Elija las funciones experimentales que desea probar

Este documento es un extracto de la web EUR-Lex

Documento 32025D2000

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2000 ón gCoimisiún an 29 Meán Fómhair 2025 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 6687)

C/2025/6687

IO L, 2025/2000, 2.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2000/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Estatuto jurídico del documento Vigente

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2000/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2000

2.10.2025

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2000 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Meán Fómhair 2025

lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 6687)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(1), pointe (c), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is galar víreasach tógálach in éin é an fliú éanúil ardphataigineach (HPAI) agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar bhrabúsacht na feirmeoireachta éanlaithe clóis, rud a chuirfeadh isteach ar thrádáil laistigh den Aontas agus ar onnmhairí chuig tríú tíortha. Is féidir le víris HPAI éin imirceacha a ionfhabhtú, rud a fhágann gur féidir leo na víris sin a leathadh thar achair fhada le linn a n-imircí san fhómhar agus san earrach. Dá bhrí sin, is bagairt leanúnach é víris HPAI a bheith in éin fhiáine maidir le tabhairt isteach na víreas sin go díreach agus go hindíreach i ngabháltais ina gcoimeádtar éanlaith chlóis nó éin i mbraighdeanas. I gcás ráig de HPAI, tá baol ann go bhféadfadh an t-oibreán galair leathadh go gabháltais eile ina gcoimeádtar éanlaith chlóis nó éin i mbraighdeanas.

(2)

Le Rialachán (AE) 2016/429 bunaítear an creat reachtach chun galair a chosc agus a rialú, ar galair iad atá in-tarchurtha go hainmhithe nó go daoine. Tagann HPAI faoin sainmhíniú ar ghalar liostaithe sa Rialachán sin, agus tá sé faoi réir na rialacha coisctheacha agus rialaithe galar a leagtar síos ann. Ina theannta sin, le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (2) déantar forlíonadh ar Rialachán (AE) 2016/429 a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú, lena n-áirítear HPAI. Go háirithe, foráiltear le hAirteagal 21 den Rialachán Tarmligthe sin, i gcás ráig de ghalar i gcatagóir A i mbunaíocht, go bhfuil an t-údarás inniúil le crios srianta a bhunú láithreach ina mbeidh crios cosanta, crios faireachais, agus más gá, criosanna srianta breise timpeall na gcriosanna cosanta agus faireachais nó cóngarach dóibh.

(3)

Glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 ón gCoimisiún (3) ar bhonn Rialachán (AE) 2016/429, agus leagtar síos leis bearta éigeandála ar leibhéal an Aontais i ndáil le ráigeanna de HPAI.

(4)

Go háirithe, le hAirteagal 2, pointe (a), Airteagal 3, pointe (a) agus Airteagal 4, pointe (a) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447, foráiltear, faoi seach, tar éis ráigeanna de HPAI, i ndáil leis na criosanna cosanta agus faireachais agus na criosanna srianta breise atá le bunú ag na Ballstáit a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, nach mór do na criosanna sin na limistéir a liostaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais agus criosanna srianta breise san Iarscríbhinn sin a chuimsiú ar a laghad. Foráiltear le hAirteagal 2, pointe (b), Airteagal 3, pointe (b) agus Airteagal 4, pointe (b), de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 freisin nach mór na bearta atá le cur i bhfeidhm sna criosanna sin faoi seach, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, a choinneáil ar bun go dtí na dátaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin.

(5)

Leasaíodh an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 le déanaí le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1927 ón gCoimisiún (4) tar éis ráigeanna HPAI sa Ghearmáin i mbunaíochtaí inar coimeádadh éanlaithe chlóis, rud ba ghá a léiriú san Iarscríbhinn sin.

(6)

Ó bhí dáta glactha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1927 ann, thug an Spáinn, an Pholainn agus an Phortaingéil fógra don Choimisiún faoi cheithre ráig nua HPAI i mbunaíochtaí inar coimeádadh éin nó éanlaith chlóis i mbraighdeanas; ráig amháin in éanlaith chlóis i gcúige Valladolid sa Spáinn, 2 ráig d’éanlaith chlóis a bhí ann i gcúige Warmińsko-Mazurskie sa Pholainn, agus ráig amháin in éin i mbraighdeanas i gceantar Santarém sa Phortaingéil.

(7)

Tar éis na 4 ráig nua sin, tá na bearta rialaithe galar a cheanglaítear déanta ag an Spáinn, ag an bPolainn agus ag an bPortaingéil i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, lena n-áirítear bunú criosanna cosanta agus faireachais timpeall ar na ráigeanna.

