Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025D2209

Cinneadh (AE) 2025/2209 ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2025 maidir le tabhairt i gcrích, ag an gCoimisiún Eorpach, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i gCláir de chuid an Aontais

C/2025/7274

IO L, 2025/2209, 5.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2209/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2209/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2209

5.11.2025

CINNEADH (AE) 2025/2209 ÓN gCOIMISIÚN

an 31 Deireadh Fómhair 2025

maidir le tabhairt i gcrích, ag an gCoimisiún Eorpach, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i gCláir de chuid an Aontais

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 101, an dara mír, de,

Ag féachaint don fhormheas ón gComhairle,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh (1), d’fhormheas an Chomhairle tabhairt i gcrích, ag an gCoimisiún Eorpach, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i gCláir de chuid an Aontais (‘an Comhaontú’), lena n-áirítear na forálacha ann maidir le cur i bhfeidhm sealadach, a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoin gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (‘Conradh Euratom’).

(2)

Ba cheart an Comhaontú a thabhairt i gcrích thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoi Chonradh Euratom. Ba cheart an tabhairt i gcrích a dhéanamh an tráth céanna le tabhairt i gcrích na ngnéithe eile den phacáiste leathan beart a bhaineann leis an gcaidreamh déthaobhach le Cónaidhm na hEilvéise agus mar dhlúthchuid den phacáiste sin.

(3)

Ba cheart an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an Comhaontú a chur i bhfeidhm go sealadach, go dtí go dtiocfaidh sé i bhfeidhm, a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoi Chonradh Euratom.

(4)

Tá síniú, cur i bhfeidhm sealadach agus tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh faoi réir nós imeachta ar leithligh, faoin gConradh sin,

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Leis seo, formheastar an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i gCláir de chuid an Aontais (2) thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoi Chonradh Euratom.

Airteagal 2

Tar éis a shínithe, agus faoi réir cómhalartachta, cuirfear an Comhaontú i bhfeidhm go sealadach i gcomhréir le hAirteagal 18 de.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Deireadh Fómhair 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  Cinneadh ón gComhairle lena bhformheastar tabhairt i gcrích, ag an gCoimisiún Eorpach, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i gCláir de chuid an Aontais, a foilsíodh in IO L (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Tá téacs an Chomhaontaithe foilsithe in IO L (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) .


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2209/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top