This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D2301
Commission Implementing Decision (EU) 2025/2301 of 14 November 2025 postponing the expiry date of the approval of deltamethrin for use in biocidal products of product-type 18 in accordance with Regulation (EU) No 528/2012 of the European Parliament and of the Council
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2301 ón gCoimisiún an 14 Samhain 2025 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le deiltemheitrin lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2301 ón gCoimisiún an 14 Samhain 2025 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le deiltemheitrin lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
C/2025/7578
IO L, 2025/2301, 17.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2301/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2301 |
17.11.2025 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2301 ÓN gCOIMISIÚN
an 14 Samhain 2025
lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le deiltemheitrin lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,
Tar éis dul i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Cuimsíodh deiltemheitrin in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18. Dá bhrí sin, de bhun Airteagal 86 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, measadh an tsubstaint a bheith formheasta go dtí an 30 Meán Fómhair 2023 faoin Rialachán sin faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE. |
|
(2) |
An 27 agus an 29 Márta 2022, cuireadh isteach dhá iarratas i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ar athnuachan a dhéanamh ar an bhformheas maidir le deiltemheitrin lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 (‘na hiarratais’). |
|
(3) |
An 21 Meitheamh 2022, chuir údarás inniúil meastóireachta na Sualainne an Coimisiún ar an eolas go raibh an cinneadh déanta aige, de bhun Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, go raibh gá le meastóireacht iomlán ar na hiarratais. De bhun Airteagal 8(1) den Rialachán sin, tá an t-údarás inniúil meastóireachta le meastóireacht iomlán a dhéanamh ar an iarratas laistigh de 365 lá tar éis a bhailíochtaithe. |
|
(4) |
Féadfaidh an t-údarás inniúil meastóireachta, de réir mar is iomchuí, é a chur de cheangal ar an iarratasóir sonraí leordhóthanacha a sholáthar chun an mheastóireacht a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Sa chás sin, cuirtear an tréimhse 365 lá ar fionraí ar feadh tréimhse nach faide ná 180 lá ar an iomlán ach amháin má tá údar maith le fionraí níos faide mar gheall ar chineál na sonraí a iarrtar nó mar gheall ar imthosca eisceachtúla. |
|
(5) |
Laistigh de 270 lá tar éis don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’) moladh a fháil ón údarás inniúil meastóireachta, tá sí le tuairim maidir le hathnuachan fhormheas na substainte gníomhaí a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 14(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. |
|
(6) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1088 ón gCoimisiún (3), cuireadh ar atráth go dtí an 31 Márta 2026 dáta éaga an fhormheasa maidir le deiltemheitrin lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirgí 18 chun go mbeadh am leordhóthanach ann scrúdú a dhéanamh ar na hiarratais. |
|
(7) |
An 5 Meitheamh 2025, chuir an t-údarás inniúil meastóireachta an Coimisiún ar an eolas go bhfuil moill ar an meastóireacht mar gheall ar an ngá atá le ham breise a bhaineann le staidéir chun measúnú a dhéanamh ar airíonna fisiciceimiceacha deiltemheitrine agus ar na critéir maidir le cinneadh na n-airíonna suaiteora inchrínigh. Tá coinne ag an údarás inniúil meastóireachta leis go gcuirfidh sé an tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan faoi bhráid na Gníomhaireachta i lár 2026. |
|
(8) |
Dá bhrí sin, ar chúiseanna nach bhfuil neart ag na hiarratasóirí orthu, is dócha go rachaidh an formheas in éag sula mbeidh cinneadh déanta maidir lena athnuachan. Dá bhrí sin, is iomchuí dáta éaga an fhormheasa a chur ar atráth an athuair go ceann tréimhse leordhóthanach chun gur féidir an scrúdú ar na hiarratais a chur i gcrích. Agus aird á thabhairt ag an gCoimisiún ar na teorainneacha ama le haghaidh meastóireacht ag an údarás inniúil meastóireachta, le haghaidh ullmhú agus cur isteach na tuairime ón nGníomhaireacht, agus an t-am a thógfaidh sé ar an gCoimisiún cinneadh a dhéanamh an ndéanfar athnuachan ar an bhformheas maidir le deiltemheitrin lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18, ba cheart an dáta éaga a chur ar atráth go dtí an 31 Márta 2028. |
|
(9) |
Tar éis dáta éaga an fhormheasa a chur ar atráth an athuair, leanfaidh deiltemheitrin de bheith formheasta lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Dáta éaga an fhormheasa maidir le deiltemheitrin lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE, cuirtear ar atráth go dtí an 31 Márta 2028 é.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Samhain 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 167, 27.6.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/528/oj.
(2) Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar an margadh (IO L 123, 24.4.1998, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1998/8/oj).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1088 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2023 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le deiltemheitrin lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 144, 5.6.2023, lch. 100, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/1088/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2301/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)