This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D1973
Council Decision (CFSP) 2025/1973 of 29 September 2025 amending Decision (CFSP) 2019/1720 concerning restrictive measures in view of the situation in Nicaragua
Cinneadh (CBES) 2025/1973 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2025 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/1720 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua
Cinneadh (CBES) 2025/1973 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2025 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/1720 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua
ST/12446/2025/INIT
IO L, 2025/1973, 30.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1973/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1973 |
30.9.2025 |
CINNEADH (CBES) 2025/1973 ÓN gCOMHAIRLE
an 29 Meán Fómhair 2025
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/1720 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 14 Deireadh Fómhair 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/1720 (1). |
|
(2) |
Tá feidhm ag Cinneadh (CBES) 2019/1720 go dtí an 15 Deireadh Fómhair 2025. Ar bhonn athbhreithniú ar an gCinneadh sin, ba cheart na bearta sriantacha a leagtar amach ann a fhadú go dtí an 15 Deireadh Fómhair 2026, agus ba cheart an ráiteas ar chúiseanna maidir le beirt daoine nádúrtha a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis a thabhairt cothrom le dáta. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2019/1720 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/1720 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 9, cuirtear ‘15 Deireadh Fómhair 2026’ in ionad an dáta ‘15 Deireadh Fómhair 2025’; |
|
(2) |
leasaítear an Iarscríbhinn i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Meán Fómhair 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BØDSKOV
(1) Cinneadh (CBES) 2019/1720 ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 2019 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua (IO L 262, 15.10.2019, lch. 58, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2019/1720/oj).
IARSCRÍBHINN
San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2019/1720, faoin teideal ‘A. Daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagail 1(1) agus 2(1)’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 7 agus 9:
|
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna |
Dáta an liostaithe |
|
‘7. |
Rosario María MURILLO ZAMBRANA Ailias: Rosario María MURILLO DE ORTEGA |
Post/poist: Comh-Uachtarán Phoblacht Nicearagua (ó mhí Feabhra 2025, Leas-Uachtarán roimhe seo, ó 2017). Bean chéile an Uachtaráin, Daniel Ortega Dáta breithe: 22 Meitheamh 1951 Áit bhreithe: Managua, Nicearagua Inscne: baineann Náisiúntacht: Nicearaguach Uimhir phas: A00000106 (Nicearagua) |
Comh-Uachtarán Nicearagua ó mhí Feabhra 2025, Céadbhean Nicearagua agus ceannaire an Sandinista Youth. Leas-Uachtarán Nicearagua ó mhí Eanáir 2017 go mí Feabhra 2025. Bhí ról lárnach aici maidir leis an gcos ar bolg a rinne Póilíní Náisiúnta Nicearagua ar léirsithe an fhreasúra in 2018 a spreagadh agus údar a thabhairt leis. I mí an Mheithimh 2021, bhagair sí go poiblí ar fhreasúra Nicearagua agus chaith sí amhras ar iriseoirí neamhspleácha. Rinneadh na bagairtí sin arís agus arís eile ó shin i leith. I mí Feabhra 2023, nocht Daniel Ortega gurb í Rosario María Murillo Zembrana an duine a chur tús leis an gcos ar bolg nua, eadhon cos ar bolg a bhaineann le 222 phríosúnach pholaitiúla a dhíbirt agus a saoránacht a bhaint díobh. Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach agus as an mbonn a bhaint den daonlathas i Nicearagua. |
2.8.2021 |
|
9. |
Juan Antonio VALLE VALLE |
Post/poist: Ceannaire i Nicaraguan National Police (Póilíní Náisiúnta Nicearagua) Céim: Ginearálta/Coimisinéir Sinsearach Dáta breithe: 4 Bealtaine 1963 Áit bhreithe: Matagalpa, Nicearagua Inscne: fireann Náisiúntacht: Nicearaguach |
Ina cháil mar cheannaire ar chéim coimisinéara shinsearaigh (an dara céim is airde) de Nicaraguan National Police (Póilíní Náisiúnta Nicearagua) agus ina cháil ceannaireachta, go dtí mí Feabhra 2025, sna póilíní in Managua, tá Juan Antonio Valle Valle freagrach as gníomhartha brúidiúlachta a rinne na póilíní arís agus arís eile agus as úsáid iomarcach an fhornirt dar toradh bás na gcéadta sibhialtach, agus tá sé freagrach as daoine a ghabháil agus a choinneáil go treallach, as sáruithe ar shaoirse chun tuairimí a nochtadh agus as léirsithe i gcoinne an rialtais a chosc. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach i Nicearagua. |
2.8.2021’ |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1973/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)