Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025D2131

Cinneadh (AE) 2025/2131 ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2025 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE maidir leis an leasú ar Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE (Bannaí Glasa Eorpacha) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

ST/12813/2025/INIT

IO L, 2025/2131, 21.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2131/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2131/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2131

21.10.2025

CINNEADH (AE) 2025/2131 ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Deireadh Fómhair 2025

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE maidir leis an leasú ar Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE (Bannaí Glasa Eorpacha)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 maidir le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (1), agus go háirithe Airteagal 1(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Comhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (2) (‘Comhaontú LEE’) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.

(2)

De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE a chinneadh Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE, inter alia, a leasú.

(3)

Rialacháin (AE) 2023/2631 (3) agus (AE) 2023/2869 (4) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ba cheart iad a ionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart seasamh an Aontais i gComhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an dréacht-Chinneadh atá i gceangal leis seo,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, i gComhchoiste LEE i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlacfar é.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 13 Deireadh Fómhair 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. HUMMELGAARD


(1)   IO L 305, 30.11.1994, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1994/2894/oj.

(2)   IO L 1, 3.1.1994, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/1994/1/oj.

(3)  Rialachán (AE) 2023/2631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 maidir le Bannaí Glasa Eorpacha agus nochtaí roghnacha le haghaidh bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus le haghaidh bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht (IO L, 2023/2631, 30.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2631/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2023/2869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 lena leasaítear Rialacháin áirithe maidir le bunú agus feidhmiú an phointe rochtana aonair Eorpaigh (IO L, 2023/2869, 20.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2869/oj).


DRÉACHT

CHINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. …

an …

lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2023/2631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 maidir le Bannaí Glasa Eorpacha agus nochtaí roghnacha le haghaidh bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus le haghaidh bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán (AE) 2023/2869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 lena leasaítear Rialacháin áirithe maidir le bunú agus feidhmiú an phointe rochtana aonair Eorpaigh (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Agus iad ag sainiú cé na tíortha a bheidh ar an liosta de dhlínsí neamh-chomhoibríocha ina reachtaíocht náisiúnta féin, tá Stáit CSTE le lánaird a thabhairt ar liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach.

(4)

Ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 29bdc (Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/528 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘29be.

32023 R 2631: Rialachán (AE) 2023/2631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 maidir le Bannaí Glasa Eorpacha agus nochtaí roghnacha le haghaidh bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus le haghaidh bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht (IO L, 2023/2631, 30.11.2023), arna leasú le:

32023 R 2869: Rialachán (AE) 2023/2869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 (IO L, 2023/2869, 20.12.2023).

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá forálacha an Rialacháin oiriúnaithe mar a leanas:

(a)

D’ainneoin fhorálacha Phrótacal 1 a ghabhann leis an gComhaontú seo, agus mura bhforáiltear a mhalairt sa Chomhaontú seo, maidir leis na téarmaí Ballstát nó Ballstáit agus údaráis inniúla, tuigfear go bhfuil Stáit CSTE agus a n-údaráis inniúla ar áireamh iontu faoi seach, sa bhreis ar bhrí na dtéarmaí sin sa Rialachán.

(b)

Mura bhforáiltear a mhalairt sa Chomhaontú seo, comhoibreoidh ESMA agus Údarás Faireacháin CSTE, malartóidh siad faisnéis agus rachaidh siad i gcomhairle le chéile chun críocha an Rialacháin, go háirithe sula ndéanfaidh siad aon ghníomhaíocht.

(c)

Tagairtí do chumhachtaí ESMA faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle sa Rialachán, tuigfear go dtagraíonn siad, sna cásanna dá bhforáiltear i bpointe 31i den Iarscríbhinn seo agus i gcomhréir leis, do chumhachtaí Údarás Faireacháin CSTE a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE.

(d)

In Airteagal 9, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is “dlínse neamh-chomhoibritheach arna sainaithint le reachtaíocht náisiúnta Stát CSTE lena mbaineann” a léifear in ionad na bhfocal “dlínse a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis na conclúidí ón gComhairle maidir le liosta athbhreithnithe an Aontais de dhlínsí neamhchomhair chun críocha cánach”.

