Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025D2310

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2310 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2025 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/781 trí na hastaíochtaí tagartha CO2 a scriosadh (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025)7595)

C/2025/7595

IO L, 2025/2310, 19.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2310/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2310/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2310

19.11.2025

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2310 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Samhain 2025

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/781 trí na hastaíochtaí tagartha CO2 a scriosadh

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025)7595)

(Is iad na téacsanna Ollainnise, Béarla, Fraincise, Gearmáinise, Iodáilise agus Sualainnise amháin atá barántúil)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d’fheithiclí nua tromshaothair agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 595/2009 agus (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/53/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 11(1), an dara fomhír de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun na hastaíochtaí tagartha CO2 a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/781 (2) ón gCoimisiún a dhéanamh ceangailteach ó thaobh dlí de ar mhonaróirí nár sheolaithe an Chinnidh sin iad toisc nár tháinig siad isteach i margadh an Aontais go dtí tar éis thréimhse tuairiscithe na bliana 2019 trí fheithiclí a thagann sna foghrúpaí feithiclí dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh sin a chlárú, ba cheart na hastaíochtaí tagartha CO2 a scriosadh ó Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/781 agus a athghlacadh trí bhíthin gníomh a bhfuil feidhm ghinearálta aige.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/781 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/781

Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/781 mar a leanas:

(1)

Scriostar Airteagal 5;

(2)

Scriostar Iarscríbhinn II.

Airteagal 2

Seolaithe

Is chuig na monaróirí seo a leanas a dhírítear an Cinneadh seo:

(1)

DAF TRUCKS N.V.

Bosca OP 90065

5600 PT Eindhoven

An Ísiltír

(2)

DAIMLER TRUCK AG

Fasanenweg 10

70771 Leinfelden-Echterdingen

An Ghearmáin

(3)

FORD OTOMOTIV SANAYI A.Ş.

Akpınar Mahallesi Hasan Basri Caddesi No: 2

34885 Sancaktepe/İstanbul

An Tuirc

(4)

IVECO MAGIRUS AG

Nicolaus-Otto-Straße 27

89079 Ulm

An Ghearmáin

(5)

IVECO S.P.A.

Via Puglia 35

10156 Torino Teil.

An Iodáil

(6)

MAN TRUCK & BUS SE

Dachauer Straße 667

80995 München

An Ghearmáin

(7)

RENAULT TRUCK SAS

99 Route de Lyon

69800 Saint-Priest

An Fhrainc

(8)

SCANIA CV AB

Vagnmakarvägen 1

151 87 Södertälje

An tSualainn

(9)

VOLVO TRUCK CORPORATION

Herkulesgatan 75

405 08 Göteborg

An tSualainn

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Samhain 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

Wopke HOEKSTRA

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 198, 25.7.2019, lch. 202, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1242/oj.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/781 óngCoimisiún an 10 Bealtaine 2021 maidir le liosta a fhoilsiú lena léirítear luachanna astaíochtaí CO2 áirithe in aghaidh an mhonaróra agus meánastaíochtaí sonracha CO2 gach feithicle nua tromshaothair a cláraíodh san Aontas agus astaíochtaí tagartha CO2 de bhun Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le haghaidh thréimhse tuairiscithe 2019 (IO L 167, 12.5.2021, lch. 47, ELI:IO L 167, 12.5.2021, lch. 47, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/781/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2310/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top