This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D2292
Commission Implementing Decision (EU) 2025/2292 of 7 November 2025 recognising that the report submitted by Poland under Article 31(2) of Directive (EU) 2018/2001 of the European Parliament and of the Council contains accurate data for the purposes of measuring the greenhouse gas emissions associated with the cultivation of rapeseed and maize in that Member State
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2292 ón gCoimisiún an 7 Samhain 2025 lena n-aithnítear go bhfuil sonraí cruinne sa tuarascáil a chuir an Pholainn isteach faoi Airteagal 31(2) de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le saothrú síl ráibe agus arbhair Indiaigh sa Bhallstát sin a thomhas
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2292 ón gCoimisiún an 7 Samhain 2025 lena n-aithnítear go bhfuil sonraí cruinne sa tuarascáil a chuir an Pholainn isteach faoi Airteagal 31(2) de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le saothrú síl ráibe agus arbhair Indiaigh sa Bhallstát sin a thomhas
C/2025/7448
IO L, 2025/2292, 12.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2292/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2292 |
12.11.2025 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2292 ÓN gCOIMISIÚN
an 7 Samhain 2025
lena n-aithnítear go bhfuil sonraí cruinne sa tuarascáil a chuir an Pholainn isteach faoi Airteagal 31(2) de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le saothrú síl ráibe agus arbhair Indiaigh sa Bhallstát sin a thomhas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (1), agus go háirithe Airteagal 31(4) di,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Ceanglaítear le Treoir (AE) 2018/2001 go sábháiltear le bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise líon mór astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomparáid le breoslaí iontaise ionas gur féidir iad a áireamh mar chuid de na spriocanna a leagtar amach sa Treoir sin. Chun na críche sin, in Airteagal 29(10) den Treoir sin leagtar síos tairseacha sonracha maidir le laghdú ar astaíochtaí le haghaidh na mbreoslaí sin, agus le hAirteagal 31 rialaítear an bealach a ríomhtar an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó úsáid na mbreoslaí sin. Agus na ríomhanna sin á ndéanamh, is féidir úsáid a bhaint as na luachanna réamhshocraithe a leagtar amach in Iarscríbhinní V agus VI a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001. In ionad luachanna réamhshocraithe na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a thagann ó shaothrú amhábhar talmhaíochta, is féidir úsáid a bhaint as luachanna tipiciúla faoi roinnt coinníollacha. Maidir leis na luachanna tipiciúla sin, arb éard atá iontu an meánluach i limistéar sonrach, féadfaidh na Ballstáit nó tríú tíortha iad a thuairisciú don Choimisiún. Ní fhéadfar na luachanna tipiciúla a úsáid ach amháin má aithníonn an Coimisiún go bhfuil siad cruinn. |
|
(2) |
An 24 Aibreán 2025 chuir an Pholainn faoi bhráid an Choimisiúin an tuarascáil chríochnaitheach ina raibh sonraí chun tomhas a dhéanamh ar na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le saothrú síl ráibe agus arbhair Indiaigh a tháirgtear de ghnáth i limistéir ar a críoch a aicmítear mar leibhéal 2 in aicmiú comhchoiteann na n-aonad críche maidir le staidreamh (NUTS), i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). D’iarr an Pholainn go n-aithneofaí na sonraí mar shonraí cruinne i gcomhréir le hAirteagal 31(4) de Threoir (AE) 2018/2001. |
|
(3) |
Rinne an Coimisiún measúnú ar an tuarascáil agus chinn sé go bhfuil sonraí cruinne inti chun na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le saothrú síl ráibe agus arbhair Indiaigh a tháirgtear de ghnáth i réigiúin NUTS 2 sa Pholainn a thomhas. |
|
(4) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, tá siad i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Inbhuanaitheacht Bithbhreoslaí, Bithleachtanna agus Breoslaí Bithmhaise, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Sa tuarascáil a chuir an Pholainn faoi bhráid an Choimisiúin an 24 Aibreán 2025 chun aitheantas a fháil ina leith, tá sonraí cruinne chun na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le saothrú síl ráibe agus arbhair Indiaigh a tháirgtear de ghnáth i réigiúin NUTS 2 sa Pholainn a thomhas. Leagtar amach san Iarscríbhinn achoimre ar shonraí na tuarascála.