(e)

Glacfar cinntí, cinntí eatramhacha, fógraí, iarrataí simplí, cúlghairm cinntí agus bearta eile de chuid Údarás Faireacháin CSTE faoi Airteagail 22(1), 23(2), 24(1), 34(2), 43(1), 54-56 agus 59-61, gan moill mhíchuí, ar bhonn dréachtaí arna n-ullmhú ag ESMA ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin d’Údarás Faireacháin CSTE.

(f)

In Airteagal 15a(1), cuirfear na focail “Comhaontú LEE” in ionad na bhfocal “dlí an Aontais”.

(g)

In Airteagal 22:

(i)

i mír 1, cuirfear isteach na focail “nó, i gcás athbhreithneoirí seachtracha Bannaí Glasa Eorpacha atá bunaithe i Stát CSTE, Údarás Faireacháin CSTE” i ndiaidh an fhocail “ESMA”;

(ii)

i mír 2, cuirfear na focail “nó, de réir mar a bheidh, le hÚdarás Faireacháin CSTE” isteach i ndiaidh an fhocail “ESMA”.

(h)

In Airteagail 23(2)-(5), cuirfear na focail “nó, de réir mar a bheidh, Údarás Faireacháin CSTE” isteach i ndiaidh an fhocail “ESMA”; agus in Airteagail 24(1) agus 32(1), cuirfear na focail “nó, de réir mar a bheidh, d’Údarás Faireacháin CSTE” isteach i ndiaidh an fhocail “ESMA”.

(i)

In Airteagal 33:

(i)

i mír 1, cuirfear isteach na focail “nó, i gcás athbhreithneoirí seachtracha atá bunaithe i Stát CSTE, ar chumas Údarás Faireacháin CSTE” i ndiaidh an fhocail “ESMA”;

(ii)

i mír 3 cuirfear na focail “nó, de réir mar a bheidh, d’Údarás Faireacháin CSTE” isteach i ndiaidh an fhocail “ESMA” agus i mír 5, cuirfear isteach na focail “nó, de réir mar a bheidh, ó Údarás Faireacháin CSTE” i ndiaidh an fhocail “ESMA”.

(j)

In Airteagal 34:

(i)

i mír 2, cuirfear isteach na focail “nó, a mhéid a bhaineann le athbhreithneoirí seachtracha atá bunaithe i Stát CSTE, d’Údarás Faireacháin CSTE” i ndiaidh an fhocail “ESMA”;

(ii)

i mír 3, cuirfear na focail “nó, de réir mar a bheidh, Údarás Faireacháin CSTE” isteach i ndiaidh an fhocail “ESMA”.

(k)

In Airteagal 37, cuirfear na focail “, d’Údarás Faireacháin CSTE” isteach i ndiaidh na chéad úsáide agus i ndiaidh an dara húsáid den fhocal “ESMA”, agus cuirfear na focail “, Údarás Faireacháin CSTE” isteach i ndiaidh an tríú húsáid den fhocal “ESMA”.

(l)

In Airteagal 43:

(i)

i mír 1, cuirfear isteach na focail “nó, i gcás athbhreithneoirí seachtracha atá bunaithe i Stát CSTE, chuig Údarás Faireacháin CSTE” i ndiaidh na bhfocal “chuig ESMA”;

(ii)

i bpointe (a) de mhír 1 agus mír 2, cuirfear na focail “nó, de réir mar a bheidh, d’Údarás Faireacháin CSTE” isteach i ndiaidh an fhocail “ESMA”; agus i mír 3 cuirfear na focail “nó, de réir mar a bheidh, Údarás Faireacháin CSTE” isteach i ndiaidh an fhocail “ESMA”, i mír 6, cuirfear na focail “nó, de réir mar a bheidh, ag Údarás Faireacháin CSTE” isteach i ndiaidh an fhocail “ESMA”, agus i mír 8 cuirfear na focail “nó, de réir mar a bheidh, chuig Údarás Faireacháin CSTE” isteach i ndiaidh an fhocail “ESMA”;

(m)

Na tagairtí do dhlí an Aontais in Airteagal 33(6), in Airteagal 47(2) agus in Airteagal 49(4), tuigfear go dtagraíonn siad do Chomhaontú LEE.

