Този документ е извадка от уебсайта EUR-Lex.
Документ 32025D1963
Commission Decision (EU) 2025/1963 of 21 November 2024 on the measure SA.39639 (2021/C) (ex 2021/NN) implemented by Italy in favour of consortium Cineca (notified under document C(2024) 7987)
Cinneadh (AE) 2025/1963 ón gCoimisiún an 21 Samhain 2024 maidir le beart SA.39639 (2021/C) (ex 2021/NN) arna chur chun feidhme ag an Iodáil i bhfabhar Chuibhreannas Cineca (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 7987)
Cinneadh (AE) 2025/1963 ón gCoimisiún an 21 Samhain 2024 maidir le beart SA.39639 (2021/C) (ex 2021/NN) arna chur chun feidhme ag an Iodáil i bhfabhar Chuibhreannas Cineca (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 7987)
C/2024/7987
IO L, 2025/1963, 15.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1963/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
В сила
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1963 |
15.10.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/1963 ÓN gCOIMISIÚN
an 21 Samhain 2024
maidir le beart SA.39639 (2021/C) (ex 2021/NN) arna chur chun feidhme ag an Iodáil i bhfabhar Chuibhreannas Cineca
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 7987)
(Is é an téacs Iodáilise amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 108(2) de,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, agus go háirithe Airteagal 62(1)(a) de,
Tar éis a iarraidh ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a chur isteach de bhun na forála (1) agus ag féachaint dá gcuid barúlacha,
De bharr an mhéid seo a leanas:
1. NÓS IMEACHTA
|
(1) |
An 15 Deireadh Fómhair 2014, fuair an Coimisiún gearán ó BeSmart S.r.l. (‘an gearánach’), cuideachta phríobháideach seirbhísí TF de chuid na hIodáile, inar líomhnaíodh go bhfaigheann Cineca, cuibhreannas neamhbhrabúsach faoi úinéireacht phoiblí, státchabhair chun seirbhísí TF a sholáthar 1) don Aireacht Oideachais (2) (‘MIUR’ nó ‘an Aireacht’), agus d’údaráis phoiblí eile agus 2) d’ollscoileanna. Tá Cineca ag gabháil do sheirbhísí Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta (‘HPC’) a sholáthar freisin. Líomhnaíonn an gearánach freisin, in éagmais deighilt cuntas ó ghníomhaíochtaí gnó éagsúla Cineca, gur foinse iad na hacmhainní a fhaigheann Cineca ón Stát as seirbhísí TF a sholáthar do MIUR agus as seirbhísí Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta (‘HPC’) óna ndéanann Cineca a ghníomhaíochtaí a thras-fhóirdheonú in earnálacha ina bhfuil an gearánach gníomhach, go háirithe an earnáil seirbhísí TF riaracháin stáit agus an earnáil seirbhísí TF ollscoile. |
|
(2) |
Le litir dar dáta an 2 Márta 2021, chuir an Coimisiún an Iodáil ar an eolas go raibh cinneadh déanta aige an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 108(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a thionscnamh i leith an bhirt. |
|
(3) |
An cinneadh ón gCoimisiún chun an nós imeachta a thionscnamh (‘an cinneadh tosaigh’), foilsíodh é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3). D’iarr an Coimisiún ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a chur isteach. |
|
(4) |
Fuair an Coimisiún barúlacha ó cheithre thríú páirtí. Chuir sé ar aghaidh chuig an Iodáil iad, agus tugadh deis di freagra a thabhairt. Fuarthas barúlacha na hIodáile i litir dar dáta an 25 Feabhra 2022. |
|
(5) |
D’iarr an Coimisiún tuilleadh faisnéise ar an ngearánach an 20 Iúil 2022, agus thug an gearánach freagra air an 9 Meán Fómhair 2022. Cuireadh an freagra sin ar aghaidh chuig an Iodáil an 14 Aibreán 2023. Chuir an gearánach faisnéis bhreise isteach an 26 Iúil agus an 29 Meán Fómhair 2023. |
|
(6) |
D’iarr an Coimisiún tuilleadh faisnéise ar an Iodáil an 6 Iúil 2022, an 2 Márta, an 3 Aibreán agus an 29 Aibreán, an 29 Bealtaine 2023, an 14 agus an 20 Meitheamh 2024. Thug an Iodáil freagra ar na hiarrataí sin ar fhaisnéis an 9 Meán Fómhair 2022, an 23 Aibreán, an 26 agus an 30 Bealtaine, an 7 Meitheamh, an 29 Meán Fómhair 2023, agus an 16 Iúil 2024. |
2. TUAIRISC MHIONSONRAITHE AR AN mBEART/AN gCABHAIR
2.1. An tairbhí líomhnaithe agus a ghníomhaíochtaí
|
(7) |
Is cuibhreannas neamhbhrabúsach idir-ollscoileanna é Cineca (‘Cineca’) a bunaíodh ar thionscnamh na hAireachta Oideachais an 14 Iúil 1967 chun lárionad ríomhaireachta oirthuaisceart na hIodáile a bhainistiú. Ba é an misean bunaidh a bhí aige struchtúr a thógáil san Iodáil a bhí tiomnaithe don tsár-ríomhaireacht, le húsáid chun críoch taighde (4). Ina dhiaidh sin, leathnaigh an Cuibhreannas a raon gníomhaíochtaí agus ghlac sé le hollscoileanna poiblí agus príobháideacha Iodálacha éagsúla, agus le comhlachtaí taighde poiblí áirithe (5). |
|
(8) |
Leasaíodh Airteagail Chomhlachais Cineca roinnt uaireanta agus forbraíodh iad le himeacht ama chun díriú ar a phríomhghníomhaíochtaí:
|
|
(9) |
In 2009, leasaíodh na hAirteagail Chomhlachais chun forálacha maidir le deighilt cuntasaíochta a thabhairt isteach: ‘ Comhlíonfaidh an buiséad, agus an bhainistíocht a dhéanfar air ina dhiaidh sin, critéir na costéifeachtachta; gan dochar do chineál aonadach na gcuntas agus na ráiteas airgeadais, áiritheofar comhlíontacht phrionsabal na deighilte cuntasaíochta idir na gníomhaíochtaí a dhéantar do chomhaltaí an Chuibhreannais agus na gníomhaíochtaí a dhéantar do thríú páirtithe trí iontrálacha sonracha cuntasaíochta anailísí agus trí thuarascálacha tréimhsiúla’ (6). |
|
(10) |
In 2012, rinneadh Cineca a chumasc le dhá chuibhreannas phoiblí eile (CILEA agus CASPUR), arb é ba aidhm dó ‘eintiteas aonair a bhunú ar an leibhéal náisiúnta agus é mar chúram air tacaíocht leordhóthanach a áirithiú, i dtéarmaí nuálaíochta agus tairiscint seirbhíse, chun riachtanais na hAireachta, an chórais ollscoile, agus na n-earnálacha taighde agus oideachais a chomhlíonadh’. |
|
(11) |
In 2014, bhí na heintitis seo a leanas ina gcomhaltaí de Cineca: MIUR, 66 ollscoil phoiblí, agus 4 ollscoil neamhstáit. Mhínigh an Iodáil nach bhfuil aon ollscoil phríobháideach i gcóras ollscoile na hIodáile. Tá stádas comhlachtaí poiblí ag gach ollscoil agus is féidir iad a dheighilt in dhá chatagóir: Ollscoileanna stáit agus ollscoileanna neamhstáit a bhfuil aitheantas dlíthiúil acu. D’fhág na hollscoileanna neamhstáit an Cuibhreannas in 2016 tar éis do reacht nua teacht i bhfeidhm. Tá rannpháirtíocht sa Chuibhreannas lánroghnach. |
2.1.1. Príomhréimsí gnó Cineca
(i) Seirbhísí TF (7) do MIUR
|
(12) |
Déanann Cineca córais faisnéise a dhearadh, a fhorbairt agus a bhainistiú chun tacú leis an gcóras acadúil agus taighde náisiúnta. Cumasaíonn na córais faisnéise sin an idirghníomhaíocht idir an Aireacht agus na hollscoileanna agus áirítear leo raon leathan seirbhísí, amhail (i) bainistiú chartlann náisiúnta na foirne teagaisc tionachta agus taighdeoirí a fhostaíonn ollscoileanna na hIodáile; (ii) bainistiú glaonna ar chistiú le haghaidh tionscadal taighde; (iii) bainistiú sonraí áirithe mac léinn (8); (iv) feidhmeanna bainistíochta acmhainní daonna caighdeánacha (e.g. párolla) d’fhoireann ollscoile; (v) suíomhanna gréasáin mac léinn agus taighdeoirí; (vi) bainistiú clárúcháin chun trialacha agus réamhchlárú a rochtain- do dhámha ollscoile nó do chomórtais oscailte do mhúinteoirí scoile; (vii) bainistiú buiséid ollscoileanna agus leithdháileadh cistí bliantúla. Bainistíonn Cineca an Ghníomhaireacht Náisiúnta um Measúnú ar an gCóras Ollscoile agus Taighde (ANVUR) agus tairseach Taighde Náisiúnta na hIodáile freisin (9). |
|
(13) |
Le haghaidh na seirbhísí sin, fuair Cineca maoiniú poiblí bliantúil sa raon EUR 10-20 milliún. Socraítear an méid gach bliain trí bhíthin foraithne. |
(ii) Seirbhísí TF d’ollscoileanna
|
(14) |
Soláthraíonn Cineca córas comhtháite bogearraí ollscoile darb ainm U-GOV a thairgeann bainistiú phríomhréimsí feidhme na n-ollscoileanna. Tá foireann feidhmchláir U-GOV comhdhéanta de mhodúil bogearraí éagsúla, amhail (i) bainistiú cúrsa agus mac léinn (i.e. riarachán cúrsa, clárú mac léinn, riarachán mac léinn, riarachán scrúduithe, etc.); (ii) bainistiú acmhainní daonna; (iii) airgeadas agus cuntasaíocht; (iv) bainistiú doiciméad (i.e. cartlannú doiciméad, bainistíocht dhigiteach, etc.). Tá Cineca ag soláthar seirbhísí do níos mó ná 80 ollscoil phoiblí, níos mó ná 25 ollscoil neamhstáit nó príobháideach agus d’institiúidí ar an gcoigríoch (10). Faigheann na hollscoileanna na seirbhísí sin go díreach ó Cineca nó trí thairiscintí poiblí. |
|
(15) |
Ba é thart ar EUR 173 mhilliún an t-ioncam comhfhreagrach do Cineca ó 2015 go 2018, lena n-áirítear thart ar EUR 159 milliún ó ollscoileanna stáit agus thart ar EUR 14 mhilliún ó ollscoileanna neamhstáit nó eachtracha. |
(iii) Seirbhísí Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta (HPC)
|
(16) |
Oibríonn Cineca an lárionad HPC is mó san Iodáil agus ceann de na mórionaid HPC san Aontas Eorpach. Díríonn seirbhísí HPC go príomha ar eagraíochtaí poiblí chun taighde bunúsach agus feidhmeach (11) a chur chun cinn ar an leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta araon. |
(iv) Seirbhísí eile
|
(17) |
Soláthraíonn Cineca seirbhísí TF freisin don earnáil bithleighis agus cúraim sláinte (i.e. cuideachtaí cúraim sláinte mar aon le comhlachtaí taighde poiblí nó príobháideacha, idir chomhlachtaí Iodálacha agus chomhlachtaí eachtracha, agus don tionscal cógaisíochta (12)) agus d’eintitis éagsúla phoiblí agus phríobháideacha (13) a ghníomhaíonn ar an leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta. Thart ar EUR 77 milliún a bhí san ioncam gaolmhar sa tréimhse ó 2015 go 2018 (14). |
2.2. An gearánach agus an gearán
|
(18) |
Is gnóthas é BeSmart atá speisialaithe i ndearadh agus i bhforbairt córas bogearraí atá tiomnaithe do bhainistiú ollscoileanna agus riarachán poiblí. Tá trí líne táirgí aige (15)::
|
|
(19) |
Ní sholáthraíonn BeSmart seirbhísí HPC. |
2.2.1. Seirbhísí TF do MIUR
|
(20) |
De réir an ghearánaigh, is státchabhair neamhdhleathach agus neamhréireach é an maoiniú bliantúil do Cineca ó MIUR chun seirbhísí TF a sholáthar do MIUR. Ba cheart do MIUR na seirbhísí sin a fháil ar an margadh trí nós imeachta tairisceana, ós rud é nach soláthraí inmheánach é Cineca. Thug an soláthar díreach ó Cineca buntáiste eacnamaíoch do Cineca toisc go bhfuil na praghsanna a chuirtear i bhfeidhm le haghaidh na seirbhísí sin os cionn leibhéal an mhargaidh. Sonraíonn an gearánach nach bhfuil siad i gcomhréir le praghsanna tagarmhairc Consip (16). |
|
(21) |
Roimh 2015, bhí na cistí sin, a leithdháileadh go bliantúil ex-ante trí bhíthin foraithne dlí, neamh-inaisíoctha; dá bhrí sin, de réir an ghearánaigh, ba léir nach raibh baint dhíreach acu leis na gníomhaíochtaí iarbhír a rinne an Cuibhreannas le haghaidh MIUR. Mhaígh an gearánach gur deimhníodh a thuairim le breithiúnais ón gcúirt riaracháin is airde san Iodáil, Consiglio di Stato, amhail breithiúnas Uimh. 6009/2018 an 22 Deireadh Fómhair 2018 (17) (‘breithiúnas Uimh. 6009/2018’). |
2.2.2. Seirbhísí TF d’ollscoileanna na hIodáile
|
(22) |
Measann an gearánach nach eagraíocht inmheánach é Cineca de MIUR ná de na n-ollscoileanna ar leis an gCuibhreannas iad. Mar thoradh air sin, níor cheart conarthaí le Cineca a bheith tugtha i gcrích ach amháin ar bhonn nós imeachta roghnúcháin iomaíoch. |
|
(23) |
Ina theannta sin, de réir an ghearánaigh, tá na praghsanna a íocann ollscoileanna na hIodáile le Cineca as seirbhísí bogearraí agus TF a sholáthar níos airde ná praghsanna margaidh (18). Bheadh sé sin ina ghné den státchabhair. |
|
(24) |
Áitíonn an gearánach freisin go mbeadh dreasachtaí breise ag ollscoileanna chun ceannach ó Cineca. Soláthraíonn Cineca seirbhísí TF do MIUR is gá chun sonraí acadúla a bhailiú agus a rialú – trína bhunachar sonraí ANS, Clárlann na Mac Léinn – rud a fhágann gur féidir go teicniúil leis na hollscoileanna deontais a fháil ón gciste ar a dtugtar ‘an Gnáthchiste Maoiniúcháin’ (‘Fondo Finanziamento Ordinario’) (19). Tá sé fíor-riachtanach, dá bhrí sin, go mbeadh na córais feidhmchlár bainistíochta a úsáideann ollscoileanna idir-inoibritheach (20) leis an mbunachar sonraí sin, a fhorbraíonn agus a bhainistíonn Cineca. Ní mór do sholáthróirí bogearraí bainistíochta do na hollscoileanna a bheith eolach ar shonraíochtaí teicniúla na mbunachar sonraí sin maidir le sonraí a fháil. Agus praghsanna boilscithe á n-íoc acu, agus feidhmchláir Cineca á n-úsáid acu, gheobhadh ollscoileanna rochtain níos éasca ar dheontais an Ghnáthchiste Maoiniúcháin a dhéanfadh na costais soláthair níos airde a fhritháireamh. |
|
(25) |
I ndáil leis sin, líomhnaítear go dtugann ról Cineca, mar sholáthróir seirbhísí tosaíochta MIUR laistigh den chóras ollscoile, buntáiste teicniúil agus eacnamaíoch do Cineca. Mhíneofaí leis sin an fáth a bhfuil ollscoileanna toilteanach praghas boilscithe líomhnaithe a íoc chun feidhmchláir Cineca a úsáid. |
2.2.3. Líomhaintí eile: tras-fhóirdheonú/róchúiteamh
|
(26) |
Is acmhainní iad na cistí a aistríonn MIUR go bliantúil le haghaidh seirbhísí TF a sholáthraítear do MIUR, na hioncaim a eascraíonn as seirbhísí TF a sholáthraítear do na hollscoileanna agus na cistí a sholáthraíonn MIUR le haghaidh seirbhísí HPC (21) a d’fhéadfaí a úsáid chun na costais a thabhaíonn Cineca a chumhdach, i ndáil leis na gníomhaíochtaí uile a dhéantar ar an gcaoi sin do chomhaltaí an Chuibhreannais, agus d’eintitis phoiblí agus phríobháideacha eile araon. Dá bhrí sin, de réir an ghearánaigh, d’úsáidfí cistí poiblí chun gníomhaíochtaí eacnamaíocha, ina bhfuil iomaíocht ón ngearánach roimh Cineca, a thras-fhóirdheonú. |
|
(27) |
De réir an ghearánaigh, ní raibh deighilt cuntasaíochta i bhfeidhm ag Cineca. Líomhnaíonn an gearánach freisin nach raibh an mhodheolaíocht leithdháilte costas bunaithe ar spreagthaí leithdháilte arna gcinneadh ex-ante (22). |
|
(28) |
Chun seirbhísí TF a sholáthar do MIUR, níor cheart Cineca a íoc ach an méid a chomhfhreagraíonn do na seirbhísí a sholáthraítear iarbhír do MIUR. Ba cheart an méid iarbhír arna íoc a bheith bunaithe ar thuarascáil ar na gníomhaíochtaí a rinneadh iarbhír De réir an ghearánaigh, áfach, go dtí 2015 (23), níor chuir Cineca tuarascáil isteach fiú maidir le costas na ngníomhaíochtaí a rinneadh le haghaidh MIUR chun an méid comhfhreagrach a íocadh a fháil (24). |
2.3. Argóintí na hIodáile roimh thús an nós imeachta imscrúdaithe fhoirmiúil
|
(29) |
D’áitigh an Iodáil go raibh ról fíor-riachtanach ag Cineca i gcomhthéacs an chórais náisiúnta oideachais agus taighde, arbh é a bhí ann tacaíocht iomchuí a sholáthar do MIUR, don chóras ollscoile, don phobal taighde, agus don earnáil oideachais. De réir na hIodáile, bhí Cineca fíor-riachtanach chun MIUR agus na hollscoileanna a chumasú chun a gcúram poiblí a dhéanamh. D’áitigh an Iodáil freisin nach raibh na praghsanna a íocadh le Cineca chun seirbhísí TF a sholáthar os cionn praghsanna margaidh. Dá bhrí sin, ní bhfuair Cineca buntáiste roghnaitheach. Ina theannta sin, bhí ardleibhéal cuimsitheachta ag seirbhísí TF Cineca agus ardleibhéal idir-inoibritheachta le chéile, gné a dhéanann idirdhealú idir Cineca agus a iomaitheoirí. |
|
(30) |
Ar deireadh, maidir leis an tras-fhóirdheonú líomhnaithe, d’áitigh an Iodáil gur áirithíodh le modheolaíochtaí cuntasaíochta leordhóthanacha i gcomhréir le rialacha cuntasaíochta na hIodáile nár tharla tras-fhóirdheonú roimh 2016, agus gur tugadh isteach deighilt fhoirmiúil cuntas in 2016. D’eisiafadh sé sin tras-fhóirdheonú. |
2.4. Forais chun an nós imeachta a thionscnamh de bhun Airteagal 108(2) CFAE
|
(31) |
Chuir an Coimisiún tús leis an nós imeachta chun féachaint lena shuí an státchabhair iad 1) na híocaíochtaí le Cineca as seirbhísí TF a sholáthar do MIUR agus 2) na híocaíochtaí ó ollscoileanna na hIodáile le Cineca as seirbhísí TF ollscoile. Ina theannta sin, d’fhéach an Coimisiún lena shuí an raibh róchúiteamh mar thoradh ar íocaíochtaí a rinneadh le Cineca i dtaca le seirbhísí TF a sholáthar do MIUR agus do sheirbhísí HPC nó ar úsáideadh iad chun gníomhaíochtaí eacnamaíocha Cineca a thras-fhóirdheonú i margaí ina raibh iomaíocht ón ngearánach roimhe. |
2.4.1. Íocaíocht as seirbhísí TF a sholáthar do MIUR
Gníomhaíocht eacnamaíoch
|
(32) |
A mhéid a bhaineann leis na híocaíochtaí as seirbhísí TF a sholáthar do MIUR, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid shealadach sa chinneadh tosaigh nach bhféadfaí a eisiamh go raibh nasc intreach ann idir soláthar seirbhísí TF do MIUR agus dualgais fhíor-riachtanacha MIUR agus, dá bhrí sin, nach gníomhaíocht eacnamaíoch a bhí i soláthar seirbhísí TF do MIUR. Bhí an réamhchonclúid sin bunaithe ar chásdlí TenderNed (25) agus ar chinneadh críochnaitheach an Choimisiúin in SA.34402 (‘Cinneadh HIS’) (26), lenar cinneadh go raibh nasc intreach idir gníomhaíochtaí áirithe, amhail ardán leictreonach a thairiscint lena gcuirtear ar a gcumas d’údaráis phoiblí nósanna imeachta soláthair phoiblí a bhainistiú (TenderNed) agus seirbhísí TF a sholáthar d’ollscoileanna poiblí (Cinneadh HIS) le dualgas fíor-riachtanach an Stáit agus gur gá iad chun na dualgais fhíor-riachtanacha sin a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, ní bheadh na gníomhaíochtaí sin ina ngníomhaíocht eacnamaíoch. |
Buntáiste
|
(33) |
Thairis sin, chuir an Coimisiún amhras in iúl agus d’iarr sé barúlacha maidir le cé acu ar íoc MIUR praghsanna margaidh ar na seirbhísí i gceist nó ar thairbhigh Cineca de bhuntáiste roghnaitheach. Thug an Coimisiún dá aire nár léirigh an Iodáil gur cinneadh na praghsanna ar sholáthar seirbhísí TF do MIUR trí nós imeachta tairisceana iomaíoch, trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus neamhchoinníollach, nó trí aon mhodh iomaíoch eile amhail e.g. staidéir neamhspleácha (27). |
2.4.2. Íocaíocht as seirbhísí TF a sholáthar d’ollscoileanna na hIodáile (28)
Gníomhaíocht eacnamaíoch
|
(34) |
A mhéid a bhaineann le seirbhísí TF a sholáthar d’ollscoileanna na hIodáile, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid shealadach, ar bhonn Chinneadh HIS, gur gníomhaíocht í a bhfuil nasc intreach aici leis an gcúram atá ar an Stát oideachas treasach a sholáthar agus, dá bhrí sin, nach de chineál eacnamaíoch í. Dá ndeimhneofaí an chonclúid shealadach sin, ní mheasfaí Cineca a bheith ina ghnóthas de réir bhrí an chásdlí ábhartha maidir leis an ngníomhaíocht sin, agus ní státchabhair a bheadh sna híocaíochtaí ó na hollscoileanna sin le Cineca. |
Acmhainní stáit agus a mhéid atá siad inchurtha i leith an Stáit
|
(35) |
D’ardaigh an Coimisiún an cheist an bhfuil cinneadh na n-ollscoileanna Cineca a roghnú chun a mbogearraí TF a cheannach inleagtha ar an Stát. Thángthas ar an réamhchonclúid leis an gcinneadh tosaigh gur dócha go raibh inleagthacht i gceist roimh ghlacadh an dlí ar a dtugtar ‘salva Cineca’ agus ina dhiaidh (i.e. Dlí Foraithne Uimh. 78/2015). Roimh theacht i bhfeidhm an dlí sin, d’fhéadfadh sé go raibh an inleagthacht mar thoradh ar ollscoileanna Iodálacha a cháiliú mar chomhlachtaí poiblí agus ar chomhionadaithe na n-ollscoileanna agus MIUR a bheith i láthair ar chomhlacht cinnteoireachta Cineca d’ainneoin gur roghnaigh cuid mhór d’ollscoileanna seirbhísí TF a cheannach ó sholáthraithe malartacha (féach aithris 56 den chinneadh tosaigh). |
|
(36) |
Tar éis theacht i bhfeidhm an dlí, measadh gur dócha go mbeadh inleagthacht ann ar bhonn léirmhíniú sealadach ar dhlí salva Cineca lena gceanglaítear ar eintitis atá mar chuid den struchtúr oideachais, ollscoile agus taighde seirbhísí TF a sholáthar dá n-oibríochtaí iad féin nó na seirbhísí a fháil trí chomhlachtaí a bhfuil na saintréithe céanna acu le Cineca. |
Buntáiste
|
(37) |
Thairis sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid shealadach go bhféadfadh sé nár íoc na hollscoileanna praghas margaidh as na seirbhísí a sholáthair Cineca agus, dá bhrí sin, go bhféadfadh sé gur thairbhigh Cineca de bhuntáiste roghnaitheach. |
2.4.3. Róchúiteamh agus/nó tras-fhóirdheonú gníomhaíochtaí inar iomaitheoir é an gearánach
|
(38) |
Ar deireadh, d’ardaigh an Coimisiún an cheist an ndearna Cineca tras-fhóirdheonú ar a dhíolacháin táirgí agus seirbhísí TF trí úsáid a bhaint as cistí poiblí arna bhfáil ó MIUR le haghaidh na gníomhaíochta HPC neamhthráchtála/institiúidí agus/nó le haghaidh seirbhísí TF do MIUR chun tacú lena dhíolacháin seirbhísí bogearraí ollscoile agus seirbhísí TF le heintitis riaracháin Stáit, in dhá dheighleog inar iomaitheoir de chuid Cineca é an gearánach. |
|
(39) |
Tugadh faoi deara leis an gcinneadh tosaigh nár tugadh isteach córas foirmiúil deighilte cuntasaíochta ach in 2016. Roimh 2016, d’úsáid Cineca nós imeachta cuntasaíochta costála maidir le ‘leithdháileadh costas díreach’, ina raibh lárionaid bhrabúis, lárionaid chostais agus gealltanais, arna miondealú faoi threoir aonaid oibríochtúla shocruithe eagraíochtúla Cineca. Leis an gcóras deighilte cuntasaíochta atá ann faoi láthair, féadtar nós imeachta níos mionsonraithe maidir le comhchoibhneas costais/ioncaim a dhéanamh agus costais sannta go hiomlán do na haonaid ghnó ábhartha. |
|
(40) |
Mhínigh an cinneadh tosaigh freisin go ndearna Cineca athdhréachtú iarbhír ar an tuarascáil bhliantúil chuntasaíochta (costas) (le haghaidh na seirbhísí HPC neamhthráchtála/institiúideacha) in 2015 agus na critéir a tugadh isteach in 2016 á gcur i bhfeidhm aige. De réir na tuarascála athshonraithe ar chostais, bhí costais níos airde ag Cineca ná na costais a tabhaíodh agus a gearradh ar MIUR tráth na tuarascála bunaidh, i.e. in 2015. |
|
(41) |
Ní raibh sonraí leordhóthanacha ag an gCoimisiún, áfach, chun fíorú a dhéanamh ar an modheolaíocht chuntasaíochta a d’úsáid Cineca chun é a athríomh ná ar na sonraí iarbhír ar cuireadh an mhodheolaíocht sin i bhfeidhm ina leith. |
|
(42) |
Ar an gcaoi sin, d’fhéach an Coimisiún lena shuí ar bunaíodh coimircí leordhóthanacha maidir le deighilt éifeachtach cuntas laistigh de Cineca roimh 2016 (féach aithris (30)), agus an raibh an mhodheolaíocht deighilte cuntas a bunaíodh in 2016 éifeachtach. Mar mhalairt air sin, d’fhéach an Coimisiún lena shuí ar cuireadh aon chóras eile i bhfeidhm lenar cuireadh cosc ar thras-fhóirdheonú agus/nó ar róchúiteamh. |
3. BARÚLACHA Ó PHÁIRTITHE LEASMHARA
|
(43) |
Fuair an Coimisiún barúlacha ón ngearánach, ó thrí ghnóthas, a bhfuil dhá cheann acu gníomhach san earnáil seirbhísí TF, ó údaráis na hIodáile, agus ó Cineca. |
3.1. Barúlacha ón ngearánach
3.1.1 Seirbhísí TF do MIUR
|
(44) |
De réir an ghearánaigh, is cabhair neamhdhleathach neamh-chomhoiriúnach é an maoiniú poiblí bliantúil ó MIUR chuig Cineca chun seirbhísí TF a sholáthar do MIUR. Sonraíonn an gearánach ag an tús gur iomaitheoir é de chuid Cineca san earnáil seirbhísí TF riaracháin phoiblí agus liostaíonn sé tionscadail a rinne sé go rathúil thar ceann eintitis riaracháin phoiblí. Áirítear leo sin digitiú an Choiste um Uchtálacha Idirnáisiúnta in Oifig an Phríomh-Aire (29), gníomhaíochtaí do bhardas Bari, clár poiblí a chruthú le haghaidh cásanna meiningíteas d’Ospidéal Spallanzani na Róimhe, agus seirbhís TF a bhaineann leis an margadh saothair d’údarás réigiúnach Lazio. Tagraíonn an gearánach do bhreithiúnais ón gcúirt réigiúnach agus do bhreithiúnas ón gComhairle Stáit (30) lenar aithníodh a sheasamh chun agóid a dhéanamh i gcoinne na tacaíochta a fuair Cineca chun seirbhísí TF a sholáthar do MIUR. |
3.1.1.1.
|
(45) |
Áitíonn an gearánach gur gníomhaíocht eacnamaíoch é seirbhísí TF a sholáthar do MIUR, mar a tugadh le fios le breithiúnas ó Chomhairle Stáit na hIodáile (31) lena sonraítear gur ‘féidir teacht ar na seirbhísí tacaíochta TF do MIUR (…) ar an margadh do sheirbhísí agus do tháirgí TFC trí na nósanna imeachta coiteanna tairisceana poiblí agus nach dtagann siad faoi shainphribhléidí na n-údarás poiblí’. Tá cinntí cumaisc an Aontais bunaithe freisin ar an gcoincheap go dtairgtear seirbhísí TF i ndeighleoga éagsúla den earnáil seirbhísí TF, rud a léiríonn go bhfuil formhór na soláthraithe ag oibriú i líon mór earnálacha custaiméirí. |
|
(46) |
Thairis sin, mheas Údarás Iomaíochta na hIodáile i nós imeachta A490 – Próis Shibhialta Teileamaitice go raibh tionchar diúltach ag gníomhaíochtaí ‘Net Service’, cuideachta atá ceannasach sa mhargadh chun triail shibhialta teileamaitice ar líne a fhorbairt agus a oibriú, ar mhargadh iartheachtach na mbogearraí feidhmchláir do ghairmithe dlí a oibríonn laistigh de thriail shibhialta teileamaitice. Fuair Net Service buntáiste éagórach ar an margadh de bharr a ghaolmhaireachta tosaíochta le haireacht rialtais. Le tuairim eile, nós imeachta 1778 – Clár Leictreonach Scoile, cinneadh gur sháraigh dhá ghnóthas Airteagal 102 CFAE, gnóthais ag a bhfuil sciar comhcheangailte de níos mó ná 50 % den mhargadh i bhfeidhmchláir nuálacha TF do scoileanna trí shrian a chur le comhoiriúnacht a mbogearraí le cláir iomaitheoirí. De réir an ghearánaigh, deimhnítear leis na cinntí sin cineál eacnamaíoch na ngníomhaíochtaí i gceist agus cinntear leo freisin gur modhanna leithleacha agus ar leithligh ó fheidhmiú chumhacht an Stáit iad na gníomhaíochtaí sin. |
|
(47) |
Deirtear go léirítear leis na samplaí sin nach bhfuil i Cineca ach soláthróir seirbhísí TF do MIUR agus do na hollscoileanna agus, mar sin, is gnóthas é. Tá ceannasacht faighte ag an ngnóthas sin ar an margadh, mar thoradh ar dhámhachtainí díreacha a fháil de shárú ar na rialacha Eorpacha maidir le soláthar poiblí, rud a sháraigh forálacha comhcheangailte Airteagail 102, 106, 28, 49 agus 56 CFAE freisin. |
3.1.1.1.1. Anailís ar an gcásdlí is infheidhme (32)
|
(48) |
De réir an ghearánaigh, tá anailís chinneadh an Choimisiúin ar argóint an ‘naisc intrigh’ a tógadh ó chásanna TenderNed, ZVG Portal, Compass-Datenbank (i bhfianaise chás Scattolon) mícheart. De réir na gcásanna sin, ní gníomhaíocht eacnamaíoch í gníomhaíocht má tá sí nasctha, de réir a cineáil, a cuspóra, agus na rialacha a bhfuil an ghníomhaíocht faoina réir, le feidhm fhíor-riachtanach an Stáit. Ar bhealach níos mionsonraithe, míníonn an gearánach an tuiscint atá aige ar na gnéithe seo a leanas de na cásanna sin mar aon lena n-ábharthacht don chás seo:
|
|
(49) |
Mar achoimre, de réir an ghearánaigh, mar a thugtar le fios leis an gcinneadh tosaigh, ní sholáthraíonn MIUR oideachas per se, ach seirbhísí riaracháin agus bainistíochta. Ní theastaíonn aon phearsantú ó na seirbhísí TF a thairgeann Cineca. Tá siad ar fáil go héasca ar an margadh agus, dá bhrí sin, ní féidir a mheas go bhfuil siad ‘fíor-riachtanach’ ná ‘ríthábhachtach’. Go háirithe, níl sna seirbhísí do MIUR ach soláthar seirbhísí tipiciúla bainistithe oibríochtúil chun córais chasta ríomhaireachta a oibriú d’eintiteas riaracháin phoiblí, gan aon réiteach teicniúil atá an-chasta amhail tairseacha gréasáin a nuashonrú agus a athdhearadh, comhairleacht, anailís rialála; creat sínithe a ullmhú; freastalaithe, bogearraí, línte ISDN, stáisiúin oibre, cártaí cliste a chothabháil (37). Níl i seirbhís Cineca ach soláthar acmhainní daonna cáilithe, i.e. pearsanra amhail ceannaire tionscadail, anailísí feidhmiúil, ailtire córais, innealtóirí córais agus anailísithe ríomhchláraitheora, comhairleoirí agus sainchomhairleoirí. D’fhéadfadh aon oibreoir seirbhísí den sórt sin a sholáthar agus idirthréimhse idir trí mhí agus ceithre mhí ann. |
|
(50) |
Ar an mbonn sin, tagann an gearánach ar an gconclúid gur gníomhaíocht eacnamaíoch a bheadh sna seirbhísí a sholáthraítear do MIUR. Ní sholáthraíonn MIUR féin oideachas per se, agus ní dhéanann táirgí agus seirbhísí TF Cineca ach MIUR a chumasú chun a fheidhmeanna aireachta a chomhlíonadh. Níl aon oibleagáid dhlíthiúil bheacht forchurtha ar MIUR chun seirbhísí TF a sholáthar. Tá úsáid bogearraí agus táirgí TF a úsáideann MIUR agus ollscoileanna ina cuid de chuspóir níos ginearálta maidir le ríomhairiú riarachán poiblí na hIodáile. Tá úsáid bogearraí agus táirgí TF ag MIUR agus ag na hollscoileanna cuimsithe laistigh den chuspóir ginearálta maidir le ríomhairiú riarachán poiblí iomlán na hIodáile (plean r-sheirbhísí rialtais 2012). |
|
(51) |
Le soláthar seirbhísí TF Cineca, déantar idirdhealú idir MIUR agus aireachtaí eile, amhail an Aireacht Dlí agus Cirt, mar shampla. Tá oibleagáid reachtúil ar an Aireacht Dlí agus Cirt seirbhísí ceartais a sholáthar agus chuige sin, na huirlisí TF is gá a sholáthar (féach Airteagal 16(3)(b) d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 300/1999), agus d’úsáid sí Consip fós chun na seirbhísí i gceist a sholáthar. |
|
(52) |
Murab ionann agus HIS GmbH i gcás HIS, níor bunaíodh Cineca agus é mar aidhm shainráite aige na cúraimí a rinne sé a dhéanamh. Ba é ba aidhm dó, nuair a bunaíodh é, feidhmiú mar lárionad uathphróiseála sonraí. (Féach fodhlíthe 1969: ‘na meáin phróiseála sonraí is forbartha a sholáthar’.) I bhfodhlíthe 1998 agus 2005, ní luaitear an sprioc maidir le seirbhísí TF a sholáthar. Is i bhfodhlíthe 2006 amháin a luaitear an cúram maidir le ‘córais faisnéise iomchuí a sholáthar’. Níor luadh tagairt do ‘sheirbhísí TF’ ach amháin tar éis leasú 2017 ar Airteagail Chomhlachais Cineca. |
|
(53) |
Níor luadh aon sainordú chun seirbhísí TF a sholáthar sna forálacha dlí a bhaineann leis an gcumasc idir Cineca, CILEA agus CASPUR (38), ach oiread. Ní bhunaítear leis an rialachán ábhartha ach an rogha do MIUR agus do na hollscoileanna seirbhísí TF a iarraidh ar Cineca. |
|
(54) |
Thairis sin, chuirfeadh gairm fiontraíochta Cineca isteach ar an nasc intreach idir a chuid gníomhaíochtaí agus feidhm phoiblí. Déantar an ghníomhaíocht nach bhfuil nasc intreach aici le feidhm phoiblí a sheachfhoinsiú chuig tríú páirtí a bhfuil gairm ghnó aige. Is é sin an chonclúid de réir ZVG Portal, ar dá réir nach mór cineál eacnamaíoch gníomhaíochta a mheas sa chomhthéacs ina ndéantar an ghníomhaíocht sin. |
|
(55) |
Luaigh Airteagail Chomhlachais Cineca freisin an fhéidearthacht go soláthródh Cineca seirbhísí do ghnóthais phríobháideacha (39). Leathnaigh réimse gníomhaíochtaí agus bonn cliant Cineca go mór ó bunaíodh é, nach raibh ann ach lárionad sár-ríomhaireachta ar dtús. Leathnaigh sé isteach san earnáil TF ollscoile, lena n-áirítear i dtíortha eachtracha agus i roinnt tionscail, amhail tionscail chúraim sláinte agus bhithleighis, tionscal cógaisíochta mar aon le tionscail éagsúla eile ina bhfuil cuideachtaí Iodálacha agus idirnáisiúnta, amhail Eni, gníomhach. Bhí geallta ag Cineca freisin i ngnólachtaí eile amhail KION (maidir le gnó TF ollscoile) agus SCS S.r.l. (i dtaca le gníomhaíocht HPC). Déanann Cineca bogearraí a cheadúnú agus cearta dúshaothraithe eacnamaíoch a choinneáil siar i dtaca le bogearraí riaracháin phoiblí (40) mar aon le bogearraí TF ollscoile. |
|
(56) |
Tacaíonn breithiúnais ar leibhéal an Aontais agus breithiúnais na hIodáile araon le hargóintí an ghearánaigh a bhaineann le cineál eacnamaíoch an tsoláthair seirbhísí TF do MIUR. Sa bhreithiúnas ó C-3/88 an Coimisiún v an Iodáil, chinn an Chúirt Bhreithiúnais Eorpach ‘gur de chineál teicniúil iad dearadh, ríomhchlárú agus oibriú na gcóras próiseála sonraí agus, dá bhrí sin, nach mbaineann siad le feidhmiú údaráis oifigiúil’ (41). |
|
(57) |
Chinn Cúirt Réigiúnach Riaracháin Lazio ina breithiúnas Uimh. 2922/2017 go bhfuil ‘an ghníomhaíocht a iarraidh ó thríú páirtí (sa chás seo, Cineca ) chun na riachtanais institiúideacha shonracha sin a chomhlíonadh, amhail suíomh gréasáin, bunachar sonraí, nó feidhmchlár ríomhaire a chruthú. Is gníomhaíocht eacnamaíoch í an ghníomhaíocht dheireanach sin agus tá sí fós amhlaidh, ós rud é go mbaineann sí le soláthar seirbhísí nó le táirgeadh earraí, a d’fhéadfadh an comhlacht institiúideach lena mbaineann a fháil, san achomaireacht, ar mhargadh táirgí agus seirbhísí TFC’. |
|
(58) |
Mar achoimre, measann an gearánach gur gníomhaíocht eacnamaíoch é soláthar seirbhísí TF do MIUR. |
3.1.1.2.
|
(59) |
Easaontaíonn an gearánach le seasamh an Choimisiúin maidir le prionsabal an Oibreora Geilleagair Margaidh a úsáid chun buntáiste roghnaitheach a chinneadh. Is amhlaidh atá toisc nach féidir na deontais neamh-inaisíoctha (42), de réir an ghearánaigh, a mheas mar chomaoin chun seirbhísí TF a fháil, ós rud é gur ghá an méid a mhuirearú ar roinn eile de mheastachán chostas bliantúil MIUR (43) ina leith sin. Ina theannta sin, bheadh gá le conradh nó doiciméad eile chun an t-idirbheart a rialáil ex-ante. Thairis sin, ní raibh aon íocaíocht CBL ar na híocaíochtaí sin a mbeadh gá léi dá mba chomaoin le haghaidh seirbhísí í. Ar deireadh, ní raibh aon oibleagáid tuairiscithe ann a bhain leis na híocaíochtaí sin, agus ní raibh aon chruthúnas ann go raibh tuarascálacha den sórt sin ann le haghaidh na mblianta 2004 go 2016. |
|
(60) |
De réir an ghearánaigh, sonraítear leis an gcinneadh tosaigh nár roghnaíodh Cineca ar bhonn tairisceana cuí. Dá bhrí sin, sháraigh MIUR na rialacha soláthair phoiblí, de réir an ghearánaigh, ós rud é nach eintiteas inmheánach de chuid MIUR é Cineca. Is cleachtas a nglactar leis go forleathan i measc eintitis riaracháin phoiblí na hIodáile é soláthar táirgí agus seirbhísí TF trí sholáthar poiblí (44). Go deimhin, ceanglaítear le hAirteagal 1 (512) de Dhlí Uimh. 208/2015 ‘go ndéanfaidh aireachtaí agus ollscoileanna poiblí (…) a riachtanais a chomhlíonadh go heisiach trí uirlisí ceannaigh agus caibidlíochta Consip nó [eintiteas eile] le haghaidh earraí agus seirbhísí [atá] ar fáil ó Consip nó ó na heintitis eile sin’ chun ceannacháin earraí agus seirbhísí TF agus nascachta a optamú agus a chuíchóiriú. |
|
(61) |
Sonraíonn an gearánach go n-úsáidtear Consip go forleathan chun táirgí agus seirbhísí speisialaithe inchomparáide amhail gluaisteáin phóilíneachta a fháil. Áirítear leis na samplaí an Aireacht Dlí agus Cirt a dhámh conradh ar an ngnóthas ‘Net Service’ tar éis tairisceana chun ardán teicneolaíochta a fhorbairt don Aireacht chun ‘nós imeachta sibhialta leictreonach’ a thabhairt isteach i gcríoch iomlán na hIodáile, ar cuid d’fheidhm fhíor-riachtanach na hAireachta é. Sheol MIUR féin tairiscint shrianta freisin chun córas faisnéise oideachais a fhorbairt agus a bhainistiú, ar cuid dá fheidhmeanna fíor-riachtanacha é. |
|
(62) |
I dtéarmaí buntáiste, áitíonn an gearánach gur cuireadh ar a chumas do Cineca, toisc nach bhfuarthas na seirbhísí trí nós imeachta soláthair phoiblí, seirbhísí a sholáthar do MIUR nach mbeadh sé in ann a sholáthar murach sin. |
|
(63) |
Áitíonn an gearánach freisin go bhfuil na praghsanna a mhuirearaíonn Cineca os cionn leibhéal an mhargaidh. Cé gur eisiadh iarbhír le breithiúnas Uimh. 10528/2019 ó Chúirt Réigiúnach Riaracháin Lazio (45) – a bhaineann le dámhachtain 2018 do sheirbhísí TF le haghaidh MIUR – gur sháraigh an méid cúitimh praghsanna margaidh, bhí an toradh sin neamhleordhóthanach, toisc gur úsáideadh an tagarmharc mícheart le haghaidh praghsanna margaidh leis an tuarascáil (46). Ba é an tagarmharc ceart na praghsanna a luaigh Consip do na speisialtóirí éagsúla i dtairiscint le haghaidh ‘córais bhainistíochta chomhtháite le haghaidh riarachán poiblí’ atá inchomparáide le seirbhísí Cineca, agus a bhuaigh grúpa soláthraithe TF. Sháraigh praghsanna Cineca praghsanna tairisceana Consip faoi 96 %. |
|
(64) |
Thairis sin, le tuairim shaineolach a sholáthair Cineca faoi luach margaidh sheirbhísí Cineca do MIUR (47) (’Tuairim shaineolach ar sheirbhísí do MIUR’ nó ‘Staidéar Corsa ar sheirbhísí MIUR’), úsáidtear praghsanna Assinter mar thagarmharc margaidh maidir le saineolas sonrach a chúiteamh. Is comhlachas de ghnóthais Iodálacha é Assinter a oibríonn de réir samhail inmheánach. Dá bhrí sin, ní bheadh na praghsanna sin ina dtagarmharc iomchuí toisc go mbunaítear iad in éagmais nós imeachta tairisceana iomaíche. Bheadh na rátaí a d’eascair as tairiscint Consip eile le haghaidh dámhachtainí i dtaca leis an ‘gCóras Nascachta Poiblí’ ina thagarmharc cuí eile. Ar deireadh, úsáidtear meastacháin hipitéiseacha le haghaidh gnéithe áirithe le staidéar Corso ar sheirbhísí MIUR, amhail an obair is gá le haghaidh gníomhaíochtaí forbartha agus cothabhála éabhlóidí, cé gur cheart dó figiúirí iarbhír a úsáid amhail an líon iomlán uaireanta an chloig a oibríodh nó na costais a tabhaíodh iarbhír. |
|
(65) |
Ullmhaíodh tuarascáil 2018 ar chostais a chuir Cineca faoi bhráid MIUR a bhain leis na costais chun seirbhísí TF a sholáthar do MIUR ex-post seachas ex-ante mar a cheanglaítear le cásdlí EDF (48). Tagraítear go soiléir leis an tuarascáil do thosca neamheacnamaíocha, amhail na ‘leasanna institiúideacha’, agus na tairbhí a ghnóthaigh na húsáideoirí tagartha. Ní féidir leasanna neamheacnamaíocha a chur san áireamh i dtástáil ar oibreoir geilleagair margaidh. |
|
(66) |
Bhí an tuairim shaineolach (féach aithris 64) a bhaineann le luach na seirbhísí do MIUR idir 2006 agus 2016) bunaithe ar mhodheolaíochta ríofa dhothuigthe. Is meastacháin hipitéiseacha iad na meastacháin a úsáidtear do luach na hoibre a infheistítear i soláthar sheirbhísí MIUR agus, dá bhrí sin, d’fhéadfadh siad a bheith míthreorach. Mar shampla, tá amhras ann faoin meastachán ar an obair a bhaineann leis an obair forbartha trí úsáid á baint as tagarmharc Assinter, faoi eachtarshuíomh na luachanna ó 2019 le haghaidh 2018 trí ‘mhéid suaiteachta’ ó bhliain go bliain a chur i bhfeidhm, agus faoin meastachán ar an méid táirgiúlachta trí úsáid á baint as tagarmharcanna Ghrúpa na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thagarmharcáil Bogearraí. Ar deireadh, le haghaidh ionchur an ualaigh oibre, ba cheart do Cineca na fíorshonraí doiciméadaithe a úsáid bunaithe ar na tuarascálacha bliantúla, nó ar na sonraí costais, a d’fhéadfaí a asbhaint dá mbeadh deighilt cuntas i bhfeidhm ag Cineca. Léiríonn an úsáid a baineadh as cuntas brabúis agus caillteanais le haghaidh fáltas/ioncam an easpa deighilte cuntas. |
3.1.2 Seirbhísí TF do na hollscoileanna
|
(67) |
Sonraíonn BeSmart gur iomaitheoir Cineca é sa deighleog seirbhísí TF ollscoile. Is táirge ardfhorbartha ‘Pleanála Acmhainní Fiontraíochta’ (‘PAF’) é táirge bogearraí ollscoile BeSmart , ‘smart_edu’ atá comhdhéanta de mhodúil oibríochtúla iomadúla lena gcumhdaítear riachtanais bhainistíochta agus ríomhairithe uile ollscoileanna na hIodáile. Forbraíodh an táirge i gcomhréir le Treoirlínte na hIodáile maidir le hOllscoil Dhigiteach a ghlac MIUR. Tá sé ar fáil mar tháirge atá le suiteáil i lárionad sonraí ollscoileanna agus mar ‘bhogearraí mar sheirbhís’ (mód SaaS) freisin. Áirítear an leagan deireanach sin le catalóg AgID (49) de néalseirbhísí atá cáilithe d’údaráis phoiblí. Tá Smart_edu ar fáil freisin sa chóras Mepa, i.e. sa mhargadh leictreonach don soláthar poiblí, a bhainistíonn Consip. Is iad seo a leanas na modúil is tábhachtaí de smart_edu: 1) maidir le rialachas ollscoile: cuntais sócmhainní, bainistiú uathoibrithe ar shreabha faisnéise, modúil SmartGov le haghaidh rialachas ollscoile, intleacht ghnó, agus réitigh teileafónaíochta ardfhorbartha; 2) maidir le hoifigí ollscoile: cuntasaíocht, leithdháileadh oifigí, agus seomraí ranga do ranganna éagsúla, clár taighde, seirbhísí socrúcháin, bainistíocht soghluaisteachta idirnáisiúnta; 3) maidir le rúnaíochtaí: rúnaíocht mac léinn lena mbainistítear sreabhadh oibre imeachtaí gairmeacha mac léinn, comhaid mac léinn, stóras sonraí, córas bainistíochta íocaíochta; 4) do mhúinteoirí: seisiúin scrúdaithe a bhainistiú, próifíl múinteoirí a chruthú, síniú cianda a sholáthar, stóráil leictreonach a sholáthar, etc.; 5) do mhic léinn: modúil ríomhfhoghlama, stampaí digiteacha le haghaidh deimhnithe digiteacha, ardán chun glaonna ar thairiscintí a tharraingt suas, liostaí rangaithe, etc. Maidir leis na feidhmiúlachtaí sin uile, oibríonn BeSmart seirbhísí cothabhála ceartaitheacha, éabhlóideacha agus leanúnacha, cúnamh teicniúil, agus deasc chabhrach. |
|
(68) |
D’ainneoin cheannas Cineca, bhí BeSmart in ann dul san iomaíocht le Cineca (agus praghsanna níos ísle agus cáilíocht níos fearr aige), agus d’éirigh le roinnt ollscoileanna soláthróir a athrú. Déanann Cineca na modúil U-GOV a mhargú ar leithligh agus tá siad idir-inoibritheach le táirgí soláthraithe eile agus níl aon deacracht ag ollscoileanna ina leith sin. |
|
(69) |
Mhéadaigh BeSmart a líon cliant ollscoile go mór idir 2014 agus 2022. D’aistrigh roinnt iar-chliaint Cineca/KION chuig BeSmart agus roghnaigh roinnt ollscoileanna córais áirithe BeSmart . |
3.1.2.1.
|
(70) |
Chomh maith leis an anailís ar dhlí-eolaíocht agus ar chásdlí (féach aithris (48)), a mheasann an gearánach a bheith infheidhme maidir le soláthar seirbhísí TF do MIUR, cuireann an gearánach roinnt argóintí i láthair atá ábhartha go sonrach do sholáthar seirbhísí TF do na hollscoileanna. Sonraíonn an gearánach gur tháinig Cineca isteach sa mhargadh seirbhísí TF ollscoile in 2001, nuair a bhí an margadh ann cheana féin, leis an ngnóthas KION, a raibh cuspóir láidir tabhaithe brabúis agus forleathnaitheach mar shaintréith aige (50). |
|
(71) |
Ní gá aon saincheapadh/phearsantú a dhéanamh ar na seirbhísí TF a chuireann Cineca ar fáil d’ollscoileanna. Úsáidtear iad i bpróisis eagraíochtúla agus riaracháin na hollscoile. Is táirgí Pleanála Acmhainní Fiontraíochta (’PAF’) (51) iad sin nach bhfuil difriúil le táirgí PAF le haghaidh cineálacha eile gnóthas. Is meáin iad na táirgí agus na seirbhísí atá ar leithligh ar fad ó shainordú poiblí Cineca agus atá ar fáil go héasca ar an margadh (52). Dá bhrí sin, ní féidir a mheas go bhfuil siad ‘fíor-riachtanach’ ná ‘ríthábhachtach’. |
|
(72) |
Tá margadh ann le haghaidh na seirbhísí sin le hiomaitheoirí amhail SAP agus Oracle, TeamSystem, Zucchetti agus Maggioli na hIodáile, agus deimhníodh gurb ann do mhargadh freisin le cinntí ó Údarás Iomaíochta na hIodáile (53). |
|
(73) |
Áitíonn an gearánach gur oibrigh Cineca ar an margadh táirgí agus seirbhísí TF mar ghnóthas seachas mar eintiteas feidhmiúil a raibh dlúthbhaint aige le feidhmiú shainordú leasa ghinearálta na n-ollscoileanna. Is léir sin i dtaca leis na hollscoileanna, áit ar shaothraigh an fhochuideachta pháirteach a bhunaigh Cineca le heintitis phríobháideacha cuspóir tabhaithe brabúis agus forleathnaitheach. Dá bhrí sin, is gníomhaíochtaí ‘gnóthais’ iad na gníomhaíochtaí sin agus is modh iad atá indeighilte ó údaráis phoiblí. |
|
(74) |
Áitíonn an gearánach freisin nach bhfuil aon oibleagáid dhlíthiúil ar Cineca bogearraí ollscoile a sholáthar d’ollscoileanna. Is i leasú 2017 ar Airteagail Chomhlachais Cineca amháin atá tagairt do ‘sheirbhísí faisnéise’. Níl aon tagairt d’aon chineál sainordaithe maidir le seirbhísí TF ollscoile a bhaineann le Cineca i ndáil le cumasc Cineca le dhá eintiteas eile (féach aithris (53)) ná i ndlí ‘salva Cineca’. |
|
(75) |
De réir an ghearánaigh, léirítear le hAirteagal 1(512) de Dhlí Uimh. 208/2015 freisin an easpa oibleagáide dlíthiúla atá ar Cineca seirbhísí TF a sholáthar d’ollscoileanna. Ceanglaítear leis an bhforáil sin, chun ceannacháin ‘earraí agus seirbhísí TF agus nascacht’ a optamú agus a chuíchóiriú, go gcomhlíonfaidh aireachtaí agus ollscoileanna poiblí a riachtanais go heisiach trí uirlisí ceannaigh agus caibidlíochta Consip nó eintiteas eile le haghaidh earraí agus seirbhísí atá ar fáil ó Consip nó ó na heintitis eile sin. |
3.1.2.2.
|
(76) |
Maíonn an gearánach go bhfuil na bearta i bhfabhar na n-ollscoileanna inleagtha ar Stát na hIodáile gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil oibleagáid dhlíthiúil ann Cineca a úsáid mar sholáthraí seirbhíse TF a eascraíonn as dlí ‘salva Cineca’. |
|
(77) |
Thairis sin, rinneadh earráid leis an gcinneadh tosaigh agus tagairt á déanamh do na rialacha maidir le hinleagthacht a bhaineann le gnóthais phoiblí (féach aithrisí 121 go 122 den chinneadh tosaigh). In ionad na gcritéar a leagtar síos sna haithrisí sin (54), is é Pointe 39 den Fhógra ón gCoimisiún maidir le coincheap na státchabhrach (55) atá ábhartha. De réir an phointe sin, ‘i gcásanna ina dtugann údarás poiblí buntáiste do thairbhí, tá an beart inleagtha ar an Stát fiú má tá uathriail dhlíthiúil ag an údarás i gceist ó údaráis phoiblí eile’ (56). |
|
(78) |
Ní gnóthais phoiblí iad ollscoileanna agus, dá bhrí sin, níl dlí-eolaíocht Stardust Marine (57) infheidhme. Cinneadh le Stardust Marine ‘[c]é go bhfuil an Stát in ann gnóthas poiblí a rialú agus tionchar ceannasach a fheidhmiú ar a oibríochtaí, nach féidir feidhmiú iarbhír an rialaithe sin i gcás ar leith a thoimhdiú go huathoibríoch. Féadfaidh gnóthas poiblí gníomhú agus níos mó neamhspleáchais nó le níos lú neamhspleáchais aige, de réir an mhéid uathrialach a d’fhág an Stát aige’. Dá bhrí sin, tá scrúdú le déanamh ar an inleagthacht ar bhonn ‘an gcaithfear a mheas go raibh baint ag na húdaráis phoiblí, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, le glacadh na mbeart sin’ (58). Mar sin féin, ós rud é nach gnóthas í ollscoil, ní gá a chinneadh an raibh baint ag údarás poiblí leis an gcinneadh i gceist. |
|
(79) |
Sa chás seo, cé nach féidir ollscoileanna Stáit a mheas mar struchtúr (nó comhlacht) den Stát láir, mar sin féin is cuid den fhearas Stáit iad sa chiall is leithne, díreach ar nós eintiteas uathrialach, amhail comhlachtaí agus réigiúin áitiúla, ós rud é go bhfuil uathriail acu uile maidir le seasamh bunreachtúil. I gcás ollscoileanna, tá an uathriail sin ‘feidhmiúil’ agus tá sí ‘polaitiúil’ do na comhlachtaí agus na réigiúin áitiúla. |
|
(80) |
Go sonrach, is comhlachtaí poiblí neamheacnamaíocha iad ollscoileanna i gcomhréir iomlán le coincheap an ‘riaracháin phoiblí’ (59), mar a mhínigh reachtóir na hIodáile. Go deimhin, de bhun Airteagal 1(2) d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 165/2001, ‘ciallaíonn riaracháin phoiblí riaracháin uile an stáit, lena n-áirítear institiúidí agus scoileanna de gach leibhéal agus brainse agus institiúidí oideachais, cuideachtaí stáit agus riaracháin stáit a bhfuil a gcóras rialála neamhspleách féin acu, Réigiúin, Cúigí, Bardais, Pobail Shléibhe, agus a gcuibhreannais agus a gcomhlachais, institiúidí ollscoile (…)’. |
|
(81) |
Thairis sin, tá dlíthe soláthair phoiblí na hEorpa infheidhme maidir le hollscoileanna Stáit. Trí fhoráil shainráite de Threoir 2004/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí oibreacha poiblí, conarthaí soláthair phoiblí agus conarthaí seirbhíse poiblí a chomhordú (‘an Treoir maidir le Soláthar Poiblí’) (60), áirítear ollscoileanna Stáit leis an gcatagóir ‘comhlachtaí faoi rialú an dlí phoiblí’; a bhunaítear chun ‘ceanglais leasa ghinearálta, de chineál neamhthionsclaíoch nó tráchtála’ a chomhlíonadh, a dhílsítear le pearsantacht dhlítheanach, agus a bhfuil a ngníomhaíochtaí á maoiniú ‘ag an stát den chuid is mó’; tá siad faoi réir ‘mhaoirseacht’ an Stáit freisin. |
|
(82) |
Ina theannta sin, bunaítear ollscoileanna poiblí de réir an dlí, tá cumhacht phoiblí acu agus tá siad faoi réir mhaoirseacht MIUR agus, in ábhair airgeadais, faoi réir mhaoirseacht na hAireachta Airgeadais (61). Is iad aistrithe Stáit príomhfhoinse a gcuid cistithe, cé gur féidir leo a n-ioncam féin a rialú. Áirítear iad le liosta na riarachán poiblí sa chuntas comhdhlúite brabúis agus caillteanais a dhréachtaítear ar bhonn Airteagal 1(3) de Dhlí Uimh. 196/2009, a dhréachtaíonn ISTAT, de réir na gcritéar a shocraíonn Eurostat. |
3.1.2.3.
|
(83) |
Sonraíonn an gearánach, ar an gcaoi chéanna leis an staid i dtaca leis na seirbhísí do MIUR, nach raibh aon nós imeachta roghnaithe iomaíoch ann chun seirbhísí TF ollscoile a fháil ó thaobh na n-ollscoileanna de. Tá an gearánach den tuairim nach eagraíocht inmheánach de chuid na n-ollscoileanna ar leis an gCuibhreannas é Cineca. Mar thoradh air sin, d’fhéadfadh sé, agus ba cheart, go mbeadh conarthaí tugtha i gcrích ag na hollscoileanna le Cineca ar bhonn nós imeachta roghnaithe iomaíoch amháin. Deimhníodh toradh Údarás Iomaíochta na hIodáile gur sháraigh dámhachtainí díreacha do Cineca de chonarthaí seirbhísí TF ollscoile reachtaíocht an tsoláthair phoiblí le rialuithe ó chúirteanna réigiúnacha riaracháin (féach Cúirt Réigiúnach Riaracháin na Tuscáine, Flórans, Uimh. 1521/2017 ach féach freisin breithiúnas Uimh. 2383/2018 ón gComhairle Stáit). |
|
(84) |
Ina theannta sin, maíonn an gearánach go bhfuil Cineca ag díol seirbhísí TF ollscoile os cionn an phraghais margaidh. Mainníonn na hollscoileanna freisin scrúdú ex-ante a dhéanamh ar thairiscintí Cineca. Sna cúpla cás sin ina bhféadfadh oibreoirí malartacha tairiscintí a sholáthar, bhí tairiscint Cineca níos airde i gcónaí ná tairiscint soláthraithe malartacha. |
|
(85) |
Mar léiriú ar phraghsanna boilscithe Cineca, luann an gearánach an sampla de cheannach a rinne Ollscoil Calabria ina raibh praghsanna os cionn leibhéal an mhargaidh, ach a laghdaíodh ina dhiaidh sin (62). |
|
(86) |
A mhéid a bhaineann le staidéar ar an margadh (63) a rinne an tOllamh Corso (‘Tuairim shaineolach ar sheirbhísí d’ollscoileanna’ nó ‘Staidéar Corso ar sheirbhísí ollscoile’) a chuir an Iodáil isteach, staidéar ina líomhnaítear nár sháraigh na praghsanna a d’íoc ollscoileanna praghsanna margaidh, cuireann an gearánach roinnt cáintí in iúl. Measann sé, mar shampla, go bhfuil an tagarmharc a úsáideann an tuairim shaineolach maidir le seirbhísí d’ollscoil neamhréalaíoch toisc, ar an gcaoi chéanna leis an tagarmharc do phraghas na seirbhísí do MIUR, go meastar freisin gur praghsanna Assinter é an tagarmharc do phraghsanna seirbhísí ollscoile. Ina theannta sin, tugadh neamhaird leis an tuairim shaineolach ar sheirbhísí an ghearánaigh a bheith ann, seirbhísí a bhí ina bhfíor-rogha mhalartach. Bheadh na seirbhísí sin ar fáil ar ‘Dhaonlá’ EUR 250+CBL le haghaidh na seirbhísí bainistíochta feidhmchláir céanna lena mbaineann an staidéar a cuireadh isteach. Ar deireadh, tá luacháil na seirbhísí ollscoile bunaithe ar an toimhde earráideach go ndéanfadh iomaitheoir a phraghsanna a theorannú do chothabháil agus tacaíocht d’úsáideoirí cheartaitheach agus athraitheach a bhainistiú agus nach n-áireofaí leis na costais a bhaineann le seirbhísí malartacha agus coibhéiseacha a fhorbairt agus a sholáthar. Dá bhrí sin, bheadh na costais chéanna ar an iomaitheoir hipitéiseach agus a bheadh ar Cineca (64). |
|
(87) |
Níl an argóint go bhfuil na costais forbartha agus na costais bhreise a bhaineann leis an táirge/seirbhís a shaincheapadh do na hollscoileanna i bpraghsanna Cineca inchreidte toisc go bhfuil na táirgí agus na seirbhísí sin díreach mar an gcéanna leis na cinn a thairgeann BeSmart ar phraghsanna níos ísle. |
|
(88) |
Áitíonn an gearánach freisin go mbeadh dreasachtaí breise ag ollscoileanna chun ceannach ó Cineca. Leis an ardleibhéal idir-inoibritheachta idir córas faisnéise MIUR agus na córais faisnéise do na hollscoileanna, éascaíodh soláthar seirbhísí TF Cineca do na hollscoileanna (65). Thairis sin, mar sholáthraí do MIUR, má tá modhnú ar bhogearraí MIUR, is é Cineca ar dtús a bheidh in ann an modhnú a chur chun feidhme i mbogearraí na hollscoile. Dá bhrí sin, is soláthraí tosaíochta é Cineca a choinníonn buntáiste teicniúil ar bun thar a chuid iomaitheoirí. |
|
(89) |
Bunaithe ar na breithnithe sin, tá an gearánach den tuairim go bhfaigheann Cineca buntáiste i dtaca le seirbhísí TF a dhíol le hollscoileanna na hIodáile. |
3.1.3 Tras-fhóirdheonú/róchúiteamh
|
(90) |
De réir an ghearánaigh, is éard atá in acmhainní Cineca cistí a aistríonn MIUR go bliantúil le haghaidh seirbhísí TF a sholáthraítear do MIUR, ioncaim a eascraíonn as seirbhísí TF a sholáthraítear do na hollscoileanna, cistí a sholáthraíonn MIUR chun seirbhísí HPC a sholáthar agus aon íocaíocht eile a dhéanann riaracháin phoiblí eile leis an gCuibhreannas (66). D’úsáidfí ‘na hacmhainní’ sin chun na costais a thabhaíonn an Cuibhreannas a chumhdach i ndáil leis na gníomhaíochtaí uile a dhéantar do chomhaltaí an Chuibhreannais agus d’eintitis phoiblí agus phríobháideacha eile araon. Dá bhrí sin, de réir an ghearánaigh, d’úsáidfí cistí poiblí chun gníomhaíochtaí eacnamaíocha ina bhfuil iomaíocht ón ngearánach roimh Cineca a thras-fhóirdheonú. |
|
(91) |
Líomhnaíonn an gearánach go bhfuair Cineca na méideanna seo a leanas go bliantúil le haghaidh gníomhaíochtaí HPC, le linn na tréimhse ama ó 2015 go 2018: EUR 11 mhilliún ó MIUR le haghaidh gníomhaíocht HPC neamhthráchtála/institiúideach (67), EUR 6 mhilliún ón ngnóthas Eni, agus EUR 10 milliún ón Aontas le haghaidh thionscadail AE, lena n-áirítear ón gclár Fís 2020 (68). |
|
(92) |
Go gairid sular tugadh an nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil i gcrích, chuir an gearánach isteach freisin dhá thuarascáil imscrúdaitheacha ó 2020 a mhaíonn sé go dtacaíonn siad lena argóintí a bhaineann leis na saincheisteanna tras-fhóirdheonaithe. I dtuarascáil imscrúdaitheach amháin tá toradh aimsithe fíorais tosaigh ionchúisitheora phoiblí ó Lazio a foilsíodh an 24 Iúil 2020 (69). D’eisigh Póilíní Cánach Bologna an dara tuarascáil an 15 Meitheamh 2020 (70). |
|
(93) |
Féadtar líomhaintí agus argóintí an ghearánaigh a roinnt ina dtrí phríomhchatagóir:
|
3.1.3.1.