Airteagal 2
I gcás ina ndéanfar athrú ar na sonraí sa tuarascáil, mar a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin í chun aitheantas a fháil ina leith an 24 Aibreán 2025, arb athrú é a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chruinneas na sonraí agus, dá bhrí sin, don bhunús leis an gCinneadh seo, tabharfaidh an Pholainn fógra don Choimisiún faoi na hathruithe sin láithreach. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na hathruithe faoina dtugtar fógra chun cinneadh a dhéanamh cé acu a sholáthraítear nó nach soláthraítear sonraí cruinne fós leis an tuarascáil a bhfuil sí aitheanta ina leith.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Scoirfidh sé d’fheidhm a bheith aige an 2 Nollaig 2030.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Samhain 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 328, 21.12.2018, lch. 82, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2018/2001/oj.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú comhchoiteann na n-aonad críche maidir le staidrimh a bhunú (IO L 154, 21.6.2003, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1059/oj).
IARSCRÍBHINN
Astaíochtaí gás ceaptha teasa a eascraíonn as saothrú síl ráibe i réigiúin NUTS 2 na Polainne (graim Co2eq/cileagraim de shíl ráibe a bhuantar ar bhonn ábhar tirim).
|
Réigiún NUTS 2 de réir Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 |
N2O na hithreach |
Leabaithe |
Úsáid Breosla |
Síol |
Iomlán |
|||
|
Díreach |
Indíreach |
Leasachán |
Neodrú |
Lotnaidicíd |
||||
|
PL51 DOLNOŚLĄSKI |
199,1 |
73,3 |
164,6 |
34,0 |
4,37 |
84,0 |
0,55 |
560 |
|
PL61 KUJAWSKO-POMORSKI |
227,9 |
82,9 |
185,2 |
37,5 |
3,83 |
78,3 |
0,56 |
616 |
|
PL81 LUBELSKI |
243,9 |
79,0 |
170,4 |
33,6 |
3,29 |
75,4 |
0,50 |
606 |
|
PL43 LUBUSKI |
211,4 |
72,3 |
173,7 |
17,2 |
3,70 |
82,5 |
0,63 |
561 |
|
PL71 ŁÓDZKI |
244,3 |
85,5 |
144,7 |
28,2 |
2,85 |
84,4 |
0,54 |
591 |
|
PL21 MAŁOPOLSKI |
214,8 |
67,5 |
157,9 |
41,6 |
2,62 |
77,8 |
0,48 |
563 |
|
PL92 MAZOWIECKI |
203,3 |
72,4 |
150,4 |
30,0 |
2,02 |
82,4 |
0,48 |
541 |
|
PL52 OPOLSKI |
234,2 |
79,4 |
175,2 |
34,6 |
3,91 |
74,9 |
0,50 |
603 |
|
PL82 PODKARPACKI |
191,7 |
67,7 |
182,1 |
64,6 |
3,16 |
83,6 |
0,52 |
593 |
|
PL84 PODLASKI |
236,7 |
87,7 |
166,5 |
20,7 |
3,42 |
88,9 |
0,52 |
604 |
|
PL63 POMORSKI |
240,7 |
75,9 |
172,8 |
36,0 |
3,85 |
84,7 |
0,52 |
614 |
|
PL22 ŚLĄSKI |
207,9 |
75,4 |
145,3 |
26,7 |
3,93 |
95,2 |
0,52 |
555 |
|
PL72 ŚWIĘTOKRZYSKI |
188,8 |
66,2 |
136,2 |
26,6 |
2,43 |
78,1 |
0,45 |
499 |
|
PL62 WARMIŃSKO-MAZURSKI |
215,0 |
75,8 |
175,2 |
35,4 |
4,35 |
73,9 |
0,50 |
580 |
|
PL91 WARSZAWSKI-STOŁECZNY |
206,9 |
80,0 |
150,4 |
55,3 |
3,48 |
82,6 |
0,46 |
579 |
|
PL41 WIELKOPOLSKI |
230,5 |
87,5 |
177,4 |
35,0 |
4,24 |
90,0 |
0,55 |
625 |
|
PL42 ZACHODNIOPOMORSKI |
212,9 |
79,8 |
194,0 |
46,1 |
3,98 |
82,1 |
0,53 |
619 |
Astaíochtaí gás ceaptha teasa a eascraíonn as saothrú arbhair Indiaigh i réigiúin NUTS 2 na Polainne (graim Co2eq/cileagraim d’arbhar Indiach a bhuantar ar bhonn ábhar tirim).