(n)

In Airteagal 54:

(i)

i mír 1, cuirfear isteach na focail “nó, i gcás daoine atá bunaithe i Stát CSTE, Údarás Faireacháin CSTE” i ndiaidh an fhocail “ESMA”;

(ii)

i míreanna 2, 3 agus 5, cuirfear na focail “nó, de réir mar a bheidh, Údarás Faireacháin CSTE” isteach i ndiaidh an fhocail “ESMA”;

(iii)

a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is é an méid seo a leanas a bheidh i bpointe (g) de mhír 3:

“sonróidh sé an ceart chun an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais Stáit CSTE lena athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 36 den Chomhaontú idir Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú.”

;

(iv)

i mír 5, cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach:

“Cuirfidh Údarás Faireacháin CSTE an fhaisnéis arna fáil faoin Airteagal seo ar aghaidh gan moill mhíchuí chuig ESMA.”.

(o)

In Airteagal 55:

(i)

i mír 1, cuirfear isteach na focail “nó, i gcás ina mbeidh duine atá faoi réir an imscrúdaithe bunaithe i Stát CSTE, Údarás Faireacháin CSTE” i ndiaidh an fhocail “ESMA”;

(ii)

i mír 1, cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach:

“Oifigigh ESMA agus daoine eile arna n-údarú ag ESMA, beidh siad i dteideal cúnamh a thabhairt d’Údarás Faireacháin CSTE i gcomhlíonadh a dhualgas faoin Airteagal seo agus beidh sé de cheart acu páirt a ghlacadh in imscrúduithe arna iarraidh sin do ESMA.”

;

(iii)

i mír 2, cuirfear na focail “nó, de réir mar a bheidh, ag Údarás Faireacháin CSTE” isteach i ndiaidh an fhocail “ESMA”, i mír 3 cuirfear na focail “nó, de réir mar a bheidh, ó Údarás Faireacháin CSTE” isteach i ndiaidh an fhocail “ESMA” agus i míreanna, 4 agus 5, cuirfear na focail “nó, de réir mar a bheidh, Údarás Faireacháin CSTE” isteach i ndiaidh an fhocail “ESMA”;

(iv)

a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is é an méid seo a leanas a bheidh sa dara habairt de mhír 3:

“Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 61, na leigheasanna dlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, arna n-ionchorprú i gComhaontú LEE, agus an ceart an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt CSTE lena athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 36 den Chomhaontú idir Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú”

;

(v)

a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is é an méid seo a leanas a bheidh i mír 6:

“I gcás ina ndéanfar iarratas ar údarú amhail dá dtagraítear i mír 5, fíoróidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta go bhfuil cinneadh Údarás Faireacháin CSTE barántúil agus nach treallach ná iomarcach iad na bearta comhéigneacha atá beartaithe ag féachaint d’ábhar na n-imscrúduithe. Le linn dó comhréireacht na mbeart comhéigneach a fhíorú, féadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar Údarás Faireacháin CSTE mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis na forais atá ag Údarás Faireacháin CSTE chun drochamhras a bheith air gur sáraíodh an Rialachán seo agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil drochamhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ESMA ná Údarás Faireacháin CSTE a thabhairt dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh Údarás Faireacháin CSTE faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag Cúirt Bhreithiúnais Stáit CSTE i gcomhréir leis an gComhaontú idir Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú.”.

(p)

In Airteagal 56:

(i)

i mír 1, cuirfear isteach na focail “nó, i gcás daoine dlítheanacha atá bunaithe i Stát CSTE, Údarás Faireacháin CSTE” i ndiaidh an fhocail “ESMA”;

(ii)

i mír 1, cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach:

“Cuirfidh Údarás Faireacháin CSTE an fhaisnéis arna fáil faoin Airteagal seo ar aghaidh gan moill mhíchuí chuig ESMA.”

;

(iii)

i míreanna 2 go 8, cuirfear na focail “nó, de réir mar a bheidh, Údarás Faireacháin CSTE” isteach i ndiaidh an fhocail “ESMA”;

(iv)

i mír 2, cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach:

“Oifigigh ESMA agus daoine eile arna n-údarú ag ESMA, beidh siad i dteideal cúnamh a thabhairt d’Údarás Faireacháin CSTE i gcomhlíonadh a dhualgas faoin Airteagal seo agus beidh sé de cheart acu páirt a ghlacadh i gcigireachtaí ar an láthair.”

