Изберете експерименталните функции, които искате да изпробвате

Този документ е извадка от уебсайта EUR-Lex.

Документ 32025D2089

Cinneadh (AE) 2025/2089 ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2025 maidir le hathnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Phoblacht na hIndia

ST/8080/2025/INIT

IO L, 2025/2089, 16.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2089/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Правен статус на документа В сила

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2089/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2089

16.10.2025

CINNEADH (AE) 2025/2089 ÓN gCOMHAIRLE

an 10 Deireadh Fómhair 2025

maidir le hathnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Phoblacht na hIndia

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 186, i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh 2002/648/CE (2), d’fhormheas an Chomhairle tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Phoblacht na hIndia (3). Síníodh an Comhaontú sin i nDeilí Nua an 23 Samhain 2001 agus tháinig sé i bhfeidhm an 14 Deireadh Fómhair 2002. Le Cinneadh 2009/501/CE (4), d’fhormheas an Chomhairle tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe lena n-athnuaitear an Comhaontú le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Phoblacht na hIndia (5), a rinne an Comhaontú a síníodh in 2001 a athnuachan agus a mhodhnú de bheagán. Síníodh é i nDeilí Nua an 30 Samhain 2007 agus tháinig sé i bhfeidhm an 17 Bealtaine 2010. Tagraítear don Chomhaontú sin mar aon leis an gComhaontú a síníodh in 2001 mar ‘an Comhaontú’.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 11, pointe (b) den Chomhaontú, tugadh an Comhaontú i gcrích go ceann tréimhse 5 bliana agus is féidir é a athnuachan le comhaontú frithpháirteach idir na páirtithe tar éis meastóireacht le linn na bliana deiridh den tréimhse a luadh roimhe sin.

(3)

Le Cinntí (AE) 2015/1788 (6) agus (AE) 2020/789 (7), d’fhormheas an Chomhairle athnuachan an Chomhaontaithe go ceann tréimhse bhreise 5 bliana gach uair. Tá an Comhaontú mar a rinneadh athnuachan air go deireanach le dul in éag an 17 Bealtaine 2025.

(4)

Sa mheastóireacht a rinne an Coimisiún, léirítear go soiléir go soláthraítear leis an gComhaontú go fóill creat tábhachtach chun an comhar idir an tAontas agus Poblacht na hIndia a stiúradh agus a éascú i réimsí tosaíochta comhchoiteanna ó thaobh eolaíochta agus teicneolaíochta, a mbeidh leasanna frithpháirteacha ann dá bharr. Dá bhrí sin, is chun leas an Aontais Eorpaigh é an Comhaontú a athnuachan go ceann tréimhse bhreise 5 bliana.

(5)

Dheimhnigh an dá Pháirtí go bhfuil sé ar intinn acu an Comhaontú a athnuachan go ceann tréimhse bhreise 5 bliana gan aon leasú a dhéanamh ar an gComhaontú. Ar mhaithe le leanúnachas an Chomhaontaithe a áirithiú, ba cheart éifeacht chúlghabhálach a bheith ag an athnuachan ón 17 Bealtaine 2025.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, athnuachan an Chomhaontaithe a fhormheas thar ceann an Aontais,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, déantar athnuachan an Chomhaontaithe go ceann tréimhse bhreise 5 bliana a fhormheas thar ceann an Aontais.

Beidh éifeacht chúlghabhálach ag an athnuachan ón 17 Bealtaine 2025.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 10 Deireadh Fómhair 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

S. LOSE


(1)  Toiliú an 10 Meán Fómhair 2025 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).

(2)  Cinneadh 2002/648/CE ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Phoblacht na hIndia (IO L 213, 9.8.2002, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2002/648/oj).

(3)   IO L 213, 9.8.2002, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2002/648/oj.

(4)  Cinneadh 2009/501/CE ón gComhairle an 19 Eanáir 2009 maidir le tabhairt i gcrích comhaontaithe lena n-athnuaitear an Comhaontú le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Phoblacht na hIndia (IO L 171, 1.7.2009, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2009/501/oj).

(5)   IO L 171, 1.7.2009, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2009/501/oj.

(6)  Cinneadh (AE) 2015/1788 ón gComhairle an 1 Deireadh Fómhair 2015 maidir le hathnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Phoblacht na hIndia (IO L 260, 7.10.2015, lch. 18, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2015/1788/oj).

(7)  Cinneadh (AE) 2020/789 ón gComhairle an 9 Meitheamh 2020 maidir le hathnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Phoblacht na hIndia (IO L 193, 17.6.2020, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/789/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2089/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Нагоре