar a n-oibleagáidí faoi dhlí tearmainn an Aontais. Go háirithe, ba cheart dóibh a áirithiú nach leanfaidh na cleachtais atá ann faoi láthair agus a tugadh faoi deara cheana ina dtíortha i ndáil le Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 a thuilleadh faoi theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1351. Bheadh neamhchomhlíonadh leanúnach ina easnamh córasach maidir leis na rialacha a leagtar amach i gCuid III de Rialachán (AE) 2024/1351 a bhféadfadh iarmhairtí diúltacha tromchúiseacha a bheith mar thoradh orthu d’fheidhmiú an Rialacháin sin. Ba cheart don Choimisiún measúnú tráthrialta a dhéanamh air sin, agus má leanann na cásanna sin de bheith ann, ba cheart feidhm a bheith ag Airteagal 60(3), an ceathrú fomhír, de Rialachán (AE) 2024/1351. Chun aistriú inbhuanaithe a áirithiú ón gcóras freagrachta atá ann faoi láthair go dtí na rialacha nua a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/1351, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar leibhéal an chomhair oibríochtúil i measc na mBallstát, lena n-áirítear an rannpháirtíocht ghníomhach chun aistrithe a éascú agus comhar forchéimnitheach ar ábhair phraiticiúla agus lóistíochta. |
|
(27) |
D’fhonn cur chuige cuimsitheach a ghlacadh i leith bainistiú imirce ar leibhéal an Aontais, i gcomhthráth le cur chun feidhme an Chomhshocraithe maidir le hImirce agus Tearmann, lena n-áirítear Rialachán (AE) 2024/1351, ba cheart leanúint den obair reachtach mar ábhar tosaíochta, go háirithe ar na tograí le haghaidh córas coiteann Eorpach um fhilleadh agus le haghaidh liosta de chuid an Aontais de thíortha sábháilte tionscnaimh. I dteannta a chéile, chuideodh siad sin chun an brú foriomlán ar chórais tearmainn na mBallstát a laghdú agus thacódh siad le feidhmiú an Chomhshocraithe maidir le hImirce agus Tearmann. |
|
(28) |
De bhun Airteagal 11(1), an dara fomhír, rinneadh comhairliúcháin leis na Ballstáit a shainaithnítear sa chinneadh seo mar Bhallstáit atá faoi bhrú imirce, atá i mbaol brú imirce, agus a bhfuil aghaidh á tabhairt acu ar staid shuntasach imirce. |
|
(29) |
I gcomhréir le hAirteagal 4 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá fógra tugtha ag Éirinn, le litir dar dáta an 14 Bealtaine 2024, gur mhian léi glacadh le Rialachán (AE) Uimh. 2024/1351 agus a bheith faoi cheangal aige. Deimhníodh an rannpháirtíocht sin le Cinneadh (AE) 2024/2088 ón gCoimisiún (8). Dá bhrí sin, tá Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo. |
|
(30) |
I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a bheidh na Ballstáit atá faoi bhrú imirce.
Airteagal 2
Is mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a bheidh na Ballstáit atá i mbaol brú imirce.
Airteagal 3
Is mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III a bheidh na Ballstáit a bhfuil aghaidh á tabhairt acu ar staid shuntasach imirce.
Airteagal 4
Déanfaidh an Coimisiún measúnú faoin 12 Iúil 2026 agus arís faoin 15 Deireadh Fómhair 2026 an amhlaidh nach bhfuil cleachtais reatha maidir leis na rialacha is infheidhme réitithe, agus go bhfágann sé sin go bhfuil easnaimh chórasacha i gceist a bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha diúltacha a bheith mar thoradh orthu d’fheidhmiú Rialachán (AE) 2024/1351, agus más amhlaidh, beidh feidhm ag Airteagal 60(3), an ceathrú fomhír, de Rialachán (AE) 2024/1351.
Airteagal 5
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ó theacht i bhfeidhm iomlán Rialachán (AE) 2024/1351.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Samhain 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) Rialachán (AE) 2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bainistiú tearmainn agus imirce, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1147 agus (AE) 2021/1060, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 (IO L, 2024/1351, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1351/oj).
(2) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle – An Tuarascáil Bhliantúil Eorpach ar Thearmann agus Imirce (2025), COM(2025)795.
(3) SWD (2025)792, Methodology for the purposes of Commission implementing decision pursuant to Article 11 of Regulation (EU) 2024/1351 of the European Parliament and of the Council [Modheolaíocht chun críoch cinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle].
(4) Rialachán (AE) 2024/1358 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bunú ‘Eurodac’ chun sonraí bithmhéadracha a chur i gcomparáid le chéile chun Rialacháin (AE) 2024/1351 agus (AE) 2024/1350 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2001/55/CE ón gComhairle a chur i bhfeidhm go héifeachtach, agus chun náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát atá ag fanacht go neamhdhleathach a shainaithint, agus maidir le hiarrataí ó údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát agus iarrataí ó Europol ar chomparáidí a dhéanamh le sonraí Eurodac chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (IO L, 2024/1358, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1358/oj).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (IO L 180, 29.6.2013, lch. 31, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/604/oj).
Féach freisin aithris 76 de Rialachán (AE) 2024/1351.
(6) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa maidir le staid an bhainistithe imirce ar mhorthír na Gréige an 4 Aibreán 2025, COM(2025) 170 final.
(7) Cásanna Uamtha C 185/24 agus C 189/24 [Tudmur], mír 42.
(8) Cinneadh (AE) 2024/2088 ón gCoimisiún an 31 Iúil 2024 lena ndeimhnítear rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bainistiú tearmainn agus imirce, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1147 agus (AE) 2021/1060 (IO L, 2024/2088, 2.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2088/oj).
IARSCRÍBHINN I
NA BALLSTÁIT ATÁ FAOI BHRÚ IMIRCE
|
an Ghréig |
|
an Spáinn |
|
an Iodáil |
|
an Chipir |
IARSCRÍBHINN II
NA BALLSTÁIT ATÁ I mBAOL BRÚ IMIRCE
|
an Bheilg |
|
an Bhulgáir |
|
an Ghearmáin |
|
an Eastóin |
|
Éire |
|
an Fhrainc |
|
an Chróit |
|
an Laitvia |
|
an Liotuáin |
|
an Ísiltír |
|
an Pholainn |
|
an Fhionlainn |
IARSCRÍBHINN III
NA BALLSTÁIT A BHFUIL AGHAIDH Á TABHAIRT ACU AR STAID SHUNTASACH IMIRCE
|
an Bhulgáir |
|
an tSeicia |
|
an Eastóin |
|
an Chróit |
|
an Ostair |
|
an Pholainn |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2323/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)