This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D2012
Political and Security Committee Decision (CFSP) 2025/2012 of 30 September 2025 on the appointment of the EU Force Commander for the European Union military operation in the Mediterranean (EUNAVFOR MED IRINI) and repealing Decision (CFSP) 2025/626 (EUNAVFOR MED IRINI/4/2025)
Cinneadh (CBES) 2025/2012 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 30 Meán Fómhair 2025 maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais a cheapadh le haghaidh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI) agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2025/626 (EUNAVFOR MED IRINI/4/2025)
Cinneadh (CBES) 2025/2012 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 30 Meán Fómhair 2025 maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais a cheapadh le haghaidh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI) agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2025/626 (EUNAVFOR MED IRINI/4/2025)
ST/12900/2025/INIT
IO L, 2025/2012, 2.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2012/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2012 |
2.10.2025 |
CINNEADH (CBES) 2025/2012 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA
an 30 Meán Fómhair 2025
maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais a cheapadh le haghaidh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI) agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2025/626 (EUNAVFOR MED IRINI/4/2025)
TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38 de,
Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2020/472 ón gComhairle an 31 Márta 2020 maidir le hoibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI) (1), agus go háirithe Airteagal 8(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 31 Márta 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/472, lenar bunaíodh agus lenar seoladh oibríocht mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI). |
|
(2) |
De bhun Airteagal 8(2) de Chinneadh (CBES) 2020/472, d’údaraigh an Chomhairle don Choiste Polaitiúil agus Slándála cinntí a dhéanamh maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais ar EUNAVFOR MED IRINI (‘Ceannasaí Fórsa an Aontais’) a cheapadh. |
|
(3) |
An 25 Márta 2025, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2025/626 (2) lena gceaptar an Seachaimiréal Alessandro DI BIASI mar Cheannasaí Fórsa an Aontais ón 4 Aibreán 2025. |
|
(4) |
An 4 Meán Fómhair 2025, mhol údaráis mhíleata na Gréige go gceapfaí an Ceannasóir Spyridon POLLATOS i gcomharbas ar an Seachaimiréal Alessandro DI BIASI mar Cheannasaí Fórsa an Aontais (‘an ceapachán molta’). |
|
(5) |
An 6 Meán Fómhair 2025, thacaigh Ceannasaí Oibríochta an Aontais ar EUNAVFOR MED IRINI leis an gceapachán molta. |
|
(6) |
An 11 Meán Fómhair 2025, thacaigh Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh leis an gceapachán molta agus chomhaontaigh sé go gceapfaí an Ceannasóir Spyridon POLLATOS mar Cheannasaí Fórsa an Aontais ón 3 Deireadh Fómhair 2025. |
|
(7) |
Ba cheart cinneadh a dhéanamh maidir leis an gCeannasóir Spyridon POLLATOS a cheapadh mar Cheannasaí Fórsa an Aontais. |
|
(8) |
Ba cheart Cinneadh (CBES) 2025/626 a aisghairm, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ceaptar an Ceannasóir Spyridon POLLATOS mar Cheannasaí Fórsa an Aontais le haghaidh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI) ón 3 Deireadh Fómhair 2025.
Airteagal 2
Leis seo, aisghairtear Cinneadh (CBES) 2025/626.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 3 Deireadh Fómhair 2025.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Meán Fómhair 2025.
Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála
An Cathaoirleach
L. MANDEL VENSILD
(1) IO L 101, 1.4.2020, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/472/oj.
(2) Cinneadh (CBES) 2025/626 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 25 Márta 2025 maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais a cheapadh le haghaidh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI) agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2024/2641 (EUNAVFOR MED IRINI/1/2025) (IO L, 2025/626, 28.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/626/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2012/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)