|
(94) |
De réir an ghearánaigh, ní raibh modh ex-ante i bhfeidhm ag Cineca chun costais a leithdháileadh (i.e. chun tras-fhóirdheonú gníomhaíochtaí gnó a sheachaint), mar a cheanglaítear le hAirteagal 4 de Threoir 2006/111/CE ón gCoimisiún (71) (‘an Treoir um Thrédhearcacht’), lena dtugtar sainordú go gcoinneoidh gnóthais phoiblí a mhaoiníonn an Stát cuntais ar leithligh agus iontaofa ar bun a bhaineann le gníomhaíochtaí éagsúla a dhéanann an gnóthas céanna. I bhfocail eile, líomhnaíonn an gearánach nach raibh an mhodheolaíocht leithdháilte costas bunaithe ar spreagthaí leithdháilte arna gcinneadh ex-ante (72). Go háirithe, ní raibh prionsabail chuntasaíochta costála a bunaíodh go soiléir, a bhí comhsheasmhach, a raibh údar oibiachtúil leo agus a bhí sainithe go soiléir ag Cineca, mar a cheanglaítear le fo-ranna (b) agus (c) d’Airteagal 4 den Treoir. |
|
(95) |
Áitíonn an gearánach nár cheart ach an méid a chomhfhreagraíonn do na seirbhísí a sholáthraítear iarbhír do MIUR a íoc le Cineca i gcás na seirbhísí TF do MIUR. Ba cheart an méid iarbhír arna íoc a bheith bunaithe ar thuarascáil ar na gníomhaíochtaí a rinneadh iarbhír. Mar sin féin, de réir an ghearánaigh, go dtí 2015 (73), níor chuir Cineca tuarascáil isteach fiú (74) maidir le costas na ngníomhaíochtaí a rinneadh le haghaidh MIUR chun go n-íocfaí an méid comhfhreagrach. Go deimhin, níor thosaigh Cineca ag seoladh tuarascálacha cuntasaíochta chuig MIUR (a bhaineann le costais ghníomhaíocht HPC neamhthráchtála/institiúideach agus seirbhísí TF MIUR) ach ó 2015 ar aghaidh, rud a léiríonn ann féin nach bhfuil forálacha na Treorach um Thrédhearcacht á gcomhlíonadh. |
|
(96) |
De réir an ghearánaigh, go dtí 2015, ní raibh córas chun cuntais a dheighilt ná córas cuntasaíochta anailísí ag Cineca chun costais na n-orduithe a dheighilt (75). Díreach fuair Cineca deontais neamh-inaisíoctha gan aon chostas ná spreagadh leithdháilte a sholáthar. Cinneadh na costais a bhí le tuairisciú agus le leithdháileadh ar aonaid ghnó aonair bunaithe ar an gcuntas brabúis agus caillteanais a ullmhaíodh sa bhliain tar éis na bliana ábhair, i.e. ex-post. |
|
(97) |
Ar aon chuma, de réir an ghearánaigh, admhaíonn Cineca é féin sna cuntais bhliantúla a sheol sé chuig MIUR idir 2015 agus 2018, go raibh clár aonair cuntas inmheánach aige. An tráth céanna, leanann an gearánach ar aghaidh, áitíonn Cineca gur áirithigh sé fós fíorchuntasaíocht ar leithligh idir gníomhaíochtaí leithleacha, cé nach bhféadfadh sé sin a bheith amhlaidh. |
|
(98) |
Tarraingíonn an gearánach aird ar theanga shonrach i gcuid de thuarascálacha Cineca ar chostais a bhaineann le gníomhaíocht HPC neamhthráchtála/institiúideach chun tacú lena líomhaintí. Mar shampla, leis an tuairisc ar an modheolaíocht chun costais den sórt sin a ríomh (le haghaidh 2015 agus 2016) tá an ráiteas gurb iad ‘na sonraí tosaigh na costais ráitis ioncaim arna bhformheas ag Cruinniú an Chuibhreannais’. Ciallaíonn sé sin freisin, de réir an ghearánaigh, go ndéantar an nós imeachta cuntasaíochta anailísí ex post. |
|
(99) |
Go dtí 2014, bhí an ranníocaíocht ó MIUR (as ghníomhaíocht HPC neamhthráchtála/institiúideach) i bhfoirm ranníocaíochta caipitil agus deontas trealaimh agus níor bunaíodh an maoiniú ar oibriú laethúil ná costais Cineca go dtí go raibh 2015 ann. Sonraítear le tuarascáil 2020 ó Phóilíní Cánach Bologna go raibh an difríocht idir an dá chóras substaintiúil agus gur fhág sé sin go raibh Cineca in ann gan údar a thabhairt leis na costais a tabhaíodh. Thug sé corrlach leathan discréide maidir leis na cistí poiblí a úsáid agus tras-fhóirdheonú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí eile amhail seirbhísí MIUR nó gníomhaíochtaí eile. |
3.1.3.2.
|
(100) |
Míníonn an gearánach go laghdaítear (ex-post) na costais a thuairiscítear do MIUR a bhaineann le gníomhaíocht HPC neamhthráchtála/institiúideach ar bhonn na gcostas a thuairiscítear don Aontas i dtaca le gníomhaíochtaí HPC cómhaoinithe an Aontais. Mar achoimre, áitíonn an gearánach nach raibh aon chóras i bhfeidhm ag Cineca a bheadh in ann per se na costais dhíreacha agus indíreacha araon a shainaithint agus a chainníochtú i gceart ex-ante. |
|
(101) |
Maíonn an gearánach nach bhfuil tagairt ann a thuilleadh, ó bhí 2018 ann, don ghá atá le costais chómhaoinithe an Aontais a dhealú ex-post ón tuarascáil ar chostais gníomhaíochta HPC neamhthráchtála/institiúideacha (76). |
|
(102) |
Tarraingíonn an gearánach aird ar roinnt fadhbanna le tuarascáil 2015 ar chostais í féin, agus lena hathráiteas. Tagraíonn an gearánach do thrí thuarascáil ar chostais a bhain le gníomhaíocht HPC neamhthráchtála/institiúideach in 2015. Tagraíonn an chéad cheann do na chéad 6 mhí de 2015. Cumhdaítear leis an dara ceann 2015 ina iomláine, agus baineann an tríú ceann le 2015 ina iomláine agus is athráiteas é ar thuarascáil bhunaidh 2015 (‘athráiteas 2019’) a rinneadh in 2019 (77). Tugann an gearánach le fios go raibh méid costas indíreach i dtuarascáil na bliana iomláine (i.e. an dara tuarascáil) a mhéadaigh ó bhí an chéad tuarascáil ann (i.e. ón tuarascáil lena dtagraítear do na chéad 6 mhí de 2015) faoi EUR 2,8 milliún agus an mhír chostais á teilgean ar an mbliain iomlán. |
|
(103) |
Líomhnaíonn an gearánach, cé gur méadaíodh na costais indíreacha sa tuarascáil athshonraithe (féach aithris (102)), gur tháinig laghdú beagnach aon trian ar na costais dhíreacha phearsanra idir an tuarascáil bhunaidh agus an tuarascáil athshonraithe (78). |
|
(104) |
Maíonn an gearánach go gcruthaítear leis an gcéad tuarascáil agus an dara tuarascáil ar chostais gníomhaíochta HPC neamhthráchtála do 2015 gur cuireadh an 82 dhuine uile i láthair mar dhaoine a bhí fostaithe go lánaimseartha le haghaidh gníomhaíocht HPC neamhthráchtála de réir mar a léiríonn liosta na míreanna costais (79). Ós rud é nach mór roinnt oibre a bheith déanta ar thionscadail nach mbaineann le gníomhaíocht HPC neamhthráchtála/institiúideach, tuairiscíodh cuid áirithe de na costais saothair sin i leith níos mó ná cliant amháin, rud a d’fhág go ndearnadh cuntasaíocht dhúbailte ar na costais sin. |
|
(105) |
Líomhnaíonn an gearánach athruithe móra eile idir an tuarascáil bhunaidh (i.e. an dara tuarascáil arbh í an chéad bhliain iomlán í) le haghaidh gníomhaíocht HPC neamhthráchtála/institiúideach 2015 agus a hathráiteas in 2019. Bhí mír nua in athráiteas 2019, íocaíocht CBL EUR 6 343 000, a bhí dlite, de réir cinneadh ó údarás Cánach na hIodáile, ar bhonn dhíol na seirbhísí sa tréimhse ama 3 bliana dar críoch 2015. De réir an ghearánaigh, bhí sé mícheart an méid iomlán a mhuirearú do 2015, toisc gurb é an figiúr sin an méid carnach a bhí dlite don Státchiste ag deireadh 2015. Ar an dara dul síos, líomhnaíonn an gearánach gur aisíocadh Cineca as an méid sin faoi dhó ar an mbealach seo a leanas: Ar an gcéad dul síos, aisíocadh é nuair a d’éiligh sé an costas sa tuarascáil bhunaidh. An tráth céanna, d’aisghabh Cineca an méid ó Státchiste na hIodáile. Cé gur chuir an t-údarás cánach iallach ar Cineca an Státchiste a aisíoc, d’éiligh Cineca freisin go n-aisíocfaí na costais sin sa tuairisciú costais athshonraithe (2019) le haghaidh 2015. |
|
(106) |
Maíonn an gearánach gur athshonraíodh tuarascáil 2016 ar chostais gníomhaíochta HPC neamhthráchtála/institiúideach in 2018 trí chostais ar tugadh cuntas orthu cheana féin de mhéid EUR 1 135 747 a asbhaint. Thug Cineca údar leis an gcoigeartú sin bunaithe ar ‘idirbheart fioscach’ agus ar ‘aitheantas costas ag EUROfusion a bhaineann le cuntais 2016’ (80). Is léir, trí chostais a asbhaint ón gcuntasaíocht a cuireadh faoi bhráid MIUR mar thoradh ar na costais a bheith aitheanta ag an Aontas, gur thug Cineca cuntas ar an gcostas sin sa bhliain roimhe sin do MIUR agus don Choimisiún Eorpach araon. I dtuarascáil 2017 ar chostais gníomhaíochta HPC neamhthráchtála, luaitear freisin go bhféadfadh sé gur ghá mír chostais EUR 14 192 838 a thabhairt cothrom le dáta tar éis don Aontas costais a aithint go páirteach. Gan na nuashonruithe sin, maíonn an gearánach go n-aisíocfaí Cineca as na costais chéanna faoi dhó. |
|
(107) |
De réir an ghearánaigh, ní fhoráiltear leis an nós imeachta cuntasaíochta anailísí (ó bhí 2016 ann) ach don fhéidearthacht go ndéanfaí costais dhíreacha agus indíreacha na dtionscadal HPC tráchtála/institiúideacha a choigeartú (a laghdú) ex post ar bhonn chostais na dtionscadal a aisíocann an tAontas (i gcás tionscadail a fhaigheann cistiú ón Aontas). Ciallaíonn sé sin nach ndéantar maoiniú HPC neamhthráchtála/institiúideach a dheighilt ó thionscadail HPC arna maoiniú ag an Aontas agus nach leithdháiltear spreagthaí costais ex-ante. Ciallaíonn sé freisin go mbraitheann an chuntasaíocht chostála chríochnaitheach ar an méid maoinithe a fhaightear ón Aontas. |
3.1.3.3. (81)
|
(108) |
Mar shampla, tagraíonn an gearánach don chleachtas/riail go n-aisíocann an tAontas 75 % de na costais foirne a bhaineann le tionscadal cistithe, ach go dtuairiscíonn Cineca 100 % de na costais foirne don Aontas. Tuairiscíonn Cineca an 25 % eile de chostas foirne thionscadal an Aontais do MIUR, cé gur tugadh cuntas ar an 25 % céanna d’am oibre na foirne cheana féin (i.e. tuairiscíodh don Aontas é) i dtaca leis an tionscadal a fhaigheann cistiú ón Aontas. Is tuairisciú dúbailte ar chostais é sin. |
|
(109) |
Le tuarascáil chuntasaíochta 2015, úsáidtear algartam atá go hiomlán míchruinn chun costais indíreacha a leithdháileadh ar thionscadail HPC neamhthráchtála/institiúideacha. Is amhlaidh atá toisc, le ríomh na gcostas ar thionscadal sonrach HPC, ní rabhthas in ann ach costais dhíreacha an tionscadail shonraigh sin amháin a asbhaint ó chostais indíreacha an tionscadail shonraigh sin. Leis an bhfoirmle cheart, dhealófaí na costais dhíreacha uile (de thionscadail eile uile HPC de chuid an chliaint chéanna) ó chostais indíreacha an tionscadail shonraigh sin. San fhoirmle a d’úsáid Cineca, rinneadh áibhéil ar chostais indíreacha dá bhrí sin, rud a d’fhág, i sampla a chruthaigh an gearánach chun an fhadhb a léiriú, áibhéil 50 % ar chostais fhoriomlána a bhaineann leis an tionscadal. Ina theannta sin, déanann an gearánach agóid freisin i gcoinne mhodh leithdháilte costas indíreach Cineca i dtuarascáil 2015 ar ghníomhaíocht HPC neamhthráchtála/institiúideach ar an bhforas go leithdháileann sé 33,33 % de chostais indíreacha uile Cineca ar chostais HPC neamhthráchtála/institiúideacha. |
|
(110) |
Líomhnaíonn an gearánach freisin, i dtaca le tuarascáil 2015 ar chostais gníomhaíochta HPC neamhthráchtála/institiúideach, gur iarr Cineca aisíocaíocht ó MIUR as gníomhaíochtaí HPC a rinneadh do chliaint phríobháideacha amhail Eni. Cruthúnas ina leith sin, de réir an ghearánaigh, is ea liosta i ráitis airgeadais 2015 Cineca, ina bhfuil Eni mar chuideachta lena gcomhoibríonn Cineca i réimse HPC agus lena ndéanann sé gníomhaíochtaí HPC. |
|
(111) |
Fágann neamhréireachtaí eile freisin nach bhfuil an líon foirne a d’oibrigh ar ghníomhaíochtaí HPC neamhthráchtála/institiúideacha in 2015 inchreidte. Mar a mhínítear in aithris (104), léirítear leis an gcéad dá thuarascáil a bhaineann leis an ngníomhaíocht sin go raibh 82 dhuine fostaithe go lánaimseartha ar an gcineál sin tionscadal, ach in 2016, 2017 agus 2018, ba iad na figiúirí comhfhreagracha 21,87, 19,1 agus 19,06 coibhéis lánaimseartha, faoi seach, i.e. níos lú ná 82 dhuine. De réir an ghearánaigh, tá sé sin ag teacht leis an toradh go raibh róchúiteamh ann in 2015 ar bhonn na gcostas foirne. |
|
(112) |
Thairis sin, in 2015, líomhnaítear gur leithdháil Cineca iomlán an phearsanra HPC maidir leis an ngníomhaíocht HPC neamhthráchtála/institiúideach le haghaidh aisíocaíocht ó MIUR cé gur tuairiscíodh na costais phearsanra chéanna (a bhain le seachtar oibrithe sonracha), i bpáirt ar a laghad, mar choibhéisí lánaimseartha a bhí fostaithe faoi chuimsiú EuHIT, tionscadal a chómhaoinigh an tAontas agus a bhí ar siúl idir 2014 agus 2016. Dá bhrí sin, de réir an ghearánaigh, déanann Cineca cuntasaíocht dhúbailte ar a chostais HPC neamhthráchtála/institiúideacha go tráthrialta (agus is cinnte go ndearna sé amhlaidh in 2015). |
|
(113) |
Líomhnaíonn an gearánach samplaí eile de chuntasaíocht dhúbailte fhéideartha ar chostais. Mar shampla, léirítear le cuntais 2015 le haghaidh ríomh eolaíoch (nó FERMI agus Galileo + Pico) gur leithdháileadh EUR 1 541 380,40 de chostas leictreachais ar aisíocaíocht ó MIUR as gníomhaíocht HPC neamhthráchtála/institiúideach. Léirítear an figiúr céanna le haghaidh thionscadail AE, amhail an Chomhpháirtíocht le haghaidh na Ríomhaireachta Sárfhorbartha san Eoraip nó le haghaidh seirbhísí do chliaint phríobháideacha amhail Eni. Dá bhrí sin, b’áibhéil í an mhír costais leictreachais sin. |
|
(114) |
A mhéid a bhaineann le héileamh Cineca ar aisíocaíocht in 2015 maidir leis an aisíocaíocht chostais chéanna a bhaineann le HPC ó MIUR agus ón Aontas freisin, tarraingíonn an gearánach aird freisin ar thuairim dhlíthiúil a d’ullmhaigh gnólacht Milano, Granelli, ar cheist na rialacha aisíocaíochta maidir le tionscadail arna maoiniú ag an Aontas agus tionscadail HPC neamhthráchtála/institiúideacha (’tuairim Granelli’). Sonraítear leis an tuairim gur féidir na costais phearsanra uile a bhaineann le HPC a thuairisciú do MIUR ‘gan beann ar cé acu a measadh nó nár measadh na costais, go hiomlán nó go páirteach, a bheith incháilithe faoi chuimsiú thionscadail an Aontais.’ Ón méid sin, tagann an gearánach ar an gconclúid gur thuairiscigh Cineca an costas céanna le haghaidh aisíocaíocht ón Aontas agus ó MIUR i dtuarascáil 2015 ar chostais HPC neamhthráchtála/institiúideach (82). |
|
(115) |
Thairis sin, tá neamhréireachtaí eile i dtuairisciú na bhfigiúirí costais ábhartha. Mar shampla, tuairiscíodh gurb é EUR 972 703,04 do 2015 agus EUR 8 575 000 do 2016 an costas amúchta/dímheasa maidir le seirbhísí HPC neamhthráchtála/institiúideacha. Mar sin féin, léirítear i ráitis airgeadais Cineca méid beagán níos ísle le haghaidh na bhfigiúirí sin: EUR 932 703 agus EUR 7 830 720, faoi seach. |
|
(116) |
Maíonn an gearánach freisin go n-asbhaintear costais thionscadail HPC a chomhbhunaigh an tAontas ó na tuarascálacha ar chostais a cuireadh faoi bhráid MIUR maidir le seirbhísí HPC neamhthráchtála/institiúideacha (ó 2016 ar a laghad). Mar sin féin, ní dhéantar costais do chliaint phríobháideacha a chumhdaítear le comaoin a fuair na cliaint sin, amhail an EUR 6 mhilliún ó Eni in 2015, a asbhaint ó na tuarascálacha sin (83). |
|
(117) |
De réir an ghearánaigh, tá neamhréireachtaí ann a bhaineann le costais phearsanra a thuairisciú i mblianta eile seachas 2015 freisin. Mar shampla, ní raibh i dtuarascálacha 2016 agus 2017 maidir le gníomhaíocht HPC neamhthráchtála/institiúideach ach ‘meánchostais’ phearsanra, agus ní ‘na costais phearsanra iarbhír a tuairiscíodh’ amhail tuarascáil 2018 (i dtuarascáil 2018, sáraíonn na meánchostais phearsanra na costais phearsanra iarbhír a tuairiscíodh). |
|
(118) |
A mhéid a bhaineann le costais phearsanra in 2018, léirítear leis an tuarascáil ar chostais don bhliain sin, i gcás chostais indíreacha phearsanra an aonaid ‘Struchtúr Riaracháin agus Bainistíocht Ghinearálta’, go mbaineann an ríomh le 35 dhuine (a bhaineann le HPC neamhthráchtála/institiúideach), nach bhfuil, sa bhreis ar a bheith ina sciar de chostas pearsanra 2015 de 82 dhuine, comhsheasmhach leis an bhfigiúr 19,06 coibhéis lánaimseartha a tuairiscíodh a bhaineann leis an gcostas díreach pearsanra (féach aithris (111)). Thairis sin, i mbileoga ama 2018 a líomhnaítear nach gcumhdaítear leo ach gníomhaíocht HPC neamhthráchtála/institiúideach, tá ainmneacha 59 nduine a líomhnaítear gur oibrigh siad ar ghníomhaíocht HPC neamhthráchtála/institiúideach, agus ba é 19,06 an choibhéis lánaimseartha chomhfhreagrach le haghaidh 2018. |
|
(119) |
I dtuarascáil chuntasaíochta 2018 (le haghaidh gníomhaíocht HPC neamhthráchtála/institiúideach do MIUR) tá mír chostais leictreachais EUR 1 977 835,09 le haghaidh ‘HPC Ginearálta’, ach tá trí réimse oibriúcháin san aonad gnó HPC: ‘Gníomhaíochtaí sár-ríomhaireachta institiúideacha (i.e. neamhthráchtála)’ (a mhaoiníonn MIUR); ‘Tionscadal arna mhaoiniú’ (tionscadail an Aontais) agus ‘Ríomhanna teicniúla’ (i.e. cliaint). Is dócha go dtugann sé sin le fios go gcumhdaíonn na costais HPC neamhthráchtála/institiúideacha a seoladh le haghaidh aisíocaíochta chuig MIUR gach ceann de na trí réimse HPC agus go bhfuil áibhéil sa tuarascáil as a dtagann ‘aisíocaíocht thriarach’ (84). |
|
(120) |
Ar deireadh, tarraingíonn an gearánach aird ar dhoiciméad inmheánach a fuarthas le linn díospóid dhlíthiúil eile idir an gearánach agus Cineca, inar shonraigh Cineca gur ghin na ceithre réimse uile dá ghníomhaíochtaí, a roinneadh ina ‘Sár-ríomhaireacht’, ‘Ollscoileanna’, ‘MIUR’ agus ‘Eile’ corrlaigh dhearfacha 13 % ar an meán idir 2017 agus 2019. Bheadh sé tábhachtach, de réir an ghearánaigh, go míníonn Cineca cad is brí leis an 13 % sin. Tagann sé sin salach ar an gcoincheap nach raibh sna ranníocaíochtaí le Cineca as na gníomhaíochtaí a rinneadh ach cúiteamh as na gníomhaíochtaí' (85). |
3.2. Tuairimí ó thríú páirtithe eile
|
(121) |
Fuair an Coimisiún barúlacha ó thrí pháirtí leasmhara breise le linn chéim an imscrúdaithe fhoirmiúil: ó Tempo S.r.l. (‘Tempo’) atá ag feidhmiú san earnáil TF ollscoile san Iodáil ó bhí 2008 ann, Space S.r.l. (‘Space’) a thairgeann táirgí agus seirbhísí san earnáil TFC ó bhí 1991 ann, agus Stazione Zoologica Anton Dohrn (‘Stazione Zoologica’), ar comhlacht taighde poiblí é a ndéanann MIUR maoirseacht air agus ar comhalta é de Chuibhreannas Cineca ó bhí 2015 ann. |
|
(122) |
Déanann Tempo roinnt bogearraí agus táirgí TF a mhargú d’ollscoileanna, le haghaidh gníomhaíochtaí cuntasaíochta, bogearraí ríomhfhoghlama, bainistiú acmhainní daonna agus forbairt tairsí gréasáin, cuir i gcás. Maíonn Tempo gurb é an t-aon iomaitheoir le Cineca san fho-earnáil cuntasaíochta ollscoile. Sonraíonn an gnóthas, d’ainneoin ardcháilíocht a tháirgí, nár ghlac ach 11 ollscoil phoiblí lena bhogearraí cuntasaíochta, agus nár ghlac aon ollscoil le haon cheann dá tháirgí bogearraí eile. Cuireann Tempo in iúl freisin cineál fiontraíochta ghníomhaíochtaí seirbhíse TF Cineca agus an sciar ard den mhargadh atá ag Cineca sa mhargadh bogearraí ollscoile d’ainneoin na bpraghsanna arda atá aige. |
|
(123) |
Ar an mbonn sin, sonraíonn Tempo freisin gur chuir na híocaíochtaí poiblí le Cineca i bhfoirm státchabhrach ar a chumas do Cineca staid chuasamhonaplachta a bhunú sa mhargadh bogearraí ollscoile. Thairis sin, creideann Tempo nach gcomhlíontar sa chás seo an ghné is gá a chuirtear in iúl le Cinneadh HIS, i.e. nach mór don tseirbhís i gceist a bheith ‘de chineál ar leith’ lena n-áirítear ‘éifeachtacht’, toisc nach bhfuil táirgí Cineca níos éifeachtaí ná táirgí Tempo. Ar deireadh, áitíonn Tempo go dtacaíonn an ceanglas dlíthiúil maidir le hidir-inoibritheacht a fhorchuirtear ar na táirgí i gceist le cineál eacnamaíoch na dtáirgí agus go bhfuair Cineca é ó tháirgí eile seachas iad a fhorbairt é féin, agus go seachfhoinsíonn sé cothabháil roinnt dá bhogearraí chuig páirtithe seachtracha. Ar deireadh, tugann Tempo le fios nach gceadaítear leis an mbreithiúnas i gCás C-150/11 an 19 Nollaig 2012 (86) reachtaíocht soláthair phoiblí a sheachaint chun buntáiste a thabhairt do sholáthraithe seirbhíse príobháideacha áirithe vis-à-vis iomaitheoirí. |
|
(124) |
Tá Space gníomhach sa deighleog TF riaracháin phoiblí. Cuid straitéiseach de ghnó na cuideachta is ea táirgí agus seirbhísí TF a sholáthar d’ollscoileanna. Is í Ollscoil Milano príomhchliant Space. Déanann Space gearán freisin faoi fhás stadach ar an margadh, mar thoradh ar cheannasacht Cineca sa deighleog bogearraí ollscoile. Sonraíonn sé gur dhún ollscoileanna go hiomlán, go deimhin, do tháirgí Space (87). Mar thoradh air sin, chuaigh Space i mbun comhpháirtíocht straitéiseach le BeSmart , go háirithe maidir lena fheidhmchlár ‘soghluaisteachta idirnáisiúnta’ a chur chun cinn, deighleog inar theip ar Cineca dóthain dul chun cinn a dhéanamh. D’ainneoin rath an táirge sin, dhiúltaigh ollscoileanna an táirge a fháil agus shonraigh siad nach bhféadfaidís cinneadh a dhéanamh go dtí go bhfaca siad táirge inchomparáide Cineca a bhí le tabhairt chun críche amach anseo. |
|
(125) |
Míníonn Space freisin go mbaineadh Ollscoil Milano úsáid as seirbhísí Space suas le 2017, nuair a d’athraigh an ollscoil go táirgí U-GOV Cineca. Léiríonn an caidreamh idir Space agus Ollscoil Milano an staid sa deighleog bogearraí ollscoile. Tar éis deireadh a chur le cuid de tháirgí Space, lean Space de tháirgí eile a sholáthar d’Ollscoil Milano. Léiríonn sé sin go ndeachaigh Cineca isteach i margadh dea-fheidhmiúil, i.e. ní raibh sé ag cur deireadh le cliseadh margaidh. Go deimhin, bhunaigh Cineca eisiachas de réir a chéile i soláthar bogearraí ollscoile. |
|
(126) |
Níl bogearraí Cineca, mar a shonraíonn Space ina dhiaidh sin, chomh héifeachtach céanna leis na seirbhísí a bhí á soláthar ag Space roimhe seo. Tá modúil U-GOV Cineca lagmheasa, agus tá soláthraithe eile, amhail Space, ag teastáil ó ollscoileanna chun bearnaí feidhmiúla a líonadh. Go deimhin, déantar caighdeánú ar tháirgí bogearraí Cineca (88) agus is iad na soláthróirí eile sin a dhéanann na táirgí a shaincheapadh, soláthróirí a mbíonn gá leo uaireanta chun réiteach níos saoire ná réiteach Cineca a sholáthar. Dá bhrí sin, tá an argóint bréagach go bhfuil praghsanna táirgí bogearraí ollscoile Cineca comhsheasmhach leis an iarracht a bhaineann leis na feidhmiúlachtaí a fhorbairt. Ní léiríonn na praghsanna luachanna margaidh. |
|
(127) |
Thairis sin, sonraíonn Space nach bhfuil aon bhacainn ar ollscoileanna, go deimhin, soláthróirí a athrú dá riachtanais seirbhísí TF uile nó do chuid díobh. Tá idir-inoibritheacht iomlán idir na modúil éagsúla Cineca agus neamh-Cineca agus na bunachair sonraí aireachta. Níl táirgí Cineca, fiú má úsáidtear iad san earnáil oideachais, difriúil le gnáth-tháirgí bogearraí agus ní ionchur iad atá difriúil le cathaoireacha, peann luaidhe, etc., atá ríthábhachtach freisin chun sainordú poiblí i réimse an oideachais a chomhlíonadh. |
|
(128) |
Ar deireadh, áitíonn Space go mbaineann an rud céanna leis an deighleog bogearraí riaracháin phoiblí. Is feidhmeanna tacaíochta amháin iad sin ar féidir iad a cheannach go héasca ón margadh. Mar achoimre, níl nasc intreach ag na seirbhísí sin le feidhmiú feidhme fíor-riachtanaí de chuid MIUR ná de chuid na n-ollscoileanna agus, dá bhrí sin, is gnóthas é Cineca chun críoch rialaithe státchabhrach. |
|
(129) |
Cuireann Stazione Zoologica in iúl go bhfuil na modúil éagsúla ollscoile agus taighde (89) de tháirgí agus seirbhísí TF Cineca doscartha ó na feidhmeanna a iarrtar ar Stazione Zoologica a dhéanamh, is é sin, taighde eolaíoch saor in aisce. Dá bhrí sin, tá nasc intreach idir seirbhísí Cineca agus sprioc phoiblí an chórais taighde. Chinn Stazione Zoologica seirbhísí Cineca a úsáid mar thoradh ar a chinneadh dul isteach sa chuibhreannas agus ní mar thoradh ar MIUR ná an Chuibhreannais de bheith ag forchur na seirbhísí ar Stazione Zoologica go dlíthiúil nó ar bhealach eile. |
|
(130) |
Áitíonn Stazione Zoologica nach mbeadh sé indéanta réitigh TF a fháil ón margadh a bhfuil an leibhéal céanna comhtháthaithe acu agus atá ag réitigh Cineca. Ar ndóigh, tá soláthróirí eile ar an margadh, ach ní thairgeann siad ach réitigh pháirteacha amháin nach gcomhlíonann riachtanais fheidhmiúla an chomhlachta taighde go hiomlán. Thángthas ar an gconclúid, mar gheall ar éifeachtúlacht agus costéifeachtacht, gur cheart Cineca a fhostú le haghaidh na seirbhísí i gceist, i gcás Stazione Zoologica. Shainaithin Stazione Zoologica na buntáistí uile a bhaineann le táirgí Cineca agus tháinig sé ar an gconclúid nach bhféadfaí iad sin a fháil in áit eile gan chostais aistrithe agus idirbhirt an-ard a bheith roimhe. |
3.3. Barúlacha ó údaráis na hIodáile
3.3.1. Réamhrá
3.3.1.1.
|
(131) |
Mhínigh údaráis na hIodáile feidhmeanna fíor-riachtanacha (cúraimí poiblí) MIUR i réimse an ardoideachais agus an bealach a bhfuil seirbhísí Cineca doscartha ó na cúraimí sin a chomhlíonadh. Thagair siad ar dtús don riail nach gníomhaíochtaí eacnamaíocha iad gníomhaíochtaí atá ina gcuid intreach de shainphribhléidí an údaráis oifigiúil agus a dhéanann an Stát. |
|
(132) |
Tá sannadh na cumhachta Stáit i réimse an oideachais bunaithe ar Airteagal 33 de Bhunreacht na hIodáile ina shonraítear go ‘ráthaíonn an Phoblacht saoirse na n-ealaíon agus na n-eolaíochtaí, a fhéadfar a mhúineadh gan bhac. Leagann an Phoblacht síos rialacha ginearálta maidir le hoideachas agus bunaíonn sí scoileanna stáit (…)’. Tá sé de chúram ar an Aireacht an fhoráil bhunreachtúil sin agus an reachtaíocht phríomha lena gcuirtear chun feidhme í a chur chun feidhme. |
|
(133) |
Tá feidhmeanna poiblí ag an Aireacht agus ag na hollscoileanna araon. Is comhlachtaí iad ollscoileanna a bhfuil a gcórais reachtúla, rialála, airgeadais, teagascacha, eagraíochtúla agus araíonachta féin dílsithe dóibh (90) (féach Airteagal 6 de Dhlí Uimh. 168 an 9 Bealtaine 1989 (‘dlí na n-ollscoileanna’). Is iad ollscoileanna ‘an príomhshuíomh taighde saor in aisce agus oiliúna saor in aisce laistigh dá gcórais féin agus is áiteanna foghlama agus forbartha criticiúla eolais iad; oibríonn siad, trí thaighde agus teagasc a chomhcheangal ar bhealach orgánach, ar mhaithe le dul chun cinn cultúrtha, sibhialta agus eacnamaíoch na Poblachta’ (Airteagal 1 de Dhlí Uimh. 240/2010). Dá bhrí sin, tá sé de dhualgas fíor-riachtanach ar ollscoileanna oideachas ollscoile a sholáthar agus cur chun cinn agus cur i gcrích an taighde eolaíoch a áirithiú. |
|
(134) |
Tá an Aireacht freagrach as na cuspóirí agus na treoirlínte straitéiseacha a shainiú don chóras ollscoile (91) agus dá chomhaltaí. Tá sé freagrach as ollscoileanna a bhunú, as maoirseacht agus formheas a dhéanamh ar a n-airteagail chomhlachais agus ar a bpríomhrialacháin, as cúrsaí staidéir a údarú agus a ghníomhachtú, as torthaí ollscoileanna a fhíorú agus a mheasúnú i gcomhréir le critéir cháilíochta, trédhearcachta, agus chur chun cinn an fhiúntais, agus as dáileadh acmhainní poiblí a ráthú i gcomhréir leis na cuspóirí, na beartais agus na gníomhaíochtaí a dhéanann gach ollscoil. |
|
(135) |
Ráthaíonn sí freisin cur chun feidhme iarbhír an chirt chun staidéar a dhéanamh agus, ar an gcaoi sin, cuireann sí forálacha Airteagal 34 de Bhunreacht na hIodáile (92) i ngníomh trí bhearta chun tacú leis an gceart chun staidéar a dhéanamh. Ní bheadh na hollscoileanna in ann oideachas treasach a sholáthar agus gníomhaíochtaí taighde ollscoile a dhéanamh gan treoraíocht agus comhordú ón Aireacht. |
|
(136) |
Dá bhrí sin, easaontaíonn údaráis na hIodáile le saintréithriú ról na hAireachta ag an ngearánach, mar sholáthróir ‘seirbhísí riaracháin agus bainistíochta’ d’ollscoileanna na hIodáile (féach aithris (49)). |
|
(137) |
Tá creat foriomlán na n-inniúlachtaí Stáit i réimse an ardoideachais roinnte (ó thaobh an raoin seirbhísí de) idir an Aireacht agus na hollscoileanna. Sa tábla seo a leanas, cuirtear cúraimí na hAireachta i láthair mar mhacrachatagóir feidhmeanna, agus na cúraimí comhfhreagracha ar leibhéal na n-ollscoileanna mar a chuirtear i láthair sa tábla seo a leanas.
|
|
(138) |
Tá dlúthbhaint idir na sainphribhléidí phoiblí a shanntar don Aireacht agus na sainphribhléidí sin a shanntar do na hollscoileanna aonair, cé go bhfuil siad ar leithligh, agus is é is aidhm dóibh feidhm fhíor-riachtanach de chuid an Stáit a fheidhmiú, is é sin, soláthar oideachais ollscoile agus forbairt taighde do shaoránaigh a ráthú. |
3.3.1.2.
|
(139) |
Bunaíodh Cineca ar dtús mar lárionad ríomhaireachta chun tacú leis an gcóras ollscoile agus taighde. Ina dhiaidh sin, ghlac sé ar láimh an ról, thar ceann a chomhaltaí agus a leasanna, seirbhísí an-éifeachtúla a tháirgeadh a bhfuil sé d’aidhm acu gníomhaíochtaí institiúideacha a chomhaltaí a chomhlíonadh. Chuaigh an Aireacht isteach i Cineca in 2006, ach rannchuidigh an Aireacht lena bhunú agus le maoiniú a oibríochtaí ón tús. Sa lá atá inniu ann, tá ollscoileanna Stáit uile na hIodáile ina gcomhaltaí de Cineca, atá faoi réir mhaoirseacht MIUR agus iniúchóireacht Chúirt Iniúchóirí na hIodáile. |
|
(140) |
Ba é príomhaidhm Cineca i gcónaí, mar uirlis don chóras ardoideachais (93), córais ríomhaireachta agus seirbhísí TF atá comhtháite agus éifeachtúil a sholáthar dá chomhaltaí, rud a chuireann ar a chumas don chóras ardoideachais a fheidhm phoiblí a chomhlíonadh (féach Airteagal 3 d’Airteagail Chomhlachais Cineca (94)). Go sonrach, cuireadh de chúram ar Cineca na seirbhísí TF nuálacha ardcháilíochta is gá a chruthú chun feidhm phoiblí a chomhaltaí a chomhlíonadh. Rinneadh na seirbhísí sin a phleanáil agus a tháirgeadh chun críche na feidhme poiblí trí theicneolaíochtaí saincheaptha a fhorbairt a comhtháthaíodh le himeacht ama de réir riachtanais shonracha institiúidí an chórais ardoideachais. Ní féidir seirbhísí inchomparáide a fháil ar an margadh a bhfuil na dálaí oibríochta céanna acu. |
|
(141) |
Le gnéithe sonracha an chaidrimh idir comhaltaí an Chuibhreannais agus Cineca, cinneadh agus treisíodh éifeachtúlacht na réiteach a mhol an Cuibhreannas. Leis an maoirseacht agus an treoraíocht a fheidhmíonn comhaltaí an Chuibhreannais ar Cineca agus atá bunaithe ar an bhféidearthacht treoracha a eisiúint lena dtreoraítear a ghníomhaíochtaí i dtreo cuspóirí sonracha, cuireadh ar a chumas don eintiteas a oibríochtaí a shaincheapadh go leanúnach do riachtanais chomhaltaí an Chuibhreannais agus, dá bhrí sin, don chóras ardoideachais ina iomláine. Bíonn na riachtanais sin de shíor ag athrú i ngeall ar athruithe rialála agus i ngeall ar nuálaíocht theicniúil agus theicneolaíoch. Le himeacht ama, d’éirigh le Cineca an éifeachtúlacht sin a chomhdhlúthú, in éineacht lena acmhainneacht freagairt go tapa do na héilimh nua sin. |
|
(142) |
De réir údaráis na hIodáile, tá gníomhaíochtaí Cineca comhtháite chomh mór sin le feidhmeanna na hAireachta go n-oibríonn sé a bheag nó a mhór mar roinn Aireachta. Ní bheadh aon ghnóthas eile in ann na seirbhísí tacaíochta uile a theastaíonn ón Aireacht a sholáthar. |
|
(143) |
Dá bhrí sin, tá seirbhísí Cineca tagtha chun bheith ina modh trína gcomhlíonann an Aireacht agus na hollscoileanna a sainordú poiblí. Tá baint fheidhmiúil ag a chuspóir le dualgas an Stáit ardoideachas a ráthú. |
3.3.1.3.
|
(144) |
Tagraíonn Airteagal 1 d’Airteagail Chomhlachais Cineca do Dhlí Comhdhlúite Uimh. 1592/1933, lena ndéantar foráil, in Airteagail 60 agus 61 de, maidir le cuibhreannais a bhunú a mbeidh sé de chúram orthu tionscnaimh a chomhordú d’fheidhmiú an chórais ollscoile (95). |
|
(145) |
Ba é ba aidhm do CILEA agus CASPUR a chumasc i Cineca trí Airteagal 7(42) bis de Dhlí Uimh. 95 an 6 Iúil 2012, eintiteas aonair a bhunú ar an leibhéal náisiúnta a mbeadh sé de chúram air tacaíocht leordhóthanach a sholáthar i dtéarmaí nuálaíochta agus tairiscint seirbhísí do riachtanais na hAireachta, an chórais ollscoile agus na hearnála taighde. |
|
(146) |
Le dlí ‘salva Cineca’, mar a thugtar air, bunaíodh samhail inmheánach idir Cineca agus an Aireacht, a ndearnadh mionsonrú breise air trí Fhoraithne Aireachta Uimh. 245 an 26 Márta 2018 ar bhonn plé leis an gCoimisiún Eorpach agus le húdarás náisiúnta frithéillithe na hIodáile (ANAC). Chuir údarás frithéillithe na hIodáile, bunaithe ar Chinneadh Uimh. 1172 an 19 Nollaig 2018, Cineca ar liosta náisiúnta na n-eintiteas atá in ann oibriú trí dhámhachtainí díreacha (cuideachtaí ‘inmheánacha’). Maíonn údaráis na hIodáile go ndearna an Coimisiún, in aithris 13 den chinneadh tosaigh, an toimhde earráideach go bhféadfaidh páirtithe atá mar chuid den chóras oideachais, ollscoileanna agus taighde a riachtanais maidir le seirbhísí TF atá fíor-riachtanach dá n-oibríochtaí a chomhlíonadh go díreach nó trí eintitis a bhfuil na saintréithe céanna acu le Cineca. Tá uathriail ag ollscoileanna maidir lena chinneadh an margadh a úsáid nó conradh a dhámhachtain go díreach do Cineca chun na seirbhísí TF is gá chun a gcuid gníomhaíochtaí a dhéanamh a sholáthar. Ní chuireann dlí salva Cineca, mar a thugtar air, oibleagáid ar pháirtithe atá mar chuid den chóras oideachais Cineca nó páirtithe a bhfuil na tréithe céanna acu a úsáid mura bhfuil siad in ann seirbhísí den sórt sin a sholáthar ina n-aonar, ach tugann sé deis dóibh rogha a dhéanamh. |
|
(147) |
Chomh mícheart céanna is ea an toimhde ón gCoimisiún go bhfaigheann ollscoileanna rochtain níos éasca ar thacaíocht Stáit (ón nGnáthchiste Maoiniúcháin, féach aithris 31 den chinneadh tosaigh, agus aithris (24) agus fonóta 19 den chinneadh seo) má úsáideann siad seirbhísí TF Cineca. Rialaítear rochtain ar an gciste le rialacháin nach féidir tionchar a bheith ag rogha eagraíochtúil na n-ollscoileanna orthu. |
3.3.1.4.
|
(148) |
Le hAirteagal 51 ter d’Fhoraithne Uimh. 300/1999, sanntar feidhmeanna do MIUR sna mór-réimsí seo a leanas: treoraíocht, pleanáil agus comhordú a dhéanamh ar thaighde eolaíoch agus teicneolaíoch; caighdeánú ginearálta agus maoiniú ollscoileanna; fiúntas agus ceart chun staidéar a dhéanamh a chur chun cinn; creidiúnú na hoiliúna agus measúnú uirthi; caighdeáin an Aontais a bhaineann le hoideachas ollscoile a chur chun feidhme; comhchuibhiú agus comhtháthú Eorpach an chórais i gcomhaontuithe cultúrtha; coinníollacha rochtana ar ollscoileanna a chuíchóiriú; cláir oibríochtúla náisiúnta a mhaoiníonn an tAontas Eorpach a bhainistiú. |
|
(149) |
Le hAirteagal 2 de Dhlí Uimh. 168/1989, ‘dlí na n-ollscoileanna’ (féach aithris (133)), lenar bunaíodh an Aireacht, ceanglaíodh dualgais bhreise, go háirithe don aire. Áirítear leo sin plean forbartha ollscoile a fhoilsiú; treoirlínte taighde a mholadh agus a ghlacadh; leithdháiltí atá beartaithe d’ollscoileanna a dháileadh ar bhonn critéir oibiachtúla arb é is aidhm dóibh forbairt chothrom ollscoileanna a áirithiú; tuarascáil a chur faoi bhráid na Parlaiminte gach 3 bliana maidir le staid an taighde eolaíoch agus theicneolaíoch; gníomhaíochtaí a chomhordú a bhaineann le rannpháirtíocht na hIodáile san Aontas agus le hoideachas ollscoile náisiúnta agus le cláir eolaíochta agus taighde; oideachas ollscoile a chomhordú le leibhéil eile oideachais phoiblí (96). |
3.3.1.5.
3.3.1.5.1. Gníomhaíocht eacnamaíoch
Cineál intreach na ngníomhaíochtaí a dhéanann Cineca d’fheidhmiú dhualgais fhíor-riachtanach na hAireachta
|
(150) |
Tagraíonn údaráis na hIodáile do mhír 17 den Fhógra ón gCoimisiún maidir le coincheap na státchabhrach (97), ar dá réir a ‘[bhf]éadfar a mheas go ngníomhaíonn eintiteas trí chumhacht phoiblí a fheidhmiú i gcás ina bhfuil an ghníomhaíocht i gceist ina cuid d’fheidhmeanna fíor-riachtanacha an Stáit nó ina bhfuil baint aici leis na feidhmeanna sin de réir a cineáil, a haidhme agus na rialacha a bhfuil sé faoina réir’ (98). Cuireann an Iodáil leis sin freisin, i gcás nach féidir an ghníomhaíocht eacnamaíoch a dheighilt ó fheidhmiú cumhachtaí poiblí, go bhfuil baint fós ag na gníomhaíochtaí a fheidhmíonn an t-eintiteas sin ina iomláine le feidhmiú na gcumhachtaí poiblí sin agus, dá bhrí sin, nach dtagann siad faoi choincheap an ghnóthais. Ní bhaineann sé le hábhar cé acu atá nó nach bhfuil gnóthais eile in ann an ghníomhaíocht chéanna a dhéanamh (99). |
|
(151) |
Tá nasc intreach ag seirbhísí TF Cineca (féach tuilleadh mionsonraí i bhfonóta 105) le feidhmeanna an Stáit i réimse an oideachais threasaigh trí ghníomhaíocht MIUR maidir le maoirseacht a dhéanamh ar eagrú oideachais agus taighde ollscoile, ar gníomhaíocht fhíor-riachtanach é a sholáthar chun inniúlacht Stáit a chur chun feidhme. Níl na seirbhísí sin teoranta do sholáthar seirbhísí riaracháin amháin. |
|
(152) |
Easaontaíonn an Iodáil le tuairim an ghearánaigh nach mór don chomhlacht poiblí, i gcás ‘nasc intreach’, na hardáin is gá don fheidhm i gceist a inmheánú (i.e. cinneadh a dhéanamh iad a tháirgeadh iad féin gan dul i muinín tríú páirtí). De réir na hIodáile, soiléiríodh le breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais Eorpach sa chás an Coimisiún v an Iodáil (100), maidir le cé acu a dhéanann nó nach ndéanann an Stát gníomhaíocht eacnamaíoch, ‘nach bhfuil sé tábhachtach go ndéanfadh an Stát na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sin trí chomhlacht leithleach ar féidir leis tionchar ceannasach a fheidhmiú air, go díreach nó go hindíreach (…) ná go ndéanann sé na gníomhaíochtaí go díreach trí chomhlacht ar cuid de riarachán an Stáit é.’ Fágann sé sin go bhféadfaidh an Stát gníomhaíocht neamheacnamaíoch nó feidhm phoiblí a dhéanamh freisin trí eintiteas ar leith. Má tá an nasc intreach ann, is cuma an eintiteas inmheánach de chuid na hAireachta é Cineca. Measann an Iodáil gur féidir Cineca, ar bhonn a struchtúir, a chuspóra agus an rialaithe a fheidhmíonn a chomhaltaí, a mheas mar roinn inmheánach laistigh de riarachán an Stáit. Sa chiall sin, chinn an Aireacht agus na hollscoileanna na seirbhísí TF i gceist a fhéintáirgeadh. |
|
(153) |
Maidir leis an argóint gur chinn an Iodáil sásra margaidh a thabhairt isteach sa mhargadh seirbhísí TF riaracháin phoiblí (agus seirbhísí TF ollscoile ar an ábhar sin), cuireann údaráis na hIodáile in iúl nár thug an Iodáil isteach sásraí margaidh i ndáil leis na seirbhísí TF a soláthraíodh don Aireacht agus do na hollscoileanna. Ní úsáideann sé an margadh (i.e. trí Consip) ach amháin le haghaidh seirbhísí caighdeánaithe, i.e. seirbhísí neamh-shaincheaptha, atá ar fáil iarbhír trí Consip. Áirítear le seirbhísí den sórt sin nascacht shimplí nó néalseirbhísí, etc. Ní raibh na seirbhísí an-speisialaithe a sholáthair Cineca ar fáil trí Consip. |
|
(154) |
Thairis sin, áitíonn an gearánach nach mór don nasc idir gníomhaíocht agus feidhm phoiblí an Stáit a bheith an-fhorleatach/dian. Easaontaíonn údaráis na hIodáile leis an léirmhíniú a thug an gearánach ar dá réir nach mór an modh a bheith uathúil, i.e. nach féidir modh eile a bheith ar fáil chun an ghníomhaíocht a dhéanamh. Níl sé sin i gcomhréir leis an gcásdlí ar cosúil go gcomhcheanglaíonn sé coincheap na dodhealaitheachta le coincheap an ‘fhíor-riachtanais’ maidir leis an modh chun an fheidhm a dhéanamh, gan beann ar mhargadh a bheith ann agus, dá bhrí sin, ionstraimí eile atá in ann feidhmiú na feidhme céanna a chumasú. Níorbh í an tseirbhís an t-aon mhodh a bhí ann in aon cheann de na cásanna dá dtagraíonn an gearánach. |
|
(155) |
Áitíonn an Iodáil gur aithin an Coimisiún go sainráite i gcás HIS, agus tagairt á déanamh aige do bhreithiúnas TenderNed, go raibh oibreoirí eile ar an margadh, ach ‘nár thairg na hoibreoirí sin ach codanna de na seirbhísí a theastaíonn ó na [hollscoileanna]’ (101). Sa chás seo, leanann an Iodáil ar aghaidh, ní féidir bainistiú na seirbhísí TF don Aireacht a shamhlú trí pháirtithe seachtracha nach bhfuil na rialacha agus na nósanna imeachta ar eolas acu a bhfuil an Aireacht faoina réir agus an cuspóir a bhfuil gá leis an gcóras ina leith. Chun feidhmchláir shonracha don Aireacht a phleanáil, amhail bainistiú eolaíochta agus oideachais náisiúnta nó dáileadh cistithe ollscoile, ní mór oiriúnú agus nuashonrú tráthúil leanúnach a dhéanamh. Níor mhór do pháirtí seachtrach, fiú dá bhféadfaí ceann a fháil, go leor ama a chaitheamh chun staidéar a dhéanamh ar rialacha na nósanna imeachta agus na bpróiseas oibríochtúil foluiteach, rud a chruthódh moill dhothuartha. Níl aon rud i gcoiteann ag bogearraí Cineca le feidhmchláir chineálacha atá ar fáil ar an margadh. Go deimhin, ní bheadh sé indéanta ardán a bhunú chun gach seirbhís an-speisialaithe a bhainistiú. Sa chiall sin, ní ionchur sa chóras oideachais é soláthar na mbogearraí, ach coinníoll dá n-oibriú. |
|
(156) |
Níl argóint an ghearánaigh nach mór gníomhaíocht neamheacnamaíoch a bheith saor in aisce nó nach féidir, ar a laghad, í a chúiteamh le fíorluach saothair cinntitheach. Níor thoisc é sin a bhí ábhartha do shaintréithriú na ngníomhaíochtaí mar ghníomhaíochtaí a bhfuil nasc intreach acu sna cásanna a luadh san aithris roimhe seo (féach Cinneadh HIS). |
|
(157) |
Le Cinneadh HIS, d’aithin an Coimisiún go bhfuil soláthar táirgí bogearraí saincheaptha agus seirbhísí gaolmhara nasctha le cúram poiblí de chuid an Stáit i réimse an oideachais threasaigh (102). Forluíonn gníomhaíochtaí agus stádas HIS go hiomlán le gníomhaíochtaí Cineca i dtaca leis an Aireacht agus leis na hollscoileanna. Ar deireadh, tarraingíonn an Iodáil aird ar aithris 3 de Rialachán (AE) 2015/1589 (103), ar dá réir nach mór déileáil le cásanna forluiteacha ar an mbealach céanna. |
|
(158) |
Ina theannta sin, níl aon rud ann a chuireann cosc ar eintiteas gníomhaíocht eacnamaíoch agus gníomhaíocht neamheacnamaíoch a dhéanamh go comhuaineach. In éagmais tras-fhóirdheonú gníomhaíochtaí eacnamaíocha, ní státchabhair í an tacaíocht do na gníomhaíochtaí neamheacnamaíocha. Cé go mbíonn Cineca ag gabháil do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha, ní dhícháilítear a ghníomhaíochtaí ‘institiúideacha’ mar ghníomhaíochtaí neamheacnamaíocha i ngeall air sin. Ní chiallaíonn breithiúnas na Comhairle Stáit lena ndearbhaítear cód foinse bhogearraí Cineca a bheith ina chuid de mhaoin Cineca (féach aithris (55)) agus lena sanntar luach eacnamaíoch do tháirge Cineca go bhfuil an ghníomhaíocht ghaolmhar indeighilte ó ghníomhaíocht ‘institiúideach’ Cineca. |
|
(159) |
Easaontaíonn údaráis na hIodáile le tuairim an ghearánaigh nach mór oibleagáid reachtúil a bheith ann a d’fhorchuir ar na heintitis Stáit, ní hamháin oibleagáid gníomhaíocht a dhéanamh, ach freisin an modh/meán trína raibh an ghníomhaíocht le déanamh (féach aithris (48)). Dar leis an Iodáil, ní hí oibleagáid dhlíthiúil ‘meán’ a bheith ann a chuireann gníomhaíocht eacnamaíoch as an áireamh, ach feidhmiú an mheáin agus an cúram fíor-riachtanach á chomhlíonadh. Eascraíonn an nasc intreach as an bhfíoras nach féidir an fheidhm phoiblí a shanntar leis an dlí don eintiteas poiblí a fheidhmiú in éagmais an mhodha arna soláthar ag an tairbhí. Ar an gcaoi chéanna leis an gconclúid i gCinneadh HIS (104), ní fhéadfadh an Stát, gan na seirbhísí tacaíochta TF a sholáthraíonn Cineca, a oibleagáid a chomhlíonadh maidir leis an gceart bunreachtúil chun oideachais threasaigh a ráthú (105). |
|
(160) |
Le roinnt rialachán, tugtar go sonrach an oibleagáid don Aireacht cúram áirithe a dhéanamh trí ardáin TF a úsáid. Mar shampla, le hAirteagal 16(2)(e) de Dhlí Uimh. 240/2010, sanntar don Aireacht rialáil sprioc-amanna agus nósanna imeachta chun nósanna imeachta formheasa a dhéanamh, lena n-áirítear nósanna imeachta TF a shainaithint le haghaidh cáilíocht eolaíoch léachtóirí ollscoile. Tá rialacháin eile ann lena gcuirtear d’oibleagáid ar an Aireacht sonraí áirithe a chlárú i gcórais faisnéise (106). |
|
(161) |
Léiríonn sé sin uile gur chruthaigh agus gur bhainistigh Cineca go leor bunachar sonraí don Aireacht, atá idir-inoibritheach le chéile freisin, agus a úsáideann an Aireacht chun a feidhm phoiblí a chomhlíonadh. Rinne Cineca, in éagmais struchtúr tacaíochta TF inmheánach, ionadaíocht i gcónaí ar an gcomhlacht lenar dearadh seirbhísí TF agus lenar cuireadh iad in oiriúint d’fheidhmeanna sonracha na hAireachta. Rinneadh na seirbhísí sin a fhorbairt agus a fhorbairt a thuilleadh le himeacht ama, agus soláthraíodh iad tríd an struchtúr tiomanta laistigh de Cineca a léiríonn struchtúr inmheánach na hAireachta. |
|
(162) |
Sholáthair an comhar le Cineca solúbthacht oibríochtúil don Aireacht agus chuir sé ar a cumas dó a bheith freagrúil go tráthúil. Is minic a cheanglaítear le gníomhartha rialála idirghabhálacha atá deacair a sceidealú agus a bhfuil gá le tréimhsí gearra cur chun feidhme ina leith. Mar gheall ar an eolas atá ag Cineca ar na nósanna imeachta oibriúcháin, is féidir feidhmiú i dtimpeallacht ina bhfuil tosaíochtaí agus pleananna dothuartha agus athshainithe. Chuir sé ar a cumas don Aireacht diancheanglais leanúnachais gnó a chomhlíonadh, rud a d’íoslaghdaigh suaitheadh céimnithe isteach/céimnithe amach. Sholáthair Cineca réitigh shaincheaptha bunaithe ar a thuiscint ar an Aireacht agus ar na páirtithe leasmhara a bhíonn ag idirghníomhú leis an Aireacht. |
|
(163) |
Gan seirbhísí Cineca, ní fhéadfadh an Aireacht formhór a feidhmeanna a dhéanamh a bhfuil nasc intreach acu le seirbhísí tacaíochta Cineca agus nach féidir teacht orthu in áit eile. Dá dtógfadh soláthraí seachas Cineca na seirbhísí TF arís ó bhonn, chuirfí na feidhmeanna poiblí a shanntar don Aireacht ar fionraí. Ós rud é nach bhfuil riachtanais na hAireachta caighdeánaithe maidir le seirbhísí TF, níl aon oibreoir ar an margadh a bhí in ann ná toilteanach a gcuid seirbhísí a struchtúrú ar an réimse sonrach casta sin. Chuige sin, bheadh gá le hinfheistíocht urghnách ón soláthraí agus bheadh costais dhoríofa ar an Aireacht mar thoradh air sin. Mar achoimre, ní thagann gníomhaíochtaí Cineca faoi réim ghnáthchatagóir an tsoláthair seirbhísí TF. |
|
(164) |
A mhéid a bhaineann leis an rialú ón gcúirt náisiúnta a luaigh an gearánach in aithris (45), sonraíonn an Iodáil an méid seo a leanas: Is fíor go ndearnadh cinneadh i bhfabhar an ghearánaigh le breithiúnas Uimh. 6009/2018 ón gComhairle Stáit gur cheart don Iodáil fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na bearta do Cineca chun seirbhísí TF a sholáthar don Aireacht, ós rud é gur státchabhair a bhí iontu. Cinneadh le caingne eile, áfach, amhail breithiúnas na Comhairle Stáit Uimh. 10528/2019 ó Chúirt Réigiúnach Riaracháin Lazio i bhfabhar na hAireachta (féach aithris (63) agus fonóta 45 (107)). |
|
(165) |
Thairis sin, ní bhaineann cásanna Údarás Iomaíochta na hIodáile, Cás A490 – Próis Shibhialta Teileamaitice agus Cás I1778 – Clár Leictreonach Scoile dá dtagraíonn an gearánach (féach aithris (46)) le hábhar. Díríonn na cásanna sin ar iompar frithiomaíoch ag eintitis chonarthacha arb é is aidhm dóibh tionchar a imirt ar rogha custaiméara i margaí iartheachtacha ó mhargadh na n-eintiteas conarthach. |
3.3.1.5.2. Buntáiste
|
(166) |
Ní féidir a mheas gur deontas neamh-inaisíoctha iad na méideanna a leithdháiltear ar Cineca chun na seirbhísí TF a sholáthar don Aireacht. Tá an íocaíocht le Cineca as na seirbhísí TF don Aireacht ina comaoin le haghaidh seirbhísí TF ceannródaíocha sonracha. |
|
(167) |
De réir údaráis na hIodáile, ba é cuspóir na n-íocaíochtaí costais Cineca a bhaineann leis an tseirbhís a sholáthar a chumhdach. Tá sé faoi réir a chláraithe ag an gCúirt Iniúchóirí agus fíoraíonn Roinn Cuntas Ginearálta an Stáit san Aireacht Geilleagair agus Airgeadais é. Mheas údaráis mhaoirseachta na gconarthaí soláthair phoiblí, i.e. an Ghníomhaireacht um Iodáil Digiteach (AgID) agus an Chúirt Iniúchóirí, go bhfuil an leibhéal íocaíochtaí leordhóthanach. Bhí na híocaíochtaí sin níos ísle go ginearálta ná na costais a thabhaigh Cineca chun an tseirbhís a sholáthar don Aireacht. |
|
(168) |
Ó bhí tús na 2000í ann, mheas MIUR gur ‘eintiteas inmheánach’, nach mór, den Aireacht é Cineca. In 2016, áfach, atheagraíodh Cineca agus, dá bhrí sin, rinneadh ‘eintiteas inmheánach’ cuí de. Tá praghsanna do na seirbhísí TF faoi réir measúnú roimh ré le haghaidh leordhóthanacht eacnamaíoch ag MIUR (108). In 2018, chuir ANAC (an t-údarás náisiúnta frithéillithe) Cineca agus comhaltaí an Chuibhreannais ar liosta na n-údarás conarthach agus na n-eintiteas conarthach a oibríonn trí dhámhachtainí díreacha maidir le heintitis ‘inmheánacha’. Diúltaíodh d’agóid a rinne an gearánach i gcoinne na cáilíochta sin ag Cúirt Réigiúnach Riaracháin Lazio (féach aithrisí (63) agus (164)). Sna himthosca sin, is é an margadh tagartha socruithe ‘inmheánacha’ comhchosúla idir cuideachtaí seirbhíse TF agus eintitis riaracháin phoiblí. Ní tagarmharc maith iad soláthraithe i ‘ndeighleoga margaidh’ eile, ar féidir iad a fhostú trí Consip, ós rud é nach gcuireann gnóthais atá ar fáil trí Consip an leibhéal céanna seirbhísí uilechuimsitheacha ar fáil. |
|
(169) |
Níor cinneadh an fhoráil inmheánach a shrianadh do staideanna inar léiríodh le measúnú éifeachtúlachta go raibh cliseadh margaidh ann go dtí gur cuireadh Treoir 2014 maidir le Soláthar Poiblí (109) (Airt. 192 d’Fhoraithne Uimh. 50/2016) chun feidhme, agus ba ghá an soláthraí ‘inmheánach’ a úsáid. |
|
(170) |
Léiríodh le staidéar margaidh (110) (ar a dtugtar ‘Staidéar Corso ar sheirbhísí MIUR’) go raibh an ranníocaíocht chun seirbhísí TF MIUR a sholáthar idir 2006 agus 2018 go mór faoi bhun na meánluachanna margaidh (111). Dá gceannódh an Aireacht na seirbhísí i gceist ó thríú páirtí, d’íocfadh sí breis agus EUR 2 mhilliún níos mó in aghaidh na bliana ar an meán sa tréimhse ama i gceist (112). |
|
(171) |
Chuir an Iodáil tábla isteach ina léirítear go raibh na hioncaim a d’eascair as íocaíochtaí le Cineca as na seirbhísí TF a sholáthair sé don Aireacht (féach an tábla in aithris (209) ina léirítear na hioncaim a breathnaíodh ‘go carnach’ ag deireadh na tréimhse ama idir 2006 agus 2014) cothrom le EUR lúide 208 000, fiú más rud é gur sháraigh na híocaíochtaí costais in 2006, 2007, 2008, 2009 agus in 2013 agus 2014 chomh maith (113). Shonraigh an Iodáil freisin nár íocadh fós na méideanna a bhí dlite as seirbhísí idir 2015 agus 2017. I gcás 2018 ar aghaidh, rinneadh íocaíochtaí tar éis tuairisciú. |
|
(172) |
Maidir le hargóint an ghearánaigh gur cheart tuarascáil a bheith ullmhaithe i gcónaí chun na costais a chur faoi bhráid na hAireachta (féach aithris (59)), cuireann údaráis na hIodáile in iúl nárbh ann don oibleagáid go dtí tar éis 2016. In éagmais tuarascáil ar chostais a chur isteach roimh 2015, níor chiallaigh sé sin nach ndearnadh aon scrúdú ex-ante ar na híocaíochtaí a bhí le déanamh le Cineca as na seirbhísí a soláthraíodh. Rinne an Aireacht na méideanna a bhí le híoc a chainníochtú i gcónaí i ndáil leis na costais a thabhaigh Cineca as na seirbhísí a sholáthar. Rinne an Aireacht na híocaíochtaí a sheiceáil go mion i gcónaí agus sonraíodh na seirbhísí sna horduithe íocaíochta aonair. Ós rud é nach raibh margadh ábhartha ann, cinneadh na híocaíochtaí ar bhonn na gcostas a thabhaigh Cineca agus ar bhonn cháilíocht agus cainníocht na seirbhísí a soláthraíodh. |
3.3.1.5.3. Gan saobhadh iomaíochta
|
(173) |
De réir údaráis na hIodáile, sonraítear go mícheart leis an gcinneadh tosaigh (in aithrisí 31, 104 agus 105) go ndéanann seirbhísí TF don Aireacht ag Cineca saobhadh ar an iomaíocht toisc go bhfuil oibleagáid nó srianta teicniúla a bhaineann le hidir-inoibritheacht idir seirbhísí TF na hAireachta agus seirbhísí TF na n-ollscoileanna a chuireann iallach ar an Aireacht agus ar na hollscoileanna araon seirbhísí Cineca a úsáid. |
|
(174) |
Níl aon srian teicniúil den sórt sin ann. Is féidir na sonraí ionchuir arna gcóipeáil ag ollscoileanna i mbunachair sonraí na hAireachta – a chruthaigh Cineca – a aistriú trí úsáid a bhaint as feidhmchláir ríomhaire is féidir leis na hollscoileanna a fháil freisin ó oibreoirí margaidh eile. |
|
(175) |
Mar a chuireann an gearánach in iúl, is minic a úsáidtear seirbhísí TF iomaitheoirí d’ollscoileanna le chéile le táirgí Cineca, agus ní bhíonn deacrachtaí acu comhpháirteanna bogearraí áirithe a fháil ó sholáthraithe malartacha. Déanann roinnt ollscoileanna aistriú chuig soláthraithe eile, lena n-áirítear an gearánach (féach aithris (69)). Ina fhianaise sin, tá an ráiteas sa chinneadh tosaigh, go bhféadfadh Cineca a bheith in ann seirbhísí a dhíol nach mbeadh sé in ann a dhíol de ghnáth, míchruinn. |
3.3.1.6.
