This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D2121
Council Decision (EU) 2025/2121 of 13 October 2025 on the position to be taken on behalf of the European Union within the Association Committee in Trade Configuration established by the Association Agreement between the European Union and the European Atomic Energy Community and their Member States, of the one part, and Ukraine, of the other part, as regards the reduction and elimination of customs duties
Cinneadh (AE) 2025/2121 ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2025 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Comhlachais i gCumraíocht Trádála a bunaíodh leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le dleachtanna custaim a laghdú agus a dhíothú
Cinneadh (AE) 2025/2121 ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2025 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Comhlachais i gCumraíocht Trádála a bunaíodh leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le dleachtanna custaim a laghdú agus a dhíothú
ST/12995/2025/INIT
IO L, 2025/2121, 16.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2121/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2121 |
16.10.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/2121 ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Deireadh Fómhair 2025
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Comhlachais i gCumraíocht Trádála a bunaíodh leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le dleachtanna custaim a laghdú agus a dhíothú
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rinne an tAontas an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (1) (‘an Comhaontú’) a thabhairt i gcrích trí bhíthin Chinneadh (AE) 2017/1247 ón gComhairle (2) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2017. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 29(4) agus Airteagal 465(3) den Chomhaontú, is féidir leis an gCoiste Comhlachais i gCumraíocht Trádála (‘an Coiste Trádála’) a chinneadh dleacht chustaim ar earra a luathú nó a dhíothú. Tá cinneadh den sórt sin le cur in ionad aon ráta dleachta nó aon chatagóir chéimnithe arna cinneadh de bhun Sceidil an Aontais nó na hÚcráine i leith an earra sin. |
|
(3) |
Arna iarraidh sin don Úcráin, cuireadh tús le comhairliúcháin faoi Airteagal 29(4) den Chomhaontú in 2021. Cuireadh na comhairliúcháin ar feitheamh ina dhiaidh sin mar gheall ar chogadh foghach gan chúis gan údar na Rúise ar an Úcráin agus tar éis don Aontas bearta aontaobhacha um léirscaoileadh trádála a ghlacadh an 4 Meitheamh 2022 (‘Bearta Trádála Uathrialacha’) trí bhíthin Rialachán (AE) 2022/870 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Rinneadh na Bearta Trádála Uathrialacha sin a athnuachan in 2023 trí bhíthin Rialachán (AE) 2023/1077 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus in 2024 trí bhíthin Rialachán (AE) 2024/1392 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Chuir na Páirtithe sa Chomhaontú tús arís leis na comhairliúcháin in 2025. Mar thoradh ar na comhairliúcháin sin, tá comhaontú sealadach le glacadh ag an gCoiste Trádála chun an raon feidhme a leathnú maidir le dleachtanna custaim a dhíothú agus chun tacú le hailíniú na hÚcráine le acquis an Aontais, rud atá ina chuid thábhachtach de chaibidlíocht aontachais na hÚcráine leis an Aontas. |
|
(4) |
Tá an Coiste Trádála le cinneadh a ghlacadh maidir le dleachtanna custaim a laghdú agus a dhíothú de bhun Airteagal 29(4) den Chomhaontú le linn 2025. |
|
(5) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Trádála a bhunú ós rud é go mbeidh éifeachtaí dlíthiúla ag an gcinneadh ón gCoiste sin. |
|
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart seasamh an Aontais sa Choiste Trádála a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh atá i gceangal leis seo, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Comhlachais i gCumraíocht Trádála (‘an Coiste Trádála’) a bunaíodh leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (‘an Comhaontú’) i ndáil le cinneadh maidir le dleachtanna custaim a laghdú agus a dhíothú de bhun Airteagal 29(4) den Chomhaontú, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gCoiste Trádála atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 13 Deireadh Fómhair 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
P. HUMMELGAARD
(1) IO L 161, 29.5.2014, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2014/295/oj.
(2) Cinneadh (AE) 2017/1247 ón gComhairle an 11 Iúil 2017 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile, cé is moite de na forálacha a bhaineann leis an gcóir a chuirtear ar náisiúnaigh tríú tír atá fostaithe go dleathach mar oibrithe i gcríoch an Pháirtí eile (IO L 181, 12.7.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2017/1247/oj).
(3) Rialachán (AE) 2022/870 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile ( IO L 152, 3.6.2022, lch. 103, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/870/oj).
(4) Rialachán (AE) 2023/1077 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile ( IO L 144, 5.6.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1077/oj).
(5) Rialachán (AE) 2024/1392 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (IO L, 2024/1392, 29.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1392/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2121/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)