This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D2229
Council Decision (EU) 2025/2229 of 27 October 2025 on the conclusion, on behalf of the Union, of the Protocol on the implementation of the Fisheries Partnership Agreement between the Republic of Côte d’Ivoire and the European Community (2025-2029)
Cinneadh (AE) 2025/2229 ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2025 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Phrótacail maidir le Cur Chun Feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta in Earnáil an Iascaigh idir Poblacht an Chósta Eabhair agus an Comhphobal Eorpach (2025-2029)
Cinneadh (AE) 2025/2229 ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2025 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Phrótacail maidir le Cur Chun Feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta in Earnáil an Iascaigh idir Poblacht an Chósta Eabhair agus an Comhphobal Eorpach (2025-2029)
ST/7374/2025/INIT
IO L, 2025/2229, 3.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2229/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2229/oj
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2229 |
3.11.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/2229 ÓN gCOMHAIRLE
an 27 Deireadh Fómhair 2025
maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Phrótacail maidir le Cur Chun Feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta in Earnáil an Iascaigh idir Poblacht an Chósta Eabhair agus an Comhphobal Eorpach (2025-2029)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43 de, i gcomhar le hAirteagal 218(6), pointe (a)(v), agus le hAirteagal 218(7) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2025/1194 ón gComhairle (1), síníodh an Prótacal maidir le Cur Chun Feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta in Earnáil an Iascaigh idir Poblacht an Chósta Eabhair agus an Comhphobal Eorpach (2025-2029) (‘an Prótacal’) an 6 Meitheamh 2025, faoi réir a thabhairt i gcrích dáta is faide anonn. |
|
(2) |
Is é is cuspóir don Phrótacal é a chur ar a gcumas do shoithí de chuid an Aontais Eorpaigh iascaireacht a dhéanamh i limistéar iascaireachta an Chósta Eabhair agus é a chur ar a gcumas don Aontas agus do Phoblacht an Chósta Eabhair (‘an Cósta Eabhair’) oibriú níos dlúithe le chéile chun beartas iascaigh inbhuanaithe a fhorbairt, saothrú fónta acmhainne iascaigh i limistéar iascaireachta an Chósta Eabhair agus san Aigéan Atlantach a chur chun cinn, agus rannchuidiú le dálaí oibre cuibhiúla in earnáil an iascaigh. |
|
(3) |
Ba cheart an Prótacal seo a fhormheas thar ceann an Aontais. |
|
(4) |
Le hAirteagal 9 den Chomhaontú Comhpháirtíochta in Earnáil an Iascaigh idir Poblacht an Chósta Eabhair agus an Comhphobal Eorpach (‘an Comhaontú’), bunaítear Comhchoiste atá freagrach as faireachán agus rialú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe (‘an Comhchoiste’), lena n-áirítear na Prótacail Cur Chun Feidhme a ghabhann leis. Thairis sin, féadfaidh an Comhchoiste modhnuithe áirithe ar na Prótacail Cur Chun Feidhme a fhormheas. Chun formheas leasuithe ar an bPrótacal a éascú, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Coimisiún, faoi réir coinníollacha sonracha substainteacha agus nós imeachta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, na leasuithe sin a fhormheas thar ceann an Aontais faoi nós imeachta simplithe. |
|
(5) |
Ba cheart don Chomhairle seasamh an Aontais maidir leis na modhnuithe ar an bPrótacal atá beartaithe a bhunú. Tá na modhnuithe ar an bPrótacal atá beartaithe formheasta mura ndéanann líon áirithe Ballstát agóid ina n-aghaidh, líon is comhionann le mionlach blocála na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach. |
|
(6) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1), de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus thug sé tuairim uaidh an 22 Aibreán 2025, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, déantar an Prótacal maidir le Cur Chun Feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta in Earnáil an Iascaigh idir Poblacht an Chósta Eabhair agus an Comhphobal Eorpach (2025-2029) (‘an Prótacal’) a fhormheas thar ceann an Aontais.
Airteagal 2
I gcomhréir leis na forálacha agus coinníollacha a leagtar síos in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gCinneadh seo, údaraítear an Coimisiún na modhnuithe ar an bPrótacal arna nglacadh ag an gComhchoiste arna bhunú de bhun Airteagal 9 den Chomhaontú a fhormheas thar ceann an Aontais.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha 3 (3).
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 27 Deireadh Fómhair 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. JENSEN
(1) Cinneadh (AE) 2025/1194 ón gComhairle an 25 Aibreán 2025 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht an Chósta Eabhair agus an Comhphobal Eorpach (2025-2029) (IO L, 2025/1194, 2.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1194/oj).
