This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D2031
Council Decision (Euratom) 2025/2031 of 29 September 2025 concerning the accession of the European Atomic Energy Community (Euratom) to the new Framework Agreement for international collaboration on research and development of Generation IV Nuclear Energy Systems
Cinneadh (Euratom) 2025/2031 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2025 maidir le haontachas an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (Euratom) leis an gCreat-Chomhaontú nua le haghaidh comhar idirnáisiúnta maidir le taighde agus forbairt i ndáil le Córais Ghlúin IV don Fhuinneamh Núicléach
Cinneadh (Euratom) 2025/2031 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2025 maidir le haontachas an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (Euratom) leis an gCreat-Chomhaontú nua le haghaidh comhar idirnáisiúnta maidir le taighde agus forbairt i ndáil le Córais Ghlúin IV don Fhuinneamh Núicléach
ST/12643/2025/INIT
IO L, 2025/2031, 8.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2031/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2031 |
8.10.2025 |
CINNEADH (Euratom) 2025/2031 ÓN gCOMHAIRLE
an 29 Meán Fómhair 2025
maidir le haontachas an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (Euratom) leis an gCreat-Chomhaontú nua le haghaidh comhar idirnáisiúnta maidir le taighde agus forbairt i ndáil le Córais Ghlúin IV don Fhuinneamh Núicléach
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe an dara mír d’Airteagal 101 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I mí Iúil 2001, thionscain an Afraic Theas, an Airgintín, an Bhrasaíl, Ceanada, an Fhrainc, Poblacht na Cóiré, an tSeapáin, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Ríocht Aontaithe an Chairt lena mbunaítear Fóram Idirnáisiúnta Ghlúin IV (Cairt GIF) mar iarracht idirnáisiúnta chomhoibritheach chun an taighde agus an fhorbairt (T&F) is gá a dhéanamh chun indéantacht agus feidhmíocht córas núicléach den cheathrú glúin a thástáil, agus chun iad a chur ar fáil le haghaidh a n-imscartha thionsclaíoch faoi 2030. |
|
(2) |
Ina dhiaidh sin, shínigh an Eilvéis Cairt GIF an 18 Feabhra 2002, shínigh Cónaidhm na Rúise í an 27 Samhain 2006, shínigh Daon-Phoblacht na Síne í an 28 Samhain 2006 agus shínigh an Astráil í an 22 Meitheamh 2016. |
|
(3) |
D’aontaigh an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (Euratom) do GIF an 30 Iúil 2003 trí Chairt GIF a shíniú. |
|
(4) |
Bhí creat dlíthiúil ag teastáil le haghaidh an chomhair agus an mhalartaithe idirnáisiúnta in T&F na teicneolaíochta núicléiche a beartaíodh faoi GIF, creat a chuir slándáil dhlíthiúil ar fáil do na rannpháirtithe, go háirithe d’fhonn na cearta a ghintear tríd an obair thaighde, cearta maoine intleachtúla, mar shampla, a chosaint. |
|
(5) |
Chuige sin, tháinig Páirtithe GIF ar chomhaontú maidir le Creat-Chomhaontú lena leagtar síos na coinníollacha don chomhar agus do shocruithe córais agus tionscadail ina dhiaidh sin (an Creat-Chomhaontú), ar aontaigh Euratom dóibh in 2006. |
|
(6) |
In 2015, cuireadh síneadh 10 mbliana eile leis an gCreat-Chomhaontú agus bhí sé le dul in éag an 28 Feabhra 2025. |
|
(7) |
Chun leanúnachas thionscadail taighde agus ghníomhaíochtaí GIF atá ar siúl faoi láthair a áirithiú, rinne na Stáit atá toilteanach go frithpháirteach agus ar Páirtithe iad sa Chreat-Chomhaontú athnuachan ar an gCreat-Chomhaontú a chaibidil, i bhfianaise na staide geopholaitiúla atá ann faoi láthair. |
|
(8) |
Fanfaidh ranníocaíocht Euratom le tionscadail T&F GIF laistigh de raon feidhme na gcinntí ón gComhairle maidir le Clár Taighde agus Oiliúna Euratom. |
|
(9) |
Féadfaidh aon Bhallstát, a eagraíochtaí taighde poiblí nó príobháideacha nó a thionscal a ranníocaíocht dhíreach a dhíriú ar na tionscadail T&F sin trí aontachas Euratom leis an gCreat-Chomhaontú. |
|
(10) |
Ba cheart, dá bhrí sin, aontachas Euratom leis an gCreat-Chomhaontú a fhormheas, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Alt Aonair
Leis seo, déantar aontachas an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach leis an gCreat-Chomhaontú le haghaidh comhar idirnáisiúnta maidir le taighde agus forbairt i ndáil le Córais Ghlúin IV don Fhuinneamh Núicléach atá i gceangal leis seo, a fhormheas.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Meán Fómhair 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BØDSKOV
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2031/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)