3.3.1.6.1. Gníomhaíocht eacnamaíoch
Gníomhaíochtaí a dhéanann Cineca a bheith doscartha ó fheidhmiú dhualgais fhíor-riachtanacha na n-ollscoileanna
|
(176) |
Mar a sonraíodh sa chinneadh tosaigh in aithris 113, agus ardoideachas poiblí á sholáthar agus á eagrú acu, comhlíonann ollscoileanna feidhm Stáit fhíor-riachtanach. |
|
(177) |
De réir údaráis na hIodáile (agus mar a deimhníodh le 58 bhfreagra a fuair an Aireacht ó ollscoileanna ar cheistneoir a bhí dírithe ar ollscoileanna i dtaca le saincheisteanna a ardaíodh sa chinneadh tosaigh), cuireann Cineca raon leathan seirbhísí ar fáil d’ollscoileanna chun na riachtanais seirbhísí TF uile a d’fhéadfadh a bheith ag ollscoileanna a chomhlíonadh. Bhí gnóthais in ann dul isteach sa mhargadh seirbhísí TF ollscoile ó thart ar an mbliain 2000. Tá an tsaoirse ag ollscoileanna na seirbhísí sin a fháil ó iomaitheoirí Cineca. Mar sin féin, ní chumhdaítear le tairiscintí seirbhíse iomaitheoirí ach codanna sonracha áirithe de riachtanais seirbhísí TF na n-ollscoileanna. Ina fhianaise sin, tá sé intuigthe go hiomlán go mbíonn claonadh ag ollscoileanna soláthraí a roghnú a thairgeann seirbhís iomlán chomhtháite, seachas soláthraí nach dtairgeann ach seirbhísí i réimsí sonracha. |
|
(178) |
De réir údaráis na hIodáile, áitíonn ollscoileanna nach gníomhaíocht eacnamaíoch iad na seirbhísí a sholáthraíonn Cineca dóibh mar gheall ar an nasc intreach le feidhmiú an chúraim fhíor-riachtanaigh a dhéanann na hollscoileanna. Shonraigh siad go bhfuil na réitigh TF a sholáthraíonn Cineca ríthábhachtach, de bharr a gcineáil féin, chun na gníomhaíochtaí riaracháin a eagrú agus a bhainistiú arb é is aidhm dóibh oideachas ollscoile poiblí a sholáthar agus na gníomhaíochtaí taighde gaolmhara a dhéantar laistigh de chóras na hollscoile a dhéanamh. |
|
(179) |
Oibríonn ollscoileanna i gcomhar leis an Aireacht chun na cúraimí fíor-riachtanacha sin a chomhlíonadh agus d’fhormhuinigh siad bunú an Chuibhreannais in 1967 ar cuireadh de chúram air seirbhísí faisnéise a chur ar fáil chun é a chur ar a gcumas dóibh na feidhmeanna fíor-riachtanacha a shanntar dóibh a chomhlíonadh: is é atá sa Chuibhreannas ‘an uirlis eagraíochtúil speisialaithe, a bunaíodh go cuí chun na gníomhaíochtaí a léirítear in Airteagal 3 a dhéanamh’ lena shonraítear, ina dhiaidh sin, ‘[gurb] é is príomhaidhm don Chuibhreannas seirbhísí nuálacha TF a tháirgeadh do chomhaltaí an Chuibhreannais, chun iad a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos nua-aimseartha, ar an mbealach is buntáistí go heacnamaíoch, trí theicneolaíochtaí a fhorbairt agus trí spriocanna forbartha a chomhroinnt’ (féach Airteagal 1(2) d’Airteagail Chomhlachais an Chuibhreannais). |
|
(180) |
Áitíonn an Iodáil freisin nach féidir Cineca a cháiliú mar ghnóthas fiú. Ina ionad sin, is struchtúr inmheánach laistigh den chóras oideachais ollscoile é, nó struchtúr inmheánach a bhfuil sé de chúram air na seirbhísí HPC agus TFC atá fíor-riachtanach don ollscoil agus don chóras taighde a tháirgeadh agus a bhainistiú. |
|
(181) |
Thar ceann ollscoileanna, d’fhorbair Cineca seirbhísí a bhaineann le gníomhaíochtaí ríofa ardfhorbartha ar dtús chun críoch taighde. Le himeacht ama, cuireadh córais faisnéise bhreise leis a cuireadh in oiriúint do riachtanais shonracha na n-ollscoileanna lena gcuirtear ar a gcumas dóibh a bhfeidhmeanna fíor-riachtanacha a chomhlíonadh, lena n-áirítear na croífheidhmiúlachtaí seo a leanas:
|
|
(182) |
Go teoiriciúil, d’fhéadfaí na seirbhísí sin a cheannach ar an margadh. Mar sin féin, tá siad fite fuaite le feidhmiú na n-ollscoileanna agus, dá bhrí sin, tá siad fíor-riachtanach d’fheidhmiú na n-ollscoileanna. De réir údaráis na hIodáile, thug na hollscoileanna le fios freisin gurb í seirbhís Cineca an t-aon chóras iomlán comhtháite chun feidhmeanna fíor-riachtanacha institiúideacha na n-ollscoileanna a bhainistiú (féach an aithris roimhe seo). Cumhdaítear léi beagnach 100 % de riachtanais earnála agus cumasaítear léi cothabháil theicniúil agus ‘rialála’ leanúnach na n-ardán trí nuashonrú leanúnach na gcóras i gcomhréir le riachtanais chomhaltaí eile an Chuibhreannais. Tá comhlacht comhairleach freisin ina bhfuil stiúrthóirí córais faisnéise na n-ollscoileanna ar comhaltaí iad chun fadhbanna teicneolaíochta a phlé, agus soláthraíonn an fhoireann teagaisc ionchur maidir leis na táirgí/seirbhísí freisin. Dá bhrí sin, déantar seirbhísí a fhéinfhorbairt ar bhealach comhtháite le hionchur comhpháirteach Cineca agus ollscoileanna, chun leibhéal éifeachtúlachta a bhaint amach nach féidir a bhaint amach trí na seirbhísí a fháil ón margadh. Fiú ollscoileanna a d’fhostaigh oibreoirí seachas Cineca, dheimhnigh siad nach bhfuil aon oibreoir eile ar an margadh in ann an raon iomlán seirbhísí a thairgeann Cineca a thairiscint. |
|
(183) |
Áirítear an méid seo a leanas leis na bunúis dlí ábhartha: Dlí Uimh. 341/1990 lena sainítear struchtúr na gcúrsaí ollscoile agus na ceanglais maidir le cáilíochtaí a bhronnadh; Dlí Uimh. 264/1999 lena rialaítear rochtain ar chúrsaí ollscoile a bhfuil uimhir iata ag baint leo; Foraitheanta Aireachta Uimh. 509/1999 agus 270/2004 lena ndéantar an t-oideachas ollscoile a nuachóiriú agus a oiriúnú trí chreidmheasanna oideachais a thabhairt isteach; Foraithne Aireachta Uimh. 130/2017 agus Foraithne Aireachta an 16 Meán Fómhair 2016 (agus na dlíthe a bhí ann roimhe sin) maidir le bainistiú staidéar iarchéime; Dlí Uimh. 240/2010, Foraithne Reachtach Uimh. 49/2012, Foraithne Aireachta 159/2012, Foraithne Reachtach 102/2001; Dlí 168/1989, et.al. |
3.3.1.6.2. Inleagthacht
|
(184) |
Easaontaíonn an Iodáil le réamhchonclúid an chinnidh tosaigh go bhféadfadh sé ‘gur léiriú é MIUR agus ionadaithe ollscoileanna na hIodáile araon a bheith ar bhord CINECA go raibh tionchar ag an Stát ar chinneadh ollscoileanna na hIodáile maidir le córais TF Cineca a cheannach nó gan iad a cheannach. Thairis sin, d’úsáid ollscoileanna bogearraí Cineca chun maoiniú poiblí a rochtain’ (aithris 124 den chinneadh). Treisítear an réamhchonclúid sin leis an líomhain, mar a chuireann an Iodáil in iúl, go gcuireann idir-inoibritheacht bhogearraí na hollscoile leis na bogearraí don Aireacht ar a gcumas d’ollscoileanna an cistiú a fháil don ollscoil ar bhealach níos éasca. |
|
(185) |
Áitíonn an Iodáil, áfach, de bhun Dhlí Uimh. 168/1989 (114), go bhfuil uathriail iomlán oideachais, eolaíoch, eagraíochtúil, airgeadais agus cuntasaíochta ag ollscoileanna. Féadann ollscoileanna a n-acmhainní féin a bheith acu, amhail ranníocaíochtaí mac léinn nó tríú páirtí. Dá bhrí sin, ní thagann na hacmhainní a íoctar ar deireadh le Cineca as a sheirbhísí ach go páirteach ón Stát. Thairis sin, dheimhnigh ollscoileanna freisin gur roghnaíodh Cineca mar sholáthraí faoi shaoirse roimh theacht i bhfeidhm dhlí salva Cineca, mar a thugtar air, agus ina dhiaidh sin, gan aon oibleagáid ná coinníoll ón Stát. Deimhníodh freisin nach mbaineann eisíocaíocht an chistithe leis na hollscoileanna le rogha na n-ollscoileanna maidir le soláthraí seirbhíse TF, ach go bhfuil sí bunaithe ar chritéir oibiachtúla arna socrú ag an Aireacht, amhail méid na hollscoile agus an líon mac léinn mar aon lena haschur eolaíoch. |
|
(186) |
Dheimhnigh na hollscoileanna a úsáideann Cineca, de réir údaráis na hIodáile, nár fhorchuir an Aireacht orthu Cineca a roghnú ach gur iarmhairt é ar a gcinneadh dul isteach sa Chuibhreannas agus a sheirbhísí a úsáid. Níl roghnú Cineca mar sholáthraí seirbhíse inleagtha ar na hollscoileanna ná, tríothu sin, ar an Stát. Mhínigh na hollscoileanna freisin go dtagann na táillí a íoctar le Cineca as na seirbhísí TF ó tharaif chuibhreannais (arna cinneadh de réir paraiméadair shocraithe) lena gcuimsítear na costais chúnaimh agus chothabhála éabhlóidí. Déantar na costais saincheaptha a luacháil bunaithe ar na taraifí is gá chun costais a chumhdach. D’fhéadfadh na gnéithe sin dochar a dhéanamh don toradh go raibh inleagthacht ann freisin, toisc nach gcinneann an Stát na taraifí. |
|
(187) |
Mar a sonraíodh leis an gcinneadh tosaigh féin, chinn roinnt ollscoileanna seirbhísí TF a cheannach ó oibreoirí seachas Cineca agus níor thuairiscigh siad aon fhadhb maidir le cistiú a rochtain. Tá siad in ann cumarsáid a dhéanamh gan stró le córas faisnéise na hAireachta. Dá mbeadh Stát na hIodáile ag iarraidh iallach a chur ar ollscoileanna Cineca a úsáid mar sholáthraí, d’iarrfadh sé ar Cineca córas a fhorbairt don earnáil oideachais ar fad agus d’íocfadh sé go díreach le Cineca as córais faisnéise a fhorbairt. Ina ionad sin, déanann an Aireacht a mhalairt: íocann sí na costais oibriúcháin go díreach leis na hollscoileanna ar féidir leo iad a bhainistiú faoi shaoirse, agus tugann sí saoirse do na hollscoileanna cinneadh a dhéanamh an mian leo Cineca nó soláthraí eile a úsáid. |
|
(188) |
Déanann an gearánach earráid nuair a mheasann sé nach bhfuil cásdlí Stardust Marine chun inleagthacht a chinneadh (féach aithris (78) et seq.) infheidhme maidir leis an gcás. Is féidir tátal a bhaint as an gcásdlí (115) go bhfuil critéir Stardust infheidhme de réir analaí agus anailís á déanamh ar inleagthacht i gcás comhlachtaí poiblí a bhfuil ‘uathriail acu, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le cistí a bhainistiú, i ndáil le hidirghabhálacha ó údaráis phoiblí’. Ní léir ach oiread cén fáth a mbeadh cur i bhfeidhm chritéir Stardust Marine difriúil de réir mar a bhaineann le gníomhaíochtaí comhlachtaí arna rialú ag an dlí poiblí atá leithleach ón stát (116). Creideann an Iodáil gur ghá a chruthú, ar bhonn cás ar chás, rannpháirtíocht an Stáit sa chinneadh Cineca a roghnú le haghaidh conarthaí seirbhísí TF, chun toradh d’inleagthacht a fháil. |
3.3.1.6.3. Buntáiste
|
(189) |
Easaontaíonn an Iodáil leis an réamhchonclúid in aithris 132 den chinneadh tosaigh, ‘a mhéid a bhí tionchar ag an Stát ar iompraíocht cheannaigh ollscoileanna i ndáil le Cineca, [go raibh Cineca] in ann seirbhísí TF a dhíol nach bhféadfadh sé a dhíol gan idirghabháil ón Stát agus, dá bhrí sin, brabús a fháil uathu’. |
|
(190) |
Áitíonn údaráis na hIodáile gurbh iad comhaltaí an Chuibhreannais fíorthairbhithe na híocaíochta agus nár íoc siad ach na costais ba ghá chun na seirbhísí a tháirgeadh agus, murach sin, bheadh orthu na seirbhísí a fhorbairt iad féin. |
|
(191) |
A mhéid a bhaineann le nós imeachta iomaíoch roghnaitheach a chur i bhfeidhm, i.e. nós imeachta soláthair phoiblí iomchuí a chur i bhfeidhm, cuireann an Iodáil in iúl go raibh roghnú Cineca (soláthraí inmheánach cuí de réir reachtaíocht na hIodáile) níos déine fós ná mar a cheanglaítear le reachtaíocht soláthair phoiblí an Aontais. Is amhlaidh atá toisc go gceanglaítear le hAirteagal 192(2) d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 50/2016 ‘measúnú éifeachtúlachta feabhsaithe’ ar dhámhachtain bheartaithe do Cineca sula gceadaítear dámhachtain ‘inmheánach’ den sórt sin do Cineca. Foráiltear le reachtaíocht an Aontais (Airteagal 12(3) de Threoir 2014/24/AE) maidir le coibhéis fhíor-riachtanach idir na nósanna imeachta éagsúla chun seirbhís leasa a chur de chúram ar an riarachán poiblí. |
|
(192) |
Mhínigh an Iodáil freisin go ndearna na hollscoileanna réamh-mheasúnú i gcónaí ar na tairbhí a bhaineann le Cineca a fhostú dá seirbhísí TF trí mheastóireacht a dhéanamh an bhféadfaidís na torthaí céanna a tháirgeadh go hinmheánach, agus ansin feidhmiúlachtaí agus saintréithe sheirbhísí Cineca a chur i gcomparáid le feidhmiúlachtaí agus saintréithe tairiscintí iomaitheoirí (117). |
|
(193) |
Sholáthair an Iodáil tuarascáil theicniúil (féach aithris (318) et seq.), staidéar saineolach leis an Ollamh Corso, a léirigh luach sheirbhísí TF Cineca do na hollscoileanna arna miondealú go trí chomhpháirt i gcomparáid leis an bpraghas margaidh ó 2004 go 2018 (118). Léirítear leis an staidéar na sonraí a bhaineann le dhá cheann de thrí fhodheighleog na hearnála, lena n-áirítear ‘seirbhísí feidhmchláir’ agus ‘seirbhísí eile’, agus gan ‘seirbhísí óstála’ san áireamh (119). Bhí ioncaim Cineca, i.e. an cúiteamh a fuair sé as na seirbhísí i gceist, faoi bhun praghsanna margaidh sa chuid is mó de na blianta idir 2004 agus 2019. Thairis sin, dheimhnigh AgID freisin comhsheasmhacht eacnamaíoch na luachanna atá bainteach leis an gcomhpháirt bhonneagair. Maidir leis an tríú fodheighleog, ‘seirbhísí eile’ (i.e. seirbhísí pleanála agus comhairleacha), léirítear leis an tuarascáil go raibh tairiscint Cineca i gcomhréir leis an luach margaidh. |
|
(194) |
Ar an mbonn sin, ba iad na seirbhísí a thairgeann Cineca an réiteach is iomláine agus is eacnamaíche ar an margadh do sheirbhísí TF ollscoile. |
3.3.1.7.
|
(195) |
Áitíonn an Iodáil freisin, a mhéid a cháileodh na bearta i gceist mar státchabhair, gur cabhair atá ann cheana í de bhun Airteagal 1(b)(v) de Rialachán (AE) 2015/1589 (120). Is é sin le rá, bheadh na bearta ina gcabhair atá ann cheana toisc gur féidir leis an Iodáil a chruthú nár chabhair iad tráth ar cuireadh i bhfeidhm iad, agus gur tháinig siad chun bheith ina gcabhair i ngeall ar éabhlóid an mhargaidh inmheánaigh agus gan athrú a bheith déanta orthu ag an mBallstát. Tá cosaint dhlíthiúil ag bearta den sórt sin fad nach bhfuil a neamh-chomhoiriúnacht leis an margadh inmheánach suite ag an gCoimisiún agus gur ordaigh sé bearta iomchuí atá dírithe ar an todhchaí (121). |
|
(196) |
Áitíonn an Iodáil nach raibh margadh do sheirbhísí TF ollscoile ná do sheirbhísí TF riaracháin phoiblí tráth a bunaíodh Cineca in 1967. Thosaigh an dá mhargadh ag forbairt sna 1980í. Ní dhearnadh aon athrú mór ar na bearta, áitíonn an Iodáil, toisc nach ndearnadh aon athrú mór ar chineál ná ar fhoinse mhaoiniú na hAireachta, ar an mbunús dlí, ar chuspóir an mhaoinithe ná ar raon na dtairbhithe a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do bhunbhrí na mbeart. Dá bhrí sin, comhlíonann na bearta paraiméadair an ‘athraithe mhóir’ mar a shainmhínítear sa chásdlí (122). |
3.3.1.8.
|
(197) |
Thug an Coimisiún le fios sa chinneadh tosaigh go raibh sé beartaithe aige measúnú a dhéanamh ar cé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh tras-fhóirdheonú ar ghníomhaíochtaí tráchtála Cineca a bheith mar thoradh ar an gcistiú poiblí do ghníomhaíochtaí HPC neamhthráchtála/institiúideacha agus do na seirbhísí TF don Aireacht. Féach aithris 78(c) den chinneadh tosaigh. |
|
(198) |
De réir údaráis na hIodáile, tá a mhodheolaíocht chuntasaíochta athraithe ag Cineca ó bhí 2004 ann. In aighneacht ó mhí Dheireadh Fómhair 2019, mhínigh an Iodáil gur úsáid Cineca córas cuntasaíochta airgeadais ó 2004 go 2006 a bhí bunaithe ar cheannteidil chaiteachais lenar áirithíodh go raibh na hacmhainní a fuarthas, agus na caiteachais ghaolmhara, comhardaithe. Ó bhí 2006 ann, ullmhaíodh ráitis airgeadais Cineca i gcomhréir le prionsabail na cuntasaíochta sócmhainní eacnamaíocha. Taifeadadh costais agus tuilleamh de réir a gcineáil leis an gcóras sin, i.e. trína roinnt de réir chúis eacnamaíoch an teagmhais a thruicear iad. Ina theannta sin, ó 2006 ar aghaidh, thosaigh Cineca ag úsáid ‘nósanna imeachta cuntasaíochta anailísí/rialaithe bainistíochta’ agus úsáid á baint aige as uirlisí TF a bhí ag éirí níos sofaisticiúla i gcónaí lenar áirithíodh go ndearnadh costais agus ioncaim a leithdháileadh i gceart agus go beacht ar réimsí aonair gníomhaíochta, is é sin, 1) ar sheirbhísí HPC, 2) ar sheirbhísí don Aireacht, 3) ar sheirbhísí d’ollscoileanna poiblí agus 4) ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha a mhéid a bhaineann le hioncaim, agus ar phearsanra, dímheas, soláthróirí tríú páirtí a mhéid a bhaineann le costais. Sa chóras sin, úsáideadh ranníocaíochtaí Cineca a fuarthas as na seirbhísí TF a soláthraíodh chun na costais a tabhaíodh chun na seirbhísí sin a tháirgeadh a chumhdach agus tá na ranníocaíochtaí a fuarthas as na gníomhaíochtaí neamhthráchtála chun na costais oibriúcháin ghaolmhara a chumhdach. Úsáidtear an t-ioncam ó na gníomhaíochtaí eacnamaíocha chun costais na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha sin a chumhdach. Dá bhrí sin, bhí an córas sin leormhaith chun úsáid cistí poiblí a eisiamh go hiomlán chun críoch eile seachas chun na gcríoch ar dámhadh iad. Deimhníodh an chonclúid sin le breithiúnas Uimh. 6009/2018 (a bhaineann le hagóid i gcoinne na tacaíochta do HPC neamhthráchtála/institiúideach 2015 agus do na seirbhísí do MIUR) (123). |
|
(199) |
Ina haighneacht i mí Dheireadh Fómhair 2019 (féach tagairt di in aithris (198)), chuir an Iodáil tuairisc isteach cheana féin ar a modheolaíocht leithdháilte costas lenar míníodh an ‘nós imeachta cuntasaíochta anailísí’ ar an mbealach seo a leanas: is éard atá sa chóras lárionaid bhrabúis, lárionaid chostais agus orduithe, arna miondealú faoi threoir aonaid oibríochtúla ar an gcéad leibhéal de struchtúr eagraíochtúil an Chuibhreannais. Bhí sé beartaithe leis an gcóras sin an ‘corrlach ranníocaíochta’ nó ‘costais dhíreacha’ a chinneadh, is é sin le rá. ‘Córas rialaithe costála dírí’ a bhí ann nach ndearna foráil ach amháin maidir le costais dhíreacha a leithdháileadh ar lárionaid bhrabúis. Úsáidtear an córas costála dírí go forleathan agus fágann sé gur féidir an corrlach ranníocaíochta a chinneadh trí chostais agus ioncaim a chur i gcomparáid le chéile (124). |
|
(200) |
In 2015, tugadh isteach nós imeachta cuntasaíochta anailísí nua lenar soláthraíodh aicmiú níos mionsonraithe ar ioncam agus lenar méadaíodh go mór cion na gcostas a bhí inchurtha go díreach i leith lárionaid bhrabúis, lárionaid chostais agus conarthaí. Ina theannta sin, leathnaíodh leithdháileadh na gcostas ar aonaid eagraíochtúla/lárionaid bhrabúis aonair chun costais indíreacha a chumhdach freisin. Dá bhrí sin, ba aistriú é ó ‘chorrlach ranníocaíochta’ go ‘costáil iomlán ’ . Leis an aistriú ó shamhail ‘costais dhírigh’ go samhail ‘costais iomláin’, íoslaghdaíodh an leibhéal rogha is gnách do na próisis chun costais choiteanna a leithdháileadh ar bhonn indíreach. |
|
(201) |
Ó bhí 2016 ann, le nós imeachta cuntasaíochta anailísí Cineca, ar ar a bhonn a chinntear costais na réimsí gníomhaíochtaí, leithdháiltear na costais agus na hioncaim ar na haonaid eagraíochtúla ar an gcéad leibhéal, i.e. na ‘hAonaid Ghnó’ agus ‘Tacaíochtaí Struchtúir’. Is éard atá sna haonaid eagraíochtúla sin na lárionaid bhrabúis agus chostais. |
|
(202) |
Tá na haonaid eagraíochtúla ar an gcéad leibhéal sin comhdhéanta de na haonaid eagraíochtúla aonaid ghnó ‘Ollscoileanna’‘HPC’, ‘MIUR’, ‘Riarachán Sláinte agus Poiblí’, agus na haonaid eagraíochtúla tacaíochta ‘Feidhm DSET’ (Córais agus Teicneolaíochtaí chun tacú le feidhmeanna na n-aonad gnó), ‘Seirbhísí Ginearálta Saoráide’, ‘Riarachán’ agus ‘Ard-Stiúrthóireacht’. Tá na costais dhíreacha táirgthe inchurtha go díreach i leith ghníomhaíochtaí tuairiscithe na n-aonad gnó: pearsanra agus costais ghaolmhara agus seirbhísí tríú páirtí, amhail costais leictreachais agus dímheas. Leithdháiltear iad sin go díreach ar orduithe na lárionad costais le haghaidh sheirbhísí an réimse gnó shonraigh. Cinntear costais foirne (tuarastail) ar bhonn bileoga ama. Ina theannta sin, cuirtear roinnt costas pearsanra, seirbhísí tríú páirtí agus dímheasa ‘Fheidhm DSET’ leis freisin ar bhonn bileoga ama agus conarthaí. Baineann forchostais indíreacha le costais na Struchtúr Tacaíochta. Déantar na costais indíreacha a bhaineann leis na struchtúir tacaíochta sin i dtéarmaí saothair, seirbhísí tríú páirtí, cothabháil trealaimh agus foirgneamh, fóntas agus dímheasa a leithdháileadh ar lárionaid chostais na n-aonad gnó ar bhonn spreagthaí tar-rollta arna sainiú go sonrach ag na struchtúir tacaíochta ar bhonn na hacmhainneachta agus na n-acmhainní a leithdháiltear ar na haonaid ghnó éagsúla.
|
|
(203) |
Ba cheart a chur san áireamh freisin gur dhá aonad gnó ar leithligh iad na seirbhísí a sholáthraítear do MIUR, ar thaobh amháin, agus don tsár-ríomhaireacht (HPC), ar an taobh eile, agus, dá bhrí sin, go bhfuil siad deighilte ó na costais agus ón ioncam a bhaineann le gníomhaíochtaí eile. |
|
(204) |
Mhínigh an Iodáil go bhfuil na cuntais faoi réir roinnt nósanna imeachta iniúchóireachta freisin. Tá ráitis airgeadais uile Cineca faoi réir fíorú ag Bord Iniúchóirí Cineca, a gceapann gach ceann den Aireacht Taighde comhalta amháin díobh i gcomhaontú leis an Aireacht Oideachais, leis an Aireacht Airgeadais agus le Tionól Cuibhreannais Cineca. Tá Cineca faoi rialú Chúirt Iniúchóirí na hIodáile freisin, a chuimsíonn bainistíocht airgeadais iomlán an Chuibhreannais agus a gcuirtear a thoradh in iúl don Pharlaimint. Ina theannta sin, déanann an chuideachta Deloitte S.p.A deimhniú neamhspleách ar chuntais bhliantúla an Chuibhreannais (125). Maidir le haistriú an chúitimh bhliantúil as seirbhísí TF Cineca a sholáthraítear don Aireacht (cúiteamh arna bhunú le foraithne aireachta, i.e. na Gnáthchistí Maoiniúcháin (126)), tá an íocaíocht sin le Cineca faoi réir clárú ex-ante ag Cúirt Iniúchóirí na hIodáile agus faoi réir fíorú ag Roinn ghinearálta na gCuntas Náisiúnta san Aireacht Geilleagair agus Airgeadais (127). I gcás gach bliana den tréimhse ama ó 2006 go 2019, rinne na comhlachtaí sin grinnscrúdú ar na buiséid maidir lena ndlíthiúlacht agus shuigh siad go raibh na dlíthe is infheidhme á gcomhlíonadh go hiomlán acu. |
|
(205) |
Áitíonn an Iodáil gur cheart dhá shaincheist choincheapúla a shoiléiriú agus aghaidh á tabhairt ar an gceist maidir le tras-fhóirdheonú. Ar an gcéad dul síos, ba cheart a chur as an áireamh gurb ann do róchúiteamh/tras-fhóirdheonú má tá na costais a bhaineann leis na seirbhísí i gceist a sholáthar cothrom le leibhéil ioncam/maoinithe na seirbhísí nó má sháraíonn na costais na leibhéil sin. Ar an dara dul síos, i gcoincheap an tras-fhóirdheonaithe is gné dhílis é an smaoineamh go muirearaíonn tairbhí líomhnaithe an tras-fhóirdheonaithe praghsanna atá faoi bhun an luacha margaidh, agus go gcumhdaíonn an tras-fhóirdheonú na costais a thabhaítear. Ar an taobh eile, má chuireann na praghsanna a mhuirearaítear ar a chumas don tairbhí líomhnaithe na costais inathraitheacha, sciar réasúnta de na costais sheasta choiteanna, agus corrlach réasúnta ar an gcaipiteal in úsáid ar a laghad a chumhdach, is féidir an tras-fhóirdheonú a chur as an áireamh. |
|
(206) |
Chun tuilleadh mionsonraí a sholáthar, tharchuir údaráis na hIodáile trí thábla Excel ina léirítear na sonraí costais/ioncaim a bhaineann leis na blianta atá faoi imscrúdú (ó 2006 go 2015) agus ó 2016 i ngach ceann de na trí réimse i gceist: maoiniú 1) na ngníomhaíochtaí tráchtála 2) na gníomhaíochta HPC neamhthráchtála/institiúideach; agus 3) na seirbhísí don Aireacht. |
|
(207) |
Léirítear leis an tábla lena ndéantar achoimre ar chostais agus ar ioncaim ghníomhaíochtaí tráchtála Cineca gurb é EUR 30 930 424 an brabús foriomlán, a thuigtear mar an difríocht idir ioncaim agus costais, ag deireadh na tréimhse ama ó 2006 go 2019 (128). Cuireann an Iodáil in iúl go bhfuil toradh dearfach láidir ó thaobh ‘carnach’ de, ach cé is moite de bhliain amháin (2009), bhí corrlach dearfach mar thoradh ar ghníomhaíocht gach bliana freisin. Cumhdaíodh an toradh diúltach in 2009 le corrlaigh dhearfacha na mblianta roimhe sin. Gníomhaíochtaí tráchtála
|
|
(208) |
Léirítear le tábla a cuireadh isteach leis na figiúirí ábhartha sna blianta i gceist go raibh na costais a bhain leis na seirbhísí HPC neamhthráchtála/institiúideacha a sholáthar níos airde ar an iomlán ná an ranníocaíocht ón Aireacht: ba é EUR -3 122 404 an toradh a bhí air sin ag deireadh na tréimhse ama ó 2006 go 2019. I ndáiríre, áfach, áitíonn an Iodáil gurbh é EUR -89 607 514 an difríocht iarbhír an tráth céanna (i.e. 2006 go 2014), i bhfianaise gur eisíocadh ranníocaíocht na hAireachta ní mar thuilleamh ach mar ‘ghlansócmhainní’ nó mar ‘chúlchistí faoi chuing’ (Iodáilis: ‘patrimonio netto’ (129)) mar fhreagairt ar iarraidh na hAireachta na ranníocaíochtaí a mheas mar tháillí comhaltais. Leithdháiltear na méideanna sin go díreach ar chothromas agus ní mar ioncam agus taifeadtar fós sa Chiste Dearlaice agus taispeántar sa chlár comhardaithe iad (130). Gníomhaíochtaí HPC neamhthráchtála/institiúideacha
Colún ‘glansócmhainní’ (‘ patrimonio netto ’)/ó 2006 go 2011: a iontráiltear mar ‘ghlansócmhainní’ ( ‘patrimonio netto ’) arna iarraidh sin don Aireacht; Colún ‘glansócmhainní’/ó 2012 go 2014: a iontráiltear mar ‘ patrimonio netto ’ gan iarraidh shainráite ón Aireacht; Colún ‘Costais HPC’/2015: de réir athráiteas na tuarascála ar chostais don Aireacht. Fotheideal leanúnach faoin tábla: Shoiléirigh an Iodáil gur easnaimh shealadacha iad na heasnaimh le haghaidh 2018 agus 2019 (Féach colún 6 agus rónna 16 agus 17); ós rud é nach ndearnadh an fíorú costais go fóill. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(209) |
Maidir leis na seirbhísí TF a soláthraíodh don Aireacht, cuirtear staid an-chosúil i láthair sa tábla (féach thíos): bhí na costais táirgthe don tréimhse ama ó 2006 go 2017 EUR 66 018 871 níos airde ná na hioncaim sa tréimhse ama chéanna. Chun a bheith níos beaichte, tá an difríocht idir ioncam agus costais beagán diúltach cheana féin nuair a bhreathnaítear ar an tréimhse ó 2006 go 2014 amháin (EUR - 208 045). Mar sin féin, téann an figiúr ó 2006 go 2019 in olcas go mór, agus ba é EUR -66 018 871 an toradh críochnaitheach, má chuirtear san áireamh na ranníocaíochtaí bliantúla do na blianta airgeadais ó 2015 go 2018, nár íocadh iarbhír cé gur iontráladh iad sa chlár comhardaithe mar ioncam (131). Seirbhísí TF don Aireacht
Colún 4 agus 5/an bhliain 2012: Baineann an difríocht […] milliún in ioncam agus fáltais le haghaidh seirbhísí do MIUR le méid a dhearbhaigh an Aireacht go sainráite gur leithdháileadh é chun costais chumaisc na dtrí chuibhreannas (CASPUR, CILEA, CINECA) a chumhdach, agus ní chun an tseirbhís a sholáthar. Colúin 2 agus 4/an bhliain 2013: Mhínigh na húdaráis nach mór gur leithdháileadh cuid den mhaoiniú (i.e. EUR 18 850 000) ar na costais chumaisc, ach níor léiríodh an méid beacht. Mar sin féin, is cinnte go ndearnadh áibhéil ar mhaoiniú na bliana sin. |
|
(210) |
Mar achoimre, bhí tearc-chúiteamh costas trí ranníocaíochtaí poiblí ina shaintréith de sholáthar seirbhísí HPC neamhthráchtála/institiúideacha agus de sholáthar seirbhísí don Aireacht. B’fhiú thart ar EUR 156 mhilliún an tearc-chúiteamh sin. Léiríonn na sonraí nach bhféadfaí tras-fhóirdheonú chuig na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a ligean leis na gníomhaíochtaí seirbhíse poiblí arna maoiniú ag na húdaráis phoiblí i bhfabhar Cineca. |
|
(211) |
Mar fhreagairt ar dhúshlán an ghearánaigh maidir le cruinneas thuairisciú 2015 ar chostais gníomhaíochta HPC neamhthráchtála/institiúideach lena líomhnaítear tuairisciú dúbailte ar na costais phearsanra (aithris 35 agus fonóta 24 den chinneadh tosaigh agus aithris (109)), sonraíonn an Iodáil gur athshonraíodh (athoibríodh) an tuarascáil in 2019 ar bhonn chur i bhfeidhm níos déine fós mhodheolaíocht ríofa costais níos forbartha Cineca ar a dtugtar tuairisc in aithrisí (200) et seq, a raibh costais iomlána de mhéid EUR 13 157 494 mar thoradh orthu (132) le haghaidh 2015. Tá an méid sin i bhfad níos airde ná an ranníocaíocht phoiblí le haghaidh 2015 a bhí fós cothrom le EUR 11 mhilliún, fiú tar éis athráiteas 2019. |
|
(212) |
A mhéid a bhaineann leis an líomhain gur éiligh Cineca aisíocaíocht as na costais phearsanra chéanna ón Aireacht agus ón Aontas araon (féach aithris (112)), cuireann údaráis na hIodáile in iúl go bhféadfadh sé gur oibrigh an duine céanna ar thionscadail HPC neamhthráchtála/institiúideacha agus ar thionscadail HPC arna maoiniú ag an Aontas araon. Ós rud é go bhfuil ríomh na gcostas pearsanra bunaithe ar bhileoga ama, is féidir costais a bhaineann le gníomhaíochtaí HPC neamhthráchtála/institiúideacha agus tionscadail HPC arna maoiniú ag an Aontas a dheighilt, agus am oibre an duine chéanna a thuairisciú don Aireacht agus don Aontas araon, ach ní hé sin na costais saothair chéanna. Lena chois sin, míníonn údaráis na hIodáile nach n-aisíocann an tAontas an chuid neamh-aisíoctha de na costais a thuairiscítear le haghaidh thionscadail an Aontais, amhail an 25 % de chostais phearsanra (féach aithris (108)). Thairis sin, mar fhreagairt ar líomhain an ghearánaigh go ndearnadh tuairisciú dúbailte i dtaca le tionscadal EUROfusion in 2016 (féach aithris (106)), míníonn an Iodáil gur leasaíodh an tuairisciú costais go díreach chun tuairisciú dúbailte a sheachaint. In aon chás, cuireann an Iodáil in iúl gurb é EUR 9 500 000 an aisíocaíocht costais as ghníomhaíocht HPC neamhthráchtála/institiúideach le haghaidh 2016 (féach an dara colún sa tábla ‘Gníomhaíochtaí HPC neamhthráchtála/institiúideacha’) a bhí faoi bhun na gcostas tabhaithe, i.e. EUR […]. |
|
(213) |
A mhéid a bhaineann le líomhain an ghearánaigh gur tuairiscíodh míreanna costais leictreachais a tabhaíodh i dtaca le gníomhaíochtaí HPC tráchtála in 2015 don Aireacht le haghaidh aisíocaíochta (féach aithris (113)), tagraíonn údaráis na hIodáile arís don fhíoras gur cuireadh tuarascáil costais athshonraithe 2019 in ionad thuairisciú 2015. Déantar an chuntasaíocht ar an gcostas leictreachais i gcomhréir leis an modheolaíocht leithdháilte costas ar a dtugtar tuairisc sa doiciméad dar dáta Deireadh Fómhair 2019 (féach aithris (199)). A mhéid a bhaineann leis an líomhain go raibh iarraidh ar an Aireacht costais leictreachais a úsáideadh chun leasa cliant príobháideach a aisíoc freisin i dtuarascáil 2018 ar chostais a bhain le gníomhaíocht HPC neamhthráchtála/institiúideach 2017 (féach aithris (119)), tá an líomhain sin mícheart freisin. Níor tuairiscíodh don Aireacht ach na costais leictreachais a bhain le gníomhaíocht HPC neamhthráchtála/institiúideach (133). |
|
(214) |
A mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis faoi infheistíocht Cineca i gcóras FERMI (féach fonóta 85), míníonn údaráis na hIodáile go bhfuil FERMI faoi úinéireacht Cineca. |
3.4. Barúlacha breise ó Cineca
3.4.1. Soláthar seirbhísí TF do MIUR agus d’ollscoileanna
3.4.1.1.
|
(215) |
Déanann Cineca cuntais ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha agus neamheacnamaíocha a dheighilt. Féadfar breathnú ar eintiteas mar ghnóthas chun críocha cuid dá ghníomhaíochtaí amháin, má chomhfhreagraíonn siad do na gníomhaíochtaí sin nach mór a cháiliú mar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha (134). Tá barúlacha an ghearánaigh lena ndírítear ar an bhfíoras go ndearna Cineca gníomhaíochtaí eacnamaíocha freisin, dá bhrí sin, neamhéifeachtach. |
|
(216) |
Comhlíontar gach ceanglas maidir le soláthar seirbhísí TF don Aireacht agus do na hollscoileanna ag Cineca chun é a aicmiú mar ghníomhaíocht neamh-eacnamaíoch. Is cuid fíor-riachtanach de chúram an Stáit iad seirbhísí Cineca laistigh de chóras ollscoile poiblí na hIodáile, agus comhlíonann soláthar táirgí bogearraí ollscoile pearsantaithe agus seirbhísí gaolmhara – de réir a chineáil, a chuspóra, agus na rialacha a bhfuil sé faoina réir (135) – an ceanglas go mbeadh sé nasctha le feidhmiú gníomhaíochta neamheacnamaíche de chuid an Stáit i réimse an oideachais ollscoile phoiblí (136). |
3.4.1.1.1. Oibleagáid dhlíthiúil
|
(217) |
Murab ionann agus tuairim an ghearánaigh (féach aithrisí (50) agus (74)), tá oibleagáid dhlíthiúil forchurtha ar na húdaráis a bhaineann le feidhmiú údaráis oifigiúil. Le hAirteagal 60 d’Fhoraithne Ríoga Uimh. 1592 an 31 Lúnasa 1933, ceanglaítear ar reachtóirí ollscoile ‘foirmiú cuibhreannas a fhormhuiniú chun ollscoileanna a chur chun cinn ar an mbealach is úsáidí agus is éifeachtaí chun iad a choinneáil ar bun agus a oibriú.’ Bunaíodh Airteagail Chomhlachais Cineca (arna bhformheas le Foraithne Uimh. 1106 ón Uachtarán an 13 Deireadh Fómhair 1969) ar bhonn na reachtaíochta sin. Dá bhrí sin, tá riail shainordaitheach ann i bhfoirm gnímh rialtais a bhfuil stádas reachtaíochta tánaistí aici lena bhforáiltear do bhunú Cineca. |
|
(218) |
Dá bhrí sin, is príomhchomhlacht é Cineca atá nasctha leis an Aireacht agus le comhlachtaí poiblí eile atá freagrach as ardoideachas. Tá príomhról aige in eagrú na bhfeidhmeanna institiúideacha laistigh den chóras oideachais a mhéid a bhaineann le bunachair sonraí aireachta a bhainistiú agus a fhorbairt chun tacú le measúnú náisiúnta agus le feidhmeanna eile a shanntar don Aireacht leis an gcóras dlí. |
|
(219) |
Le hAirteagal 3 d’Airteagail Chomhlachais Cineca (ó 2012) tugtar tuairisc ar ról an Chuibhreannais, i.e. chun ‘seirbhísí a tháirgeadh ag a bhfuil ardacmhainneacht agus éifeachtúlacht agus teicneolaíochtaí a aistriú ar mhaithe le forbairt agus barr feabhais an chórais ardoideachais agus taighde (137). |
|
(220) |
Dá bhrí sin, níl bunús le maíomh an ghearánaigh nach bhfuil aon oibleagáid dhlíthiúil ann, ach cuspóir ginearálta, seirbhísí agus earraí TFC ardfhorbartha agus an-phearsantaithe a sholáthar don Aireacht agus do na hollscoileanna. Tá oibleagáid dhlíthiúil ann agus níl an oibleagáid i gceist níos cineálaí ná oibleagáid TenderNed, ZVG Portal ná Compass-Datenbank. Déanann an gearánach earráid nuair a mheasann sé nárbh é cuspóir chruthú Cineca, murab ionann agus cás HIS, cúnamh a sholáthar don Aireacht agus do na hollscoileanna chun an t-ardoideachas a sholáthar saor in aisce. Mar achoimre, comhlíontar an ceanglas gur cheart an ghníomhaíocht a bheith nasctha le cúram poiblí a chomhlíonadh nó a fheidhmiú de bhua na rialacha a bhfuil an ghníomhaíocht faoina réir. Ní cheanglaítear leis an bhfasach gur cúram poiblí é cúram Cineca féin (138). |
3.4.1.1.2. Barúlacha maidir le barúlacha an ghearánaigh a bhaineann le cineál eacnamaíoch na ngníomhaíochtaí
|
(221) |
Maíonn an gearánach, chun go dtiocfadh seirbhís faoi réim fheidhm fíor-riachtanach an Stáit, gur cheart í a bheith ‘féintáirgthe’ agus nár cheart í a chur de chúram ar thríú páirtí, agus sa chás seo, gur chinn MIUR agus ollscoileanna na seirbhísí a sheachfhoinsiú chuig tríú páirtí, Cineca. A mhéid a bhaineann leis an argóint, de réir bhreithiúnas Scattolon (féach aithris (48)), gur aistriú ‘gnóthas’ é aistriú foirne glantacháin agus tacaíochta eile arna bhfostú ag gnóthas poiblí chuig gnóthas poiblí eile de réir bhrí na Treorach maidir le cearta fostaithe a choimirciú (139), áitíonn Cineca go bhfuil breithiúnas Scattolon difriúil agus nach bhfuil sé inchomparáide leis an gcás seo. |
|
(222) |
Ní hamháin go bhfuil eolas teicniúil ag anailísithe agus ailtirí córais Cineca, ach tá eolas acu freisin ar ábhair riaracháin agus dlí a bhaineann le riachtanais shonracha an chórais a carnadh thar deacáidí. |
|
(223) |
Fad a dhéantar na feidhmeanna/seirbhísí i dtaca le feidhmiú údaráis oifigiúil ag an Stát, níl aon idirbheart margaidh ann fiú má fhéadann an ghníomhaíocht a bheith eacnamaíoch, toisc go dtugann gníomhaíocht den sórt sin éifeacht do shainphribhléidí an Stáit. Is leordhóthanach go bhfuil cinneadh déanta ag an Stát éifeacht a thabhairt dá chumhacht phoiblí ar bhealach a éascaíonn feidhmiú na cumhachta poiblí sin, agus forchoimeádtar an rogha chuige sin don Stát. Má chuireann deighilt na ngníomhaíochtaí i gceist isteach ar fheidhmiú na cumhachta poiblí sa mhéid go gcuirfeadh sé baint amach na gcuspóirí i mbaol, ní féidir na gníomhaíochtaí a dheighilt agus ní mór a mheas gur feidhmiú údaráis iad. Is amhlaidh atá fiú dá bhféadfadh díoltóir eile an ghníomhaíocht, inti féin, a sholáthar ar luach saothair. |
|
(224) |
A mhéid a bhaineann le hargóint an ghearánaigh a bhaineann le híocaíocht comaoine (féach aithris (48)), áitíonn Cineca freisin nach leordhóthanach íocaíocht luacha saothair as seirbhís is gné dhílis d’fheidhmiú feidhme poiblí nuair a bhunaítear leibhéal na híocaíochta sa dlí agus nuair nach gcinneann an soláthraí seirbhíse é, chun an ghníomhaíocht a aicmiú mar ghníomhaíocht eacnamaíoch (140). Míníonn Cineca go mbunaíonn comhlachtaí an Chuibhreannais treoirlínte praghsála, mar a thugtar orthu. Mar sin féin, tá ollscoileanna rannpháirteach freisin i bhfoirmiú na dtreoirlínte sin, agus cinntítear an taraif chríochnaitheach do na táillí i bhfianaise na dtreoirlínte sin. |
|
(225) |
Bunaíodh Cineca chun riachtanais fheidhmiúla an chórais oideachais/taighde a chomhlíonadh a mbeadh gá le forbairt a dhéanamh air féin in éagmais Cineca. Comhlacht tagartha ba ea Cineca a dhear seirbhísí ardfhorbartha an-speisialaithe a cuireadh in oiriúint do riachtanais na hAireachta. Níl an fíoras nach cuid den Aireacht é Cineca ina bhun le gníomhaíocht eacnamaíoch. Tá struchtúr tiomnaithe laistigh de Cineca a fhreagraíonn do struchtúr inmheánach na hAireachta agus lena ndéantar foráil maidir le foirne speisialaithe chun tacú leis an Aireacht. Feidhmíonn Cineca mar éiceachóras: tá saineolaithe ar bhord an Chuibhreannais a fheidhmíonn mar chomhlacht comhairleach teicniúil agus tacaíochta a bhfuil baint ghníomhach acu le cur chun feidhme na dtáirgí. Ghlac na saineolaithe sin páirt i 33 mhíle cás pearsantaithe, méadú ollmhór le blianta beaga anuas. |
|
(226) |
Mar achoimre, cuireann Cineca in iúl, d’ainneoin easpa srianta ar iomaitheoirí féideartha, nach bhféadfadh aon eintiteas seachas Cineca an raon iomlán seirbhísí a theastaíonn ón Aireacht agus ó na hollscoileanna a fhorbairt. Níl an struchtúr cuideachta ná an cineál bogearraí ag aon iomaitheoir, lena n-áirítear an gearánach, atá oiriúnach don Aireacht chun córas comhtháite faisnéise a bhainistiú go lárnach do na 1,7 milliún mac léinn, 4 800 cúrsa, 80 ollscoil agus 150 000 ball foirne a fhostaítear sa chóras (féach freisin Cinneadh HIS agus Cásdlí TenderNed). I gcás na n-ollscoileanna, is fearr éiceachóras comhtháite ná meascán bogearraí. Éilíonn an córas ollscoile go bhforbrófaí réitigh shonracha TF a chuirtear in oiriúint do riachtanais shonracha na n-ollscoileanna, agus córas a nuashonraítear go leanúnach. Is é sin an méid a thairgeann Cineca. Ní hamháin go bhfuil eolas teicniúil ag anailísithe agus ailtirí córais Cineca, ach tá eolas acu freisin ar ábhair riaracháin agus dlí a bhaineann le riachtanais shonracha an chórais a carnadh thar deacáidí. |
3.4.1.2.
|
(227) |
Tá Cineca in ann na seirbhísí a sholáthar don Aireacht ar leibhéal costais nó faoi bhun costais. Go deimhin, bhí na ranníocaíochtaí as na seirbhísí don Aireacht agus as na seirbhísí HPC neamhthráchtála/institiúideacha níos ísle sa tréimhse ama ábhartha ná na costais chomhfhreagracha. Íocann ollscoileanna ranníocaíocht ballraíochta le Cineca as na seirbhísí nach bhfuil níos airde ná praghsanna margaidh. A mhéid a bhaineann le híocaíocht na n-ollscoileanna le Cineca a bheith inleagtha ar an Stát, áitíonn Cineca freisin, i bhfianaise na dlí-eolaíochta a luaitear in aithris 122 den chinneadh tosaigh lena dtagraítear do chritéir mheasúnaithe Stardust, nach é láithreacht chomhpháirteach na n-ollscoileanna agus MIUR ar bhord Cineca a d’fhéadfaí a mheas a bheith ag teacht le hinleagthacht ollscoileanna Cineca a roghnú mar sholáthraí seirbhísí TF, ach láithreacht oifigigh Stáit ar riarachán na n-ollscoileanna Stáit. Ar deireadh, cuireann Cineca leis sin freisin go gcuireann dlí-eolaíocht oibleagáid mhéadaithe ar an gCoimisiún bunús a thabhairt le hinleagthacht birt ar an Stát nuair atá ‘deontóir’ an bhirt uathrialach (141). |
4. MEASÚNÚ AR NA BEARTA
4.1. Státchabhair a bheith ann
|
(228) |
Foráiltear le hAirteagal 107(1) den Chonradh ‘aon chabhair arna deonú ag Ballstát nó arna deonú trí bhíthin acmhainní Stáit i bhfoirm ar bith, agus a bhéarfaidh nó is baolach a bhéarfadh saobhadh ar iomaíocht trí thaobhú le gnóthais áirithe nó le táirgeadh earraí áirithe, ní bheidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach a mhéid a dhéanann sí difear don trádáil idir Ballstáit’. |
|
(229) |
Chun go measfar gur státchabhair é beart de réir bhrí Airteagal 107(1) den Chonradh, ní mór dó na coinníollacha carnacha seo a leanas a chomhlíonadh: a) ní mór dó a bheith deonta ó acmhainní Stáit agus ní mór dó a bheith inleagtha ar an Stát, b) ní mór dó buntáiste eacnamaíoch a thabhairt do ghnóthas; c) ní mór an buntáiste a bheith roghnaitheach; agus d) ní mór dó iomaíocht a shaobhadh nó an saobhadh sin a bhagairt a mhéid a dhéanann sé difear do thrádáil idir na Ballstáit. Mura gcomhlíontar gach ceann de na critéir sin, ní státchabhair atá sa bheart. |
4.1.1. Maoiniú Cineca chun seirbhísí TF a sholáthar d’ollscoileanna na hIodáile
4.1.1.1.