;

(v)

a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is é an méid seo a leanas a bheidh sa dara habairt de mhír 4:

“Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir na cigireachta, socrófar ann an dáta a bheidh sí le tosú agus léireofar na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 61 mar aon leis an gceart an cinneadh a chur faoi athbhreithniú ag Cúirt Bhreithiúnais Stáit CSTE i gcomhréir le hAirteagal 36 den Chomhaontú idir Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú.”

;

(vi)

a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is é an méid seo a leanas a bheidh i mír 9:

“I gcás ina ndéanfar iarratas ar údarú, arb ábhar é sin dá dtagraítear i mír 8, fíoróidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta go bhfuil cinneadh Údarás Faireacháin CSTE barántúil agus nach treallach ná iomarcach iad na bearta comhéigneacha atá beartaithe ag féachaint d’ábhar na cigireachta. Le linn dó comhréireacht na mbeart comhéigneach a fhíorú, féadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar Údarás Faireacháin CSTE mínithe mionsonraithe a thabhairt, go sonrach maidir leis na forais atá ag Údarás Faireacháin CSTE chun drochamhras a bheith air go ndearnadh an Rialachán seo a shárú, mar aon le tromchúis an tsáraithe a bhfuil drochamhras ann ina leith agus cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ESMA ná Údarás Faireacháin CSTE a thabhairt dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh Údarás Faireacháin CSTE faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag Cúirt Bhreithiúnais Stáit CSTE i gcomhréir leis an gComhaontú idir Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú.”.

(q)

In Airteagal 57:

(i)

cuirfear na focail “, d’Údarás Faireacháin CSTE” isteach i ndiaidh chéad úsáid an fhocail “ESMA”;

(ii)

cuirfear na focail “nó ag Údarás Faireacháin CSTE” isteach i ndiaidh dara úsáid an fhocail “ESMA”.

(r)

In Airteagal 58, cuirfear na focail “nó Údarás Faireacháin CSTE,” isteach i ndiaidh an fhocail “ESMA,”.

(s)

In Airteagal 59:

(i)

i mír 1, cuirfear isteach na focail “nó, i gcás daoine atá bunaithe i Stát CSTE, Údarás Faireacháin CSTE” i ndiaidh an fhocail “ESMA”;

(ii)

i míreanna 2 agus 3, cuirfear na focail “nó, de réir mar a bheidh, Údarás Faireacháin CSTE” isteach i ndiaidh an fhocail “ESMA”;

(iii)

i mír 4, cuirfear na fomhíreanna seo a leanas isteach:

“Gan moill mhíchuí, tabharfaidh Údarás Faireacháin CSTE fógra faoi aon ghníomhaíocht a dhéantar de bhun mhír 1 don duine atá freagrach as an sárú, agus cuirfidh sé an ghníomhaíocht sin in iúl d’údaráis inniúla Stáit LEE agus don Choimisiún. Déanfaidh ESMA aon chinneadh den sórt sin a nochtadh go poiblí ar a shuíomh gréasáin laistigh de 10 lá oibre ón dáta a glacadh an cinneadh dá dtagraítear i mír 1. Déanfaidh Údarás Faireacháin CSTE aon cheann dá chinntí féin a nochtadh go poiblí ar a shuíomh gréasáin freisin laistigh de 10 lá oibre ón dáta a glacadh iad.

Áireofar na nithe seo a leanas sa nochtadh don phobal dá dtagraítear sa tríú fhomhír:

(a)

ráiteas lena ndearbhófar ceart an duine atá freagrach as an sárú an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais Stáit CSTE lena athbhreithniú;

(b)

i gcás inarb ábhartha, ráiteas lena ndearbhófar gur tionscnaíodh imeachtaí dá dtagraítear i bpointe (a) agus lena sonrófar nach bhfuil éifeacht fionraíochta ag caingne a thugtar os comhair Cúirt Bhreithiúnais Stáit CSTE;

(c)

ráiteas lena ndearbhófar go bhfuil Cúirt Bhreithiúnais Stáit CSTE in ann cur i bhfeidhm an chinnidh a bhfuil conspóid ann ina leith a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 40 den Chomhaontú idir Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú.”.