(8)

Tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar na bearta rialaithe galar a rinne an Spáinn, an Pholainn agus an Phortaingéil, agus tá sé sásta maidir le teorainneacha na gcriosanna cosanta agus faireachais arna mbunú ag an dá Bhallstát sin, go bhfuil siad fada go leor ó na bunaíochtaí inar deimhníodh ráigeanna de HPAI.

(9)

San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447, níl aon limistéar liostaithe faoi láthair mar chrios cosanta agus faireachais don Pholainn.

(10)

Chun aon suaitheadh nach bhfuil gá leis ar thrádáil laistigh den Aontas a chosc agus chun nach bhforchuirfidh tríú tíortha bacainní gan údar ar thrádáil, is gá tuairisc a thabhairt go mear ar leibhéal an Aontais, i gcomhar leis an Spáinn, leis an bPolainn agus leis an bPortaingéil, ar na criosanna cosanta agus faireachais arna mbunú ag na Ballstáit sin i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.

(11)

Dá bhrí sin, na limistéir a liostaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais le haghaidh na Spáinne agus na Portaingéile san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447, ba cheart iad a leasú chun teorainneacha na gcriosanna cosanta agus faireachais arna mbunú ag na Ballstáit sin tar éis an 2 ráig sin de HPAI a tharla le déanaí sna Ballstáit sin a chur san áireamh, chomh maith le fad riachtanach na mbeart atá le cur i bhfeidhm sna criosanna sin, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.

(12)

Ina theannta sin, na limistéir a liostaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais le haghaidh na Polainne san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447, ba cheart iad a leasú chun teorainneacha na gcriosanna cosanta agus faireachais arna mbunú ag an mBallstát sin tar éis na ráigeanna de HPAI a tharla le déanaí sa Bhallstát sin a chur san áireamh, chomh maith le fad riachtanach na mbeart atá le cur i bhfeidhm sna criosanna sin, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.

(13)

Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 a leasú dá réir sin.

(14)

I bhfianaise phráinn na staide eipidéimeolaíche san Aontas a mhéid a bhaineann le leathadh HPAI, tá sé tábhachtach go dtiocfaidh na leasuithe atá le déanamh ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 leis an gCinneadh seo i bhfeidhm a luaithe is féidir.

(15)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447.

Airteagal 2

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Meán Fómhair 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

Olivér VÁRHELYI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/687/oj).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2023 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe (IO L, 2023/2447, 30.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2447/oj).

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1927 ón gCoimisiún an 19 Meán Fómhair 2025 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe (IO L 2025/1927, 24.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1927/oj).


IARSCRÍBHINN

‘IARSCRÍBHINN

Cuid A

Criosanna cosanta sna Ballstáit lena mbaineann* dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (a), agus Airteagal 2:

Ballstát: an Ghearmáin

Uimhir thagartha ADIS na ráige

Limistéar arb é atá ann:

An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687

MECKLENBURG-VORPOMMERN

DE-HPAI(P)-2025-00011

DE-HPAI(P)-2025-00012

Landkreis Rostock

3 km Radius um die GPS-Koordinaten:

12,490912/54,064633 und 12,494110/54,062042

Stadt Tessin mit den Ortsteilen Neu Gramstorf und Wolfsberger Mühle, Gemeinde Gnewitz mit den Ortsteilen Gnewitz und Barkvieren, Gemeinde Zarnewanz mit dem Ortsteilen Zarnewanz, Kleinhof und Stormstorf

6.10.2025

SCHLESWIG-HOLSTEIN

DE-HPAI(P)-2025-00010

Kreis Steinburg

3 km Radius um den Ausbruchsbetrieb GPS-Koordinaten 9,450142 / 54,038066

Die gesamten Gemeinden Hadenfeld, Bokelrehm, sowie Teile der Gemeinden Aasbüttel, Agethorst, Bokhorst, Kaisborstel, Mehlbek, Nienbüttel, Pöschendorf, Schenefeld, Warringholz.