|
(230) |
De réir Airteagal 107(1) den Chonradh, chun go mbeidh státchabhair ann, ní mór buntáiste eacnamaíoch a sholáthar do ghnóthas. Cumhdaítear le coincheap an ghnóthais aon eintiteas atá ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch, i.e. earraí nó seirbhísí a thairiscint ar mhargadh ar leith gan beann ar stádas dlíthiúil an eintitis ná ar an mbealach a mhaoinítear é (142). Ní bhaineann Airteagal 107(1) den Chonradh le hábhar, áfach, i gcás ina ngníomhaíonn an Stát trí chumhacht phoiblí a fheidhmiú ná i gcás ina bhfuil an ghníomhaíocht i gceist ina cuid d’fheidhmeanna fíor-riachtanacha an Stáit ná i gcás ina bhfuil baint aici leis na feidhmeanna sin de réir a cineáil, a haidhme, agus na rialacha a bhfuil sí faoina réir (143). Tugtar tuairisc bhreise ar an gcoincheap sin sa chásdlí a luaitear, lena n-áirítear ‘nasc intreach’, ‘nasc doscaoilte’, ‘dlúthnasc’, ‘nasc doscartha’, ‘nasc riachtanach’ nó ‘nasc díreach’ a bheith ann idir an ghníomhaíocht a dtacaítear léi agus feidhm Stáit. |
|
(231) |
I measc samplaí de ghníomhaíochtaí den sórt sin tá bailiú sonraí atá le húsáid chun críoch poiblí ar bhonn oibleagáid reachtúil arna forchur ar ghnóthais sonraí den sórt sin a nochtadh (Compass-Datenbank) (144), ardán a thairiscint lena gcuirtear ar a gcumas d’údaráis phoiblí an próiseas soláthair phoiblí a bhainistiú go cuimsitheach (TenderNed) (145), agus foilsiú ceantanna in imeachtaí dócmhainneachta ag ZVG Portal, eintiteas arna bhunú ag státrialtais na Gearmáine agus arna ainmniú don chúram sin (ZVG Portal) (146). |
|
(232) |
Leis na cásanna a luaitear i bhfonóta 143, suíodh coincheap an ‘naisc intrigh’, agus is cosúil go ndírítear leo ar oibleagáidí dlíthiúla chun tacú le cúram poiblí a raibh feidhm aige maidir leis an Stát mar aon le tairbhithe na tacaíochta Stáit; coitiantacht na gcuspóirí (cuspóir coiteann) atá á saothrú, agus an toradh go bhfuil an tseirbhís i gceist fíor-riachtanach do chumas an Stáit cúram an Stáit a dhéanamh (argóint ‘an riachtanais, ‘an fhíor-riachtanais’, ‘nádúr doscartha’). Ní mór an nasc intreach a bheith ann maidir leis na feidhmiúlachtaí (nó na modúl) uile a thairgtear sa tseirbhís, nó maidir le gach feidhmiúlacht (147). Mura mbeadh cuid d’fheidhmiúlachtaí an phacáiste, ina n-aonar, nasctha le feidhmiú cúraim Stáit, bheadh sé neamheacnamaíoch dá mba rud é, gan an fheidhmiúlacht sin ann, go mbeadh an chuid eile den chóras gan mhaith den chuid is mó (148), nó ní bheadh sé oibríochtúil. Sna himthosca sin, ní mór a mheas go bhfuil na feidhmiúlachtaí nasctha le chéile agus gur gnéithe éagsúla den ghníomhaíocht chéanna iad (149). A luaithe a shuífear na naisc idir na feidhmiúlachtaí éagsúla, is féidir a scrúdú an bhfuil baint ag an tseirbhís ag a bhfuil na feidhmiúlachtaí sin le feidhmiú na cumhachta poiblí (150). Ní dhearna láithreacht iomaitheoirí ar an margadh difear do na torthaí sna cásanna a luadh (151) agus chuaigh siad i muinín, i measc nithe eile, an imthoisc go raibh an tairbhí in ann an raon táirgí is cuimsithí a thairiscint i measc iomaitheoirí. |
|
(233) |
Dá bhrí sin, is é an cúram atá ann a shuí an bhfuil nasc intreach idir soláthar seirbhísí TF d’ollscoileanna na hIodáile agus cúram an Stáit i réimse an oideachais threasaigh. De bhun an chásdlí a luaitear, ní bheadh soláthar sheirbhísí TF Cineca d’ollscoileanna na hIodáile de chineál eacnamaíoch dá suífí go bhfuil nasc intreach aige le feidhm fíor-riachtanach de chuid Stát na hIodáile i réimse an oideachais threasaigh phoiblí. |
|
(234) |
Le Cinneadh HIS (152), chinn an Coimisiún, ar bhonn an chásdlí a luaitear i bhfonóta 143 den chuid is mó agus go háirithe cásdlí TenderNed, go raibh na seirbhísí TF a sholáthair an t-eintiteas HIS GmbH d’ollscoileanna poiblí na Gearmáine nasctha go hintreach le hoibleagáid an Stáit oideachas treasach poiblí a sholáthar ‘de réir a gcineáil, a gcuspóra agus na rialacha a raibh an ghníomhaíocht faoina réir’ (153). |
|
(235) |
Bhí Cinneadh HIS bunaithe ar an toradh gur fheidhm fhíor-riachtanach de chuid an Stáit é bainistiú an oideachais threasaigh phoiblí (154) agus, dá bhrí sin, gur cuireadh cúram poiblí chun feidhme trí na hollscoileanna poiblí, agus gur ‘modh’ é soláthar táirgí agus seirbhísí bogearraí ollscoile trína bhféadfaidh ollscoileanna poiblí an oibleagáid dhlíthiúil sin a chomhlíonadh. Níorbh fhéidir oideachas treasach (155) (i.e. cúram an Stáit) a sholáthar gan an modh. Níor ghá a thaispeáint gur shaothraigh HIS GmbH féin cúram poiblí. |
|
(236) |
Ar an gcéad dul síos, cinneadh go raibh dlúthbhaint ag cineál agus cuspóir na seirbhísí arna soláthar ag HIS le cúram an Stáit ardoideachas poiblí a sholáthar, toisc nach féidir ollscoileanna a bhainistiú gan bogearraí éifeachtúla. Dá bhrí sin, bhí soláthar na seirbhísí bogearraí riachtanach do chúraimí oideachais na n-ollscoileanna, i.e. ardoideachas saor in aisce a sholáthar don phobal. Bhí tacaíocht don ardoideachas ina haidhm shainráite de chruthú agus d’oibriú HIS GmbH. Ba iad na gnéithe sin na ceanglais maidir le riachtanas agus oibleagáid dhlíthiúil a bheith ann. |
|
(237) |
Treisíodh ‘argóint an riachtanais’ i gcás HIS le líon mór barúlacha a chuir páirtithe leasmhara isteach (ollscoileanna Stáit na Gearmáine den chuid is mó) le linn an imscrúdaithe fhoirmiúil lenar áitíodh gur úsáideadh táirgí agus seirbhísí HIS GmbH chun próisis ghnó fíor-riachtanacha a bhaineann go sonrach le hollscoil a chur i gcrích, a raibh a bhfeidhmiúlacht ina réamhriachtanas d’fheidhmiú foriomlán ollscoileanna poiblí na Gearmáine. B’éigean na seirbhísí TF a chur in oiriúint agus a choigeartú do shainriachtanais na n-ollscoileanna, a mbeadh ar ollscoileanna poiblí na Gearmáine nó na státrialtais féin a dhéanamh in éagmais sheirbhísí HIS GmbH (156). Dá bhrí sin, cinneadh go raibh seirbhísí HIS GmbH ríthábhachtach chun sainordú oideachais na n-ollscoileanna (i.e. sainordú oideachais an Stáit) a chomhlíonadh. Mar gheall ar an leibhéal ard oiriúnaithe sin, ní raibh an tseirbhís inchomparáide le seirbhís shimplí a bhí riachtanach freisin chun ollscoileanna a oibriú, mar shampla, cathaoireacha a cheannach, nó réadmhaoin a fháil ar cíos. |
|
(238) |
Cinneadh gur comhlíonadh i gcás HIS freisin an ceanglas gur cheart an ghníomhaíocht a bheith nasctha le gníomhaíocht neamheacnamaíoch an Stáit a dhéanamh i réimse an oideachais threasaigh phoiblí ‘faoi na rialacha a bhfuil [an ghníomhaíocht] faoina réir’, mar a shonraítear leis an gcásdlí ábhartha (157). Tá oibleagáid bhunreachtúil an Stáit ceart chun oideachais a sholáthar do shaoránaigh á cur chun feidhme ag ollscoileanna Stáit agus sonraítear go soiléir le Roinn 2 d’Airteagail Chomhlachais HIS GmbH, lena rialaítear oibriú HIS, gurb é ‘cuspóir na cuideachta tacú le hinstitiúidí ardoideachais agus le comhlachtaí riaracháin inniúla ina n-iarrachtaí cúraimí ardoideachais a dhéanamh ar bhealach réasúnach agus costéifeachtach’. Ar an mbonn sin, mheas an Coimisiún gur comhlíonadh an ceanglas go raibh baint ag HIS GmbH le feidhmiú cúraimí poiblí ‘trí na rialacha a raibh [a ghníomhaíocht] faoina réir’. |
|
(239) |
Suíodh le breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta i gcás TenderNed go raibh an tseirbhís a sholáthair TenderNed agus an cúram poiblí i gceist sa chás sin dodheighilte, cé go raibh tásca ann nach raibh sa ríomhsholáthar i gceist ach ‘rannchuidiú le hoibriú éifeachtach [na seirbhíse] a bhí nasctha le feidhmiú na cumhachta poiblí’ (féach aithris 90 den bhreithiúnas). Ar an gcaoi chéanna le breithiúnas TenderNed, i gcás HIS, bhí oibreoirí margaidh ann a thairg codanna den tseirbhís a thairg HIS GmbH, ach nár thairg ‘na coinníollacha a bhaineann le praghas, saintréithe cáilíochta oibiachtúla, leanúnachas agus rochtain ar na seirbhísí a sholáthraítear ba ghá’ chun cuspóirí chúram an Stáit a chomhlíonadh. Níor thairg aon soláthraí bogearraí ollscoile eile an raon iomlán seirbhísí a thairg HIS GmbH. |
|
(240) |
Ba ar an mbonn sin a tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh nasc intreach ag soláthar seirbhísí TF ollscoile HIS GmbH d’ollscoileanna poiblí na Gearmáine leis an ngníomhaíocht neamheacnamaíoch a dhéanann an Stát chun oideachas treasach a sholáthar agus, dá bhrí sin, nach gníomhaíocht eacnamaíoch a bhí ann. |
|
(241) |
Ar bhonn na ngnéithe sin, rinne an Coimisiún scrúdú an bhfuil nasc intreach ag soláthar seirbhísí TF Cineca d’ollscoileanna Stáit na hIodáile le cúram an Stáit i réimse an oideachais threasaigh. |
|
(242) |
Ar dtús, déanann an Coimisiún scrúdú féachaint an bhfuil údar le scrúdú a dhéanamh ar an nasc intreach maidir leis na feidhmiúlachtaí (nó na modúil) uile a thairgtear sa tseirbhís (féach aithris (232)). Is é sin le rá, is é an cheist an féidir teacht ar an gconclúid go bhfuil na feidhmiúlachtaí nasctha le chéile agus gur gnéithe éagsúla den ghníomhaíocht chéanna iad, ar bhealach a fhágann nach mbeadh an córas, ina iomláine, oibríochtúil gan gach feidhmiúlacht aonair. Cinneann an Coimisiún, as na hocht bhfeidhmiúlacht a liostaítear in aithris (181), go bhfuil nasc soiléir uathúil ag na cúig fheidhmiúlacht seo a leanas leis an oideachas ollscoile: 1) An próiseas clárúcháin agus eisiúint cáilíochtaí a bhainistiú; 2) Dearadh tairiscintí oiliúna a bhaineann le creidiúnú a bhainistiú; 3) Gníomhaíochtaí iarchéime a bhainistiú (cúrsaí dochtúireachta taighde agus sainchúrsaí a ghníomhachtú); 4) An próiseas iontrála don fhoireann acadúil a bhainistiú; 5) Aschur eolaíoch na foirne acadúla a bhailiú. Maidir leis na feidhmiúlachtaí 1) Bainistiú cuntasaíochta an riaracháin agus na dtionscadal taighde, 2) Bainistiú dlíthiúil agus eacnamaíoch ghairmeacha foirne acadúla agus riaracháin (pá a íoc; ranníocaíochtaí, etc.), agus 3) Bainistiú doiciméad agus clárú gníomhartha riaracháin chun comhlíontacht forálacha rialála a áirithiú, is feidhmiúlachtaí iad a bhfuil ról níos ginearálta acu. Mar sin féin, tá gnéithe sonracha oideachais ag cuid acu amhail bainistiú na foirne acadúla agus bainistiú cuntasaíochta na dtionscadal taighde. Ar deireadh, fiú más rud é go bhféadfadh gnéithe sonracha oideachais teoranta a bheith ag feidhmiúlacht an bhainistithe doiciméad, is feidhm í ‘bainistiú doiciméad’ nach bhféadfadh an córas feidhmiú dá uireasa agus, dá bhrí sin, ní fhéadfadh na hollscoileanna a gcúraimí dlíthiúla a chomhlíonadh maidir le hoideachas treasach a sholáthar dá uireasa. |
|
(243) |
Dá bhrí sin, féadfaidh an Coimisiún dearbhú na hIodáile a dheimhniú go bhfuil na seirbhísí sin uile curtha in oiriúint do riachtanais shonracha na n-ollscoileanna agus go gcuireann siad ar a gcumas dóibh a bhfeidhmeanna fíor-riachtanacha a chomhlíonadh (féach aithris (181)). Ar an mbonn sin, cinneann an Coimisiún go bhfuil feidhmiúlachtaí éagsúla na seirbhíse nasctha le chéile agus gur gnéithe éagsúla den ghníomhaíocht chéanna iad, ar bhealach a fhágann nach mbeadh an córas, ina iomláine, oibríochtúil gan gach feidhmiúlacht aonair. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh feidhmiúlachtaí éagsúla uile na seirbhísí i gceist ina n-iomláine a bheith nasctha go hintreach le cúram an Stáit oideachas treasach a sholáthar in ollscoileanna Stáit. Sna haithrisí seo a leanas, scrúdaíonn an Coimisiún an féidir an nasc intreach a shuí bunaithe ar na tosca ar a dtugtar tuairisc in aithris (232). |
4.1.1.1.1. Oibleagáid dhlíthiúil a bheith ann chun tacú le cúram poiblí a raibh feidhm aige maidir leis an Stát, Cineca agus na hollscoileanna Stáit
|
(244) |
Mar a mhínigh an Iodáil (féach in aithris (132)), sanntar an chumhacht Stáit i réimse an oideachais le hAirteagal 33 de Bhunreacht na hIodáile lena sonraítear go ‘ráthaíonn an Phoblacht saoirse na n-ealaíon agus na n-eolaíochtaí, a fhéadfar a mhúineadh gan bhac. Leagann an Phoblacht síos rialacha ginearálta maidir le hoideachas agus bunaíonn sí scoileanna stáit (…)’. Cuirtear an fhoráil bhunreachtúil sin chun feidhme (158) (i measc rudaí eile) trí fheidhmiú na n-ollscoileanna Stáit. |
|
(245) |
Mar a mhíníonn an Iodáil, is comhlachtaí iad ollscoileanna san Iodáil a bhfuil a gcórais reachtúla, rialála, airgeadais, teagascacha, eagraíochtúla agus araíonachta féin dílsithe dóibh (159). Is iad ‘an príomhshuíomh taighde saor in aisce agus oiliúna saor in aisce laistigh dá gcórais faoi seach agus is áiteanna foghlama agus forbartha criticiúla eolais iad; oibríonn siad, trí thaighde agus teagasc a chomhcheangal ar bhealach orgánach, ar mhaithe le dul chun cinn cultúrtha, sibhialta agus eacnamaíoch na Poblachta’ (Airteagal 1 de Dhlí Uimh. 240/2010). Dá bhrí sin, tá dualgas fíor-riachtanach ar na hollscoileanna sin, a leagtar amach sna dlíthe, oideachas ollscoile a sholáthar agus cur chun cinn agus déanamh taighde eolaíoch a chinntiú. |
|
(246) |
Foráiltear le hAirteagal 6(3) de Dhlí Uimh. 168/1989 freisin do bhunús dlí d’fheidhmeanna ollscoileanna toisc go sonraítear leis go ndéanann ‘ollscoileanna gníomhaíochtaí teagaisc agus go n-eagraíonn siad na struchtúir ábhartha i gcomhréir leis an tsaoirse chun múinteoirí a mhúineadh agus leis na prionsabail ghinearálta a leagtar síos sna rialacha lena rialaítear córais teagaisc ollscoile. I gcomhréir leis na prionsabail sin, is iad na reachtanna a chinneann na cúrsaí céime, [...] cúrsaí PhD agus seirbhísí breise oideachais.’ |
|
(247) |
Léirítear a thuilleadh leis an bhfaisnéis atá ar fáil (féach aithris (179) et seq.) go n-oibríonn ollscoileanna i gcomhar leis an Aireacht chun na cúraimí fíor-riachtanacha sin a chomhlíonadh. D’fhormhuinigh ollscoileanna bunú an Chuibhreannais in 1967 chun seirbhísí a sholáthar a chuireann ar a gcumas do na hollscoileanna na feidhmeanna fíor-riachtanacha a shanntar dóibh a chomhlíonadh. Is féidir oibleagáid dhlíthiúil ar Cineca chun tacú le hollscoileanna a gcúraimí a chomhlíonadh a dhíorthú ó Airteagal 60 d’Fhoraithne Ríoga Uimh. 1592 an 31 Lúnasa 1933, lena gceanglaítear ar reachtairí ollscoile ‘foirmiú cuibhreannas a fhormhuiniú chun ollscoileanna a chur chun cinn ar an mbealach is úsáidí agus is éifeachtaí chun iad a choinneáil ar bun agus a oibriú.’ Bunaíodh Airteagail Chomhlachais Cineca (arna bhformheas le Foraithne Uimh. 1106 ón Uachtarán an 13 Deireadh Fómhair 1969) ar bhonn na reachtaíochta sin (féach aithris (217)). |
|
(248) |
Maidir le hoibleagáid dhlíthiúil chomhfhreagrach ar Cineca sa réimse a bhaineann le seirbhísí TF a sholáthar d’ollscoileanna Stáit, míníonn an Iodáil gurbh é a phríomhaidhm agus a phríomhoibleagáid i gcónaí córais ríomhaireachta agus seirbhísí TF atá comhtháite agus éifeachtúil a sholáthar dá chomhaltaí (lena n-áirítear ollscoileanna), rud a chuireann ar a cumas don institiúid a feidhm phoiblí a chomhlíonadh (féach aithrisí (140), (249) agus (250) go (251) le haghaidh tuilleadh faisnéise, lena n-áirítear na leaganacha éagsúla d’Airteagal 3 d’Airteagail Chomhlachais Cineca a bhí i bhfeidhm sa tréimhse ama ábhartha). Go sonrach, cuireadh de chúram ar Cineca na seirbhísí TF nuálacha ardcháilíochta is gá a chruthú chun feidhm phoiblí a chomhaltaí a chomhlíonadh. |
|
(249) |
Leagtar síos le hAirteagal 3 d’Airteagail Chomhlachais Cineca, i ngach ceann de na sé leagan a bhí ann idir 2006 agus 2019, cuspóir Cineca i réimse na seirbhísí TF d’ollscoileanna.Sna leaganacha ó 2006 go 2009, 2010 go 2011 agus 2012, sonraítear le hAirteagal 3 gurb é is aidhm don Chuibhreannas, i measc nithe eile, ‘(…) (f) córas ollscoile agus taighde a fhorbairt, a ullmhú agus a bhainistiú, chun leas an oideachais náisiúnta, agus, gan costais bhreise (…), córais TF iomchuí.’ |
|
(250) |
Tagraítear le teanga Airteagal 3 i leaganacha 2017, 2018 agus 2019 do ‘phríomhaidhm an Chuibhreannais [chun] seirbhísí nuálacha TF a sholáthar do [na comhaltaí] chun iad a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos nua-aimseartha (…)’ agus (a) ‘chun seirbhísí faisnéise a sholáthar agus nósanna imeachta a eagrú a bhaineann le cur chun feidhme na seirbhísí sin do MIUR, ollscoileanna (…)’. |
|
(251) |
A mhéid a bhaineann le hoibleagáid dhlíthiúil ghinearálta lena dtugtar sainordú do na hollscoileanna Stáit cúram an Stáit san oideachas treasach a dhéanamh agus bunúis dlí shonracha chun feidhmeanna éagsúla a dhéanamh sa réimse sin, féach na mionsonraí in aithrisí (246) agus (183) faoi seach. Dá bhrí sin, tá oibleagáid dhlíthiúil ar Stát na hIodáile oideachas treasach a sholáthar a chuirtear chun feidhme – i measc eintitis eile – trí na hollscoileanna, agus tá oibleagáid dhlíthiúil ar Cineca (féach aithrisí (248) go (250)) tacú leis an Stát, trína ghníomhaíocht, an cúram sin a dhéanamh. |
|
(252) |
Ar bhonn na ngnéithe sin, measann an Coimisiún go gcomhlíontar sa chás seo an ceanglas maidir le hoibleagáid dhlíthiúil a bheith ann i gcomhthéacs ‘gníomhaíocht atá nasctha go hintreach’ ar thaobh an Stáit, ar thaobh na n-ollscoileanna agus ar thaobh thairbhí na tacaíochta. Ní féidir amhras a chaitheamh ar an gconclúid sin le haon cheann d’argóintí an ghearánaigh. |
|
(253) |
Áitíonn an gearánach, sa dlí-eolaíocht, nach amháin go bhforchuireann coincheap an ‘naisc intrigh’ oibleagáid dhlíthiúil ar an Stát gníomhaíocht a dhéanamh, ach go bhforchuireann sé freisin na meáin trína raibh an ghníomhaíocht le déanamh (féach aithris (48)). Áirítear leis na meáin sin uirlis chun nósanna imeachta ríomhsholáthair a bhainistiú (TenderNed), chun faisnéis faoi cheantanna breithiúnacha a fhoilsiú (ZVG Portal), agus bunachar sonraí atá ar fáil go poiblí maidir le gnóthais (Compass-Datenbank). De réir an chásdlí sin, is iad na meáin i gceist na meáin atá doscartha ón gcúram poiblí. |
|
(254) |
Measann an Coimisiún go bhfuil na hargóintí a bhaineann leis an sainordú dlíthiúil lena sonraítear meán na seirbhíse earráideach. Is é is cúis leis sin nach n-úsáideann aon cheann de na cásanna sin an ghné sin ina chonclúid go bhfuil an ghníomhaíocht nasctha go hintreach le cúram Stáit. Níor sonraíodh leis na forálacha dlí is infheidhme an meán trína raibh an ghníomhaíocht le déanamh. I gcás TenderNed, mar shampla, cé gur sainordaíodh le foráil dlí na hÍsiltíre (160) córas leictreonach a chur ar bun chun tairiscintí a chur isteach agus chun fógraí tairisceana a fhoilsiú, sonraíodh go sainráite leis an measúnú nár forordaíodh leis an mbunús dlí i gceist go gcruthódh na Ballstáit clár nó ardán lárnach chun soláthar poiblí a bhainistiú (féach aithris 66 de chinneadh an Choimisiúin i gcás TenderNed). |
|
(255) |
Thairis sin, easaontaíonn an gearánach go dtagraítear leis na leaganacha d’Airteagail Chomhlachais Cineca roimh 2017 d’oibleagáid Cineca seirbhísí TF a sholáthar do na hollscoileanna (féach aithris (74)) agus maíonn sé gur mhainnigh dlí 2012 (Airteagal 7(42 bis) de Dhlí Uimh. 95 an 6 Iúil 2012 (161)) maidir le cumasc CILEA agus CASPUR foráil a dhéanamh maidir le hoibleagáid seirbhísí TF a sholáthar do na hollscoileanna freisin. |
|
(256) |
Measann an Coimisiún nach ndéanann an easpa tagartha sonraí do ‘sheirbhísí TF’ i dteanga Airteagal 7(42 bis) de Dhlí Uimh. 95 an 6 Iúil 2012 aon difríocht maidir le hoibleagáid dhlíthiúil a bheith ann iarbhír ar Cineca seirbhísí TF a sholáthar do na hollscoileanna. Is amhlaidh atá toisc, mar a shonraítear san fhoráil sin, go dtugtar tuairisc theibí ar chuspóir an eintitis nuachruthaithe tar éis an chumaisc mar a leanas: ‘tacaíocht leordhóthanach a áirithiú, i dtéarmaí nuálaíochta agus soláthar seirbhíse, do riachtanais na hAireachta, an chórais ollscoile, agus na n-earnálacha taighde agus oideachais.’ Tá sé le tabhairt faoi deara go raibh an teanga i gcás HIS chomh teibí céanna: ‘is é cuspóir na cuideachta tacú le hinstitiúidí ardoideachais agus le comhlachtaí riaracháin inniúla ina n-iarrachtaí cúraimí ardoideachais a dhéanamh ar bhealach réasúnach agus costéifeachtach’ (féach aithris 122 de Chinneadh HIS). Is cosúil go bhfuil sé stuama cúraimí den sórt sin a cheapadh ar bhealach sách teibí, más deacair a chinneadh roimh ré na cineálacha sonracha seirbhísí a mbeadh gá réasúnach leo chun tacú leis an oideachas treasach amach anseo, agus na teicneolaíochtaí ar a mbeidís bunaithe. Níor thug an gearánach aon argóint chun cinn a chuirfeadh an chonclúid sin ó bhail. |
|
(257) |
Maidir leis an argóint go léirítear nach bhfuil ceanglas dlíthiúil ar Cineca seirbhísí TF a sholáthar do na hollscoileanna leis an bhfíoras go gceanglaítear le hAirteagal 1(512) de Dhlí Uimh. 208/2015 go gcomhlíonfaidh aireachtaí agus ollscoileanna poiblí a riachtanais go heisiach trí uirlisí ceannaigh agus caibidlíochta Consip nó eintiteas eile ‘le haghaidh earraí agus seirbhísí atá ar fáil ó Consip’ (féach aithris (60)), tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil feidhm ag an riail sin maidir le seirbhísí atá ar fáil ó Consip (féach aithris (153)). Níl seirbhísí bogearraí na hollscoile ar fáil ó Consip, áfach. I bhfianaise an mhínithe sin, measann an Coimisiún, maidir leis an bhfíoras go bhféadfadh sé gur ghá roinnt seirbhísí TF a sholáthar trí Consip faoi dhlí na hIodáile, nach bhfuil sé sin ar neamhréir leis an bhféidearthacht go bhfuil oibleagáid dhlíthiúil ar Cineca na seirbhísí TF a theastaíonn ó ollscoileanna a chomhlíonadh. |
4.1.1.1.2. Coitiantacht na gcuspóirí (cuspóir coiteann) atá á saothrú
|
(258) |
Ní hamháin go sainítear oibleagáid dhlíthiúil leis na bunúis dlí a bhaineann le hoideachas treasach a sholáthar, ach sainítear leo freisin feidhm fíor-riachtanach Stáit, a chuirtear chun feidhme trí na hollscoileanna Stáit. Leis sin, mar aon leis an oibleagáid dhlíthiúil atá ar Cineca tacú le hollscoileanna ina gcúram, sainítear freisin an cuspóir coiteann cóineasaithe. Léirítear é sin sna forálacha dlíthiúla a dtugtar tuairisc orthu thuas, mar aon le friotal soiléir Airteagal 3 d’Airteagail Chomhlachais Cineca (féach aithrisí (219) agus (249) go (250)). |
|
(259) |
Níl aon chúis amhrais ag an gCoimisiún maidir le maíomh na hIodáile (féach aithris (140)) gurbh é príomhaidhm Cineca feidhmiú mar uirlis don chóras ardoideachais trí chórais ríomhaireachta agus seirbhísí TF atá comhtháite agus éifeachtúil a sholáthar, rud a chuireann ar a chumas don chóras a fheidhmeanna poiblí a chomhlíonadh. |
|
(260) |
Cinneann an Coimisiún freisin go bhfuil cuspóir comhpháirteach ag an Stát agus ag na hollscoileanna, mar a mhínítear thuas, agus, dá bhrí sin, go bhfuil ‘cóineasú’ cuspóirí ann. |
|
(261) |
Maidir leis an líomhain go raibh na cuspóirí a bhí le comhlíonadh ag Cineca ina gcuspóirí ginearálta a bhain le húsáid bogearraí agus táirgí TF ag MIUR agus ag na hollscoileanna agus go raibh na cuspóirí sin cuimsithe laistigh den chuspóir ginearálta maidir le ríomhairiú riarachán poiblí iomlán na hIodáile chun plean r-sheirbhísí rialtais náisiúnta na hIodáile a chomhlíonadh, a líomhnaítear (féach aithris (50)), tarraingíonn an Coimisiún aird ar an bhfíoras gur cuireadh na cuspóirí a bhaineann le soláthar seirbhísí TF do na hollscoileanna agus do MIUR in iúl sna doiciméid éagsúla a raibh feidhm dhlíthiúil acu i bhfad sular tháinig plean r-sheirbhísí rialtais 2012 i bhfeidhm. Dá bhrí sin, ní chuimsítear an úsáid a bhaineann MIUR agus na hollscoileanna as bogearraí agus táirgí TF laistigh den chuspóir ginearálta maidir le ríomhairiú riarachán poiblí iomlán na hIodáile faoi chuimsiú phlean r-sheirbhísí rialtais 2012 mar a líomhnaíonn an gearánach (féach aithris (50)). |
|
(262) |
Mar achoimre, tá na hargóintí a sholáthair an gearánach chun amhras a chaitheamh ar chuspóir coiteann nó cóineasú cuspóra a bheith ann idir an Stát agus Cineca i réimse an oideachais ollscoile neamhéifeachtach. |
4.1.1.1.3. Cineál fíor-riachtanach/doscartha na seirbhíse i gceist maidir le cumas an Stáit an cúram Stáit a dhéanamh trí na hollscoileanna
|
(263) |
Mar a mhíníonn an Iodáil (féach aithris (140)), cuireadh de chúram ar Cineca na seirbhísí TF nuálacha ardcháilíochta is gá a chruthú chun feidhm phoiblí a chomhaltaí a chomhlíonadh, lena n-áirítear ollscoileanna. Chuir údaráis na hIodáile i dtábhacht go bhfuil baint fheidhmiúil ag seirbhísí Cineca le dualgas an Stáit ardoideachas a ráthú trí na hollscoileanna. Go deimhin, de réir na n-ollscoileanna, tá seirbhísí Cineca ríthábhachtach chun gníomhaíochtaí atá dírithe ar sholáthar oideachais ollscoile a eagrú agus a bhainistiú. Tugtar tuairisc ar chroíchúraimí na n-ollscoileanna in aithris (181). |
|
(264) |
Cumhdaítear leis an tacar uirlisí (féach aithris (181)) riachtanais seirbhíse TF earnála uile na n-ollscoileanna, agus tá gach ceann de na seirbhísí sin fite fuaite le feidhmiú na n-ollscoileanna. Dá ndéanfaí seirbhísí Cineca a laghdú faoi aon cheann de na gnéithe sin, d’fhágfaí an córas seirbhísí, ina iomláine, neamhfheidhmiúil de réir bhrí chásdlí TenderNed (féach aithris (232) den chinneadh seo). Ní fhéadfadh ollscoileanna feidhmiú gan nós imeachta clárúcháin. Gan chlárúchán, bheadh sé dodhéanta a fháil amach cá mhéad mac léinn atá i láthair. Chaitheadh easpa eisiúna cáilíochtaí oideachais amhras ar an gcúis go bhfuil ollscoileanna ann mar institiúidí ar chor ar bith. Ar ndóigh, bheadh oideachas ollscoile doshamhlaithe gan tairiscintí oiliúna iarbhír, rud a chaithfidh ollscoileanna a thairiscint (agus a dhearann siad de ghnáth agus leibhéal mór uathrialach acu). Ós rud é gur áiteanna iad ollscoileanna ina ndéantar taighde eolaíoch, staidéir iarchéime agus sainchúrsaí, ní bheadh oideachas leanúnach ná aschur eolaíoch indéanta ar chor ar bith, nó ní bheadh a dtorthaí inrianaithe ná infhoghlamtha, gan feidhm bhainistíochta chuí. Gan nósanna imeachta iontrála d’fhoireann acadúil, bheadh feidhmiú na n-ollscoileanna dodhéanta freisin. Bainistiú a dhéanamh ar impleachtaí dlíthiúla agus eacnamaíocha oibríochtaí na n-ollscoileanna, amhail bainistiú dlíthiúil agus eacnamaíoch obair agus bainistiú doiciméad na foirne mar aon le clárú gníomhartha riaracháin chun a áirithiú go gcomhlíontar oibleagáidí dlíthiúla, is gnéithe dílse iad sin freisin d’fheidhmiú na n-ollscoileanna. Chuirfeadh deighilt aon cheann de na comhpháirteanna sin isteach ar fheidhmiú an chórais iomláin. Dá bhrí sin, tá na huirlisí/seirbhísí sin uile fíor-riachtanach d’fheidhmiú na n-ollscoileanna. |
|
(265) |
Thairis sin, cumhdaítear beagnach 100 % de riachtanais earnála leis an tacar seirbhísí sin. Rinneadh iad a phleanáil agus a tháirgeadh trí theicneolaíochtaí saincheaptha a fhorbairt a comhtháthaíodh le himeacht ama de réir riachtanais shonracha na n-ollscoileanna. Bíonn na riachtanais sin de shíor ag athrú mar gheall ar fhorbairtí rialála, rud a mhéadaíonn de ghnáth an líon dualgas a shanntar d’ollscoileanna i ndáil lena misin, agus mar gheall ar nuálaíocht theicniúil agus theicneolaíoch gan staonadh san earnáil dhigiteach. |
|
(266) |
Tacaíonn comhlacht comhairleach leis an obair sin (féach aithris (182)) ina bhfuil stiúrthóirí córais faisnéise na n-ollscoileanna ar comhaltaí iad chun fadhbanna teicneolaíocha a phlé, mar aon leis an bhfoireann teagaisc a sholáthraíonn ionchur freisin. Dá bhrí sin, tá na seirbhísí sin féinfhorbartha chun leibhéal éifeachtúlachta a bhaint amach nach féidir a bhaint amach trí na seirbhísí a fháil ón margadh. |
|
(267) |
Le himeacht ama, d’éirigh le Cineca, dá bhrí sin, an éifeachtúlacht sin a chomhdhlúthú, in éineacht lena chumas freagairt go tapa d’éilimh nua atá de shíor ag teacht chun cinn agus, dá bhrí sin, tá a sheirbhísí tagtha chun bheith mar an modh trína gcomhlíonann na hollscoileanna a sainordú poiblí. |
|
(268) |
Áitítear leis an ngearán nach bhfuil i dtáirgí agus seirbhísí TF ollscoile ach táirgí Pleanála Acmhainní Fiontraíochta (‘PAF’) a úsáidtear i bpróisis eagraíochtúla/riaracháin agus bhainistíochta ollscoileanna amhail i gcás aon ghnóthais. D’fhéadfadh aon ghnóthas, agus idirthréimhse idir trí mhí agus ceithre mhí ann, na táirgí sin a thairiscint. De réir an ghearánaigh, tá neart soláthraithe ann, mar a dheimhnigh Údarás Iomaíochta na hIodáile, agus rinne Cineca, a tháinig isteach sa mhargadh in 2001, difear diúltach don mhargadh. Ní mór na seirbhísí i gceist (agus go deimhin gach ionchur san oideachas ollscoile, amhail foirgnimh, saoráidí) a shaincheapadh agus ní dhéanann sé sin idirdhealú idir seirbhísí TF ollscoile agus ionchur eile san oideachas ollscoile. Saintréith thipiciúil den mhargadh is ea an saincheapadh, agus is é sin an fáth a bhfuil margadh na seirbhísí TF deighilte. Dá bhrí sin, bheadh aon oibreoir ar an margadh in ann na seirbhísí a thairiscint, lena n-áirítear an gearánach, a bhfuil táirge seirbhísí TF ollscoile níos iomláine aige ná mar atá ag Cineca, agus a fuair roinnt ollscoileanna mar chliaint le blianta beaga anuas. (Féach aithrisí (69) agus (126) – tagraíonn an aithris dheireanach sin do chliaint an ghnóthais Space.) |
|
(269) |
Líomhnaítear gur deimhníodh seasamh an ghearánaigh le roinnt breithiúnas cúirte as ar eascair an chonclúid gur de chineál eacnamaíoch iad táirgí agus seirbhísí TF a sholáthraíonn Cineca d’ollscoileanna (féach aithrisí (45) agus (57)). Le breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais i gcás C-3/88 an Coimisiún v an Iodáil (162) , deimhníodh gur gníomhaíocht eacnamaíoch é córais próiseála sonraí a oibriú. Thángthas ar an gconclúid le breithiúnas ó Chúirt Réigiúnach Riaracháin Lazio Uimh. 2922/2017 go bhféadfaí na seirbhísí i gceist a fháil ar an margadh le haghaidh táirgí agus seirbhísí TFC (féach aithris (57)). Ar deireadh, thángthas ar an gconclúid le breithiúnas Scattolon nár ghníomhaíocht de chineál eacnamaíoch é foireann riaracháin, theicniúil agus chúnta a sholáthar d’institiúid oideachais (féach aithris (48)). |
|
(270) |
Luann an gearánach freisin tuairim an Abhcóide Ghinearálta i gcás C-264/01 AOK Bundesverband agus Eile (féach fonóta 41) lena sonraítear gurb í an cheist chriticiúil maidir le cé acu atá nó nach bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch, cé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh gnóthas príobháideach í a dhéanamh d’fhonn brabús a dhéanamh. |
|
(271) |
Ba mhaith leis an gCoimisiún a chur in iúl go mbréagnaítear an moladh i dtuairim an Abhcóide Ghinearálta i gCás C-264/01 AOK Bundesverband agus Eile le dlí-eolaíocht eile lena léirítear nach mbaineann sé le hábhar an bhféadfadh gnóthas príobháideach an tseirbhís a sholáthar (163). Ba cheart a thabhairt faoi deara, sa chás seo, nár thairg aon ghnóthas príobháideach aon raon táirgí inchomparáide le haghaidh bogearraí riaracháin ollscoile (féach aithrisí (177) agus (192)). |
|
(272) |
Maidir le breithiúnas C-3/88 ón gCúirt Bhreithiúnais, an Coimisiún v an Iodáil, tá an Coimisiún den tuairim nár suíodh leis an mbreithiúnas go bhfuil bogearraí agus seirbhísí TF indeighilte per se ó fheidhmiú cumhachtaí poiblí nó ó dhéanamh cúraimí poiblí. Ina theannta sin, baineann an cás le rialacha maidir le saoirse bunaíochta agus saoirse chun seirbhísí a sholáthar. Ar deireadh, ba é láimhseáil sonraí rúnda an t-údar a bhí le seasamh na hIodáile sa bhreithiúnas sin. Tá an difríocht idir na fíorais is bonn leis an mbreithiúnas sin agus patrún na bhfíoras sa chás seo suntasach agus níl toradh an Choimisiúin sa chás seo ar neamhréir le breithiúnas C-3/88 ón gCúirt Bhreithiúnais. Ba í an cheist i mbreithiúnas C-3/88 ón gCúirt Bhreithiúnais an raibh cleachtas na hIodáile gan seirbhísí TF a chonrú ó ghnóthais i raon earnálacha eacnamaíocha ach amháin le heintitis faoi úinéireacht phoiblí i gcomhréir le forálacha saoirse bunaíochta Chonradh CEE. Sonraíodh leis an mbreithiúnas ar bhealach ginearálta, in aithris 13, ‘gur de chineál teicniúil iad dearadh, ríomhchlárú agus oibriú na gcóras próiseála sonraí agus, dá bhrí sin, nach mbaineann siad le feidhmiú údaráis oifigiúil’ (féach aithris (56)). Is conclúid é an toradh sin a chuirtear i bhfeidhm ar bhealach ginearálta maidir le seirbhísí TF i gcoitinne, rud atá i bhfad níos leithne ná toradh an Choimisiúin sa chás seo. Ní seirbhísí ginearálta TF iad na seirbhísí i gceist sa chás seo, ach seirbhísí nach mór a chur in oiriúint do riachtanais an-sonrach an riaracháin ollscoile a dhéanann cúram poiblí. Níl aon rud i réasúnaíocht na hIodáile, ná i dtoradh an Choimisiúin go dtí seo, a bheadh coibhéiseach le maíomh go bhfuil soláthar seirbhísí TF i gcoitinne neamheacnamaíoch. Níl tuairim an Choimisiúin sa chás seo maidir le seirbhísí Cineca ar neamhréir leis an seasamh nach bhfuil ‘baint dhíreach shonrach ag seirbhísí TF [iontu féin] le feidhmiú oifigiúil [phoiblí, i dteanga Airteagal 55 Chonradh CEE] údaráis’. I bhfianaise an mhéid sin, rinneadh an cinneadh ceart gan tagairt i mbreithiúnas Compass-Datenbank do bhreithiúnas an Coimisiún v an Iodáil. |
|
(273) |
A mhéid a bhaineann le breithiúnas ó Chúirt Réigiúnach Riaracháin Lazio Uimh. 2922/2017 (164) (a bhí dírithe ar dhíol seirbhísí TF leis an Aireacht seachas le hollscoileanna) lenar thángthas ar an gconclúid go bhféadfaí na seirbhísí i gceist a fháil ar an margadh le haghaidh táirgí agus seirbhísí TFC, ba mhaith leis an gCoimisiún a chur in iúl go raibh an chonclúid sin bunaithe ar an réamhthoradh sa chinneadh tosaigh ón gCoimisiún maidir le HIS. Thángthas ar an gconclúid shealadach leis an gcinneadh tosaigh sin go bhféadfadh díol seirbhísí TF HIS GmbH le hollscoileanna a bheith ina ngníomhaíocht eacnamaíoch. Mar a chuireann an chúirt riaracháin in iúl, bhí réamhchonclúid an Choimisiúin i gcás HIS ceangailteach ar an gcúirt riaracháin tráth eisiúna an bhreithiúnais. Mar sin féin, cinneadh le Cinneadh HIS an 20 Meán Fómhair 2019 nach gníomhaíocht eacnamaíoch é soláthar na seirbhísí TF i gceist (165) agus, dá bhrí sin, chaill an breithiúnas ó Chúirt Réigiúnach Riaracháin Lazio a chineál ceangailteach chun críocha an cháis seo. |
|
(274) |
Maidir le breithiúnas Scattolon, tá an Coimisiún den tuairim go ndíríonn an breithiúnas ar cé acu a eisiatar nó nach n-eisiatar aistriú feidhmeanna áirithe riaracháin agus glantacháin idir eintitis phoiblí ó Threoir an Aontais maidir le cearta fostaithe a choimirciú (166). Níl aon rud sa bhreithiúnas sin a thabharfadh le fios gurb ionann seirbhísí a sholáthar chun córais chasta TF a oibriú agus acmhainní daonna a sholáthar a bhfuil cáilíochtaí áirithe acu le haghaidh cúraimí an-sonracha áirithe. Ar an gcaoi chéanna le tuairim an Choimisiúin maidir le breithiúnas C-3/88 (féach aithris (272)), measann an Coimisiún nach bhfuil a sheasamh a bhaineann le seirbhís Cineca ar neamhréir le toradh bhreithiúnas Scattolon: ní eisiatar go dtagann seirbhísí TF, i gcoitinne, faoi réim na catagóire feidhmeanna riaracháin a mheasann an breithiúnas a bheith ‘eacnamaíoch’. Díríonn anailís an Choimisiúin sa chás seo, áfach, ar chineál sonrach seirbhísí TF atá nasctha go hintreach le cúram Stáit a chur i gcrích i réimse an oideachais threasaigh sa chomhthéacs sonrach ina soláthraítear é agus atá bunaithe ar dhlí-eolaíocht. Níl ann ach breithniú tánaisteach go bhfuil cáilíochtaí atá difriúil ar fad ag anailísithe agus ailtirí Cineca le haghaidh cúraimí atá difriúil ar fad (cúraimí teicniúla, riaracháin agus dlíthiúla) a bhaineann le riachtanais shonracha an chórais a carnadh thar deacáidí. |
|
(275) |
Bunaithe ar na breithnithe sin, tá an Coimisiún den tuairim nach bhfuil aon rud sna breithiúnais sin ina bhunús leis an gconclúid go mbeadh cineál na seirbhíse a sholáthraítear d’ollscoileanna poiblí na hIodáile cineálach agus/nó eacnamaíoch. |
|
(276) |
Ba mhaith leis an gCoimisiún a chur in iúl go gcruthaíonn na fasaigh is ábhartha (go háirithe cás TenderNed agus cás HIS) go soiléir nach gníomhaíocht eacnamaíoch go huathoibríoch í gníomhaíocht de bharr iomaitheoirí a bheith ann. Ní mór an cheist sin a chinneadh sa chomhthéacs ina dtarlaíonn an ghníomhaíocht (167). Cinneadh le cás HIS lena léirítear staid chomhionann leis an gcás seo, gur féidir le gníomhaíocht cáiliú mar ghníomhaíocht neamheacnamaíoch má dhéantar baint amach chuspóir cúraim phoiblí an Stáit níos éifeachtúla leis (féach aithris (239)). Mar a thugann an Iodáil le fios (féach aithris (177)), tá iomaitheoirí ag Cineca i margadh na seirbhísí TF d’ollscoileanna, ach níl an leibhéal céanna iomláine agus comhtháthaithe ag aon cheann de na hiomaitheoirí sin chun feidhmeanna institiúideacha fíor-riachtanacha na n-ollscoileanna a bhainistiú. |
|
(277) |
Ba cheart don Choimisiún iarrachtaí a dhéanamh staideanna comhchosúla a mheasúnú ar bhealach comhchosúil (168) chun neamhchlaontacht a áirithiú. Ciallaíonn sé sin, ar choinníoll go bhfuil na staideanna fíorasacha in dhá chás, i.e. i gcás HIS agus sa chás seo, comhchosúil nó comhionann go substaintiúil i ngach príomhghné, nach féidir leis an gCoimisiún measúnú difriúil a dhéanamh ar na staideanna. Tá an Coimisiún den tuairim go bhfuil soláthar seirbhísí TF ollscoile d’ollscoileanna Stáit comhchosúil go substaintiúil le patrún fíorais an cháis sin (féach aithrisí 7 go 15 agus 111, 114, 117, 118, 120 go 123, 126 agus 127 den chinneadh críochnaitheach sa chás sin). Tacaíonn an imthoisc seo freisin le toradh nach n-imíonn óna mheasúnú ar chás HIS. Ní thagann cineál neamheacnamaíoch an tsoláthair seirbhísí TF d’ollscoileanna salach ar an bhfíoras go bhfuair roinnt ollscoileanna a riachtanais seirbhísí TF ó iomaitheoirí Cineca. |
|
(278) |
Ar bhonn na mbreithnithe sin, cinneann an Coimisiún gur léirigh an Iodáil cineál fíor-riachtanach/doscartha sheirbhísí TF Cineca i ndáil le cumas an Stáit an cúram Stáit a dhéanamh maidir le hoideachas treasach a sholáthar trí na hollscoileanna. |
|
(279) |
I bhfianaise na dtorthaí a cuireadh in iúl in aithris (252) a bhaineann le hoibleagáid dhlíthiúil, aithris (260) a bhaineann le coitiantacht cuspóra (nó cóineasú cuspóirí), agus aithris (278) a bhaineann le cineál doscartha na seirbhísí, measann an Coimisiún gur léirigh an Iodáil go rathúil go bhfuil nasc intreach ann idir na seirbhísí TF a sholáthraítear do na hollscoileanna Stáit agus cúram an Stáit, arna chur chun feidhme trí na hollscoileanna, oideachas treasach a áirithiú. |
4.1.1.1.4. Líomhaintí eile maidir le cineál intreach na seirbhísí
1) Tá margadh ann do ghníomhaíocht fiontraíochta Cineca
|
(280) |
Díríonn argóint an ghearánaigh den chuid is mó ar an líomhain go bhfuil Cineca ag gabháil do ghníomhaíocht fiontraíochta agus go bhfuil sé ag obair go seasta ar an ngníomhaíocht sin a leathnú san earnáil TF a fhreastalaíonn ar raon cuideachtaí tionsclaíocha (féach aithris (55)). Tarraingíonn an gearánach aird freisin ar bhreithiúnas a thug an Iodáil le déanaí lenar deimhníodh gur maoin Cineca é cód foinseach Cineca (féach fonóta 40). |
|
(281) |
Aontaíonn an Coimisiún le seasamh údaráis na hIodáile (féach aithris (158)) nach gcuireann aon riail dlí cosc ar eintiteas gníomhaíocht eacnamaíoch agus neamheacnamaíoch a dhéanamh go comhuaineach. Ós rud é go bhféadfadh tras-fhóirdheonú gníomhaíochtaí eacnamaíocha tarlú, áfach, i staideanna ina bhfuil eintiteas ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch agus do ghníomhaíocht neamheacnamaíoch araon, tá sé d’oibleagáid ar an eintiteas sin maoiniú, costais agus ioncaim na gníomhaíochta eacnamaíche a dheighilt ó mhaoiniú, costais agus ioncaim na gníomhaíochta neamheacnamaíche (deighilt cuntas) (169). An chonclúid ó chúirt na hIodáile gur maoin Cineca é cód foinseach Cineca agus go bhfuil luach eacnamaíoch aige, níl sí ar neamhréir leis an gcoincheap go bhfuil an ghníomhaíocht ghaolmhar doscartha ó chúram Stáit a dhéanamh. |
|
(282) |
Dá bhrí sin, i gcás aon líomhain agus gach líomhain de chuid an ghearánaigh a bhaineann le cineál fiontraíochta CINECA, amhail
|
2) Cineál na seirbhíse
|
(283) |
Sonraíodh le cinneadh Údarás Iomaíochta na hIodáile in 2010 AS 755 (féach aithris (72) agus fonóta 53) gur gníomhaíocht eacnamaíoch é táirgí bogearraí ollscoile a sholáthar, ach díríodh leis an gcinneadh ar an tsaincheist ar cheart nó nár cheart d’ollscoileanna nósanna imeachta soláthair phoiblí a úsáid chun táirgí TF den sórt sin a fháil. Suíodh le cásdlí TenderNed (ar a bhfuil cás HIS bunaithe) ina dhiaidh sin, áfach, nach gníomhaíocht eacnamaíoch iad seirbhísí cumarsáide leictreonaí áirithe (ardán leictreonach a bhunú a chuireann ar a gcumas d’údaráis phoiblí nósanna imeachta soláthair phoiblí a bhainistiú go cuimsitheach i gcás TenderNed) atá nasctha go hintreach le cúram Stáit. Dírítear go cruinn leis an gcinneadh seo ar an gceist maidir le cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na critéir le haghaidh ‘nasc intreach’ a suíodh leis an gcásdlí sin. |
|
(284) |
Tá dearbhú an ghearánaigh, nach é Cineca a d’fhorbair na modúil oibríochtúla uile a bhí san áireamh sna bogearraí TF ollscoile ach go bhfuair sé roinnt acu trí ghnóthais ar leis an táirge iad a cheannach (féach fonóta 52), neamhéifeachtach. Ar an gcéad dul síos, níor shonraigh an gearánach sa líomhain sin cén modúl nó cé na modúil a bhí i gceist léi. Ar an dara dul síos, fiú dá bhféadfadh roinnt modúil a bheith ceannaithe, rinne Cineca iad a ionchorprú ina thairiscint réitigh iomlána. Ina theannta sin, ní athraítear an chonclúid leis sin go bhfuil soláthar na seirbhíse nasctha go hintreach le cúram Stáit. Ar deireadh, ní chaitheann an ghné sin amhras ar an nasc intreach a bheith ann idir soláthar na seirbhíse i gceist agus an cúram Stáit maidir le hoideachas treasach a sholáthar. |
|
(285) |
Déanann an gearánach tuilleadh argóintí lena gceistítear cur i bhfeidhm chásanna TenderNed agus ZVG Portal ag an gCoimisiún ar argóint an ‘naisc intrigh’ sa chás seo (féach aithris (48)). |
|
(286) |
I measc na ngnéithe is tábhachtaí tá an méid seo a leanas:
|
|
(287) |
Maidir le hargóint an ‘inmheánaithe’, is é conclúid an Choimisiúin, de réir dlí-eolaíochta, nach mbaineann sé le hábhar ó thaobh gníomhaíocht a aicmiú mar ghníomhaíocht eacnamaíoch, cibé acu a dhéanann an Stát an ghníomhaíocht trí roinn inmheánach nó trí eintiteas eile a bhfeidhmíonn an Stát rialú air. Ní féidir leis an gCoimisiún teacht ar aon tásc in ZVG Portal ná in TenderNed go mbeadh aon ábharthacht ag baint le bheith faoi úinéireacht Stáit i measúnú an Choimisiúin agus na gCúirteanna Eorpacha. I gcás HIS, níor tháinig an cheist sin chun cinn ar chor ar bith. Mar fhocal scoir, ní shonraítear ceanglas maidir le ‘hinmheánú’ sa chásdlí atá ann faoi láthair. |
|
(288) |
A mhéid a bhaineann leis an easpa sásraí margaidh a thabhairt isteach ó thaobh an Stáit de, níl aon chúis ag an gCoimisiún a bheith in amhras faoi fhírinneacht ráiteas sainráite na hIodáile (in aithris (153)) nár chinn sé sásra margaidh a thabhairt isteach sa mhargadh maidir le seirbhísí TF a sholáthar do na hollscoileanna (agus i ndáil leis na seirbhísí don Aireacht). Thairis sin, tugann an Coimisiún dá aire, de réir chás ZVG Portal, nach gciallaíonn iomaitheoirí a bheith ann gur gníomhaíocht eacnamaíoch í gníomhaíocht go huathoibríoch agus nach gcuireann sé iallach ar an Stát an ceart a sheachligean cúram a dhéanamh ‘nuair a bhíonn an tionscnamh glactha cheana féin ag oibreoirí príobháideacha (…) chun na críche céanna’ (170). |
|
(289) |
Maidir leis an argóint nach mór don nasc idir cúram an Stáit agus an ghníomhaíocht a bhfuil nasc intreach aici leis a bheith ‘forleatach’ nó thar a bheith dian, is é conclúid an Choimisiúin nach féidir an ceanglas sin a léirmhíniú mar cheanglas maidir le ‘huathúlacht’. I mbreithiúnas EasyPay (171), cinneadh nach raibh baint ag an ngníomhaíocht le húdarás oifigiúil toisc nárbh é sin an t-aon bhealach amháin chun cúram an Stáit a dhéanamh (i.e. pinsin a íoc). Tá an Coimisiún den tuairim gur tarchuireadh ceist na ‘hindeighilteachta’ ar ais chuig an gcúirt íochtarach le breithiúnas EasyPay agus, dá bhrí sin, nár fógraíodh breithiúnas maidir le cé acu atá nó nach bhfuil cáilíocht ‘uathúlachta’ nó nasc ‘ard-déine’ ann atá riachtanach chun toradh de ‘nasc intreach’ a fháil. |
|
(290) |
Ar deireadh, maidir leis an gceanglas líomhnaithe nach bhfuil aon phá nó nach bhfuil ach pá teoranta as an tseirbhís a sholáthar (gné choiteann de chás TenderNed, cás ZVG Portal agus Cinneadh HIS, féach aithris (48)(5)), ní bhaineann sé le hábhar i gcás soláthar seirbhísí TF ollscoile Cineca ach oiread. Fiú dá mba rud é gurbh fhíor go bhféadfaí an cúiteamh a soláthraíodh do Cineca nó do sheirbhísí TF ollscoile a mheas mar chomaoin, ní raibh an toisc ina gné chinntitheach in aon cheann de na trí chás dá dtagraíonn an gearánach. Cinneadh le cás Compass-Datenbank nach bhfágfaidh soláthar na comaoine don soláthraí seirbhíse go ndéanfar gníomhaíocht eacnamaíoch de sholáthar an táirge nó na seirbhíse mura gcinneann soláthraí na seirbhíse féin an chomaoin (172). Sa chás seo, is iad na hollscoileanna a chinneann an cúiteamh a íocann na hollscoileanna le Cineca as na seirbhísí TF a sholáthraítear ar bhonn paraiméadair oibiachtúla réamhchinntithe, agus tá ollscoileanna rannpháirteach i bhfoirmiú threoirlínte praghsála Cineca (féach aithris (224)). Ní chinneann Cineca, dá bhrí sin, leibhéal praghsanna na seirbhísí TF ollscoile ar bhealach aontaobhach per se. |
|
(291) |
Measann an Coimisiún ar an mbonn sin nach n-athraíonn argóintí an ghearánaigh ar a dtugtar tuairisc in aithrisí (280) go (290) toradh mheasúnú an Choimisiúin nach gníomhaíocht eacnamaíoch é seirbhísí TF a sholáthar d’ollscoileanna Stáit na hIodáile, toisc gur cuid d’fheidhmeanna fíor-riachtanacha an Stáit í an ghníomhaíocht i gceist nó toisc go bhfuil baint aici leis na feidhmeanna sin ‘de réir a cineáil, a haidhme agus na rialacha a bhfuil sé faoina réir’ (173). |
|
(292) |
Tugann an Coimisiún faoi deara go bhfágann cineál lorgtha brabúis ollscoileanna neamhstáit na hIodáile gur dócha gur gníomhaíocht eacnamaíoch seachas cúram poiblí í an ghníomhaíocht oideachais a dhéanann na heagraíochtaí príobháideacha sin (174). Mar a mhínítear san Fhógra ón gCoimisiún maidir le coincheap na státchabhrach, ‘ní mór idirdhealú a dhéanamh idir seirbhísí oideachais phoiblí agus seirbhísí a mhaoiníonn tuismitheoirí nó daltaí nó ioncam tráchtála den chuid is mó. Mar shampla, is léir go dtagann ardoideachas arna mhaoiniú go hiomlán ag mic léinn faoi réim an dara catagóir. I mBallstáit áirithe, féadfaidh eintitis phoiblí seirbhísí oideachais a thairiscint freisin atá le meas mar sheirbhísí eacnamaíocha mar gheall ar a gcineál, a struchtúr maoiniúcháin agus eagraíochtaí príobháideacha iomaíocha a bheith ann.’ Dá bhrí sin, níl an ghníomhaíocht a bhaineann le seirbhísí TF a sholáthar do na hollscoileanna sin nasctha go hintreach le soláthar chúram an Stáit i réimse an oideachais threasaigh. |
4.1.1.2.
|
(293) |
Áirítear le hacmhainní Stáit acmhainní uile na hearnála poiblí (175), gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil institiúid laistigh den earnáil phoiblí uathrialach. Maoinítear ollscoileanna na hIodáile tríd an nGnáthchiste Maoiniúcháin, ciste stáit (féach aithris (24)). Gan dochar don cheist an gníomhaíocht eacnamaíoch é seirbhísí TF a sholáthar d’ollscoileanna na hIodáile, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid sa chinneadh tosaigh go ndeonaítear an beart i gceist trí acmhainní Stáit dá bhrí sin. |
|
(294) |
An tráth céanna, sonraíodh leis an gcinneadh tosaigh go bhfuil an tsaincheist maidir le hinleagthacht chinneadh na n-ollscoileanna Stáit Cineca a chonrú le haghaidh seirbhísí TF níos casta. Ar thaobh amháin, mheas an Coimisiún gur comhartha lena léirítear inleagthacht é cineál eintitis phoiblí na n-ollscoileanna Stáit agus láithreacht a n-ionadaithe ar bhord Cineca, mar aon leis an úsáid a bhaineann ollscoileanna as bogearraí Cineca chun maoiniú poiblí a rochtain (féach aithris 124 den chinneadh tosaigh). Ar an taobh eile, shonraigh an Coimisiún gur eintitis iad ollscoileanna Stáit atá leithleach ón Stát féin agus go bhfuil leibhéal áirithe neamhspleáchais acu ó thaobh na bainistíochta airgeadais de, rud a léirítear leis an bhfíoras go n-úsáideann roinnt ollscoileanna Stáit eintitis seachas Cineca le haghaidh seirbhísí TF (féach aithrisí (186) go (187)). |
|
(295) |
Leis an gcinneadh tosaigh, áfach, glacadh leis gurbh ann d’inleagthacht maidir le seirbhísí TF ollscoileanna. Chun measúnú a dhéanamh ar inleagthacht, rinneadh idirdhealú leis an gcinneadh tosaigh idir an tréimhse ama roimh theacht i bhfeidhm dhlí ‘salva Cineca’ agus an tréimhse ama ina dhiaidh sin agus toimhdíodh i gcás gach tréimhse go raibh inleagthacht ann. |
|
(296) |
Maidir leis an gcaighdeán chun inleagthacht a chinneadh sa chás atá faoi chaibidil, mheas an Coimisiún sa chinneadh tosaigh gur ghá scrúdú a dhéanamh ar cé acu a bhí nó nach raibh baint ag na húdaráis phoiblí, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, le hiompar gnó na n-ollscoileanna le Cineca (176). |
|
(297) |
Áitíonn an gearánach gur féidir inleagthacht a shuí sa dá thréimhse ama, i.e. roimh ghlacadh dhlí salva Cineca agus ina dhiaidh. Easaontaíonn an gearánach, áfach, go mbeadh feidhm ag critéir Stardust Marine maidir leis an gcás atá faoi chaibidil, toisc nach gnóthais phoiblí iad ollscoileanna Stáit, ach gur comhlachtaí poiblí neamheacnamaíocha iad ‘i gcomhréir le coincheap an riaracháin phoiblí’ (féach aithris (78)). Áitíonn an gearánach gurb iad an Fhrainc v an Coimisiún (T-358/94) agus Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Wathelet (in Commerz Nederland v Havenbedrijf Rotterdam (C-242/2013)) a rialaíonn an staid, i.e.‘i gcás ina ndeonaíonn údarás poiblí buntáiste (…), tá an beart inleagtha fiú má tá uathriail dhlíthiúil ag an údarás (…) ó údaráis phoiblí eile’ (féach aithris (77)). Dar leis an ngearánach, is cuid d’fhearas an Stáit sa chiall is leithne iad ollscoileanna Stáit, ar an gcaoi chéanna le bardais agus réigiúin. (Féach aithris (79).) Ar deireadh, áitíonn an gearánach go bhfuil inleagthacht ann freisin toisc go bhfuil cumhachtaí poiblí ag ollscoileanna Stáit, go bhfuil siad faoi réir mhaoirseacht MIUR agus na hAireachta Airgeadais, agus gurb é an Stát a bpríomhfhoinse cistithe – fiú má rialaíonn siad a n-ioncam féin (féach aithris (82)). |
|
(298) |
Áitíonn údaráis na hIodáile agus Cineca nach bhfuil cinneadh na n-ollscoileanna Stáit Cineca a roghnú chun seirbhísí TF a sholáthar inleagtha ar an Stát. Ar an gcéad dul síos, tá uathriail iomlán oideachais, eolaíoch, eagraíochtúil, airgeadais agus cuntasaíochta ag ollscoileanna Stáit (177) (féach aithris (185)). Dheimhnigh ollscoileanna d’údaráis na hIodáile go bhfuil uathriail iomlán acu go deimhin caidreamh conarthach a dhéanamh le heintitis le haghaidh seirbhísí TF agus go ndearnadh na roghanna sin faoi shaoirse roimh ghlacadh dhlí salva Cineca agus ina dhiaidh. Áitíonn Cineca freisin, i bhfianaise na dlí-eolaíochta a luaitear in aithris 122 den chinneadh tosaigh a thagraíonn do chritéir mheasúnaithe Stardust, nach é láithreacht chomhpháirteach na n-ollscoileanna agus MIUR ar bhord Cineca a d’fhéadfaí a mheas a bheith ag teacht le hinleagthacht ollscoileanna Cineca a roghnú mar sholáthraí seirbhísí TF, ach láithreacht oifigigh Stáit ar riarachán na n-ollscoileanna Stáit (féach aithris (227)). |
|
(299) |
Áitíonn údaráis na hIodáile agus Cineca araon go bhfuil critéir Stardust infheidhme de réir analaí agus anailís á déanamh ar inleagthacht i gcás comhlachtaí poiblí a bhfuil uathriail acu maidir le bainistiú cistí agus atá leithleach ón Stát. Deimhníodh cineál uathrialach na n-ollscoileanna Stáit freisin le breithiúnais chúirte na hIodáile (178) a rialaigh nach fostaithe Stáit iad fostaithe ollscoile. Dar leo, tá breithiúnas Air France chomh neamhábhartha céanna (179), ós rud é nár bunaíodh Cineca chun dul timpeall ar na rialacha maidir le státchabhair. Ar deireadh, tarraingíonn Cineca aird ar an mbreithiúnas a thug an Chúirt Ghinearálta le déanaí sa chás an Iodáil v. Banca Popolare di Bari (Cásanna Uamtha T-98/16 agus T-196/16) maidir leis an moladh go bhfuil an Coimisiún faoi oibleagáid mhéadaithe bunús a thabhairt le hinleagthacht birt ar an Stát (féach aithris (227) agus fonóta 141) nuair atá eintiteas uathrialach i ndáil le bainistiú cistí. |
|
(300) |
Tá an Coimisiún den tuairim nach féidir teacht ar chonclúid maidir le hinleagthacht an bhirt i gceist ar ollscoileanna Stáit aonair. Is amhlaidh atá toisc nach léiríonn na tosca a dtugtar tuairisc orthu conclúid aonchiallach a mhéid a bhaineann le hiomlán na n-ollscoileanna Stáit. Dá bhrí sin, ar bhonn na líomhaintí sin, níl an Coimisiún in ann a thoimhdiú gurb ann d’inleagthacht, rud nach mór a scrúdú de ghnáth ar bhonn gach idirbhirt ar leith idir ollscoil shonrach agus Cineca. Mar sin féin, níor tharraing an gearánach aird an Choimisiúin ar aon idirbheart sonrach ina bhféadfaí scrúdú a dhéanamh ar thosca atá ábhartha d’anailís inleagthachta. |
|
(301) |
Mar achoimre, tá an Coimisiún den tuairim nach bhfuil aon chruthúnas cinntitheach ann go bhfuil na bearta nó aon bheart i gceist sa chinneadh seo maidir le seirbhísí TF a dhíol le hollscoileanna Stáit inleagtha ar Stát na hIodáile. |
|
(302) |
Mar a mhínítear in aithris (292), tugann an Coimisiún faoi deara gur dócha, mar gheall ar chineál lorgtha brabúis ollscoileanna neamhstáit na hIodáile, gur gníomhaíocht eacnamaíoch seachas cúram poiblí í an ghníomhaíocht oideachais a dhéanann na heagraíochtaí príobháideacha sin. Níl ollscoileanna neamhstáit, de réir sainmhínithe, faoi úinéireacht an Stáit. Ní sholáthraíonn an Stát a gcuid acmhainní maoinithe agus, dá bhrí sin, ní acmhainní Stáit iad aon chiste a chaitheann siad chun seirbhísí TF a cheannach. I gcás seirbhísí a mhaoiníonn tuismitheoirí nó daltaí den chuid is mó, nó ioncaim thráchtála, ní ghníomhaíonn siad i gcomhréir le sainordú poiblí. Mar sin féin, ainmníonn údaráis phoiblí roinnt comhaltaí de chomhlachtaí rialaithe na n-ollscoileanna príobháideacha. Ar an taobh eile, ní tromlach de chomhlachtaí rialaithe na n-ollscoileanna sin iad na comhaltaí sin agus níl aon chumhacht chrosta acu sa chinnteoireacht. Ina theannta sin, níl aon fhaisnéis shonrach ar fáil don Choimisiún ar ar a bonn a d’fhéadfaí scrúdú a dhéanamh ar inleagthacht ar idirbhearta aonair. |
|
(303) |
Ar an mbonn sin, measann an Coimisiún nach bhfuil ceannach seirbhísí TF ag ollscoileanna príobháideacha ó Cineca inleagtha ar Stát na hIodáile. |
4.1.1.3.
|
(304) |
In aithris (59), maíonn an gearánach (i dtaca leis an dá chineál seirbhísí TF atá i gceist sa chás seo) nach bhfuil tástáil an oibreora geilleagair margaidh infheidhme. Sonraíonn an gearánach freisin (in aithris (65)) nach ndearnadh aon chinneadh ex-ante maidir le réasúnaíocht eacnamaíoch na bpraghsanna agus in aon chás, gur cheart nósanna imeachta soláthair phoiblí a úsáid chun seirbhísí TF ollscoile agus seirbhísí TF MIUR a sholáthar (féach aithris (60)). Easaontaíonn an Coimisiún leis an saintréithriú sin agus measann sé go bhfuil tástáil an oibreora geilleagair margaidh (más gníomhaíocht eacnamaíoch í an ghníomhaíocht i gceist) infheidhme. De bhun breithiúnais ón gCúirt Bhreithiúnais Eorpach an 5 Meitheamh 2012 in C-124/10 P an Coimisiún v EDF, ‘[b]raitheann infheidhmeacht thástáil an infheisteora phríobháidigh ar deireadh ar bhuntáiste eacnamaíoch a bheith tugtha ag an mBallstát lena mbaineann, ina cháil mar scairshealbhóir seachas ina cháil mar údarás poiblí, do ghnóthas ar leis é’. Sa chás go mbeadh soláthar na seirbhísí i gceist eacnamaíoch, ní ghníomhaíonn an Stát mar údarás poiblí agus tá prionsabal thástáil an oibreora geilleagair margaidh infheidhme. Mar a mhínítear in aithris 128 den chinneadh tosaigh, ní thugann idirbhearta eacnamaíocha arna ndéanamh ag comhlachtaí poiblí (lena n-áirítear gnóthais phoiblí) buntáiste dá gcontrapháirtí má dhéantar iad i gcomhréir le gnáthdhálaí an mhargaidh (180). Chun a chinneadh cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh idirbheart faoi na dálaí sin, cuireann an Coimisiún tástáil an oibreora geilleagair margaidh i bhfeidhm. Chun críoch thástáil an oibreora geilleagair margaidh, ní chuirfear san áireamh ach na tairbhí agus na hoibleagáidí atá nasctha le ról an Stáit mar oibreoir eacnamaíoch, agus déanfar na tairbhí agus na hoibleagáidí sin a bhaineann lena ról mar údarás poiblí a eisiamh. Go deimhin, níl tástáil an oibreora geilleagair margaidh infheidhme má ghníomhaíonn an Stát mar údarás poiblí seachas mar oibreoir eacnamaíoch. |
|
(305) |
Is féidir easpa buntáiste a léiriú trí nós imeachta tairisceana iomaíoch, trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus neamhchoinníollach nó trí mhodhanna iomaíocha eile (181). D’fhéadfadh an modh sin, i measc nithe eile, a bheith ina staidéar costais arna dhéanamh ex-ante ag saineolaí neamhspleách ina léirítear gurb é an tairiscint an rogha is oiriúnaí don údarás poiblí. Caithfidh na torthaí a bheith láidir, agus caithfidh na sonraí a bheith infhíoraithe. |
|
(306) |
Sular osclaíodh an nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil, níor léirigh an Iodáil nár díoladh na seirbhísí TF leis na hollscoileanna ar phraghsanna a sháraigh leibhéal an mhargaidh (féach aithris 130 den chinneadh tosaigh) agus, dá bhrí sin, ní raibh státchabhair faighte ag Cineca i bhfoirm na difríochta idir an praghas díola agus an praghas margaidh. Mheas an Coimisiún freisin nár chruthaigh an Iodáil gur úsáideadh tairiscintí iomaíocha nó modhanna eile a thiocfadh ar thoradh inchomparáide le toradh nós imeachta tairisceana. |
|
(307) |
Sonraíodh leis an gcinneadh tosaigh freisin, a mhéid a bhí tionchar ag an Stát ar iompraíocht ceannaigh ollscoileanna i bhfabhar Cineca, go ligfeadh tionchar den sórt sin do Cineca seirbhísí TF a dhíol arbh fhéidir nach mbeadh sé in ann iad a dhíol gan cur isteach Stáit, rud a sholáthródh buntáiste do Cineca, dá bhrí sin. I bhfianaise a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid shealadach, a mhéid a bhí tionchar ag an Stát ar cheannacháin na n-ollscoileanna i bhfabhar Cineca, go bhfuair Cineca buntáiste. |
|
(308) |
Áitíonn an gearánach nach raibh aon nós imeachta roghnúcháin iomaíoch chun seirbhísí TF ollscoile a fháil ó thaobh na n-ollscoileanna de (féach aithrisí (22) agus (83)). Sna cúpla cás sin ina bhféadfadh oibreoirí malartacha tairiscintí a sholáthar, bhí tairiscint Cineca níos airde i gcónaí ná na soláthraithe malartacha. |
|
(309) |
Cuireann an gearánach roinnt argóintí i láthair freisin a bhaineann leis an gceanglas nár eintiteas cuí ‘inmheánach’ de chuid na n-ollscoileanna é Cineca go dtí 2018 ar a laghad agus gur cheart dóibh, dá bhrí sin, úsáid a bhaint as na nósanna imeachta soláthair phoiblí chun soláthraí seirbhíse TF a roghnú dá riachtanais seirbhíse TF. Áitíonn an gearánach gur sháraigh Stát na hIodáile reachtaíocht soláthair phoiblí an Aontais agus na hIodáile toisc nár úsáid sé an soláthar poiblí (féach aithris (47)). |
|
(310) |
Tagraíonn an gearánach freisin d’Airteagal 1(512) de Dhlí Uimh. 208/2015 (féach aithrisí (60) agus (75)) lena gceanglaítear, chun ceannacháin earraí agus seirbhísí TF agus nascachta a optamú agus a chuíchóiriú, gur cheart d’aireachtaí agus d’ollscoileanna poiblí ‘a riachtanais a chomhlíonadh go heisiach trí uirlisí ceannaigh agus caibidlíochta Consip nó [eintiteas eile] le haghaidh earraí agus seirbhísí atá ar fáil ó Consip nó [na heintitis eile sin]’. Úsáidtear Consip go forleathan, leanann an gearánach ar aghaidh, chun táirgí speisialaithe inchomparáide a sholáthar. D’úsáid an Aireacht Dlí agus Cirt Consip freisin chun nós imeachta sibhialta leictreonach a thabhairt isteach ar fud na hIodáile ar cuid d’fheidhm fhíor-riachtanach é. |
|
(311) |
Mar fhreagairt ar na líomhaintí sin, míníonn údaráis na hIodáile gur bunaíodh le dlí ‘salva Cineca’, mar a thugtar air, samhail inmheánach idir Cineca agus an Aireacht (féach aithris (146)), samhail a tugadh chun foirfeachta trí Fhoraithne Aireachta Uimh. 245 an 26 Márta 2018 ar bhonn plé le seirbhísí an Choimisiúin agus le húdarás náisiúnta frithéillithe na hIodáile (ANAC). In 2018, chuir údarás frithéillithe na hIodáile, ar bhonn Chinneadh Uimh. 1172 an 19 Nollaig 2018, Cineca isteach ar liosta náisiúnta na n-eintiteas atá in ann oibriú trí dhámhachtainí díreacha (cuideachtaí ‘inmheánacha’) (féach aithris (168)). |
|
(312) |
Míníonn an Iodáil freisin nach n-úsáideann na hollscoileanna Consip ach le haghaidh táirgí agus seirbhísí caighdeánacha, ní le haghaidh an cineál táirgí agus seirbhísí casta a thairgeann Cineca. Níl feidhm ag an oibleagáid maidir le Consip a úsáid ach amháin maidir le staid ina bhfuil na táirgí agus/nó na seirbhísí ar fáil ar an margadh. |
|
(313) |
Áitíonn an Iodáil ar dtús nach bhfuil aon bhuntáiste roghnaitheach dá dtairbhíonn Cineca maidir le gníomhaíocht sheirbhísí TF na hollscoile ós rud é go bhfuil an ghníomhaíocht neamheacnamaíoch. Thairis sin, a mhéid a bhaineann le nós imeachta iomaíoch roghnaitheach a chur i bhfeidhm, cuireann an Iodáil in iúl go raibh roghnú Cineca (soláthraí inmheánach cuí de réir reachtaíocht na hIodáile) níos déine fós ná mar a cheanglaítear le reachtaíocht soláthair phoiblí an Aontais. Is amhlaidh atá toisc go gceanglaítear le hAirteagal 192(2) d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 50/2016 ‘measúnú éifeachtúlachta feabhsaithe’ ar dhámhachtain bheartaithe do Cineca sula gceadaítear dámhachtain ‘inmheánach’ den sórt sin do Cineca. Foráiltear le reachtaíocht an Aontais (Airteagal 12(3) de Threoir 2014/24/AE (182)) maidir le coibhéis fhíor-riachtanach idir na nósanna imeachta éagsúla chun seirbhís leasa a chur de chúram ar an riarachán poiblí. |
|
(314) |
Measann an Coimisiún nach bhforchuirtear le dlí salva Cineca oibleagáid ar aon ollscoil conradh seirbhísí TF a thabhairt i gcrích le Cineca. Tugann an Coimisiún dá aire freisin gur roghnaigh roinnt ollscoileanna soláthraithe seirbhíse TF seachas Cineca (féach aithris (187)). Dá bhrí sin, níor lig an fhoráil dlí sin do Cineca seirbhísí TF a dhíol arbh fhéidir nach mbeadh sé in ann iad a dhíol gan cur isteach Stáit (féach aithris (307)). Dá bhrí sin, ní bhfuair Cineca buntáiste i bhfoirm níos mó deiseanna gnó a fháil mar thoradh ar thionchar Stáit. |
|
(315) |
Tá an Coimisiún den tuairim freisin go bhféadfadh sé go ndéanann an nós imeachta roghnúcháin, i.e. dámhachtain na gconarthaí de bhun Airteagal 192(2) d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 50/2016, reachtaíocht soláthair phoiblí na hIodáile a chomhlíonadh, ar a laghad i ndáil leis an tréimhse ama dar tús 2016. Is léir sin ó bhreithiúnas Chomhairle Stáit na hIodáile (an chéim bhreithiúnach Riaracháin is airde san Iodáil) Uimh. 2947 an 17 Márta 2022. I roinn 11.4 den bhreithiúnas, soiléirítear gur ‘cinnte go bhféadfadh an soláthar trí bhíthin comhaontuithe agus/nó creat-chomhaontuithe le comhlachtaí lárnacha ceannaigh a bheith ar cheann de na roghanna malartacha ar féidir measúnú a dhéanamh orthu sa rogha idir dámhachtain seirbhíse inmheánaí agus úsáid an mhargaidh; mar sin féin, ní féidir aon srian atá ceangailteach go docht ar chinntí an riaracháin a thuiscint ó na forálacha reachtacha dá dtagraítear thuas, ós rud é nach ndéanann na forálacha sin difear don rogha idir dámhachtain inmheánach agus seachfhoinsiú ach, os a choinne sin, go nglactar leis gurb ann don rogha agus go n-oibríonn sí, dá bhrí sin, i gcás ina ndíscaoiltear é sa chiall go dtéitear i muinín an mhargaidh.’ Is cosúil go dtugtar le fios leis an mbreithiúnas sin gur rogha é cinneadh na n-ollscoileanna maidir le conradh a chur chun tairisceana (i.e. Airteagal 192(2) d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 50/2016 a úsáid nó gan é a úsáid) is féidir a dhéanamh gan aon srian a mhéid a bhaineann le reachtaíocht soláthair phoiblí na hIodáile. |
|
(316) |
Maidir leis an modh a roghnaíonn ollscoileanna aonair soláthraí seirbhíse TF as ar eascair roghnú Cineca, míníonn ollscoileanna na hIodáile go gcuireann siad na seirbhísí ar iontaoibh i gcónaí bunaithe ar mheasúnú roimh ré ar na tairbhí (féach aithris (191)). Ar an gcéad dul síos, rinne siad meastóireacht ar cé acu a d’fhéadfaí nó nach bhféadfaí an tseirbhís a tháirgeadh go hinmheánach, agus a luaithe a cinneadh an margadh a úsáid, chuir siad tairiscint Cineca i gcomparáid le tairiscint oibreoirí eile. (Chun tuilleadh mionsonraí a fháil, féach fonóta 117). Dealraíonn sé go bhfuil sé sin i gcomhréir le léirmhíniú na reachtaíochta is infheidhme a sholáthair an Chomhairle Stáit (féach aithris (315)). Dá bhrí sin, tá an Coimisiún den tuairim gur bhain ollscoileanna Stáit úsáid as nós imeachta roghnúcháin iomaíoch lena ngabhann gné de mheasúnú ex-ante sular fostaíodh Cineca, go háirithe ag tosú in 2016, ach go pointe áirithe roimh 2016 freisin (féach fonóta 117). |
|
(317) |
Maidir leis an gceist ar íoc na hollscoileanna praghsanna a sháraigh leibhéal an mhargaidh, líomhnaíonn an gearánach go bhfuil na praghsanna a íocann ollscoileanna na hIodáile le Cineca as seirbhísí bogearraí agus TF a sholáthar níos airde ná praghsanna margaidh. |
|
(318) |
Maidir le líomhain eile an ghearánaigh a bhaineann le buntáiste, i.e. go n-íocann ollscoileanna, ina n-iomláine, praghsanna os cionn leibhéal an mhargaidh, sholáthair an Iodáil tuarascáil theicniúil, staidéar saineolach leis an Ollamh Corso lenar léiríodh luach sheirbhísí TF Cineca do na hollscoileanna arna miondealú go trí chomhpháirt i gcomparáid leis an bpraghas margaidh ó 2004 go 2018 (183). |
|
(319) |
Sa tuarascáil, tá na seirbhísí a thairgeann Cineca scartha i dtrí chatagóir: 1) seirbhísí feidhmchláir a bhaineann le ‘éiceachóras digiteach’, forbairt agus cothabháil éabhlóideach, cothabháil eile, agus tacaíocht d’úsáideoirí ar íocaíocht táille seirbhísí na n-ollscoileanna (seirbhísí bunaithe ar tháille (184)); 2) seirbhísí óstála bonneagair (185) lena n-áirítear bainistíocht feidhmchlár, agus 3) seirbhísí eile (pleanáil, comhairle agus tacaíocht). |
|
(320) |
Maidir leis an méid oibre a soláthraítear i snáithe 3, chuaigh an staidéar i muinín shuirbhé inmheánach Cineca ar dhaonlaethanta taifeadta. I gcás oibre faoi Phointe 1, chuaigh an staidéar i muinín meastacháin dheimhnithe ar mhéid foriomlán na hoibre a rinneadh agus d’úsáid sé caighdeáin táirgiúlachta a sholáthair eagraíochtaí idirnáisiúnta amhail Grúpa na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thagarmharcáil Bogearraí. |
|
(321) |
Cuireadh seirbhísí faoi Phointí 1 agus 3 i gcomparáid le chéile bunaithe ar na ranníocaíochtaí bliantúla a ghineann Aonad Gnó Ollscoile Cineca agus ar luach margaidh na seirbhísí sin trí úsáid a bhaint as praghsanna Assinter (186). |
|
(322) |
A mhéid a bhaineann le seirbhísí bunaithe ar tháille (feidhmchláir) dá dtagraítear i bPointe 1 ar fiú os cionn 70 % de thuilleamh an Aonaid Gnó Ollscoile iad, bhí ioncam CINECA faoi bhun na luachanna margaidh go córasach. Maidir leis na seirbhísí dá dtagraítear i bPointe 3 (ar fiú thart ar 20 % den tuilleamh foriomlán iad), bhí ailíniú substaintiúil le luachanna margaidh cé gur cosúil gur sháraigh ranníocaíochtaí luachanna margaidh de bheagán ó 2009 go 2013. I gcomparáid le luachanna margaidh Phointí 1 agus 3 le chéile (ar fiú 90 % d’ioncam an aonaid gnó iad), bhí an cúiteamh a fuair Cineca go mór faoi bhun an luacha margaidh. |
|
(323) |
Ní dhearnadh anailís le staidéar Corso ach ar ‘sheirbhísí feidhmchláir’ agus ‘seirbhísí eile’, agus ní raibh ach torthaí staidéar eile ann i dtaca le ‘seirbhísí bonneagair’. Is é an tUasal Aiello a d’ullmhaigh staidéar amháin den sórt sin (‘staidéar Aiello’). Maidir leis an deighleog seirbhísí óstála bonneagair (187), ba é an anailís a rinne an tUasal Aiello (188) measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht theicniúil agus ar na tairbhí eacnamaíocha iarbhír do MIUR agus do chóras ollscoile na hIodáile, arís eile de réir cur chuige foriomlán, seachas breithniú a dhéanamh ar ollscoileanna aonair. De réir staidéar Aiello, níor forbraíodh an deighleog seirbhísí óstála bonneagair ach faoi 2014 agus, mar sin, ní bheifí in ann an margadh a úsáid roimhe sin. |
|
(324) |
Le haghaidh 2015, rinneadh anailís chomparáideach le néalseirbhís a mhol IBM, ar ar tugadh ‘Softlayer’ an tráth sin. Bhí an costas bliantúil a mhol IBM chun seirbhísí óstála feidhmchlár a aistriú chuig ollscoileanna, ar fiú EUR 1,37 milliún é, le cur i gcomparáid le luach chomhpháirt bhonneagar mar sheirbhís EUR 0,48 milliún CINECA (lena n-áirítear méadú 40 % thar chostas íon). I bhfocail eile, is féidir a rá go gcosnódh aistriú seirbhísí óstála chuig ollscoileanna (an t-ualach oibre is mó) in 2015 thart ar 2,8 uair níos mó ná seirbhís a sholáthraíonn CINECA go hinmheánach. |
|
(325) |
Bhí torthaí Gartner, cuideachta taighde, i staidéar Aiello freisin. Deimhníodh leis na torthaí sin freisin go dtairgtear na seirbhísí a sholáthraíonn Cineca d’ollscoileanna ar phraghas nach airde ná an praghas margaidh. Bhunaigh Gartner an tuairim sin ar a shuirbhé bliantúil ar tháscaire tagarmhairc lena léirítear, i gcomhthéacs chéatadán na gcostas TF i gcoibhneas le láimhdeachas gnóthas meánmhéide, go raibh costais bhonneagair Cineca go compordach faoi bhun an tagarmhairc. Thairis sin, dheimhnigh AgID freisin comhsheasmhacht eacnamaíoch na luachanna atá bainteach leis an gcomhpháirt bhonneagair. |
|
(326) |
Mar thaca lena argóint go bhfuil na praghsanna a íocann ollscoileanna na hIodáile le Cineca as seirbhísí bogearraí agus TF a sholáthar níos airde ná praghsanna margaidh, cáineann an gearánach an dá staidéar i gceist ar roinnt pointí. De réir an ghearánaigh, tá an tagarmharc a úsáidtear i dtuairimí saineolaithe Cineca a bhaineann leis na seirbhísí do MIUR agus d’ollscoileanna neamhréalaíoch toisc, ar an gcaoi chéanna leis an tagarmharc do phraghas na seirbhísí do MIUR, go n-úsáideann an tagarmharc do phraghsanna seirbhíse TF ollscoile praghsanna Assinter freisin (féach aithris (86)). Ina theannta sin, tá an staidéar a bhaineann leis an tseirbhís ollscoile bunaithe ar an toimhde earráideach go gcuirfeadh iomaitheoir teorainn lena phraghsanna maidir le cothabháil cheartaitheach agus éabhlóideach agus tacaíocht d’úsáideoirí a bhainistiú agus nach n-áireodh sé na costais a bhaineann le seirbhísí malartacha agus seirbhísí coibhéiseacha a fhorbairt agus a sholáthar. Dá bhrí sin, bheadh na costais chéanna ag an iomaitheoir hipitéiseach agus a bheadh ag Cineca (féach aithris (86)). |
|
(327) |
De réir an ghearánaigh, sonraítear go hearráideach le staidéar Aiello a bhaineann le luach margaidh na seirbhísí óstála do MIUR agus don ollscoil nár thairg aon oibreoir na seirbhísí bainistíochta a bhaineann le táirgí Cineca roimh 2014 (féach aithris (323)) sa deighleog seirbhísí TF riaracháin phoiblí. Déanann an ráiteas sin neamhaird ar an bhfíoras go raibh BeSmart ina oibreoir agus go raibh praghsanna Consip ar sheirbhísí bainistíochta den sórt sin ann mar thagarmharc. |
|
(328) |
Tá an Coimisiún den tuairim nach bhfuil na líomhaintí ginearálta sin inmharthana, na líomhaintí a bhaineann le buntáiste foriomlán dá tairbhíonn Cineca trí sheirbhísí bogearraí ollscoile a dhíol ina n-iomláine le cuid de chóras ollscoile na hIodáile. Is amhlaidh atá toisc nach mór líomhain inghníomhaithe maidir le buntáiste eacnamaíoch i bhfoirm praghsanna a íoc os cionn leibhéal an mhargaidh a bheith sonrach ó thaobh idirbhirt de. Sa chomhthéacs sin, ba ghá tagairt a dhéanamh leis an líomhain do cheannach sonrach táirge shonraigh nó raon táirgí ó Cineca ag ollscoil shonrach, rud ba ghá a chur i gcomparáid le ‘praghas margaidh’ don táirge céanna nó do na táirgí céanna, den mhéid céanna agus an tráth céanna. |
|
(329) |
Soláthraíonn an gearánach mionsonraí a bhaineann le hidirbheart aonair amháin idir ollscoil agus Cineca le haghaidh seirbhísí TF (189), ina líomhnaítear gur íocadh praghsanna os cionn leibhéal an mhargaidh. A mhéid a bhaineann leis an líomhain sin, sonraíonn an gearánach gur cheannaigh Ollscoil Molise pacáiste de sheirbhísí TF ollscoile ó Cineca le haghaidh 2018 go 2020 ar phraghas i bhfad níos airde ná ceannach inchomparáide ón ngearánach ag Ollscoil Cassino agus Lazio Theas le haghaidh 2019 go 2021. Go mionsonrach, líomhnaíonn an gearánach gur íoc Ollscoil Molise EUR 374 966 (gan CBL) in aghaidh na bliana le Cineca ar chonradh 3 bliana le haghaidh seirbhísí TF le haghaidh 2018 go 2020. Ar an taobh eile, íocadh EUR 85 140 in aghaidh na bliana leis an ngearánach, a roghnaíodh trí nós imeachta tairisceana Eorpach don chonradh le hOllscoil Cassino agus Lazio Theas, as pacáiste seirbhísí an-inchomparáide d’ollscoil atá cosúil ó thaobh méide de le hOllscoil Molise. Ansin déanann an gearánach comparáid idir gnéithe an dá phacáiste agus tagann sé ar an gconclúid nach bhfuil na pacáistí go hiomlán cosúil le chéile, ós rud é nach bhfuil ach cuid de na tairiscintí ag forluí ar a chéile. Go deimhin, as na hocht ngné den phacáiste a chuir Cineca ar fáil d’Ollscoil Molise, níor áiríodh ach coibhéis ceithre ghné le tairiscint an ghearánaigh d’Ollscoil Cassino agus Lazio Theas. Ina theannta sin, áiríodh le pacáiste an ghearánaigh cúig mhír nár áiríodh le tairiscint Cineca agus áiríodh le tairiscint Cineca cúig ghné eile nár áiríodh le tairiscint an ghearánaigh. Ina theannta sin, déanann an gearánach iarracht praghas a cheangal le gach ceann de ghnéithe an phacáiste agus dhá phraghas hipitéiseacha a ríomh: ceann amháin do gach pacáiste, sa chás go raibh na tairiscintí comhionann. Mar sin féin, fiú má ghlacaimid leis gur léir go bhfuil a phraghsanna féin ar eolas ag an ngearánach sa tairiscint shonrach ar a dtugann sé tuairisc, maidir le praghsanna Cineca, déanann sé an ríomh agus úsáid á baint as gnéithe éagsúla de shraith praghsanna níos luaithe a d’íoc tríú ollscoil le Cineca tráth atá difriúil le tréimhse ama chonradh an ghearánaigh. |
|
(330) |
Tá an Coimisiún den tuairim nach léiríonn na líomhaintí sin go héifeachtach gur íoc Ollscoil Molise praghsanna os cionn leibhéal an mhargaidh le Cineca as na seirbhísí TF ollscoile ó 2018 go 2020. Is amhlaidh atá toisc nach bhfuil an dá thairiscint inchomparáide. Ar an gcéad dul síos, admhaítear go bhfuil na pacáistí i bhfad ó bheith comhionann: níl ach leath de na míreanna i gceist le feiceáil i gceann amháin, agus níl roinnt gnéithe le feiceáil ach sa tairiscint eile. Dá bhrí sin, is cosúil nach bhfuil na pacáistí seirbhíse inchomparáide. Ar an dara dul síos, díorthaítear na praghsanna ar na gnéithe aonair i bpacáiste Cineca ó idirbheart idir Cineca agus ollscoil eile tráth a thagraíonn do thréimhse dhifriúil (ó 2018 go 2020 seachas ó 2019 go 2022). Fágann an ghné sin go bhfuil an ríomh amhantrach freisin, rud a fhágann go bhfuil sé go hiomlán dodhéanta teacht ar chonclúid faoi luach na bpacáistí an tréimhse ama ábhartha. Tugann an Coimisiún faoi deara freisin gur cosúil gur cuireadh i bhfeidhm san idirbheart sonrach sin an nós imeachta meastóireachta atá le leanúint chun soláthraí seirbhíse TF a roghnú mar a shonraítear in aithris (191) (190). |
|
(331) |
Mar achoimre, measann an Coimisiún nár cruthaíodh líomhaintí an ghearánaigh a bhaineann le híocaíocht praghsanna le Cineca os cionn leibhéal an mhargaidh ag ollscoil Molise as seirbhísí TF ó 2018 go 2020. |
|
(332) |
Mar thoradh ar na breithnithe sin, tá an Coimisiún den tuairim nach raibh buntáiste inmharthana i gcomhthéacs an rialaithe státchabhrach líomhnaithe, gan trácht ar é a bheith cruthaithe, go héifeachtach ag an ngearánach. |
|
(333) |
Mar sin féin, i gcás inar ghá measúnú a dhéanamh ar bhuntáiste ‘ar leibhéal an chórais’ chun tairbhe Cineca, tá an Coimisiún den tuairim nach bhféadfaidh ‘buntáiste’ ar leibhéal an chórais den sórt sin a chruthú sa chás seo. Is amhlaidh atá ar na cúiseanna seo a leanas: Cé gur cosúil gur díoladh an luach margaidh i staidéar Corso le haghaidh chomhpháirt 1 agus chomhpháirt 3 den phacáiste (ar leibhéal an chórais) os cionn phraghsanna margaidh, ní áirítear leis na luachanna agus na leibhéil chúitimh ach comhpháirteanna 1 agus 3 agus ní áirítear leo comhpháirt na ‘seirbhísí óstála’ (féach na cairteacha in aithris (322) agus an míniú in aithris (323)). Dá bhrí sin, tá na figiúirí neamhiomlán. Ina theannta sin, mar a mhínítear in aithris (328), níl na líomhaintí ginearálta a bhaineann le buntáiste foriomlán dá thairbhíonn Cineca trí sheirbhísí bogearraí ollscoile a dhíol ina n-iomláine le cuid de chóras ollscoile na hIodáile inmharthana. |
|
(334) |
An tráth céanna, dá mba rud é gur léiriú inmharthana ar bhuntáiste é líomhain den chineál sin, measann an Coimisiún nach bhfuil cáineadh an ghearánaigh ar na staidéir éifeachtach. Is amhlaidh atá toisc nach suitear oiriúnacht na dtosca malartacha arna moladh ag an ngearánach in ionad na dtosca neamhfhoirfe. Mar shampla, maíonn an gearánach nach tagarmharc iomchuí iad praghsanna Assinter le haghaidh leibhéal praghsanna an tsaothair a úsáidtear i staidéar ‘Corso’ (féach aithris (86)). Mar sin féin, ní thugann an gearánach le fios cén leibhéal praghsanna a mheasfadh sé a bheith ar an leibhéal praghsanna margaidh. Ní thagraíonn an gearánach ach don easpa naisc leis an margadh, toisc gur soláthraithe seirbhíse TF ‘inmheánacha’ iad comhaltaí Assinter uile. Thairis sin, líomhnaíonn an gearánach go bhfuil a tháirgí ina rogha mhalartach (i.e. iomaíocht) inmharthana ar tháirgí/seirbhísí Cineca agus go soláthraíonn sé, le haghaidh seirbhísí ‘bainistíochta feidhmchlár’ ar a laghad (i gcomhthéacs seirbhísí óstála), luach réasúnta EUR 250 + CBL daonlá (féach aithris (86)). Mar sin féin, níl aon léiriú ann maidir leis an mbliain a ndéantar an tagairt di ná maidir leis an bpraghas margaidh iomchuí a bheadh ann. Ní shonraítear sa ghearán ach go dtiocfadh ‘comhairleoirí [Cineca] ar an gconclúid gur cinnte nach raibh na rátaí a ghearrann Cineca i gcomhréir le praghsanna margaidh’. |
|
(335) |
Measann an Coimisiún freisin go mbeadh an ceart ag iomaitheoir a phraghsanna a theorannú ionas nach n-áireofaí iontu ach bainistiú cothabhála ceartaithí agus éabhlóidí, agus nach n-áireofaí sa chothabháil sin an luach a bhaineann le táirgí agus seirbhísí TF malartacha agus coibhéiseacha a fhorbairt agus a sholáthar (féach aithris (86)). |
|
(336) |
Ar bhonn na mbreithnithe sin, is é cinneadh an Choimisiúin nach bhfuair Cineca buntáiste i bhfoirm praghsanna os cionn leibhéal an mhargaidh as na seirbhísí TF ollscoile a dhíol sé le hollscoileanna Stáit. |
4.1.1.4.
