This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D2026
Commission Implementing Decision (EU) 2025/2026 of 9 October 2025 amending Implementing Decision (EU) 2024/2387 as regards a reference to the harmonised standard EN 17836:2024 Fertilizers – Description of the forms of the physical unit
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2026 ón gCoimisiún an 9 Deireadh Fómhair 2025 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2387 a mhéid a bhaineann le tagairt do chaighdeán comhchuibhithe EN 17836:2024 Leasacháin – Tuairisc ar fhoirmeacha an aonaid fhisicigh
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2026 ón gCoimisiún an 9 Deireadh Fómhair 2025 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2387 a mhéid a bhaineann le tagairt do chaighdeán comhchuibhithe EN 17836:2024 Leasacháin – Tuairisc ar fhoirmeacha an aonaid fhisicigh
C/2025/6747
IO L, 2025/2026, 10.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2026/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2026 |
10.10.2025 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2026 ÓN gCOIMISIÚN
an 9 Deireadh Fómhair 2025
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2387 a mhéid a bhaineann le tagairt do chaighdeán comhchuibhithe EN 17836:2024 ‘Leasacháin – Tuairisc ar fhoirmeacha an aonaid fhisicigh’
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 13(2) de Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), déanfar tástálacha ar bhealach iontaofa in-atáirgthe chun comhréireacht táirgí leasacháin AE leis na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinní I, II agus III a ghabhann leis an Rialachán sin a fhíorú. Tástálacha atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe, ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, glactar leis go bhfuil na tástálacha sin iontaofa agus in-atáirgthe a mhéid a chumhdaítear na tástálacha leis na caighdeáin sin. |
|
(2) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2020) 612 ón gCoimisiún (3), rinne an Coimisiún iarraidh ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú chun tacú le Rialachán (AE) 2019/1009. |
|
(3) |
Ar bhonn na hiarrata sin, dhréachtaigh CEN caighdeán comhchuibhithe EN 17836:2024 ‘Leasacháin – Tuairisc ar fhoirmeacha an aonaid fhisicigh’. |
|
(4) |
I gcomhar le CEN, rinne an Coimisiún measúnú ar an gcaighdeán a dhréachtaigh CEN féachaint ar caighdeán é a chomhlíonann an iarraidh a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2020) 612. |
|
(5) |
Comhlíonann an caighdeán comhchuibhithe na ceanglais is aidhm dó a chumhdach agus a leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/1009. Dá bhrí sin, is iomchuí an tagairt don chaighdeán sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(6) |
I gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2387 ón gCoimisiún (4), liostaítear na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Rialachán (AE) 2019/1009. |
|
(7) |
Chun a áirithiú go liostaítear in aon ghníomh amháin na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Rialachán (AE) 2019/1009, ba cheart an tagairt do chaighdeán comhchuibhithe EN 17836:2024 a chuimsiú i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2387. |
|
(8) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2387 a leasú dá réir sin. |
|
(9) |
Is éard a thugtar le fios le caighdeán comhchuibhithe a chomhlíonadh go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 13(2) de Rialachán (AE) 2019/1009 ón dáta a fhoilsítear an tagairt don chaighdeán sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2387 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Deireadh Fómhair 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 316, 14.11.2012, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1025/oj.
(2) Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le táirgí leasacháin AE a chur ar fáil ar an margadh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 (IO L 170, 25.6.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1009/oj).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2020) 612 ón gCoimisiún an 10 Feabhra 2020 maidir leis an iarraidh ar chaighdeánú chuig an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú a mhéid a bhaineann le táirgí leasacháin AE chun tacú le Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2387 ón gCoimisiún an 9 Meán Fómhair 2024 maidir leis na caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le táirgí leasacháin AE a dréachtaíodh chun tacú le Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2024/2387, 10.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2387/oj).
IARSCRÍBHINN
Sa tábla san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2387, cuirtear an ró seo a leanas isteach:
|
Uimh. |
Uimhir thagartha an chaighdeáin |
|
‘3. |
EN 17836:2024 Leasacháin – Tuairisc ar fhoirmeacha an aonaid fhisicigh’ |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2026/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)