(t)

In Airteagal 60:

(i)

i mír 1, cuirfear isteach na focail “nó, i gcás athbhreithneoir seachtrach nó aon duine de na daoine dá dtagraítear in Airteagal 54(1) atá bunaithe i Stát CSTE, Údarás Faireacháin CSTE” i ndiaidh an fhocail “ESMA”;

(ii)

i míreanna 2 agus 4, cuirfear na focail “nó, de réir mar a bheidh, Údarás Faireacháin CSTE” isteach i ndiaidh an fhocail “ESMA”.

(u)

In Airteagal 61:

(i)

i mír 1, cuirfear isteach na focail “nó, i gcás daoine atá bunaithe i Stát CSTE, Údarás Faireacháin CSTE” i ndiaidh an fhocail “ESMA”;

(ii)

sa chéad abairt de mhír 4, cuirfear na focail “nó, de réir mar a bheidh, ó Údarás Faireacháin CSTE” isteach i ndiaidh na bhfocal “gcinneadh ó ESMA”;

(iii)

sa dara fomhír de mhír 4, cuirfear na focail “nó, de réir mar a bheidh, Údarás Faireacháin CSTE” isteach i ndiaidh an fhocail “ESMA”.

(v)

In Airteagal 62:

(i)

i mír 1, cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach:

“Déanfaidh Údarás Faireacháin CSTE gach fíneáil agus gach pionós tréimhsiúil a d’fhorchuir sé de bhun Airteagail 60 agus 61 a nochtadh don phobal freisin, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa mhír seo a mhéid a bhaineann le nochtadh fíneálacha agus pionós tréimhsiúil ag ESMA.”

;

(ii)

i mír 4, cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach:

“Cinnfidh Buanchoiste Stáit CSTE leithdháileadh mhéideanna na bhfíneálacha agus na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla arna mbailiú ag Údarás Faireacháin CSTE.”

;

(iii)

i mír 5, cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach:

“I gcás ina gcinnfidh Údarás Faireacháin CSTE gan aon fhíneáil ná íocaíocht phionósach a fhorchur tráth a ndúnfar imscrúdú, déanfaidh sé ESMA, Buanchoiste Stáit CSTE agus údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann a chur ar an eolas dá réir sin agus leagfaidh sé amach na cúiseanna atá lena chinneadh.”.

(w)

In Airteagal 63:

(i)

i mír 1, cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach:

“Más rud é, le linn do Údarás Faireacháin CSTE a dhualgas faoin Rialachán seo a chur i gcrích, go bhfaigheann sé amach go bhfuil tásca tromchúiseacha ann a léiríonn go bhféadfadh sé gurbh ann d’fhíorais ar dóigh maidir leo gurb ionann iad agus ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Airteagal 60(1), ceapfaidh Údarás Faireacháin CSTE oifigeach neamhspleách imscrúdúcháin laistigh d’Údarás Faireacháin CSTE chun an t-ábhar a imscrúdú tar éis dó dul i gcomhairle le ESMA. Ní bheidh an t-oifigeach imscrúdúcháin rannpháirteach ná tar éis a bheith rannpháirteach i maoirseacht dhíreach ná indíreach ná i bpróiseas clárúcháin an athbhreithneora sheachtraigh lena mbaineann, agus feidhmeoidh sé a chuid feidhmeanna go neamhspleách ar Choláiste Údarás Faireacháin CSTE agus ar Bhord Maoirseoirí ESMA.”