24.9.2025

Ballstát: an Spáinn

Uimhir thagartha ADIS na ráige

Limistéar arb é atá ann:

An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687

ES-HPAI(P)-2025-00003

Those parts in the province of Huelva of the comarca of Valverde del Camino contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centered on UTM 30, ETRS89 coordinates long -6,8929226 , lat 37,7619535

9.10.2025

ES-HPAI(P)-2025-00004

Those parts in the province of Guadalajara of the comarca of Pozo de Guadalajara contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centered on UTM 30, ETRS89 coordinates long -3,1910813 , lat 40,4981733

29.9.2025

ES-HPAI(P)-2025-00005

Those parts in the province of Huelva of the comarca of Valverde del Camino contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centered on UTM 30, ETRS89 coordinates long -6,8007952 , lat 37,6069237

13.10.2025

ES-HPAI(P)-2025-00006

Those parts in the province of Valladolid of the comarca of Olmedo contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centered on UTM 30, ETRS89 coordinates long -4,6795252 , lat 41,2977959

27.10.2025

Ballstát: an Pholainn

Uimhir thagartha ADIS na ráige

Limistéar arb é atá ann:

An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687

PL-HPAI(P)-2025-00086

PL-HPAI(P)-2025-00087

W województwie warmińsko-mazurskim:

1.

powiat iławski:

a.

gmina Susz: Babięty Wielkie, Czerwona Woda, Falknowo, Jakubowo Kisielickie, Redaki, Różanki, w granicach administracyjnych miejscowości Adamowo na południe od linii poprowadzonej przez miejscowości Ulnowo i Bałoszyce, w granicach administracyjnych miejscowości Emilianowo na wschód od linii poprowadzonej przez miejscowości Adamowo i Huta, w granicach administracyjnych miejscowości Huta na wschód od linii poprowadzonej przez miejscowości Ulnowo i Łęgowo, w granicach administracyjnych miejscowości Krzywiec na wschód od linii poprowadzonej przez miejscowości Ulnowo i Łęgowo, w granicach administracyjnych miejscowości Ulnowo na południe od linii poprowadzonej przez miejscowości Emilianowo i Brusiny;

b.

gmina Iława: w granicach administracyjnych miejscowości Gałdowo na północ od linii poprowadzonej przez miejscowość Ząbrowo i skrzyżowanie ulic Łasińskiej z Mickiewicza w Kisielicach, w granicach administracyjnych miejscowości Ząbrowo na północ od linii poprowadzonej przez miejscowości Piotrkowo i Jędrychowo;

c.

gmina Kisielice: w granicach administracyjnych miejscowości Stary Folwark na wschód od linii poprowadzonej przez miejscowości Bałoszyce i Gulb.

13.10.2025

Ballstát: an Phortaingéil

Uimhir thagartha ADIS na ráige

Limistéar arb é atá ann:

An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687

PT-HPAI(P)-2025-00003

The parts from the county of Benavente from the district of Santarém that are contained within circle of 3 kilometers radius, centered on GPS coordinates 38.829589N, -8.710556W

26.9.2025

PT-HPAI(NON-P)-2025-00022

The parts from the county of Benavente from the district of Santarém that are contained within circle of 3 kilometers radius, centered on GPS coordinates 38.866516N, -8.722134W

16.10.2025

Cuid B

Criosanna faireachais sna Ballstáit lena mbaineann* dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (a), agus Airteagal 3:

Ballstát: an Bhulgáir

Uimhir thagartha ADIS na ráige

Limistéar arb é atá ann:

An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687

Réigiún Plovdiv

BG-HPAI(P)-2025-00008

BG-HPAI(P)-2025-00009

BG-HPAI(P)-2025-000010

The following villages in Rakovski municipality:

Shishmantsi

Boltarino

Strayama

The following villages in Maritsa municipality:

Manolsko Konare

Yasno pole

Dink

Kalekovets

Krislovo

The following villages in Brezovo municipality:

Padarsko

Borets

Otets Kirilovo

Drangovo

Streltsi

The following villages in Kaloyanovo municipality:

Razhevo

Razhevo Konare

Dalgo pole

30.9.2025

The following villages in Rakovski municipality:

Rakovski

Momino selo

The following villages in Kaloyanovo municipality:

Glavatar

22.9.2025 – 30.9.2025

Ballstát: an Ghearmáin

Uimhir thagartha ADIS na ráige

Limistéar arb é atá ann:

An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687

MECKLENBURG-VORPOMMERN

DE-HPAI(P)-2025-00011

DE-HPAI(P)-2025-00012

Landkreis Rostock

10 km Radius um die GPS-Koordinaten:

12,490912/54,064633 und 12,494110/54,062042

Amt Tessin: Gemeinde Cammin mit den Ortsteilen Prangendorf, Weitendorf und Wohrenstorf, Gemeinde Gnewitz mit dem Ortsteil Neu Barkvieren, Gemeinde Grammow mit den Ortseilen Alt Strassow, Neu Strassow, Grammow, Neuhof und Recknitzberg,Gemeinde Nustrow mit dem Ortsteil Nustrow, Gemeinde Selpin mit den Ortsteilen Vogelsang, Reddersdorf, Bärenberg, Woltow, Selpin und Drüsewitz, Gemeinde Stubbendorf mit den Ortsteilen Stubbendorf und Ehmkendorf, Stadt Tessin und den Ortsteilen Helmstorf, Vilz und Klein Tessin, Gemeinde Thelkow mit den Ortsteilen Sophienhof, Thelkow, Kowalz, Liepen und Starkow;

Gemeinde Sanitz mit den Ortsteilen und Ortschaften: Sanitz, Niekrenz, Groß Lüsewitz, Oberhof, Vietow, Wehnendorf, Ausbau Niekrenz, Neu Wendorf, Horst, Teutendorf, Klein Wehnendorf, Klein Freienholz, Wendorf, Reppelin, Wendfeld, Groß Freienholz, Gubkow und Hohen Gubkow;

Amt Gnoien: Gemeinde Behren Lübchin mit der Ortschaft Duckwitz, Gemeinde Walkendorf mit den Ortschaften Repnitz und Basse

Landkrei Vorpommern-Rügen

10 km Radius um die GPS-Koordinaten:

12,490912/54,064633 und 12,494110/54,062042

gesamte Gemeinde Dettmannsdorf

Gemeinde Lindholz mit dem Ortsteil Schabow

Stadt Marlow mit den Ortsteilen Dänschenburg, Carlsruhe, Neu Steinhorst, Alt Steinhorst, Brunstorf, Fahrenhaupt, Schulenberg, Kneese

15.10.2025

 

Landkreis Rostock

3 km Radius um die GPS-Koordinaten:

12,490912/54,064633 und 12,494110/54,062042

Stadt Tessin mit den Ortsteilen Neu Gramstorf und Wolfsberger Mühle, Gemeinde Gnewitz mit den Ortsteilen Gnewitz und Barkvieren, Gemeinde Zarnewanz mit dem Ortsteilen Zarnewanz, Kleinhof und Stormstorf

7.10.2025 – 15.10.2025

SCHLESWIG-HOLSTEIN

DE-HPAI(P)-2025-00010

Kreis Dithmarschen

10 km Radius um den Ausbruchsbetrieb GPS-Koordinaten 9,450142 / 54,038066

Teile der Gemeinden Schafstedt, Hochdonn.

Kreis Rendsburg-Eckernförde

10 km Radius um den Ausbruchsbetrieb GPS-Koordinaten 9,450142 / 54,038066

Die gesamte Gemeinde Bendorf und Thaden sowie Teile der Gemeinden Beldorf, Beringstedt, Bornholt, Gokels, Hanerau- Hademarschen, Lütjenwestedt, Osterstedt, Seefeld, Steenfeld, Wapelfeld.

Kreis Steinburg

10 km Radius um den Ausbruchsbetrieb GPS-Koordinaten 9,450142 / 54,038066

Die gesamten Gemeinden Besdorf, Bokelrehm, Christinenthal, Drage, Hohenaspe, Huje, Kaaks, Kleve, Looft, Nutteln, Oldenborstel, Puls, Wacken, sowie Teile der Gemeinden Aasbüttel, Agethorst, Bokhorst, Gribbohm, Hohenlockstedt, Holstenniendorf, Itzehoe, Kaisborstel, Krummendiek, Mehlbek, Moorhusen, Neuendorf-Sachsenbande, Nienbütttel, Oldendorf, Ottenbüttel, Peissen, Pöschendorf, Reher, Schenefeld, Vaale, Vaalermoor, Warringholz.

3.10.2025

Kreis Steinburg

3 km Radius um den Ausbruchsbetrieb GPS-Koordinaten 9,450142 / 54,038066

Die gesamten Gemeinden Hadenfeld, Bokelrehm, sowie Teile der Gemeinden Aasbüttel, Agethorst, Bokhorst, Kaisborstel, Mehlbek, Nienbüttel, Pöschendorf, Schenefeld, Warringholz.