|
(337) |
Is é conclúid an Choimisiúin nach státchabhair í íocaíocht na n-ollscoileanna Stáit le Cineca as seirbhísí TF a sholáthar. Is amhlaidh atá toisc go bhfuil soláthar na seirbhísí sin nasctha go hintreach le cúram an Stáit agus, mar sin, nach gníomhaíochtaí eacnamaíocha iad. Dá bhrí sin, ní gnóthas é Cineca maidir leis na gníomhaíochtaí sin. Ar deireadh, níor cruthaíodh leis an imscrúdú go raibh na praghsanna a íocadh as na seirbhísí sin os cionn leibhéal an mhargaidh agus, mar sin, ní bhfuair Cineca buntáiste trí na híocaíochtaí sin. |
4.1.2. Maoiniú Cineca i dtaca le soláthar seirbhísí TF do MIUR
4.1.2.1.
|
(338) |
De réir Airteagal 107(1) den Chonradh, chun go mbeidh státchabhair ann, ní mór buntáiste eacnamaíoch a sholáthar do ‘ghnóthas’. De bhun an chásdlí ar a dtugtar tuairisc in aithris (230) et seq., níl feidhm ag Airteagal 107(1) den Chonradh i gcás ina ngníomhaíonn an Stát ‘trí chumhacht phoiblí a fheidhmiú’ nó i gcás ina bhfuil an ghníomhaíocht i gceist ina cuid d’fheidhmeanna fíor-riachtanacha an Stáit nó i gcás ina bhfuil baint aici leis na feidhmeanna sin ‘de réir a cineáil, a haidhme agus na rialacha a bhfuil sé faoina réir’ (191) (féach an míniú ar an gcásdlí is infheidhme in aithris (232) et seq.). |
|
(339) |
Ní bheadh soláthar seirbhísí TF Cineca do MIUR de chineál eacnamaíoch (192) dá bhfaighfí go raibh sé nasctha go hintreach le feidhm fhíor-riachtanach de chuid Stát na hIodáile i réimse an oideachais threasaigh phoiblí. Ba é Cinneadh HIS, a bhí bunaithe ar chásdlí na Cúirte Breithiúnais Eorpaí, an cinneadh is déanaí lenar cinneadh go raibh cineál áirithe seirbhísí TF nasctha go hintreach le feidhm fhíor-riachtanach de chuid an Stáit (féach aithrisí (232) go (240)). Tá achoimre fhóinteach ar thorthaí chás HIS (lena n-áirítear an cásdlí foluiteach) le fáil freisin in aithrisí 86 go 89 den chinneadh tosaigh. |
|
(340) |
Tagraíodh leis an gcinneadh tosaigh do chásdlí ar dá réir is seirbhísí eacnamaíocha iad seirbhísí a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail agus gan cuspóir brabúis agus in iomaíocht leo siúd a thairgeann oibreoirí a bhfuil cuspóir brabúis á shaothrú acu mura bhfuil siad mar chuid d’fheidhmiú cúraimí/cumhachtaí poiblí (féach aithris 88 den chinneadh tosaigh). Mar sin féin, thángthas ar an réamhchonclúid leis an gcinneadh tosaigh, bunaithe ar an bhfaisnéis a bhí faoi chaibidil tráth a glacadh an cinneadh, go mbeadh na seirbhísí TF a sholáthair Cineca do MIUR nasctha go hintreach freisin le dualgas fíor-riachtanach na hAireachta Oideachais i réimse an oideachais threasaigh (féach aithris 91 den chinneadh tosaigh). |
|
(341) |
Ar bhonn Chinneadh HIS (agus an chásdlí is bonn leis an gcinneadh sin), scrúdaigh an Coimisiún an bhfuil nasc intreach ag soláthar seirbhísí TF Cineca do MIUR le cúram an Stáit i réimse an oideachais threasaigh. Mar is amhlaidh i gcás nasc intreach i dtaca le seirbhísí TF ollscoile a sholáthar, díríodh leis an scrúdú ar na gnéithe d’oibleagáid dhlíthiúil is infheidhme maidir leis an Stát mar aon le faighteoir an mhaoinithe (i.e. Cineca), coitiantacht na gcuspóirí a shaothraítear (cuspóir coiteann) agus cineál fíor-riachtanach/doscartha na seirbhíse i gceist i leith chumas an Stáit an cúram a dhéanamh trí MIUR. |
|
(342) |
Ar dtús, déanann an Coimisiún scrúdú féachaint an bhfuil údar le scrúdú a dhéanamh ar an nasc intreach maidir leis na feidhmiúlachtaí (nó na modúil) uile a thairgtear sa tseirbhís (féach aithris (232)). Is é sin le rá, is í an cheist an féidir teacht ar an gconclúid go bhfuil na feidhmiúlachtaí nasctha le chéile agus gur gnéithe éagsúla den ghníomhaíocht chéanna iad, ar bhealach a fhágann nach mbeadh an córas, ina iomláine, oibríochtúil gan gach feidhmiúlacht aonair. Cinneann an Coimisiún, as na 15 fheidhmiúlacht a liostaítear i bhfonóta 105, go bhfuil nasc soiléir uathúil ag na naoi bhfeidhmiúlacht seo a leanas le hoideachas ollscoile agus le ról MIUR chun córas oideachais threasaigh an Stáit a bhainistiú agus chun tacú leis.
|
|
(343) |
Maidir leis na feidhmiúlachtaí
is cosúil go bhfuil siad níos ginearálta, cé go bhfuil gné shoiléir oideachais ag an gcuid is mó acu. |
|
(344) |
Cumhdaíonn an tacar feidhmiúlachtaí sin riachtanais seirbhíse TF uile MIUR san earnáil, agus tá gach ceann de na seirbhísí sin fite fuaite lena fheidhmiú. Dá ndéanfaí seirbhísí Cineca a laghdú faoi aon cheann de na gnéithe sin, d’fhágfaí an córas seirbhísí, ina iomláine, neamhfheidhmiúil de réir bhrí chásdlí TenderNed (féach aithris (232) den chinneadh seo). Ní fhéadfadh MIUR feidhmiú gan NSAS toisc nach bhféadfadh sé clárú mac léinn a shainaithint agus faireachán a dhéanamh air, measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht an oideachais, ná soghluaisteacht mac léinn a chur chun cinn. Gan an ‘Bunachar sonraí tairisceana oiliúna’ agus ‘Universitaly’, ní fhéadfadh sé cúrsaí a ghníomhachtú agus faisnéis a sholáthar faoi chúrsaí oiliúna agus cúnamh a thabhairt do dhaoine cinneadh a dhéanamh faoi cad ba cheart staidéar a dhéanamh air agus cá háit le staidéar a dhéanamh. Gan ‘AccessoProgrammato’, ní fhéadfadh sé tástálacha iontrála a eagrú. Gan ‘Proper’, ní fhéadfadh sé clársceidealú 3 bliana d’fhoireann ollscoile a sholáthar agus gan ‘banc sonraí le haghaidh alia’, ní fhéadfadh sé faisnéis ghairme agus tuarastail a bhailiú faoi fhoireann ollscoile. Gan ‘Tionscadail lena mbaineann leas mór’, ‘REPRISE’ agus an ‘Clár Náisiúnta Taighde’, ní fhéadfadh sé tionscadail taighde a thionscnamh, meastóireacht a dhéanamh ar fhoireann taighde, ná faisnéis a bhailiú faoi thaighde náisiúnta. Maidir leis na 5 fheidhmiúlacht eile de chuid ‘abilitazione’, Feidhmchlár le haghaidh ullmhú aonfhoirmeach cuntas, tairseach chun cuntas a choinneáil ar bhrabús agus ar chaillteanas, ‘AFAM’, an ‘Gnáthchiste maoiniúcháin’ agus ríomhchlárú 3 bliana (PRO 3), oibríonn siad i réimsí níos ginearálta, amhail acmhainní daonna agus cuntasaíocht, ach tá gnéithe sonracha ábhartha oideachais threasaigh iontu fós agus, dá bhrí sin, tá siad uile riachtanach le haghaidh fheidhmiú iomlán agus dleathach MIUR. Chuirfeadh deighilt aon cheann de na comhpháirteanna sin isteach ar fheidhmiú fheidhm bhainistíochta iomlán MIUR. Mar sin, tá na huirlisí/seirbhísí sin uile fíor-riachtanach d’fheidhmiú na n-ollscoileanna. |
|
(345) |
Dá bhrí sin, féadfaidh an Coimisiún dearbhú na hIodáile a dheimhniú gurb é príomhaidhm Cineca i gcónaí, mar uirlis don chóras ardoideachais, córais ríomhaireachta agus seirbhísí TF atá comhtháite agus éifeachtúil a sholáthar dá chomhaltaí, rud a chuireann ar a chumas don chóras ardoideachais a fheidhm phoiblí a chomhlíonadh (féach aithris (140)). |
|
(346) |
Ar an mbonn sin, cinneann an Coimisiún go bhfuil feidhmiúlachtaí éagsúla na seirbhíse nasctha le chéile agus gur gnéithe éagsúla den ghníomhaíocht chéanna iad, ar bhealach a fhágann nach mbeadh an córas, ina iomláine, oibríochtúil gan gach feidhmiúlacht aonair. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh nasc intreach a bheith ag feidhmiúlachtaí éagsúla uile na seirbhísí i gceist ina n-iomláine le cúram an Stáit (i.e. cúram MIUR) oideachas treasach a sholáthar trí ollscoileanna Stáit. Sna haithrisí seo a leanas, scrúdaíonn an Coimisiún an féidir an nasc intreach a shuí ar bhonn na dtosca ar a dtugtar tuairisc in aithris (232). |
4.1.2.1.1. Oibleagáid dhlíthiúil a bheith ann chun tacú le cúram poiblí a raibh feidhm aige maidir leis an Stát agus maidir le tairbhí na tacaíochta
|
(347) |
Mar a mhíníonn an Iodáil, sanntar an chumhacht Stáit i réimse an oideachais le hAirteagal 33 de Bhunreacht na hIodáile lena sonraítear ‘go ráthaíonn an Phoblacht saoirse na n-ealaíon agus na n-eolaíochtaí, a fhéadfar a mhúineadh gan bhac. Leagann an Phoblacht síos rialacha ginearálta maidir le hoideachas agus bunaíonn sí scoileanna stáit (…)’. Thar ceann na Poblachta, ráthóidh an Aireacht an ceart iarbhír chun staidéar a dhéanamh, agus ar an gcaoi sin cuirfidh an Aireacht forálacha Airteagal 34 de Bhunreacht na hIodáile (193) i bhfeidhm trí bhearta éagsúla. |
|
(348) |
Mar a mhínítear in aithrisí (148), (149) agus (160), sannadh raon leathan cúraimí don Aireacht i réimse an oideachais threasaigh le hAirteagal 51 ter d’Fhoraithne Uimh. 300/1999, le Dlí Uimh. 168/1989, agus, ó bhí 2010 ann, le Dlí Uimh. 240/2010. |
|
(349) |
Mar a mhínítear in aithris (134), tá an Aireacht freagrach as na cuspóirí agus na treoirlínte straitéiseacha a shainiú don chóras ollscoile (194) agus dá chomhaltaí. Tá sé freagrach as ollscoileanna a bhunú, as maoirseacht agus formheas a dhéanamh ar a n-airteagail chomhlachais agus a bpríomhrialacháin, as cúrsaí staidéir a údarú agus a ghníomhachtú, as torthaí ollscoileanna a fhíorú agus a mheasúnú i gcomhréir le critéir cháilíochta, trédhearcachta, agus chur chun cinn an fhiúntais, agus as dáileadh acmhainní poiblí a ráthú i gcomhréir leis na cuspóirí, na beartais agus na gníomhaíochtaí a dhéanann gach ollscoil. |
|
(350) |
Le hAirteagal 51 ter d’Fhoraithne Uimh. 300/1999, sannadh feidhmeanna do MIUR cheana féin sna mór-réimsí seo a leanas: treoraíocht, pleanáil agus comhordú a dhéanamh ar thaighde eolaíoch agus teicneolaíoch; caighdeánú ginearálta agus maoiniú ollscoileanna; fiúntas agus ceart chun staidéar a dhéanamh a chur chun cinn; creidiúnú na hoiliúna agus measúnú uirthi; caighdeáin an Aontais a bhaineann le hoideachas ollscoile a chur chun feidhme; comhchuibhiú agus comhtháthú Eorpach an chórais i gcomhaontuithe cultúrtha; coinníollacha rochtana ar ollscoileanna a chuíchóiriú; cláir oibríochtúla náisiúnta arna maoiniú ag an Aontas Eorpach a bhainistiú (féach aithris (148)). |
|
(351) |
Le hAirteagal 2 de Dhlí 168/1989 – ‘dlí na n-ollscoileanna’ (féach aithris (133)) – lenar bunaíodh an Aireacht, ceanglaíodh dualgais bhreise, go háirithe don aire. Áirítear leo sin plean forbartha ollscoile a fhoilsiú; treoirlínte taighde a mholadh agus a ghlacadh; leithdháiltí atá beartaithe d’ollscoileanna a dháileadh ar bhonn critéir oibiachtúla arb é is aidhm dóibh forbairt chothrom ollscoileanna a áirithiú; tuarascáil a chur faoi bhráid na Parlaiminte gach 3 bliana maidir le staid an taighde eolaíoch agus theicneolaíoch; gníomhaíochtaí a chomhordú a bhaineann le rannpháirtíocht na hIodáile san Aontas agus le hoideachas ollscoile náisiúnta agus le cláir eolaíochta agus taighde; oideachas ollscoile a chomhordú le leibhéil eile oideachais phoiblí (féach aithris (149)). |
|
(352) |
Mar a thugtar le fios i bhfonóta 105, sholáthair an Iodáil liosta freisin de na forálacha dlíthiúla atá mar bhunús leis na 15 fheidhm theicniúla nach mór do MIUR a chomhlíonadh, mar aon le mionsonraí na bhfeidhmeanna teicniúla a dtacaíonn na bunúis dlí leo. D’fhíoraigh an Coimisiún gur bonn dlí na bhfeidhmeanna teicniúla i gceist iad na bunúis dlí a tugadh le fios go deimhin. |
|
(353) |
Ar an mbonn sin, tá an Coimisiún den tuairim go bhfuil, i reachtaíocht na hIodáile lena sainítear cúraimí MIUR, teanga lena dtugtar le fios go soiléir go bhfuil oibleagáid dhlíthiúil córas faisnéise a bhunú agus a bhainistiú don ardoideachas san Iodáil. |
|
(354) |
Rinne an Coimisiún scrúdú ansin ar oibleagáid dhlíthiúil chomhfhreagrach a bheith in Airteagail Chomhlachais Cineca dar tús 2004. In Airteagal 3 d’Airteagail Chomhlachais 2004, cuimsítear an tagairt do chórais teicneolaíochta faisnéise san abairt: ‘aistriú teicneolaíochta a chothú i réimse na teicneolaíochta faisnéise le haghaidh taighde eolaíoch (…) earnála poiblí’ agus ‘lárionad a bhainistiú (…) a sholáthraíonn seirbhís próiseála faisnéise’ agus ‘líonra nasctha a bhunú chun úsáid acmhainní an Lárionaid ag comhaltaí an Chuibhreannais agus ag na haireachtaí lena mbaineann a éascú’. Ní mór a choimeád i gcuimhne, le Cinneadh HIS, go raibh an oibleagáid chomhfhreagrach in Airteagail Chomhlachais HIS i bhfad níos ginearálta toisc go ndúirt siad an méid seo a leanas: ‘is é cuspóir na cuideachta tacú le hinstitiúidí ardoideachais agus le comhlachtaí riaracháin inniúla ina n-iarrachtaí cúraimí ardoideachais a dhéanamh ar bhealach réasúnach agus costéifeachtach’. (Airteagal 2 d’Airteagail Chomhlachais HIS GmbH ar a dtugtar tuairisc in aithris 122 de Chinneadh HIS.) |
|
(355) |
Ó 2006 ar aghaidh, tá an tagairt in Airteagail Chomhlachais Cineca do sheirbhísí TF níos soiléire fós: De bhun Airteagal 3(f) de na hAirteagail, bainistíonn an Cuibhreannas ‘lárionad a (…) sholáthraíonn seirbhísí bainistithe agus próiseála TF do chomhaltaí uile an Chuibhreannais agus tosaíocht á tabhairt don Aireacht Oideachais, Ollscoile agus Taighde’. Choinnigh Airteagail Chomhlachais 2010 agus 2012 an teanga sin ar bun, cé go bhfilleann an teanga ábhartha in Airteagail 2017 (Airteagal 3(a)) ar theanga na ‘teicneolaíochta faisnéise’ toisc go sainordaíonn sí soláthar na ‘seirbhísí teicneolaíochta faisnéise, agus eagrú na nósanna imeachta a bhaineann lena dtáirgeadh do MIUR agus d’ollscoileanna (…)’. |
|
(356) |
I bhfianaise an mhéid thuas, is é conclúid an Choimisiúin go bhfuil foráil dlí in Airteagail Chomhlachais Cineca atá ceangailteach ar Cineca seirbhísí TF a sholáthar do MIUR. Dá bhrí sin, tá oibleagáid dhlíthiúil ann is infheidhme maidir leis an Stát (agus le MIUR) mar aon le faighteoir na tacaíochta, Cineca, sa chiall a mhínítear i gCinneadh HIS (féach aithris (238) den chinneadh seo agus aithris 122 de Chinneadh HIS). |
4.1.2.1.2. Coitiantacht na gcuspóirí (cuspóir coiteann) atá á saothrú,
|
(357) |
Leis na bunúis dlí a bhaineann le hoideachas treasach a sholáthar agus le hoibleagáid dhlíthiúil ghaolmhar MIUR (aithrisí (148) go (149) agus (160) agus fonóta 105), le bunús oibleagáidí dlíthiúla MIUR, in éineacht le hoibleagáid dhlíthiúil Cineca tacú le MIUR (féach aithrisí (140) agus (219)), sainítear an cuspóir coiteann, nó ‘cóineasaithe’ i bhfocail eile, atá ag MIUR agus Cineca freisin. |
|
(358) |
Mar a mhínigh an Iodáil é (féach aithris (140)), ba é príomhaidhm Cineca feidhmiú mar uirlis don chóras ardoideachais trí chórais ríomhaireachta agus seirbhísí TF atá comhtháite agus éifeachtúil a sholáthar, rud a chuireann ar a chumas don chóras a fheidhmeanna poiblí a chomhlíonadh. Go sonrach, cuireadh de chúram ar Cineca na seirbhísí TF nuálacha ardcháilíochta is gá a chruthú chun feidhm phoiblí a chomhaltaí a chomhlíonadh. Rinneadh na seirbhísí sin a phleanáil agus a tháirgeadh chun críche na feidhme poiblí trí theicneolaíochtaí saincheaptha a fhorbairt a comhtháthaíodh le himeacht ama de réir riachtanais shonracha institiúidí an chórais ardoideachais. Ní féidir na seirbhísí sin a bhfuil na dálaí oibríochta céanna acu a fháil ar an margadh. |
4.1.2.1.3 Cineál fíor-riachtanach/doscartha na seirbhíse i gceist maidir le cumas an Stáit an cúram Stáit a dhéanamh i réimse an oideachais threasaigh
|
(359) |
Mar a mhínigh an Iodáil, tá MIUR freagrach as cur chun feidhme iarbhír an chirt chun staidéar a dhéanamh a ráthú trí bhearta chun tacú leis an gceart sin. Tá sé freagrach as ollscoileanna a bhunú, as maoirseacht a dhéanamh orthu agus as a n-airteagail chomhlachais agus a bpríomhrialacháin a fhormheas. Sainmhíníonn sé a gcuspóirí agus a dtreoirlínte straitéiseacha. Ina theannta sin, tá sé i gceannas ar chúrsaí staidéir a údarú agus a ghníomhachtú, torthaí ollscoileanna a fhíorú agus a mheasúnú i gcomhréir le critéir cháilíochta, trédhearcachta, agus chur chun cinn an fhiúntais, agus dáileadh acmhainní poiblí a ráthú i gcomhréir leis na cuspóirí, na beartais agus na gníomhaíochtaí a dhéanann gach ollscoil. |
|
(360) |
Mar a shonraítear in aithris (137), roinntear na hinniúlachtaí idir MIUR agus na hollscoileanna, agus sainítear feidhmeanna macrachatagóire ar leibhéal na hAireachta agus sainítear na cúraimí comhfhreagracha ar leibhéal na n-ollscoileanna. Baineann na macrachatagóirí is tábhachtaí le hocht réimse ar a laghad ina soláthraíonn MIUR cistiú, treoraíocht, maoirseacht nó measúnú (195) agus ina ndéanann na hollscoileanna na cúraimí éagsúla sa chleachtas. Is é cuspóir an chórais sin a chur ar a gcumas do na hollscoileanna oideachas aontaithe ilghnéitheach a sholáthar ar fud na hIodáile. |
|
(361) |
Míníonn an Iodáil go bhfuil na gníomhaíochtaí sin, cé go bhfuil siad leithleach, nasctha go dlúth le chéile agus gurb é is aidhm dóibh feidhm fhíor-riachtanach de chuid an Stáit a fheidhmiú (féach aithris (138)). Cuireann údaráis na hIodáile in iúl nach gníomhaíochtaí de chineál riaracháin amháin iad na feidhmeanna sin, mar a áitíonn an gearánach, ach go sainíonn siad agus go n-áirithíonn siad éifeachtúlacht an chórais ardoideachais. |
|
(362) |
Chun na feidhmeanna sin a chur chun cinn, chruthaigh agus bhainistigh Cineca iliomad bunachair shonraí don Aireacht, ar bunachair iad atá idir-inoibritheach le chéile freisin, agus a úsáideann an Aireacht chun na feidhmeanna teicniúla sin agus, dá bhrí sin, a feidhm phoiblí ghinearálta, a chomhlíonadh. (Chun cuntas a fháil ar an gcúnamh a sholáthair Cineca agus ar cuireadh tús leis sna 1980í, féach fonóta 96). In éagmais struchtúr tacaíochta TF inmheánach, san Aireacht féin, is é Cineca an comhlacht tagartha i gcónaí don Aireacht lenar dearadh seirbhísí TF agus lenar cuireadh in oiriúint iad d’fheidhmeanna sonracha na hAireachta. Ina theannta sin, rinneadh tuilleadh forbartha ar na seirbhísí le himeacht ama, agus soláthraíodh iad tríd an struchtúr tiomnaithe laistigh de Cineca, a léiríonn struchtúr inmheánach na hAireachta (196). |
|
(363) |
Ar an mbealach sin, sholáthair Cineca solúbthacht oibríochtúil don Aireacht, agus chuir sé ar a cumas di freagairt do cheanglais rialála a athraíonn go minic ar bhealach tráthúil. Chuir eolas Cineca ar an gcúlra dlíthiúil, ar riachtanais na bpáirtithe leasmhara uile agus ar na nósanna imeachta oibríochta ábhartha ar a cumas don Aireacht diancheanglais leanúnachais gnó a chomhlíonadh, rud a d’íoslaghdaigh suaitheadh céimnithe isteach/céimnithe amach. |
|
(364) |
Níl aon pháirtí eile ann atá in ann na seirbhísí tacaíochta uile a theastaíonn ón Aireacht a sholáthar (197), i.e. níl aon mhargadh ann do na seirbhísí. Dá dtógfadh soláthraí seachas Cineca na seirbhísí TF arís ó bhonn, chuirfí na feidhmeanna poiblí a shanntar don Aireacht ar fionraí. Ós rud é nach bhfuil riachtanais na hAireachta caighdeánaithe maidir le seirbhísí TFC, níl aon oibreoir ar an margadh a bhí in ann ná toilteanach a gcuid seirbhísí a struchtúrú ar an réimse sonrach casta sin. Bhí an staid chéanna i gcás HIS sách cosúil leis sin agus ba thoisc thábhachtach í chun toradh a fháil go raibh nasc intreach ag na seirbhísí sa chás sin le cúram Stáit (féach aithrisí 126 agus 127 de Chinneadh HIS agus míreanna 84 agus 90 de bhreithiúnas ón gCúirt Ghinearálta i gcás TenderNed gur féidir an cúram a bhainistiú ar an mbealach is fearr le seirbhís TenderNed). Cinneann an Coimisiún freisin gur argóint áititheach í an argóint, chun athrú a dhéanamh go soláthraí malartach, go mbeadh gá le hinfheistíocht urghnách ón soláthraí sin agus go mbeadh costais dhoríofa ar an Aireacht mar thoradh air sin. |
|
(365) |
Dá bhrí sin, tá seirbhísí Cineca tagtha chun bheith ina modh trína gcomhlíonann an Aireacht a sainordú poiblí. Tá baint fheidhmiúil ag a chuspóir le dualgas an Stáit ardoideachas a ráthú. |
|
(366) |
Mar a mhínítear in aithris (344), cumhdaítear le tacar feidhmiúlachtaí sheirbhísí TF MIUR riachtanais seirbhíse TF uile MIUR san earnáil, agus tá gach ceann de na seirbhísí sin fite fuaite lena fheidhmiú. Soláthraíonn siad tacaíocht do MIUR maidir lena ról sa chóras oideachais threasaigh ar bhealach a fhágann nach bhféadfadh sé feidhmiú, gan iad, mar a cheanglaítear leis na bunúis dlí dá dtagraítear in aithrisí (347) go (353). Dá ndéanfaí na seirbhísí ina n-iomláine a laghdú faoi aon cheann de na feidhmiúlachtaí, d’fhágfaí an córas seirbhísí, ina iomláine, neamhfheidhmiúil de réir bhrí chásdlí TenderNed (féach aithris (232) den chinneadh seo). Ní fhéadfadh MIUR feidhmiú gan NSAS toisc nach bhféadfadh sé clárú mac léinn a shainaithint agus faireachán a dhéanamh air, measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht an oideachais, ná soghluaisteacht mac léinn a chur chun cinn. Gan an ‘Bunachar sonraí tairisceana oiliúna’ agus ‘Universitaly’, ní fhéadfadh sé cúrsaí a ghníomhachtú agus faisnéis a sholáthar faoi chúrsaí oiliúna agus cúnamh a thabhairt do dhaoine cinneadh a dhéanamh faoi cad ba cheart staidéar a dhéanamh air agus cá háit le staidéar a dhéanamh. Gan ‘AccessoProgrammato’, ní fhéadfadh sé tástálacha iontrála a eagrú. Gan ‘Proper’, ní fhéadfadh sé clársceidealú 3 bliana d’fhoireann ollscoile a sholáthar agus gan ‘banc sonraí le haghaidh alia’, ní fhéadfadh sé faisnéis ghairme agus tuarastail a bhailiú faoi fhoireann ollscoile. Gan ‘Tionscadail lena mbaineann leas mór’, ‘REPRISE’ agus an ‘Clár Náisiúnta Taighde’, ní fhéadfadh sé tionscadail taighde a thionscnamh, meastóireacht a dhéanamh ar fhoireann taighde, ná faisnéis a bhailiú faoi thaighde náisiúnta. Maidir leis na 5 fheidhmiúlacht eile de chuid ‘abilitazione’, Feidhmchlár le haghaidh ullmhú aonfhoirmeach cuntas, tairseach chun cuntas a choinneáil ar bhrabús agus ar chaillteanas, ‘AFAM’, an ‘Gnáthchiste maoiniúcháin’ agus ríomhchlárú 3 bliana (PRO 3), oibríonn siad i réimsí níos ginearálta, amhail acmhainní daonna agus cuntasaíocht, ach tá gnéithe sonracha ábhartha oideachais threasaigh iontu fós agus tá siad uile riachtanach le haghaidh fheidhmiú iomlán agus dleathach MIUR. Chuirfeadh deighilt aon cheann de na comhpháirteanna sin isteach ar fheidhmiú fheidhm bhainistíochta iomlán MIUR. Mar sin, tá na huirlisí/seirbhísí sin uile fíor-riachtanach d’fheidhmiú na n-ollscoileanna. Mar achoimre, tá an Coimisiún suite de go bhfuil seirbhísí Cineca nasctha go doscartha le cúram MIUR i réimsí an oideachais threasaigh agus an taighde agus nach dtagann siad faoi réim ghnáthchatagóir an tsoláthair seirbhísí TF. |
|
(367) |
I bhfianaise na dtorthaí a cuireadh in iúl in aithris (356) a bhaineann le hoibleagáid dhlíthiúil, aithrisí (357) agus (358) a bhaineann le coitiantacht cuspóra, agus aithris (359) et seq. a bhaineann le cineál doscartha na seirbhísí, measann an Coimisiún gur léirigh an Iodáil go rathúil go bhfuil nasc intreach ann idir na seirbhísí TF a sholáthraítear do MIUR agus cúram an Stáit maidir le hoideachas treasach a áirithiú. |
4.1.2.1.4. Líomhaintí eile maidir le cineál intreach na seirbhísí
|
(368) |
Measann an Coimisiún freisin nach n-athraíonn líomhaintí iomadúla eile an ghearánaigh (a chuirtear i láthair agus a dtugtar aghaidh orthu thíos) an chonclúid sin. |
1) Féadtar teacht ar sheirbhísí ar an margadh – breithiúnais ó chúirt náisiúnta na hIodáile
|
(369) |
Áitíonn an gearánach freisin gur suíodh le breithiúnas Uimh. 6009/2018 gur ‘féidir teacht ar na seirbhísí tacaíochta TF do MIUR ar an margadh do sheirbhísí agus táirgí TFC trí na nósanna imeachta coiteanna tairisceana poiblí agus nach dtagann siad faoi shainphribhléidí na n-údarás poiblí’ (féach aithris (45)). Thairis sin, chinn Údarás Iomaíochta na hIodáile in dhá nós imeachta go bhfuil gníomhaíochtaí den sórt sin leithleach agus ar leithligh ó fheidhmiú chumhacht an Stáit (198) (féach aithris (46)). |
|
(370) |
Is é seasamh na hIodáile gur cinneadh le breithiúnas Uimh. 6009/2018 gur cheart fógra a thabhairt faoi íocaíocht MIUR as seirbhísí ó Cineca, ach gur cinneadh ábhar Uimh. 10528/2019 ó Chúirt Réigiúnach Riaracháin Lazio i bhfabhar MIUR (199) (féach aithris (164)). Tá cásanna Údarás Iomaíochta na hIodáile neamhábhartha toisc go ndíríonn siad ar iompar frithiomaíoch ag eintitis chonarthacha arb é is aidhm dóibh tionchar a imirt ar rogha an chustaiméara go hiartheachtach ó mhargadh na n-eintiteas conarthach (féach aithris (165)). |
|
(371) |
Tá an Coimisiún den tuairim nach dtacaíonn breithiúnais chúirt náisiúnta na hIodáile a luaigh an gearánach ar deireadh le seasamh an ghearánaigh. Cinneadh le breithiúnas Uimh. 6009/2018 gur féidir teacht ar sheirbhísí tacaíochta TF do MIUR ar an margadh agus, dá bhrí sin, gur gníomhaíocht eacnamaíoch iad. Is achomharc é an breithiúnas sin, áfach, ar bhreithiúnas Uimh. 2922/2017 ó Chúirt Réigiúnach Riaracháin Lazio, lenar measadh go raibh na seirbhísí do MIUR de chineál eacnamaíoch bunaithe den chuid is mó ar chinneadh an Choimisiúin an nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil a oscailt i gcás HIS (féach aithris (273)). Mar a míníodh in aithris (273), fuarthas le cinneadh críochnaitheach an Choimisiúin idir an dá linn (i mí Mheán Fómhair 2019), nach gníomhaíocht eacnamaíoch é soláthar seirbhísí TF d’ollscoileanna stáit. Fágann sé sin nach bhfuil torthaí bhreithiúnas Uimh. 6009/2018 ceangailteach. Go deimhin, treisítear an seasamh sin le breithiúnas Uimh. 10528/2019 ó Chúirt Réigiúnach Riaracháin Lazio, breithiúnas nár thángthas ar an gconclúid ann, murab ionann agus breithiúnas Uimh. 6009/2018, gur státchabhair go huathoibríoch í an íocaíocht as seirbhísí TF MIUR (féach roinn 8.2. (d) den bhreithiúnas sin) ach amháin i gcás ina bhfaighfí toradh gurbh ann do bhuntáiste i dtaca leis an íocaíocht (féach roinn 3.3.2 den bhreithiúnas). (féach aithris (164) agus fonóta 107). A mhéid a bhaineann le cásanna Údarás Iomaíochta na hIodáile, aontaíonn an Coimisiún le húdaráis na hIodáile go bhfuil patrún fíoras na gcásanna sin ró-éagsúil leis an gceann atá faoi chaibidil chun bheith ina fhasach cuí. |
2) Ceanglais bhreise fhéideartha an chásdlí
|
(372) |
Áitíonn an gearánach freisin go gceanglaítear le cásanna TenderNed agus ZVG Portal go ndéanfaidh údaráis na mBallstát an tseirbhís a inmheánú, i.e. gur leo an t-eintiteas a dhéanann í. Thairis sin, sonraíonn an gearánach, de réir chás ZVG Portal agus Theachtaireacht SLEG, go bhfuil gníomhaíocht neamheacnamaíoch mura bhfuil cinneadh déanta ag an mBallstát sásraí margaidh a thabhairt isteach, ach gur chinn an Iodáil an ghníomhaíocht a sheachfhoinsiú. |
|
(373) |
Tá údaráis na hIodáile den tuairim gur soiléiríodh leis an mbreithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais Eorpach in an Coimisiún v an Iodáil (C-118/85) ‘nach bhfuil sé tábhachtach go ndéanfadh an Stát na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sin trí chomhlacht leithleach ar féidir leis tionchar ceannasach a fheidhmiú air, go díreach nó go hindíreach (…) nó go ndéanann sé na gníomhaíochtaí go díreach trí chomhlacht ar cuid de riarachán an Stáit é’ (féach aithris (152) ina luaitear mír 8 den bhreithiúnas). Fágann sé sin go bhféadfaidh an Stát gníomhaíocht neamheacnamaíoch nó feidhm phoiblí a dhéanamh freisin trí eintiteas leithleach. Má tá an nasc intreach ann, is cuma an eintiteas inmheánach de chuid na hAireachta é Cineca. Thairis sin, áitíonn an Iodáil nár thug sí isteach sásraí margaidh le haghaidh na seirbhísí TF do MIUR (ná do na hollscoileanna). Léirigh an Iodáil ar aon nós, leanann na húdaráis ar aghaidh, gur féidir Cineca, ar bhonn a struchtúir, a chuspóra agus an rialaithe a fheidhmíonn a chomhaltaí, a mheas mar roinn inmheánach laistigh de riarachán an Stáit (aithris (152)). |
|
(374) |
Maíonn an gearánach freisin 1) nach mór don nasc idir an ghníomhaíocht neamheacnamaíoch agus an fheidhm phoiblí a bheith an-fhorleatach (bunaithe ar bhreithiúnas EasyPay) sa chiall gurb é an modh an t-aon bhealach chun an tseirbhís a sholáthar, agus 2) nach mór an tseirbhís a sholáthar saor in aisce nó ar tháille shiombalach (féach aithris (48)). |
|
(375) |
De réir na hAireachta, áfach, is leordhóthanach gurbh iad seirbhísí Cineca an modh a chuir ar a gcumas d’údaráis na hIodáile a n-oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh maidir le feidhmiú treoraíochta, maoirseachta agus cur chun feidhme beartas, rud a d’fhág go raibh an córas ardoideachais in ann feidhmiú (don Aireacht) (féach aithrisí (140) go (143)). |
|
(376) |
I dtaca leis na hargóintí sin, ba mhaith leis an gCoimisiún tagairt a dhéanamh d’aithrisí (271) go (275) agus (283) go (290) den chinneadh seo, lena mínítear ábharthacht nó láithreacht na ngnéithe sin sna cásanna nó sna breithiúnais a luadh. Cinneann an Coimisiún, ar bhonn na dtorthaí sna haithrisí sin, nach n-athraíonn argóintí an ghearánaigh a bhaineann leis na gnéithe sin tuairim an Choimisiúin maidir le cineál eacnamaíoch na ngníomhaíochtaí i gceist. |
3) Cineál na seirbhíse
|
(377) |
Áitíonn an gearánach (féach aithris (49)) nach bhfuil na seirbhísí a sholáthraítear do MIUR casta go teicniúil, agus gur seirbhísí clasaiceacha de chórais oibriúcháin iad, amhail tairseacha gréasáin a nuashonrú agus a athdhearadh, comhairleacht agus anailís rialála a sholáthar, freastalaithe a chothabháil, línte ISDN, stáisiúin oibre, cártaí cliste. Is féidir iad sin a fháil go héasca ar an margadh. Ní gá pearsantú a dhéanamh ar na seirbhísí sin agus ní féidir a mheas go bhfuil siad fíor-riachtanach ná ríthábhachtach. Níl iontu ach soláthar acmhainní daonna cáilithe amhail ceannairí tionscadail, anailísithe feidhmiúla, ailtirí córais, innealtóirí córais, ríomhchláraitheoirí, comhairleoirí agus sainchomhairleoirí. |
|
(378) |
Easaontaíonn an Iodáil leis an saintréithriú sin. Mar a mhínítear in aithris (139) et seq., bhí Cineca le feidhmiú mar uirlis don chóras ardoideachais trí chórais ríomhaireachta agus seirbhísí TF atá comhtháite agus éifeachtúil a sholáthar, rud a chuireann ar a chumas don chóras a fheidhmeanna poiblí a chomhlíonadh. Rinneadh na seirbhísí sin a phleanáil agus a tháirgeadh chun críche na feidhme poiblí trí theicneolaíochtaí saincheaptha a fhorbairt a comhtháthaíodh le himeacht ama de réir riachtanais shonracha institiúidí an chórais ardoideachais, agus nach féidir a fháil ar an margadh a bhfuil na dálaí oibríochta céanna acu. Ina theannta sin, tá na riachtanais sin de shíor ag athrú mar gheall ar athruithe rialála agus mar gheall ar an méadú atá ag teacht i gcónaí ar an líon dualgas a shanntar do MIUR. |
|
(379) |
Bheadh sé dodhéanta, áitíonn an Iodáil freisin, bainistiú na seirbhísí TF don Aireacht a shamhlú trí pháirtithe seachtracha nach bhfuil na rialacha agus na nósanna imeachta ar eolas acu a bhfuil an Aireacht faoina réir agus an cuspóir a bhfuil gá leis an gcóras ina leith. Bheadh ar pháirtí seachtrach go leor ama a chaitheamh chun staidéar a dhéanamh ar rialacha na nósanna imeachta agus na bpróiseas oibríochtúil foluiteach, rud a chruthódh moill dhothuartha. Níl aon rud i gcoiteann ag bogearraí Cineca le feidhmchláir chineálacha atá ar fáil ar an margadh (féach aithris (155)). Go deimhin, ní bheadh sé indéanta ardán a bhunú chun gach seirbhís an-speisialaithe a bhainistiú. Is sa chiall sin nach féidir an córas i gceist a chur i gcomparáid le soláthar rudaí simplí a úsáidtear in oideachas ollscoile, amhail cathaoireacha, agus deasca. Sa chiall sin, ní ionchur sa chóras oideachais é soláthar na mbogearraí, ach coinníoll dá n-oibriú (féach aithris (155)). |
|
(380) |
Athdhearbhaíonn an Iodáil gur soiléiríodh leis an gcásdlí is infheidhme (ZVG Portal, TenderNed, HIS) nach ndéanann iomaitheoirí a bheith ann – fiú dá mbeadh ceann ann do na seirbhísí i gceist, rud a shéanann an Iodáil – nasc intreach a neamhniú idir seirbhís ar leith agus feidhm Stáit (féach réasúnaíocht an Choimisiúin in aithris (288)). |
|
(381) |
Thairis sin, áitíonn an Iodáil nach gciallaíonn breithiúnas ón gComhairle Stáit lena ndearbhaítear cód foinse bhogearraí Cineca a bheith ar mhaoin Cineca (féach aithris (158)) lena sanntar luach eacnamaíoch do tháirge Cineca go bhfuil an ghníomhaíocht ghaolmhar indeighilte ó ghníomhaíocht ‘institiúideach’ Cineca. |
|
(382) |
Cinneann an Coimisiún gur argóint áititheach í argóint údaráis na hIodáile maidir le cineál ríthábhachtach phacáiste seirbhísí TF Cineca atá riachtanach d’fheidhmiú cuí MIUR mar aon le córas ollscoile an Stáit (féach tuilleadh mionsonraí a bhaineann le réasúnaíocht an Choimisiúin in aithris (359) et seq.). Tá an Coimisiún suite de freisin gur cuireadh gnéithe éagsúla na seirbhíse in oiriúint le chéile, gur forbraíodh iad le himeacht ama i siombóis idir MIUR agus Cineca agus go bhfuil gá le heolas mionsonraithe ar na ceanglais rialála agus ar an athrú leanúnach ar an timpeallacht rialála sin chun an córas a fhorbairt agus a oibriú go leanúnach. Tá sé inchreidte nach féidir cúraimí idirghaolmhara MIUR agus na n-ollscoileanna Stáit a bhainistiú gan pacáiste seirbhísí TF Cineca agus gur ar éigean a d’fhéadfadh soláthraithe sa mhargadh oscailte an tacar seirbhísí sin a chómhalartú. Léirítear an caidreamh siombóiseach atá mar bhunús le feidhmiú cuí an chórais sin freisin leis an bhfíoras go bhfuil Cineca struchtúrtha ar bhealach chun struchtúr MIUR a léiriú chun an comhar a dhéanamh chomh réidh agus is féidir. |
|
(383) |
Tugann an Coimisiún dá aire go n-admhaíonn an gearánach fiú nach bhféadfaí athrú chuig soláthraí eile seirbhísí TF ach amháin tar éis idirthréimhse idir trí mhí agus ceithre mhí (féach aithris (49)). Níl sé míréasúnta smaoineamh nach bhfuil idirthréimhse idir trí mhí agus ceithre mhí inghlactha do chóras a chaithfidh oibriú ó cheann ceann na bliana, fiú má tá raon feidhme laghdaithe aige i rith thréimhse saoire an tsamhraidh. |
|
(384) |
Ina theannta sin, níl aon chúis ann go mbeadh amhras ar an gCoimisiún go bhfágann cineál idirghaolmhar thairiscint seirbhísí TF Cineca do MIUR go bhfuil sé níos éifeachtúla ná an méid a d’fhéadfadh soláthraithe eile a thairiscint (go teoiriciúil). Mínítear ábharthacht na saincheiste sin in aithris 126 de Chinneadh HIS: ‘Shuigh breithiúnas TenderNed dodheighilteacht idir an tseirbhís a sholáthair TenderNed agus an cúram poiblí atá i gceist sa chás sin cé go raibh tásca ann nach raibh sa ríomhsholáthar i gceist ach rannchuidiú le hoibriú éifeachtach [na seirbhíse] a raibh baint aici le feidhmiú na cumhachta poiblí’ (féach aithris 90 den bhreithiúnas). Ar an gcaoi chéanna le breithiúnas TenderNed, sa chás seo bhí oibreoirí margaidh ann freisin a thairg codanna den tseirbhís a thairg HIS. Mar sin féin, mar a mhínigh an Chúirt Ghinearálta i mbreithiúnas TenderNed, d’fhéadfadh na húdaráis ‘an próiseas iomlán soláthair phoiblí a bhainistiú ar an mbealach is fearr’ le seirbhísí TenderNed (aithris 90 den bhreithiúnas) agus ‘nár thairg ardáin tráchtála atá ann cheana na coinníollacha a bhaineann le praghas, saintréithe cáilíochta oibiachtúla, leanúnachas agus rochtain ar na seirbhísí a sholáthraítear ba ghá’ chun cuspóirí na n-údarás a chomhlíonadh (aithris 107 de bhreithiúnas TenderNed).’ Tá an staid fhíorasach maidir leis na seirbhísí TF do MIUR díreach mar an gcéanna leis an staid i gcás HIS agus i gcás TenderNed: ní thairgeann soláthraithe seirbhíse TF eile atá ann cheana na coinníollacha céanna a bhaineann le praghas (féach aithris (163)), cáilíocht oibiachtúil, leanúnachas, agus rochtain ar an tseirbhís a bheadh riachtanach chun go gcomhlíonfadh MIUR an cúram poiblí a shanntar dó. |
|
(385) |
Bunaithe ar na breithnithe sin, cinneann an Coimisiún go bhfuil na seirbhísí TF a sholáthraítear do MIUR ríthábhachtach chun cúram MIUR (i.e. an Stát) a dhéanamh maidir leis an gcóras oideachais threasaigh a bhainistiú. |
|
(386) |
A mhéid a bhaineann le conclúid an Choimisiúin a bhaineann le cineál intreach an naisc idir soláthar seirbhísí TF Cineca do MIUR agus dualgas MIUR oideachas treasach a sholáthar i gcur chun feidhme chúram an Stáit sa réimse sin, measann an Coimisiún gur léirigh údaráis na hIodáile go rathúil gurb ann don nasc sin (féach aithris (346)): 1) tá oibleagáid dhlíthiúil ann a thacaíonn leis an gcúram poiblí a bhfuil feidhm aige maidir le MIUR agus Cineca araon (féach aithris (356) et seq.); 2) tá coitiantacht cuspóra ann (féach aithrisí (357) agus (358)), agus 3) tá na seirbhísí i gceist fíor-riachtanach do chumas an Stáit a chúram maidir le hoideachas treasach a sholáthar a dhéanamh agus tá siad doscartha uaidh sin (féach aithris (359) et seq.). |
|
(387) |
Tá an Coimisiún den tuairim go bhfuil na seirbhísí TF do MIUR inchomparáide le saintréithe na seirbhísí TF do na hollscoileanna, agus gur fasach iomchuí é Cinneadh HIS chun toradh de nasc intreach a fháil idir an cineál sin seirbhísí TF agus feidhm an Stáit a fheidhmítear trí MIUR. Is amhlaidh atá toisc nach gá Cinneadh HIS a chúngú go dtí seirbhísí TF ollscoile per se. Is féidir Cinneadh HIS a léirmhíniú go maith mar rud a thugann le tuiscint go bhfuil nasc intreach idir seirbhísí saincheaptha TF a bhaineann le soláthar ardoideachais agus cúram an Stáit oideachas treasach a sholáthar. |
|
(388) |
Maidir leis na breithiúnais chúirte dá dtagraíonn an gearánach mar thaca lena argóint gur gníomhaíocht eacnamaíoch iad na seirbhísí TF ollscoile (féach aithris (45)), ní thiocfadh conclúid astu maidir le seirbhísí MIUR nárbh ionann í agus an chonclúid ar tháinig an Coimisiún air maidir leis na seirbhísí do na hollscoileanna (féach aithris (275)). Mhínigh an Coimisiún cheana féin in aithris (272) a chur chuige maidir leis an gcás seo. Leis an mbreithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais Eorpach i gcás C-3/88, an Coimisiún v an Iodáil, a dheimhnigh, de réir an ghearánaigh, gur gníomhaíocht eacnamaíoch é córais próiseála sonraí a oibriú, níor suíodh go bhfuil bogearraí agus seirbhísí TF indeighilte per se ó chumhachtaí poiblí a fheidhmiú ná ó chúraimí poiblí a dhéanamh. Ina theannta sin, bhain an cás le rialacha maidir le saoirse bunaíochta agus saoirse chun seirbhísí a sholáthar. Ar deireadh, ba é láimhseáil sonraí rúnda an t-údar a bhí le seasamh na hIodáile sa bhreithiúnas sin. Tá an difríocht idir na fíorais is bonn leis an mbreithiúnas sin agus an patrún fíorais sa chás seo suntasach agus níl toradh an Choimisiúin sa chás seo ar neamhréir le breithiúnas C-3/88 ón gCúirt Bhreithiúnais Eorpach. Ba í an cheist i mbreithiúnas C-3/88 ón gCúirt Bhreithiúnais Eorpach an raibh cleachtas na hIodáile gan seirbhísí TF a chonrú ó ghnóthais i raon earnálacha eacnamaíocha ach amháin le heintitis faoi úinéireacht phoiblí i gcomhréir le forálacha saoirse bunaíochta Chonradh CEE. Sonraíodh leis an mbreithiúnas ar bhealach ginearálta, in aithris 13, gur ‘de chineál teicniúil iad dearadh, ríomhchlárú agus oibriú na gcóras próiseála sonraí agus, dá bhrí sin, nach mbaineann siad le feidhmiú údaráis oifigiúil’. Is conclúid é an toradh sin a chuirtear i bhfeidhm ar bhealach ginearálta maidir le seirbhísí TF i gcoitinne, rud atá i bhfad níos leithne ná toradh an Choimisiúin sa chás seo. Ní seirbhísí ginearálta TF iad na seirbhísí i gceist sa chás seo, ach seirbhísí nach mór a chur in oiriúint do riachtanais an-sonrach MIUR a dhéanann cúram poiblí. Níl aon rud i réasúnaíocht na hIodáile, ná i dtoradh an Choimisiúin go dtí seo, a bheadh coibhéiseach le maíomh go bhfuil soláthar seirbhísí TF i gcoitinne neamheacnamaíoch. Níl tuairim an Choimisiúin sa chás seo maidir le seirbhísí Cineca ar neamhréir leis an seasamh nach bhfuil ‘baint dhíreach shonrach ag seirbhísí TF [iontu féin] le feidhmiú oifigiúil [phoiblí, i dteanga Airteagal 55 Chonradh CEE] údaráis’. I bhfianaise an mhéid sin, rinneadh an cinneadh ceart gan tagairt i mbreithiúnas Compass-Datenbank do bhreithiúnas an Coimisiún v an Iodáil. |
|
(389) |
An tuairim ón Abhcóide Ginearálta i gCás C-264/01 AOK Bundesverband agus Eile lena sonraítear gurb í an cheist chriticiúil maidir le cé acu atá nó nach bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch, cé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh gnóthas príobháideach í a dhéanamh d’fhonn brabús a dhéanamh, tagann an tuairim sin salach ar dhlí-eolaíocht eile. Mar a mhínítear in aithris (271), léiríonn an dlí-eolaíocht eile sin nach mbaineann sé le hábhar cé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh gnóthas príobháideach an tseirbhís a sholáthar (200). |
|
(390) |
Mhínigh an Coimisiún a thuairim cheana féin maidir le breithiúnas Scattolon in aithris (274). |
|
(391) |
Ar deireadh, tá an Coimisiún den tuairim gur soiléiríodh go leordhóthanach leis an gcásdlí agus na fasaigh ar a ndéantar an measúnú atá ann faoi láthair (lena gcuirtear le cásanna Compass-Datenbank, TenderNed, ZVG Portal agus HIS) na ceanglais chun measúnú a dhéanamh ar staideanna amhail iad siúd sa chás seo a bhaineann le cineál sheirbhísí TF MIUR (agus na seirbhísí TF ollscoile). |
|
(392) |
Ar bhonn na mbreithnithe sin, is é cinneadh an Choimisiúin gur gníomhaíocht é seirbhísí TF a sholáthar do MIUR atá ina chuid d’fheidhmeanna fíor-riachtanacha an Stáit nó a bhfuil baint aige leis na feidhmeanna sin ‘de réir a chineáil, a aidhme agus na rialacha a bhfuil sé faoina réir’ (201)agus, dá bhrí sin, nach de chineál eacnamaíoch é. |
4.1.2.2.
|
(393) |
Mar a shonraítear in aithris 93 den chinneadh tosaigh, tagann an maoiniú poiblí a sholáthraítear do Cineca i ndáil leis na seirbhísí TF a sholáthraítear do MIUR ó acmhainní buiséadacha Stáit na hIodáile. Is é MIUR, ar aireacht de chuid rialtas na hIodáile é, a dhéanann an cinneadh chun an maoiniú sin a sholáthar. Dá bhrí sin, deimhníonn an Coimisiún a réamhchonclúid gur acmhainní Stáit í an íocaíocht le Cineca as seirbhísí TF do MIUR agus go bhfuil sí inleagtha ar Stát na hIodáile. |
4.1.2.3.