;

(ii)

i míreanna 2, 5 agus 7, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, cuirfear na focail “agus Údarás Faireacháin CSTE” isteach i ndiaidh na bhfocal “Bhord Maoirseoirí ESMA”;

(iii)

i míreanna 4, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, cuirfear na focail “agus ag Údarás Faireacháin CSTE” isteach i ndiaidh an fhocail “ESMA”;

(iv)

i mír 8, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, cuirfear na fomhíreanna seo a leanas isteach:

“Ar bhonn an chomhaid ina bhfuil cinntí an oifigigh imscrúdúcháin agus, arna iarraidh sin do na daoine lena mbaineann, tar éis éisteacht a thabhairt do na daoine sin i gcomhréir le hAirteagal 64, déanfaidh Údarás Faireacháin CSTE a chinneadh an bhfuil ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Airteagal 60(1) déanta ag na daoine a bhí faoi réir imscrúdú, agus más amhlaidh an cás, déanfaidh sé beart maoirseachta i gcomhréir le hAirteagal 59 agus forchuirfidh sé fíneáil i gcomhréir le hAirteagal 60.

Cuirfidh Údarás Faireacháin CSTE an fhaisnéis agus na comhaid ar fad is gá ar fáil do ESMA chun a oibleagáid faoin mír seo a chomhlíonadh.”

;

(v)

i mír 9, cuirfear na focail “nó Údarás Faireacháin CSTE” isteach i ndiaidh na bhfocal “Bhord Maoirseoirí ESMA”;

(vi)

i mír 11, cuirfear na focail “nó, de réir mar a bheidh, Údarás Faireacháin CSTE” isteach i ndiaidh an fhocail “ESMA”.

(x)

In Airteagal 64:

(i)

i mír 1, cuirfear na fomhíreanna seo a leanas isteach:

“Sula n-ullmhóidh ESMA aon dréacht le haghaidh Údarás Faireacháin CSTE de bhun Airteagail 59, 60 agus 61, tabharfaidh sé an deis do na daoine atá faoi réir cinneadh den sórt sin éisteacht a fháil maidir le torthaí ESMA. Is ar na torthaí sin a raibh deis ag na daoine sin a gcuid barúlacha a thabhairt ina leith, agus orthu sin amháin, a bhunóidh ESMA a dhréacht.

Is ar thorthaí a raibh an deis ag na daoine atá faoi réir cinntí den sórt sin a gcuid barúlacha a thabhairt ina leith, agus ar na torthaí sin amháin, a bhunóidh Údarás Faireacháin CSTE a chinntí de bhun Airteagail 59, 60 agus 61.”

;

(ii)

i mír 2 cuirfear na focail “nó, de réir mar a bheidh, Údarás Faireacháin CSTE” isteach i ndiaidh an fhocail “ESMA” agus i mír 3 cuirfear na focail “nó, de réir mar a bheidh, ó Údarás Faireacháin CSTE” isteach i ndiaidh an fhocail “ESMA”;

(iii)

i mír 3, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, cuirfear na focail “chomhad de chuid ESMA agus de chuid Údarás Faireacháin CSTE” in ionad na bhfocal “chomhad ESMA”.

(y)

In Airteagal 66(1), cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach:

“A mhéid a bhaineann le hathbhreithneoirí seachtracha atá bunaithe i Stát CSTE, gearrfaidh Údarás Faireacháin CSTE táillí i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis an ngníomh tarmligthe ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 3.”

;

(z)

In Airteagal 67(2), cuirfear na focail “nó, de réir mar a bheidh, Údarás Faireacháin CSTE” isteach i ndiaidh an fhocail “ESMA”.’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2023/2631 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an …, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh in/sa …,

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Rúnaithe

Chomhchoiste LEE


(1)   IO L, 2023/2631, 30.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2631/oj.

(2)   IO L, 2023/2869, 20.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2869/oj.

(*1)  [Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.] [Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.]


Dearbhú ó Stáit CSTE maidir le Cinneadh Uimh. … lena n-ionchorpraítear Rialachán (AE) 2023/2631 sa Chomhaontú

Le Rialachán (AE) 2023/2631 rialaítear go háirithe úsáid seirbhísí athbhreithneoirí seachtracha tríú tír agus leagtar síos córas tríú tír le haghaidh athbhreithneoirí seachtracha ar bhonn measúnú, aitheantas nó formhuiniú coibhéise faoina bhféadfaidh athbhreithneoirí seachtracha tríú tír seirbhísí athbhreithnithe seachtracha a sholáthar. Tá ionchorprú an Rialacháin sin i gComhaontú LEE gan dochar do raon feidhme Chomhaontú LEE a mhéid a bhaineann le caidreamh le tríú tíortha.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2131/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top