25.9.2025 – 3.10.2025

Ballstát: an Spáinn

Uimhir thagartha ADIS na ráige

Limistéar arb é atá ann:

An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687

ES-HPAI(P)-2025-00003

Those parts in the province of Huelva of the comarca of Valverde del Camino beyond the area described in the protection zone and contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centered on UTM 30, ETRS89 coordinates long -6,8929226 , lat 37,7619535

18.10.2025

Those parts in the province of Huelva of the comarca of Valverde del Camino contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centered on UTM 30, ETRS89 coordinates long -6,8929226 , lat 37,7619535

10.10.2025 – 18.10.2025

ES-HPAI(P)-2025-00004

Those parts in the province of Guadalajara of the comarca of Pozo de Guadalajara beyond the area described in the protection zone and contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centered on UTM 30, ETRS89 coordinates long -3,1910813 , lat 40,4981733

8.10.2025

Those parts in the province of Guadalajara of the comarca of Pozo de Guadalajara contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centered on UTM 30, ETRS89 coordinates long -3,1910813 , lat 40,4981733

30.9.2025 – 8.10.2025

ES-HPAI(P)-2025-00005

Those parts in the province of Huelva of the comarca of Valverde del Camino beyond the area described in the protection zone and contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centered on UTM 30, ETRS89 coordinates long -6,8007952 , lat 37,6069237

22.10.2025

Those parts in the province of Huelva of the comarca of Valverde del Camino contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centered on UTM 30, ETRS89 coordinates long -6,8007952 , lat 37,6069237

14.10.2025 – 22.10.2025

ES-HPAI(P)-2025-00006

Those parts in the province of Valladolid of the comarca of Olmedo and those parts in the province of Segovia of the comarca of Santa María la Real de Nieva beyond the area described in the protection zone and contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centered on UTM 30, ETRS89 coordinates long -4,6795252 , lat 41,2977959

5.11.2025

Those parts in the province of Valladolid of the comarca of Olmedo contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centered on UTM 30, ETRS89 coordinates long -4,6795252 , lat 41,2977959

28.10.2025 – 5.11.2025

Ballstát: an Pholainn

Uimhir thagartha ADIS na ráige

Limistéar arb é atá ann:

An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687

PL-HPAI(P)-2025-00086

PL-HPAI(P)-2025-00087

W województwie warmińsko-mazurskim:

1.

powiat iławski:

a.

gmina Iława: Ciemny Staw, Gardzień, Gulb, Kamionka, Laseczno, Mózgowo, Nejdyki, Segnowy, Solniki, Starzykowo, Szczepkowo, Szymbark, Zazdrość, w granicach administracyjnych miejscowości Gałdowo na południe od linii poprowadzonej przez miejscowość Ząbrowo i skrzyżowanie ulic Łasińskiej z Mickiewicza w Kisielicach, w granicach administracyjnych obszaru Jezioro Karaś na północ od linii poprowadzonej przez miejscowości Szałkowo i Wielka Wólka, w granicach administracyjnych miejscowości Łanioch na zachód od linii poprowadzonej przez miejscowości Wikielec i Siemiany, w granicach administracyjnych miejscowości Stradomno na północ od linii poprowadzonej przez miejscowości Szałkowo i Wielka Wólka, w granicach administracyjnych miejscowości Ząbrowo na południe od linii poprowadzonej przez miejscowości Piotrkowo i Jędrychowo;

b.

gmina Kisielice: Jędrychowo, Kisielice, Klimy, Łęgowo, Nowy Folwark, Ogrodzieniec, Wola, w granicach administracyjnych miejscowości Pławty Wielkie na wschód od linii poprowadzonej przez miejscowości Sobiewola i Kowale, w granicach administracyjnych miejscowości Sobiewola na wschód od linii poprowadzonej przez miejscowości Grodziec i Biskupiec, w granicach administracyjnych miejscowości Stary Folwark na zachód od linii poprowadzonej przez miejscowości Bałoszyce i Gulb, w granicach administracyjnych miejscowości Trupel na północ od linii poprowadzonej przez miejscowości Goryń i Dziarny;

c.