|
(394) |
Áitíonn an gearánach, mar a mhínítear in aithris (60), nach eintiteas inmheánach cuí de chuid MIUR é Cineca agus gur cheart dó nósanna imeachta cuí soláthair phoiblí a úsáid. Áitíonn sé freisin go gceanglaítear le Dlí Uimh. 208/2015 (202), chun ceannacháin earraí agus seirbhísí TF agus nascachta a optamú agus a chuíchóiriú, gur cheart d’aireachtaí agus d’ollscoileanna poiblí ‘a riachtanais a chomhlíonadh go heisiach trí uirlisí ceannaigh agus caibidlíochta Consip nó [eintiteas eile] le haghaidh earraí agus seirbhísí atá ar fáil ó Consip nó [na heintitis eile sin]’ (féach aithris (60)). Úsáidtear Consip go forleathan, leanann an gearánach ar aghaidh, chun táirgí speisialaithe inchomparáide a sholáthar. Mar shampla, d’úsáid an Aireacht Dlí agus Cirt Consip freisin, chun nós imeachta sibhialta leictreonach a thabhairt isteach ar fud na hIodáile ar cuid d’fheidhm fhíor-riachtanach é (féach aithrisí (51) agus (61)). |
|
(395) |
Cuireann údaráis na hIodáile in iúl go n-úsáideann MIUR an margadh (i.e. trí Consip) le haghaidh seirbhísí caighdeánacha amháin (aithris (153)). Ní tagarmharc maith é Consip, ós rud é nach dtairgeann gnóthais atá ar fáil trí Consip an leibhéal céanna seirbhísí uilechuimsitheacha (aithris (168)). Ar deireadh, míníonn an Iodáil nach bhfuil feidhm ag Consip ach amháin maidir le staideanna ina bhfuil na táirgí agus/nó na seirbhísí ar fáil ar an margadh (aithris (257)) (203). Mar sin féin, níl na seirbhísí i gceist ar fáil ar an margadh ina n-iomláine. Ar deireadh, mar a mhínítear thuas, deimhníonn an Iodáil gur bunaíodh le dlí salva Cineca, mar a thugtar air, samhail inmheánach idir Cineca agus MIUR, a tugadh chun foirfeachta trí Fhoraithne Aireachta Uimh. 245 an 26 Márta 2018, agus gur cuireadh Cineca ar liosta náisiúnta na hIodáile d’eintitis ar féidir leo oibriú trí dhámhachtainí díreacha. (Féach aithrisí (146) agus (168)). |
|
(396) |
Is féidir easpa buntáiste trí idirbheart a shuí freisin trí thástáil an oibreora geilleagair margaidh a chur i bhfeidhm. Mar a mhínítear in aithris (304) chun críoch thástáil an oibreora geilleagair margaidh, ní chuirfear san áireamh ach na tairbhí agus na hoibleagáidí atá nasctha le ról an Stáit mar oibreoir eacnamaíoch, agus déanfar na tairbhí agus na hoibleagáidí sin a bhaineann lena ról mar údarás poiblí a eisiamh. Go deimhin, níl tástáil an oibreora geilleagair margaidh infheidhme má ghníomhaíonn an Stát mar údarás poiblí seachas mar oibreoir eacnamaíoch. |
|
(397) |
Mar a shonraítear in aithris (94) den chinneadh tosaigh, ní gá don Choimisiún measúnú a dhéanamh an bhfuair Cineca buntáiste eacnamaíoch ach amháin dá measfaí Cineca mar ghnóthas de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE i ndáil le seirbhísí TF a sholáthar do MIUR. Bheadh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh an bhfuair sé buntáiste eacnamaíoch. Easaontaíonn an Coimisiún le dearbhú an ghearánaigh gur sonraíodh leis an gcinneadh tosaigh, mar ba cheart, gur soláthraíodh buntáiste eacnamaíoch do Cineca mar gheall ar an easpa nós imeachta roghnúcháin iomaíoch toisc nach dtagann buntáiste eacnamaíoch go huathoibríoch ó easpa nós imeachta roghnúcháin iomaíoch. Is féidir an easpa buntáiste a chruthú freisin trí mhodhanna eile (204). Níl an cheist maidir le buntáiste eacnamaíoch a bheith ann, in aon chás, ábhartha ach amháin más rud é go mbeadh soláthar seirbhísí TF do MIUR de chineál eacnamaíoch. |
|
(398) |
Cé go measann an Coimisiún nach gníomhaíocht eacnamaíoch iad na seirbhísí TF do MIUR, rinne sé measúnú ar cé acu a bheadh nó nach mbeadh buntáiste eacnamaíoch ag Cineca dá mba rud é gur gníomhaíocht eacnamaíoch í an ghníomhaíocht. |
|
(399) |
Is é is buntáiste ann, de réir bhrí Airteagal 107(1) den Chonradh, aon tairbhe eacnamaíoch nach bhféadfadh gnóthas a fháil faoi ghnáthdhálaí an mhargaidh, is é sin, in éagmais idirghabháil ón Stát (205). Ní thugann idirbhearta eacnamaíocha arna ndéanamh ag comhlachtaí poiblí (lena n-áirítear gnóthais phoiblí) buntáiste dá gcontrapháirteanna má dhéantar iad i gcomhréir le gnáthdhálaí an mhargaidh (206). Chun a chinneadh cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh idirbheart faoi na dálaí sin, cuireann an Coimisiún tástáil an oibreora geilleagair margaidh i bhfeidhm. |
|
(400) |
Dar leis an ngearánach, níl tástáil an oibreora geilleagair mhargaidh infheidhme chun an buntáiste sa chás seo a chinneadh (féach aithris (59)). Áitíonn sé nach féidir na deontais a mheas mar ranníocaíocht as seirbhísí toisc nach bhfuil aon chonradh ann chun an t-idirbheart a rialáil, go sanntar na míreanna íocaíochta sa roinn mhícheart de mheastachán costais bliantúil MIUR, agus nár íocadh aon CBL a bhaineann leis na seirbhísí. Ar an mbonn sin, creideann an gearánach go raibh breithiúnas Uimh. 6009/2018 ón gComhairle Stáit cruinn nuair a chinn sé gur státchabhair a bhí sa chistiú poiblí a deonaíodh do MIUR (le haghaidh 2015) (207). |
|
(401) |
Easaontaíonn an Coimisiún leis an saintréithriú sin agus measann sé go bhfuil tástáil an oibreora geilleagair margaidh (más gníomhaíocht eacnamaíoch í an ghníomhaíocht i gceist) infheidhme. De bhun an bhreithiúnais ón gCúirt Bhreithiúnais an 5 Meitheamh 2012 i gcás C-124/10 P, an Coimisiún v EDF, ‘[b]raitheann infheidhmeacht thástáil an infheisteora phríobháidigh ar deireadh ar bhuntáiste eacnamaíoch a bheith tugtha ag an mBallstát lena mbaineann, ina cháil mar scairshealbhóir seachas ina cháil mar údarás poiblí, do ghnóthas ar leis é’. Sa chás go mbeadh soláthar na seirbhísí i gceist eacnamaíoch, ní ghníomhaíonn an Stát mar údarás poiblí agus tá prionsabal thástáil an oibreora geilleagair margaidh infheidhme. Ar an mbonn sin, sonraíodh leis an gcinneadh tosaigh in aithris 101 (an tráth sin), mar ba cheart, ‘nár léirigh an Iodáil nár mhó [na h]íocaíochtaí as seirbhísí TF le MIUR ná praghsanna margaidh’. Ós rud é gur sholáthair Cineca seirbhís ar an íocaíocht, ba chomaoin í an íocaíocht agus ní buntáiste ina hiomláine í. Ní fhéadfaí ach an chuid sin den íocaíocht a sháraigh praghsanna margaidh a mheas mar bhuntáiste. Is amhlaidh atá, is cuma cé acu a bhí nó nach raibh íocaíocht CBL ann ar bhonn na n-idirbheart sin, nó cá háit go díreach a sannadh na híocaíochtaí agus cé acu a bhí nó nach raibh conradh ann a bhain leis an íocaíocht. |
|
(402) |
Áitíonn an gearánach freisin gur sholáthair sé cruthúnas gan débhrí gur sháraigh an chomaoin le haghaidh sheirbhísí Cineca leibhéal an mhargaidh. De réir píosa fianaise amháin den sórt sin, d’oibrigh tuarascáil leordhóthanachta eacnamaíche (208) le meascán de phraghsanna Consip agus Assinter le haghaidh comaoin na seirbhísí TF do MIUR, ach ní raibh an chomaoin sin, de réir an ghearánaigh, ar leibhéal an mhargaidh toisc nár úsáid sé an tagarmharc praghais ceart. Ba é an tagarmharc ceart na praghsanna a luaigh Consip do na speisialtóirí éagsúla i dtairiscint le haghaidh ‘córais bhainistíochta chomhtháite le haghaidh riarachán poiblí’ atá inchomparáide le seirbhísí Cineca, agus a bhuaigh grúpa soláthraithe TF aitheanta. Sháraigh praghsanna Cineca na praghsanna sin ó Consip 96 % ar an meán, de réir an ghearánaigh (féach aithris (63)). De réir an ghearánaigh, tagarmharc mícheart freisin ba ea an úsáid eisiach a baineadh as praghsanna Assinter i dtuarascáil Corso (féach aithris (64)). |
|
(403) |
Tá an Coimisiún den tuairim nach bhfuil na líomhaintí sin ag teacht le conclúid gur soláthraíodh buntáiste do Cineca tríd an íocaíocht as seirbhísí MIUR. Is amhlaidh atá toisc gur tagarmharc iomchuí iad praghsanna Assinter (a úsáidtear i staidéar Corso (féach aithris (64))) ós rud é go bhfuil praghsanna Assinter infheidhme i gcomhthéacs caidrimh idir eintitis agus Aireachtaí atá inchomparáide leis an gcaidreamh idir MIUR agus Cineca i ndáil leis na seirbhísí i gceist. Dá bhrí sin, níl aon chruthúnas ann gur soláthraíodh buntáiste do Cineca i dtaca le seirbhísí TF a sholáthar do MIUR bunaithe ar thorthaí thuarascáil Corso. A mhéid a bhaineann le breithiúnas ó Chúirt Réigiúnach Riaracháin Lazio (agus an tagarmharc a úsáideadh sa chás sin (féach aithris (63))), tá sé tábhachtach a fheiceáil, de réir na cúirte, gur tugadh leis an tuarascáil a sholáthair MIUR (féach fonóta 45) ‘faisnéis leordhóthanach chun teacht ar an gconclúid go raibh tairiscint Cineca réasúnta ó thaobh na heacnamaíochta de, i gcomparáid le praghsanna margaidh agus go raibh coinne leis go n-íocfaí í laistigh de theorainn an uasmhéid arna leithdháileadh leis an bhforaithne i gceist (…) tar éis an méid bliantúil atá dlite a thuairisciú.’ Dá bhrí sin, de réir na cúirte, ní raibh aon bhuntáiste á sholáthar do MIUR tríd an íocaíocht as na seirbhísí i gceist a bhain le dámhachtain 2018 as na seirbhísí TF do MIUR. |
|
(404) |
Cuireann an gearánach cáineadh áirithe in iúl freisin i ndáil leis na ‘Nótaí maidir le luachshocrú (i.e. measúnú) sheirbhísí Cineca d’iar-MIUR’ (féach aithris (64)). Áirítear leo sin an méid seo a leanas: meastacháin hipitéiseacha le haghaidh gnéithe áirithe, amhail obair le haghaidh forbairt agus cothabháil éabhlóideach gníomhaíochtaí, an ‘méid suaiteachta’ chun luachanna a eachtarshuíomh le haghaidh 2018 le haghaidh feidhmeanna áirithe ó 2019 ar aghaidh, etc. (féach aithris (66)). |
|
(405) |
Ní gá don Choimisiún aghaidh a thabhairt ar na gnéithe sin, toisc go ndeirtear leis an tuarascáil féin nach bhféadfaí dhá cheann de na ceithre chatagóir seirbhísí a sholáthraíonn Cineca do MIUR (i.e. ‘Seirbhísí feidhmchláir’, ‘Seirbhísí bonneagair’, ‘Feidhm na Deisce Seirbhíse’ agus ‘Tionscadail’), is iad sin, ‘Seirbhísí bonneagair’ agus ‘Tionscadail’, a luacháil go leordhóthanach agus, dá bhrí sin, nach bhfuil siad sa mheastachán ar an luach margaidh. Mar sin féin, is cuid é de ríomh costais thairiscint seirbhíse Cineca, agus, dá bhrí sin, níl luach thairiscint seirbhíse Cineca agus na meastacháin ar an luach margaidh inchomparáide. Sna himthosca sin, ní mheasann an Coimisiún go bhfuil tuairim shaineolach Corso iontaofa go leor. Ón taobh sin de, is cuma cén cáineadh a chuireann an gearánach in iúl maidir le staidéar Corso agus an staidéar margaidh le Aiello a bhaineann leis an deighleog seirbhísí óstála (féach e.g. aithris (327)). |
|
(406) |
I dtaca le hargóint an ghearánaigh nach ndearnadh aon anailís ex-ante a bhain le luach sheirbhísí TF MIUR sular dámhadh ar Cineca é (féach e.g. aithris (65)), agus nár bhain MIUR úsáid as an margadh le haghaidh na seirbhísí, cuireann údaráis na hIodáile roinnt argóintí chun cinn: tráth a bunaíodh Cineca in 1967, ní raibh aon mhargadh ann don chineál seirbhísí a bhí ag teastáil ó MIUR. Dá bhrí sin, níorbh fhéidir ‘leordhóthanacht maoinithe’ a chruthú. (Ní raibh Consip ann fiú go dtí 1997, i bhfad tar éis do Cineca tús a chur leis na seirbhísí TF a tháirgeadh do MIUR.) Thairis sin, ní raibh oibleagáid dhlíthiúil measúnú leordhóthanachta a ullmhú ach ó bhí 2016 ann (nuair a tháinig Foraithne Uimh. 50/2016 i bhfeidhm). Ní chiallaíonn sé sin nach ndearnadh na híocaíochtaí le Cineca as na seirbhísí i gceist a scrúdú le haghaidh leordhóthanachta sula ndearnadh iad. Seiceáladh na costais go mion agus fíoraíodh seirbhísí. Cinneadh na híocaíochtaí ar bhonn na gcostas agus, mar a mhínítear in aithris (168) agus i bhfonóta 108, bhí measúnú ex-ante teoranta ar na costais i bhfeidhm. Ina theannta sin, bhí na híocaíochtaí faoi réir a gcláraithe ag an gCúirt Iniúchóirí agus d’fhíoraigh an Roinn Cuntas Ginearálta san Aireacht Geilleagair agus Airgeadais iad. Mheas an Ghníomhaireacht um Iodáil Dhigiteach (AgID) agus an Chúirt Iniúchóirí go raibh na méideanna leordhóthanach (féach aithrisí (167) agus (204)). |
|
(407) |
Tagraíonn an Iodáil do na ‘Nótaí maidir le luachshocrú sheirbhísí Cineca d’iar-MIUR’ lena léirítear go raibh na híocaíochtaí le Cineca le haghaidh sheirbhísí MIUR go mór faoi bhun an mheánluacha margaidh sna blianta sin (féach aithris (170) et seq. agus fonótaí 110, 111 agus 112). Ina theannta sin, seachas ó 2006 go 2010, bhí na costais a bhain le seirbhísí TF a sholáthar do MIUR EUR 208 000 níos airde (ar bhonn carnach) ná na híocaíochtaí le haghaidh na seirbhísí (féach an tábla in aithrisí (209) agus (409)). |
|
(408) |
Tá an Coimisiún den tuairim, in imthosca sonracha an cháis, go háirithe ós rud é nach bhfuil na seirbhísí i gceist ar fáil ar an margadh (féach e.g. aithris (153)), nach raibh MIUR in ann anailís lánfheidhme ex-ante ar an luach margaidh a dhéanamh. De réir dlí-eolaíochta, is féidir imthosca speisialta den sórt sin a chur san áireamh go deimhin le linn measúnú a dhéanamh ar cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh an anailís ex-ante ar an luach margaidh (209). Ar an mbonn sin, agus i bhfianaise an fhíorais go bhfuil ábhar aon anailíse féideartha sa chás seo cosúil le conradh le haghaidh seirbhísí agus nach mbaineann sé le hinfheistíocht Stáit, tá sé inghlactha nach ndearnadh ach scrúdú teoranta ex-ante ar luach margaidh na seirbhísí. Sna himthosca sin, is féidir measúnú a dhéanamh ar aon bhuntáiste féideartha ar bhonn comparáide idir na costais agus na hioncaim a íocadh le Cineca as seirbhísí MIUR, go háirithe ós rud é go raibh an anailís bunaithe ar shonraí comhaimseartha. Chuir an Iodáil tábla isteach ina léirítear na costais agus na hioncaim sin mar aon leis na sonraí loma ar a bhfuil na figiúirí achoimre sin bunaithe. D’fhíoraigh an Coimisiún go bhfuil na figiúirí sin bunaithe go deimhin ar na sonraí loma a cuireadh isteach. |
|
(409) |
Léirítear leis an tábla a cuireadh isteach na figiúirí a bhaineann le hioncam Cineca chun seirbhísí TF a sholáthar do MIUR agus na costais ghaolmhara ó 2006 go 2019:
|
|
(410) |
Mar is léir ón tábla thuas, sháraigh na costais an cúiteamh a sholáthair MIUR do Cineca le haghaidh na seirbhísí i gceist, ach amháin in 2006, 2007, 2008, 2009, 2013 agus 2014. Tá an Coimisiún den tuairim, áfach, i gcás ina mbeadh soláthar seirbhísí TF do MIUR ina ghníomhaíocht eacnamaíoch, go mbeadh an soláthraí, i.e. Cineca, i dteideal méid réasúnta brabúis. Chun na críche sin, ríomh an Coimisiún an céatadán a léirigh an barrachas i gcomhthéacs na n-ioncam agus tháinig sé ar uimhreacha (a léirítear sa cholún deireanach den tábla) atá idir 4,4 % agus 18,6 %. (Tabhair faoi deara nár deonaíodh íocaíochtaí le haghaidh na mblianta 2015 go 2019 mar thoradh ar dhlíthíocht náisiúnta san Iodáil idir na páirtithe.) |
|
(411) |
Tá éagsúlacht mhór i gcorrlaigh bhrabúis le haghaidh seirbhísí TF de réir tionscail. Is é thart ar 40 go 45 % an meánchorrlach le haghaidh seirbhísí bainistithe agus tá seirbhísí gairmiúla sa raon idir 50 agus 60 % (210). Agus é á chur san áireamh go bhfuil meántreocht anuas á léiriú ag corrlaigh bhrabúis le haghaidh seirbhísí TF, is féidir glacadh leis nach raibh corrlaigh bhrabúis le haghaidh na seirbhísí i gceist iomarcach agus iad idir 18,6 % agus 4,4 % ó 2006 go 2010 agus ó 2013 go 2014. |
|
(412) |
Ar bhonn na mbreithnithe sin, tá an Coimisiún den tuairim nár deonaíodh aon bhuntáiste do Cineca tríd an íocaíocht as na seirbhísí TF i gceist le linn na tréimhse ama i gceist. |
4.1.2.4.
|
(413) |
Meastar go ndéanann beart a dheonaíonn an Stát saobhadh ar iomaíocht nó go mbagraíonn sé iomaíocht a shaobhadh i gcás ina bhféadfadh sé staid iomaíochta an fhaighteora a fheabhsú (211). |
|
(414) |
Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil a léiríonn easpa buntáiste do Cineca trí íocaíocht MIUR as seirbhísí TF, is é conclúid an Choimisiúin nár dhócha go gcuirfeadh an beart feabhas ar staid iomaíoch Cineca agus, dá bhrí sin, nár shaobh sé an iomaíocht. |
|
(415) |
Ní státchabhair í an tacaíocht do ghnóthais faoi Airteagal 107(1) den Chonradh ach amháin a mhéid ‘a dtéann sí i gcion ar an trádáil idir Ballstáit’. |
|
(416) |
Measann an Coimisiún nach féidir a eisiamh go bhfuil gnóthais san Aontas a d’fhéadfadh táirgí agus seirbhísí a sholáthar atá cosúil leo siúd a sholáthraíonn Cineca do MIUR. I bhfianaise an mhéid sin, is é conclúid an Choimisiúin go bhféadfadh an beart (dá mba rud é go raibh gnéithe eile den sainmhíniú ar státchabhair ann) difear a dhéanamh don trádáil idir na Ballstáit. |
4.1.2.5.
|
(417) |
Is é conclúid an Choimisiúin nach státchabhair é íocaíochtaí MIUR le Cineca as seirbhísí TF a sholáthar. Is amhlaidh atá toisc go bhfuil soláthar na seirbhísí sin nasctha go hintreach le cúram Stáit agus, dá bhrí sin, nach gníomhaíocht eacnamaíoch é. Dá bhrí sin, ní gnóthas é Cineca maidir leis an ngníomhaíocht sin. Thairis sin, níor cruthaíodh leis an imscrúdú go bhfuil an cúiteamh as na praghsanna a íocadh as na seirbhísí sin os cionn na gcostas a bhaineann leis an tseirbhís a sholáthar móide brabús réasúnta agus, dá bhrí sin, ní bhfuair Cineca buntáiste trí na híocaíochtaí sin. |
4.1.3. Tras-fhóirdheonú féideartha gníomhaíochtaí inar iomaitheoir é an gearánach tríd an íocaíocht as seirbhísí MIUR agus as seirbhísí HPC
|
(418) |
Sa chinneadh tosaigh, tharraing an Coimisiún an cheist anuas ar bhain Cineca úsáid as cistí poiblí a fuarthas le haghaidh gníomhaíocht HPC neamhthráchtála/institiúideach agus/nó le haghaidh seirbhísí TF do MIUR (féach aithris 36 den chinneadh tosaigh) chun tacú lena dhíolacháin de sheirbhísí bogearraí ollscoile agus seirbhísí TF le heintitis riaracháin Stáit (i.e. in earnálacha inar iomaitheoir le Cineca é an gearánach). |
|
(419) |
Tugadh faoi deara leis an gcinneadh tosaigh nár tugadh isteach córas foirmiúil deighilte cuntasaíochta ach in 2016. Roimh 2016, d’úsáid Cineca nós imeachta cuntasaíochta costála ‘leithdháilte costas díreach’ ina raibh lárionaid bhrabúis, lárionaid chostais agus gealltanais, arna miondealú faoi threoir aonaid oibríochtúla shocruithe eagraíochtúla Cineca. Ó bhí 2016 ann, tá córas deighilte cuntasaíochta ‘foirmiúil’ i bhfeidhm lena gcumasaítear nós imeachta comhghaoil costais/ioncaim níos mionsonraithe ina bhfuil na costais curtha go hiomlán i leith na n-aonad gnó ábhartha. |
|
(420) |
Rinneadh tagairt sa chinneadh tosaigh d’athdhréachtú na hIodáile ar thuarascáil 2015 ar chostais na seirbhísí HPC neamhthráchtála/institiúideacha chun na critéir a tugadh isteach in 2015 agus atá i bhfeidhm ó bhí 2016 ann a chur i bhfeidhm (féach aithris (35) den chinneadh tosaigh). Mar thoradh ar an athdhréachtú, bhí costais níos airde ann ná na costais a tabhaíodh agus a cuireadh i mbille na hAireachta tráth na tuarascála billeála bunaidh do HPC neamhthráchtála/institiúideach (i.e. an chéad tuarascáil bliana iomláine le haghaidh 2015 a ullmhaíodh in 2016). Ní raibh sonraí leordhóthanacha ag an gCoimisiún, áfach, chun fíorú a dhéanamh ar an modheolaíocht chuntasaíochta a d’úsáid Cineca chun é a athríomh ná ar na sonraí iarbhír ar cuireadh an mhodheolaíocht sin i bhfeidhm ina leith. |
|
(421) |
Ar an mbonn sin, d’fhéach an Coimisiún lena shuí ar bunaíodh coimircí leordhóthanacha maidir le deighilt éifeachtach cuntas laistigh de Cineca roimh 2016 agus an raibh an mhodheolaíocht deighilte cuntas a bunaíodh in 2016 éifeachtach. Mar mhalairt air sin, d’fhéach an Coimisiún lena shuí ar cuireadh aon chóras i bhfeidhm lenar cuireadh cosc ar thras-fhóirdheonú agus/nó ar róchúiteamh (féach aithris 149 den chinneadh tosaigh). |
|
(422) |
Shonraigh an gearánach gurbh acmhainní uile Cineca iad na hacmhainní airgeadais a cuireadh ar fáil do Cineca le haghaidh na seirbhísí i gceist, acmhainní a d’fhéadfaí a úsáid chun gníomhaíochtaí eacnamaíocha, ina bhfuil iomaíocht ón ngearánach roimh Cineca, a thras-fhóirdheonú (féach aithris (90)). Is é an léirmhíniú a bhí ag údaráis na hIodáile ar an gcinneadh tosaigh go raibh sé beartaithe aige measúnú a dhéanamh ar cé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh tras-fhóirdheonú ar ghníomhaíochtaí tráchtála Cineca ina bhfuil an gearánach gníomhach a bheith mar thoradh ar an gcistiú poiblí do ghníomhaíochtaí HPC neamhthráchtála agus do sheirbhísí TF MIUR. |
|
(423) |
Deimhníonn an Coimisiún gurb í an cheist ar fhéach an cinneadh tosaigh lena soiléiriú an bhféadfadh maoiniú na ngníomhaíochtaí HPC neamhthráchtála agus na seirbhísí TF do MIUR a bheith mar bhonn le tras-fhóirdheonú ghníomhaíochtaí Cineca ina bhfuil sé in iomaíocht leis an ngearánach. |
|
(424) |
Tá argóintí an ghearánaigh atá mar thaca lena sheasamh go bhféadfadh sé gur tharla tras-fhóirdheonú bunaithe ar roinnt argóintí: ar an gcéad dul síos, maíonn an gearánach nach raibh aon mhodh leithdháilte costas ex-ante i bhfeidhm mar a cheanglaítear le hAirteagal 4 de Threoir 2006/111/CE (‘an ‘Treoir um Thrédhearcacht’) lena dtugtar sainordú do ghnóthais phoiblí arna maoiniú ag an Stát cuntais ar leithligh a choimeád idir a gcuid gníomhaíochtaí (212). Áitíonn an gearánach gur athchruthú simplí ex post é aon leithdháileadh costas ar na costais a thabhaigh Cineca chun na seirbhísí i gceist a sholáthar seachas modh ex-ante mar a cheanglaítear freisin le cás EDF (213) (féach aithris (65)). |
|
(425) |
Measann an Coimisiún nach bhfuil aon fhoráil dlí ann lena bhforchuirfí oibleagáid ar Cineca modheolaíocht chuntasaíochta a bhunú lena leithdháilfí costais ar bhealach ex-ante. Is amhlaidh atá toisc nach bhfuil an Treoir um Thrédhearcacht infheidhme maidir leis an gcás atá faoi chaibidil ós rud é, de réir Airteagal 2(d) den Treoir um Thrédhearcacht, nach gcuimsítear i raon feidhme na Treorach um Thrédhearcacht ach gnóthais a ndeonaítear cearta speisialta nó eisiacha dóibh nó a gcuirtear de chúram orthu seirbhís ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch ginearálta a sholáthar (214). |
|
(426) |
Go deimhin, ní féidir ceanglas dlíthiúil a bhaineann le modh ex-ante chun córas éifeachtúil leithdháilte costas a léiriú chun tras-fhóirdheonú a sheachaint a thuiscint ó aon chásdlí ach oiread. De réir cás cúirte a bhí ann le déanaí lena ndeimhnítear cinneadh ón gCoimisiún (215) maidir le deighilt costas i gcomhthéacs seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (SLEG) a sholáthar (První novinová společnost a.s. v an Coimisiún), ‘ó thaobh na cuntasaíochta de, ní féidir an Coimisiún a cháineadh toisc nach ndearna sé scrúdú níos mionsonraithe ar an mbeart i gceist [i.e. cé acu a coimeádadh nó nár coimeádadh cuntais SLEG ar leithligh ó chuntais nach cuntais SLEG iad] agus as dul i muinín na gcuntas a cuireadh isteach, ós rud é gur léiríodh ar leithligh leis na cuntais sin na costais agus na hioncaim a bhain leis na gníomhaíochtaí i dtaca leis an oibleagáid seirbhíse uilíche agus leo siúd a bhaineann le gníomhaíochtaí eile, i gcomhréir le scála leithdháilte arna fhormheas ag an údarás rialála náisiúnta agus faoi réir athbhreithniú bliantúil ag iniúchóir neamhspleách’ (216) . |
|
(427) |
Sonraítear leis an gCinneadh ón gCoimisiún maidir le Státchabhair SA.45281 (2017/N) agus Státchabhair SA.44859 (2016/FC) – Poblacht na Seice – Cúitimh Stáit arna ndeonú do Česká Pošta as an tseirbhís poist uilíoch a sholáthar le linn na tréimhse 2013-2017; (cás ‘SLEG Phost na Seicia’), in aithris 80 de (217), gur tosca leordhóthanacha iad cinneadh na gcostas trí mhodheolaíocht an ghlanchostais sheachanta agus fíorú ex-post ar sheachaint róchúitimh chun teacht ar an gconclúid nár tharla róchúiteamh. |
|
(428) |
Mar sin féin, soiléiríodh le haithris (149) den chinneadh tosaigh go bhfuil an Iodáil saor chun an easpa tras-fhóirdheonaithe a léiriú trí dheighilt éifeachtach cuntasaíochta costála a bheith ann nó trí chóras a bhí i bhfeidhm chun tras-fhóirdheonú nó róchúiteamh a chosc. Sa chinneadh críochnaitheach seo, dhírigh an Coimisiún, dá bhrí sin, 1) ar fhíorú ex post ar fhigiúirí costais agus ioncaim a chuir údaráis na hIodáile isteach, agus 2) ar mheasúnú ar mhodheolaíocht leithdháilte costas Cineca a tugadh isteach in 2015 agus atá oibríochtúil ó bhí 2016 ann (féach aithris 152 den chinneadh tosaigh agus aithrisí (39), (42), (198) go (202) den chinneadh seo). Tabharfaidh an Coimisiún aghaidh ansin ar phríomhargóintí an ghearánaigh mar aon le barúlacha na hIodáile a bhaineann leis na pointí sin. |
4.1.3.1.
|
(429) |
I dtaca leis an gcruthúnas a cheanglaítear, chuir an Iodáil an argóint chun cinn (ar a dtugtar tuairisc in aithris (198)) gur úsáid Cineca ‘córas caiteachas’ idir 2004 agus 2006 lenar áirithíodh go raibh na hacmhainní a fuarthas agus na caiteachais ghaolmhara comhardaithe. Is modh é sin a úsáidtear agus a nglactar leis go forleathan. |
|
(430) |
Mar a míníodh in aithrisí (198) agus (199), ó bhí 2006 ann, úsáideadh ‘nós imeachta cuntasaíochta anailísí’, ina bhfuil lárionaid bhrabúis, lárionaid chostais agus orduithe, arna miondealú faoi threoir aonaid oibríochtúla ar an gcéad leibhéal de struchtúr eagraíochtúil an Chuibhreannais. Bhí sé beartaithe leis an gcóras sin an ‘corrlach ranníocaíochta’ nó ‘costais dhíreacha’ a chinneadh, is é sin le rá. ‘Córas rialaithe costála dírí’ a bhí ann nach ndearna foráil ach amháin maidir le costais dhíreacha a leithdháileadh ar lárionaid bhrabúis. Úsáidtear an córas costála dírí go forleathan agus fágann sé gur féidir an corrlach ranníocaíochta a chinneadh trí chostais agus ioncaim a chur i gcomparáid le chéile. |
|
(431) |
In 2015, tugadh isteach nós imeachta cuntasaíochta anailísí nua lenar soláthraíodh aicmiú níos mionsonraithe ar ioncam agus lenar méadaíodh go mór cion na gcostas a bhí inchurtha go díreach i leith lárionaid bhrabúis, lárionaid chostais agus conarthaí (218). Ina theannta sin, leathnaíodh leithdháileadh na gcostas ar aonaid eagraíochtúla/lárionaid bhrabúis aonair chun costais indíreacha a chumhdach freisin (219). Dá bhrí sin, ba aistriú é ó ‘chorrlach ranníocaíochta’ go ‘costáil iomlán ’ . Leis an aistriú ó shamhail ‘costais dhírigh’ go samhail ‘costais iomláin’, íoslaghdaíodh an leibhéal discréide atá tipiciúil sna próisis chun costais choiteanna a leithdháileadh ar bhonn indíreach (chun tuilleadh mionsonraí a fháil, féach aithrisí (198) go (202)). |
|
(432) |
Measann an Coimisiún go bhfuil an mhodheolaíocht leithdháilte costas sin inghlactha chun costais indíreacha a leithdháileadh mar
|
|
(433) |
Measann an Coimisiún gur ábhar misnigh é freisin, mar a shonraítear in aithris (198) agus i bhfonóta 123, gur cinneadh le dhá bhreithiúnas ón gComhairle Stáit gur leordhóthanach an modh cuntasaíochta costála a cuireadh i bhfeidhm maidir le costais seirbhísí HPC agus TF MIUR 2015, mar aon leis an modh (nua) a cuireadh i bhfeidhm maidir le costais 2018, chun é a eisiamh go hiomlán gur úsáideadh cistí poiblí chun críoch eile seachas na críocha ar dámhadh iad. (Féach breithiúnas Uimh. 6009/2018 maidir leis an iarraidh ar mhaoiniú le haghaidh ranníocaíocht 2015 agus breithiúnas Uimh. 10528/2019 ón gComhairle Stáit an 19 Iúil 2019 (220).) |
|
(434) |
Aontaíonn an Coimisiún le seasamh údaráis na hIodáile go bhféadfaí róchúiteamh/tras-fhóirdheonú a chur as an áireamh dá mbeadh na costais a bhaineann leis na seirbhísí i gceist a sholáthar cothrom le leibhéal ioncaim/maoinithe na seirbhísí nó níos mó ná an leibhéal sin (féach aithris (205)). |
|
(435) |
Dá bhrí sin, mar aon le measúnú a dhéanamh ar an modheolaíocht chuntasaíochta a cuireadh i bhfeidhm ó bhí 2016 ann, agus ag glacadh leis, de réir bhreithiúnas Uimh. 6009/2018, gur leordhóthanach an modh a úsáideadh roimh 2016, chuaigh an Coimisiún i muinín fíorú ex post ar fhigiúirí costas agus ioncaim do sheirbhísí MIUR agus do ghníomhaíochtaí HPC neamhthráchtála/institiúideacha le haghaidh 2006 go 2019. Is é is cuspóir don scrúdú sin a chinneadh an bhféadfadh an córas (lena n-áirítear an córas a bhí i bhfeidhm roimh 2016) a áirithiú go héifeachtach sa chleachtas nár sholáthair na figiúirí costais agus ioncaim ‘comhthiomsú’ d’aon tras-fhóirdheonú féideartha agus, dá bhrí sin, gur leordhóthanach an córas a bhí i bhfeidhm chun tras-fhóirdheonú/róchúiteamh a chur as an áireamh. |
|
(436) |
Fuair an Coimisiún trí thábla achoimre ó údaráis na hIodáile ina léirítear na sonraí costais/ioncaim a bhaineann leis na blianta atá faoi imscrúdú (féach aithrisí (207) go (209)) i ngach ceann de na trí réimse atá i gceist: maoiniú 1) na ngníomhaíochtaí tráchtála 2) na gníomhaíochta HPC neamhthráchtála/institiúideach; agus 3) seirbhísí TF don Aireacht. |
|
(437) |
Léirítear leis an tábla lena ndéantar achoimre ar chostais agus ar ioncaim ghníomhaíochtaí tráchtála Cineca gurb é EUR 30 930 424 an brabús foriomlán, a thuigtear mar an difríocht idir ioncaim agus costais, ag deireadh na tréimhse ama ó 2006 go 2019. Gníomhaíochtaí eacnamaíocha
|
|
(438) |
Léirítear le tábla a cuireadh isteach ina bhfuil na figiúirí ábhartha sna blianta i gceist go raibh an costas a bhain leis na seirbhísí HPC neamhthráchtála/institiúideacha a sholáthar níos mó ar an iomlán ná an ranníocaíocht ón Aireacht: ba é EUR -3 122 404 (go carnach) an toradh ag deireadh na tréimhse ama ó 2006 go 2019. Mar sin féin, ba é EUR -89 607 514 an difríocht iarbhír idir an ranníocaíocht/na hioncaim a bhí tiomnaithe do HPC institiúideach/neamhthráchtála agus na costais sa tréimhse ama chéanna. Is amhlaidh atá toisc, sna chéad 9 mbliana sa tréimhse ama ar leith (i.e. ó 2006 go 2014), gur eisíocadh ranníocaíocht na hAireachta ní mar thuilleamh ach mar ghlansócmhainní (‘patrimonio netto’) mar fhreagairt ar iarraidh na hAireachta iad a mheas mar tháillí comhaltais (féach aithris (208) agus fonótaí 129 agus 130). Déantar na méideanna sin a thaifeadadh fós sa Chiste Dearlaice agus, dá bhrí sin, d’fhéadfaí breathnú orthu mar ‘bharrachas’ – go dtí 2017 ar a laghad. Níor úsáideadh iad, áfach, chun costais oibriúcháin na seirbhísí HPC neamhthráchtála/institiúideacha a chumhdach. Féach tuilleadh mionsonraí in aithris (444). Gníomhaíochtaí HPC neamhthráchtála/institiúideacha
Colún ‘glansócmhainní’ (‘ patrimonio netto ’)/ó 2006 go 2011: a iontráiltear mar ‘glansócmhainní’ ar iarraidh ón Aireacht; Colún ‘glansócmhainní’/ó 2012 go 2014: a iontráiltear mar ‘ patrimonio netto ’ gan iarraidh shainráite ón Aireacht; Colún ‘Costais HPC’/2015: de réir athráiteas na tuarascála ar chostais don Aireacht. Is easnaimh shealadacha iad na heasnaimh le haghaidh 2018 agus 2019; ós rud é nach ndearnadh an fíorú costais go fóill. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(439) |
Maidir leis na seirbhísí TF a soláthraíodh don Aireacht, cuirtear staid an-chosúil i láthair leis na táblaí: bhí an costas táirgthe don tréimhse ábhartha EUR 66 018 871 níos airde ná an t-ioncam ag deireadh 2019 nuair a bhreathnaítear go carnach air. Chun a bheith níos beaichte, tá an difríocht idir ioncam agus costais beagán diúltach cheana féin nuair a bhreathnaítear (go carnach) ar an tréimhse ó 2006 go 2014 amháin (EUR - 208 045). Mar sin féin, téann an figiúr ó 2006 go 2019 in olcas go mór, rud a fhágann go bhfuil toradh críochnaitheach EUR -66 018 871 ann. Is amhlaidh atá toisc go gcuirtear na ranníocaíochtaí bliantúla do na blianta airgeadais ó 2015 go 2018, nár íocadh iarbhír, san áireamh. Lean Cineca ar aghaidh ag soláthar na seirbhísí ar chostas na seirbhísí. Seirbhísí TF do MIUR
Colún 4 agus 5/2012: Baineann an difríocht […] milliún idir ioncam agus fáltais le haghaidh seirbhísí do MIUR le méid a dhearbhaigh an Aireacht go sainráite gur leithdháileadh é chun costais chumaisc na dtrí chuibhreannas (CASPUR, CILEA, CINECA) a chumhdach agus ní chun an tseirbhís a sholáthar. Colúin 2 agus 4/2013: ní mór cuid den mhaoiniú a leithdháileadh in aghaidh na gcostas cumaisc, ach gan an méid a léiriú. Mar sin féin, is cinnte go ndearnadh áibhéil ar mhaoiniú na bliana sin. |
|
(440) |
Ba mhaith leis an gCoimisiún a chur in iúl gur chuir údaráis na hIodáile na sonraí loma isteach is bonn leis na figiúirí sna táblaí. D’fhíoraigh an Coimisiún an dtacaíonn na sonraí loma sin leis na huimhreacha agus chinn sé go léiríonn na figiúirí achoimre a sholáthraítear sna táblaí sin na sonraí loma go cruinn. Leis an modh chun na míreanna costais do na blianta roimh 2016 a fhíorú, díríodh ar a shuí ar léirigh cion na n-ioncam sna foréimsí i gceist cion na gcostas sonraithe sna foréimsí éagsúla vis-à-vis iomlán na gcostas sna blianta aonair. |
|
(441) |
Mhínigh an Iodáil freisin go bhfuil na cuntais faoi réir roinnt nósanna imeachta iniúchóireachta freisin. Tá ráitis airgeadais uile Cineca mar aon le gach gníomhaíocht riaracháin agus chuntasaíochta (ex-post agus ex-ante araon) faoi réir fhíorú Bhord Iniúchóirí Cineca, a gceapann an Aireacht Taighde, i gcomhaontú leis an Aireacht Oideachais, leis an Aireacht Airgeadais, agus le Tionól Cuibhreannais Cineca, an t-uachtarán air. Tá Cineca faoi rialú/athbhreithniú Chúirt Iniúchóirí na hIodáile freisin bunaithe ar Dhlí Uimh. 259/1958 le Foraithne ó Uachtarán Chomhairle na nAirí an 26.8.2016, lena gcuimsítear bainistíocht airgeadais iomlán an Chuibhreannais agus a gcuirtear a thoradh in iúl don Pharlaimint. Ina theannta sin, deimhníonn an chuideachta Deloitte S.p.A cuntais bhliantúla an Chuibhreannais (221). Maidir le haistriú an chúitimh bhliantúil as na seirbhísí TF don Aireacht (trí fhoraithne aireachta, i.e. na Gnáthchistí Maoiniúcháin (222)), bhí an t-aistriú chuig Cineca faoi réir clárú ex-ante ag Cúirt Iniúchóirí na hIodáile agus faoi réir fíorú ag Roinn ghinearálta na gCuntas Náisiúnta san Aireacht Geilleagair agus Airgeadais (223). I gcás gach bliana den tréimhse ama ó 2006 go 2019, rinne na comhlachtaí sin grinnscrúdú ar na buiséid maidir lena ndlíthiúlacht agus shuigh siad go raibh na dlíthe is infheidhme á gcomhlíonadh go hiomlán acu. |
|
(442) |
Ar an mbonn sin, measann an Coimisiún go bhfuil na figiúirí a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin agus a bhí mar bhonn leis na figiúirí achoimre sna táblaí thuas cruinn. |
|
(443) |
A mhéid a bhaineann leis an gcoincheap gur eisíocadh cúiteamh na gcostas a bhain leis na seirbhísí HPC neamhthráchtála/institiúideacha a sholáthar ó 2006 go 2014 mar ‘ghlansócmhainní’ (patrimonio netto) (féach aithrisí (208), (438) agus fonóta 129), cinneann an Coimisiún go bhfuil an míniú inchreidte nach chun oibriú bliantúil na ngníomhaíochtaí HPC neamhthráchtála/institiúideacha a mhaoiniú a bhí an cineál cúitimh sin ach chun bheith mar chuid den chothromas forchoimeádta le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin (224). Déantar na cistí sin a thaifeadadh fós sna Cistí Dearlaice mar shócmhainní. Go deimhin, d’fhíoraigh an Coimisiún go bhfuil iomlán na méideanna sin, thart ar EUR 86 mhilliún, taifeadta in Bilancio (ráitis airgeadais) Cineca in 2014 agus 2015. Is iad na ráitis airgeadais (an clár comhardaithe), mar a mhíníonn údaráis na hIodáile (féach aithris (208) agus fonóta 130), an uirlis chun cruinneas cuntasaíochta agus úsáid chuí barrachas agus, ar bhonn níos ginearálta, na cúlchistí cothromais, a rialú agus a áirithiú. Is í an ionstraim í atá in ann a dheimhniú nach ndéantar aon bharrachas ó ghníomhaíochtaí neamhthráchtála a athinfheistiú i ngníomhaíochtaí tráchtála. |
|
(444) |
Measann an Coimisiún gur léirigh an Iodáil go leordhóthanach nach bhféadfadh maoiniú na seirbhísí TF do MIUR a bheith ina fhoinse le haghaidh tras-fhóirdheonú gníomhaíochtaí tráchtála inar iomaitheoir le Cineca é an gearánach, ós rud é nár tháinig barrachas as an maoiniú (féach aithris (439)). Maidir le gníomhaíocht HPC neamhthráchtála/institiúideach, cinneann an Coimisiún gur sháraigh an t-ioncam costais na seirbhíse, thart ar EUR 19 milliún ag deireadh 2017 ag féachaint ar na torthaí ó 2006 go 2017 ar bhealach carnach (féach an míniú i bhfonóta 130 agus an tábla in aithris (438) i gcolún 6 agus ró 15). D’fhíoraigh an Coimisiún freisin, áfach, nár caitheadh an barrachas EUR 19 milliún ar ghníomhaíochtaí seachas gníomhaíocht HPC neamhthráchtála/institiúideach. |
|
(445) |
Tugann an Coimisiún dá aire go raibh barrachais bheaga ann i mblianta aonair áirithe (amhail ó 2006 go 2010 agus ó 2013 go 2014) i gcás mhaoiniú an tsoláthair seirbhísí TF do MIUR (féach colún 5 agus rónna 2 go 5 agus rónna 9 agus 10 in aithris (439)). Déantar na barrachais bheaga sin a fhritháireamh le fuílleach trí easnaimh in 2010 go 2012. Ós rud é go gcruthaítear freisin an t-easnamh le haghaidh roinnt blianta díreach roimh na blianta sin agus ina ndiaidh, agus an t-easnamh foriomlán an-mhór (225), is ciallmhar ó thaobh cúrsaí eacnamaíocha de go raibh na barrachais éadroma (aon bharrachas go deimhin) dírithe ar an easnamh atá á tháirgeadh ag an ngníomhaíocht i gceist a mhaolú. |
|
(446) |
Tugann an Coimisiún dá aire freisin nach dócha go ndéanfar tras-fhóirdheonú ar ghníomhaíochtaí tráchtála Cineca sa réimse ina bhfuil an gearánach gníomhach, i.e. maidir leis na seirbhísí TF ollscoile agus na seirbhísí TF riaracháin phoiblí, toisc nach bhfuil corrlaigh bhrabúis Cineca sna gníomhaíochtaí sin iomarcach. |
|
(447) |
Ba é 13,4 % ar an meán corrlach brabúis Cineca sa deighleog TF ollscoile poiblí (do chomhaltaí an Chuibhreannais) (226) ó 2016 go 2019, suas ó 6 % ó 2005 go 2015 (227). Tharla an méadú mar thoradh ar dhlíthíocht a thionscain an gearánach as ar eascair carnadh cúlchistí toisc gur tháinig deireadh le hinfheistíochtaí. Beidh ar infheistíochtaí atosú agus, dá bhrí sin, tá coinne leis go dtiocfaidh laghdú ar bhrabúsacht arís amach anseo. Bhí brabúsacht 20 % ag Cineca sa deighleog TF ollscoile príobháidí sa tréimhse ó 2006 go 2019 (féach fonóta 128), ach tá brabúsacht 40 % ar a laghad sa deighleog TF de réir faisnéis atá ar fáil go poiblí. Táirgeadh easnamh sa deighleog TF riaracháin phoiblí ó 2006 go 2019, i.e. táirgeadh EUR -4 000 000 (ach gan figiúirí MIUR san áireamh). |
|
(448) |
Mar achoimre, measann an Coimisiún ar bhonn na faisnéise sin nach ndearna Cineca tras-fhóirdheonú ar a ghníomhaíochtaí tráchtála sa deighleog riaracháin phoiblí ná sa deighleog seirbhísí TF ollscoile ó mhaoiniú poiblí a soláthraíodh le haghaidh seirbhísí TF do MIUR agus seirbhísí HPC neamhthráchtála/institiúideacha. |
|
(449) |
Ní leordhóthanach argóintí an ghearánaigh ná an fhaisnéis a sholáthair sé chun amhras a chaitheamh ar an gconclúid sin. Cuirfidh an Coimisiún líomhaintí breise an ghearánaigh chun tacú le tras-fhóirdheonú i láthair anois, mar aon le frithargóintí na hIodáile. Ar deireadh, tabharfaidh an Coimisiún aghaidh go mionsonrach ar na líomhaintí agus ar an bhfaisnéis sin thíos. |
|
(450) |
Déanann an gearánach iarracht a chruthú gur tharla tras-fhóirdheonú ó mhaoiniú na seirbhísí TF MIUR agus na ngnólachtaí HPC neamhthráchtála/institiúideacha bunaithe ar roinnt argóintí. Argóint amháin den sórt sin is ea gur bhain Cineca meánbhrabúsacht 13 % amach ina cheithre mhór-réimse gníomhaíochta idir 2017 agus 2019 (féach aithris (120)). Maidir leis an bhfigiúr 13 %, cuireann an Iodáil in iúl go raibh an fhaisnéis bunaithe ar mhíthuiscint: léirítear ioncaim leis an gcairt dá dtagraíonn an gearánach agus níor figiúr a bhain le brabús é. |
Easnaimh mhodheolaíochta
|
(451) |
Mar a mhínítear in aithrisí (94) go (99), déanann an gearánach roinnt líomhaintí a bhaineann leis an easpa ginearálta deighilte cuntas, ar tugadh aghaidh ar chuid acu thuas (féach aithrisí (424) go (427)). Is é an príomhlíomhain nach bhfuil aon chuntasaíocht ar leithligh idir fo-aonaid na gníomhaíochta HPC i.e. gníomhaíocht HPC neamhthráchtála/institiúideach, gníomhaíocht HPC an Aontais agus gníomhaíocht HPC tráchtála (argóint an ‘chláir aonair cuntas inmheánach’ in aithris (97)). Sholáthair an gearánach na líomhaintí tacaíochta seo a leanas: 1) roimh 2015, níor chuir Cineca tuarascálacha cuntasaíochta isteach do sheirbhísí TF MIUR; 2) déantar an nós imeachta cuntasaíochta anailísí ex-post seachas ex-ante, agus 3) de réir na tuarascála ó Phóilíní Cánach Bologna (féach aithris (92)), bhí an difríocht róshubstaintiúil idir an ranníocaíocht as gníomhaíocht HPC neamhthráchtála/institiúideach i bhfoirm ‘patrimonio netto’ (féach aithris (208)) go dtí 2014 agus an bealach maoiniúcháin ina dhiaidh sin (i.e. trí dheontais), agus bhí Cineca in ann cistí poiblí a úsáid ar dhiscréid leathan (aithris (99)). |
|
(452) |
A mhéid a bhaineann leis an líomhain nach bhfuil gníomhaíocht HPC foroinnte ina foréimsí, tá fianaise ann chun an coincheap sin a bhréagnú. Mar shampla, míníonn an gearánach féin go bhfuil réimse HPC roinnte i dtrí réimse: ‘Gníomhaíochtaí sár-ríomhaireachta institiúideacha’ (i.e. neamhthráchtála); ‘Tionscadal arna mhaoiniú’ (tionscadail an Aontais) agus ‘Ríomhanna teicniúla’ (i.e. cliaint) (féach aithris (119)). Míníonn an Iodáil freisin (ina freagra ar iarraidh faisnéise Uimhir 4 ón gCoimisiún) go ndéantar ‘orduithe a bhainistiú sna cuntais trí úsáid a bhaint as an modh ‘cuntasaíochta tionscadalbhunaithe’ i réimse HPC, lenar féidir costais a bhaineann leis an tionscadal a rianú in aghaidh an ordaithe aonair’. |
|
(453) |
Maidir le hargóint an ‘chláir aonair cuntas inmheánach’, tá an Coimisiún suite de gur theip ar an ngearánach a chruthú nár foroinneadh gníomhaíocht HPC ina foghníomhaíochtaí éagsúla. A mhéid a bhaineann le cineál ex-post na modheolaíochta cuntasaíochta (seachas modheolaíocht ex-ante), ní féidir aon cheanglas a thuiscint ón Treoir um Thrédhearcacht ná ón gcásdlí go mbeadh gá le modheolaíocht ex-post (féach aithrisí (425) go (427)). Ina theannta sin, míníodh in aithris (428) den chinneadh seo (agus in aithris 149 den chinneadh tosaigh) go bhfuil an Iodáil saor chun an easpa tras-fhóirdheonaithe a léiriú trí dheighilt éifeachtach cuntasaíochta costála a bheith ann nó trí chóras a bhí i bhfeidhm chun tras-fhóirdheonú nó róchúiteamh a chosc. Níor thug aon cheann de na forálacha sin le fios go raibh gá le modheolaíocht ex-ante don leithdháileadh costas chun easpa tras-fhóirdheonaithe a chruthú. Ar deireadh, a mhéid a bhaineann le barúil na tuarascála ó Phóilíní Cánach Bologna maidir leis an modh ranníocaíochta ‘patrimonio netto’, tarraingíonn an Coimisiún aird ar an bhfíoras nár suíodh leis an tuarascáil aon sárú ar aon cheann de na rialacha cuntasaíochta a bhaineann le maoiniú gníomhaíochta HPC neamhthráchtála/institiúideach (228). Ar an mbonn sin, ní féidir leordhóthanacht chur i bhfeidhm an mhodha a cheistiú. Ar deireadh, shéan an Iodáil go sainráite an líomhain nár cuireadh aon tuarascáil ar chostais faoi bhráid na hAireachta roimh 2015 as na seirbhísí a tugadh. Míníonn an Iodáil gur liostaíodh agus gur seiceáladh go sainráite na costais a thabhaigh Cineca roimh an ranníocaíocht a deonaíodh dóibh. Ó 2015 ar aghaidh, áfach, bhí na tuarascálacha ar chostais faoi réir nósanna imeachta tuairiscithe níos casta. |
Athráiteas ex-post ar chuntais (aithrisí (100) go (107))
|
(454) |
Baineann líon mór d’argóintí an ghearánaigh le tuarascáil Cineca ar chostais chuig MIUR chun aisíocaíocht a iarraidh as seirbhísí TF MIUR agus gníomhaíochtaí HPC neamhthráchtála/institiúideacha don bhliain 2015 (‘tuarascáil 2015’) a d’athshonraigh (229)Cineca in 2019. Baineann argóintí an ghearánaigh leis na fíorais gur cuimsíodh leis an tuarascáil athshonraithe 1) figiúr méadaithe le haghaidh costais indíreacha agus laghdú (230) mór ar an líon costas díreach ar phearsanra a fostaíodh le haghaidh ghníomhaíocht HPC neamhthráchtála/institiúideach ó 2016 ar aghaidh (féach aithrisí (102) agus (104)) agus 2) figiúr íocaíochta CBL mar chostas indíreach, rud nár áiríodh leis an gcéad tuarascáil (féach aithris (105)). Maidir le CBL, líomhnaíonn an gearánach freisin gur iarr Cineca go n-aisíocfaí CBL faoi dhó. Líomhnaítear go gcuireann na gnéithe sin uile cruinneas an tuairiscithe in amhras. |
|
(455) |
Tagraíonn an gearánach freisin do choigeartú ex-post ar iarrataí ar aisíocaíocht costas i dtaca le tionscadail HPC arna maoiniú ag an Aontas (féach aithrisí (100), (101), (106) – lena n-áirítear asbhaint chostais thionscadail EUROfusion ó thuarascáil 2016 ar chostais – agus (106)) (231). Sna líomhaintí sin, tarraingíonn an gearánach aird ar chleachtas líomhnaithe athráiteas ex-post ar thuarascálacha ar chostais a bhaineann le HPC. |
|
(456) |
Mar fhreagairt ar dhúshlán an ghearánaigh maidir le cruinneas thuairisciú 2015 ar chostais gníomhaíochta HPC neamhthráchtála/institiúideach lena líomhnaítear tuairisciú dúbailte ar na costais phearsanra (aithris 35 agus fonóta 24 den chinneadh tosaigh, mar aon le haithrisí (104) agus (111) den chinneadh seo), shonraigh an Iodáil (thar ceann Cineca) an méid seo a leanas: Rinneadh an tuarascáil a athoibriú in 2019 ar bhonn cur i bhfeidhm níos déine fós de mhodheolaíocht ríofa costais níos sofaisticiúla Cineca a úsáideadh ó bhí 2016 ann, as ar eascair méid EUR 13 157 494 de chostais iomlána le haghaidh 2015 (féach aithris (211)). Tá an méid deireanach sin i bhfad níos airde ná an ranníocaíocht phoiblí le haghaidh na bliana sin arb fhiú EUR 11 mhilliún í fós. Tá an Iodáil den tuairim, dá bhrí sin, nach bhfuil tuarascáil 2015 ar chostais gníomhaíochta HPC neamhthráchtála/institiúideach ábhartha a thuilleadh. Maidir leis an líomhain faoin éileamh dúbailte a cuireadh isteach le haghaidh na haisíocaíochta CBL, míníonn an Iodáil gur cuireadh costais CBL a bhain le seirbhísí HPC don tréimhse ó 2012 go 2015, arb fhiú EUR 6 343 000 iad (dlite le haghaidh 2012 go 2015), leis an athríomh mar thoradh ar chigireacht chánach a rinne an Ghníomhaireacht Ioncaim. Leithdháileadh an méid ar 2015, mar ba í sin an chéad bhliain a bhféadfaí na costais sin a mhuirearú ina leith, ós rud é nach raibh dliteanas Cineca ina leith ar eolas sna blianta roimhe sin (féach fonóta 132). A mhéid a bhaineann leis an líomhain gur éilíodh CBL faoi dhó, séanann an Iodáil an líomhain gur cuireadh isteach é faoi dhó le haghaidh aisíocaíochta. |
|
(457) |
Tá an Coimisiún den tuairim nach bhfuil aon fhadhb ag baint le hathráiteas thuarascáil 2015 ar chostais. Is amhlaidh atá toisc go raibh méid níos airde fós ag baint le costas na dtionscadal mar thoradh ar an athshonrú, i.e. thart ar EUR 13 157 494 (féach aithris (211)) cé gur fhan an leibhéal aisíocaíochta mar an gcéanna. i.e. EUR 11 mhilliún (féach aithris (211)) agus, dá bhrí sin, ní chruthaíonn an t-athráiteas aon fhéidearthacht maidir le tras-fhóirdheonú gníomhaíochtaí eile (HPC nó neamh-HPC). Cinneann an Coimisiún go bhfuil dearbhú na hIodáile nach ndearnadh íocaíocht CBL a éileamh faoi dhó inchreidte freisin. |
|
(458) |
Tagann an Coimisiún ar an gconclúid freisin nach n-eascraíonn aisíocaíocht dhúbailte as iarrataí ex post ar aisíocaíocht i bhfianaise aisíocaíocht pháirteach na gcostas a tabhaíodh ó fhoinsí eile, ós rud é go bhfónann an t-athráiteas go díreach don chuspóir aisíocaíocht dhúbailte a sheachaint. |
|
(459) |
Ar deireadh, tugann an Coimisiún faoi deara freisin maidir le samplaí sonracha an ghearánaigh a bhaineann le heaspa deighilte idir gníomhaíochtaí HPC neamhthráchtála/institiúideacha agus tionscadail arna maoiniú ag an Aontas (féach aithrisí (100) agus (107)), de bharr a gcineáil, nach líomhnaíonn siad tras-fhóirdheonú gníomhaíochtaí seachas tras-fhóirdheonú féideartha idir gníomhaíochtaí HPC neamhthráchtála/institiúideacha agus tionscadail an Aontais. Dá bhrí sin, ní fhéadfadh aon tras-fhóirdheonú féideartha (fiú dá dtarlódh sé) difear a dhéanamh d’iomaíocht ach amháin san earnáil HPC nach bhfuil an gearánach gníomhach inti. |
Róchúiteamh, míchruinnis agus neamhréireachtaí (aithrisí (108) go (119))
|
(460) |
Déanann an gearánach roinnt maíomh lena líomhnaítear róchúiteamh, míchruinnis agus neamhréireachtaí. Baineann cuid acu sin le costais foirne. Mar shampla, maíonn an gearánach go dtuairiscíonn Cineca 100 % de chostais tionscadail an Aontais don Aontas agus go n-aisíoctar é ag ráta 75 % ach go n-éilíonn sé an 25 % de na costais foirne ó MIUR freisin (féach aithris (108)). Maíonn sé freisin gur úsáideadh algartam mícheart le tuarascáil 2015 chun costais indíreacha phearsanra a ríomh (féach aithris (109)) rud a d’fhágfadh, sa sampla sonrach a thug an gearánach, go ndéanfaí áibhéil 50 % ar chostais tionscadail HPC. Baineann líomhain eile leis an líon foirne i bhfad níos ísle a bhí ag obair ar HPC neamhthráchtála/institiúideach ó 2016 go 2018 i gcomparáid le tuarascáil bhunaidh 2015 ar chostais foirne (aithris (111)), agus an tuairisciú ar chostas seachtar ball foirne do MIUR agus don Aontas araon sa tréimhse ama chéanna (aithris (112)). Déanann an gearánach líomhaintí freisin a bhaineann le tuarascálacha 2016 agus 2017 ar chostais, agus cuireann sé in iúl gur ‘meánchostais’ phearsanra iad na costais phearsanra, ach i dtuarascálacha 2018 den chineál céanna, tá ‘costais phearsanra iarbhír a tuairiscíodh’, a bhí níos airde ná na ‘meánchostais’ in 2016 agus 2017 (féach aithris (117)). |
|
(461) |
Séanann an Iodáil go dtarlaíonn róchúiteamh. A mhéid a bhaineann leis an líomhain go raibh an líon foirne a bhí ag obair ar HPC neamhthráchtála/institiúideach i bhfad níos ísle ó 2016 go 2018 i gcomparáid le tuarascáil bhunaidh 2015 ar chostais foirne (aithris (111)), agus an tuairisciú ar chostas seachtar ball foirne do MIUR agus don Aontas araon (aithris (112)), míníonn an Iodáil nach ndéanann Cineca aon chuntasaíocht dhúbailte ar chostais. Go háirithe, cuireann an Iodáil in iúl go ríomhtar costais phearsanra na ngníomhaíochtaí a bhaineann le HPC ar bhonn bileoga ama (féach aithris (212)). Is féidir, dá bhrí sin, go mbeidh an duine céanna fostaithe ar thionscadail éagsúla HPC, ach ní chuirfear na costais saothair chéanna faoi bhráid roinnt cliant agus ní tharlóidh aon chuntasaíocht dhúbailte. |
|
(462) |
Míníonn an Iodáil freisin (fonóta 125) go leanann tuarascálacha airgeadais a bhaineann le tionscadail arna maoiniú ag an Aontas Eorpach, ina theannta sin, treoirlínte a leagtar amach san fhógra tionscadail aonair, go bhfuil deimhniú iniúchóireachta arna eisiúint ag deimhnitheoir seachtrach ag gabháil leo agus go bhfuil siad faoi réir spotseiceálacha ag an gCoimisiún Eorpach. |
|
(463) |
Cinneann an Coimisiún freisin go bhfuil míniú na hIodáile inchreidte, is é sin, an cleachtas maidir le costais saothair a chlárú ar bhonn bileoga ama (232), rud a fhágann gur féidir amanna oibre páirteacha a ríomh le haghaidh roinnt tionscadal a n-oibríonn oibrí orthu go comhthreomhar. |
|
(464) |
Maidir leis an 25 % de chostais phearsanra a bheith tuairiscithe don Aontas ach nár aisíocadh iad (féach aithris (108)), is é conclúid an Choimisiúin nár thángthas ar chonclúid mar thoradh ar na líomhaintí go ndearnadh aisíocaíocht dhúbailte ar an gcostas céanna. Is amhlaidh atá toisc go dtugtar tuairisc chruinn leis an gcás fíorasach ar chóras nach n-aisíocann an tAontas 25 % de na costais phearsanra ann. I ndáil leis sin, fiú má d’aisíoc MIUR an 25 % sin, ní aisíoctar an méid ach uair amháin. Cinneann an Coimisiún freisin go bhfuil na nósanna imeachta iniúchóireachta atá i bhfeidhm ag tionscadail arna maoiniú ag an Aontas Eorpach leordhóthanach chun iompar calaoiseach a chosc. |
|
(465) |
A mhéid a bhaineann leis an líomhain maidir le halgartam mícheart a úsáid (féach aithris (109)) chun costais tionscadail a leithdháileadh le haghaidh costais HPC neamhthráchtála/institiúideacha agus costais HPC eile do 2015, sonraíonn údaráis na hIodáile gur athshonraíodh tuarascáil 2015 ar chostais (féach aithris (211)) agus, dá bhrí sin, nach bhfuil cuspóir le haon cheist den sórt sin a bhaineann leis an algartam a thuilleadh. |
|
(466) |
Aontaíonn an Coimisiún le barúil na hIodáile, i bhfianaise athshonrú thuarascáil 2015 ar chostais, nach mbaineann an cheist maidir le cruinneas an algartaim do thuarascáil 2015 bhunaidh ar chostais le hábhar agus go bhfuil sí neamhéifeachtach. Ina theannta sin, ba mhaith leis an gCoimisiún a chur in iúl freisin gur cosúil go bhfuil argóint an ghearánaigh maidir le áibhéil costas indíreach i dtuarascáil 2015 frithráiteach. Ar thaobh amháin, maíonn an gearánach gurb é is cúis leis an áibhéil nach n-asbhaintear na costais indíreacha uile a bhaineann le cliant ó na costais indíreacha agus léiríonn sé é sin leis an sampla sonrach de thionscadal sonrach do chliaint a raibh áibhéil 50 % ar chostas iomlán tionscadail mar thoradh air (féach aithris (109)). Ar an taobh eile, maíonn an gearánach gurb é 33,33 % an spreagadh le haghaidh leithdháileadh costas indíreach (féach freisin aithris (109)). |
|
(467) |
Baineann na líomhaintí seo a leanas le tuairisciú dúbailte ar chostais eile. Maíonn an gearánach gur iarr Cineca, i dtaca le tuarascáil 2015 ar chostais gníomhaíochta HPC, aisíocaíocht ó MIUR le haghaidh costais (lena n-áirítear costais leictreachais) seirbhísí HPC tráchtála freisin, e.g. do ENI (féach aithrisí (110) agus (113)). Thairis sin, líomhnaíodh nár asbhaineadh costais HPC do Eni ón tuarascáil ar chostais HPC neamhthráchtála/institiúideacha a tuairiscíodh ó 2016 ar aghaidh ach oiread (233) (aithris (116)). Líomhnaíonn an gearánach freisin, le tuarascáil 2015 ar chostais a bhaineann le gníomhaíocht HPC neamhthráchtála/institiúideach, go ndearnadh costais leictreachais EUR 1 541 380,40 a mharcáil le haghaidh aisíocaíochta a tabhaíodh iarbhír i dtaca le tionscadal HPC de chuid an Aontais (féach aithris (113)). Thairis sin, áitíonn an gearánach go ndearnadh áibhéil maidir leis na costais leictreachais i dtuarascáil 2018 ar chostais (i.e. EUR 1 977 835,09), toisc gur ainmníodh iad mar chostais leictreachais ‘HPC Ginearálta’ (i.e. ní dhearnadh iad a dheighilt ina bhfochatagóirí de ghníomhaíocht HPC) agus, an tráth céanna, go ndearnadh na costais phearsanra a dheighilt go soiléir de réir gníomhaíochta HPC neamhthráchtála/institiúideach agus gníomhaíochta HPC tráchtála (féach aithris (119)). |
|
(468) |
A mhéid a bhaineann leis an maíomh gur iarr Cineca i dtuarascáil 2015 maidir le costais gníomhaíochta HPC (agus ó 2016 ar aghaidh) aisíocaíocht ó MIUR ar chostais (lena n-áirítear costais leictreachais EUR 1 541 380,49 in 2015) a bhain le tionscadail tráchtála (i.e. Eni) agus tionscadail HPC an Aontais (féach aithrisí (110), (113) agus (116)), easaontaíonn an Iodáil leis na líomhaintí. D’athdhearbhaigh an Iodáil freisin gur cuireadh tuarascáil athshonraithe ar chostais in ionad thuairisciú 2015 (féach aithris (213)). Chuir an Iodáil leis sin go ndéantar an chuntasaíocht le haghaidh an chostais leictreachais i gcomhréir leis an modheolaíocht leithdháilte costas ar a dtugtar tuairisc in aithris (202) et. seq. A mhéid a bhaineann leis an líomhain go ndearnadh áibhéil ar na costais leictreachais EUR 1 977 835,09 i dtuarascáil 2018 maidir le costais (féach aithris (119)), sholáthair an Iodáil na figiúirí iarbhír maidir le hídiú leictreachais agus chuir sí isteach an chuid ábhartha de thuarascáil 2018 maidir le costais lena sonraítear go leithdháiltear na costais leictreachais ar bhonn na cumhachta a úsáideann trealamh seomraí meaisín Lárionad Sonraí Bologna atá tiomnaithe don tsár-ríomhaireacht. Míníonn údaráis na hIodáile nár bhain an méid líomhnaithe EUR 1 977 835,09 ach le gníomhaíocht HPC neamhthráchtála/institiúideach. Bhí an costas iomlán thart ar EUR 3,7 milliún agus, dá bhrí sin, ní dhearnadh áibhéil ar an bhfigiúr (féach aithris (213) agus fonóta 133). Míníonn údaráis na hIodáile freisin maidir le tuarascáil 2016 ar chostais, go raibh an aisíocaíocht as gníomhaíochtaí HPC neamhthráchtála/institiúideacha ag MIUR faoi bhun chostais na gníomhaíochta (costais EUR […] i gcomparáid le haisíocaíocht EUR 9 500 000). |
|
(469) |
Measann an Coimisiún nach gcruthaíonn líomhaintí an ghearánaigh gur tharla cuntasaíocht dhúbailte/aisíocaíocht dhúbailte nó áibhéil costas i dtaca le tuarascáil 2015 ar chostais, tuarascáil 2016 ar chostais nó tuarascáil 2018 ar chostais. Ar an gcéad dul síos, níl aon fhadhb ag baint le haon cheartú/athráiteas cúlghabhálach ar na costais fad a bhíonn na figiúirí cearta mar thoradh air i dtaca leis na costais in-aiséilithe. Admhaíonn an gearánach féin, arís agus arís eile, go dtarlódh róchúiteamh, mura ndéanfaí ceartú (234). Ar an dara dul síos, measann an Coimisiún nach bhfuil tuarascáil 2015 ar chostais ábhartha a thuilleadh ós rud é gur athshonraíodh í (235). Níl aon riail ann a chuirfeadh toirmisc ar athráiteas den sórt sin. Ina theannta sin, chinn an Coimisiún go léirítear gníomhaíocht Eni go soiléir i gclár comhardaithe 2015 mar ghníomhaíocht tráchtála phríobháideach, rud a léiríonn freisin nach mór gur coimeádadh na cuntais a bhaineann le gníomhaíocht HPC tráchtála ar leithligh. Níl sa mhaíomh a bhaineann le tuarascáil 2016 ar chostais (féach fonóta 83) bunaithe ar ráiteas gur tháinig méadú 10 % ar ioncam Cineca a bhaineann le HPC in 2017, ach cruthúnas ar an méid a shonraítear ann, i.e. an méadú ar ioncam Cineca. Ní chruthaíonn sé nach raibh cuntais Eni deighilte ó chuntais gníomhaíochtaí HPC neamhthráchtála/institiúideacha. |
|
(470) |
Thairis sin, creideann an Coimisiún soiléiriú údaráis na hIodáile a bhaineann leis na costais leictreachais le haghaidh 2018 agus tá sé muiníneach gur cuireadh an mhodheolaíocht chuntasaíochta costála nua i bhfeidhm maidir leis na costais leictreachais tar éis 2018, a bhí oiriúnach chun na costais a leithdháileadh go réalaíoch (féach aithrisí (432) agus (433)). |
|
(471) |
Chomh maith le gan aon chruthúnas a fháil go ndearnadh aisíocaíocht dhúbailte ar chostais chomhionanna sna samplaí a tugadh, is ábhar misnigh é don Choimisiún an fíoras, mar a mhíníonn an Iodáil (fonóta 125), go leanann tuarascálacha airgeadais a bhaineann le tionscadail arna maoiniú ag an Aontas Eorpach, ina theannta sin, treoirlínte a leagtar amach san fhógra tionscadail aonair, go bhfuil deimhniú iniúchóireachta arna eisiúint ag deimhnitheoir seachtrach ag gabháil leo agus go bhfuil siad faoi réir spotseiceálacha randamacha ag an gCoimisiún Eorpach. Ar an mbonn sin, measann an Coimisiún nach bhfuil aon chruthúnas ann gur tharla aisíocaíocht dhúbailte i dtaca le haon cheann de na samplaí a luaigh an gearánach go sonrach. |
|
(472) |
A mhéid a bhaineann le cruthúnas ar easnaimh mhodheolaíochta i gcoitinne, chuir an gearánach tuairim dhlíthiúil isteach freisin ó ghnólacht dlí Milano Granelli ina shonraítear, de réir an ghearánaigh, gur féidir na costais phearsanra uile a bhaineann le HPC a thuairisciú do MIUR ‘gan beann ar cé acu a measadh nó nár measadh na costais, go hiomlán nó go páirteach, a bheith incháilithe faoi chuimsiú thionscadail an Aontais’ (féach aithris (114)). |
|
(473) |
Ón ráiteas sin i dtuairim Granelli, tháinig an gearánach ar an gconclúid freisin gur thuairiscigh Cineca na costais chéanna le haghaidh aisíocaíochta don Aontas agus do MIUR i dtuarascáil 2015 ar chostais HPC. Mar sin féin, tá an Coimisiún den tuairim go gciallaíonn an focal ‘incháilithe’ san abairt ‘gan beann ar cé acu a measadh nó nár measadh na costais, go hiomlán nó go páirteach, a bheith incháilithe faoi chuimsiú thionscadail an Aontais’ gur féidir féachaint ar chostas áirithe mar bhonn d’íocaíocht. Ní chiallaíonn sé sin go n-aisíocfar an mhír chostais féin. Ní chiallaíonn incháilitheacht (i.e. chun an bonn íocaíochta a shuí) míre costais gur féidir an costas iomlán a aisíoc. Ní comhchiallaigh iad incháilitheacht agus aisíocaíocht. Is gá na costais uile atá incháilithe lena mbreithniú a thuairisciú chun an ráta aisíocaíochta a chinneadh. Mar shampla, más é 50 % an ráta aisíocaíochta, is é 100 % an costas incháilithe (an costas le meas mar bhonn don ríomh). Sa sampla seo, is é an 50 % an méid a aisíocfar agus is é an 100 % an bonn incháilitheachta. Ní athraítear é sin toisc go bhféadfaí tuairim Granelli a léirmhíniú chun a thabhairt le tuiscint go bhfuil ‘costais incháilithe’ mar an gcéanna le ‘costais inaisíoctha’. Is léirmhíniú earráideach é sin. |
|
(474) |
Líomhnaíonn an gearánach freisin, de réir na tuairime dlíthiúla sin, go bhfuil bealach eile ann chun aisíocaíocht dhúbailte incheadaithe a dhéanamh ar chostais tionscadail a bhaineann leis an Aontas a mhéid a n-aisíoctar costais saothair a bhaineann le tionscadal de chuid an Aontais d’ainneoin go bhfuil tuarastail á n-íoc ag tríú páirtithe (e.g. an Stát) leis an lucht saothair atá rannpháirteach i dtionscadail de chuid an Aontais, amhail ollúna ollscoile nó fostaithe gnólachtaí príobháideacha. Mar sin féin, aisíocann MIUR costais phá fostaithe Cineca tríd an nGnáthchiste Maoiniúcháin (féach fonóta 82). Tá an Coimisiún den tuairim nach róchúiteamh é sin toisc gur míreanna costais iad na gnáthchostais phá do na hollscoileanna nó d’fhostóir príobháideach toisc go dtugtar d’fhostaithe iad. Is é sin le rá, ní dhéanann na heintitis na costais sin a ‘choimeád’. Ba mhaith leis an gCoimisiún a chur in iúl freisin go sonraítear leis an tuairim dhlíthiúil féin gur cuireadh an cheist i dtaca leis an tuarascáil ar chostais HPC neamhthráchtála/institiúideacha a bhaineann leis an gcéad leath de 2015. Ós rud é gur athshonraíodh tuarascáil 2015 ar chostais, níl an tuairim ábhartha ag an bpointe seo. |
|
(475) |
Ar deireadh, ba mhaith leis an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar na líomhaintí a rinneadh i dtaca leis an dá thuarascáil imscrúdaitheacha a chuir an gearánach isteach i mí Iúil agus i mí Mheán Fómhair 2023 (féach aithris (92)). |
|
(476) |
A mhéid a bhaineann leis na líomhaintí a rinneadh i dtaca leis an dá thuarascáil imscrúdaitheacha a chuir an gearánach isteach i mí Iúil agus i mí Mheán Fómhair 2023 (féach aithris (92)), ba mhaith leis an gCoimisiún aird a tharraingt ar an méid seo a leanas: sa toradh fíorais tosaigh ó Lazio a foilsíodh an 24 Iúil 2020, chinn an t-ionchúisitheoir, le hordú an 14 Aibreán 2021, an t-imscrúdú a dhúnadh, toisc nach raibh dóthain fianaise ann chun dliteanas cuntasaíochta nó riaracháin a shuí, agus luaigh sé an tráth céanna gur chuir MIUR an íocaíocht le Cineca ar fionraí ó 2016 go 2018 as seirbhísí TF MIUR. Ba é conclúid chríochnaitheach na Tuarascála ó Phóilíní Cánach Bologna an 15 Meitheamh 2020 nach ndearnadh an t-imscrúdú ‘ceilt ná meargántacht shoiléir a nochtadh i dtaca le tuairisciú 2015 chun MIUR a chur ar míthreoir, ná ráiteas nó doiciméad bréagach a úsáid.’ Bunaithe ar na ráitis sin agus ar na breithnithe a mhínítear thuas, measann an Coimisiún nach gcruthaítear le hábhar an dá thuarascáil imscrúdaitheacha sin gur tharla aisíocaíocht dhúbailte ar chostais a bhaineann le tionscadail HPC. |
|
(477) |
Ar an mbonn sin, níl aon chúis ag an gCoimisiún cruinneas dhá bhreithiúnas ar tháinig an Chomhairle Stáit orthu a cheistiú: breithiúnas an 2 Bealtaine 2018 Uimh. 6009/2018 a bhaineann le tuarascálacha 2015 ar chostais agus breithiúnas an 19 Iúil 2019 Uimh. 10528/2019. Sonraítear an méid seo a leanas i roinn 1,4 den chéad bhreithiúnas: ‘D’fhéadfadh ráitis airgeadais bhliantúla an eintitis ábhartha a bheith i gceist le fianaise ar leithdháileadh cuí costas, cistithe agus ioncam. I ndáil leis sin freisin, ní mór a mheas go bhfuil sé suite go sásúil go n-úsáideann Cineca cuntais anailíseacha atá in ann príomhghníomhaíochtaí an Chuibhreannais a dheighilt agus a shonrú de réir lárionaid chostas (ceann scríbe) agus de réir an chineáil ioncaim agus costais, agus de réir roinne gnó chomh maith. Tá sé sin i gcomhréir leis an iliomad rialacha reachtúla agus rialála lena gceanglaítear deighilt cuntasaíochta idir gníomhaíochtaí de chineál eacnamaíoch agus gníomhaíochtaí de chineál neamheacnamaíoch.’ |
|
(478) |
Cinneadh freisin leis an dara breithiúnas, i roinn 3.2 de, i dtuarascáil 2018 a bhaineann leis na seirbhísí don Aireacht agus leis an ngníomhaíocht HPC neamhthráchtála/institiúideach, ‘[go bhfuil] sé léirithe go leordhóthanach ag Cineca freisin go bhfuil an ghníomhaíocht [HPC] faoi réir cineál cuntasaíochta agus tuairiscithe ar leithligh.’ Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go ndearnadh anailís le breithiúnas Uimh. 6009/2018 ar an gcóras deighilte costas a bhí i bhfeidhm in 2015 (i.e. sular tugadh isteach an córas deighilte cuntasaíochta anailísí níos sofaisticiúla), agus go ndearnadh anailís leis an dara breithiúnas ar dheighilt costas an chórais a tugadh isteach tar éis 2015. Ar an mbonn sin, is é conclúid an Choimisiúin gur cinneadh leis an dá bhreithiúnas go raibh an dá chóras deighilte cuntas leordhóthanach. |
4.1.3.2
|
(479) |
Ar an mbonn sin, agus i bhfianaise na faisnéise thuas, measann an Coimisiún nár tharla aon tras-fhóirdheonú ón gcistiú a fuair Cineca do sheirbhísí TF MIUR agus do ghníomhaíochtaí HPC neamhthráchtála/institiúideacha chun dochair do ghníomhaíochtaí in earnálacha ina bhfuil iomaíocht ón ngearánach roimh Cineca (i.e. an margadh seirbhísí TF ollscoile nó an margadh seirbhísí TF riaracháin phoiblí). |
4.2. Conclúid maidir le cabhair a bheith ann
|
(480) |
Is é conclúid an Choimisiúin nach státchabhair iad na bearta líomhnaithe. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ní cabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh é an beart atá curtha chun feidhme ag Poblacht na hIodáile do Cineca.
