This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D2284
Commission Implementing Decision (EU) 2025/2284 of 13 November 2025 postponing the expiry date of the approval of magnesium phosphide releasing phosphine for use in biocidal products of product-type 18 in accordance with Regulation (EU) No 528/2012 of the European Parliament and of the Council
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2284 ón gCoimisiún an 13 Samhain 2025 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le foisfín lena scaoiltear foisfíd mhaignéisiam lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2284 ón gCoimisiún an 13 Samhain 2025 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le foisfín lena scaoiltear foisfíd mhaignéisiam lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
C/2025/7581
IO L, 2025/2284, 17.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2284/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2284 |
17.11.2025 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2284 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Samhain 2025
lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le foisfín lena scaoiltear foisfíd mhaignéisiam lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,
Tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Cuireadh foisfín lena scaoiltear foisfíd mhaignéisiam le hIarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18. Dá bhrí sin, de bhun Airteagal 86 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, measadh é a bheith formheasta go dtí an 31 Eanáir 2022 faoin Rialachán sin faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE. |
|
(2) |
An 28 Iúil 2020 cuireadh isteach iarratas i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 chun athnuachan a dhéanamh ar an bhformheas maidir le foisfín lena scaoiltear foisfíd mhaignéisiam lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 (‘an t-iarratas’). |
|
(3) |
An 1 Deireadh Fómhair 2020 chuir údarás inniúil meastóireachta na Gearmáine an Coimisiún ar an eolas go raibh cinneadh déanta aige, de bhun Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, gur ghá meastóireacht iomlán a dhéanamh ar an iarratas. De bhun Airteagal 8(1) den Rialachán sin, tá an t-údarás inniúil meastóireachta le meastóireacht iomlán a dhéanamh ar an iarratas laistigh de 365 lá tar éis a bhailíochtaithe. |
|
(4) |
Féadfaidh an t-údarás inniúil meastóireachta, de réir mar is iomchuí, é a chur de cheangal ar an iarratasóir sonraí leordhóthanacha a sholáthar chun an mheastóireacht a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Sa chás sin, cuirtear an tréimhse 365 lá ar fionraí ar feadh tréimhse nach faide ná 180 lá ar an iomlán ach amháin má tá údar maith le fionraí níos faide mar gheall ar chineál na sonraí a iarrtar nó mar gheall ar imthosca eisceachtúla. |
|
(5) |
Laistigh de 270 lá tar éis di moladh a fháil ón údarás inniúil meastóireachta, tá an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’) le tuairim maidir le hathnuachan fhormheas na substainte gníomhaí a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 14(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. |
|
(6) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1285 ón gCoimisiún (3) cuireadh ar atráth go dtí an 31 Iúil 2024 dáta éaga an fhormheasa maidir le foisfín lena scaoiltear foisfíd mhaignéisiam lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18, chun go mbeadh am leordhóthanach ann chun scrúdú a dhéanamh ar an iarratas. |
|
(7) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/787 ón gCoimisiún (4) cuireadh ar atráth arís, go dtí an 31 Eanáir 2026, dáta éaga an fhormheasa mar gheall ar mhoilleanna ar scrúdú a dhéanamh ar an iarratas. |
|
(8) |
An 8 Aibreán 2025 chuir an t-údarás inniúil meastóireachta an Coimisiún ar an eolas go raibh coinne leis go gcuirfeadh sé an tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan faoi bhráid na Gníomhaireachta sa tríú ráithe de 2025. |
|
(9) |
Dá réir sin, ar chúiseanna nach bhfuil neart ag an iarratasóir orthu, is dócha go rachaidh an formheas in éag sula ndéanfar cinneadh maidir lena athnuachan. Dá bhrí sin, is iomchuí dáta éaga an fhormheasa a chur ar atráth arís go ceann tréimhse leordhóthanach chun gur féidir scrúdú na n-iarratas a thabhairt chun críche. Agus na teorainneacha ama á gcur san áireamh chun go ndéanfaidh an t-údarás inniúil meastóireachta an mheastóireacht, chun go n-ullmhóidh an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán an tuairim uaithi agus chun go gcuirfidh sí isteach í, agus an t-am a thógfaidh sé don Choimisiún cinneadh a dhéanamh an ndéanfar athnuachan ar an bhformheas maidir le foisfín lena scaoiltear foisfíd mhaignéisiam lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18, ba cheart an dáta éaga a chur ar atráth go dtí an 31 Iúil 2027. |
|
(10) |
Tar éis dáta éaga an fhormheasa a chur ar atráth an athuair, beidh foisfín lena scaoiltear foisfíd mhaignéisiam formheasta go fóill lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Dáta éaga an fhormheasa maidir le foisfín lena scaoiltear foisfíd mhaignéisiam lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE, cuirtear ar atráth é go dtí an 31 Iúil 2027.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Samhain 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 167, 27.6.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/528/oj.
(2) Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar an margadh (IO L 123, 24.4.1998, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1998/8/oj).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1285 ón gCoimisiún an 2 Lúnasa 2021 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le foisfíd mhaignéisiam a úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 (IO L 279, 3.8.2021, lch. 37, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/1285/oj).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/787 ón gCoimisiún an 28 Feabhra 2024 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le foisfíd mhaignéisiam lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2024/787, 4.3.2024; ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/787/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2284/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)