gmina Susz: Bałoszyce, Bronowo, Brusiny, Chełmżyca, Dąbrówka, Grabowiec, Januszewo, Jawty Małe, Jawty Wielkie, Karolewo, Michałowo, Nipkowie, Olbrachtowo, Olbrachtówko, Piotrkowo, Rudniki, Różnowo, Susz, Wądoły, Wiśniówek, Zieleń, Żakowice, w granicach administracyjnych miejscowości Adamowo na północ od linii poprowadzonej przez miejscowości Ulnowo i Bałoszyce, w granicach administracyjnych miejscowości Dolina na południe od linii poprowadzonej przez miejscowości Obrzynowo i Wieprz, w granicach administracyjnych miejscowości Emilianowo na zachód od linii poprowadzonej przez miejscowości Adamowo i Huta, w granicach administracyjnych miejscowości Gostyczyn na południe od linii poprowadzonej przez miejscowości Wilczany i Bornice, w granicach administracyjnych miejscowości Huta na zachód od linii poprowadzonej przez miejscowości Ulnowo i Łęgowo, w granicach administracyjnych miejscowości Kamieniec na południe od linii poprowadzonej przez miejscowości Stańkowo i Rąbity, w granicach administracyjnych miejscowości Krzywiec na zachód od linii poprowadzonej przez miejscowości Ulnowo i Łęgowo, w granicach administracyjnych miejscowości Ulnowo na północ od linii poprowadzonej przez miejscowości Emilianowo i Brusiny.

2.

powiat nowomiejski:

a.

gmina Biskupiec: w granicach administracyjnych miejscowości Szwarcenowo na północ od linii poprowadzonej przez miejscowości Goryń i Dziarny, w granicach administracyjnych miejscowości Wielka Wólka na północ od linii poprowadzonej przez miejscowości Goryń i Dziarny.

22.10.2025

W województwie warmińsko-mazurskim:

1.

powiat iławski:

a.

gmina Susz: Babięty Wielkie, Czerwona Woda, Falknowo, Jakubowo Kisielickie, Redaki, Różanki, w granicach administracyjnych miejscowości Adamowo na południe od linii poprowadzonej przez miejscowości Ulnowo i Bałoszyce, w granicach administracyjnych miejscowości Emilianowo na wschód od linii poprowadzonej przez miejscowości Adamowo i Huta, w granicach administracyjnych miejscowości Huta na wschód od linii poprowadzonej przez miejscowości Ulnowo i Łęgowo, w granicach administracyjnych miejscowości Krzywiec na wschód od linii poprowadzonej przez miejscowości Ulnowo i Łęgowo, w granicach administracyjnych miejscowości Ulnowo na południe od linii poprowadzonej przez miejscowości Emilianowo i Brusiny;

b.

gmina Iława: w granicach administracyjnych miejscowości Gałdowo na północ od linii poprowadzonej przez miejscowość Ząbrowo i skrzyżowanie ulic Łasińskiej z Mickiewicza w Kisielicach, w granicach administracyjnych miejscowości Ząbrowo na północ od linii poprowadzonej przez miejscowości Piotrkowo i Jędrychowo;

c.

gmina Kisielice: w granicach administracyjnych miejscowości Stary Folwark na wschód od linii poprowadzonej przez miejscowości Bałoszyce i Gulb.

14.10.2025 – 22.10.2025

Ballstát: an Phortaingéil

Uimhir thagartha ADIS na ráige

Limistéar arb é atá ann:

An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687

PT-HPAI(P)-2025-00003

The parts from the county of Benavente from the district of Santarém, that are beyond the areas described in the protection zone and are contained within a circle of 10 kilometers centered on GPS coordinates 38.829589N, -8.710556W, and the parts from the county of Coruche, from the district of Santarém, and the parts from the county of Montijo from the district of Setúbal, that are contained within a circle of 10 kilometers radius, centered on GPS coordinates 38.829589N, -8.710556W

5.10.2025

The parts from the county of Benavente from the district of Santarém that are contained within a circle of 3 kilometers radius, centered on GPS coordinates 38.829589N, -8.710556W

27.9.2025 – 5.10.2025

PT-HPAI(NON-P)-2025-00022

The parts from the county of Benavente and Coruche from the district of Santarém, that are beyond the areas described in the protection zone and are contained within a circle of 10 kilometers centered on GPS coordinates 38.866516N, -8.722134W

26.10.2025

The parts from the county of Benavente from the district of Santarém that are contained within a circle of 3 kilometers radius, centered on GPS coordinates 38.866516N, -8.722134W

17.9.2025 – 26.10.2025

Cuid C

Criosanna cosanta breise sna Ballstáit lena mbaineann* dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (b), agus Airteagal 4:

Ballstát: Ní bhaineann le hábhar

Limistéar arb é atá ann:

An dáta a bheidh na bearta infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 4

 

 

*

I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) de Chreat Windsor (féach Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023 ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 24 Márta 2023, IO L 102, 17.4.2023, lch. 87) i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gCreat sin, chun críocha na hIarscríbhinne seo, baineann tagairtí don Bhallstát leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann.

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2000/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Arriba