(2) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
(3) 3. Déanfaidh Ardrúnaíocht na Comhairle an dáta a thiocfaidh an Prótacal i bhfeidhm a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
IARSCRÍBHINN
An nós imeachta maidir le formheas a dhéanamh ar na leasuithe ar an bPrótacal atá le glacadh ag an gComhchoiste
(1)
I gcás ina n-iarrfar ar an gComhchoiste leasuithe ar an bPrótacal a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16(2) den Phrótacal, údarófar don Choimisiún caibidlíocht a dhéanamh le Rialtas an Chósta Eabhair agus, i gcás inarb iomchuí agus faoi réir phointe 3 den Iarscríbhinn seo a chomhlíonadh, na leasuithe atá beartaithe ar an bPrótacal a fhormheas, thar ceann an Aontais, maidir leis na hábhair seo a leanas:|
(a) |
athbhreithniú ar na deiseanna iascaireachta de bhun Airteagal 7(1) agus Airteagal 8(1) den Phrótacal agus, dá bhrí sin, ar an ranníocaíocht airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 8(2), pointe (a), den Phrótacal; |
|
(b) |
na socruithe cur chun feidhme maidir le tacaíocht earnála dá dtagraítear in Airteagal 9 den Phrótacal; |
|
(c) |
na dálaí agus socruithe teicniúla maidir le hiascaireacht a dhéanann soithí de chuid an Aontais; |
|
(d) |
na coimircí breise, dá bhforáiltear in Airteagal 15(4) den Phrótacal, arb é is aidhm dóibh sonraí pearsanta a chosaint; |
|
(e) |
cur chun feidhme Airteagal 4 den Phrótacal. |
(2)
Maidir leis an bhformheas a dhéanfar thar ceann an Aontais, áiritheoidh an Coimisiún an méid seo a leanas:|
(a) |
go mbeidh sé i gcomhréir le cuspóirí an chomhbheartais iascaigh; |
|
(b) |
go mbeidh sé comhsheasmhach leis na rialacha ábhartha arna nglacadh ag eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh agus go gcuirfear san áireamh ann an comhbhainistiú a dhéanann Stáit chósta; |
|
(c) |
go gcuirfear san áireamh ann an fhaisnéis staidrimh, an fhaisnéis bhitheolaíoch agus an fhaisnéis ábhartha eile is déanaí arna tarchur chuig an gCoimisiún. |
(3)
Chuige sin, agus bunaithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (2)(c), tarchuirfidh an Coimisiún chuig an gComhairle nó chuig a comhlachtaí ullmhúcháin, in am trátha roimh chruinniú ábhartha an Chomhchoiste, doiciméad ullmhúcháin ina leagfar amach sonraí an tseasaimh atá beartaithe ag an Aontas (‘an doiciméad ullmhúcháin’) lena phlé agus lena fhormheas.
(4)
Measfar an seasamh atá beartaithe ag an Aontas atá sa doiciméad ullmhúcháin a bheith formheasta, mura ndéanann líon áirithe Ballstát, líon is comhionann le mionlach blocála sa Chomhairle, i gcomhréir le hAirteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, agóid ag cruinniú de chomhlacht ullmhúcháin na Comhairle nó laistigh de 20 lá ón doiciméad ullmhúcháin a fháil, cibé acu is túisce. I gcás ina ndéantar an agóid sin, cuirfear an cheist faoi bhráid na Comhairle.
(5)
Más rud é, le linn cruinnithe den Chomhchoiste a thionólfar ina dhiaidh sin, nach féidir teacht ar chomhaontú, lena n-áirítear comhaontú ar an láthair, cuirfear an cheist ar ais chuig an gComhairle, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i bpointí (2), (3) agus (4), chun go gcuirfear tosca nua san áireamh i seasamh an Aontais.
(6)
Iarrtar ar an gCoimisiún aon bheart is gá a dhéanamh, in am trátha, chun obair leantach a dhéanamh ar chinneadh an Chomhchoiste, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, an cinneadh ábhartha a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus aon togra is gá a chur in iúl chun an Cinneadh sin a chur chun feidhme.
(7)
A mhéid a bhaineann le hábhair eile nach mbaineann le modhnuithe ar an bPrótacal i gcomhréir le hAirteagal 16(2) den Phrótacal, déanfar an seasamh atá le glacadh ag an Aontas sa Chomhchoiste a chinneadh i gcomhréir leis na Conarthaí agus le cleachtais oibre sheanbhunaithe.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2229/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)