Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025D2135

Cinneadh (AE) 2025/2135 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2025 maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón nGearmáin – EGF/2025/002 DE/Goodyear 2

IO L, 2025/2135, 20.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2135/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2135/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2135

20.10.2025

CINNEADH (AE) 2025/2135 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Deireadh Fómhair 2025

maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón nGearmáin – EGF/2025/002 DE/Goodyear 2

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 15(1), an chéad fhomhír, de,

Ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (2), agus go háirithe pointe 9 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is é is aidhm don Chiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) dlúthpháirtíocht a léiriú agus fostaíocht chuibhiúil inbhuanaithe a chur chun cinn san Aontas trí thacaíocht a thabhairt d’oibrithe ar cuireadh ar iomarcaíocht iad agus do dhaoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht i gcás mórtheagmhais athstruchtúraithe, agus cúnamh a thabhairt dóibh filleadh ar fhostaíocht chuibhiúil inbhuanaithe a luaithe is féidir.

(2)

Ní rachaidh CED os cionn uasmhéid bliantúil EUR 30 milliún (praghsanna 2018) mar a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (3) arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle (4), agus in Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2021/691.

(3)

An 10 Márta 2025, chuir an Ghearmáin iarratas isteach chun CED a shlógadh i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2021/691 i ndáil le hiomarcaíochtaí oibrithe in Goodyear (Goodyear Germany GmbH) san earnáil eacnamaíoch a aicmítear faoin ainmníocht staidrimh do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha san Aontas Eorpach (‘NACE’) athbhreithniú 2, rannán 22 (Monarú táirgí rubair agus plaisteacha) i réigiúin leibhéal 2 de Kassel (DE73) agus Darmstadt (DE71) sa Ghearmáin faoi aicmiú comhchoiteann na n-aonad críche maidir le staidreamh (‘NUTS’). Bhí faisnéis bhreise ann mar fhorlíonadh ar an iarratas sin, faisnéis a soláthraíodh i gcomhréir le hAirteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2021/691. Meastar na coinníollacha maidir le ranníocaíocht airgeadais ó CED a sholáthar a bheith á gcomhlíonadh ag an iarratas, mar a leagtar síos in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2021/691, ar bhonn an mheasúnaithe a rinne an Coimisiún sa Togra le haghaidh Cinneadh maidir le slógadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart CED a shlógadh chun ranníocaíocht airgeadais EUR 3 085 166 a sholáthar i leith an iarratais a chuir an Ghearmáin isteach.

(5)

Chun íoslaghdú a dhéanamh ar an am a theastaíonn chun úsáid a bhaint as CED, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ó dháta a ghlactha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Le haghaidh bhuiséad ginearálta an Aontais don bhliain airgeadais 2025, slógfar an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha chun an méid EUR 3 085 166 a sholáthar i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 8 Deireadh Fómhair 2025.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 8 Deireadh Fómhair 2025.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BJERRE


(1)   IO L 153, 3.5.2021, lch. 48, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/691/oj.

(2)   IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2020/1222/oj.

(3)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj).

(4)  Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L, 2024/765, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/765/oj).

(5)  COM(2025) 302.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2135/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top