|
Réigiún NUTS 2 de réir Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 |
N2O na hithreach |
Leabaithe |
Úsáid Breosla |
Síol |
Iomlán |
|||
|
Díreach |
Indíreach |
Leasachán |
Neodrú |
Lotnaidicíd |
||||
|
PL51 DOLNOŚLĄSKI |
159,2 |
39,4 |
91,6 |
17,9 |
1,05 |
33,1 |
0,85 |
343 |
|
PL61 KUJAWSKO-POMORSKI |
124,5 |
34,0 |
71,4 |
12,2 |
1,44 |
38,1 |
0,84 |
282 |
|
PL81 LUBELSKI |
115,5 |
28,7 |
57,4 |
9,8 |
0,61 |
60,7 |
0,73 |
273 |
|
PL43 LUBUSKI |
136,4 |
37,3 |
64,9 |
11,7 |
0,65 |
43,0 |
1,04 |
295 |
|
PL71 ŁÓDZKI |
126,2 |
35,0 |
55,6 |
9,2 |
1,37 |
36,9 |
0,83 |
265 |
|
PL21 MAŁOPOLSKI |
124,1 |
27,2 |
44,9 |
11,4 |
0,54 |
33,5 |
0,74 |
242 |
|
PL92 MAZOWIECKI |
150,1 |
33,6 |
57,8 |
9,7 |
1,89 |
38,0 |
1,03 |
292 |
|
PL52 OPOLSKI |
115,1 |
30,1 |
67,7 |
12,1 |
1,16 |
34,0 |
0,81 |
261 |
|
PL82 PODKARPACKI |
105,4 |
26,3 |
63,1 |
29,8 |
1,06 |
35,1 |
0,88 |
262 |
|
PL84 PODLASKI |
146,4 |
39,9 |
56,1 |
22,6 |
0,72 |
31,0 |
0,84 |
298 |
|
PL63 POMORSKI |
114,5 |
28,5 |
42,5 |
24,8 |
1,75 |
33,7 |
0,74 |
247 |
|
PL22 ŚLĄSKI |
114,6 |
29,2 |
59,8 |
10,1 |
0,91 |
38,1 |
0,82 |
254 |
|
PL72 ŚWIĘTOKRZYSKI |
96,5 |
24,1 |
49,2 |
38,3 |
0,44 |
41,5 |
0,61 |
251 |
|
PL62 WARMIŃSKO-MAZURSKI |
103,5 |
27,1 |
52,5 |
16,3 |
0,83 |
29,7 |
0,94 |
231 |
|
PL91 WARSZAWSKI-STOŁECZNY |
139,5 |
39,3 |
72,5 |
21,5 |
1,73 |
40,8 |
0,98 |
316 |
|
PL41 WIELKOPOLSKI |
133,2 |
38,8 |
53,5 |
9,2 |
1,45 |
44,6 |
0,91 |
282 |
|
PL42 ZACHODNIOPOMORSKI |
113,0 |
30,7 |
52,7 |
29,5 |
0,96 |
46,3 |
0,95 |
274 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2292/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)