Airteagal 2
Is chuig Poblacht na hIodáile a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Samhain 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
Margrethe VESTAGER
Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin
(1) Státchabhair – an Iodáil – Státchabhair SA.39639 (2021/C ex 2021/NN) – Bearta státchabhrach líomhnaithe i bhfabhar Chuibhreannas Cineca – Cuireadh chun barúlacha a chur isteach de bhun Airteagal 108(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, (IO C 177, 7.5.2021, lch. 29).
(2) Le Foraithne Dlí Uimh. 1/2020 a foilsíodh san Iris Oifigiúil an 9 Eanáir 2020, rinneadh MIUR a dheighilt ina Aireacht Oideachais agus ina Aireacht Ollscoile agus Taighde - MUR.
(3) IO C 177 7.5.2021, lch. 29.
(4) Féach Leasú ar chomhaontú Uimh. 1167 lena mbunaítear cuibhreannas idir-ollscoileanna chun lárionad ríomhaireachta oirthuaisceart na hIodáile a bhainistiú an 1 Nollaig 1967: ‘ Is é cuspóir bunúsach an Chuibhreannais oibriú an lárionaid ríomhaireachta a áirithiú, na coinníollacha a chothú chun na modhanna uathoibrithe próiseála sonraí is forbartha a sholáthar don Roinn Oideachais agus d’aon chomhalta den Chuibhreannas, comhordú a dhéanamh ar thaighde atá ceaptha chun an raon sócmhainní agus an clár próiseála a fheabhsú agus oideachas a sholáthar maidir le húsáid na próiseála uathoibrithe. Mar eisceacht, féadfaidh an Cuibhreannas glacadh le hiarrataí ó chuideachtaí a bhfuil ardtáirgiúlacht agus trealamh nua-aimseartha acu agus atá rannpháirteach sna forbairtí is déanaí, ar choinníoll go bhfuil leas eolaíoch ann é sin a dhéanamh’. Tá toirmeasc ar bhrabúis a dháileadh agus tá oibleagáid ann ranníocaíocht comhaltais, cúlchistí agus brabúis oibriúcháin a choimeád sna glansócmhainní nach féidir a athinfheistiú i ngníomhaíochtaí tráchtála. Ní féidir cistí an Chuibhreannais a rochtain de bhun Airteagal 2612 et seq. den Chód Sibhialta. Leagtar síos an ghné neamhbhrabúsach freisin in Airteagail Chomhlachais Cineca (féach Airteagal 1.3), agus leagtar síos an toirmeasc ar dháileadh in Airteagal 17 (leagan 2006 de na hAirteagail Chomhlachais).
(5) In 2006, chuaigh MIUR isteach sa Chuibhreannas freisin.
(6) Airteagal 16(3) d’Airteagail Chomhlachais Cineca 2009.
(7) Sa doiciméad seo, ciallaíonn ‘seirbhísí TF’ córais agus bogearraí TF a dhearadh, a fhorbairt, a sholáthar agus a chothabháil. Áirítear leis freisin gníomhaíochtaí amhail bainistiú tionscadal, comhairleacht, etc. a bhaineann le TF. Nuair is gá agus is iomchuí, féadfar tagairt a dhéanamh do cheann amháin de na comhpháirteanna thuasluaite.
(8) ANS - Anagrafe degli studenti (Clárlann na mac léinn).
(9) Seoladh tairseach Taighde Náisiúnta na hIodáile (www.ricercaitaliana.it) in 2005 chun aghaidh a thabhairt ar an ngá atá le hábharthacht agus luach an taighde a chur in iúl do shaoránaigh agus chun rochtain aontaithe ar chóras taighde na hIodáile a chruthú.
(10) San Albáin, sa Tuirc, agus sa Rómáin tríd an ngnóthas KION (a rialaigh Cineca go páirteach roimhe seo agus atá ionchorpraithe anois in Cineca).
(11) Tacaíonn an fhoireann atá tiomnaithe do HPC leis na húsáideoirí agus tairgeann siad comhairleacht maidir le huirlisí agus teicnící i roinnt réimsí disciplín ó leigheas go meitéareolaíocht, ó sheismeolaíocht go dinimic sreabhán, go bithfhaisnéisíocht agus ceimic, chun timpeallacht ríomhaireachta láidir iontaofa a sholáthar don phobal eolaíochta.
(12) De réir shuíomh gréasáin Cineca, is iad seo a leanas a chliaint san earnáil seo: ISS (an Institiúid Náisiúnta Sláinte), CSS (an Chomhairle Náisiúnta Sláinte), IOR (Institiúidí Ortaipéideacha Rizzoli in Bologna), AIEOP (Cumann Haematoinceolaíochta Péidiatraí na hIodáile), Lároifig Oibríochta ABTC, Ollscoil Johns Hopkins, Baltimore, SAM, ollscoileanna na hIodáile agus ollscoileanna eachtracha (Bologna, Padua, Milano Bicocca, Leicester), údaráis sláinte áitiúla agus tionscail chógaisíochta (i.e. Roche Global).
(13) ENI, FIAT, Ferrari, Piaggio Aero, Pilatus Aircraft, Tetrapack, Luna Rossa/BMW Oracle, Alenia Aeronautica, Hypercare, etc.
(14) Gan na seirbhísí HPC a sholáthraítear do chustaiméirí príobháideacha san áireamh.
(16) Is é Consip gníomhaireacht lárnach soláthair riarachán poiblí na hIodáile.
(17) Breithiúnas Consiglio di Stato, Sez. VI, Uimh. 6009/2018 an 22 Deireadh Fómhair 2018, a dheimhnigh Corte di Cassazione, de réir an ghearánaigh, an 11 Márta 2020 (breithiúnas Uimh. 7012). Bhí Consiglio di Stato den tuairim gur ‘gnóthas’ é Cineca agus gur gníomhaíochtaí eacnamaíocha iad na gníomhaíochtaí a bhfaigheann Cineca cistiú poiblí ina leith. Tháinig Consiglio di Stato ar an gconclúid go bhfuil na seirbhísí TF le haghaidh MIUR ar fáil ar an margadh TF agus nach dtagann siad faoi fheidhmiú cumhachtaí poiblí. Státchabhair neamhdhleathach atá sa chistiú poiblí a dheonaítear chun seirbhísí TF a sholáthar do MIUR. De réir Consiglio di Stato, ní chomhlíonann Cineca na critéir shainordaitheacha a bhaineann le stádas ‘ inmheánach ’.
(18) Mar shampla, chuir an gearánach isteach dámhachtain dhíreach seirbhísí bogearraí a rinne Ollscoil Calabria i bhfabhar Cineca in 2014. Sa chás sin, bhí tairiscint tosaigh Cineca níos costasaí ná tairiscint iomaíoch a rinne an gearánach. Ina dhiaidh sin, rinne Cineca athbhreithniú ar a thairiscint agus laghdaigh sé an praghas. Faoi dheireadh, chuir Cúirt Réigiúnach Riaracháin Calabria an dámhachtain dhíreach conartha do Cineca ar neamhní.
(19) Maoinítear Ollscoileanna na hIodáile trí chiste ar a dtugtar Fondo Finaziamento Ordinario, i.e. an Gnáthchiste Maoiniúcháin. Tá dhá chuid sa Ghnáthchiste Maoiniúcháin: ‘bunchuóta’ agus ‘bónaschuóta’. Cuirtear an ‘bunchuóta’ i leith na n-ollscoileanna go huathoibríoch, agus sanntar an ‘bónaschuóta’ ar bhonn critéir chainníochtúla agus cháilíochtúla.
(20) Go bunúsach, fágann idir-inoibritheacht go bhféadann córais faisnéise éagsúla cumarsáid a dhéanamh le chéile, is é sin, sonraí a mhalartú.
(21) Is iad na seirbhísí a mhaoiníonn MIUR amháin an cineál seirbhíse HPC atá i gceist agus a mheastar a bheith ina bhfoinse fhéideartha chun tras-fhóirdheonú a mheasúnú. Seirbhísí HPC institiúideacha a thugann an Iodáil orthu. Sa chinneadh seo, ainmneofar é mar ‘ghníomhaíochtaí HPC neamhthráchtála/institiúideacha’. Tá tagairtí do na líomhaintí roimh an gcinneadh tosaigh agus sa chinneadh tosaigh maidir le gníomhaíochtaí HPC le léirmhíniú mar ‘ghníomhaíochtaí HPC neamhthráchtála/institiúideacha’.
(22) D’áitigh an gearánach nár soláthraíodh cuntais ar leithligh i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos i dTreoir 2006/111/CE le tuarascáil 2015 ar chostais a bhain le seirbhísí HPC neamhthráchtála/institiúideacha, mar shampla. Ní raibh sa tuarascáil ach atógáil chúlghabhálach ar na costais a thabhaigh Cineca chun an ranníocaíocht a fháil ón Aireacht.
(23) De réir an ghearánaigh, in 2015 leithdháileadh cuid den fhoireann a leithdháileadh ar sheirbhísí HPC neamhthráchtála/institiúideacha ar ghníomhaíochtaí eile freisin (i.e. tionscadail de chuid an Aontais Eorpaigh agus chun seirbhísí a sholáthar do chustaiméirí príobháideacha HPC). Tuairisciú dúbailte ar chostais foirne ag Cineca a bheadh ann.
(24) I ndáil leis sin, tagraíonn an gearánach don tuarascáil maidir le gníomhaíochtaí Cineca sa chéad leath de 2015. Tuairiscíodh 100 % de chostais fhoireann iomlán Cineca a bhí ag gabháil do sheirbhísí HPC neamhthráchtála/institiúideacha (80 duine sa ‘Roinn um Fheidhmchláir agus Nuálaíocht Sár-ríomhaireachta’ (SCAI)), le haghaidh seirbhísí HPC den sórt sin. Dá bhrí sin, ní fhéadfadh an fhoireann sin aon ghníomhaíocht a dhéanamh thar ceann an Chuibhreannais seachas gníomhaíochtaí HPC neamhthráchtála/institiúideacha. Mar sin féin, de réir an ghearánaigh, is cosúil go raibh baint acu le gníomhaíochtaí eile freisin.
(25) Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 28 Meán Fómhair 2017, T-138/15, ECLI:EU:T:2017:675, míreanna 59, 83 agus 90, arna dheimhniú le breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 7 Samhain 2019, C- 687/17 P, míreanna 44 agus 45.
(26) Cinneadh (AE) 2020/391 ón gCoimisiún an 20 Meán Fómhair 2019 maidir leis an mbeart SA.34402-2015/C (ex 2015/NN) arna chur chun feidhme ag an nGearmáin le haghaidh Hochschul-Informations-System GmbH, (IO L 74, 11.3.2020, lch. 22). Aithris 127. Díbheadh achomharc i gcoinne an chinnidh sin; féach Cás T-34/20 ar eisigh an Chúirt Ghinearálta ordú i ndáil leis an 18 Eanáir 2021.
(27) Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 12 Meitheamh 2014, Sarc v an Coimisiún, T-488/11, ECLI:EU:T:2014:497, mír 98. Land Burgenland v an Coimisiún, Cásanna Uamtha C-214/12 P, C-215/12 P agus C-223/12 P, ECLI:EU:C:2013:682, míreanna 94 agus 95.
(28) Ní mór a chur in iúl gur baineadh an réamhchonclúid as an gcinneadh tosaigh go bhféadfadh sé nach gníomhaíocht eacnamaíoch (ar bhonn Chinneadh HIS) é seirbhísí TF a sholáthar d’ollscoileanna poiblí na hIodáile. Féach aithris 114 den chinneadh tosaigh agus déan comparáid le haithris 127 de Chinneadh HIS.
(29) Rinne Cineca an obair sin go dtí 2015-2016, agus d’úsáid sé an gearánach mar fhochonraitheoir don tionscadal. Ina dhiaidh sin, fuair an gearánach an conradh as a stuaim féin.
(30) Féach e.g. breithiúnas ón gComhairle Stáit Uimh. 6009/2018, Roinn 2.2. agus breithiúnas ó Chúirt Réigiúnach Riaracháin Lazio 10528/2019.
(31) Breithiúnas ón gComhairle Stáit Uimh. 6009/2018 roinn 6.2.
(32) Cinneadh ón gCoimisiún an 2.5.2013 maidir le Státchabhair SA.25745 (2013/NN) (ex CP 11/2008) – An Ghearmáin –Suíomh gréasáin náisiúnta le haghaidh ceantanna in imeachtaí dócmhainneachta (ZVG Portal) C(2013) 2361 final; Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais Eorpach, Compass-Datenbank v Republik Österreich, C-138/11 an 12 Iúil 2012, ECLI:EU:C:2012:449, Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, Ivana Scattolon v Ministero dell’Istruzione, dell’Università e della Ricerca, C-108/10, ECLI:EU:C:2011:542.
(33) Tagraíonn an gearánach freisin sa chomhthéacs seo do 1) bhreithiúnas Foster, an 19 Márta 1992 (C-188/90; ECLI:EU:C:1990:313) lenar sonraíodh go bhféadfaí dul ar iontaoibh treorach in aghaidh eagraíochtaí nó comhlachtaí a bhí faoi réir údarás nó rialú an Stáit nó a raibh cumhachtaí speisialta acu agus 2) mhír 16 den Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm rialacha Státchabhrach an Aontais Eorpaigh maidir le cúiteamh a dheonaítear chun seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a sholáthar, IO C 8, 11.1.2012, lch. 4. (‘Teachtaireacht SLEG’): ‘is léir ó chásdlí na Cúirte Breithiúnais nach bhfuil feidhm ag Airteagal 107 den Chonradh i gcás ina ngníomhaíonn an Stát ‘trí chumhacht phoiblí a fheidhmiú’ nó i gcás ina ngníomhaíonn údaráis a thagann [béim curtha leis] ón Stát ‘ina gcáil mar údaráis phoiblí ’.
(34) ‘Go ginearálta, ach amháin má tá cinneadh déanta ag an mBallstát lena mbaineann sásraí margaidh a thabhairt isteach , [béim curtha leis] ní gníomhaíochtaí eacnamaíocha iad gníomhaíochtaí ar cuid intreach iad de shainphribhléidí an údaráis oifigiúil agus a dhéanann an Stát’. Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm rialacha státchabhrach an Aontais Eorpaigh maidir le cúiteamh a dheonaítear chun seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a sholáthar, mír 16, IO C 8, 11.1.2012, lch. 4.
(35) Breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 22 Deireadh Fómhair 2015 in EasyPay v Poblacht na Bulgáire, C-185/14 ECLI:EU:C:2015:716. Maíonn an gearánach gur cosúil, i mbreithiúnas a tugadh le déanaí, gur ghlac an Chúirt Bhreithiúnais cur chuige níos déine fós ná cásanna roimhe sin. De réir EasyPay, tá gníomhaíocht doscartha ó fheidhmiú údaráis oifigiúil más rud é gurb é sin ‘an t-aon mhodh’ chun an tseirbhís a sholáthar (i.e. níorbh iad orduithe airgid le haghaidh íocaíochtaí pinsin sa chás sonrach sin an t-aon mhodh amháin chun pinsin a íoc agus, dá bhrí sin, ba ghníomhaíocht eacnamaíoch iad).
(36) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, Ivana Scattolon v Ministero dell’Istruzione, dell’Università e della Ricerca, C-108/10, ECLI:EU:C:2011:542, míreanna 44 go 47.
(37) Féach tuarascáil 2015 ar chostais seirbhísí do MIUR. Is seirbhísí tacaíochta teicniúla TF amháin iad sin do MIUR chun suíomhanna gréasáin, próisis riaracháin, agus dí-ábharú doiciméad (i.e. digitiú) a bhainistiú.
(38) Airteagal 7(42-bis) de Dhlí Foraithne Uimh. 95/2012: ‘ Cuirfidh an Aireacht Oideachais, Ollscoileanna agus Taighde próiseas ionchorpraithe na gcuibhreannas idir-ollscoileanna Cineca, Cilea agus Caspur chun cinn chun caiteachas ar fheidhmiú na gcuibhreannas sin a chuíchóiriú trí eintiteas aonair a bhunú agus é de chúram air tacaíocht leordhóthanach a sholáthar, i dtéarmaí nuálaíochta agus soláthar seirbhísí, do riachtanais na hAireachta, an chórais ollscoile, agus na n-earnálacha taighde agus oideachais. Ní ghinfidh cur chun feidhme na míre seo costais nua ná costais bhreise don airgeadas poiblí’.
(39) Níor leasaíodh na hairteagail sin go dtí 2017 chun a léiriú nach bhfuil ach comhaltaí Cuibhreannais i dteideal seirbhísí Cineca.
(40) Deimhníodh le cás cúirte Iodálach a bhí ann le déanaí (breithiúnas 30/2020 ón gComhairle Stáit an 5 Nollaig 2019) gur mhaoin Cineca é cód foinseach bogearraí a d’fhorbair Cineca le haghaidh comórtas arna riar ag MIUR.
(41) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 5 Nollaig 1989, C-3/88, ECLI:EU:C:1989:606, mír 13. Ba í an cheist sa chás sin an raibh cleachtas na hIodáile gan seirbhísí TF a chonrú ach le heintitis faoi úinéireacht phoiblí i gcomhréir le forálacha CFAE maidir le saoirse bunaíochta. Áitíonn an gearánach nach bhfuil aon ábharthacht ag baint leis an bhfíoras go raibh sárú ar airteagal Conartha (Airteagal 51 CFAE) nach mbaineann le státchabhair i gceist leis an gcás. Maidir leis an gceist an gnóthas é Cineca, cuireann an gearánach an cheist freisin an féidir le gnóthas príobháideach an ghníomhaíocht a dhéanamh, i bprionsabal ar a laghad, d’fhonn brabús a dhéanamh. (Féach Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Jacobs i gCás C-264/01 a tugadh an 3 Bealtaine 2003 in AOK Bundesverband agus Eile, ECLI:EU:2003:304: ‘ Agus measúnú á dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil gníomhaíocht de chineál eacnamaíoch, is cosúil gurb é an bhuntástáil [...] an bhféadfadh gnóthas príobháideach í a dhéanamh, i bprionsabal ar a laghad, chun brabúis a dhéanamh ’).
(42) Roimh 2015, bheadh na cistí sin, a leithdháileadh ex-ante go bliantúil trí bhíthin foraithne dlí, neamh-inaisíoctha; dá bhrí sin, ba léir nach raibh baint dhíreach acu leis na gníomhaíochtaí iarbhír a rinne an Cuibhreannas do MIUR. Líomhnaítear gur deimhníodh an tuairim sin le breithiúnas Consiglio di Stato, Sez. VI, Uimh. 6009/2018 an 22 Deireadh Fómhair 2018, mar a dheimhnigh Corte di Cassazione an 11 Márta 2020 (breithiúnas Uimh. 7012).
(43) I gcás ‘comaoine’, ba cheart na méideanna a bheith muirearaithe ar chatagóir na gcostas atá beartaithe go sonrach le haghaidh tomhaltas idirmheánach agus earraí caipitiúla, faoi fhreagracht na Roinne um Pleanáil agus Bainistiú Acmhainní Daonna, Airgeadais agus Ionstraimeacha.
(44) Mar a thaispeántar ar an suíomh gréasáin ábhartha, a bhainistíonn Consip: ‘ Leis an gclár maidir le ceannach a chuíchóiriú laistigh den riarachán poiblí, úsáidtear teicneolaíochtaí TFC a chuirtear i bhfeidhm ar sholáthar an riaracháin phoiblí agus é d’aidhm aige caiteachas an riaracháin a chuíchóiriú, trí cháilíocht an cheannaigh a fheabhsú agus costais aonaid a laghdú, trí luas agus éifeachtúlacht na bpróiseas soláthair phoiblí a shimpliú agus a threisiú, agus trí phróisis cheannaigh thrédhearcacha agus inrianaithe a ráthú ’. Féach an suíomh gréasáin: https://www.consip.it/attivit/programma-di-razionalizzazione.
(45) Arna fhoilsiú an 13.8.2019, roinn 3.3.1. ‘(…) soláthraíodh fianaise leordhóthanach chun a mheas go bhfuil an tairiscint a chuir Cineca isteach iomchuí go heacnamaíoch, i gcomparáid le praghsanna margaidh agus soláthar íocaíochta laistigh de theorainneacha an uasmhéid a leithdháiltear leis an bhforaithne atá faoi chonspóid (…) tar éis an méid atá dlite iarbhír a thuairisciú. Meastar go n-eisiatar leis na tosca sin gur féidir an ranníocaíocht a leithdháiltear ar Cineca agus, dá bhrí sin, an méid a íocfar iarbhír, a aicmiú mar státchabhair.’
(46) Ní meascán de phraghsanna Consip agus de phraghsanna Assinter é an tagarmharc cuí (mar a shonraítear sa litir dhámhachtana ó MIUR a ullmhaíodh chun leordhóthanacht eacnamaíoch a thaispeáint de bhun reachtaíocht náisiúnta soláthair phoiblí na hIodáile) ach praghsanna ó thairiscint shonrach le haghaidh seirbhísí TFC do riarachán poiblí na hIodáile a bhuaigh grúpa cuideachtaí aitheanta iarbhír.
(47) ‘Nótaí maidir le luachshocrú sheirbhísí Cineca d’iar-MIUR’ is teideal don tuairim shaineolach. Tugann an gearánach dá aire nach bhfuil rochtain aige ar thuarascálacha teicniúla foluiteacha na dtuairimí saineolacha.
(48) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 5 Meitheamh 2012, an Coimisiún v EDF, C-124/10 P, ECLI:EU:C:2012:318, mír 95.
(49) Agenzia per l’Italia Digitale (an Ghníomhaireacht um Iodáil Dhigiteach). Is gníomhaireacht theicniúil de chuid Uachtaránacht Chomhairle na nAirí í an ghníomhaireacht. Is é príomhchuspóir na Gníomhaireachta a ráthú go mbainfear amach cuspóirí chlár oibre digiteach na hIodáile agus rannchuidiú le scaipeadh teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, agus is é is aidhm di nuálaíocht agus fás eacnamaíoch a chothú. Tá sé de chúram ar AgID, i measc nithe eile, riaracháin phoiblí a chomhordú i gcur chun feidhme an Phlean Trí Bliana um theicneolaíocht faisnéise sa Riarachán Poiblí.
(50) Tá corrlach brabúis 1 % ag oibriú KION de chuideachta bogearraí Cineca, cé go mbaineann a ghníomhaíochtaí tionscadail margaidh corrlach 20 % amach. Tá sé leathnaithe isteach san earnáil TF ollscoile, lena n-áirítear i dtíortha eachtracha.
(51) Is bogearraí é ‘Pleanáil Acmhainní Fiontraíochta’ a úsáidtear chun gnólacht a oibriú lena dtacaítear le huathoibriú agus próisis airgeadais, acmhainní daonna, monaraíochta, slabhra soláthair, seirbhísí, fála, agus eile.
(52) Ina theannta sin, maíonn an gearánach nárbh é Cineca an ceann a d’fhorbair na modúil oibríochtúla uile a áirítear le U-GOV (bogearraí ollscoile). Fuair sé iad trí cheannach na ngnóthas sin a raibh na táirgí faoina n-úinéireacht. Tá U-GOV i bhfad ó bheith iomlán, agus tá níos mó gnéithe ag táirge BeSmart ná mar atá ag táirge Cineca. Dá bhrí sin, ní féidir a rá go gcuireann oibreoirí eile réitigh neamhiomlána ar fáil.
(53) Cinneadh le Cás AS 755 an 10 Meán Fómhair 2010 ó Údarás Iomaíochta na hIodáile go raibh sciar Cineca den mhargadh sa deighleog bogearraí ollscoile thart ar 80 %. Maíonn an gearánach gur 90 % atá sa sciar sin faoi láthair, ach níl aon léiriú ann ar an áit as a dtagann an fhaisnéis sin.
(54) i.e. Cé acu a fhéadfaidh nó nach bhféadfaidh an t-eintiteas cinneadh a dhéanamh a bhaineann leis an mbeart gan a chur san áireamh ceanglais na n-údarás poiblí, láithreacht tosca de chineál orgánach a nascann an gnóthas poiblí leis an Stát, cineál ghníomhaíochtaí an ghnóthais phoiblí, etc.
(55) Fógra ón gCoimisiún maidir le coincheap na Státchabhrach dá dtagraítear in Airteagal 107(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, (IO C 262, 19.7.2016, lch. 1).
(56) Chuir an tAbhcóide Ginearálta Wathelet é sin i dtábhacht freisin ina thuairim in Commerz Nederland (C-242/13) mír 65.
(57) Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 16 Bealtaine 2002, an Fhrainc v an Coimisiún (Stardust), C-482/99, ECLI:EU:C:2002:294.
(58) Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 16 Bealtaine 2002, an Fhrainc v an Coimisiún (Stardust), C-482/99, ECLI:EU:C:2002:294. ‘ Ní leordhóthanach ann féin gnóthas poiblí a bheith faoi rialú Stáit chun bearta a dhéanann an gnóthas sin, amhail na bearta tacaíochta airgeadais i gceist anseo, a bheith inleagtha ar an Stát’. Mír 52.
(59) Maidir leis an bpointe sin, tagraíonn an gearánach do bhreithiúnas Air France v an Coimisiún, T-358/94, ECLI:EU:T:1996:194, mír 62, ina shonraítear ‘ nach ndéanann na hargóintí sa chiall go bhfuil uathriail dhlíthiúil ag Caisse ó údaráis pholaitiúla an Stáit dochar don chonclúid sin, go bhfuil ceapadh a Ard-Stiúrthóra, atá faoi réir maoirseachta ag coimisiún maoirseachta neamhspleách amháin, neamh-inchúlghairthe, go bhfuil reacht speisialta ag Caisse i ndáil le Cour des Comptes, agus go bhfuil córas cuntasaíochta agus fioscach ar leith aige. Is cuid d’eagrúchán inmheánach na hearnála poiblí iad na socruithe sin, agus ní chaitheann rialacha a bheith ann chun a áirithiú go bhfanfaidh comhlacht poiblí neamhspleách ar údaráis eile amhras ar an bprionsabal féin gur de chineál poiblí é an comhlacht sin . Ní fhéadfaidh dlí an Chomhphobail a cheadú go rachfaí timpeall ar na rialacha maidir le státchabhair trí institiúidí uathrialacha a chruthú a mbeadh sé de chúram orthu cabhair a leithdháileadh’ . [Béim curtha leis ag an ngearánach.]
(60) Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE IO L 94 an 28.3.2014, lch. 65. Féach Airteagal 1(9)(2), iarscríbhinn III, Uimh. VIII.
(61) Áitíonn an gearánach gur comhlachtaí iad ollscoileanna Stáit a bunaíodh chun ‘ ceanglais leasa ghinearálta, de chineál neamhthionsclaíoch nó tráchtála ’ a chomhlíonadh, a dhílsítear le pearsantacht dhlítheanach, a bhfuil a ngníomhaíochtaí á maoiniú ‘ ag an stát den chuid is mó ’; tá siad faoi réir ‘ mhaoirseacht ’ an Stáit freisin. Luann an gearánach, de réir analaí, breithiúnas Foster an 19 Márta 1992 (C-188/90; ECLI:EU:C:1990:313) a bhaineann le spleáchas ar threoracha nár trasuíodh i ndáil leis an Stát. Sonraítear leis an gcuid ábhartha sa chás sin ‘go bhféadfaí dul ar iontaoibh forálacha treorach i gcoinne údaráis atá neamhspleách ó thaobh an bhunreachta de agus atá freagrach as an ord poiblí agus an tsábháilteacht phoiblí a choinneáil ar bun. [Béim curtha leis ag an ngearánach.]
(62) Chuir an gearánach i láthair dámhachtain dhíreach seirbhísí bogearraí i bhfabhar Cineca ag Ollscoil Calabria in 2014. Sa chás sin, bhí tairiscint tosaigh Cineca níos costasaí ná tairiscint iomaíoch a rinne an gearánach. Ina dhiaidh sin, rinne Cineca athbhreithniú ar a thairiscint agus laghdaigh sé an praghas. Faoi dheireadh, chuir Cúirt Réigiúnach Riaracháin Calabria dámhachtain dhíreach an chonartha do Cineca ar neamhní. Luadh idirbheart a bhaineann le hOllscoil Bergamo freisin, inar baineadh amach lascaine ar an táille a comhaontaíodh roimhe sin.
(63) Staidéar dar teideal ‘ Evidenze dallo studio sulla valorizzazione dei servizi resi da Cineca alle università italiane ’, an 15 Aibreán 2021, leis an Ollamh Mariano Corso. [Fianaise ón staidéar ar luachshocrú seirbhísí a sholáthair Cineca d’ollscoileanna na hIodáile].
(64) Chuir an gearánach tuarascáil theicniúil eile isteach freisin lenar díríodh ar an bhfodheighleog ‘óstála bonneagair’ idir 2004 agus 2018, ar cosúil go dtacaíonn sí le seasamh na hIodáile i dtaca le saincheist an bhuntáiste a bhaineann le díol na seirbhísí TF le MIUR agus leis na hollscoileanna. D’ullmhaigh an tUasal Aiello ó Partners4Innovation S.r.l. an staidéar ar leithligh sin. De réir an staidéir sin, níor forbraíodh an deighleog mhargaidh óstála bonneagair ach faoi 2014 agus, mar sin, ní bheifí in ann an margadh a úsáid roimhe sin. Maidir leis an tréimhse ama dar tús 2015, deir an staidéar go mbeadh costas 2,8 uair níos mó ná seirbhísí Cineca ar aistriú chuig an margadh seirbhísí néalríomhaireachta (i.e. IBM). De réir an staidéir ar leithligh sin, dheimhnigh Gartner, cuideachta taighde, an ghné sin freisin bunaithe ar a shuirbhé bliantúil ar thagarmharc lena léirítear céatadán na gcostas TF i gcoibhneas le láimhdeachas gnóthas meánmhéide, a raibh costais bhonneagair Cineca go compordach faoina bhun. Cáineann an gearánach an tuarascáil as a shonrú nach raibh aon iomaitheoir ann le haghaidh seirbhísí óstála agus as a bheith ag teacht salach ar thuarascáil Corso.
(65) Maíonn an gearánach gur deimhníodh é sin sa chinneadh tosaigh, ach ní hamhlaidh atá. Sonraíodh leis an gcinneadh tosaigh maidir leis sin go ndearna an gearánach na maímh seo a leanas: ‘ Soláthraíonn Cineca seirbhísí TF do MIUR is gá chun sonraí acadúla a bhailiú agus a rialú – trína bhunachar sonraí ANS, Clárlann na Mac Léinn – rud a fhágann gur féidir go teicniúil leis na hollscoileanna deontais a fháil ón gciste ar a dtugtar ‘an Gnáthchiste Maoiniúcháin’ (Fondo Finanziamento Ordinario’). Tá sé fíor-riachtanach, dá bhrí sin, go mbeadh na córais feidhmchlár bainistíochta a úsáideann ollscoileanna idir-inoibritheach leis an mbunachar sonraí sin, arna fhorbairt agus arna bhainistiú ag Cineca, agus ní mór do sholáthróirí na mbogearraí bainistíochta chuig na hollscoileanna a bheith eolach ar shonraíochtaí teicniúla na mbunachar sonraí sin maidir le sonraí a fháil. Agus praghsanna boilscithe á n-íoc acu, agus feidhmchláir Cineca á n-úsáid acu, gheobhadh ollscoileanna rochtain níos éasca ar dheontais an Ghnáthchiste Maoiniúcháin a dhéanfadh na costais soláthair níos airde a fhritháireamh.’
(66) Údaráis phoiblí eile, amhail Gníomhaireacht Leigheasra na hIodáile (AIFA), an Roinn Custaim agus údaráis áitiúla áirithe (e.g. roinnt cúigí san Iodáil).
(67) Mar a mhínítear i bhfonóta 21, maidir leis na tionscadail HPC neamhthráchtála agus neamh-AE arna gcistiú ag MIUR, úsáideann údaráis na hIodáile an téarma gníomhaíochtaí HPC ‘institiúideacha’, agus cuimsíonn sé seirbhísí HPC d’ollscoileanna Stáit agus do chomhlachtaí taighde. Leis an gcinneadh seo, úsáidtear an téarma ‘gníomhaíochtaí HPC neamhthráchtála/institiúideacha’ chun gníomhaíocht HPC a ainmniú nach ndéantar thar ceann an Aontais ná le tacaíocht ón Aontas ná le haghaidh cliaint phríobháideacha agus le maoiniú ó MIUR.
(68) Ní áirítear leis sin deontais ón gclár EUROfusion a chistítear le EURATOM.
(69) Dhréachtaigh Ionchúisitheoir Poiblí Chúirt Iniúchóirí na hIodáile an doiciméad sin i nós imeachta ar chuir an Chúirt tús leis in aghaidh beirt Cheann Roinne de chuid na hAireachta agus cúigear daoine a bhfuil poist acu i mbainistíocht Cineca (Ard-Stiúrthóirí agus Uachtaráin) as caillteanas ioncaim a thabhaigh an Státchiste.
(70) Thionscain an gearánach an t-imscrúdú sin a raibh an tuarascáil mar thoradh air chun breithiúnas Uimh. 6009/2018 a fhorfheidhmiú (féach tagairtí i bhfonótaí 17, 30, 31 agus 42 le haghaidh aithrisí (21), (44), (45), agus (59) faoi seach) agus spreagadh é freisin le líomhaintí go bhfuil tásca ann go dtuairiscítear na costais phearsanra chéanna faoi dhó (nó faoi thrí fiú) i leith an Aontais agus cliaint phríobháideacha (féach aithris (119)). Rinneadh comparáid leis an tuarascáil freisin idir tuarascáil bhunaidh 2015 ar chostais a bhain le HPC neamhthráchtála/institiúideach agus an leagan athshonraithe den tuarascáil sin in 2019 (féach aithrisí (40) agus (102) et seq.) agus thángthas ar an gconclúid nach féidir a mheas go bhfuil ceachtar acu mícheart, ós rud é gur tarraingíodh suas iad agus dhá mhodh éagsúla á n-úsáid.
(71) Treoir 2006/111/CE ón gCoimisiún an 16 Samhain 2006 maidir le trédhearcacht caidrimh airgeadais idir na Ballstáit agus gnóthais phoiblí agus chomh maith leis sin maidir le trédhearcacht airgeadais laistigh de ghnóthais áirithe, (IO L 318, 17.11.2006, lch. 17). Foráiltear le hAirteagal 4 go ‘ (…) ndéanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú i gcás aon ghnóthais a gceanglaítear air cuntais ar leithligh a choinneáil ar bun: (a) gur cuntais ar leithligh iad na cuntais inmheánacha a chomhfhreagraíonn do ghníomhaíochtaí éagsúla; (b) go sannfar nó go leithdháilfear i gceart na costais agus an t-ioncam uile ar bhonn phrionsabail chuntasaíochta costála arna gcur i bhfeidhm go comhsheasmhach agus a bhfuil údar oibiachtúil leo; (c) go mbunófar go soiléir na prionsabail chuntasaíochta costála a gcoinnítear cuntais ar leithligh ar bun dá réir. 2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 ach amháin maidir le gníomhaíochtaí nach gcumhdaítear le forálacha sonracha a leag an Comhphobal síos agus ní dhéanfaidh sí difear d’aon oibleagáid de chuid Ballstát ná de chuid gnóthas a éireoidh as an gConradh ná as na forálacha sonracha sin ’.
(72) Áitíonn an gearánach gur athchruthú cúlghabhálach iad na tuarascálacha ar chostais gníomhaíochta HPC neamhthráchtála/institiúideach ar na costais a thabhaigh Cineca chun go gcumhdófaí iad le ranníocaíocht ó MIUR.
(73) De réir an ghearánaigh, in 2015 leithdháileadh cuid den fhoireann a leithdháileadh ar sheirbhísí HPC neamhthráchtála/institiúideacha ar ghníomhaíochtaí eile freisin (i.e. ar thionscadail Eorpacha agus chun seirbhísí a sholáthar do chustaiméirí príobháideacha). Tuairisciú dúbailte ar chostais foirne ag Cineca a bheadh ann.
(74) In áiteanna eile san aighneacht, áfach, maíonn an gearánach go raibh doiciméad aon leathanaigh arna dhréachtú ex-post dar teideal ‘ Nós Imeachta Tuairiscithe Sár-ríomhaireachta MIUR ’ ag gabháil le tuarascálacha cuntasaíochta bliantúla Cineca a seoladh chuig MIUR. Tugann an gearánach le fios go sonraítear i gceann amháin de na doiciméid aon leathanaigh sin gurb é túsphointe an tuairiscithe na costais i Ráiteas Ioncaim Cineca a faomhadh le cruinniú an Chuibhreannais. De réir an ghearánaigh, tugann sé sin deis do Cineca an ranníocaíocht ó MIUR a uasmhéadú trí chostais bhreise a shannadh d’iarrataí ar aisíocaíocht costas ó MIUR gach Meitheamh, nuair a bhíonn an ráiteas ioncaim a bhaineann leis an mbliain roimhe sin ar fáil. Ciallaíonn sé sin go gcinntear na costais go cúlghabhálach seachas ar bhonn ex-ante.
(75) Maíonn an gearánach nach ndearna MIUR fíorú ar thuarascálacha Cineca ar chostais riamh agus nár iarradh aon tuarascáil den sórt sin go dtí 2014 (mar a suíodh freisin leis an tuarascáil ó Phóilíní Cánach Bologna). Fiú in 2015, níor sholáthair MIUR ach sé chatagóir chostais a measadh le tuarascáil 2020 ó Phóilíní Cánach Bologna a bheith ródhoiléir agus róchineálach. Áitíonn an gearánach gur thángthas ar an gconclúid le tuarascáil 2020 ó Phóilíní Cánach Bologna go gciallaíonn sé, toisc gur bhain Cineca na costais uile a bhaineann le gníomhaíochtaí eile ó na costais a tuairiscíodh ó 2016 ar aghaidh, nárbh amhlaidh an cás roimh 2016.
(76) Tarraingíonn an gearánach aird ar an teanga nuachumtha i dtuarascáil 2018: ‘ Ciallaíonn deighilt iomlán na gcuntas tríd an nós imeachta cuntasaíochta costála atá ann cheana nach sanntar costais ach d’aon lárionad costais amháin agus, ar an gcaoi sin, eisiatar aon tuairisciú dúbailte ar chostais.’ Is dócha go maíonn an gearánach leis an ráiteas sin nach raibh deighilt iomlán cuntas i bhfeidhm roimh 2018.
(77) Ba é an cúlra a bhí leis an athráiteas sin imscrúdú a tionscnaíodh a bhain le figiúirí 2015 a líomhnaítear gur cailleadh na doiciméid bhunaidh ina leith, agus nár mhór iad a athshonrú in 2019 trí úsáid a bhaint as an modh tuairiscithe anailísigh a tugadh isteach in 2016 agus a bhí ann cheana féin in 2019.
(78) Tháinig laghdú ar an líon ó 82 sa tuarascáil bhunaidh go 36 sa tuarascáil athshonraithe (i.e. tuarascáil 2019), mar a cinneadh freisin le tuarascáil 2020 ó Phóilíní Cánach Bologna (féach an míniú ar an tuarascáil sin in aithris (92)).
(79) Sonraítear leis an gcinneadh tosaigh go raibh Cineca in ann an mhodheolaíocht leithdháilte costas a bhí i bhfeidhm ó bhí 2016 ann a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach in 2018 (nár tagraíodh di mar 2019, go hearráideach) ar fhigiúirí costais 2015 (féach aithris 146 den chinneadh tosaigh). Ach de réir an ghearánaigh, níl an cur i bhfeidhm cúlghabhálach sin den mhodheolaíocht leithdháilte costas (in 2019 a bhain le costais 2015) inchreidte toisc nach féidir athrú a bheith tagtha faoin modheolaíocht nua ar spreagadh leithdháilte a úsáideann 100 % den lucht saothair le haghaidh ghníomhaíocht HPC neamhthráchtála/institiúideach. Cruthúnas breise gur ríomhadh, le tuarascáil 2015 a bhain le gníomhaíocht HPC neamhthráchtála/institiúideach, go raibh an líon iomlán ball foirne HPC ag obair go lánaimseartha ar ghníomhaíocht HPC neamhthráchtála/institiúideach is ea gur úsáideadh fachtóir iolrúcháin faoi bhun 1 le haghaidh na gníomhaíochta sin (sa bhliain chéanna), rud a léiríonn nár úsáideadh ach cuid de na cóibhéisí lánaimseartha.
(80) Bunaithe ar thuarascáil 2020 ó Phóilíní Cánach Bologna (féach aithris (92)), déanann an gearánach dhá ráiteas eile: 1) maítear leis an tuarascáil gur ghá tuarascáil 2016 ar chostais a athshonrú in 2018 agus gur ghá mír EUR 3 872 315 a asbhaint mar thoradh ar aisíocaíocht ón Aontas idir an dá linn; agus Uimh. 2: léirítear leis an tuarascáil gur ndearnadh costais fála sár-ríomhairí agus costais leictreachais a thuairisciú faoi dhó do MIUR agus don Aontas in 2016 ar bhealach inar tuairiscíodh 100 % de na costais do MIUR agus gur dheonaigh an tAontas aisíocaíocht 55 %, rud a d’fhág ráta aisíocaíochta 155 % le Cineca.
(81) Tugtar tuairisc freisin ar chuid de na míchruinnis agus na neamhréireachtaí sin i dTuarascáil Cánach Bologna, inar sonraíodh gur mhainnigh an mhodheolaíocht chuntasaíochta nua (i.e. an ceann atá in úsáid ó bhí 2016 ann) costais thionscadail an Aontais a dheighilt go cuí ó na costais atá le tuairisciú do MIUR. Go deimhin, dúirt an tuarascáil an méid seo a leanas: ‘ Deimhníonn Póilíní Cánach na hIodáile, fiú i gcás modheolaíocht chuntasaíochta 2017, nach raibh na costais a eascraíonn as gníomhaíochtaí taighde a chistigh an tAontas deighilte go cuí ó na costais a chumhdaítear le ranníocaíocht HPC a dheonaigh an Aireacht.’
(82) Líomhnaíonn an gearánach freisin go léirmhíníonn tuairim Granelli rialacha aisíocaíochta an Aontais amhail is gur lig siad aisíocaíocht ón Aontas ar chostais a íocann tríú páirtí, cé go sonraítear go soiléir leis na rialacha, chun go mbeidh siad incháilithe, nach mór na costais iarbhír a bheith tabhaithe iarbhír ag an tairbhí (i.e.: a bheith ina bhfíorchostais, seachas ina gcostais mheasta, buiséadaithe nó intuigthe, agus a bheith sainithe agus íoctha iarbhír ag an tairbhí) agus ní ag aon eintiteas eile. Líomhnaíonn an gearánach freisin, de réir na tuairime dlíthiúla sin, go bhfuil aisíocaíocht dhúbailte incheadaithe ar chostais tionscadail a bhaineann leis an Aontas a mhéid a n-aisíoctar costais saothair d’ainneoin go n-íocann tríú páirtithe tuarastail leis an lucht saothair atá rannpháirteach i dtionscadail de chuid an Aontais, amhail ollúna ollscoile a fhaigheann íocaíocht ón Stát, agus pá fostaithe a íocann gnólachtaí príobháideacha. Mar sin féin, aisíocann MIUR costais phá fhostaithe Cineca.
(83) Creideann an gearánach gur cruthúnas air sin is ea ráiteas i gcláir chomhardaithe 2017 Cineca ina luaitear an méid seo a leanas: ‘ Léiríonn sonraí críochnaitheacha 2017 maidir le hioncaim le haghaidh táillí agus seirbhísí ó na deighleoga éagsúla margaidh ina bhfeidhmíonn Cineca (…) a mhéid a bhaineann le hioncam ó ghníomhaíochtaí Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta, méadú thart ar 10 %, go háirithe a bhuí leis an méadú ar ghníomhaíochtaí le Eni, mar gheall ar iarraidh níos mó ar thacaíocht do ghníomhaíochtaí measúnaithe teicneolaíochta chun áireamhán nua a cheannach.’
(84) Tugann an gearánach le fios go raibh Cineca in ann na costais indíreacha phearsanra a dheighilt de réir HPC institiúideach/neamhthráchtála agus HPC tráchtála. Dá bhrí sin, bheadh sé in ann na costais leictreachais a dheighilt feadh na ngníomhaíochtaí éagsúla HPC freisin.
(85) Déanann an gearánach ráitis eile freisin nach mínítear a n-ábharthacht. Áirítear leo sin na ráitis seo a leanas: Tugann Cineca cuntas freisin ar chostais infheistíochta/ceannaigh na sár-ríomhairí; Thug Cineca cuntas ar 75 % de chostais táirgthe iomlána chóras FERMI in 2015 agus ceannaíonn Cineca sár-ríomhairí freisin le cabhair ó pháirtithe poiblí agus príobháideacha eile.
(86) C-59/11 an 9 Nollaig 2012, Azienda Sanitaria Locale di Lecce, Università del Salento v Ordine degli Ingegneri della Provincia di Lecce agus Eile, ECLI:EU:C:2012:817, míreanna 35 agus 40.
(87) An tráth céanna, sonraíonn Space gur féidir leis a bhogearraí ‘rúnaíochta mac léinn’ a mhargú fós. Ina theannta sin, tá roinnt feidhmchlár forbartha ag Space i réimse na bainistíochta ollscoile, go háirithe i réimse an tsoláthair agus i réimse na n-acmhainní daonna, agus i seirbhísí gréasáin.
(88) I gcás Ollscoil Milano, baineann táirgí Cineca le cuntasaíocht agus le pearsanra. Ní bhaineann na modúil sin le cuspóir sonrach oideachais.
(89) Amhail chun na nithe seo a leanas a bhainistiú: 1) foireann teagaisc a earcú, 2) glaonna ar thionscadail taighde a chistiú, 3) siollabais na n-ollscoileanna; 4) Tairseach Náisiúnta Taighde, 5) tairseacha gréasáin, 6) cumarsáid inmheánach le MIUR agus 7) ríomhshíniú le haghaidh ríomhdhoiciméad.
(90) Foráiltear le hAirteagal 6 de Dhlí Uimh. 168 an 9 Bealtaine 1989 maidir le huathriail na n-ollscoileanna. Sonraítear ann go bhfuil ‘ pearsantacht dhlítheanach ag ollscoileanna agus, i gcur chun feidhme Airteagal 33 den Bhunreacht, go bhfuil uathriail theagascach, eolaíoch, eagraíochtúil, airgeadais agus cuntasaíochta acu; bunaíonn siad eagraíochtaí uathrialacha a bhfuil a n-airteagail chomhlachais agus a rialacháin féin acu ’.
(91) Airteagal 1(4) de Dhlí Uimh. 240/2010: ‘ Léireoidh an Aireacht, i gcomhréir le saoirse teagaisc agus uathriail na n-ollscoileanna, na cuspóirí agus na treoirlínte straitéiseacha don chóras agus dá chomhpháirteanna agus, tríd an nGníomhaireacht Náisiúnta um Measúnú ar an gCóras Ollscoile agus Taighde (ANVUR) maidir le hábhair a thagann faoina sainchúram, déanfaidh sí a dtorthaí a fhíorú agus a mheasúnú i gcomhréir le critéir cháilíochta, trédhearcachta agus chur chun cinn an fhiúntais, lena n-áirítear bunaithe ar dhea-chleachtais ar an leibhéal idirnáisiúnta, agus dáileadh acmhainní poiblí á ráthú an tráth céanna i gcomhréir leis na cuspóirí, na beartais agus na gníomhaíochtaí a dhéanann gach ollscoil, i gcomhréir le prionsabal an chomhtháthaithe náisiúnta, agus i gcomhréir le measúnú na dtorthaí a bhaintear amach ’.
(92) Airteagal 34 den Bhunreacht: ‘ Tá na scoileanna ar oscailt do chách. Tá bunoideachas, a thugtar ar feadh 8 mbliana ar a laghad, éigeantach agus saor in aisce don teagasc. Tá sé de cheart ag daltaí cumasacha a bhfuil sé tuillte acu, lena n-áirítear iad siúd nach bhfuil acmhainní airgeadais acu, na leibhéil is airde oideachais a bhaint amach. Fágann an Phoblacht go mbeidh an ceart sin éifeachtach trí scoláireachtaí, liúntais do theaghlaigh agus sochair eile, a shannfar trí scrúduithe iomaíocha.’
(93) Tagraíonn an t-ardoideachas don líonra iomlán institiúidí agus eintiteas, seachas an Aireacht, atá ag oibriú san earnáil taighde (ollscoileanna agus comhlachtaí taighde poiblí), san oideachas ollscoile (ollscoileanna) agus san oiliúint sna healaíona, sa cheol agus sa damhsa (ardscoileanna, acadaimh mhínealaíon, ISIA (Ard-Institiúidí do Thionscail Ealaíonta)) a soláthraíonn Cineca seirbhísí struchtúrtha TF dóibh le haghaidh na bhfeidhmeanna nach mór do na heintitis sin a dhéanamh agus a sainordú poiblí á chomhlíonadh acu, de réir mar a chinntear leis an dlí, agus seirbhísí ríomhaireachta ardfhorbartha chun a ngníomhaíochtaí a bhainistiú.
(94) In Airteagal 3 d’Airteagail Chomhlachais Cineca tá tagairt, i ngach leagan díobh i rith na tréimhse ama ó 2006 go 2019, d’oibleagáid Cineca seirbhísí teicneolaíochta faisnéise a sholáthar.
(95) Airteagal 60. ‘Tá na déin agus na stiúrthóirí freagrach as aon chineál rannpháirtíochta nó ranníocaíochta airgeadais ó eintitis nó ó dhaoine aonair príobháideacha a chur chun cinn le haghaidh na n-ollscoileanna agus na n-institiúidí a bhfuil siad féin i gceannas orthu; go háirithe, tá sé d’oibleagáid orthu cruthú cuibhreannas a chur chun cinn agus é d’aidhm acu tionscnaimh a chomhordú ar bhealach chomh praiticiúil agus chomh héifeachtach agus is féidir chun tacú le feidhmiú ollscoileanna agus institiúidí agus chun an feidhmiú sin a éascú [béim curtha leis]. Airteagal 61: ‘Dílsítear pearsantacht dhlítheanach i gcuibhreannais ollscoile. Bunaítear gach cuibhreannas trí chomhaontú lena rialaítear an caidreamh idir an t-eintiteas agus na daoine príobháideacha a bhfuil leas acu sa chuibhreannas agus tá airteagail chomhlachais aige lena rialaítear eagrú agus feidhmiú an chuibhreannais sin. Formheastar an comhaontú agus na hairteagail chomhlachais trí Fhoraithne Ríoga a eisítear tar éis togra ón Aire Oideachais Náisiúnta, tar éis dul i gcomhairle leis an gComhairle Stáit, agus foilsítear iad in Iris Oifigiúil na Ríochta.’
(96) Cuireann údaráis na hIodáile in iúl freisin, murab ionann agus dearbhú an ghearánaigh, gur thosaigh Cineca ag soláthar seirbhísí TF d’ollscoileanna sna 1980í seachas in 2001. Ba é Cineca an uirlis oibríochtúil don Aireacht ag tosú i lár na 1980í nuair a sannadh feidhmeanna áirithe rialtais don riarachán cheana féin. Ba ghá ardáin a fhorbairt a bhí fíor-riachtanach chun cúram na hAireachta a chomhlíonadh. Ba iad na chéad chúraimí a sannadh do Cineca bunachair shonraí maidir le ríomhchlárú, faireachán, comhordú, agus maoiniú ollscoileanna, lena n-áirítear bunachar sonraí na foirne teagaisc (1986), an clár náisiúnta taighde (1987), bunachar sonraí foirne riaracháin (1989), sonraí cuntasaíochta ollscoileanna (1989), bunachar sonraí do chórais oideachais (1989).
(97) IO C 262, 19.7.2016, lch. 1.
(98) Féach, go háirithe, Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Eanáir 1994, SAT v Eurocontrol, C-364/92, ECLI:EU:C:1994:7, mír 30 agus Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 18 Márta 1997, Calì & Figli, C-343/95, ECLI:EU:C:1997:160, míreanna 22 agus 23.
(99) Cinneadh ón gCoimisiún maidir le Státchabhair SA.25745 (2013/NN) (ex CP 11/2008) – An Ghearmáin – Suíomhanna gréasáin náisiúnta le haghaidh ceantanna in imeachtaí dócmhainneachta (ZVG Portal), (IO C, 167 an 13.6.2013, lch. 1).
(100) C-118/85, breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 16 Meitheamh 1987, ECLI:EU:C:1987:283, mír 8.
(101) Féach aithris 126 de Chinneadh HIS: ‘ Shuigh breithiúnas TenderNed dodheighilteacht idir an tseirbhís a sholáthair TenderNed agus an cúram poiblí atá i gceist sa chás sin cé go raibh tásca ann nach raibh sa ríomhsholáthar i gceist ach rannchuidiú le hoibriú éifeachtach [na seirbhíse] a raibh baint aici le feidhmiú na cumhachta poiblí’ (féach aithris 90 den bhreithiúnas). Ar an gcaoi chéanna le breithiúnas TenderNed, sa chás seo bhí oibreoirí margaidh ann freisin a thairg codanna den tseirbhís a thairg HIS. Mar sin féin, mar a mhínigh an Chúirt Ghinearálta i mbreithiúnas TenderNed, d’fhéadfadh na húdaráis ‘an próiseas iomlán soláthair phoiblí a bhainistiú ar an mbealach is fearr’ le seirbhísí TenderNed (aithris 90 den bhreithiúnas) agus ‘nár thairg ardáin tráchtála atá ann cheana na coinníollacha a bhaineann le praghas, saintréithe cáilíochta oibiachtúla, leanúnachas agus rochtain ar na seirbhísí a sholáthraítear ba ghá’ chun cuspóirí na n-údarás a chomhlíonadh (aithris 107 de bhreithiúnas TenderNed).’ Is féidir an réasúnaíocht sin a chur i bhfeidhm go hiomlán maidir leis an gcás atá faoi chaibidil. Mar a d’áitigh roinnt páirtithe leasmhara, níor thairg aon soláthraí bogearraí ollscoile eile an raon iomlán seirbhísí a chuir HIS ar fáil. Admhaíonn an gearánach féin nach dtairgeann soláthraithe príobháideacha ach codanna de na seirbhísí a theastaíonn i réimse na mbogearraí coláiste.’
(102) Sonraítear an méid seo a leanas le haithris 17 de Chinneadh HIS: ‘ Comhlíonann gníomhaíochtaí HIS atá i gceist, go sonrach soláthar táirgí bogearraí coláiste saincheaptha agus seirbhísí gaolmhara, an ceanglas maidir le bheith nasctha, de réir a gcineáil, a n-aidhme agus na rialacha a raibh siad faoina réir, le gníomhaíocht neamheacnamaíoch an Stáit a dhéanamh i réimse an oideachais threasaigh phoiblí ar bhealach atá ar aon dul leis an gcásdlí ábhartha.’
(103) Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm (IO L, 24.9.2015, lch. 9). Aithris 3: ‘ Ba cheart Airteagal 107 CFAE a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus go haonfhoirmeach ar fud an Aontais.’
(104) Féach aithris 68 de Chinneadh HIS: ‘[G]an riarachán ollscoile éifeachtúil atá bunaithe ar TF, ní fhéadfaí an ceart bunreachtúil chun ardoideachas a rochtain saor in aisce a ráthú agus ní fhéadfaí, dá bhrí sin, an oibleagáid ar an Stát atá cumhdaithe go bunreachtúil córas ardoideachais feidhmiúil a áirithiú de réir bhrí na chéad abairte d’Airteagal 12(1) den Bhundlí a chomhlíonadh.’
(105) Chuir an Iodáil isteach liosta de na seirbhísí tacaíochta TF a chuireann ar a cumas don Aireacht, de réir na hIodáile, a cúraimí (príomhfheidhmiúlachtaí) a chomhlíonadh, agus bunúis dlí na seirbhísí sin. Áirítear le liosta na bhfeidhmiúlachtaí: 1) an ‘Clár Náisiúnta Mac Léinn agus Céimithe’ (NSAS) chun gach mac léinn ollscoile a shainaithint; measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht na bpróiseas oiliúna ollscoile; soghluaisteacht mac léinn a chur chun cinn; dreasachtaí a shainaithint chun éileamh ar sheirbhísí sonracha do mhic léinn a spreagadh; faireachán a dhéanamh ar thaithí oibre na mac léinn agus tacú léi; 2) ‘bunachar sonraí tairisceana oiliúna’ chun rialacha oideachais na n-ollscoileanna a fhoilsiú; cúrsaí staidéir a ghníomhachtú agus faisnéis a sholáthar maidir le tairiscint oiliúna ollscoileanna; 3) ‘Universitaly’ chun an fhaisnéis uile faoi ollscoileanna agus cúrsaí staidéir a sholáthar chun é a chur ar a gcumas do dhaoine cinneadh a dhéanamh cá háit le staidéar a dhéanamh agus cad ba cheart staidéar a dhéanamh air; 4) ‘AccessoProgrammato’ lena mbailítear faisnéis chun é a chur ar a cumas don Aireacht tástálacha iontrála náisiúnta a phleanáil agus a eagrú i ndisciplíní áirithe, amhail leigheas; 5) ‘ASN’ ‘abilitazione’ chun foireann teagaisc a mheasúnú agus a earcú; 6) ’Proper’, le haghaidh clár pleanála 3 bliana d’fhoireann ollscoile; 7) ‘dalia’ nó ‘banc sonraí le haghaidh alia’, bunachar sonraí náisiúnta chun faisnéis ghairme agus sonraí tuarastail a bhailiú d’fhoireann ollscoile; 8) feidhmchlár le haghaidh ullmhú aonfhoirmeach cuntas chun na sonraí buiséadacha a bhailiú ó ollscoileanna; 9) tairseach chun cuntas a choinneáil ar bhrabús agus ar chaillteanas chun soiléirithe léirmhínitheacha a sholáthar a bhaineann le rialacha cuntasaíochta; 10) ‘AFAM’ chun faireachán a dhéanamh ar sholáthar múinteoirí agus conarthaí mar aon lena n-earcú agus a soghluaisteacht; 11) ‘gnáthchiste maoiniúcháin’ chun na paraiméadair uile a bhaineann le dáileadh an Ghnáthchiste Maoiniúcháin arna leithdháileadh ar ollscoileanna a stóráil; 12) ríomhchlárú 3 bliana (PRO 3) chun bainistiú a dhéanamh ar an bhfaisnéis uile is gá chun cistí a dháileadh ar ollscoileanna le haghaidh ríomhchlárú 3 bliana ollscoileanna, creidiúnú ollscoileanna, agus meastóireacht aireachta ar ríomhchlárú 3 bliana na n-ollscoileanna; 13) ‘tionscadail lena mbaineann leas mór’ le haghaidh nósanna imeachta iarratais agus tuarascálacha le haghaidh glaonna ar thaighde ar leasanna náisiúnta; 14) ‘REPRISE’ – clár na Sain-athbhreithneoirí Piaraí le haghaidh Meastóireacht Eolaíoch na hIodáile chun saineolaithe eolaíocha neamhspleácha a chlárú; 15) An Clár Náisiúnta Taighde chun an fhaisnéis uile a bhaineann le taighde cistithe a bhailiú.
Is mar seo a leanas atá na bunúis dlí faoi seach do na príomhfheidhmiúlachtaí: 1) Dlí Uimh. 170 an 11 Iúil 2003; agus forálacha dlíthiúla eile; 2) Airteagal 17(95)(b) de Dhlí Uimh. 127 an 15 Bealtaine 1997, a leathnaíodh níos déanaí le forálacha reachtacha breise; 3) Airteagal 17(95)(b) de Dhlí Uimh. 127 an 15 Bealtaine 1997 agus forálacha reachtacha breise; 4) Dlí Uimh. 264 an 2 Lúnasa 1999; 5) Dlí Uimh. 240/2010 agus reachtaíocht chomhleanúnach; 6) Dlí Uimh. 311 an 30 Nollaig 2004 (agus forálacha níos déanaí, lena n-áirítear Dlí Uimh. 43/2005); 7) Foraithne Reachtach Uimh. 29.1993; 8) Airteagal 7(6) de Dhlí Uimh. 168 an 9 Bealtaine 1989, arna chomhlánú le reachtaíocht níos déanaí; 9) Airteagal 9 d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 18 an 27 Eanáir 2012; 10) Foraithne Reachtach Uimh. 297 an 16 Aibreán 1994 agus forálacha eile, lena n-áirítear Foraithne Uimh. 212/2005 ón Uachtarán; 11) Dlí Uimh. 537/1993; 12) Airteagal 5(1) de Dhlí Uimh. 537/1993, Foraithne Uimh. 25/1998 ón Uachtarán agus Airteagal 1-er de Dhlí Foraithne Uimh. 7 an 31 Eanáir 2005; 13) Airteagal 65(1) d’Fhoraithne Uachtarán na Poblachta Uimh. 382/1980, Airteagal 5(4) de Dhlí Uimh. 537/1993 agus forálacha eile ina dhiaidh sin; 14) Dlí Foraithne Uimh. 83 an 22 Meitheamh 2012; 15) Foraithne ón Uachtarán Uimh. 382/1980 agus Airteagal 2 de Dhlí Uimh. 168/1989.
(106) Féach Airteagal 1-bis de Dhlí Foraithne Uimh. 105/2003 arna thiontú go Dlí Uimh. 170/2003, agus Airteagal 63-64 d’Fhoraithne Uimh. 382/1980 ón Uachtarán.
(107) Cinneadh le breithiúnas ó Chúirt Réigiúnach Riaracháin Lazio, Uimh. 10528/2019 nár státchabhair a bhí sa ranníocaíocht EUR 14 000 000 le Cineca as na seirbhísí don Aireacht, toisc gur léirigh an Aireacht go leordhóthanach ar bhonn praghsanna margaidh, go raibh an méid iomchuí go heacnamaíoch. (Roinn 3.3.1.)
(108) Míníonn an Iodáil go ndearna MIUR cineál áirithe anailíse ex-ante fiú roimh 2016. Bhí sé sin bunaithe ar fhorálacha dlíthiúla éagsúla a bhí i bhfeidhm lenar ceadaíodh soláthraí a bhí ann cheana agus a roghnaíodh roimhe sin a úsáid, amhail Cineca in imthosca áirithe, amhail imthosca gan choinne, le haghaidh seirbhísí nua, arb é a bhí i gceist leo seirbhísí a rinneadh roimhe sin a athdhéanamh, etc. Dá bhrí sin, bhí an dámhachtain bunaithe ar fhíorú, ar an gcéad dul síos, ó thaobh feidhmiúlachtaí teicniúla de, gur ráthaigh na seirbhísí uile a thairg Cineca buntáistí bainistíochta éifeachtúlachta agus cáilíochta nach bhféadfaí a bhaint amach murach sin agus a bhí inmharthana go heacnamaíoch. Sa mheasúnú ar oiriúnacht, cuireadh costais réitigh Cineca i gcomparáid le costais athsholáthair an táirge, i gcomhréir leis an loighic maidir le Costas Iomlán Úinéireachta, lena gcuirtear san áireamh saolré iomlán an earra/na seirbhíse atá beartaithe a fháil agus lena ndéantar meastachán ar na costais dhíreacha agus indíreacha uile.
(109) Treoir 2014/24/AE.
(110) Arna choimisiúnú ag Cineca ón Ollamh Mariano Corso [Scoil na Bainistíochta ag Politecnico di Milano]. Ós rud é nach raibh ‘margadh’ do na seirbhísí TF atá á soláthar ag Cineca don Aireacht, bhí na luachanna ar tháinig an staidéar orthu hipitéiseach, agus chuaigh siad i muinín praghsanna Assinter agus tagarmharcanna idirnáisiúnta Ghrúpa na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thagarmharcáil Bogearraí (ISBSG).
(111) Seachas 2006 go 2008 ina raibh íocaíochtaí le Cineca as na seirbhísí TF chuig an Aireacht measartha os cionn na luachanna margaidh, i.e. ó bhí 2009 ann, bhí difríocht mhéadaitheach idir luach margaidh na seirbhísí agus an méid a bhí á fháil ag Cineca mar chúiteamh. A mhéid a bhaineann leis na ranníocaíochtaí as na seirbhísí a bheith go mór faoi bhun an leibhéil margaidh ar feadh roinnt blianta, tagraítear le staidéar Corso do leibhéil táirgiúlachta i bhfad níos airde is féidir a fháil ón eolas seanbhunaithe ar an gcomhthéacs aireachta agus ó shaineolas láidir ar acmhainní. Ar an mbealach sin, éiríonn le CINECA an méid oibre is gá a uasmhéadú chun seirbhísí forbartha, cothabhála agus tacaíochta a sholáthar.
(112) Ní mór a thabhairt faoi deara, ar an iomlán, go bhfuil na praghsanna ní amháin faoi leibhéal an mhargaidh mar a léiríodh leis an staidéar margaidh a rinne an tOllamh Mariano Corso, ach go raibh siad faoi bhun leibhéal costais na seirbhíse freisin.
(113) Mhínigh an Iodáil go raibh an íocaíocht le haghaidh 2013, 2014 agus 2015 níos airde ná na costais toisc gur cumascadh dhá sholáthraí seirbhíse TF eile atá faoi úinéireacht stáit in Cineca (féach aithris (10)) agus gur ghá seirbhísí TF nua a fhorbairt mar gheall ar chúraimí nua a forchuireadh le Dlí Uimh. 240/2010.
(114) Tá pearsantacht dhlítheanach ag ollscoileanna agus, i gcur chun feidhme Airteagal 33 den Bhunreacht, tá uathriail theagascach, eolaíoch, eagraíochtúil, airgeadais agus cuntasaíochta acu; bunaíonn siad eagraíochtaí uathrialacha a bhfuil a n-airteagail chomhlachais agus a rialacháin féin acu’. Deimhníodh cineál uathrialach na n-ollscoileanna Stáit freisin le breithiúnais chúirte na hIodáile a rialaigh nach fostaithe Stáit iad fostaithe ollscoile. Féach e.g. an Chúirt Achomhairc i mbreithiúnas Uimh. 10700 an 10 Bealtaine 2006.
(115) V. T-98/16, T-196/16 agus T-198/16, Italia/Commissione ‘Banca Tercas’), ECLI:EU:T:2019:167, mír 67. ‘ I gcás ina bhfuil [an comhlacht a dheonaigh an chabhair i gceist] (…) uathrialach, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann lena chistí a bhainistiú, trí chomparáid a dhéanamh le hidirghabháil ó na húdaráis phoiblí agus le cistí poiblí...’, ‘ tá an Coimisiún (…) faoi réir oibleagáid níos tábhachtaí fós a chúiseanna a shonrú agus bunús a thabhairt dóibh, cúiseanna a thugann údar lena chonclúid go bhfuil na hacmhainní a úsáidtear faoi rialú poiblí agus go bhfuil na bearta inleagtha ar an Stát’. Cuireann an Iodáil (Cineca go deimhin) leis sin nach bhféadfadh bunús maith a bheith le hinleagthacht ar ollscoileanna poiblí ná nach féidir iad a aicmiú mar ‘eascróga Stát na hIodáile’ ós rud é gur forbraíodh an coincheap sin chun a chur ar a gcumas do dhaoine aonair dul i muinín forálacha treorach atá neamhchoinníollach agus beacht go leordhóthanach, ar treoir í nach ndearnadh a thrasuí ná a thrasuí i gceart, i leith comhlachtaí nó eintiteas atá faoi réir an údaráis; nó rialú nó cumhachtaí Stáit a sháraíonn teorainneacha na rialacha is infheidhme maidir leis an gcaidreamh idir daoine príobháideacha. Dá bhrí sin, ní féidir an coincheap a leathnú chun ceist na hinleagthachta a chumhdach.
(116) Murab ionann agus argóint an ghearánaigh in aithris (81) gur comhlacht poiblí neamheacnamaíoch iad ollscoileanna atá go hiomlán i gcomhréir le coincheap an ‘ riaracháin phoiblí ’, sainmhínítear na hollscoileanna mar eintitis laistigh den riarachán poiblí. Dá bhrí sin, ní thacaíonn siad leis an Stát ach is eintitis uathrialacha iad lena sainphribhléidí féin a thugtar dóibh leis an mBunreacht. Thug an Chúirt Achomhairc faoi deara ina breithiúnas Uimh. 10700 an 10 Bealtaine 2006, ‘ nach [bhfeidhmíonn] ollscoileanna mar orgán de chuid an Stáit a thuilleadh (…) agus go bhfuil múinteoirí agus taighdeoirí le meas mar fhostaithe de chuid na hollscoile seachas mar fhostaithe Stáit.’ Áitíonn an Iodáil freisin gur sainordaíodh le hAirteagal 2(1) de Dhlí Uimh. 240/2010 go ndéanfadh ollscoileanna iad féin a atheagrú ionas go mbeidh ollúna agus daoine eile atá neamhspleách ar an stát mar fhoireann ag comhlachtaí rialaithe.
(117) Míníonn an Iodáil go ndearna ollscoileanna Stáit, ar an gcaoi chéanna le MIUR (féach fonóta 108), cineál áirithe anailíse ex-ante fiú roimh 2016. Bhí sé sin bunaithe ar fhorálacha dlíthiúla éagsúla a bhí i bhfeidhm lenar ceadaíodh soláthraí a bhí ann cheana agus a roghnaíodh roimhe sin a úsáid, amhail Cineca in imthosca áirithe, amhail imthosca gan choinne, le haghaidh seirbhísí nua, seirbhísí arb é a bhí i gceist leo seirbhísí a rinneadh roimhe sin a athdhéanamh, etc. Dá bhrí sin, bhí an dámhachtain bunaithe ar fhíorú, ar an gcéad dul síos, ó thaobh feidhmiúlachtaí teicniúla de, gur ráthaigh na seirbhísí uile a thairg Cineca buntáistí bainistíochta éifeachtúlachta agus cáilíochta nach bhféadfaí a bhaint amach murach sin agus a bhí inmharthana go heacnamaíoch. Sa mheasúnú ar oiriúnacht, cuireadh costais réitigh Cineca i gcomparáid le costais athsholáthair an táirge, i gcomhréir leis an loighic maidir le Costas Iomlán Úinéireachta, lena gcuirtear san áireamh saolré iomlán an earra/na seirbhíse atá beartaithe a fháil agus lena ndéantar meastachán ar na costais dhíreacha agus indíreacha uile.
(118) ‘Fianaise ón staidéar ar ‘luachshocrú’ (meastóireacht) na seirbhísí arna soláthar ag Cineca d’ollscoileanna na hIodáile’ an 15 Aibreán 2021, leis an Ollamh Mariano Corso.
(119) Le seirbhís óstála bonneagair soláthraítear meascán de réitigh TF amhail forbairt gréasáin, óstáil gréasáin agus ríomhphost, bonneagar agus cur i bhfeidhm ar an idirlíon.
(120) Rialachán (AE) 2015/1589. Airteagal 1(b)(v): Ciallaíonn ‘ cabhair atá ann cheana’ ‘cabhair a mheastar a bheith ina cabhair atá ann cheana toisc gur féidir a shuí nár chabhair í an tráth a cuireadh i bhfeidhm í, agus a tháinig chun bheith ina cabhair ina dhiaidh sin i ngeall ar éabhlóid an mhargaidh inmheánaigh agus gan athrú a bheith déanta ag an mBallstát uirthi. I gcás ina dtiocfaidh bearta áirithe chun bheith ina gcabhair tar éis léirscaoileadh gníomhaíochta le dlí an Aontais, ní mheasfar gur cabhair atá ann cheana iad na bearta sin tar éis an dáta a shocraítear le haghaidh an léirscaoilte.’
(121) Cinneadh (AE) 2020/39 míreanna 83 agus 142.
(122) Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 30 Aibreán 2002, Rialtas Ghiobráltar v an Coimisiún, T195/01 agus T-207/01, ECLI:EU:T:2002:111, mír 111.
(123) Féach roinn 1.4: den bhreithiúnas: ‘ D’fhéadfadh ráitis airgeadais bhliantúla an eintitis ábhartha a bheith i gceist le fianaise ar leithdháileadh cuí costas, cistithe agus ioncam. I ndáil leis sin freisin, ní mór a mheas go bhfuil sé suite go sásúil go n-úsáideann Cineca cuntais anailíseacha atá in ann príomhghníomhaíochtaí an Chuibhreannais a dheighilt agus a shonrú de réir lárionaid chostas (ceann scríbe) agus de réir an chineáil ioncaim agus costais, agus de réir roinne gnó chomh maith. Tá sé sin i gcomhréir leis an iliomad rialacha reachtúla agus rialála lena gceanglaítear deighilt cuntasaíochta idir gníomhaíochtaí de chineál eacnamaíoch agus gníomhaíochtaí de chineál neamheacnamaíoch (cf. Airteagal 15(3) de na hAirteagail Chomhlachais, agus rialacha Cineca an 27 Márta 2015 maidir le heagrú agus rialachas gníomhaíochtaí inmheánacha). Léirítear comhlíontacht an cheanglais maidir le deighilt cuntas freisin sa tuairisciú a chuir Cineca faoi bhráid MIUR le haghaidh 2015.’ Cinneadh le breithiúnas ón gComhairle Stáit an 19 Iúil 2019 (Uimh. 10528/2019) freisin, i dtuarascáil 2018 a bhaineann leis na seirbhísí don Aireacht agus le gníomhaíocht HPC neamhthráchtála/institiúideach, ‘ [go bhfuil] sé léirithe go leordhóthanach ag Cineca freisin go bhfuil an ghníomhaíocht [HPC] faoi réir cineál cuntasaíochta agus tuairiscithe ar leithligh.’ Féach roinn 3.2 den bhreithiúnas.
(124) Chuir an Iodáil leis sa chinneadh tosaigh freisin (féach aithris 73 den chinneadh sin) go raibh deighilt cuntasaíochta idir na haonaid oibríochtúla mar shaintréith den chóras sin fiú, agus gurb é an t-aon ghné shonrach go ndearnadh cion na gcostas indíreach agus/nó na gcostas de chineál ginearálta, seachas iad a bheith leithdháilte go díreach ar na haonaid ghnó, a thar-rolladh chuig na haonaid oibríochtúla ar bhonn critéir agus spreagthaí a sainaithníodh go sonrach.
(125) Leanann na tuarascálacha airgeadais a bhaineann le tionscadail arna maoiniú ag an Aontas Eorpach treoirlínte a leagtar amach san fhógra tionscadail aonair agus tá deimhniú iniúchóireachta arna eisiúint ag deimhnitheoir seachtrach ag gabháil leo. Tá siad faoi réir spotseiceálacha ag an gCoimisiún Eorpach freisin. Cuirtear riosca an tras-fhóirdheonaithe as an áireamh freisin le córas cuntasaíochta anailísí a bheith glactha ag Cineca, rud a d’fhág, le chéile le seiceálacha arna ndéanamh ag iniúchóirí, ag cruinniú an Chuibhreannais (agus an buiséad á fhormheas), agus ag an gCúirt Iniúchóirí (ós rud é gur comhlacht é Cineca a mhaoinítear ar an ngnáthbhonn ó acmhainní poiblí), gur féidir na costais agus na hioncaim a ghintear le gníomhaíochtaí neamheacnamaíocha agus na costais agus na hioncaim a ghintear le gníomhaíochtaí tráchtála a choimeád ar leithligh go soiléir.
(126) Ó bhí 2019 ann, ní dhéantar leithdháileadh an chúitimh trí fhoraithne aireachta a thuilleadh.
(127) Foráiltear le hAirteagal 5(1) d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 123/2011: ‘ Beidh gach gníomh as a n-eascraíonn éifeachtaí airgeadais do bhuiséad an Stáit faoi réir réamhsheiceálacha riaracháin agus cuntasaíochta’, lena n-áirítear, ar bhonn sainordaitheach, ‘(a) gníomhartha atá faoi réir athbhreithniú roimh ré ar dhlíthiúlacht ag an gCúirt Iniúchóirí’ agus ‘(f) gníomhartha agus bearta a bhaineann le suimeanna a aistriú ó bhuiséad an Stáit chuig comhlachtaí eile.’
(128) Maidir le barúil an ghearánaigh gur mórchumhacht í fochuideachta Cineca atá ag feidhmiú i margadh bogearraí na hollscoile, KION (féach aithris (70) agus fonóta 50), chuir údaráis na hIodáile in iúl go ndearnadh thart ar 97 % de ghníomhaíochtaí KION do chomhaltaí Cuibhreannais agus nach ndearnadh ach an chuid eile do chliaint tráchtála. Bhain an corrlach brabúis 20 % leis an ngníomhaíocht tráchtála sin agus an corrlach brabúis 1 % le comhaltaí Cuibhreannais. Ba é 13,4 % ar an meán corrlach brabúis Cineca sa deighleog TF ollscoile poiblí ó 2006 go 2019, suas ó 6 % ó 2005 go 2015. Tharla an méadú mar thoradh ar dhlíthíocht a thionscain an gearánach as ar eascair carnadh cúlchistí toisc gur tháinig deireadh le hinfheistíochtaí. Beidh ar infheistíochtaí atosú; dá bhrí sin, tiocfaidh laghdú ar an mbrabúsacht. Bhí brabúsacht sa deighleog TF ollscoile príobháidí cothrom le 25 % sa tréimhse ama ó 2006 go 2019. Ar an taobh eile, bhí an deighleog TF riaracháin phoiblí ag táirgeadh easnaimh ó 2006 go 2019, i.e. táirgeadh EUR -4 162 000 go carnach. Maoinítear an t-easnamh ó ghníomhaíochtaí tráchtála Cineca atá brabúsach (féach an tábla ‘Gníomhaíochtaí tráchtála’), agus ó chúlchistí cothromais.
(129) Sonraíonn an Iodáil go bhfuil an ‘ patrimonio netto ’ buiséadaithe agus nach bhfuil sé in úsáid go fóill. Ní féidir é a úsáid ach amháin le haghaidh gníomhaíocht HPC neamhthráchtála/institiúideach. Tá ciall leis sin toisc go bhfuil forbairt HPC an-dian ar chaipiteal.
(130) Míníonn an Iodáil gurb é atá i ráitis airgeadais (clár comhardaithe) an uirlis chun cruinneas cuntasaíochta agus úsáid chuí barrachais agus, ar bhonn níos ginearálta, na cúlchistí cothromais, a rialú agus a áirithiú. Is í an ionstraim í atá in ann a dheimhniú nach ndéantar aon bharrachas ó ghníomhaíochtaí neamhthráchtála a athinfheistiú i ngníomhaíochtaí tráchtála.’ Go deimhin, ní mór brabúis a athinfheistiú sna gníomhaíochtaí a theastaíonn ó chomhaltaí an Chuibhreannais (go teicniúil, iad a chur ar dtús leis na glansócmhainní mar chúlchistí sula n-úsáidtear iad do chomhaltaí an Chuibhreannais) agus ní féidir iad a chomhroinnt i measc chomhaltaí an Chuibhreannais. Bhí feidhm aige sin freisin maidir leis an mbarrachas carnach EUR 19 882 152 ag deireadh 2017 (féach colún 6 agus líne 15 den tábla ‘Seirbhísí HPC neamhthráchtála/institiúideacha’). Is cuid é an méid sin freisin den chothromas forchoimeádta le haghaidh gníomhaíochtaí HPC neamhthráchtála/institiúideacha agus tá sé fós sa chlár comhardaithe. Bhí feidhm aige freisin maidir leis an mbrabús EUR 2 771 888 le haghaidh 2015, atá i ráitis airgeadais 2016 faoin gceannteideal ‘Cúlchistí brabúis na mblianta roimhe sin’. Cuireann an Iodáil in iúl freisin mar fhreagra ar ráiteas an ghearánaigh a bhaineann leis an gcorrlach brabúis líomhnaithe 13 % le haghaidh ghníomhaíochtaí uile Cineca ó 2017 go 2019 (féach aithris (120)), gur bhain an chairt dár thagair an gearánach le hioncaim seachas le brabúis. Thairis sin, ní choisctear Cineca ó bhrabús a dhéanamh; ní rialaítear leis an dlí ach úsáid na mbrabús.
(131) Míníonn an Iodáil gur tháinig cuid de mhaoiniú na seirbhísí TF a soláthraíodh don Aireacht ó na cúlchistí cothromais a bunaíodh thar na blianta 2006 go 2014. De réir chlár comhardaithe 2014, bhí cothromas EUR 121 mhilliún ag Cineca, lena n-áirítear EUR 86 mhilliún arb é a bhí ann an ranníocaíocht a sholáthair an Aireacht le haghaidh gníomhaíocht HPC neamhthráchtála/institiúideach suas le mí na Nollag 2014, a cuireadh leis na glansócmhainní agus leis na cúlchistí a bunaíodh cheana féin roimh 2006. Ina theannta sin, ghin na gníomhaíochtaí tráchtála corrlach deimhneach freisin (féach an tábla ‘Gníomhaíochtaí tráchtála’).
(132) Míníonn an Iodáil, ag an athríomh, go ndearnadh costais CBL a bhaineann le seirbhísí HPC neamhthráchtála/institiúideacha don tréimhse ó 2012 go 2015, a bhí cothrom le EUR 6 343 000 (dlite le haghaidh 2012 go 2015), a chur leis mar thoradh ar chigireacht chánach a rinne an Ghníomhaireacht Ioncaim. Leithdháileadh an méid ar 2015, toisc gurb í sin an chéad bhliain a bhféadfaí na costais sin a mhuirearú ina leith, ós rud é nach raibh dliteanas Cineca ina leith ar eolas sna blianta roimhe sin.
(133) Sholáthair an Iodáil faisnéis ar dá réir a bhí tomhaltas leictreachais na gníomhaíochta HPC neamhthráchtála/institiúidí cothrom le EUR 1 901 560, agus a bhí tomhaltas leictreachais iomlán gníomhaíochta HPC cothrom le EUR 3 689 130 le haghaidh 2017.Le haghaidh 2018, ba iad EUR 1 977 835,09 agus EUR 4 714 863 na figiúirí faoi seach.
(134) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 27 Meitheamh 2017, Escuelas Pías, C-74/16, ECLI:EU:C:2017:496, mír 51. ‘ Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfadh bunaíocht aonair roinnt gníomhaíochtaí a dhéanamh, idir ghníomhaíochtaí eacnamaíocha agus ghníomhaíochtaí neamheacnamaíocha, ar choinníoll go gcoimeádann sí cuntais ar leithligh le haghaidh na gcistí éagsúla a fhaigheann sí ionas go n-eisiafar aon riosca go ndéanfaí a gníomhaíochtaí eacnamaíocha a thras-fhóirdheonú trí bhíthin cistí poiblí a fhaightear dá gníomhaíochtaí neamheacnamaíocha.’
(135) Sainaithnítear le cásdlí na Cúirte agus le cleachtas cinnteoireachta an Choimisiúin roinnt critéar feidhmiúil a bhaineann leis an nasc intreach idir modh agus cuspóir an chúraim phoiblí. Tá go leor acu, mura bhfuil siad uile, infheidhme maidir le gníomhaíochtaí Cineca. Tá an nasc idir feidhmeanna agus comhpháirteanna éagsúla na mbogearraí le tuiscint mar ghnéithe éagsúla den fheidhm chéanna agus, mar sin, chuirfeadh deighilt na gcomhpháirteanna sin ó chéile isteach ar fheidhmiú na ngníomhaíochtaí neamheacnamaíocha agus ar shaothrú an chuspóra.
(136) Féach Cinneadh HIS, aithris 117.
(137) ‘Chun na críche sin, saothraíonn an Cuibhreannas na cuspóirí seo a leanas i ndáil leis na heintitis ar comhaltaí iad agus na tríú páirtithe araon, ach tá sé fós chun leas an eintitis ar comhalta é: (…) d) bainistiú lárionaid a sholáthraíonn, lena shaoráidí féin nó le naisc iomchuí, seirbhísí bainistithe agus próiseála TF do chomhaltaí uile an Chuibhreannais, agus tosaíocht á tabhairt don Aireacht Oideachais, Ollscoileanna agus Taighde; (…) f) córas ollscoile agus taighde a fhorbairt, a ullmhú agus a bhainistiú, chun leas an oideachais náisiúnta, agus, gan costais bhreise, gan dochar don ranníocaíocht dá bhforáiltear in Airteagal 16(1)(b), córais TF iomchuí’.
(138) Aithris 121 de Chinneadh HIS.
(139) Treoir 2001/23/CE ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le comhfhogasú a dhéanamh ar dhlíthe na mBallstát maidir le cearta fostaithe a choimirciú i gcás aistriú gnóthas nó gnólachtaí nó codanna de ghnóthais nó de ghnólachtaí, IO L 82, 22.3.2001, lch. 16.
(140) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais Eorpach, Compass-Datenbank v Republik Österreich, C-138/11 an 12 Iúil 2012, ECLI:EU:C:2012:449, mír 39: ‘ Ina theannta sin, d’ainneoin an fhíorais go soláthraíonn eintiteas poiblí táirge nó seirbhís agus go bhfuil an táirge nó seirbhís nasctha le feidhmiú cumhachtaí poiblí aige mar mhalairt ar luach saothair a leagtar síos le dlí agus nach gcinneann an t-eintiteas sin é, go díreach ná go hindíreach, ní leordhóthanach sin ann féin chun go n-aicmeofaí an ghníomhaíocht a dhéantar mar ghníomhaíocht eacnamaíoch agus an t-eintiteas a dhéanann í mar ghnóthas (féach, chuige sin, SAT Fluggesellschaft, mír 28 et seq. agus Diego Calì & Figli, míreanna 22 go 25). ’
(141) Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2019 i gCásanna Uamtha T-98/16, T-196/16, agus T-198/16 an Iodáil agus Eile v an Coimisiún, mír 67, ECLI:EU:T:2019:167; Shonraigh an Chúirt Ghinearálta in T-98/16, T-196/16, agus T-198/16 an Iodáil v. Banca Popolare di Bari : ‘I gcás ina bhfuil [an comhlacht a dheonaigh an chabhair i gceist] uathrialach, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann lena chistí a bhainistiú, trí chomparáid a dhéanamh le hidirghabháil ó na húdaráis phoiblí agus le cistí poiblí… tá an Coimisiún (…) faoi oibleagáid níos mó fós na cúiseanna lena dtugtar údar lena chonclúid go bhfuil na hacmhainní arna n-úsáid faoi rialú poiblí agus go bhfuil na bearta inleagtha ar an Stát a shonrú agus bunús a thabhairt leo.’
(142) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 12 Meán Fómhair 2000 i gCásanna Uamtha Pavlov agus Eile, C-180/98 go C-184/98, ECLI:EU:C:2000:428, mír 74. Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 23 Aibreán 1991 in Höfner agus Elser, C-41/90, ECLI:EU:C:1991:161, mír 21.
(143) Féach, go háirithe, Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Eanáir 1994, SAT v Eurocontrol, C-364/92, ECLI:EU:C:1994:7, mír 30, breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 18 Márta 1997, Calì & Figli, C-343/95, ECLI:EU:C:1997:160, míreanna 22 agus 23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 12 Iúil 2012, Compass-Datenbank v an Ostair, C-138/11 ECLI:EU:C:2012:449, mír 41; Breithiúnas TenderNed ón gCúirt Ghinearálta an 28 Meán Fómhair 2017, Cás T-138/15, Aanbestedingskalender agus Eile v an Coimisiún, ECLI:EU:T:2017:675.
(144) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais Eorpach, Compass-Datenbank v Republik Österreich, C-138/11 an 12 Iúil 2012, ECLI:EU:C:2012:449.
(145) Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 28 Meán Fómhair 2017, Cás T-138/15, Aanbestedingskalender agus Eile v an Coimisiún, ECLI:EU:T:2017:675.
(146) Cinneadh ón gCoimisiún an 2.5.2013 maidir le Státchabhair SA.25745 (2013/NN) (ex CP 11/2008) – An Ghearmáin – Suíomh gréasáin náisiúnta le haghaidh ceantanna in imeachtaí dócmhainneachta (ZVG Portal) C(2013) 2361 final.
(147) Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 28 Meán Fómhair 2017, Cás T-138/15, Aanbestedingskalender agus Eile v an Coimisiún, ECLI:EU:T:2017:675, mír 41.
(148) Féach mír 49 den Bhreithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 28 Meán Fómhair 2017, Cás T-138/15, Aanbestedingskalender agus Eile v an Coimisiún, ECLI:EU:T:2017:675; Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais, Compass-Datenbank v an Ostair, C-138/11 an 12 Iúil 2012, Cás C-138/11, ECLI:EU:C:2012:449, a luaitear freisin i mír 44 den Bhreithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais Eorpach an 7 Samhain 2019 in C-687/17P, ECLI:EU:C:2019:932.
(149) Féach míreanna 51 agus 52 den Bhreithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 28 Meán Fómhair 2017, Cás T-138/15, Aanbestedingskalender agus Eile v an Coimisiún, ECLI:EU:T:2017:675.
(150) Féach mír 53 den Bhreithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 28 Meán Fómhair 2017, Cás T-138/15, Aanbestedingskalender agus Eile v an Coimisiún, ECLI:EU:T:2017:675.
(151) Féach mír 90 den Bhreithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 28 Meán Fómhair 2017, Cás T-138/15, Aanbestedingskalender agus Eile v an Coimisiún, ECLI:EU:T:2017:675.
(152) Cinneadh (AE) 2020/391.
(153) Aithris 127 de Chinneadh HIS.
(154) Féadfar oideachas poiblí a eagraítear laistigh den chóras oideachais náisiúnta arna chistiú agus arna mhaoirsiú ag an Stát a mheas mar ghníomhaíocht neamheacnamaíoch. Chinn an Chúirt Bhreithiúnais nach bhfuil sé beartaithe ag an Stát, ‘ trí chóras oideachais phoiblí den sórt sin a bhunú agus a choinneáil ar bun agus a mhaoinítear go hiomlán nó go príomha le cistí poiblí agus ní ag daltaí ná ag a dtuismitheoirí […] páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí ar luach saothair, ach go ndéanann sé a chúram i leith a phobail sna réimsí sóisialta, cultúrtha agus oideachais’ . Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 11 Meán Fómhair 2007, an Coimisiún v an Ghearmáin, C-318/05, ECLI:EU:C:2007:495, mír 68, agus Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 27 Meitheamh 2017, C-74/16, Congregación de Escuelas Pías Provincia Betania v Ayuntamiento de Getafe, ECLI:EU:C:2017:496, mír 50.
(155) Féach aithrisí 124, 126, 127 de Chinneadh HIS a thagraíonn do bhreithiúnas TenderNed ón gCúirt Ghinearálta an 28 Meán Fómhair 2017 Aanbestedingskalender BV v an Coimisiún, aithrisí 90 go 97.
(156) Bunaíodh agus oibríodh HIS GmbH ar bhealach a d’fhág gur modh é chun na riachtanais fheidhmiúla fíor-riachtanacha sin de chuid ollscoileanna poiblí na Gearmáine a chomhlíonadh go comhchoiteann trí thaithí agus saineolas a chomhthiomsú. Léirigh oibriú agus bainistíocht HIS GmbH gur rialaíodh é mar eintiteas cuasastáit agus nach raibh aon ghné tabhaithe brabúis ag baint lena oibriú agus, ina leith sin, nach raibh sé difriúil go bunúsach le hoibriú na n-ollscoileanna féin.
(157) Féach, mar shampla, breithiúnas TenderNed ón gCúirt Ghinearálta an 28 Meán Fómhair 2017, Cás T-138/15, Aanbestedingskalender agus Eile v an Coimisiún, ECLI:EU:T:2017:675, mír 38; aithris 29 de Chinneadh ZVG Portal ón gCoimisiún; Cinneadh C(2013) 2361 final ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2013, SA.25745 (2013/NN) (ex CP 11/2008) – An Ghearmáin – Suíomh gréasáin náisiúnta le haghaidh ceantanna in imeachtaí dócmhainneachta (ZVG Portal),( IO C 167, 13.6.2013, lch. 1). http://ec.europa.eu/competition/state_aid/cases/247954/247954_1433360_92_2.pdf;
(158) Féach tagairt d’Airteagal 33 de Bhunreacht na hIodáile in Airteagal 6(1) de Dhlí Uimh. 168/1989.
(159) Foráiltear le hAirteagal 6 de Dhlí Uimh. 168 an 9 Bealtaine 1989 maidir le huathriail na n-ollscoileanna. Sonraíonn sé go bhfuil ‘ pearsantacht dhlítheanach ag ollscoileanna agus, i gcur chun feidhme Airteagal 33 den Bhunreacht, go bhfuil uathriail theagascach, eolaíoch, eagraíochtúil, airgeadais agus cuntasaíochta acu; bunaíonn siad eagraíochtaí uathrialacha a bhfuil a n-airteagail chomhlachais agus a rialacháin féin acu ’.
(160) Ní mór a thabhairt faoi deara, i gcás TenderNed, gur cuireadh TenderNed ar bun in 2012 sular tháinig Treoir 2014 an Aontais maidir le soláthar poiblí i bhfeidhm.
(161) ‘Cuireann MIUR próiseas aontaithe na gcuibhreannas Cineca, Cilea agus Caspur chun cinn chun an caiteachas dá n-oibriú a chuíchóiriú trí eintiteas aonair a bhunú ar an leibhéal náisiúnta agus é de chúram air tacaíocht leordhóthanach a áirithiú, i dtéarmaí nuálaíochta agus soláthar seirbhíse, do riachtanais na hAireachta, an chórais ollscoile, agus na n-earnálacha taighde agus oideachais. Ní ghinfidh cur chun feidhme na míre seo costais nua ná costais bhreise don airgeadas poiblí’.
(162) Féach aithris (56): Breithiúnas ón gCúirt in C-3/88 an Coimisiún v an Iodáil an 5 Nollaig 1989; ECLI:EU:C:1989:606.
(163) C-264/01, C-306/01, C-354/01 agus C-355/01, AOK Bundesverband agus Eile, EU:C:2004:150, § 56. C-262/18 P agus C-271/18 P, an Coimisiún agus Poblacht na Slóvaice v Dôvera zdravotná poist’ovňa, EU:C:2020:450, §§ 32 go 34 agus 43, le haghaidh cásdlí lena léirítear nach leordhóthanach gnéithe iomaíochta a thabhairt isteach i ngníomhaíocht neamheacnamaíoch chun cineál na gníomhaíochta a athrú.
(164) Roinn 7.1.1. de bhreithiúnas ó Chúirt Réigiúnach Riaracháin Lazio Uimh. 2922/2017, a foilsíodh an 27 Feabhra 2017.
(165) Aithris 127 de Chinneadh HIS.
(166) Treoir 2001/23/CE.
(167) Cinneadh ón gCoimisiún maidir le Státchabhair SA.25744 — ZVG Portal, aithris 32.
(168) Ní mór déileáil le cásanna forluiteacha ar an mbealach céanna, mar a léirítear in aithris 3 de Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle: ‘ Ba cheart Airteagal 107 CFAE a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus go haonfhoirmeach ar fud an Aontais.’
(169) Féach an tagairt don choincheap sin in aithris 6(9) den Chinneadh 2012/21/AE ón gCoimisiúnan 20 Nollaig 2011 maidir le hAirteagal 106(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm i ndáil le Státchabhair i bhfoirm cúitimh seirbhíse poiblí a dheonaítear do ghnóthais áirithe a bhfuil de chúram orthu seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a oibriú, (IO L 7, 11.1.2012, lch. 3): ‘ I gcás ina ndéanann gnóthas gníomhaíochtaí a thagann laistigh agus lasmuigh de raon feidhme na seirbhíse ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne, léireofar sna cuntais inmheánacha na costais agus na hadmhálacha a bhaineann leis an tseirbhís ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne agus iad a bhaineann leis na seirbhísí eile, chomh maith leis na paraiméadair chun costais agus ioncaim a shannadh.’
(170) Aithris 32 de Chinneadh ón gCoimisiún an 2.5.2013 maidir le Státchabhair SA.25745 (2013/NN) (ex CP 11/2008) – An Ghearmáin – Suíomh gréasáin náisiúnta le haghaidh ceantanna in imeachtaí dócmhainneachta (ZVG Portal) C(2013) 2361 final.
(171) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais Eorpach an 22 Deireadh Fómhair 2015 in EasyPay v Poblacht na Bulgáire, C-185/14 ECLI:EU:C:2015:716. Mír 43: ‘ Is léiriú iad na gnéithe sin lenar féidir glacadh leis go bhféadfadh gníomhaíocht oibríochtaí ordaithe airgid lena gcumasaítear pinsin scoir a íoc a bheith indeighilte ón gcóras náisiúnta pinsean. Is faoin gcúirt náisiúnta atá sé measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na ngnéithe sin, go háirithe i bhfianaise na ngnéithe fíorasacha agus dlíthiúla eile atá os a comhair. ’
(172) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais Eorpach, Compass-Datenbank v Republik Österreich, C-138/11 an 12 Iúil 2012, ECLI:EU:C:2012:449, mír 39: ‘Ina theannta sin, d’ainneoin an fhíorais go soláthraíonn eintiteas poiblí táirge nó seirbhís agus go bhfuil an táirge nó seirbhís nasctha le feidhmiú cumhachtaí poiblí aige ar luach saothair a leagtar síos le dlí agus nach gcinneann an t-eintiteas sin é, go díreach nó go hindíreach, ní leordhóthanach sin ann féin chun go n-aicmeofaí an ghníomhaíocht a dhéantar mar ghníomhaíocht eacnamaíoch agus an t-eintiteas a dhéanann í mar ghnóthas (féach, chuige sin, SAT Fluggesellschaft, mír 28 et seq. agus Diego Calì & Figli, míreanna 22 go 25).
(173) Féach, go háirithe, Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Eanáir 1994, SAT v Eurocontrol, C-364/92, ECLI:EU:C:1994:7, mír 30, breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 18 Márta 1997, Calì & Figli, C-343/95, ECLI:EU:C:1997:160, míreanna 22 agus 23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 12 Iúil 2012, Compass-Datenbank v an Ostair, C-138/11 ECLI:EU:C:2012:449, mír 41.
(174) Féach Pointe 30 den Fhógra ón gCoimisiún maidir le coincheap na státchabhrach.
(175) Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 12 Nollaig 1996, Air France v an Coimisiún, T-358/94, ECLI:EU:T:1996:194, mír 56.
(176) Cás C-482/99 an Fhrainc v an Coimisiún (Stardust Marine), míreanna 52 agus 53.
(177) Airteagal 6(1) de Dhlí Uimh. 168 de 1989 thuasluaite, ‘ Tá pearsantacht dhlítheanach ag ollscoileanna agus, i gcur chun feidhme Airteagal 33 den Bhunreacht, tá uathriail theagascach, eolaíoch, eagraíochtúil, airgeadais agus cuntasaíochta acu; bunaíonn siad eagraíochtaí uathrialacha a bhfuil a n-airteagail chomhlachais agus a rialacháin féin acu’.
(178) Féach e.g. an Chúirt Achomhairc i mbreithiúnas Uimh. 10700 an 10 Bealtaine 2006.
(179) Breithiúnas Air France v an Coimisiún, T-358/94, ECLI:EU:T:1996:194.
(180) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 11 Iúil 1996, SFEI agus Eile, C-39/94, ECLI:EU:C:1996:285, míreanna 60 agus 61.
(181) Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 12 Meitheamh 2014, Sarc v an Coimisiún, T-488/11, ECLI:EU:T:2014:497, mír 98. Land Burgenland v an Coimisiún, Cásanna Uamtha C-214/12 P, C-215/12 P agus C-223/12 P, ECLI:EU:C:2013:682, míreanna 94 agus 95.
(182) IO L 94, 28.3.2014, lch. 65.
(183) ‘Fianaise ón staidéar ar luachshocrú na seirbhísí arna soláthar ag Cineca d’ollscoileanna na hIodáile’ an 15 Aibreán 2021, leis an Ollamh Mariano Corso.
(184) Is seirbhís í a íocann tú praghas seasta lena húsáid.
(185) Cumhdaítear leis an gcomhpháirt bonneagair na ngnéithe crua-earraí fisiceacha, bainistiú na ngnéithe fisiceacha sin agus na seirbhísí agus na tionscadail a bhaineann leis na gnéithe fisiceacha sin. Tugtar bonneagar mar sheirbhís orthu sin. Cumhdaítear leis an gcomhpháirt bogearraí táirgí amhail córais oibriúcháin, bunachair sonraí, etc. Tugtar bogearraí mar sheirbhís orthu sin.
(186) Mar a mhíníonn an Iodáil, cuimsíonn Assinter 20 cuideachta a oibríonn i gcomhréir leis an tsamhail soláthair inmheánaigh san earnáil TFC riaracháin phoiblí.
(187) Le seirbhís óstála bonneagair soláthraítear meascán de réitigh TF amhail forbairt gréasáin, óstáil gréasáin agus ríomhphost, bonneagar agus cur i bhfeidhm ar an idirlíon.
(188) Tuarascáil a d’ullmhaigh Stefano Aiello ó Partners4Innovation S.r.l. do Cineca an 14 Aibreán 2021.
(189) Ní mór a choimeád i gcuimhne gur idirbheart é sampla an ghearánaigh a bhaineann le hOllscoil Calabria (féach aithris (85) agus fonóta 62) nár tháinig chun cinn i bhfoirm praghas a líomhnaítear a bheith os cionn phraghas an mhargaidh agus, dá bhrí sin, nach díol seirbhíse ar phraghas os cionn leibhéal an mhargaidh é. Líomhain eile is ea go raibh taraifí a gearradh ar ollscoil Bergamo níos ísle faoi deireadh freisin ná an praghas a comhaontaíodh ar dtús, toisc gur thairg Cineca lascaine, a líomhnaítear (féach fonóta 62). Dá bhrí sin, ní chruthaíonn na líomhaintí sin iontu féin gur gearradh praghsanna os cionn leibhéal an mhargaidh.
(190) Mar shampla, léiríonn miontuairiscí chruinniú Bhord Stiúrthóirí Ollscoil Molise an 25 Bealtaine 2018 an méid seo a leanas: ‘ Chun na críche sin, cuirimid faoi bhráid an Bhoird Stiúrthóirí leis seo an tuarascáil atá i gceangal leis seo, arna hullmhú agus arna formhuiniú ag na cinn oifigí trí úsáid a bhaint as seirbhísí ríomhairithe CINECA, ina léirítear an méid seo a leanas: 1) d’fhonn forálacha Airteagal 192(2) d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 50/2016 agus Treoirlínte Uimh. 8 ó ANAC a chur i bhfeidhm, seoladh anailís ar chórais eile ar an margadh, agus teagmhálaithe á ndéanamh le cuideachtaí a oibríonn sna hearnálacha leasa; 2) bunaíodh teagmhálaithe le riaracháin ollscoile eile a roghnaigh roghanna malartacha ar tháirgí CINECA cheana féin;(3) i bhfianaise a dheacra atá sé na córais uile atá in úsáid a ionadú an tráth céanna, is féidir plean ilbhliantúil athsholáthair a eagrú sna réimsí éagsúla feidhmchláir. Ba cheart a thabhairt faoi deara maidir leis an uainiú atá beartaithe (thart ar 12 mhí don chéim anailíse tar éis an ama is gá chun na nósanna imeachta tairisceana a chur i gcrích, mar aon leis an am teicniúil is gá chun an córas nua a sheoladh), go dtugtar le tuiscint gur gá leanúnachas gníomhaíochtaí oifige a áirithiú sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma. I ndáil leis sin, i bhfianaise an chirt chun tarraingt siar dá bhforáiltear sa togra conartha ó CINECA, tá sé beartaithe againn go bhféadfaí seirbhísí inmheánacha a athdhámhachtain do Chuibhreannas CINECA agus, an tráth céanna, leanúint de na gníomhaíochtaí is gá chun nósanna imeachta tairisceana iomchuí a dhéanamh chun córais aonair a fháil. Dá bhrí sin, i bhfianaise an mhéid thuas, tar éis scrúdú a dhéanamh ar an togra conarthach ó CINECA agus tar éis aird a thabhairt ar an bhforáil maidir leis an rogha an conradh a fhoirceannadh le fógra 90 lá ar a laghad (Airteagal 10), iarrann an Reachtaire ar an mBord Stiúrthóirí cinneadh a dhéanamh an iomchuí dámhachtain an chaiteachais ábhartha ar CINECA a údarú chun córais U-GOV, esse3 agus Titulus agus seirbhísí bainistíochta óstála agus cúnaimh gaolmhara a úsáid, i gcomhréir leis an togra a fuarthas, lena n-údaraítear leithdháileadh an chaiteachais ábhartha ar na buiséid ábhartha, lena n-údaraítear don Ard-Stiúrthóir leanúint den obair maidir le hanailís a dhéanamh ar na seirbhísí atá ar fáil ar an margadh, agus lena bhforchoimeádtar an ceart chun cinneadh a dhéanamh maidir le foirceannadh an chonartha tar éis measúnú a dhéanamh ar thorthaí na hanailíse sin.’ Féach Iarscríbhinn 2 a ghabhann le haighneacht an ghearánaigh an 27 Lúnasa 2019.
(191) Féach, go háirithe, Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Eanáir 1994, SAT v Eurocontrol, C-364/92, ECLI:EU:C:1994:7, mír 30, breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 18 Márta 1997, Calì & Figli, C-343/95, ECLI:EU:C:1997:160, míreanna 22 agus 23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 12 Iúil 2012, Compass-Datenbank v an Ostair, C-138/11 ECLI:EU:C:2012:449, mír 41.
(192) A mhéid a bhaineann leis na hargóintí go bhfuil an ghníomhaíocht i gceist eacnamaíoch agus gur cheart nósanna imeachta soláthair phoiblí a chur i bhfeidhm, ba mhaith leis an gCoimisiún a chur in iúl nach mbaineann na dlíthe sin le hábhar maidir leis an tsaincheist i dtaobh an gníomhaíocht eacnamaíoch í gníomhaíocht ná, dá bhrí sin, an gnóthas é Cineca maidir le soláthar seirbhísí TF do MIUR (nó d’ollscoileanna Stáit).
(193) Airteagal 34 den Bhunreacht: ‘ Tá na scoileanna ar oscailt do chách. Tá bunoideachas, a thugtar ar feadh 8 mbliana ar a laghad, éigeantach agus saor in aisce don teagasc. Tá sé de cheart ag daltaí cumasacha a bhfuil sé tuillte acu, lena n-áirítear iad siúd nach bhfuil acmhainní airgeadais acu, na leibhéil is airde oideachais a bhaint amach. Fágann an Phoblacht go mbeidh an ceart sin éifeachtach trí scoláireachtaí, liúntais do theaghlaigh agus sochair eile, a shannfar trí scrúduithe iomaíocha.’
(194) Airteagal 1(4) de Dhlí Uimh. 240/2010: ‘ Léireoidh an Aireacht, i gcomhréir le saoirse teagaisc agus uathriail na n-ollscoileanna, na cuspóirí agus na treoirlínte straitéiseacha don chóras agus dá chomhpháirteanna agus, tríd an nGníomhaireacht Náisiúnta um Measúnú ar an gCóras Ollscoile agus Taighde (ANVUR) maidir le hábhair a thagann faoina sainchúram, déanfaidh sí a dtorthaí a fhíorú agus a mheasúnú i gcomhréir le critéir cháilíochta, trédhearcachta agus chur chun cinn an fhiúntais, lena n-áirítear bunaithe ar dhea-chleachtais ar an leibhéal idirnáisiúnta, agus dáileadh acmhainní poiblí á ráthú an tráth céanna i gcomhréir leis na cuspóirí, na beartais agus na gníomhaíochtaí a dhéanann gach ollscoil, i gcomhréir le prionsabal an chomhtháthaithe náisiúnta, agus i gcomhréir le measúnú na dtorthaí a bhaintear amach.’
(195) Le haghaidh feidhmeanna sonracha maidir le cistiú, treoraíocht, maoirseacht agus measúnú, féach aithris (148)).
(196) Mar a mhínigh an Iodáil (féach aithris (142)), tá gníomhaíochtaí Cineca comhtháite chomh mór sin le feidhmeanna na hAireachta go n-oibríonn sé a bheag nó a mhór mar roinn Aireachta.
(197) Ós rud é nach bhfuil aon pháirtí eile in ann na seirbhísí tacaíochta uile a theastaíonn ón Aireacht a sholáthar, i.e. nach bhfuil aon mhargadh ann do na seirbhísí sin, bheadh an t-aon tagarmharc don chineál caidrimh idir Cineca agus MIUR caidrimh chomhchosúla de chineál inmheánach idir aireachtaí eile agus a soláthraithe. (Sampla amháin den sórt sin is ea an caidreamh idir soláthraí na hAireachta Geilleagair agus Airgeadais, SOGEI, agus an Aireacht Geilleagair agus Airgeadais.)
(198) A490 – Próis Shibhialta Teileamaitice agus 1778 – Clár Leictreonach Scoile.
(199) Sa chás cúirte sin, d’iarr an gearánach ar an gcúirt na deontais ó MIUR do Cineca chun seirbhísí a sholáthar do MIUR agus do ghníomhaíochtaí sár-ríomhaireachta le haghaidh 2018 a neamhniú. Cinneadh le breithiúnas ó Chúirt Réigiúnach Riaracháin Lazio, Uimh. 10528/2019 nár státchabhair a bhí sa ranníocaíocht EUR 14 000 000 le Cineca as na seirbhísí chuig an Aireacht, mar gur léirigh an Aireacht go leordhóthanach ar bhonn praghsanna margaidh, go raibh an méid iomchuí go heacnamaíoch. (Roinn 3.3.1.)
(200) C-264/01, C-306/01, C-354/01 agus C-355/01, AOK Bundesverband agus Eile, ECLI:EU:C:2004:150, § 56. C-262/18 P agus C-271/18 P, an Coimisiún agus Poblacht na Slóvaice v Dôvera zdravotná poist’ovňa, ECLI:EU:C:2020:450, §§ 32 go 34 agus 43, le haghaidh cásdlí lena léirítear nach leordhóthanach gnéithe iomaíochta a thabhairt isteach i ngníomhaíocht neamheacnamaíoch chun cineál na gníomhaíochta a athrú.
(201) Féach, go háirithe, Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Eanáir 1994, SAT v Eurocontrol, C-364/92, ECLI:EU:C:1994:7, mír 30, breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 18 Márta 1997, Calì & Figli, C-343/95, ECLI:EU:C:1997:160, míreanna 22 agus 23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 12 Iúil 2012, Compass-Datenbank v an Ostair, C-138/11 ECLI:EU:C:2012:449, mír 41.
(202) Airteagal 1 (512).
(203) Deimhníodh an easpa buntáiste do Cineca i dtaca leis na seirbhísí freisin leis an mbreithiúnas ó Chúirt Réigiúnach Riaracháin Lazio (Roinn Tríú Bis) inar sonraíodh, mar a mhínigh an Iodáil in aithris (164) agus fonóta 107, nach státchabhair a bhí sa ranníocaíocht EUR 14 000 000 le Cineca as na seirbhísí don Aireacht, toisc gur léirigh an Aireacht go leordhóthanach ar bhonn praghsanna margaidh go raibh an méid iomchuí go heacnamaíoch. (Roinn 3.3.1.)
(204) ‘ Mura ndearnadh idirbheart trí thairiscint, nó mura bhfuil idirghabháil na gcomhlachtaí poiblí ‘pari passu’ le hidirghabháil oibreoirí príobháideacha, ní chiallaíonn sé sin go huathoibríoch nach gcomhlíonann an t-idirbheart dálaí an mhargaidh.’ Féach Pointe 97 den Fhógra ón gCoimisiún maidir le coincheap na státchabhrach ina luaitear Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 12 Meitheamh 2014, Sarc v an Coimisiún, T-488/11, ECLI:EU:T:2014:497, mír 98.
(205) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 11 Iúil 1996, SFEI agus Eile, C-39/94, ECLI:EU:C:1996:285, mír 60; Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 29 Aibreán 1999, An Spáinn v An Coimisiún, C-342/96, ECLI:EU:C:1999:210, mír 41.
(206) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 11 Iúil 1996, SFEI agus Eile, C-39/94, ECLI:EU:C:1996:285, míreanna 60 agus 61.
(207) Roinn 9(d) den Bhreithiúnas ón gComhairle Stáit an 21 Nollaig 2007 agus an 2 Bealtaine 2018 Uimh. 6009/2018 (Uimh. 0267/2017 REG), a foilsíodh an 22 Deireadh Fómhair 2018.
(208) Féach na ceanglais faoi Airteagal 192 d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 50/2016 cf aithris (191) a úsáideadh chun an deontas a dhámhachtain le haghaidh 2018. Bhí dámhachtain 2018 faoi réir díospóid dhlíthiúil idir an gearánach agus Cineca ag Cúirt Réigiúnach Riaracháin Lazio. Féach Breithiúnas ó Chúirt Réigiúnach Riaracháin Lazio (Seomra III bis) an 21 Bealtaine 2019, Uimh. 10528/2019 a foilsíodh an 13.8.2019.
(209) Féach Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 25 Meitheamh 2015 in SACE v an Coimisiún, T-305/13, ECLI:EU:T:2015:435. ‘ Dá bhrí sin, i gcomhthéacs géarchéime eacnamaíche, ní mór an measúnú ar an bhfianaise is gá maidir le meastóireacht roimh ré a dhéanamh i bhfianaise, de réir mar a bheidh, nach bhfuiltear in ann réamhaisnéisí iontaofa mionsonraithe a dhéanamh ar fhorbairtí sa staid eacnamaíoch agus ar fheidhmíocht oibreoirí éagsúla. Sna himthosca sin, ní féidir teacht ar an gconclúid díreach mar gheall ar easpa plean gnó mionsonraithe don fhochuideachta ina bhfuil meastacháin chruinne iomlána ar a brabúsacht amach anseo agus anailísí mionsonraithe costais/brabúis, nár ghníomhaigh an t-infheisteoir poiblí mar a dhéanfadh infheisteoir príobháideach.’ mír 179.
(210) https:www.cloudzero.com/blog/rule-of-40/#:~:text=The%20Rule%20of%2040%20is,casj%20flow%20liquidity%20issues.
(211) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 17 Meán Fómhair 1980, Philip Morris, 730/79, ECLI:EU:C:1980:209, mír 11; Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 15 Meitheamh 2000, Alzetta, Cásanna Uamtha T-298/97, T-312/97 etc., ECLI:EU:T:2000:151, mír 80.
(212) Sonraíonn an gearánach freisin 1) suas le 2015, nár sheol Cineca aon tuarascáil ar chostais a bhain le gníomhaíocht HPC neamhthráchtála/institiúideach agus le seirbhísí TF MIUR (féach aithris (59)), 2) gur ullmhaíodh na tuarascálacha ar bhonn na gcuntas brabúis agus caillteanais (aithris (66) agus (96)), gan aon fhíorú ar na costais iarbhír (féach fonóta 75), agus 3) nach raibh ach clár aonair cuntas inmheánach ag Cineca (féach aithris (97)). Soláthraíonn an gearánach féin na hargóintí seo agus tá frisnéisí na n-argóintí sa tuarascáil ó Phóilíní Cánach Bologna: ar an gcéad dul síos, maíonn an gearánach go raibh doiciméad aon leathanaigh arna dhréachtú ex-post dar teideal ‘ Nós Imeachta Tuairiscithe Sár-ríomhaireachta MIUR ’ (féach fonóta 74) ag gabháil le tuarascálacha cuntasaíochta Cineca; ar an dara dul síos, sonraítear leis an Tuarascáil ó na Póilíní Cánach go ndearna Cineca, leis an gcóras a bhí i bhfeidhm, na costais a fhoroinnt (go dtí 2015) ar bhonn na gcritéar ábhartha a sainaithníodh go huathrialach: costais dhíreacha, indíreacha agus ghaolmhara agus go ndearna siad iad a fhoroinnt le haghaidh MIUR agus sheirbhísí HPC.
(213) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 5 Meitheamh 2012, an Coimisiún v EDF, C-124/10 P, ECLI:EU:C:2012:318, mír 95.
(214) Féach Airteagal 2(d): ‘ ciallaíonn ‘gnóthas a gceanglaítear air cuntais ar leithligh a choinneáil ar bun’ aon ghnóthas ag a bhfuil ceart speisialta nó eisiach arna dheonú ag Ballstát de bhun Airteagal 86(1) den Chonradh nó a gcuirtear de chúram air seirbhís ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch ginearálta a oibriú de bhun Airteagal 86(2) den Chonradh, a fhaigheann cúiteamh seirbhíse poiblí i bhfoirm ar bith i ndáil leis an tseirbhís sin agus a sheolann gníomhaíochtaí eile ’.
(215) Státchabhair SA.45281 (2017/N) agus Státchabhair SA.44859 (2016/FC) – Poblacht na Seice – Cúitimh Stáit arna ndeonú do Česká Pošta as an tseirbhís poist uilíoch a sholáthar le linn na tréimhse 2013-2017; (cás ‘SLEG Phost na Seicia’).
(216) Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 15 Deireadh Fómhair 2020, První novinová společnost a.s. v an Coimisiún, T-316/18, ECLI:EU:T:2020:489, mír 198.
(217) Aithris 80: ‘Áirithítear leis an nós imeachta thuasluaite go ndéanann CTO cúiteamh a ríomh agus a athbhreithniú ex-post, rud lena seachnaítear an riosca róchúitimh.’ Is éard atá sa nós imeachta dá dtagraítear san abairt glanchostais sheirbhís SLEG a chinneadh trí úsáid a bhaint as modheolaíocht an ghlanchostais sheachanta, an iarraidh ar aisíocaíocht a chur isteach, fíorú na gcostas ag an údarás íocaíochta agus aisíocaíocht.
(218) Maidir le hargóint an ghearánaigh gur thángthas ar an gconclúid le Tuarascáil 2020 ó Phóilíní Cánach Bologna go gciallaíonn sé, toisc gur bhain Cineca na costais uile a bhaineann le gníomhaíochtaí eile ó na costais a tuairiscíodh ó 2016 ar aghaidh, nárbh amhlaidh an cás roimh 2016 (féach fonóta 75), ba mhaith leis an gCoimisiún a chur in iúl nach bhfuil aon chonclúid den sórt sin sa tuarascáil.
(219) Mínítear go soiléir le tuairisc a thug an Iodáil ar an modh leithdháilte costas (féach tuarascáil 2016, Iarscríbhinn 20, leathanach 12 i leagan EN) go leithdháiltear (na costais dhíreacha ar a laghad) ar thrí fhoroinn aonaid ghnó HPC. Tá míniú ann freisin maidir leis an gcaoi a gcinntear na costais indhíreacha. Cuirtear isteach iad ‘ar bhonn na gcritéar agus na bparaiméadar arna sainiú ag na haonaid tacaíochta shonracha agus a mhínítear sna tuarascálacha a ghabhann leis na tuarascálacha bliantúla aonair.’
(220) ‘ D’fhéadfadh ráitis airgeadais bhliantúla an eintitis ábhartha a bheith i gceist le fianaise ar leithdháileadh cuí costas, cistithe agus ioncam. I ndáil leis sin freisin, ní mór a mheas go bhfuil sé suite go sásúil go n-úsáideann Cineca cuntais anailíseacha atá in ann príomhghníomhaíochtaí an Chuibhreannais a dheighilt agus a shonrú de réir lárionaid chostas (ceann scríbe) agus de réir an chineáil ioncaim agus costais, agus de réir roinne gnó chomh maith. Tá sé sin i gcomhréir leis an iliomad rialacha reachtúla agus rialála lena gceanglaítear deighilt cuntasaíochta idir gníomhaíochtaí de chineál eacnamaíoch agus gníomhaíochtaí de chineál neamheacnamaíoch (cf. Airteagal 15(3) de na hAirteagail Chomhlachais, agus rialacha Cineca an 27 Márta 2015 maidir le heagrú agus rialachas gníomhaíochtaí inmheánacha). Léirítear comhlíontacht an cheanglais maidir le deighilt cuntas freisin sa tuairisciú a chuir Cineca faoi bhráid MIUR le haghaidh 2015.’ Cinneadh é sin freisin le breithiúnas ón gComhairle Stáit an 19 Iúil 2019 (Uimh. 10528/2019) i gcás thuarascáil 2018 a bhaineann leis na seirbhísí don Aireacht agus gníomhaíocht HPC neamhthráchtála/institiúideach. Roinn 1.4 den bhreithiúnas. ‘ Tá sé léirithe go leordhóthanach ag Cineca freisin go bhfuil an ghníomhaíocht [HPC] faoi réir cineál cuntasaíochta agus tuairiscithe ar leithligh.’ Féach roinn 3.2 den bhreithiúnas.
(221) Leanann na tuarascálacha airgeadais a bhaineann le tionscadail arna maoiniú ag an Aontas Eorpach, ina theannta sin, treoirlínte a leagtar amach san fhógra tionscadail aonair agus tá deimhniú iniúchóireachta arna eisiúint ag deimhnitheoir seachtrach ag gabháil leo. Tá siad faoi réir spotseiceálacha ag an gCoimisiún Eorpach freisin.
(222) Ó bhí 2019 ann, ní dhéantar leithdháileadh an chúitimh trí fhoraithne aireachta a thuilleadh.
(223) Foráiltear le hAirteagal 5(1) d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 123/2011: ‘Beidh gach gníomh as a n-eascraíonn éifeachtaí airgeadais do bhuiséad an Stáit faoi réir réamhsheiceálacha riaracháin agus cuntasaíochta’, lena n-áirítear, ar bhonn sainordaitheach, ‘(a) gníomhartha atá faoi réir athbhreithniú roimh ré ar dhlíthiúlacht na Cúirte Iniúchóirí’ agus ‘(f) gníomhartha agus bearta a bhaineann le suimeanna a aistriú ó bhuiséad an Stáit chuig comhlachtaí eile.’
(224) Maidir le barúil an ghearánaigh gur cinneadh le Tuarascáil 2020 ó Phóilíní Cánach Bologna gur sholáthair an difríocht idir an maoiniú roimh 2014 agus tar éis 2014 corrlach leathan discréide do Cineca maidir leis na cistí a úsáid le haghaidh tras-fhóirdheonú (féach aithris (99)), tá an Coimisiún den tuairim go bhfuil an tuairim sin ó na Póilíní Cánach ró-thuairimeach agus gur léir nach dtugtar le fios léi ach féidearthacht theoiriciúil bunaithe ar cháilíocht na sócmhainní.
(225) Mínítear é sin leis an bhfíoras gur coinníodh siar na méideanna a bhí dlite le haghaidh 2015 go 2018 mar thoradh ar bhreithiúnas Uimh. 6009/2018. Mhínigh údaráis na hIodáile gur tháinig cuid de mhaoiniú an tsoláthair seirbhísí TF do MIUR ó chúlchistí cothromais (a raibh os cionn EUR 120 milliún de ag Cineca in 2014).
(226) Ní chuimsíonn an figiúr sin ollscoileanna poiblí nach comhaltaí den Chuibhreannas iad a bhféadfadh sé gur sholáthair Cineca seirbhísí TF dóibh.
(227) Maidir le corrlach brabúis KION a bheith cothrom le 20 % sa mhargadh tráchtála agus 1 % do thionscadail le haghaidh chomhaltaí an Chuibhreannais, cuireann an Iodáil in iúl gur le comhaltaí an Chuibhreannais 97 % de dhíolacháin KION.
(228) Mar a mhínítear i bhfonóta 70, rinneadh comparáid leis an tuarascáil freisin idir tuarascáil bhunaidh 2015 ar chostais a bhaineann le HPC neamhthráchtála/institiúideach agus an leagan athshonraithe den tuarascáil sin in 2019 (féach aithrisí (40) agus (102) et seq.) agus thángthas ar an gconclúid nach féidir a mheas go bhfuil ceachtar acu mícheart, ós rud é gur tarraingíodh suas iad agus dhá mhodh éagsúla á n-úsáid.
(229) Tá easaontas ann maidir le cá mhéad uair ba ghá an tuarascáil a athshonrú. De réir an ghearánaigh, tá trí thuarascáil san iomlán ann (i.e. dhá athráiteas), ach ní raibh údaráis na hIodáile agus an Coimisiún in ann ach athráiteas amháin a fhíorú, i.e. in 2019, agus bhí tuarascáil ann don chéad leath de 2015 agus ceann eile do 2015 ina iomláine.
(230) Míníonn an gearánach gur áibhéil a bhí i gcoibhéis lánaimseartha 82 dhuine a bheith ag obair ar ghníomhaíocht HPC neamhthráchtála/institiúideach i dtuarascáil 2015 bhunaidh ar chostais (féach aithrisí (104) (111) agus (118)) i bhfianaise coibhéisí lánaimseartha i bhfad níos ísle don ghníomhaíocht chéanna in 2016, 2017 agus 2018 (agus luachanna 21,87, 19,1 agus 19,06, faoi seach ann (féach aithris (111)). Míníonn an gearánach freisin nach bhfuil an líon pearsanra a thuairiscítear le haghaidh costais dhíreacha mar an gcéanna leis an líon pearsanra a ríomhtar le haghaidh costais indíreacha. Mar sin féin, níl aon mhíniú ann ar conas a tháinig an gearánach ar na figiúirí agus níl aon mhíniú ann ar cén fáth ar cheart na figiúirí a bheith mar an gcéanna. Tugann an Coimisiún dá aire freisin nach comheisiatach é seacht n-ainm (mar fhórsa oibre) a bheith ann chun críocha tuarascálacha ar chostais chuig MIUR agus chuig an Aontas araon (féach aithrisí (112) agus (212)) (féach freisin sampla de 59 nduine a bheith cothrom le 19,06 coibhéis lánaimseartha) toisc go bhféadfadh an fhoireann chéanna oibriú ar iliomad tionscadal.
(231) Bunaithe ar thuarascáil 2020 ó Phóilíní Cánach Bologna (féach aithris (92)), déanann an gearánach dhá ráiteas eile: 1) maítear leis an tuarascáil gur ghá tuarascáil 2016 ar chostais a athshonrú in 2018 agus gur ghá mír EUR 3 872 315 a asbhaint mar thoradh ar aisíocaíocht ón Aontas idir an dá linn; agus Uimh. 2: léirítear leis an tuarascáil go ndearnadh tuairisciú dúbailte ar na costais chun sár-ríomhairí a fháil agus ar chostais leictreachais do MIUR agus don Aontas in 2016 ar bhealach inar tuairiscíodh 100 % de na costais do MIUR agus gur dheonaigh an tAontas aisíocaíocht 55 %, rud a d’fhág go raibh ráta aisíocaíochta 155 % ann do Cineca.
(232) A mhéid a bhaineann leis an tuairisciú dúbailte a léirítear leis an Tuarascáil ó Phóilíní Cánach Bologna i ndáil leis an tionscadal EUROfusion (féach aithris (106)), ba mhaith leis an gCoimisiún a chur in iúl go mínítear leis an Tuarascáil freisin 1) go bhfuil an aisíocaíocht as rannpháirtíocht i dtionscadail an Aontais bunaithe ar ‘bhileoga ama comhtháite’, agus 2) ós rud é gur minic nach ndéantar costais tionscadail an Aontais a aisíoc ach go páirteach, is minic a bhíonn gá le cistiú ó acmhainní náisiúnta. Ar deireadh, a mhéid a bhaineann leis an tuairisciú dúbailte líomhnaithe agus leis an aisíocaíocht 155 % ar chostais HPC a bhaineann le EUROfusion (féach aithris (106) agus fonóta 80), ní léiríonn na táblaí a chuir an gearánach isteach mar fhianaise ach ráta aisíocaíochta 55 % le haghaidh dímheasa agus 40 % le haghaidh costais saothair. Ní chruthaíonn sé gur cuireadh na costais chéanna isteach lena n-aisíoc chuig MIUR.
(233) Tá an líomhain sin bunaithe ar ráiteas i gcláir chomhardaithe 2017 Cineca lena luaitear an méid seo a leanas: ‘ Léiríonn sonraí críochnaitheacha 2017 maidir le hioncaim le haghaidh táillí agus seirbhísí ó na deighleoga éagsúla margaidh ina bhfeidhmíonn Cineca (…) a mhéid a bhaineann le hioncam ó ghníomhaíochtaí Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta, méadú thart ar 10 %, go háirithe a bhuí leis an méadú ar ghníomhaíochtaí le Eni, mar gheall ar iarraidh níos mó ar thacaíocht do ghníomhaíochtaí measúnaithe teicneolaíochta chun áireamhán nua a cheannach.’
(234) Mar shampla, i roinn ii) de Phointe 138 de bharúil an ghearánaigh maidir leis an gcinneadh tosaigh, sonraíonn an gearánach an méid seo a leanas, i dtaca le ceartú ex post ar mhíreanna costais: ‘ Dá mba rud é nach ndearnadh an nuashonrú sin, is léir go bhfaigheadh an Cuibhreannas a chostais inmheánacha faoi dhó, agus róchúiteamh 100 %, chun tairbhe a aonad gnó eile uile, go háirithe iad siúd a dhéanann gníomhaíochtaí tráchtála, in iomaíocht le BeSmart .’
(235) D’fhíoraigh an Coimisiún gur EUR 1 078 231 seachas EUR 1 541 380,40, mar a mhaíonn an gearánach, a bhí sa chostas leictreachais athshonraithe i dtuarascáil 2015 ar chostais.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1963/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)